[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil3.3.2008 COIM(2008) 124 leagan deireanach 2008/0050 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid {SEC(2008) 275} {SEC(2008) 276} (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Comhthéacs ginearálta Tagann beagnach leath an aschurtha talmhaíochta san AE ó tháirgeadh ainmhithe. Is é an bheatha an costas toisce is mó don 5 mhilliún feirmeoir beostoic sa Chomhphobal. Bíonn tionchar ríthábhachtach ag na coinníollacha margaidh ar iomaíochas na hearnála beostoic. Is earnáil beatha thábhachtach eile earnáil an bhia peataí a cheannaíonn breis is 60 milliún teaghlach san AE go rialta toisc go bhfuil peataí acu. Tá láimhdeachas bliantúil de bheagnach €50 billiún ag an earnáil beathaithe cumaisc san AE, lena n-áirítear bia peataí, gan an gnó ábhair beatha a chur san áireamh. Ar thaobh amháin fónann an lipéad do chúiseanna forfheidhmithe, inrianaitheachta agus rialúcháin agus tarchuireann sé eolas chuig an úsáideoir ar an taobh eile de. Ba chóir go mbeadh an modh cumarsáide is ríthábhachtaí seo idir díoltóir agus ceannaitheoir chomh simplí agus chomh soiléir agus is féidir. Ba chóir na riachtanais shainordaitheacha a sheiceáil ó thaobh na faisnéise de a úsáideann an gnáthúsáideoir chun rogha eolasach a dhéanamh. Ba chóir féachaint ar lipéadú beatha i gcomhthéacs níos leithne na faisnéise úsáideora . Sa lá atá inniu ann is gníomhaíocht ó ghnó go gnó eile é beatha a cheannach d’ainmhithe feirme. Cuspóirí an togra Áirítear an tionscadal ar chlár rollta an Choimisiúin maidir le simpliú. Dá bhrí sin, de réir an réamhriachtanais atá ann an t-ardleibhéal sábháilteachta beatha agus bia atá bainte amach sa Chomhphobal a dheimhniú, is iad na cuspóirí ginearálta ná na Treoracha ar chúrsaíocht agus ar lipéadú ábhar beatha agus beathaithe cumaisc a dhaingniú, a athbhreithniú agus a nuachóiriú. Ní chuirfidh simpliú na rialacha atá ann cheana an leibhéal ard cosanta do shláinte ainmhithe i gcontúirt. Cuirfidh an togra sóiléire dhlíthiúil agus cur chun feidhme comhchuibhithe i gcrích agus déanfaidh sé feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a éascú. Chun cur le hiomaíochas earnáil beatha agus feirmeoireachta an AE, déanfar riachtanais theicniúla a shimpliú agus aon ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a dhíchur. Thairis sin, cumasófar úsáideoirí beatha, rogha eolasach a dhéanamh gan iad a chur amú. Go nithiúil, is é an cuspóir oibriúcháin a bhaineann le liostú ábhair beatha ná feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh trí ainmníochtaí soiléire agus faisnéis iomchuí do chustaiméirí. Maidir le nósanna imeachta údaraithe tá sé beartaithe deimhin a dhéanamh de go bhfuil ceanglais na n-údaruithe réamhmhargaidh i gcomhréir le priacal agus go bhfuil go leor sonraíochtaí ar fáil chun a bheith in ann na hábhair bheatha atá ag teacht chun cinn a úsáid i gceart. Cuirfear le nuálaíocht agus le hiomaíochas beathaithe cumaisc trí cheanglais lipéadaithe nach gá leo, a laghdú. Is é an cuspóir oibriúcháin maidir le bia peataí ná feabhas a chur ar oiriúnacht na lipéad bia peataí chun é a chur ar chumas na ndaoine a cheannaíonn bia peataí cosc a chur ar lipéadú míthreorach. Nósanna imeachta atá ann cheana a bhaineann leis an togra Leagann Treoir 79/373/CEE ón gComhairle na rialacha síos do chúrsaíocht ábhar beatha cumaisc. Mar chineál beathaithe cumaisc speisialta, leagann Treoir 93/74/CEE ón gComhairle na prionsabail síos d’ábhair bheatha atá beartaithe le haghaidh cuspóirí áirithe cothaithe (“beathaí dhiaitéiteacha”). Cuimsíonn Treoir 96/25/CE ón gComhairle na rialacha ginearálta a bhaineann le cúrsaíocht agus le húsáid ábhar beatha. Leagann Treoir 82/471/CEE ón gComhairle na coinníollacha margaíochta síos do “bithphróitéiní” mar a thugtar orthu (táirgí áirithe a úsáidtear i gcothú ainmhithe) a bhaineann leis an gcatagóir ábhar beatha. Thairis sin, forálann Treoir 93/113/CE ón gComhairle do rialacha a bhaineann le húsáid agus le margaíocht einsímí, miocrorgánach agus a n-ullmhóidí i gcothú ainmhithe, agus leagtar síos in Airteagal 16 den Treoir 70/524/CEE ón gComhairle, a aisghaireadh ach amháin an Airteagal seo, na nósanna imeachta do lipéadú breiseán beatha a ionchorpraítear i mbeathú cumaisc. Tá na forálacha dlíthiúla seo curtha i bhfeidhm ag Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún, a údaraíonn, i gcásanna áirithe, gur féidir ábhair bheatha cumaisc a mhargú i bpacáistí nó i gcoimeádáin neamhshéalaithe, ag Treoir 82/475/CEE ón gCoimisiún ina leagtar amach na catagóirí comhábhar gur féidir iad a úsáid le haghaidh ábhair bheatha cumaisc d’ainmhithe peataí a lipéadú, ag Treoir 94/39/CE ón gCoimisiún, a bhuníonn liosta de na húsáidí atá beartaithe d’ábhair bheatha ainmhithe le haghaidh cúiseanna cothaitheacha áirithe agus ag Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún a ghlacann liosta ábhar a dtoirmisctear a n-úsáid le haghaidh cúspóirí cúrsaíochta nó úsáide cothaithe ainmhithe ("liosta diúltach"). Déanann an togra na forálacha thuasluaite a líomhchóiriú, a shimpliú, a thabhairt suas chun dáta agus a nuachóiriú. Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile an Aontais Tá an togra i gcomhréir le Beartas an Choimisiúin um Rialáil Níos Fearr agus leis an Straitéis Liospóin. Leagtar an bhéim ar shimpliú an phróisis rialúcháin, rud a laghdóidh an t-ualach riaracháin agus a fheabhsóidh iomaíochas an tionscail Eorpaigh bia, a chinnteoidh an sábháilteacht bia ag an am céanna, a chothabhálfaidh ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus a thabharfaidh aird ar ghnéithe domhanda. 2. COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA Comhairliúchán le páirtithe leasmhara Lorgaíodh tuairim na mBallstát, ionadaithe Tríú Tíre agus geallsealbhóirí trí bhíthin comhairliúchán, cruinnithe nó teagmhálacha déthaobhacha ó 2002 i leith agus cuireadh leis na hiarrachtaí seo i gcónaí. I 2003 chuir an Coimisiún ar chonraitheoir seachtrach staidéar a dhéanamh ar rannóga áirithe na reachtaíochta beatha a ndearnadh athbhreithniú orthu. Cuireadh an tuarascáil deiridh i láthair i Meitheamh 2004 dar teideal “Measúnú ar thogra nua a d’fhéadfaí glacadh leis lena atheagraítear an reachtaíocht maidir le beatha a lipéadú agus lena leasaítear an nós imeachta údaraithe/aistarraingthe do roinnt chatagóirí ábhar beatha”. I Samhain 2005, sheol an Coimisiún comhairliúcháin Ceaptha Beartais Idirghníomhach leis an bpobal i gcoitinne d’fhonn faisnéis a bhailiú ar iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist maidir leis na príomhshaincheisteanna faoi bhreithniú le haghaidh an reachtaíocht reatha a athbhreithniú. In Eanáir agus i Feabhra 2007, réachtáladh díospóireachtaí painéil leis na Ballstáit ar imeall an Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus le geallsealbhóirí a bhí páirteach sa Ghrúpa Comhairleach um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe agus Plandaí. Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit le linn dhá chruinniú grúpa oibre lae amháin i Meitheamh agus in Iúil 2007 maidir le heilimintí an dréacht-thogra reachtaíochta. Measúnú iarmharta Rinneadh scrúdú mar is iomchuí, le haghaidh gach ceann de na gníomhaíochtaí beartais tábhachtacha molta sa dréachtrialachán, ar roinnt roghanna éagsúla ó aisghairm riachtanas (dírialáil), go dtí an status quo a choinneáil, agus bearta sainordaitheacha nua a chur le tarmligean freagrachta do gheallsealbhóirí (comhrialáil) ó thaobh a n-iarmharta eacnamaíche, sóisialta agus comhshaoil de do na geallsealbhóirí agus do na húdaráis éagsúla. Rinne an Coimisiún Measúnú Iarmharta a gcuirfear an tuarascáil air i láthair maille leis an togra seo mar Pháipéar Oibre Inmheánach an Choimisiúin. Tá sé ar fáil freisin ag http://ec.europa.eu/food/food/animalnutrition/labelling/index_en.htm 3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA Achoimre ar an ngníomh atá molta Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid. Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm in ionad na reachtaíochta atá ann faoi láthair sa réimse margaíochta nó nuair a úsáidtear beatha áirithe, déanann sé na forálacha a shimpliú agus a nuachóiriú chun go leor faisnéise a chur ar fáil d’úsáideoirí agus do thomhaltóirí agus deimhin á dhéanamh de go bhfuil an margadh inmhéanach ag feidhmiú go héifeachtach, bunaithe ar an tsláinte phoiblí a chosaint. Bunús dlí Airteagail 37 agus 152(4) de Chonradh CE. Prionsabal na coimhdeachta Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail. Ní fhéadtar cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstáit de bharr na gcúiseanna seo a leanas: Croílár an ghnímh chomhphobail é coinníollacha a leagan amach maidir le cúrsaíocht agus le húsáid na beatha laistigh den AE nach féidir le BS amháin díriú orthu go hiomchuí nuair a fheidhmeoidh an cómhargadh inmheánach go rianúil; de réir taithí, cuireann difríochtaí sa tslí ina ndéanann na Ballstáit na Treoracha a thrasuí, bac ar chómhargadh comhchuibhithe, i.e. saorghluaiseacht beatha. Thairis sin, tá an ceart ag an Aontas gníomhú chun feabhas a chur ar tháirgiúlacht agus ar ioncam na talmhaíochta Eorpaí trí choinníollacha táirgthe aonfhoirmeacha. Má ghníomhaíonn na Ballstáit ina n-aonair d’fhéadfaí leibhéil sábháilteachta beatha/bia difriúla a bhaint amach nó chuirfí tomhaltóirí amú. E.g. cuirfidh reachtaíocht ar chúrsaíocht beatha, atá comhchuibhithe go hiomlán, laghdú ar aisghairmeacha beatha i ndiaidh priacal a bhrath. Tá an ceart ag an AE coinneáil le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le cúrsaíocht agus le húsáid beatha maidir le hiomaíochas an ghnó beatha Eorpaigh agus na feirmeoireachta beostoic Eorpaí. Sa bhreis, ba chóir d’úsáideoirí beatha Eorpacha iad féin a chur ar an eolas faoi rialacha comhchuibhithe. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas. Comhchuibhíonn an togra seo creat rialúcháin do mhargaíocht agus d’úsáid beatha áirithe agus dá bhrí sin cuireann sé le feidhmiú na hearnála beatha san AE. Faoin réamhriachtanas atá ann sábháilteacht beatha/bia a áirithiú, rinneadh mionscrúdú ar na bearta reachtaíochta atá molta trí chomparáid a dhéanamh idir na sochair agus na míbhuntáistí ionchasacha. Thairis sin, rinneadh mionmheasúnú i ngach réimse a thaispeánann nach bhfuil an iomairce ualaigh nó ualach gan chúis ag baint leis na bearta nithiúla. Éireodh le heaspa comhchuibhithe coinníollacha náisiúnta margaíochta agus táirgthe aonair a choinneáil. Laghdaítear an t-ualach riaracháin. Rogha Ionstraimí An ionstraim atá molta: Rialachán amháin Agus an simpliú á bhreithniú mar eilimint ríthábhachtach den togra, meastar go ginearálta go dtacaíonn na rialacháin le simpliú mar bíonn ar gach gníomhaí na rialacha céanna a leanúint ag an am céanna (Teachtaireacht ón gCoimisiúin maidir le simpliú COIM (2005)535). Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar na cúiseanna seo a leanas: Tá ceanglais leathana forbartha ag an gComhphobal a bhaineann le cúrsaíocht agus le húsáid beatha. Tá na ceanglais seo leagtha amach i gcónaí i dTreoracha éagsúla agus tá a lán crostagairtí agus forluíonna idir na Treoracha seo. Glacadh leis na ceanglais mar fhreagairt scaipthe ar riachtanais an Mhargaidh Inmheánaigh áfach, nó mar chuspóir na gComhphobal chun cur le sábháilteacht beatha agus bia. Mar thoradh ar seo, cruthaíodh sraith réimsí difriúla, nach féidir údar a thabhairt dóibh ach amháin ar chúiseanna stairiúla. Thairis sin, cruthaítear coinníollacha margaíochta neamhchomhchuibhithe nuair a chuirtear na Treoracha chun feidhme go náisiúnta agus cruthaíonn sé seo bacainní i dtrádáil inmheánach AE mar atá le feiceáil i roinnt chásanna CBE éagsúla. Tá an tsaincheist a bhaineann le cáilíochtaí difriúla do bheatha áirithe mar chúis imní i gcónaí ag gnóthais agus ag údaráis náisiúnta agus AE, lena n-áirítear na Cúirteanna. Ní fhéadfaí aicmiú aonfhoirmeach a leagan amach chomh fada is a leagtar amach na rialacha Comhphobail sna Treoracha. Mar chríoch, dréachtaíodh leasuithe éagsúla na dTreoracha áirithe ar chaoi nach raibh aon " marge de manoeuvre " fágtha don BS chun í a thrasuí, agus bhí sí níos cosúla le Rialachán dá bhrí sin ná de réir mheon na dTreoracha. Ba é an cuspóir díreach ná éagsúlachtaí a sheachaint agus an Treoir á chur chun feidhme ag BS. Le roinnt blianta anuas, déantar reachtaíocht an phobail sa réimse cothaithe ainmhithe a dhréachtú sa tslí seo, chun an riachtanas deimhneachta dlíthiúla atá ann d’oibreoirí agus do Bhallstáit go minic freisin, a fhreagairt. I mbeagán focal, thabharfadh Rialachán nua cuimsitheach, comhsheasmhacht agus soiléire isteach ar fud earnáil bheatha an AE. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Ní chuirfidh an togra seo isteach ar bhuiséad an Chomhphobail. 5. FAISNÉIS BHREISE Simpliú Forálann an togra do shimpliú nósanna imeachta reachtaíochta, do shimpliú nósanna imeachta riaracháin d'údaráis phoiblí (AE nó náisiúnta) agus do shimpliú nósanna imeachta riaracháin do pháirtithe príobháideacha. Déantar an reachtaíocht a líomhchóiriú agus cuirtear leis an trédhearcacht do na páirtithe áirithe trí na seansanna neamhriachtanacha, atá ann do na Ballstáit maolú ó na forálacha ginearálta ar leibhéal náisiúnta, a aisghairm nó trí mhaoluithe úsáideacha a uasghrádú ar leibhéal sainordaitheach Eorpaigh. Tabharfar suas chun dáta agus soiléireofar an fhoclaíocht. Áirítear an togra i gclár rollta an Choimisiúin maidir le simpliú agus ina gClár Oibre agus Reachtaíochta 2007 faoin tagairt 2007/SANCO/004. Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar LEE agus dá bhrí sin ba chóir go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Mionmhíniú ar an togra Caibidil 1 – Forálacha tosaigh Áiritheoidh na forlácha maidir le cúrsaíocht agus le húsáid ábhar beatha agus beathaithe cumaisc an leibhéal sábháilteachta beatha/bia agus foráil á dhéanamh do thimpeallacht mhargaidh nua-aimseartha do gheallsealbhóirí. Agus é sin á dhéanamh, is gá meas a thabhairt don reachtaíocht chothrománach agus speisialta atá ann in earnálacha gaolmhara. Tá sé ríthábhachtach sainmhínithe soiléire agus téarmaí a leagadh síos do na cineálacha beatha difriúla chun na cuspóirí a bhaint amach. Caibidil 2 – Ceanglais ghinearálta Bunófar ceanglais sábháilteachta agus margaíochta ghinearálta le haghaidh beatha. Tá oibleagáidí speisialta leagtha síos do mhonaróirí agus d’oibreoirí eile chun gníomhartha rialúcháin cearta agus bearta sábháilteachta beatha a cheadú. Tabharfar cumhacht don Choimisiún liosta ábhar nach féidir iad a chur ar an margadh a choinneáil agus a thabhairt suas chun dáta. Caibidil 3 – Sainchineálacha beatha a chur ar an margadh Leagfar síos critéir neamhghlaine le haghaidh ábhar beatha agus beidh an Coimisiún i dteideal treoirlínte a eisiúint chun idirdhealú a dhéanamh idir ábhair bheatha agus cineálacha beatha eile. Tá sé tábhachtach ach go háirithe beatha chomhlántach a shoiléiriú maidir leis an uasmhéid breiseán beatha. Coimeádfar na forálacha do bheatha atá beartaithe le haghaidh cuspóirí áirithe cothaitheacha (beatha dhiaitéiteach) agus féadfar an liosta údaruithe sa Nós Imeachta Coiste a thabhairt suas chun dáta i ndiaidh comhairliúcháin leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, más gá. Caibidil 4 – Lipéadú, cur i láthair agus pacáistiú Cinnteofar beachtas agus oiriúnacht leis na forálacha lipéadaithe ginearálta d’ábhair bheatha agus do bheathú cumaisc. Caithfear a shoiléiriú cé a bheidh freagrach as beachtas an lipéadaithe trasna an bhiashlabhra. Caithfear bunús eolaíochta a bheith le héilimharna iarraidh sin do na húdaráis rialúcháin . Beidh na ceanglais lipéadaithe sainordaitheacha ghinearálta chéanna ag ábhair bheatha agus ag beathú cumaisc. Taispeánfar na hábhair bheatha bunaithe ar a n-aicmiú sábháilteachta. I gcás bia peataí ní chuirfidh an lipéadú breiseán mearbhall ar chustaiméirí toisc é bheith solúbtha. Leagfar síos ceanglais lipéadaithe sainordaitheacha shonracha iomchuí d’ábhair bheatha, do bheathú cumaisc agus do bheatha dhiaitéiteach. Beidh an ceart ag an úsáideoir beatha faisnéis breise a fháil as a chonlán féin mar bhreis ar na sonraí lipéadaithe sainordaitheacha a sholáthrófar. Bunófar ceanglais lipéadaithe speisialta do bheatha fhabhtaithe. Déanfar maoluithe ó na ceanglais lipéadaithe bunúsacha agus speisialta a thuar bunaithe ar sheantaithí dhearfach. Leagfar síos an creat lipéadaithe dheonaigh le haghaidh beathaithe cumaisc do bhia-ainmhithe agus do bhia peataí. Maidir le pacáistiú beatha, féadfar maolú ón gceanglas atá ann, faoi choinníollacha áirithe, iad a chur ar an margadh i gcoimeádáin séalaithe amháin . Beidh feidhm ag na prionsabail lipéadaithe chomh maith maidir le cur i láthair agus le fógraíocht beatha. Caibidil 5 – Catalóg Chomhphobail le haghaidh ábhar beatha agus Cóid dea-chleachtais lipéadaithe Bheadh liosta níos iomláine na n-ábhar beatha, agus aithint táirge ag gabháil leis, níos fabhraí i dtéarmaí trédhearcachta margaidh. I bhfianaise nach bhfuil aon tionchar ag liosta na sonraíochtaí ábhar beatha ar shábháilteacht beatha agus gurb iad na geallsealbhóirí féin is mó atá ar an eolas faoi na tosaíochtaí i dtéarmaí na dtáirgí gur gá leo díriú orthu ar an chéad leibhéal agus ar an dara leibhéal de na liostaí sonraí, tá sé i gcomhréir an cúram seo a dháileadh amach ar gheallsealbhóirí. Bunaithe ar na taithí dearfaí a bhaineann le treoirleabhair tionscail a dhréachtadh le haghaidh dea-chleachtais sláinteachais beatha agus le suim na ngeallsealbhóirí a bhfuil call léi páirt a ghlacadh sa réimse, tabharfar spreagadh do gheallsealbhóirí Cóid dea-chleachtais lipéadaithe Chomhphobail a dhréachtú mar chuid den chreat lipéadaithe dheonaigh. Beidh baint ag an gCoimisiún le dréachtú na Catalóige deonaí agus na gCód Comhphobail ó thaobh comhairliúcháin agus faofa deiridh de. Áiritheofar go mbeidh páirt le glacadh ag na geallsealbhóirí iomchuí i ndréachtú na hionstraimí seo. Caibidil 6 – Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha Glacfaidh an Coimisiún le cur chun feidhme na mbeart a bheartaítear sa Rialachán i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin atá leagtha síos i gCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle. Leasófar an lipéadú do réamh-mheascáin mar ata leagtha síos in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 chun roinnt neamhréireachtaí a réiteach. Iarscríbhinní: Leagfar síos forálacha teicniúla maidir le lipéadú beatha chun na sonraíochtaí is gá a sholáthar. Áirítear air seo na sonraí lipéadaithe sainordaitheacha agus deonacha d'ábhar beatha agus do bheathú cumaisc. Thairis sin caithfear na lámhltais a leagan síos le haghaidh rialú na sonraí lipéadaithe. 2008/0050 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 37 agus 152(4)(b) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[3], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Alt 251 den Chonradh[4], De bharr an méid seo a leanas: (1) Tá sé ar cheann de chuspóirí bunúsacha dhlí an bhia, mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 ag leagan síos phrionsabail agus cheanglais ghinearálta dhlí an bhia, ag bunú Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus ag leagan síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia[5] iarracht a dhéanamh leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a bhaint amach. Bunaíodh an cur chuige "feirm go forc" leis an Rialachán sin trí bheatha a ainmniú mar chéim íogair ag tús an mbiashlabhra. (2) Is féidir beatha a mhiondealú i gcatagóirí mar ábhair bheatha, beathú cumaisc, breiseáin beatha agus beatha íocleasaithe. Tá na rialacha a bhaineann le breiseáin beatha a mhargú leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a úsáidtear i gcothú ainmhithe[6] agus na rialacha a bhaineann le hábhair bheatha íocleasaithe i dTreoir 90/167/CEE ón gComhairle an 26 Márta 1990 lena leagtar síos na coinníollacha a rialaíonn ábhair bheatha íocleasaithe a ullmhú, a chur ar an margadh agus a úsáid sa Chomhphobal[7]. (3) Is gá an reachtaíocht atá ann cheana maidir le hábhair bheatha agus beathú cumaisc a chur i gcúrsaíocht agus a úsáid, lena n-áirítear bia peataí, a thabhairt suas chun dáta, eadhon Treoir 79/373/CEE ón gComhairle an 2 Aibreán 1979 maidir le beathú cumaisc a chur i gcúrsaíocht[8], Treoir 93/74/CEE ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 1993 maidir le hábhair bheatha chun críocha áirithe cothaitheacha[9] ("beatha dhiaitéiteach"), Treoir 96/25/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le hábhair bheatha a chur i gcúrsaíocht agus a úsáid[10] agus Treoir 82/471/CEE ón gComhairle an 30 Meitheamh 1982 maidir le táirgí áirithe a úsáidtear i gcothú ainmhithe[11] ("bithphróitéiní"). Mar thoradh ar athchur na dTreoracha seo, caithfear an Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 1980 a athchur, a údaraíonn, i gcásanna áirithe, ábhair bheatha cumaisc a mhargú i bpacáistí nó i gcoimeádáin neamhshéalaithe[12]. (4) Mar thoradh ar athchur na Treorach 79/373/CEE, ba chóir an Treoir 93/113/CE ón gComhairle an 14 Nollaig 1993 maidir le húsáid agus le margaíocht einsímí, miocrorgánach agus a n-ullmhóidí i gcothú ainmhithe[13] a athchur. Thairis sin, ciallaíonn aisghairm na Treorach 79/373/CEE gur gá forálacha maidir le lipéadaithe bréiseán beatha a ionchorpraítear i mbeathú cumaisc a cur i bhfeidhm in ionad Airteagal 16 den Treoir 70/524/CEE ón gComhairle, a d’fhan i bhfeidhm i ndiaidh aisghairm na Treorach 70/524/CEE le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. (5) Cé nach dtagann uisce faoin téarma beatha, dá bhforáiltear i ndlí bia agus beatha an Chomhphobail agus nach ndéantar é a mhargú le haghaidh cuspóirí cothaithe ainmhithe, ní chóir coinníollacha le haghaidh uisce a úsáid i gcothú ainmhithe a chur san áireamh sa Rialachán seo. Ina áit, tagann an t-uisce a úsáideann gnóthais beatha faoi Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 ina leagtar síos na ceanglais maidir le sláinteachas beatha[14]. (6) I dteannta leis na ceanglais maidir le beatha mar atá leagtha amach in Airteagail 15 agus 16 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 is iomchuí go leagtar síos forálacha speisialta sábháilteachta agus margaíochta agus ba chóir go mbeidh feidhmacu maidir le beatha le haghaidh ainmhithe nach ainmhithe bia iad chomh maith. (7) Tá freagrachtaí na n-oibreoirí gnóthas beatha leagtha síos in Airteagail 17, 18 agus 20 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Ní chlúdaíonn na hAirteagail seo beatha le haghaidh ainmhithe nach ainmhithe bia iad . De réir na taithí deireanaí is féidir leis na beathaí seo dochar a dhéanamh do shábháilteacht beatha agus bia. Mar sin, caithfear foráil a dhéanamh na hAirteagail sin a leathnú chun beatha le haghaidh ainmhithe nach ainmhithe bia iad a chur san áireamh. (8) D’fhonn comhlíonadh an Rialacháin seo a cheangal, beidh ar na Ballstáit rialuithe oifigiúla a chur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cur i bhfeidhm rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a dheimhniú[15]. Ba chóir go ndéanfadh na rialuithe seo na sonraí lipéadaithe sainordaitheacha agus deonacha a chlúdach. D’fhonn na sonraí comhdhéanaimh a rialú, ba chóir lamháltais inghlactha a leagan amach do na luachanna lipéadaithe. (9) Chun priacail sábháilteachta beatha a bhainistiú, ba chóir an liosta táirgí nach féidir iad a chur ar an margadh le haghaidh cuspóirí cothaithe ainmhithe, de réir mar a dhéantar foráil dóibh i gCinneadh 2004/217/CE ón gComhairle[16] a choimeád. Cé go bhfuil liosta mar seo ar fáil ní chiallaíonn sé seo go bhfuil na táirgí go léir nach luaitear sa liosta sábháilte. (10) Cuireann an t-idirdhealú idir ábhair bheatha, breiseáin beatha agus drugaí tréidliachta isteach ar na coinníollacha a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh. Ar an gcéad dul síos úsáidtear ábhair bheatha chun riachtanais ainmhithe a chomhlíonadh, mar shampla le haghaidh fuinnimh, cothaitheach, mianraí nó snáithíní cothaitheach. Níl siad dea-shainithe de ghnáth ó thaobh ceimiceán de ach amháin na bunchomhábhair chothaitheacha. Ní chóir na tionchair a a bhfuil call leo mar thoradh ar mheasúnú eolaíoch agus a bhaineann le breiseáin beatha nó le drugaí tréidliachta amháin a chur san áireamh nuair a úsáidtear ábhair bheatha go hoibiachtúil. Is oiriúnach treoirlínte a dhréachtú chun idirdhealú a dhéanamh idir na táirgí difriúla. (11) Bhí fadhbanna i mBallstáit éagsúla an reachtaíocht a chur i bhfeidhm de bharr na sainmhínithe ábhar beatha comhlántach atá leagtha síos i dTreoir 79/373/CEE. D’fhonn an reachtaíocht a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, ní chóir go n-úsáidfear breiseáin thar leibhéal áirithe i mbeatha chomhlántach. (12) Bhí sé mar chuspóir ag Treoir 82/471/CEE feabhas a chur ar sholáthar trí bheatha ar mhórán próitéine a chur ar fáil sa Chomhphobal. Tá gá le nós imeachta um údarú réamh-mhargaíochta do na bithphróitéiní faoin dTreoir seo. Níor eisíodh ach roinnt bheag údaruithe nua roimhe seo agus is soiléir go bhfuil ganntanas beatha ar mhórán próitéine ann fós. Dá bhrí sin, ceanglas um údarú réamh-mhargaíochta toirmeasach a bhí i gceist agus d’fhéadfaí dul i ngleic le priacail sábháilteachta trí chosc a chur ar tháirgí contúirteacha bunaithe ar fhaireachán margaidh. I gcás go raibh nó go mbíonn toradh diúltach ag baint le measúnú priacail ar bhithphróitéin, ba chóir cosc a chur ar a cúrsaíocht nó ar a húsáid. Dá bhrí sin, ba chóir an ceanglas speisialta a bhaineann le nós imeachta um údarú réamh-mhargaíochta do na bithphróitéiní a chur ar cheal, sa chaoi is gurb é an chórais sábháilteachta céanna atá ar fáil do na táirgí seo is atá ar fáil do na hábhair bheatha eile. (13) Cruthaíodh go raibh forálacha na Treorach 93/74/CEE arna chur chun feidhme le Treoir 94/39/CE ag bunú liosta de na húsáidí atá beartaithe d’ábhair bheatha chun críocha áirithe cothaitheacha[17] ag feidhmiú go maith agus ba chóir iad a nuashonrú i gcónaí. Ba chóir dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um shábháilteacht Bhia (dá ngairtear "an tÚdarás” anseo feasta) ar éifeachtacht agus ar shábháilteacht beatha dá leithéid nuair a bhíonn cúiseanna ann, de réir an eolais eolaíoch agus teicniúla atá ar fáil, le creidiúint nach bhféadfadh an bheatha shonrach a bheith in ann an cuspóir cothaithe áirithe atá beartaithe di a chomhlíonadh nó go bhféadfadh tionchair dhíobhálacha a bheith ag baint léi do shláinte ainmhithe, do shláinte an duine, don chomhshaol agus do leas ainmhithe. (14) Fónann lipéadú do chuspóirí forghníomhaithe, inrianaitheachta agus rialúcháin. Ina theannta sin, ba chóir an fhaisnéis is gá a sholáthar do chustaiméirí ar lipéadú a chumasóidh dóibh an rogha is fearr a dhéanamh dá riachtanais agus ba chóir faisnéis uileghabhálach, chomhtháite, thrédhearcach agus intuigthe a sholáthar. Cé nach ndéanann custaiméirí agus feirmeoirí beostoic ach go háirithe, a rogha ag an díolphointe amháin, áit inar féidir leo amharc ar an bpacáiste beatha, caithfidh na ceanglais maidir le faisnéis lipéadaithe a bheith bailíoch do na lipéid táirge agus do chineálacha cumarsáide eile idir díoltóir agus custaiméir freisin. Thairis sin, ba chóir na prionsabail sin a chur i bhfeidhm maidir le cur i láthair agus le fógraíocht na beatha. (15) Soláthraíonn lipéadú faisnéis bhreise, shainordaitheach, dheonach. Ba chóir buncheanglais lipéadaithe agus ceanglais shonracha a chur le chéile d'ábhar beatha nó do bheathú cumaisc agus buncheanglais lipéadaithe a chur le chéile le ceanglais bhreise i gcás beatha diaitéití. (16) Cruthaíodh go raibh an prionsabal atá ann, nach gá ach breiseáin beatha áirithe a lipéadú nuair a úsáidtear iad in ábhair bheatha agus i mbeathú cumaisc, ag feidhmiú go maith. Caithfear na catagóirí a thig as Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, a d’fhéadfadh mearbhall a chur ar úinéirí peataí ach go háirithe toisc roinnt lipéadú breiseán a bheith iontu, a thabhairt suas chun dáta agus a nuachóiriú. (17) Mar thoradh ar na géarchéime ESB agus dé-ocsaine, tugadh isteach i 2002 an oibleagáid maidir le cfcéatadán meacháin do na hábhair bheatha a ionchorpraítear i mbeathú cumaisc a léiriú. Ag an am céanna, tá feabhas mór tagtha ar an leibhéal sábháilteachta bia agus beatha toisc Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 agus na bearta cur chun feidhme a bhaineann leo, agus go sainráite na béime a chuirtear ar fhreagracht na n-oibreoirí gnóthas beatha agus bia, an chórais inrianaitheachta feabhsaithe, an prionsabal HACCP agus na dtreoirleabhar dea-chleachtais sláinteachais atá á dtabhairt isteach i ngnóthais beatha. Toisc na n-éachtaí dearfacha seo, a dtugtar léargas orthu sna fógraí chuig an gCóras Mear-fholáirimh um Bia agus Beatha ní gá an ceatadáin meacháin do na hábhair bheatha a ionchorpraítear i mbeathú cumaisc a léiriú a thuilleadh. D’fhéadfaí foráil a dhéanamh do na céatadáin chruinne ar bhonn deonach. (18) Chun faisnéis iomchuí a sholáthar don chustaiméir agus gan é a chur amú, caithfear an ceatadán meáchain cruinn a léiriú nuair a thaispeánfar an t-ábhar beatha faoi seach ar lipéadú ar bheathú cumaisc. (19) I réimsí áirithe nach mbíonn ar an táirgeoir na sonraí a lipéadú, ba chóir go mbeadh an custaiméir in ann faisnéis bhreise a iarraidh. Tá faisnéis thábhachtach ar shonraí comhdhéanaimh ar fáil cheana toisc go dtaispeántar in ord íslitheach de réir meáchain na hábhair bheatha a ionchorpraítear i mbeathú cumaisc. Agus na forbairtí reachtaíochta deireanacha sa Chomhphobail a chur san áireamh, a sholáthraíonn ráthaíochtaí níos fearr i ndáil le HACCP, inrianaitheacht, rialacha sláinteachais dochta agus forbairt treoirleabhar Comhphobail le haghaidh dea-chleachtais ach go háirithe, ba chóir cead a thabhairt don mhonaróir an t-iarratas a dhiúltiú má cheapann sé go ndéanfaí a chearta maoine intleachtúla a shárú. Ní chuirfeadh sé seo isteach ar shábháilteacht bia agus beatha, mar bíonn an ceart ag na húdaráis inniúla teacht ar na céatadáin chruinne i gcónaí le haghaidh gach ábhair beatha. (20) Ní rialaíonn Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbeatha ainmhithe[18] lipéadú na beatha ina bhfuil leibhéil iomarcacha substaintí neamh-inmhianaithe. Mar sin, ba chóir forálacha leormhaithe a leagan síos. (21) Ba chóir foráil a dhéanamh do mhaoluithe ó na ceanglais lipéadaithe ginearálta sa mhéid is nach gá na ceanglais sin chun sláinte an duine nó sláinte ainmhithe nó leasanna an tomhaltóra a chosaint agus ualach gan cúis a bheith ann don mhonaróir nó d’oibreoirí gnóthas beatha atá freagrach as na sonraí lipéadaithe. De réir taithí ba chóir foráil a dhéanamh do mhaoluithe dá leithéid maidir le beatha atá á hiompar ó fheirmeoir amháin go feirmeoir eile le haghaidh úsáide feirme, do mhéideanna beaga, do bheathú cumaisc atá déanta de thrí ábhar beatha nó níos lú agus meascáin atá déanta de lánghráiní ó phlandaí. (22) Mar riail ginearálta, ba chóir beathú cumaisc a mhargú i gcoimeádáin shéalaithe, ach ba chóir foráil a dhéanamh do na maoluithe iomchuí. (23) Tá liostaí i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 96/25/CE agus den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 82/471/CEE le hainmníochtaí, tuairiscí agus forálacha lipéadaithe le haghaidh ábhar beatha áirithe. Cabhraíonn na liostaí seo le faisnéis a mhalartú idir monaróir agus ceannaitheoir maidir le hairíonna táirgí. Ní liostaí uileghabhálacha iad seo áfach. Ciallaíonn sé seo gur féidir ábhair neamhliostaithe a mhargú chomh maith. Thairis sin, níor liostaíodh ábhair bheatha atá ag teacht chun cinn le blianta anuas agus mar thoradh ar seo tháinig laghdú ar na hábhair bheatha atá ar an margadh a chlúdaíonn na liostaí seo. Ba chóir na liostaí sin a leathnú ar mhaithe leis na geallsealbhóirí a bhaineann sochair as tuairiscí táirge cearta, agus ábhair bheatha atá ag teacht chun cinn a bheith i gceist ach go háirithe. (24) Taithí dhearfach a bhí i gceist i gcónaí nuair a chuathas i ngleic le geallsealbhóirí agus treoirlínte Comhphobail á úsáid chun caighdeáin a shocrú sa réimse sláinteachais beatha. D’fhéadfadh na geallsealbhóirí glacadh le liosta níos leithne a bheadh níos solúbthachta agus níos oiriúnaí maidir le riachtanais faisnéise an úsáideora ná nuair a bheadh an réachtóir freagrach as an obair seo. Is féidir leis na geallsealbhóirí a chinntiú cén sórt iarracht is mian leo a dhéanamh ag brath ar luach an liosta ábhar beatha. Ba chóir go n-úsáidfear na liostaí ábhar beatha atá leagtha síos faoi láthair i dTreoracha 96/25/CE agus 82/471/CEE mar leagan tosaigh na Catalóige Comhphobail ábhar beatha a d’fhéadfadh na geallsealbhóirí a chomhlíonadh de réir a leasanna féin. Ba chóir an chatalóg a úsáid go deonach ach ba chóir freisin don mhonaróir a chur in iúl go bhfuil aimníochtaí atá liostaithe sa Chatalóg á n-úsáid aige gan iad a chur i bhfeidhm, chun a chinntiú nach gcuirtear an ceannaitheoir amú maidir le fíor-shainaitheantas na dtáirgí. (25) Cabhraíonn lipéadú nua-aimseartha le timpeallacht mhargaidh iomaíoch inar féidir le hoibreoirí dinimiciúla, éifeachteacha, nuálacha lipéadú a úsáid ina iomláine chun a dtáirgí a dhíol. Ag féachaint don ghaol gnóthas go gnóthas i margaíocht beatha beostoic agus don ghaol idir an táirgeoir agus an ceannaitheoir bia peataí, d’fhéadfadh Cóid um dhea-lipéadú a bheith úsáideach don dá earnáil seo chun cuspóirí an lipéadaithe nua-aimseartha a bhaint amach. D’fhéadfadh na Cóid seo an creat a sholáthráítear do lipéadú deonach a léirmhíniú. (26) Tá sé ríthábhachtach do cháilíocht agus d’oiriúnacht na Catalóige agus na gCód um dhea-lipéadú go bhfuil páirt á ghlacadh ann ag na páirtithe áirithe. D’fhonn feabhas a chur ar an ceart atá ag úsáideoirí faisnéis iomchuí a rochtain, caithfear a leas a chur san áireamh ach go háirithe. Féadfaidh an Coimisiún é seo a dheimhniú tríd an Chatalóg agus na Cóid a fhormheas. (27) Ós rud é nach féidir na cuspóirí sábháilteachta beatha agus bia agus feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstáit, agus gur féidir iad a bhaint amach níos fearr ag leibhéal an Chomhphobail, is féidir leis an gComhphobal bearta a ghlacadh , i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. (28) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[19]. (29) Ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, cinneadh a dhéanamh maidir le táirgí a dtoirmisctear a n-úsáid mar bheatha, beatha a údarú atá beartaithe le haghaidh cuspóirí cothaitheacha áirithe, liosta catagóirí lipéadaithe ábhar beatha a bhunú le haghaidh ainmhithe nach ainmhithe bia iad, an liosta sonraí lipéadaithe deonaigh a leasú agus na hIarscríbhinní a chur in oiriúint i bhfianaise na forbartha eolaíche agus teicniúla. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, a ceapadh iad, inter alia, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. (30) Leagtar síos in Airteagal 16 den Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 na forálacha a bhaineann le lipéadú agus le pacáistiú breiseán agus réamh-mheascáin beatha. Tá fadhbanna praiticiúla ag baint ach go háirithe leis na rialacha maidir le réamh-mheascáin a chur chun feidhme don tionscal agus do na húdaráis inniúla. D’fhonn lipéadú réamh-mheascán níos comhsheasmhaí a cheadú, ba chóir an tAirteagal a leasú. (31) Mar sin, ba chóir na Treoracha 79/373/CEE, 80/511/CEE, 82/471/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE a aisghairm. (32) Ba chóir do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Caithfidh na pionóis sin a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Caibidil 1 Forálacha tosaigh Airteagal 1 Ábhar Tá sé mar chuspóir ag an Rialachán seo i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 na coinníollacha a bhaineann le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid a chomhchuibhiú, d’fhonn dóthain faisnéise a sholáthar d’úsáideoirí agus do thomhaltóirí agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Airteagal 2 Raon feidhme 1. Leagtar síos sa Rialachán seo na rialacha a bhaineann le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid laistigh den Chomhphobal lena n-áirítear ceanglais maidir le lipéadú, pacáistiú agus cur i láthair. 2. Cuirfear forálacha an Rialacháin seo chun feidhme gan dochar do na forálacha Comphobail is infheidhme sa réimse cothaithe ainmhithe, eadhon: (a) Treoir 90/167/CEE; (b) Treoir 2002/32/CE; (c) Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 ag leagan síos na rialacha maidir le einceifileapaití spúinseacha inaithriste áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú[20]; (d) Rialachán (CE) Uimh. 1774/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2002 ag leagan síos na rialacha sláinte a bhaineann le fotháirgí ainmhíocha nach bhfuil beartaithe mar bhia don duine[21] . (e) Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus le beatha géinmhodhnaithe[22]; agus (f) Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus le hinrianaitheacht bia agus táirgí beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE[23]. 3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le huisce a ólann na hainmhithe iad féin nó a ionchorpraítear sa bheatha d’aonghnó. Airteagal 3 Sainmhínithe 1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe de ‘beatha’, ‘gnóthas beatha’, ‘oibreoir gnóthais beatha’, ‘a chur ar an margadh’ agus ‘inrianaitheacht’ mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus beidh feidhm ag na sainmhínithe de “breiseán bia”, “réamh-mheascán’, "áiseanna próiseála’ agus "candam laethúil” mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. 2. Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin. (a) ‘Bia-ainmhí’: aon ainmhí a choimeádtar chun bia a tháirgeadh mar bhia don duine lena n-áirítear ainmhithe nach ndéantar iad a ithe ach a bhaineann le speiceas a itear sa Chomhphobal de ghnáth; (b) ‘Ainmhithe nach ainmhithe bia iad ’: ainmhithe a choimeádtar nó a phóraítear nach n-úsáidtear iad le haghaidh bia don duine mar shampla ainmhithe fionnaidh, peataí agus ainmhithe a choimeádtar i saotharlanna, zúnna nó sorcas; (c) ‘Ainmhithe fionnaidh’: ainmhithe a choimeádtar nó a thógtar chun fionnadh a tháirgeadh nach n-úsáidtear iad le haghaidh bia don duine; (d) ‘Peata’ nó ‘ainmhí peata’: ainmhí a bhaineann le speiceas a chothaítear, a phóraítear nó a choimeádtar, nach n-úsáidtear éle haghaidh bia don duine sa Chomhphobal de ghnáth; (e) ‘Ábhair bheatha’: táirgí de thionscnamh planda nó ainmhíoch, a bhfuil mar phríomhchuspóir acu riachtanais chothaithe ainmhithe a chomhlíonadh, ina staid nádúrtha, úr nó leasaithe, agus táirgí a fhaightear óna bpróiseáil thionsclaíoch, agus substaintí orgánacha nó neamhorgánacha, cibé acu an mbeidh breiseáin iontu nó nach mbeidh, le haghaidh ainmhithe atá a bheathú de bhéal leis na táirgí ina staid nádúrtha, nó i ndiaidh na táirgí a phróiseáil, agus beathú cumaisc á ullmhú nó mar iompróir réamh-mheascán; (f) ‘Beathú cumaisc’: meascán ábhar beatha, a mbeidh breiseáin ann nó nach mbeidh, le haghaidh ainmhithe atá a bheathú de bhéal mar bheatha shlán nó mar bheathú chomhlántach; (g) ‘Beatha shlán’: beathú cumaisc go bhfuil go leor á sholáthar ann chun feidhmiú mar chandam laethúil, de dheasca a chomhdhéanaimh; (h) ‘Beatha chomhlántach’: beathú cumaisc le hábhar beatha amháin ar a laghad ina bhfuil ardleibhéil substaintí áirithe nach féidir é a úsáid ina aonar mar chandam laethúil, de dheasca a chomhdhéanaimh, ach amháin nuair a dhéantar é a mheascadh le beatha eile; (i) ‘Beatha mianraí’: beathú cumaisc ina bhfuil breis is 40% amhluaith ann; (j) ‘Bainne púdrach”: beathú cumaisc a riartar i bhfoirm thirim nó chaolaithe a dháiltear amach mar leacht bia d’ainmhithe óga mar chomhlánú nó in ionad bainne iarbhreithe nó mar bhia do ghamhna, uain nó meannáin a mharófar; (k) ‘Iompróir’: substaint a úsáidtear chun breiseán bia a thuaslagadh, a chaolú, a scaipeadh nó a athrú go fisiceach chun cabhrú leis an substaint a láimhseáil, a fhorchur nó a úsáid gan a fheidhm theicneolaíoch a athrú nó gan iarmhairtí teicneolaíocha á gcruthú acu féin; (l) ‘Cuspóirí áirithe cothaitheacha’: an cuspóir a bhaineann le riachtanais chothaitheacha sonracha na n-ainmhithe a shásamh i gcás ainmhithe le próiseas asamhlaithe, ionsúite nó meitibileachta atá lagaithe go sealadach nó atá do-aisiompaithe agus gur féidir leo sochair a bhaint as beatha a ionghabháil atá oiriúnach dá riocht; (m) ‘Beatha atá beartaithe le haghaidh cuspóirí áirithe cothaitheacha’: beatha gur féidir léi cuspóir cothaitheach áirithe a shásamh de bhua a chomhdhéanaimh áirithe nó a mhodh táirgthe, a dhéanann idirdhealú soiléir idir í agus gnáthbheatha. De réir bhrí Threoir 90/167/CEE ní áirítear ábhair bheatha íocleasaithe i mbeatha atá beartaithe le haghaidh cuspóirí áirithe cothaitheacha; (n) ‘Íosthréimhse stórála’: an dáta deiridh a rathaíonn an táirgeoir go gcoimeádfaidh beatha a hairíonna sonracha ar a laghad go dtí sin, toisc gur stóráladh í i gceart; (o) ‘Baisc’ nó ‘luchtóg’: ionad táirgthe ó mhonarcha amháin a úsáideann paraiméadair táirgthe aonfhoirmeacha nó roinnt ionaid dá leithéid, a tháirgtear in ord leanúnach agus a stóráiltear le chéile. Méid beatha inaitheanta a gcinntear saintréithe i gcoitinne a bheith inti, mar shampla bunús, cineál, saghas pacáistithe, pacálaí, coinsíneoir nó lipéadú; (p) ‘Lipéadú’: focail, sonraí, trádmharcanna, ainm branda, ábhar pictiúrtha nó siombal a shanntar do beatha tríd an fhaisnéis seo a chur ar fáil ar aon mheán, mar shampla pacáistiú, coimeádán, fógra, lipéad, doiciméad, fáinne, coiléar nó ar an idirlíon a dhéanann tagairt do bheatha dá leithéid nó a ghabhann léi; (q) ‘Lipéad’: aon chlib, branda, marc, ábhar pictiúrtha nó ábhar tuairisciúil eile, atá scríofa, clóite, stionsalaithe, marcáilte, cabhraithe, brúite anuas, nó ceangailte le coimeádán beatha; (r) ‘Cur i láthair’: an cruth, an chuma nó pacáistiú agus na hábhair phacáistithe a úsáidtear le haghaidh beatha, agus an tslí ina ndéantar í a chóiriú agus an áit ina chuirtear í ar taispeáint. Caibidil 2 Riachtanais ghinearálta Airteagal 4 Riachtanais sabháilteachta agus margaíochta 1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagail 15 agus 16 de Rialachán Uimh. 178/2002 agus ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005, mutatis mutandis , do bheatha le haghaidh ainmhithe nach ainmhithe bia iad . 2. Ní fhéadtar beatha a chur ar an margadh agus a úsáid ach amháin: (a) más beatha iontaofa, dhílis, oiriúnach don fheidhm agus de cháilíocht inmhargaidh í; (b) nuair nach mbíonn tionchar docharach díreach aici ar an gcomhshaol nó ar leas ainmhithe; (c) nuair a dhéantar í a lipéadú, a phacáistiú agus a chur i láthair i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos sa Rialachán seo, i dTreoir 90/167/CEE agus i Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, mar is infheidhme. 3. Comhlánfaidh beatha na forálacha teicniúla ar eisíontais agus ar deitéarmanaint cheimiceacha eile a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Airteagal 5 Freagrachtaí agus oibleagáidí na ngnóthas beatha 1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagail 17, 18 agus 20 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, mutatis mutandis , do bhia le haghaidh ainmhithe nach ainmhithe bia iad. 2. Cuirfidh monaróirí beatha aon fhaisnéis maidir le comhdhéanamh nó le hairíonna maíte na beatha ar fáil do na húdaráis atá freagrach as rialuithe oifigiúla a chur i gcrích, a úsáidtear chun beachtas na faisnéise a sholáthraíonn an lipéadú a dheimhniú. Airteagal 6 Toirmeasc 1. Ní féidir le hábhair a thoirmeastar iad a chur ar an margadh nó a úsáid le haghaidh cuspóirí cothaithe ainmhithe a bheith mar bheatha nó mar chuid de bheatha. 2. Ag cur san áireamh ach go háirithe fianaise eolaíochta, dul chun cinn teicneolaíochta, fógraí faoin gCóras Mear-fholáirimh um Bia agus Beatha nó na torthaí ó rialúcháin oifigiúla i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, glacfaidh an Coimisiún le liosta ábhar a thoirmeasctar iad a chur ar an margadh nó a úsáid le haghaidh cuspóirí cothaithe ainmhithe. Glacfar leis na bearta seo a bhfuil mar chuspóir acu na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 29(4). Caibidil 3 Cineálacha beatha sonracha a chur ar an margadh Airteagal 7 Saintréithe na gcineálacha beatha I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 29(2), féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh a dhéanann an t-idirdhealú idir ábhair bheatha, breiseáin beatha agus drugaí tréidliachta a shoiléiriú. Airteagal 8 Méid breiseán beatha i mbeatha chomhlántach Gan dochar do na coinníollacha úsáide dá bhforáiltear sa Rialachán a lena údaraítear an bhreiseán beatha faoi seach, ní chuimseofar i mbeatha chomhlántach breiseáin beatha a ionchorpraítear ag breis is 100 uair na huasmhéide seasta iomchuí i mbeatha shlán nó 5 huaire na huasmhéide seasta i gcás coiciodiostat nó histeamostat. Airteagal 9 Beatha a mhargú atá beartaithe le haghaidh cuspóirí áirithe cothaitheacha Ní fhéadtar beatha atá beartaithe le haghaidh cuspóirí áirithe cothaitheacha a mhargú ach amháin nuair atá na saintréithe cothaitheacha fíor-riachtanacha don chuspóir cothaitheach áirithe iomchuí inti, a sheasann don úsáid atá beartaithe di, mar atá údaraithe agus mar a áirítear sa liosta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 10. Airteagal 10 Úsáidí atá beartaithe a údarú 1. Féadtar na húdaruithe le haghaidh na n-úsáidí atá beartaithe a dheonú ar iarratas ó dhuine atá bunaithe sa Chomhphobal nó ar iarratas ó Bhallstát. Cuirfear iarratas dá leithéid isteach chuig an gCoimisiún. 2. Cuirfidh an t-iarrthóir cáipéisí le chéile a thaispeánfaidh go bhfuil an cuspóir cothaitheeach áirithe atá beartaithe don bheatha shonrach á chomhlíonadh aici agus nach bhfuil aon tionchar docharach ag baint léi do shláinte ainmhithe, don chomhshaol, do shláinte an duine agus do leas ainmhithe. 3. Cuirfidh an Coimisiún na cáipéisí iarratais ar aghaidh chuig na Ballstáit. 4. Má cheapann an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch nó theicniúil atá ar fáil, nach gcomhlíonfaidh beatha shonrach an cuspóir áirithe cothaitheach atá beartaithe di nó go mbeidh tionchair docharacha ag baint léi do shláinte ainmhithe, do shláinte an duine, don chomhshaol agus do leas ainmhithe, tarchuirfidh an Coimisiún iarratas ar mheasúnú i gcomhar le cáipéisí chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás) laistigh de thrí mhí. Tabharfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh de sé mhí i ndiaidh an iarratais a fháil. Cuirfear fad leis an teorainn ama seo nuair a bheidh faisnéis bhreise á lorg ag an Údarás ón iarrthóir. 5. Laistigh de sé mhí i ndiaidh na cáipéisí a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit nó, más iomchuí, i ndiaidh tuairim a fháil ón Údarás, glacfaidh an Coimisiún Rialachán a dheonfaidh nó a dhiúltóidh an t-údarú faoi seach agus a bhunóidh liosta, dá dtagraítear in Airteagal 9, dá réir sin. Glacfar na bearta seo a bhfuil mar chuspóir acu na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 29(4). 6. Féadfaidh an t-iarrthóir tosaigh nó Ballstát iarratas a chur isteach chun aon úsáid atá beartaithe agus liostaithe a tharraingt siar. Cuirfear cáipéisí isteach leis an iarratas a sheasann leis an tarraingt siar. Féadfaidh an Coimisiún tús a chur le nós imeachta tarraingthe siar i gcásanna go bhfuil rochtain aige ar faisnéis shubstaintiúil chun cáipéisí faoi seach a thiomsú. 7. Cuirfidh an Coimisiún na cáipéisí iarratais ar aghaidh chuig na Ballstáit agus chuig an iarrthóir tosaigh chun barúlacha a lorg. Beidh feidhm ag an nós imeachta mutatis mutandis mar a leagtar síos i mír 4 agus 5. Caibidil 4 Lipéadú, cur i láthair agus pacáistiú Airteagal 11 Prionsabail ghinearálta 1. Ní chuirfear an t-úsáideoir amú toisc lipéadú agus cur i láthair na beatha (a) maidir leis an úsáid atá beartaithe don bheatha nó dá saintréithe, agus go háirithe, an nádúr, an modh monaraithe nó táirgthe, aitheantas, airíonna, comhdhéanamh, méid, marthanacht, speicis nó catagóirí ainmhithe a bhfuil an bheatha beartaithe dóibh; (b) trí thionchair nó tréithe a chur síos don bheatha nach ngabhann léi nó a mholadh go bhfuil saintréithe speisialta ag gabháil léi nuair a bhíonn saintréithe dá leithéid ag gabháil le beathaí den chineál céanna. (c) maidir le comhlíonadh na Catalóige Comhphobail agus na gCód Comhphobail dá dtagraítear in Airteagail 25 agus 26. 2. Beidh doiciméad ag gabháil le hábair bheatha nó le beathú cumaisc a chuirtear ar an margadh ar an mórchóir nó i bpacáistí nó i gcoimeádáin neamhshéalaithe i gcomhréir le hAirteagal 23(2) ina mbeidh na sonraí lipéadaithe sainordaitheacha ar fad ann i gcomhréir leis an Rialachán seo. 3. Nuair a bhíonn beatha ar dhíol trí chianchumarsáid mar atá sainmhínithe in Airteagal 2 de Threoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[24] taispeántar na sonraí lipéadaithe sainordaitheacha a cheanglaítear leis an Rialachán seo ar an doiciméadú a thacaíonn leis an gcianchumarsáid). 4. Leagtar síos in Iarscríbhinn II forálacha lipéadaithe ginearálta breise. 5. Tá na lamháltais i dtaca leneamhréitigh idir luachanna comhdhéanaimh lipéadaithe ábhair beatha nó beathaithe cumaisc agus na luachanna a dhéantar anailís orthu i rialuithe oifigiúla i gcomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Airteagal 12 Freagracht 1. Beidh déantóir na beatha freagrach as na sonraí lipéadaithe agus as deimhin a dhéanamh de go dtaispeánfar iad agus gur sonraí cruinne iad ó thaobh méideanna de. 2. Má dhéantar an bheatha a mhargú agus má bhaintear úsáid as ainm nó ainm gnóthais oibreora gnóthais beatha seachas an monaróir beidh an oibreoir gnó beatha sin freagrach as na sonraí lipéadaithe. 3. A mhéid agus a théann a ngníomhaíochtaí i bhfeidhm ar lipéadú sa ghnóthas atá á rialú acu, déanfaidh oibreoirí gnóthas beatha deimhin de go soláthaítear faisnéis trí aon mheán a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo. 4. Gníomhóidh oibreoirí gnóthas beatha leis an gcúram is gá i gcás gníomhaíochtaí miondíola nó imdháilte nach dtéann i bhfeidhm ar lipéadú chun cabhrú le comhlíonadh na gceanglas lipéadaithe a dheimhniú, agus go háirithe trí deimhin a dhéanamh de nach ndéantar beatha a sholáthar a bhfuil a fhios acu nó is cóir dóibh a thoimhdiú, bunaithe ar an eolas atá ina seilbh agus mar phroifisiúnaigh, nach gcomhlíonann sí na ceanglais sin. 5. Mar chuid den ghnó atá á rialú acu déanfaidh oibreoirí gnóthas beatha deimhin de go ndéanfear sonraí lipéadaithe sainordaitheacha a tharchur tríd an mbiashlabhra chun a bheith in ann an fhaisnéis a sholáthar don úsáideoir deiridh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Airteagal 13 Éilimh 1. Féadfaidh an lipéadú agus an tslí ina gcuirtear an bheatha i láthair aird a tharraingt ar shubstaint áirithe sa bheatha nó atá ar iarraidh sa bheatha, ar shaintréith chothaitheach shonrach nó ar phróiseas nó ar shainfheidhm a bhaineann le haon cheann díobh seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: (a) gur éileamh oibiachtúil é, infhíoraithe ag na húdaráis inniúla agus intuigthe ag an duine a úsáideann an bheatha, agus (b) go soláthraíonn an duine atá freagrach as an lipéadú ar iarratas ón údarás inniúil fáth trom eolaíoch maidir le fírinneacht an éilimh, trí fhianaise eolaíoch atá ar fáil go poiblí nó trí thaighde cuideachta doiciméadaithe. Beidh an fáth trom eolaíoch seo ar fáil ag an am a chuirtear an bheatha ar an margadh. 2. Gan dochar do mhír 1, ceadaítear éilimh maidir le barrfheabhsú cothaithe, tacaíochta nó cosanta na riochtaí fiseolaí mura mbíonn siad bunaithe ar ghníomh cógaseolaíocha nó imdhíoneolaíocha. 3. Ní mhaífidh an lipéadú nó cur i láthair na beatha (a) go ndéanfar galar a chosc, a chóireáil nó a leigheas, nó (b) go bhfuil cuspóirí áirithe cothaitheacha nó saintréithe áirithe aici seachas na cinn sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 9. Airteagal 14 Sonraí lipéadaithe sainordaitheacha a chur i láthair 1. Tabharfar na sonraí lipéadaithe sainordaitheacha ina hiomláine in áit fheiceálach ar an bpacáistiú, ar an gcoimeádan nó ar lipéad atá ceangailte leis, i slí fheiceálach, inléite go soiléir agus doscriosta, sa teanga nó i gceann amháin de na teangacha oifigiúla ar a laghad den Bhallstát ina gcuirtear í ar an margadh. 2. Beidh sé éasca na sonraí lipéadaithe sainordaitheacha a phiocadh amach agus ní dhéanfaidh aon fhaisnéis eile doiléir iad. Úsáidfear dath, cló agus clómhéid nach ndéanfaidh doiléir aon chuid den eolas nó nach gcuireann béim air, ach amháin nuair a dhéantar é seo chun béim a leagan ar ráitis réamhchúraim. 3. Féadtar sonraíochtaí na gceanglas a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 a chur san áireamh sna Cóid Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 26. Airteagal 15 Riachtanais lipéadaithe sainordaitheacha ghinearálta Ní chuirfear ábhar beatha nó beathú cumaisc ar an margadh ach amháin nuair a léirítear na sonraí seo a leanas ar an lipéad: (a) an cineál beatha: ‘ábhar beatha’, ‘beatha shlán’ nó ‘beatha chomhlántach’, mar is iomchuí; féadtar na hainmníochtaí seo a leanas á úsáid do ‘beatha chomhlántach’ más iomchuí: ‘beatha mhianraí’, ‘beatha bainne púdach shlán’ nó ‘beatha bainne púdach chomhlántach’; féadtar ‘beathú cumaisc’ a úsáid in ionad ‘beatha shlán’ nó ‘beatha chomhlántach’ do pheataí seachas madraí nó cait’; (b) ainm nó ainm gnóthais agus seoladh an oibreora gnóthais beatha atá freagrach as na sonraí lipéadaithe; (c) má bhíonn sí ar fáil, an uimhir cheadaithe bhunaíochta a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 nó le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005. Má bhíonn roinnt uimhreacha éagsúla ag monaróir, úsáidfidh sé an uimhir a fuair sé faoi Rialachán (CEE) Uimh. 183/2005; (d) an uimhir thagartha baisce nó luchtóige; (e) an méid glan a chuirtear in iúl mar aonaid mhaise i gcás táirgí soladacha, agus mar aonaid mhaise nó mar aonaid toirte i gcás táirgí leachtacha; (f) liosta de na breiseáin bia lena n-ainmneacha agus a méideanna difriúla curtha síos ar dtús i gcomhréir le Caibidil I d’Iarscríbhinn V nó VI, mar is infheidhme, agus gan dochar do na forálacha lipéadaithe a leagtar síos sa Rialachán a údaraíonn an breiseán beatha faoi seach. (g) an cion taise i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn I. Airteagal 16 Ceanglais lipéadaithe sainordaitheacha shonracha le haghaidh ábhar beatha 1. I dteannta leis na riachtanais dá bhforáiltear in Airteagal 15, áireofar freisin ar na lipéid d'ábhair bheatha, ainm an ábhair bheatha agus an dearbhú sainordaitheach a bhaineann leis an gcatagóir faoi seach mar a leagtar amach sa liosta in Iarscríbhinn IV. 2. Féadfar na sonraí a leagtar síos sa Chatalóg Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 25 a úsáid in ionad na sonraí dá dtagraítear i mír 1. 3. Má úsáidtear ceann de na hainmneacha ábhar beatha céanna atá liostaithe sa Chatalóg Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 25, ach mura mbíonn na forálacha den chéanna á chur i bhfeidhm ag an duine atá freagrach as an lipéadú, léireofar é seo go soiléir ar an lipéad. Airteagal 17 Ceanglais lipéadaithe sainordaitheacha shonracha do bheathú cumaisc 1. I dteannta leis na ceanglais a dhéantar foráil dóibh in Airteagal 15, áireofar an méid seo a leanas maidir le lipéadú do bheathú cumaisc: (a) an speiceas nó catagóir ainmhithe a bhfuil an bheathú cumaisc beartaithe dóibh; (b) na treoracha le haghaidh úsáide iomchuí a léiríonn cuspóir na beatha; (c) i gcás go bhfuil duine eile seachas an monaróir freagrach as na sonraí a lipéadú, soláthraítear an t-eolas seo a leanas: - ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, nó - an uimhir aitheantais mar a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005; mura mbíonn an uimhir aitheantais seo ar fáil, uimhir chláraithe a eisítear ar iarratas ón monaróir atá i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar síos i gCaibidil II d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 183/2005; (d) léirítear an íosthréimhse stórála i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas: - ‘úsáid roimh…’ agus an dáta a thabhairt ina dhiaidh sin a léiríonn lá áirithe i gcás beatha a théann as dáta go han-tapaidh de bharr próiseas díghrádaithe. - ‘b’fhearr roimh…’ agus an dáta a thabhairt ina dhiaidh sin a léiríonn mí áirithe i gcás beatha eile. Má dhéantar an dáta úsaíochta a lipéadú, féadtar an dáta a lériú freisin mar ‘… (an tréimhse ama i laethanta nó i míosa) i ndiaidh an dáta monaraithe’; (e) liosta na n-ábhar a úsáidtear don bheatha, faoin teideal “comhdhéanamh” agus na hainmeacha ábhar beatha difriúla a léiriú agus na hábhair bheatha sin a thaispeáint in ord íslitheach de réir meáchain; féadfaidh an liosta an céatadán meáchain a áireamh . (f) na dearbhuithe sainordaitheacha a ndéantar foráil dóibh i gCaibidil II d’Iarscríbhinn V nó VI, mar is infheidhme. 2. Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an liosta a dhéantar foráil dó i mír 1(e): (a) léireofar ainm agus céatadán de réir meacháin d’ábhar beatha nuair a ainmnítear é nó nuair a chuirtear béim air i bhfocail, i bpictiúr nó i ngrafaic ar an lipéadú; (b) mura léirítear ar an lipéad an céatadán de réir meacháin do na hábhair bheatha a ionchorpraítear i mbeathú cumaisc le haghaidh ainmhithe bia, cuirfidh an monaróir faisnéis ar fáil ar iarratas maidir le sonraí faoin chomhdhéanamh cainníochtúil le raon idir +/- 15% den luach de réir an fhoirmithe beatha, ach amháin nuair a cheapann sé gur faisnéis íogair í ó thaobh tráchtála de agus go bhféadfaí a chearta maoine intleachta a shárú dá ndéanfaí í a nochtadh; (c) i gcás beathaithe cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe nach ainmhithe bia iad, féadtar an chatagóir lena mbaineann an t-ábhar beatha a léiriú in ionad ainm an ábhair beatha. 3. Chun críocha mhír 2(c), bunóidh an Coimisiún liosta de na catagóirí ábhar beatha gur féidir iad a léiriú ar an lipéadú in ionad ábhar beatha aonair i gcás lipéadaithe beatha le haghaidh ainmhithe nach ainmhithe bia iad. Glacfar na bearta seo a bhfuil sé mar chuspóir acu na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 29(4). Airteagal 18 Ceanglais bhreise lipéadaithe do bheatha beartaithe le haghaidh cuspóirí áirithe cothaitheacha I dteannta leis na ceanglais sainordaitheacha ghinearálta a leagtar síos in Airteagail 15 agus 16 nó in Airteagal 17, mar is infheidhme, áireofar an an fhaisnéis seo a leanas i lipéadú beatha atá beartaithe le haghaidh cuspóirí áirithe cothaitheacha: (a) an téarma cáilitheach ‘diaitéiteach’, nach n-úsáidtear ach amháin do bheatha atá beartaithe le haghaidh cuspóirí áirithe cothaitheacha, in aice le le hainmníocht na beatha mar atá leagtha síos in Airteagal 15(a); (b) na sonraí atá leagtha síos don úsáid atá beartaithe i gcolúin 1, 2, 3, 4, 5 agus 6 den liosta dá dtagraítear in Airteagal 9; (c) an tásc gur gá comhairle a fháil ó shaineolaí cothaithe roimh an bheatha a úsáid nó roimh an tréimhse úsáide a shíneadh. Airteagal 19 Ceanglais bhreise lipéadaithe do bhia peataí Léireofar saoruimhir ghutháin ar lipéadú bia peataí chun seans a thabhairt don chustaiméir faisnéis agus sonraí sainordaitheacha a fháil ar: (a) na breiseáin beatha a ionchorpraítear i mbia peataí, agus (b) na hábhair bheatha a ionchorpraítear agus a leagtar amach de réir catagóire dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(c). Airteagal 20 Ceanglais bhreise lipéadaithe do bheatha fhabhtaithe 1. I dteannta leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 15, 16, 17 agus 18, úsáidfear an lipéad ‘beatha le leibhéal iomarcach/leibhéil iomarcacha … (ainmníocht na substainte/substaintí neamh-inmhianaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/32/CE), nach gcuirfear í ar fáil ach do bhunaíochtaí díthocsainithe údaraithe’ do bheatha le leibhéal substaintí neamh-inmhianaithe níos airde ná an leibhéal a cheadaíodh faoi Threoir 2002/32/CE. Tugtar údarú do na bunaíochtaí sin bunaithe ar Airteagal 10(2) nó (3) de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005. 2. Sa chás go bhfuil sé beartaithe an fabhtú a laghdú nó a dhíchur trí ghlantachán, úsáidfear an lipéadú ‘beatha le leibhéal/leibhéil iomarcaigh … (ainmníocht na substainte/substaintí neamh-inmhianaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn I do Threoir 2002/32/CE), nach féidir í a úsáid ach i ndiaidh dóthain glantacháin a dhéanamh’ do bheatha fhabhtaithe chomh maith. Airteagal 21 Maoluithe 1. Ní bheidh gá leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15(c), (d) agus (e) agus in Airteagal 16(2) nuair a luann an ceannaitheoir i scríbhinn nach bhfuil an fhaisnéis seo á lorg aige roimh an idirbheart. Féadtar roinnt choinsíneachtaí éagsúla a bheith cuimsithe in idirbheart amháin. 2. Féadtar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15(c), (d) agus (e) agus in Airteagal 17(1)(c), (d) agus (e) a sholáthar ar bheatha phacáistithe in áit eile seachas ar an lipéad féin, mar athagraítear dóibh in Airteagal 14(1). I gcásanna dá leithéid taispeánfar an áit ina mbeidh na sonraí seo le feiceáil. 3. Gan dochar d’Iarscríbhinn I do Threoir (CE) Uimh. 183/2005, ní bheidh na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15(c), (d) agus (e) agus in Airteagal 16(2) den Rialachán seo sainordaitheach le haghaidh ábhar beatha gan bhreiseáin beatha iontu, seachas leasaithigh nó breiseáin sadhlais, abhair a dhéanann oibreoir gnóthais beatha a tháirgeadh agus a sheachadadh d’úsáideoir beatha, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005, atá ag obairi dtáirgeadh príomhúil, chun í a úsáid ar a ghabháltas féin. 4. Ní bheidh gá leis na dearbhuithe sainordaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(f) do mheascáin lánghráinní ó phlanda. 5. I gcás beathaithe cumaisc a chuimsíonn trí ábhar beatha nó níos lú ní bheidh gá leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(a) agus (b) nuair a bheidh na hábhair bheatha le feiceáil go soiléir sa tuairisc de ghnáth. 6. Maidir le méideanna ábhar beatha nó beathaithe cumaisc de 20 kg nó níos lú atá beartaithe don úsáideoir deiridh agus a dhíoltar ar an mórchóir, féadtar na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 15, 16 agus 17 a chur in iúl don cheannaitheoir trí fhógra iomchuí a thaispeáint ag an díolphointe. Sa chás seo, déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15(a) agus in Airteagal 16(1) nó in Airteagal 17(1)(a) agus (b), mar is iomchuí, a phriontáil ar shonrasc an chustaiméara nó roimhe sin, . 7. Maidir le méideanna bia peataí a sheasann do chandam laethúil an speicis faoi seach nó do mhéideanna níos lú ná seo, a dhíoltar i bpacáistí le roinnt choimeádáin éagsúla, caithfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15(b), (c) agus (f) agus in Airteagal 17(1)(c), (e) agus (f) a thaispeáint ar an bpacáiste in ionad iad a thaispeáint ar gach coimeádán. 8. Mar mhaolú ó fhóralacha na Rialachán seo, d’fhéadfadh na Ballstáit forálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm le haghaidh beatha atá beartaithe d’ainmhithe a choimeádtar chun críocha eolaíocha nó trialacha ar an gcoinníoll go léirítear é seo go soiléir ar an lipéad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin gan mhoill. Airteagal 22 Lipéadú deonach 1. I dteannta leis na ceanglais lipéadaithe sainordaitheacha, féadtar sonraí lipéadaithe deonacha a sholáthar freisin ar lipéadú beathaithe cumaisc, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na prionsabail ghinearálta a leagtar síos in Airteagal 11. 2. Ní fhéadtar ach na sonraí deonacha seo a leanas amháin a léiriú ar an lipéadú: (a) dearbhuithe roghnacha mar a leagtar síos sna hIarscríbhinní V agus VI; (b) an tír táirgthe nó monaraithe; (c) tuairisc ar an táirge nó a thrádainm ; (d) an tásc ar bhail fhisceach na beatha nó an córas proiseála a úsáideadh uirthi; (e) an cion taise; (f) an dáta monaraithe; (g) coinníollacha stórála speisialta; (h) praghas an táirge. 3. Féadfaidh an Coimisiún an liosta sonraí a leagtar síos i mír 2 a leasú. Glacfar na bearta seo a bhfuil sé mar chuspóir acu na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 29(4). Airteagal 23 Pacáistiú 1. Caithfear pacáistí nó coimeádáin séalaithe a úsáid do bheatha a chuirtear ar an margadh. Déanfar pacáistí nó coimeádáin a shéalú i slí a dhéanfadh damáiste don séala dá n-osclófaí an pacáiste nó an coimeádán agus ní fhéadfaí é a úsáid arís. 2. Mar mhaolú ó mhír 1, féadtar na beathaí seo a leanas a chur ar an margadh ar an mórchóir nó i bpacáistí nó i gcoimeádáin neamhshéalaithe: (a) ábhair bheatha; (b) beathú cumaisc déanta go heisiach trí ghrán nó torthaí slána; (c) seachadtaí idir tairgeoirí beathaithe cumaisc; (d) seachadtaí beathaithe cumaisc a fhaigheann an t-úsádeoir beatha go díreach; (e) seachadtaí ó thairgeoirí beathaithe cumaisc go gnóthais phacáistithe; (f) méideanna beathaithe cumaisc nach mó ná 50 cileagram meáchain atá beartaithe don úsáideoir deiridh agus a thógtar iad go díreach ó phacáiste nó ó choimeádán séalaithe; (g) bloic nó líreacáin. Airteagal 24 Athrú ar an bpacáiste 1. Má roinntear baisc beatha, léireofar na sonraí lipéadaithe sainordaitheacha dá dtagraítear sa Rialachán seo, i gcomhar le tagairt don chéad bhaisc, arís eile ar an bpacáistiú, ar an gcoimeádán nó ar an doiciméad a ghabhann le gach cuid den bhaisc. 2. Nuair a athraítear an comhdhéanamh beatha i ndiaidh beatha a chur ar an margadh cuirfear na sonraí lipéadaithe sainordaitheacha in oiriúint de réir sin, faoi fhreagracht an oibreora gnóthais beatha a athraíonn an bheatha. Caibidil 5 Catalóg Chomhphobail um ábhair bheatha agus Cóid dea-chleachtais lipéadaithe an Chomhphobail Airteagal 25 Catalóg Chomhphobail um ábhair bheatha 1. Cruthófar Catalóg Chomhphobail um ábhair bheatha (dá ngairtear ‘an Chatalóg’ anseo feasta) mar uirlis chun feabhas a chur ar lipéadú ábhar beatha. Soláthróidh sían fhaisnéis seo a leanas do gach ábhar beatha atá liostaithe: (a) an t-ainm; (b) an uimhir aitheantais; (c) tuairisc ar an ábhar beatha lena n-áirítear faisnéis ar an bpróiseas monaraithe, más iomchuí; (d) sonraí sonracha maidir leis an gcomhdhéanamh cothaitheach a áireofar ar an lipéad dá dtagraítear in Airteagal 16(2); (e) gluais le sainmhíniú ar na próisis dhifriúla agus ar na téarmaí teicniúla a luaitear. 2. Cuirfear na hiontrálacha atá liostaithe i gCuid B den Iarscríbhinn do Threoir 96/25/CE agus den Iarscríbhinn do Threoir 82/471/CEE síos ag tús na Catalóige de réir an nós imeachta a leagadh síos in Airteagal 29(2). 3. Beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 27 do leasuithe Catalóige. 4. Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo gan dochar do na ceanglais sábháilteachta atá leagtha síos in Airteagal 4 den Rialachán seo. Airteagal 26 Cód dea-chleachtais lipéadaithe an Chomhphobail 1. Taobhóidh an Coimisiún le dhá Chód dea-chleachtais lipéadaithe a fhorbairt sa Chomhphobal (dá ngairtear “Cóid” anseo feasta’), cód amháin do bhia peataí agus ceann eile do ainmhithe bia. Déanfaidh siad tagairt don raon lipéadaithe deonaigh dá bhforáiltear in Airteagal 22 agus tabharfaidh siad tacaíocht chun feabhas a chur ar oiriúnacht an lipéadaithe. 2. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagadh síos in Airteagal 27 maidir leis na Cóid a bhunú agus le haon leasú ar na gCód freisin. Airteagal 27 Bunú na Catalóige agus na gCód 1. I gcás go gcruthaítear an Chatalóg agus na Cóid déanfaidh na hionadaithe iomchuí go léir ó earnálacha gnóthas beatha na hEorpa iad a fhorbairt agus a leasú, mar is iomchuí: (a) trí chomhairle le páirtithe leasmhara eile, mar shampla úsáideoirí beatha; (b) i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát agus, más iomchuí, leis an Údarás; (c) ag cur san áireamh an taithí iomchuí ó thuairimí a d’eisigh an tÚdarás agus forbairtí san eolas teicniúila agus eolaíoch. 2. Formheasfaidh an Coimisiún an Chatalóg, na Dréachtchóid agus na dréacht-leasuithe a ghabhann leo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 29(2) ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: (a) forbraíodh iad i gcomhréir le mír 1; (b) féadtar na hábhair a chur i bhfeidhm ar fud an Chomhphobail sna hearnálacha a ndéanann siad tagairt dóibh; agus (c) is féidir leo na cuspóirí faoi seach a chomhlíonadh. 3. Foilseoidh an Coimisiún teidil agus tagairtí na Catalóige agus na gCód i Sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Caibidil 6 Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha Airteagal 28 Leasuithe d’Iarscríbhinní agus do bhearta forfheidhmithe 1. Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní I go VI a leasú chun iad a oiriúnú i bhfianaise na forbartha teicniúla agus eolaíche. Glacfar na bearta seo a bhfuil sé mar chuspóir acu na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 29(4). 2. Féadfar na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 29(3). Airteagal 29 Nós imeachta coiste 1. Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, arna bhunú le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, dá ngairtear “an Coiste” anseo feasta, de chúnamh ag an gCoimisiún. 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 3 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de. 3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de. Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE. 4. Nuair a dhéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Airteagal 30 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 Leasaítear Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 mar seo a leanas: (1) Leasaítear mír 1 mar seo a leanas: (a) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (d): ‘(d) más iomchuí, uimhir cheadaithe na bunaíochta a mhonaraíonn agus a chuireann an breiseán beatha nó réamh-mheascán ar an margadh de bhun Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*; * IO L 35, 8.2.2005, lch. 1.’; (b) Cuirtear isteach an méid seo a leanas: ‘I gcás réamh-mheascán, ní bheidh feidhm ag pointí (b), (d), (e) agus (g) maidir leis na breiseáin beatha ionchorpraithe.’ (2) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. I dteannta leis an fhaisnéis a shonraítear i mír 1, caithfear an fhaisnéis a léirítear in Iarscríbhinn III a thaispeáint i slí fheiceálach, inléite go soiléir agus doscriosta, ar an bpacáistiú nó ar choimeádán breiseáin beatha a bhaineann le feidhmghrúpa a shonraítear in Iarscríbhinn III nó ar an bpacáistiú nó ar choimeádán réamh-mheascáin ina bhfuil breiseán a bhaineann le feidhmghrúpa a shonraítear in Iarscríbhinn III.’ (3) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. I gcás réamh-mheascán, taispeánfar an focal ‘Réamh-mheascán’ i gceannlitreacha ar an lipéad agus fógrófar na hiompróirí, i gcás ábhar beatha, i gcomhlíonadh Airteagal 17(1)(e) de Rialachán (CE) Uimh. …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid]*. * IO L … .’. Airteagal 31 Aisghairm Aisghairtear na Treoracha 79/373/CEE, 80/511/CEE, 82/471/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE. Déanfar tagairtí do na Treoracha a aisghaireadh a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla chomhghaolmhaireachta in Iarscríbhinn VII. Airteagal 32 Pionóis Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis airgeadais is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun deimhin a dhéanamh de go gcuirfear chun feidhme iad. Caithfidh na Pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin [ll/mm/bbbb] ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh. Airteagal 33 Bearta idirthréimhseacha Glacfar bearta idirthréimhseacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 29(3): Airteagal 34 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar [an bhfichiú lá] i ndiaidh a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Tiocfaidh sé i bhfeidhm dhá mhí dhéag i ndiaidh a fhoilsithe. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I FORÁLACHA TEICNIÚLA MAIDIR LE hEISÍONTAIS, BAINNE PÚDRACH, ÁBHAIR BHEATHA LE hAGHAIDH TÁTHÚ NÓ DÍNÁDÚRÚ, AN LEIBHÉAL LUATHA AGUS AN CION TAISE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4 1. Caithfidh ábhair bheatha a bheith saor ó eisíontais cheimiceacha a bhaineann lena bpróiseas monaraithe nó lena n-áiseanna próiseála, de réir na dea-chleachtas monaraithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 183/2005, ach amháin nuair a shocraítear uasmhéid beatha shonrach sa Chatalóg dá dtagraítear in Airteagal 25. 2. Caithfear glaine liubheolaíocha de 95% ar a laghad a bheith sna hábhair bheatha , ach amháin nuair a leagtar síos leibhéal eile sa Chatalóg dá dtagraítear in Airteagal 25. Is é atá sna heisíontais luibheolaíocha ná eisíontais ábhar plandaí nach bhfuil éifeachtaí docharacha acu ar ainmhithe e.g. tuí agus síolta ó speicis saothraithe eile nó fiailí. Ní rachaidh eisíontas luibheolaíocha ar nós iarmhair olashíol nó olathorthaí a díorthaíodh le linn próisis monaraithe roimhe sin, thar 0.5% do gach cineál olashíolta nó toraidh. 3. Caithfear leibhéal iarainn de 30 milleagram ar a laghad in aghaidh an chileagaraim beatha shlán le cion taise de 12% a sholáthar i mbeatha bainne púdrach do ghamhna le beomheáchan de 70 cileagram nó níos lú. 4. Nuair a úsáidtear ábhair bheatha chun ábhair bheatha eile a dhínádúrú nó a thathú, féachtar ar an táirge i gcónaí mar ábhar beatha. Caithfear ainm agus nádúr na beatha agus an méid beatha a úsáidtear chun an táirge a tháthú nó a dhínádúrú a lipéadú. Má úsáidtear ábhar beatha chun ábhar beatha eile a tháthú ní fhéadfar ach ábhar táthaithe de 3% nó níos lú den mheáchain iomlán a úsáid. 5. Ní rachaidh an leibhéal luatha dothuaslagtha in aigéad hidreaclórach thar 2.2% den ábhar tirim. Féadfar an leibhéal 2.2% a shárú áfach, i gcás - ábhar beatha; - beathaithe cumaisc le hoibreáin táthaithe mianraí údaraithe inti; - beathaithe cumaisc mianraí; - beathaithe cumaisc le breis is 50% fotháirgí ríse nó biatas siúcra inti; - beathaithe cumaisc atá beartaithe d’fheirmeoireacht éisc le breis is 15% ábhar mine éisc inti, nuair a fhógraítear an leibhéal ar an lipéad. 6. Mura bhfuil aon leibhéal eile leagtha síos in Iarscríbhinn III nó sa Chatalóg dá dtagraítear in Airteagal 25 caithfear cion taise na beatha a shonrú má théann sé thar: - 5% i gcás beatha mianraí gan substaintí orgánacha inti; - 7% i gcás beathaí bainne púdrach agus beathaithe cumaisc eile le breis is 40% táirgí bainne iontu; - 10% i gcás beatha mianraí le substaintí orgánacha inti; - 14% i gcás beatha eile. IARSCRÍBHINN II FORÁLACHA LIPÉADAITHE GINEARÁLTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11(4) 1. Baineann na hábhair nó na leibhéil a léirítear nó a fhógrófar leis an meáchan beatha, ach amháin nuair a luaitear a mhalairt. 2. Cuirfear an ceannteideal ‘breiseáin an kg’ roimh an liosta breiseán. 3. Scríobhfar an dáta uimhriúil mar lá, mí agus bliain, ach amháin nuair a luaitear a mhalairt ar an lipéadú. 4. Téarmaí comhchiallacha i dteangacha áirithe; (a) I nGearmáinis, féadtar “Einzelfuttermittel” a úsáid in ionad na hainmníochta “Futtermittel-Ausgangserzeugnis”, féadtar “πρώτη ύλη ζωοτροφών” a úsáid in ionad “απλή ζωοτροφή” i nGréigis agus féadtar “mangime semplice” a úsáid in ionad “materie prime per alimenti degli animali” in Iodáilis”; (b) Féadfar na téarmaí seo a leanas a úsáid chun bia peataí a shonrú: “samengesteld voeder” in Ollainnis; ‘pet food’ i mBéarla; “állateledel” in Ungáiris; “alimento” in Iodáilis; "karma" i bPolainnis; "hrane za hišne živali" i Slóivéinis; “alimento” i Spáinnis. 5. Luafar uasmhéid beathaithe cumaisc laethúil an ainmhithe i ngraim nó i gcileagraim sna treoracha le haghaidh úsáide iomchuí na beatha comhlántaí ina bhfuil níos mó breiseán ann ná na huasleibhéil bhreiseán a leagtar amach do bheatha shlán. 6. Gan dul i bhfeidhm ar na modhanna anailíseacha, féadtar an téarma "próitéin" a úsáid in ionad "amhphróitéin", féadtar “cion saille” a úsáid in ionad "amholaí agus amhshaillte" agus féadtar “iarmhar losctha” nó “ábhar neamhorgánach" a úsáid in ionad "amhluaith". IARSCRÍBHINN III LAMHÁLTAIS LIPÉADAITHE COMHDHÉANAIMH LE hAGHAIDH ÁBHAR BEATHA AGUS BEATHÚ CUMAISC DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11(5) 1. Cuirtear claontaí teicniúla agus anailíseacha san áireamh sna lamháltais a leagtar síos san Iarscríbhinn seo. Chomh luath agus a shocrófar lamháltais anailíseacha ar leibhéal Comhphobail a chlúdaíonn neamhchinnteachtaí tomhais agus athraithe nós imeachta, ba chóir na luachanna a shocraítear i mír 2 a oiriúnú dá réir, chun na lamháltais teicniúla amháin a chlúdú. 2. Nuair is léir nach luíonn comhdhéanamh ábhair beatha nó beathaithe cumaisc le comhdhéanamh na gcomhábhair a léirítear ar an lipéad, i slí a laghdaíonn a luach, ceadaítear na lamháltais seo a leanas: (a) i dtaca le hamhphróitéin, siúcraí, stáirse agus ionúilin; - 3 aonad le haghaidh ábhar fógartha de 30% nó níos mó, - 10% den ábhar fógartha le haghaidh ábhar fógartha de níos lú ná 30% ach nach lú ná 10%, - aonad amháin le haghaidh ábhar fógartha de níos lú ná 10%; (b) i dtaca le hamhshnáithín, amhola agus amhshaillte; - 2.2 aonad le haghaidh ábhar fógartha de 15% nó níos mó, - 15% den ábhar fógartha le haghaidh ábhar fógartha de níos lú ná 15% ach nach lú ná 5%, - 0.8 aonad le haghaidh ábhar fógartha de níos lú ná 5%; (c) i dtaca le taise, amhluaith, luaith dothuaslagtha in aigéad hidreaclórach agus clóirídí arna shonrú mar NaCl, fosfar iomlán, sóidiam, carbónát chailciam, cailciam, maignéisiam, innéacs aigéid agus ábhar dothuaslagtha i bpeitriliam éadrom: - 1.5 aonad le haghaidh ábhar fógartha (luachanna) de 15% (15) nó níos mó, mar is iomchuí, - 10% den ábhar fógartha (luachanna) le haghaidh ábhar fógartha (luachanna) de níos lú ná 15% (15) ach nach lú ná 2% (2), mar is iomchuí, - 0.2 aonad le haghaidh ábhar fógartha (luachanna) de níos lú ná 2% (2), mar is iomchuí; (d) I dtaca le luach fuinnimh de 5% agus do luach próitéine de 10%; (e) do bhreiseáin beatha[25]; - 10% nuair a bhíonn ábhar fógartha de 1000 aonad nó níos mó i gceist; - 100 aonad le haghaidh ábhar fógartha de níos lú ná 1000 aonad ach nach lú ná 500 aonad; - 20% den ábhar fógartha de níos lú ná 500 aonad ach de nach lú ná aonad amháin; - 0.2 aonad le haghaidh ábhar fógartha de níos lú ná aonad amháin ach de nach lú ná 0.5 aonad; - 40% den ábhar fógartha de níos lú ná 0.5 aonad. Beidh feidhm ag na lamháltais seo do na huasleibhéil breiseán beatha i mbeathú cumaisc freisin. 3. Chomh fada agus nach dtéitear thar na huasleibhéil breiseán beatha a shocraítear, féadtar trí huaire an lamháltais a bhaint amach mar a leagtar síos i mír 2 maidir le hathraithe a fhógraítear ón ábhar. 4. Is ionann an t-uasleibhéal seasta agus an teorainn socraithe is airde i dtaca le breiseáin beatha a bhaineann leis an ngrúpa miocrorgánach. IARSCRÍBHINN IV SONRAÍ LIPÉADAITHE SAINORDAITHEACHA LE hAGHAIDH ÁBHAR BEATHA DE RÉIR AIRTEAGAL 16(1) Ábhar beatha déanta de | Dearbhú sainordaitheach de | 1. | Foráistí agus gairbhseach | Amhphróitéin, más > 10% í Amhshnáithín | 2. | Gráin arbhair | 3. | Táirgí agus fotháirgí grán arbhair | Stáirse, más > 20% í Amhphróitéin, más > 10% í Amholaí agus amhshaillte, más > 5% iad Amhshnáithín | 4. | Olashíolta, olathorthaí | 5. | Táirgí agus fotháirgí olashíolta, olathorthaí | Amhphróitéin, más > 10% í Amholaí agus amhshaillte, más > 5% iad Amhshnáithín | 6. | Síolta léagúim | 7. | Táirgí agus fotháirgí síolta léagúim | Amhphróitéin, más > 10% í Amhshnáithín | 8. | Tiúbair, fréamhacha | 9. | Táirgí agus fotháirgí tiúbar agus fréamhacha | Stáirse Amhshnáithín Luaith dothuaslagtha i HCl, más > 3.5% í | 10. | Táirgí agus fotháirgí an tionscail próiseála biatais siúcra | Amhshnáithín, más > 15% é Siúcra iomlán (mar shiúcrós) Siúcra iomlán, áirithe mar shiúcrós Luaith dothuaslagtha i HCl, más > 3.5% í | 11. | Táirgí agus fotháirgí an tionscail próiseála cána siúcra | Amhshnáithín , más > 15% é Siúcra iomlán, arna ríomh mar shiúcrós | 12. | Síolta agus torthaí eile, a dtáirgí agus a bhfotháirgí | Amhphróitéin Amhshnáithín Amholaí agus amhshaillte, más > 10% iad | 13. | Plandaí eile, a dtáirgí agus a bhfotháirgí | Amhphróitéin, más > 10% í Amhshnáithín | 14. | Táirgí agus fotháirgí bainne | Amhphróitéin Taise, más > 5% í Lachtós, más > 10% é | 15. | Táirgí agus fotháirgí ainmhithe tíre | Amhphróitéin, más > 10% í Amholaí agus amhshaillte, más > 5% iad Taise, más > 8% í | 16. | Éisc, ainmhithe muirí eile, a dtáirgí agus a bhfotháirgí | Amhphróitéin, más > 10% í Amhshaillte, más > 5% iad Taise, más > 8% í | 17. | Mianraí | Cailciam Sóidiam Fosfar Mianraí ábhartha eile | 18. | Ilghnéitheach | Amhphróitéin, más > 10% í Amhshnáithín Amholaí agus amhshaillte, más > 10% iad Stáirse, más > 30% é Siúcra iomlán, mar shiúcrós, más > 10% é Luaith dothuaslagtha i HCl, más > 3.5% í | IARSCRÍBHINN V SONRAÍ LIPÉADAITHE LE hAGHAIDH AINMHITHE BIA Caibidil I: Breiseáin beatha dá dtagraítear in Airteagail 15(f) agus 22(2) 1. Liostófar na breiseáin seo a lenas lena n-ainm, na méideanna, a uimhir aitheantais agus ainm an fheidhmghrúpa mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 nó an chatagóir i gcás ‘coiciodiostait agus histeamostait’: (a) breiseáin a bhfuil uasmhéid leagtha amach dóibh, (b) breiseáin a bhaineann leis na catagóirí ‘breiseáin zútheicniúla’ agus ‘coiciodiostait agus histeamostait’, (c) breiseáin a bhaineann le feidhmghrúpa ‘úiré agus a díorthaigh’ den chatagóir ‘breiseáin chothaitheacha’ mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. 2. Féadtar na breiseáin beatha nach luaitear i mír 1 a léiriú go deonach sa bhfoirm iomlán chéanna nó go páirteach freisin. 3. Déanfaidh an oibreoir gnóthais beatha atá freagrach as an mbeatha a chur ar an margadh ainmneacha na mbreiseán beatha nach luaitear i mír 1 a nochtadh don chustaiméir arna iarriadh sin dó. 4. Nuair a dhéantar breiseán beatha cothaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a lipéadú go deonach léireofar a leibhéal ionchorpraithe. 5. Nuair a bhaineann breiseán le breis is fheidhmghrúpa amháin, léireofar an grúpa is iomchuí ó thaobh a phríomhaidhm de i gcás an bheatha áirithe sin. Caibidil II: Comhábhair anailíseacha dá dtagraítear in Airteagail 17(1)(f) agus 22(2) Beatha | Comhábhair anailíseacha agus leibhéil | Speiceas nó catagóir ainmhithe bia | Dearbhuithe sainordaitheacha | Dearbhuithe roghnacha | Beatha shlán | - Amhphróitéin - Amhshnáithín - Amholaí agus amhshaillte - Amhluaith - Stáirse - Siúcra iomlán (mar shiúcrós) - Siúcra iomlán le stáirse - Luach fuinnimh* - Luach próitéine* - Codáin shnáithín - Lísín - Meitiainín - Aimínaigéid eile - Vitimíní - Riandúile - Cailciam - Sóidiam - Fosfar - Potaisiam - Maignéisiam | Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Muca agus Éanlaith Muca agus Éanlaith | Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Athchogantaigh Speicis eile seachas muca agus éanlaith Speicis eile seachas muca agus éanlaith Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas | Beatha chomhlántach – Mianrach | - Amhphróitéin - Amhshnáithín - Amholaí agus amhshaillte - Amhluaith - Stáirse - Siúcra iomlán (mar shiúcrós) - Siúcra iomlán le stáirse - Luach fuinnimh* - Luach próitéine* - Codáin shnáithín - Lísín - Meitiainín - Aimínaigéid eile - Vitimíní - Riandúile - Cailciam - Sóidiam - Fosfar - Potaisiam - Maignéisiam | Muca agus Éanlaith Muca agus Éanlaith Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Athchogantaigh | Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Athchogantaigh Speicis eile seachas muca agus éanlaith Speicis eile seachas muca agus éanlaith Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Speicis eile seachas athchogantaigh | Beatha chomhlántach - Eile | - Amhphróitéin - Amhshnáithín - Amholaí agus amhshaillte - Amhluaith - Stáirse - Siúcra iomlán (mar shiúcrós) - Siúcra iomlán le stáirse - Luach fuinnimh* - Luach próitéine* - Codáin shnáithín - Lísín - Meitiainín - Aimínaigéid eile - Vitimíní - Riandúile - Cailciam ≥ 5% < 5% - Sóidiam - Fosfar ≥ 2% < 2% - Potaisiam - Maignéisiam | Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Muca agus Éanlaith Muca agus Éanlaith Gach speiceas Gach speiceas Athchogantaigh | Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Athchogantaigh Speicis eile seachas muca agus éanlaith Speicis eile seachas muca agus éanlaith Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Speicis eile seachas athchogantaigh | * Ní mór an luach a fhógairt de réir an mhodha AE más infhaighte nó de réir an mhodha náisiúnta oifigiúil faoi seach sa Bhallstát ina gcuirtear an bheatha ar an margadh más infhaighte. IARSCRÍBHINN VI SONRAÍ LIPÉADAITHE LE hAGHAIDH AINMHITHE NACH AINMHITHE BIA IAD Caibidil I: Breiseáin beatha dá dtagraítear in Airteagail 15(f) agus 22(2) 1. Liostófar na breiseáin seo a leanas lena n-ainm agus/nó a n-uimhir aitheantais, na méideanna, agus ainm an fheidhmghrúpa mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 nó an chatagóir i gcás ‘coiciodiostait agus histeamostait’: (a) breiseáin a bhfuil uasmhéid leagtha amach dóibh, (b) breiseáin a bhaineann leis na catagóirí ‘breiseáin zútheicniúla’ agus ‘coiciodiostait agus histeamostait’, (c) breiseáin a bhaineann le feidhmghrúpa ‘úiré agus a díorthaigh’ den chatagóir ‘breiseáin chothaitheacha’ mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. 2. Féadtar na breiseáin beatha nach luaitear i mír 1 a léiriú go deonach sa bhfoirm iomlán chéanna nó go páirteach freisin. 3. Nuair a dhéantar breiseán beatha chothaitheacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a lipéadú go deonach léireofar a leibhéal ionchorpraithe. 4. Nuair a bhaineann breiseán le breis is fheidhmghrúpa amháin, léireofar an grúpa is iomchuí ó thaobh a phríomhaidhm de i gcás an bheatha áirithe sin. Caibidil II: Comhábhair anailíseacha dá dtagraítear in Airteagail 17(1)(f) agus 22(2) Beatha | Comhábhair anailíseacha agus leibhéil | Speiceas nó catagóir ainmhithe nach ainmhithe bia iad | Dearbhuithe sainordaitheacha | Dearbhuithe roghnacha | Beatha shlán | - Próitéin - Snáithíní cothaitheacha - Amholaí & amhshaillte - Amhluaith - Stáirse - Siúcra iomlán (mar shiúcrós) - Siúcra iomlán le stáirse - Luach fuinnimh* - Aimínaigéid - Vitimíní - Riandúile - Cailciam - Sóidiam - Fosfar - Potaisiam - Maignéisiam | Cait & madraí Cait & madraí Cait & madraí Cait & madraí | Speicis eile seachas cait & madraí Speicis eile seachas cait & madraí Speicis eile seachas cait & madraí Speicis eile seachas cait & madraí Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas | Beatha chomhlántach - Mianrach | - Próitéin - Snáithíní cothaitheacha - Amholaí & amhshaillte - Amhluaith - Stáirse - Siúcra iomlán (mar shiúcrós) - Siúcra iomlán le stáirse - Luach fuinnimh* - Aimínaigéid - Vitimíní - Riandúile - Cailciam - Sóidiam - Fosfar - Potaisiam - Maignéisiam | Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas | Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas | Beatha chomhlántach - Eile | - Próitéin - Snáithíní cothaitheacha - Amholaí & amhshaillte - Amhluaith - Stáirse - Siúcra iomlán (mar shiúcrós) - Siúcra iomlán le stáirse - Luach fuinnimh* - Aimínaigéid - Vitimíní - Riandúile - Cailciam - Sóidiam - Fosfar - Potaisiam - Maignéisiam | Cait & madraí Cait & madraí Cait & madraí Cait & madraí | Speicis eile seachas cait & madraí Speicis eile seachas cait & madraí Speicis eile seachas cait & madraí Speicis eile seachas cait & madraí Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas Gach speiceas | IARSCRÍBHINN VII TÁBLA COMHGHAOIL Treoir 79/373/EEC | Treoir 96/25/EC | Ionstraimí eile: Treoracha 80/511/EEC (1), 82/471/EEC (2), 93/74/EEC (3) nó 93/113 EC (4) | An Rialachán seo | - | - | - | Airteagal 1 | Airteagal 1 | Airteagal 1 | (2), (4): Airteagal 1 (3): Airteagal 4 | Airteagal 2 | Airteagal 2 | Airteagal 2 | (2), (3): Airteagal 2 | Airteagal 3 | - | - | - | Airteagal 4(1) | Airteagal 3 | Airteagal 3 | (3): Airteagal 1(2) | Airteagal 4(2) | Airteagal 4 | Airteagal 4(3) | - | - | - | Airteagal 5(1) | Airteagal 12 | (3): Airteagal 10(2) | Airteagal 5(2) | Airteagal 10a(3) | Airteagal 11(b) | (2): Airteagal 8 | Airteagal 6 | - | - | - | Airteagal 7 | - | - | - | Airteagal 8 | (3): Airteagal 3 | Airteagal 9 | (3): Airteagal 6 | Airteagal 10 | Airteagal 5e | Airteagal 11(1) | Airteagal 5(2) | Airteagal 5(1) | (2): Airteagal 5(2) | Airteagal 11(2) | - | - | - | Airteagal 11(3) | Airteagal 5(6) | Airteagail 4 agus 6(4) | Airteagal 11(4) | Airteagal 6 | Airteagal 4 | Airteagal 11(5) | Airteagal 5(1) | Airteagal 5(1) | Airteagal 12 | Airteagal 5e | Airteagal 5(2) | (3): Airteagal 5(6) | Airteagal 13 | Airteagal 5(1), Airteagal 11 | Airteagal 5(1), Airteagal 9 | Airteagal 14 | Airteagal 5(1) agus 5(5)(c) | Airteagal 5(1) | (4): Airteagal 7(1)E agus Treoir 70/524/EEC: Airteagal 16 | Airteagal 15 | Airteagail 5(1)(c), (d) agus 7 | Airteagal 16 | Airteagal 5(1), 5c agus 5d | Airteagal 17(1) | - | - | - | Airteagal 17(2) | Airteagal 5c(3) | Airteagal 17(3) | (3): Airteagail 5(1), (4), (7) agus 6(a) | Airteagal 18 | - | - | - | Airteagal 19 | Airteagal 8 | Airteagal 20 | Airteagal 6(1)(a) | Airteagal 21(1) | Airteagal 5(5)(d) | Airteagal 21(2) | Airteagal 6(3)(a) | Airteagal 21(3) | Airteagal 5(5)(b) | Airteagal 21(4) | Airteagal 5(5)(a) | Airteagal 21(5) | Airteagal 5(2) | Airteagail 5(3), 6(1)(b) | Airteagal 21(6) | - | - | - | Airteagal 21(7) | Airteagal 14(c) | Airteagal 21(8) | Airteagal 5(3), 5c(4) agus 5e | Airteagal 5(2) | Airteagal 22 | Airteagal 4(1) | (1): Airteagal 1 | Airteagal 23 | Airteagal 5(4) | Airteagal 24 | - | - | - | Airteagal 25 | - | - | - | Airteagal 26 | - | - | - | Airteagal 27 | Airteagal 10 | Airteagal 11 | Airteagal 28 | Airteagal 13 | Airteagal 13 | (2): Airteagail 13 agus 14 (3): Airteagal 9 | Airteagal 29 | - | - | - | Airteagal 30 | - | - | - | Airteagal 31 | - | - | - | Airteagal 32 | - | - | - | Airteagal 33 | - | - | - | Airteagal 34 | Iarscríbhinn Cuid A(2), (3), (4) | Iarscríbhinn Cuid A(II), (VI), | Iarscríbhinn I | Iarscríbhinn Cuid A(1) agus Airteagal 5(6), | Airteagal 6(4) | Iarscríbhinn II | Iarscríbhinn Cuid A(5), (6) | Iarscríbhinn Cuid A(VII) | Iarscríbhinn III | Iarscríbhinn Cuid C | Iarscríbhinn IV | Iarscríbhinn Cuid B | Iarscríbhinn V | Iarscríbhinn Cuid B | Iarscríbhinn VI | [1] IO C […], […], lch.[…]. [2] IO C […], […], lch.[…]. [3] IO C […], […], lch.[…]. [4] IO C […], […], lch.[…]. [5] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 ón gCoimisiún (IO L 100, 8.4.2006, lch. 3). [6] IO L 268, 18.10.2003, lch. 29. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8). [7] IO L 92, 7.4.1990, lch. 42. [8] IO L 86, 6.4.1979, lch. 30. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 807/2003 (IO L 122, 16.5.2003, lch. 36). [9] IO L 237, 22.9.1993, lch. 23. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 806/2003 (IO L 122, 16.5.2003, lch. 1). [10] [11]5^_nopŽ??‘ hqÞhhqÞhGfUmHnHu[pic]hqIO L 125, 23.5.1996, lch. 35. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 806/2003. [12] IO L 213, 21.7.1982, lch. 8. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2004/116/CE ón gCoimisiún (IO L 379, 24.12.2004, lch. 81). [13] IO L 126, 21.5.1980, lch. 14. Treoir arna leasú le Treoir 98/67/CE (IO L 261, 24.9.1998, lch. 10). [14] IO L 334, 31.12.1993, lch. 17. Treoir arna leasú le Treoir 97/40/CE (IO L 180, 9.7.1997, lch. 21). [15] IO L 35, 8.2.2005, lch. 1. [16] IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1). [17] IO L 67, 5.3.2004, lch. 31. [18] IO L 207, 10.8.1994, lch. 20. [19] IO L 140, 30.5.2002, lch. 10. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/77/CE ón gCoimisiún (IO L 271, 30.9.2006, lch. 53). [20] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11). [21] IO L 147, 31.5.2001, lch. 1 [22] IO L 273, 10.10.2002, lch. 1. [23] IO L 268, 18.10.2003, lch. 1. [24] IO L 268, 18.10.2003, lch. 24. [25] IO L 144, 4.6.1997, lch. 19. [26] Ciallaíonn aonad amháin sa mhír seo 1 mg, 1,000 AI, 1x109 ADC nó 100 aonad gníomhaíochta einsímigh den bhreiseán beatha faoi seach.