52007PC0872

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha agus ag leasú Rialachán (CE) Uimh. XXX/XXXX [nós imeachta comhchoiteann] [SEC(2008) 12] [SEC(2008) 13] /* COIM/2007/0872 leagan deireanach - COD 2008/0002 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 14.1.2008

COIM(2007) 872 leagan deireanach

2008/0002 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bianna núíosacha agus ag leasú Rialachán (CE) Uimh. XXX/XXXX [nós imeachta comhchoiteann]

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)[SEC(2008) 12][SEC(2008) 13]

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

( Forais agus cuspóirí an togra

Mar chuid den chreat chun reachtaíocht Chomhphobail “ón bhfeirm go dtí an bord” a fheabhsú agus a chomhchuibhiú, d’fhógair an Coimisiún sa Pháipéar Bán maidir le Sábháilteacht Bia go bhfuil sé ar intinn aige cur i bhfeidhm na reachtaíochta bia núíosaigh a scrúdú agus na modhnuithe is gá a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana i bhfianaise chonclúidí na tuarascála ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 258/97 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha (Gníomhartha 14 agus 51) agus i gcomhréir le creat rialúcháin Threoir 90/220/CEE maidir le horgánaigh atá géinmhodhnaithe. Rinneadh é seo i bpáirt trí Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe a ghlacadh. Ní mór an Rialachán maidir le bia núíosach a shoiléiriú anois tar éis bia atá géinmhodhnaithe a bhaint den raon feidhme.

Cuireadh i bhfios go soiléir le linn an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara in 2002 maidir le plépháipeár Coimisiúin agus sa mheasúnú ina dhiaidh sin gur gá an Rialachán a fhorbairt agus a thabhairt suas chun dáta.

I gcomhréir leis na tiomantais seo, is é is aidhm don togra seo sábháilteacht bia a áirithiú, sláinte an duine a chosaint agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh maidir le bia a chinntiú. Chun é seo a dhéanamh, tá sé mar aidhm aige an nós imeachta údarúcháin a athchóiriú chun éifeachta, córas um measúnú sábháilteachta níos oiriúnaithe a fhorbairt maidir le bia traidisiúnta ó thríú tíortha, ar bia é a mheasfar mar bhia núíosach faoin Rialachán seo, agus an sainmhíniú ar bhia núíosach, lena n-airítear teicneolaíochtaí nua a mbíonn tionchar acu ar bhia agus raon feidhme an Rialacháin maidir le bia núíosach a shoiléiriú. Ina theannta sin, is gá éifeachtacht, trédhearcacht agus cur i bhfeidhm an chórais údarúcháin a fheabhsú, rud a chuirfidh leis an Rialachán a chur chun feidhme i slí níos fearr agus le cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí trí eolas ar bhia a thabhairt dóibh. Ina theannta sin, ba chóir soiléire dhlíthiúil a bhaint amach trí athruithe riachtanacha a dhéanamh agus tríd an reachtaíocht a thabhairt suas chun dáta.

( Comhthéacs ginearálta

Tá comhchuibhiú á dhéanamh ar údarú agus ar úsáid bianna núíosacha agus comhábhar bia san Aontas Eorpach ó 1997 i leith nuair a glacadh Rialachán (CE) Uimh. 258/97 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia. Cuimsíonn an reachtaíocht reatha an Rialachán maidir le bia núíosach agus Rialachán amháin ón gCoimisiún.

( Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia, leagtar síos na prionsabail ghinearálta chun bianna núíosacha agus comhábhair bia a údarú san Aontas Eorpach.

Comhlánaítear an Rialachán seo le Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún ag leagan síos rialacha mionsonraithe chun faisnéis áirithe a chur ar fáil don phobal agus chun faisnéis arna tabhairt faoi bhun Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chosaint.

Leis an togra seo, déantar na forálacha thuasluaite a thabhairt le chéile, a fhorbairt agus a thabhairt suas chun dáta.

( Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile an Aontais

Tá an togra seo i gcomhréir le Beartas an Choimisiúin um Rialáil Níos Fearr, le Straitéis Liospóin agus le Straitéis an AE faoi Fhorbairt Inbhuanaithe. Leagtar an bhéim ar shimpliú an phróisis rialúcháin, rud a laghdóidh an t-ualach riaracháin agus a fheabhsóidh cumas iomaíochta an tionscail Eorpaigh bia, agus san am céanna a chinnteoidh sábháilteacht bia, a chothabhálfaidh leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus a thabharfaidh aird ar ghnéithe ina n-iomláine.

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta

( Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí

Lorgaíodh tuairim na mBallstát agus páirtithe leasmhara trí bhíthin comhairliúcháin, cruinnithe agus teagmhálacha déthaobhacha amhail ó 2002 i leith. In Iúil 2002 chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin i dtaobh plépháipéir a bhain le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (Bia Núíosach) a chur chun feidhme. Chuir 40 páirtí leasmhar a mbarúlacha isteach agus rinneadh plé orthu ag cruinniú in 2003.

Thairis sin, ón 2 Meitheamh go dtí an 1 Lúnasa 2006, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin ar líne leis an ngnáthphobal maidir le Ceapadh Beartais Idirghníomhach, lena n-áirítear ceistneoir, d’fhonn faisnéis agus sonraí a bhailiú ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag na príomh-shaincheisteanna a bhí faoi bhreithniú chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán. Fuarthas 65 freagairt ar an gceistneoir. Ina theannta sin, d’eagraigh an Coimisiún cruinniú do pháirtithe leasmhara maidir leis an dréacht-tuarascáil ar mheasúnú iarmharta i mí na Nollag 2006 agus tugadh cuireadh do na grúpaí leasmhara iomchuí go léir. Ghlac 12 eagraíocht páirt sa chruinniú seo. Ar deireadh, chuir an Coimisiún torthaí an chruinnithe seo faoi bhráid Ghrúpa Comhairleach SANCO um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe agus Plandaí.

Is iad na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo an tionscal bia, tomhaltóirí, tríú tíortha, údaráis náisiúnta agus AE agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Chuathas i gcomhairle le húdaráis na mBallstát le linn roinnt cruinnithe den mheitheal um bia núíosach idir 2005-07. Tharla tuilleadh comhairliúcháin trí rannpháirtíocht an Choimisiúin i gcruinnithe nó seimineáir a d’eagraigh páirtithe leasmhara agus a bhí dírithe ar shaincheisteanna ar leith (e.g. bia traidisiúnta ó thríú tíortha, nós imeachta measúnaithe agus údarúcháin) agus cruinnithe déthaobhacha le páirtithe leasmhara.

Achoimre ar na freagairtí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad

Cuireadh i bhfios go soiléir le linn an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara in 2002-03 maidir le plépháipéar Coimisiúin agus leis an gcomhairliúchán maidir leis an measúnú iarmharta ar an Athbhreithniú ar bhia núíosach in 2006, gur gá an Rialachán reatha a fhorbairt agus a thabhairt suas chun dáta agus go mbaineann tábhacht leis an gcéanna. Thacaigh na páirtithe leasmhara a bheag nó a mhór ó 2002 i leith leis na cuspóirí agus le cuid mhór de na tomhaisteoirí a d'fhéadfaí a úsáid.

I gcás an phlépháipéir ón gCoimisiún in 2002 a bhain le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (Bia Núíosach) a chur chun feidhme, tá na barúlacha go léir, an tuarascáil mheastóireachta lena n-áirítear an tuarascáil achomair mar aon leis an achoimre fheidhmitheach ar fáil anseo:

http://ec.europa.eu/food/food/biotechnology/novelfood/initiaves_en.htm.

Gheofar achoimre níos mionsonraithe ar an bpróiseas comhairliúcháin agus ar a thoradh sa tuarascáil ar an Measúnú Iarmharta, a thíolactar maille leis an dréacht-Rialachán seo. Rinneadh gach tuairim a bhreithniú le linn an Tuarascáil ar an Measúnú Iarmharta agus an dréacht-Rialachán a ullmhú.

Tá na torthaí ar fáil anseo: http://ec.europa.eu/food/food/biotechnology/novelfood/initiaves_en.htm.

( Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

( Measúnú iarmharta

Maidir le gach ceann de na bearta a bheartaítear sa dréacht-Rialachán, de réir mar is iomchuí, rinneadh idir rogha amháin agus trí rogha a scrúdú, idir bhearta leasaitheacha agus sainordaitheacha, i ndáil leis an iarmhairt a bheadh acu ar na páirtithe leasmhara agus ar na húdaráis éagsúla. Ina theannta sin, rinneadh cás gan athrú a mheas lena ndéanfaí measúnú ar na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag na roghanna éagsúla a chur i gcomórtas.

Rinne an Coimisiún Measúnú Iarmharta agus cuirtear an tuarascáil ina leith i láthair maille leis an togra seo mar Dhoiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin. Tá sé ar fáil freisin ag:http://ec.europa.eu/food/food/biotechnology/novelfood/initiaves_en.htm.

Eilimintí dlíthiúla an togra

( Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh maidir le bianna núíosacha, a rialálann bianna núíosacha a chur ar an margadh. Leagann sé síos na rialacha maidir le bianna núíosacha a údarú, a mhaoirsiú, a lipéadú agus a úsáid.

Aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia agus lena leagtar síos na prionsabail ghinearálta chun bianna núíosacha agus comhábhair bia a údarú san Aontas Eorpach.

Aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún ag leagan síos rialacha mionsonraithe chun faisnéis áirithe a chur ar fáil don phobal agus chun faisnéis arna tabhairt de bhun Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a chosaint.

( Bunús dlí

Airteagal 95 de Chonradh CE.

( Prionsabal na coimhdeachta

Cuirtear prionsabal na coimhdeachta i bhfeidhm a mhéad nach dtagann an togra faoi inniúlacht an Chomhphobail amháin.

Ní fhéadfaidh na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach i gceart i ngeall ar na cúiseanna seo a leanas.

D’fhéadfadh leibhéil éagsúla sábháilteachta bia agus cosanta do shláinte an duine a theacht as gníomhartha aonair de chuid Ballstáit agus d’fhéadfaidís tomhaltóirí a chur ar míthreoir. Dhéanfadh aisghairm an Rialacháin maidir le Bia Núíosach na rialacha comhchuibhithe a bhaineann le sábháilteacht bia a dhíchur agus chuirfí saorghluaiseacht bia (núíosaigh) san AE i mbaol.

Éireoidh níos fearr le gníomh Comhphobail cuspóirí an togra a bhaint amach ar na cúiseanna seo a leanas.

Is fearr is féidir freastal ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh maidir le bianna núíosacha agus sláinte agus leas thomhaltóirí na hEorpa a chosaint ag an am céanna trí bhíthin nós imeachta údarúcháin láraithe ar leibhéal AE.

Feabhsóidh nós imeachta údarúcháin láraithe éifeachtacht na n-údaruithe bia núíosaigh. Ina theannta sin, bheadh feidhm ag rialacha comhchuibhithe sábháilteachta bia.

Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

( Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas.

Déanann an togra an creat rialúcháin a chomhchuibhiú maidir le bia núíosach a fhormheas, rud a chuireann le feidhmiú an mhargaidh bia (núíosaigh) san AE. Is leor na bearta atá beartaithe chun na cuspóirí a bhaint amach maidir le sábháilteacht bia a áirithiú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh bia a chinntiú. Ag an am céanna, ní fhorchuireann siad ualach atá iomarcach nó éagórach.

Cheal comhchuibhithe, féadfaidh córais formheasa náisiúnta leithleacha teacht chun cinn, rud a chruthódh obair údarúcháin iolrach agus a mhéadódh an t-ualach riaracháin san AE. Íoslaghdaítear an t-ualach airgeadais ós rud é go bhfuil na forálacha reatha ann cheana, ní dhéantar ach iad a shimpliú.

( Rogha ionstraimí

Ionstraimí beartaithe: Rialachán.

Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar na cúiseanna seo a leanas.

Tá an réimse bianna núíosacha lán-chomhchuibhithe san AE. Ní fhéadfadh gníomh neamhreachtach atá bunaithe, mar shampla, ar chód dea-chleachtais, cosaint leormhaith a thabhairt agus bheadh easpa deimhneachta dlíthiúla i gceist leis. Braitheann úsáid shábháilte bia núíosaigh ar mheastóireachtaí sábháilteachta réamh-mhargaidh agus go minic ar choinníollacha ceadaithe úsáide na substaintí seo, dá bhrí sin, ní dhéanfadh moltaí nó féinrialáil cosaint shláinte an tomhaltóra a ráthú.

Impleacht bhuiséadach

Ní chuirfidh an togra seo isteach ar bhuiséad an Chomhphobail.

Faisnéis bhreise

( Simpliú

Forálann an togra do shimpliú nósanna imeachta reachtaíochta agus riaracháin d'údaráis phoiblí (AE nó náisiúnta) agus do pháirtithe príobháideacha.

Ní bheidh ach nós imeachta láraithe amháin chun bianna núíosacha a mheasúnú agus a údarú. Déanfar foclaíocht na reachtaíochta a thabhairt suas chun dáta agus a shoiléiriú.

Déanfar nósanna imeachta riaracháin náisiúnta agus obair dhúbailte a dhíothú.

Le sruthlíniú agus méadú ar éifeachtacht an nós imeachta údarúcháin laghdaítear an t-ualach riaracháin ar pháirtithe príobháideacha freisin.

Áirítear an togra i gclár forásach an Choimisiúin maidir leis an acquis communautaire a thabhairt suas chun dáta agus a shimpliú agus i gClár Oibre agus Reachtach an Choimisiúin faoin tagairt 2007/SANCO/006.

( Aisghairm reachtaíochta atá ann cheana

Má ghlactar leis an togra, déanfar reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm.

( Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha

Folaíonn an togra clásal athbhreithnithe.

( An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar LEE agus, dá bhrí sin, ba chóir go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

( Míniú mionsonraithe ar an togra

Caibidil I – Forálacha tosaigh

Beidh bianna núíosacha faoi réir meastóireachta sábháilteachta agus formheasa trí nós imeachta Comhphobail. Déantar na sainmhínithe a shoiléiriú agus a thabhairt suas chun dáta i ndiaidh forbairtí dlíthiúla. Féadfar nós imeachta a leagan síos chun faisnéis a bhailiú maidir le núíosacht bia. Leis an nós imeachta coiste, féadfar a chinneadh an dtagann bia faoi raon feidhme an Rialacháin nó nach dtagann.

Caibidil II - Ceanglais agus iontráil ar liosta Comhphobail na mbianna núíosacha

Déanfar gach bia núíosach agus úsáid an chéanna i mbia a mheas maidir leis na critéir seo a leanas: nach gcuirfidís an tomhaltóir i mbaol nó nach mbeidís míthreorach don tomhaltóir agus i gcás ina ndéanfaí athrú níor chóir go mbeadh míbhuntáistí cothaitheacha ann don tomhaltóir.

I gcomhréir leis an gcinneadh chun aistriú chuig nós imeachta láraithe ar leibhéal AE agus chun bainistíocht riosca agus measúnú riosca a scaradh, déanfar na hiarratais go léir maidir le formheas bia núíosaigh a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus ansin a chur ar aghaidh chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) a chuirfidh na meastóireachtaí sábháilteachta i gcrích. Déanfaidh an Coimisiún iontráil bia núíosaigh ar liosta Comhphobail na mbianna núíosacha a chinneadh ar bhonn na tuairime ó EFSA. Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe (SCFCAH) de chúnamh ag an gCoimisiún.

Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh críochnaitheach, tríd an nós imeachta coiste, maidir le bia núíosach a chur ar liosta Comhphobail na mbianna núíosacha. Déanfar an t-údarú iarratasóir-nasctha a athrú agus an nós imeachta simplithe a dhíothú le cinntí údarúcháin arna seoladh chuig an gComhphobal de ghnáth. D'fhéadfaí cosaint sonraí a thabhairt i gcásanna a bhfuil call leo agus a bhaineann le fianaise eolaíoch nuafhorbartha agus sonraí dílseánacha chun tacú le nuálaíocht i dtionscal an agrabhia.

Gan dochar do Threoir 2000/13 maidir le lipéadú, folóidh an cinneadh, más iomchuí, lipéadú breise sonrach do bhianna núíosacha a dhíoltar leis an tomhaltóir.

Maidir le bia traidisiúnta ó thríú tíortha, tabharfar isteach measúnú agus bainistíocht sábháilteachta a bheidh bunaithe ar an tuairisc ar úsáid shábháilte bia sa tír thionscnaimh. I gcás gur léiríodh úsáid shábháilte an bhia sa tír thionscnaimh, agus nach ndéanfaidh na Ballstáit ná an EFSA agóidí réasúnaithe sábháilteachta a bheidh bunaithe ar fhianaise eolaíoch, féadfar an bia a chur ar an margadh ar bhonn fógra ón oibreoir gnó bia a bhfuil sé ar intinn aige an bia a mhargú. Éascóidh sé seo measúnú agus bainistíocht sábháilteachta níos comhréirí maidir le bia lena ngabhann tuairisc ar úsáid shábháilte bia. I gcás ina ndéanfar agóidí réasúnaithe sábháilteachta, beidh feidhm ag an ngnáthnós imeachta coiste.

Féadfar sonraíocht, lipéadú agus coinníollacha úsáide agus, nuair is iomchuí, ceanglas monatóireachta iarmhargaidh a leagan síos maidir le gach bia núíosach atá údaraithe.

D’fhonn a áirithiú go ndéanfar bianna núíosacha a choimeád faoi bhreathnú leanúnach, nuair a bheidh siad údaraithe, agus go ndéanfar athmheasúnú orthu in aon chás inar gá é, beidh oibleagáid ar tháirgeoirí aon fhaisnéis nua a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don mheasúnú sábháilteachta ar an mbia núíosach a thabhairt don Choimisiún.

Caibidil III – Forálacha ginearálta

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin atá beartaithe.

Déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme na mbeart a bheartaítear sa Rialachán a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin atá leagtha síos i gCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle. Is éard atá sa mhéid seo coinníollacha úsáide agus lipéadú bia núíosaigh mar aon le sonraíochtaí agus, nuair is iomchuí, ceanglais monatóireachta iarmhargaidh a leagan síos. Ós rud é gur nithe fíor-theicniúla iad seo a ghlactar ar bhonn prionsabal a comhaontaíodh go coitianta, ba chóir iad a chur faoi chúram an Choimsiúin ar mhaithe le héifeachtacht agus simpliú.

Caibidil IV Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Leanfar de bhianna núíosacha atá údaraithe cheana a mhargú agus a chur ar liosta Comhphobail na mbianna núíosacha.

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. [nós imeachta comhchoiteann] chun go bhfolóidh sé bianna núíosacha faoi raon feidhme an Rialacháin agus chun go gcumasófar don iarratasóir aon iarratas amháin a dhéanamh ar bhianna atá faoi dhlíthe éagsúla earnálacha bia.

2008/0002 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bianna núíosacha agus ag leasú Rialachán (CE) Uimh. XXX/XXXX [nós imeachta comhchoiteann]

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[3],

De bharr an méid seo a leanas:

1. Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuireann sé go mór le sláinte agus le folláine saoránach agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha. D'fhéadfadh difríochtaí idir dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta maidir le measúnú agus údarú sábháilteachta bianna núíosacha bac a chur ar shaorghluaiseacht an chéanna, rud a chruthódh iomaíocht éagórach.

2. Ba chóir go n-áiritheofaí leibhéal ard cosanta do shláinte an duine nuair a bhíonn beartais an Chomhphobail á saothrú.

3. Bunaíodh rialacha Comhphobail maidir le bianna núíosacha le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia[4] agus le Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2001 ag leagan síos rialacha mionsonraithe chun faisnéis áirithe a chur ar fáil don phobal agus chun faisnéis arna tabhairt de bhun Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[5] a chosaint. Ar mhaithe le soléire, ba chóir go n-aisghairfí Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus go gcuirfí an Rialachán seo ina ionad. Ba chóir go bhfolódh an Rialachán seo bearta atá faoi rialú faoi láthair ag Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001.

4. Chun leanúnachas le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a áirithiú, measfar bia mar bhia núíosach mura féidir é a úsáid go suntasach mar bhia don duine laistigh den Chomhphobal roimh an dáta a cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 258/97 i bhfeidhm, eadhon an 15 Bealtaine 1997.

5. Ba chóir an sainmhíniú atá ann cheana ar bhia núíosach a shoiléiriú agus a thabhairt suas chun dáta trí thagairt don sainmhíniú ginearálta ar bhia i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 ag leagan síos phrionsabail agus cheanglais ghinearálta dhlí an bhia, ag bunú an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia agus ag leagan síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia[6]a chur in ionad na gcatagóirí atá ann cheana.

6. Ba chóir a shoiléiriú freisin gur chóir bia a mheas mar bhia núíosach nuair a úsáidtear teicneolaíocht tháirgeach air nár úsáideadh roimhe. Ba chóir go bhfolódh an Rialachán seo teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i bpróisis an phóraithe agus i bpróisis táirgthe bia, ar teicneolaíochtaí iad a mbíonn tionchar acu ar bhia agus a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar shábháilteacht bia. Ba chóir, dá bhrí sin, go bhfolódh bia núíosach bianna a fhaightear ó phlandaí agus ainmhithe, ar plandaí nó ainmhithe iad a phóraítear trí theicnící neamhthraidisiúnta, agus bianna a mhodhnaítear trí phróisis táirgthe nua amhail nanaitheicneolaíocht agus naineolaíocht a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar bhia. Níor chóir bia a fhaightear ó chineálacha nua plandaí, nó pórtha ainmhithe a phóraítear trí theicnící póraithe traidisiúnta, a mheas mar bhianna núíosacha.

7. Más gá, ba chóir bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun foráil a dhéanamh do chritéir d’fhonn a mheas ar úsáideadh bia go suntasach mar bhia don duine laistigh den Chomhphobal roimh an 15 Bealtaine 1997. Má úsáideadh bia go heisiach mar fhorbhia nó i bhforbhia arna shainmhíniú i dTreoir 2002/46/CE, roimh an dáta sin, féadfar é a chur ar an margadh tar éis an dáta sin le haghaidh na húsáide céanna gan é a mheas mar bhia núíosach. Níor chóir, áfach, an úsáid sin mar fhorbhia nó i bhforbhia a chur san áireamh nuair a dhéanfar measúnú i dtaobh ar úsáideadh é go suntasach mar bhia don duine laistigh den Chomhphobal roimh an 15 Bealtaine 1997. Dá bhrí sin, ní mór úsáidí eile an bhia lena mbaineann, e.g. seachas úsáidí forbhia, a údarú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

8. Maidir le hathfhoirmiú táirgí bia a tháirgtear ó chomhábhair bia atá ann cheana agus atá ar fáil ar mhargadh an Chomhphobail, go háirithe trí chomhdhéanamh nó méid na gcomhábhar bia sin a athrú, níor chóir é a mheas mar bhia núíosach.

9. Ba chóir go gcoimeádfadh bianna núíosacha a údaraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a stádas mar bhianna núíosacha ach ba chóir go mbeadh údarú ag teastáil maidir le húsáidí nua na mbianna sin.

10. Maidir le bianna atá beartaithe le haghaidh úsáidí teicneolaíochta nó atá géinmhodhnaithe, níor chóir go dtiocfaidís faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba chóir go n-eiseofaí ó raon feidhme an Rialacháin seo bia a úsáidtear d’aontoisc mar bhreiseáin agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. XX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [..][7], blastáin a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. XX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [..][8], tuaslagóirí eastósctha a thagann faoi raon feidhme Threoir Uimh. 88/344/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1988 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le tuaslagóirí eastósctha a úsáidtear i dtáirgeadh earraí bia agus comhábhar bia a chomhfhogasú[9], einsímí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. XX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [..][10], agus bia atá géinmhodhnaithe agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe[11].

11. Tá úsáid vitimíní agus mianraí á rialú ag dlíthe sonracha earnálacha bia. Dá bhrí sin, ba chóir go n-eiseofaí ó raon feidhme an Rialacháin seo na vitimíní agus mianraí a thagann faoi raon feidhme Threoir 89/398/CEE an 3 Bealtaine 1989 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia atá beartaithe le haghaidh úsáidí cothaitheacha áirithe a chomhfhogasú[12], Threoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna a chomhfhogasú[13] agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna[14].

12. Maidir le bianna núíosacha, seachas vitimíní agus mianraí, atá beartaithe le haghaidh úsáidí cothaitheacha áirithe, le haghaidh bia a threisiú nó mar fhorbhianna, ba chóir iad a mheasúnú i gcomhréir leis na critéir agus na ceanglais sábháilteachta is infheidhme maidir le gach bia núíosach. Ba chóir go leanfaidís, san am céanna, de bheith faoi réir na rialacha dá bhforáiltear i dTreoir 89/398/CEE agus sna Treoracha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de agus in Iarscríbhinn I de, i dTreoir 2002/46/CE agus i Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006.

13. Maidir le cibé acu ar úsáideadh bia go suntasach mar bhia don duine roimh an 15 Bealtaine 1997, ba chóir go mbeadh sé bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil sna Ballstáit. I gcás nach mbeidh faisnéis ag an gCoimisiún maidir le bia don duine roimh an 15 Bealtaine 1997, ba chóir nós imeachta simplí agus trédhearcach a bhunú chun an fhaisnéis sin a bhailiú, ar nós imeachta é a mbeidh baint ag na Ballstáit nó aon pháirtithe leasmhara leis.

14. Níor chóir bianna núíosacha a chur ar mhargadh an Chomhphobail ach amháin má tá siad sábháilte agus mura mbíonn siad míthreorach don tomhaltóir. Ina theannta sin, níor chóir go mbeidís éagsúil leis na bianna a gcuirfear iad ina n-ionad in aon slí a bheadh míbhuntáisteach go cothaitheach don tomhaltóir.

15. Is gá nós imeachta láraithe comhchuibhithe a chur i bhfeidhm maidir le measúnú agus údarú sábháilteachta, nós imeachta atá éifeachtach, a bhfuil teorainn ama leis agus atá trédhearcach. D’fhonn nósanna imeachta údarúcháin éagsúla maidir le bia a chomhfhogasú tuilleadh, ba chóir go ndéanfaí measúnú sábháilteachta ar bhianna núíosacha agus iad a chur ar an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [dáta] lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údarúcháin maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blastáin bia[15].

16. Ba chóir critéir a leagan síos chun na priacail ionchasacha a thig as bianna núíosacha a mheas. D’fhonn measúnú eolaíoch comhchuibhithe ar bhianna núíosacha a áirithiú, ba chóir don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnuithe den sórt sin a dhéanamh.

17. D’fhonn nósanna imeachta a shimpliú, ba chóir go gceadófaí d’iarratasóirí aon iarratas amháin a dhéanamh ar bhianna atá á rialú faoi dhlíthe éagsúla earnálacha bia. Ba chóir mar sin Rialachán (CE) Uimh. [nós imeachta comhchoiteann] a leasú dá réir sin.

18. Ba chóir, más iomchuí, ceanglais monatóireachta iarmhargaidh a thabhairt isteach maidir le húsáid bianna núíosacha mar bhia don duine, ar ceanglais iad a bheidh bunaithe ar chonclúidí an mheasúnaithe sábháilteachta.

19. Maidir le bia núíosach a chur ar liosta Comhphobail na mbianna núíosacha, ba chóir go mbeadh sé gan dochar d'aon mheastóireacht a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na héifeachtaí a bheidh ag an tomhaltas iomlán ar shubstaint a gcuirtear leis an mbia sin, nó a úsáidtear chun an bia sin a mhonarú, nó ar tháirge inchomparáide i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006.

20. Faoi imthosca sonracha d'fhonn taighde agus forbairt a spreagadh laistigh de thionscal an agrabhia, agus ar an dóigh sin núáil a dhéanamh, níor chóir an fhianaise eolaíoch nuafhorbartha agus na sonraí dílseánacha a tugadh chun tacú le hiarratas ar bhia núíosach a chur leis an liosta Comhphobail a úsáid chun sochair iarratasóra eile le linn tréimhse teoranta ama, gan comhaontú an chéad iarrthóra. Níor chóir go gcuirfeadh cosaint sonraí eolaíocha a thabharfaidh iarratasóir amháin bac ar iarratasóirí eile iontráil bianna núíosacha ar liosta Comhphobail na mbianna núíosacha a lorg ar bhonn a sonraí eolaíocha féin.

21. Tá bianna núíosacha faoi réir na gceanglas ginearálta maidir le lipéadú a leagadh síos i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia a lipéadú, a thíolacadh agus a fhógairt[16]. I gcásanna áirithe, féadfaidh sé gur gá faisnéis lipéadaithe breise a chur ar fáil, go háirithe maidir le tuairisc an bhia, foinse an bhia, nó maidir le coinníollacha úsáide an bhia. Dá bhrí sin, féadfaidh iontráil bia núíosaigh sa liosta Comhphobail coinníollacha sonracha maidir lena úsáid nó oibleagáidí maidir le lipéadú a fhorchur.

22. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le héilimh faoi chothú agus sláinte a dhéantar ar bhianna[17], déanann sé comhchuibhiú ar na forálacha sna Ballstáit a bhaineann le héilimh faoi chothú agus sláinte. Dá bhrí sin, níor chóir éilimh maidir le bianna núíosacha a dhéanamh ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán sin.

23. Maidir le measúnú agus bainistíocht sábháilteachta a dhéanamh ar bhia traidisiúnta ó thríú tíortha, ba chóir tuairisc a n-úsáide sábháilte i dtríú tír a dtionscnaimh a chur san áireamh. Níor chóir go gcuimseodh an tuairisc ar úsáid shábháilte bia úsáidí neamhbhia ná úsáidí nach mbaineann le gnáthchothú. Mura mbeidh aon agóidí sábháilteachta réasúnaithe curtha in iúl ag na Ballstáit ná ag an Údarás, bunaithe ar fhianaise eolaíoch, mar shampla faisnéis faoi éifeachtaí díobhálacha sláinte, beidh sé incheadaithe an bia a chur ar mhargadh an Chomhphobail tar éis fógra a thabhairt go ndéanfar amhlaidh.

24. Féadfar, más iomchuí, dul i gcomhairle leis an nGrúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí arna bhunú le Cinneadh ón gCoimisiún an 16 Nollaig 1997[18] chun comhairle a fháil i dtaobh saincheisteanna eiticiúla a bhaineann le bianna núíosacha a chur ar an margadh.

25. Maidir le bianna núíosacha a chuirtear ar mhargadh an Chomhphobail faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97, ba chóir go leanfaí díobh a chur ar an margadh. Ba chóir bianna núíosacha atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a chur ar liosta Comhphobail na mbianna núíosacha a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, maidir le hiarratais a rinneadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97, agus nach mbeidh cinneadh críochnaitheach glactha ina leith roimh an dáta a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm, ba chóir iad a mheas mar iarratais faoin Rialachán seo.

26. Ós rud é nach féidir cuspóirí an ghnímh atá le glacadh a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar atá riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

27. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní foláir do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtúil comhréireach agus athchomhairleach.

28. Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[19].

29. Ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na critéir a bhunú faoina bhféadfar bianna a mheas mar bhianna a úsáideadh go suntasach mar bhia don duine laistigh den Chomhphobal roimh an 15 Bealtaine 1997. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

30. I gcás Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú[20], leagann sé amach rialacha ginearálta maidir le srianta oifigiúla a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh dhlí an bhia a fhíorú. Dá bhrí sin, cuirfidh na Ballstáit rialuithe oifigiúla i gcrích i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Rialacháin seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I Forálacha tosaigh

Airteagal 1 Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha comhchuibhithe maidir le bianna núíosacha a chur ar mhargadh an Chomhphobail d’fhonn leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus tomhaltóirí a áirithiú, agus san am céanna feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

Airteagal 2 Raon feidhme

1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le bianna núíosacha a chur ar mhargadh an Chomhphobail.

2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) bianna nuair a úsáidtear agus a mhéad a úsáidtear iad:

(i) mar bhreiseáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. [maidir le breiseáin bia];

(ii) mar bhlastáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. [maidir le blastáin bia];

(iii) mar thuaslagóirí eastósctha a úsáidtear i dtáirgeadh earraí bia agus a thagann faoi raon feidhme Threoir 88/344/CEE ón gComhairle;

(iv) mar einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. [maidir le heinsímí bia];

(v) mar vitimíní agus mianraí a thagann faoi raon feidhme Threoir 89/398/CEE, Threoir 2002/46/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006.

(b) bianna a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

3. Más iomchuí, féadfar a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2) cibé acu an dtagann nó nach dtagann cineál bia faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 3 Sainmhínithe

1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

2. Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a) ciallaíonn “bia núíosach”:

(i) bia nár úsáideadh go suntasach mar bhia don duine laistigh den Chomhphobal roimh an 15 Bealtaine 1997;

Maidir le húsáid eisiach bia mar fhorbhia nó i bhforbhia, ní leor é sin lena léiriú gur úsáideadh é go suntasach mar bhia don duine laistigh den Chomhphobal roimh an 15 Bealtaine 1997. Má úsáideadh bia go heisiach, áfach, mar fhorbhia nó i bhforbhia roimh an dáta sin, féadfar é a chur ar mhargadh an Chomhphobail tar éis an dáta sin le haghaidh na húsáide céanna gan é a mheas mar bhia núíosach. Maidir le critéir bhreise lena measfar ar úsáideadh bia go suntasach mar bhia don duine laistigh den Chomhphobal roimh an 15 Bealtaine 1997, ar critéir iad a ceapadh le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, féadfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

(ii) bia de thionscnamh plandaí nó ainmhíoch nuair a phóraítear an planda nó an t-ainmhí trí theicnící neamhthraidisiúnta nár úsáideadh roimh an 15 Bealtaine 1997; agus

(iii) bia ar feidhmíodh próiseas táirgthe nua air nár úsáideadh roimh an 15 Bealtaine 1997, i gcás ina n-eascróidh athruithe suntasacha ar chomhdhéanamh nó ar struchtúr an bhia ón bpróiseas táirgthe sin, ar athruithe iad a dhéanfaidh difear dá luach cothaitheach, dá mheitibileacht nó dá leibhéal substaintí neamh-inmhianaithe.

(b) ciallaíonn “bia traidisiúnta ó thríú tír” bia núíosach lena ngabhann tuairisc ar úsáid bia i dtríú tír, rud a chiallaíonn go raibh an bia i dtrácht ina chuid den ghnáthchothú ag glúin amháin ar a laghad de chuid mhór de dhaonra na tíre agus go leanfaidh an bia sin de bheith ina chuid sin amhlaidh;

(c) ciallaíonn “tuairisc ar úsáid shábháilte bia” go ndearbhaítear sábháilteacht an bhia i dtrácht trí bhíthin sonraí comhdhéanaimh agus taithí a fuarthas óna úsáid agus óna úsáid leantach mar chuid de ghnáthchothú ag cuid mhór de dhaonra tíre.

Airteagal 4 Faisnéis a bhailiú maidir le húsáid bia mar bhia don duine

1. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis a bhailiú ó na Ballstáit agus/nó ó oibreoirí gnó bia d’fhonn a chinneadh cá mhéad a úsáideadh bia mar bhia don duine laistigh den Chomhphobal roimh an 15 Bealtaine 1997.

2. Féadfar, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3), bearta cur chun feidhme a ghlacadh maidir le mír 1 a chur i bhfeidhm, ar bearta iad a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh.

Caibidil II Ceanglais agus iontráil ar liosta Comhphobail na mbianna núíosacha

Airteagal 5 Liosta Comhphobail na mbianna núíosacha

Ní fhéadfar ach bianna núíosacha atá ar liosta Comhphobail na mbianna núíosacha (dá ngairtear “an liosta Comhphobail” anseo feasta”) a chur ar an margadh.

Airteagal 6 Coinníollacha maidir le hiontráil ar an liosta Comhphobail

Ní fhéadfar bia núíosach a chur ar an liosta Comhphobail ach amháin má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(a) nach údar imní é, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, ó thaobh shláinte na dtomhaltóirí de faoi na gnáthchoinníollacha tomhaltais;

(b) nach mbeidh a chur i láthair nó a úsáid bheartaithe míthreorach don tomhaltóir;

(c) i gcás ina mbeartaítear é a chur in ionad bia eile, nach mbeidh sé éagsúil leis an mbia sin sa mhéid sin go mbeadh a ghnáth-thomhaltas míbhuntáisteach go cothaitheach don tomhaltóir.

Airteagal 7 Inneachar an liosta Comhphobail

1. Déanfar an liosta Comhphobail a thabhairt suas chun dáta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. [nós imeachta comhchoiteann].

2. Folófar sonraíocht ar an mbia in iontráil bia núíosaigh ar an liosta Comhphobail agus, más iomchuí, sonróidh sé coinníollacha a úsáide agus ceanglais shonracha breise maidir le lipéadú don tomhaltóir deiridh agus/nó ceanglas monatóireachta iarmhargaidh.

3. De mhaolú ar an tríú mír d’Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. [nós imeachta comhchoiteann], cinnfear an liosta Comhphobail a thabhairt suas chun dáta le bia núíosach, seachas bia traidisiúnta ó thríú tír, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) i gcásanna ina bhfuil an fhianaise eolaíoch nuafhorbartha agus na sonraí dílseánacha cosanta i gcomhréir le hAirteagal 12.

Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh iontráil bia núíosaigh ar an liosta Comhphobail na nithe seo a leanas a shonrú i dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 2:

(a) dáta iontrála an bhia núíosaigh ar an liosta Comhphobail;

(b) faoina bhfuil an iontráil bunaithe ar fhianaise eolaíoch nuafhorbartha agus/nó sonraí dílseánacha atá cosanta i gcomhréir le hAirteagal 12;

(c) ainm agus seoladh an iarratasóra.

4. Sula rachaidh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 12 in éag, déanfar an liosta Comhphobail a thabhairt suas chun dáta chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3) agus atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. [nós imeachta comhchoiteann] ionas nach n-áireofar a thuilleadh na sonraíochtaí sainiúla dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíonann an bia údaraithe an coinníoll atá leagtha síos sa Rialachán seo.

Airteagal 8 Bia traidisiúnta ó thríú tír

1. Aon oibreoir gnó bia a bhfuil sé ar intinn aige bia traidisiúnta ó thríú tír a chur ar an margadh sa Chomhphobal, tabharfaidh sé fógra ina leith don Choimisiún agus sonróidh sé ainm an bhia, a chomhdhéanamh agus an tír thionscnaimh.

Beidh sonraí doiciméadaithe ag gabháil leis an bhfógra, ina léireofar an tuairisc ar úsáid shábháilte an bhia sa tríú tír.

2. Déanfaidh an Coimisiún an fógra agus an tuairisc ar úsáid shábháilte bia dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh gan mhoill chuig na Ballstáit agus chuig an Údarás.

3. Laistigh de cheithre mhí ón dáta a chuirfidh an Coimisiún an fógra dá bhforáiltear i mír 2 ar aghaidh, féadfaidh Ballstát agus an tÚdarás a chur in iúl don Choimisiún go bhfuil agóidí sábháilteachta réasúnaithe acu, bunaithe ar fhianaise eolaíoch, i gcoinne an bia traidisiúnta i dtrácht a chur ar an margadh.

Sa chás sin, ní chuirfear an bia ar an margadh sa Chomhphobal agus beidh feidhm ag Airteagail 5, 6 agus 7. Measfar gur iarratas mar a dtagraítear dó in Airteagal 3(1) de Rialachán XX/XXX [nós imeachta comhchoiteann] an fógra dá dtagraítear i mír 1.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra amhlaidh don oibreoir gnó bia i dtrácht laistigh de chúig mhí ó dháta an fhógra i gcomhréir le mír 1.

4. Mura mbeidh aon agóidí sábháilteachta réasúnaithe, bunaithe ar fhianaise eolaíoch, déanta agus aon fhaisnéis ina leith tugtha don oibreoir gnó bia i dtrácht i gcomhréir le mír 3, féadfar an bia traidisiúnta a chur ar an margadh sa Chomhphobal tar éis cúig mhí ó dháta an fhógra i gcomhréir le mír 1.

5. Foilseoidh an Coimisiún liosta de bhianna traidisiúnta ó thríú tíortha a fhéadfar a chur ar an margadh sa Chomhphobal i gcomhréir le mír 4 ar leathanach tiomnaithe de shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

6. Maidir le rialacha mionsonraithe i dtaobh an tAirteagal seo a chur chun feidhme, ar rialacha iad a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, féadfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

Airteagal 9 Treoir theicniúil

Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, agus i ndlúthchomhar leis an Údarás, treoir theicniúil agus uirlisí teicniúla a chur ar fáil chun cabhrú le hoibreoirí gnó bia agus go háirithe le gnóthais bheaga agus mheánmhéide iarratais a ullmhú agus a chur isteach faoin Rialachán seo.

Airteagal 10 Tuairim ón Údarás

Le linn sábháilteacht bianna núíosacha a mheasúnú, déanfaidh an tÚdarás:

(a) a mheas, más iomchuí, an bhfuil an bia chomh sábháilte le bia ó aicme bia comparáideach atá ar an margadh sa Chomhphobal cheana nó le bia a mbeartaítear an bia núíosach a chur ina ionad;

(b) an tuairisc ar úsáid shábháilte bia a chur san áireamh maidir le bia traidisiúnta ó thríú tír.

Airteagal 11 Oibleagáidí na n-oibreoirí gnó bia

1. Féadfaidh an Coimisiún ceanglas monatóireachta iarmhargaidh a fhorchur ar chúiseanna sábháilteachta bia agus tar éis tuairim a fháil ón Údarás. Beidh na hoibreoirí gnó bia a chuireann bia ar mhargadh an Chomhphobail freagrach as na ceanglais iarmhargaidh a shonraítear in iontráil an bhia i dtrácht ar liosta Comhphobail na mbianna núíosacha a chur chun feidhme.

2. Cuirfidh an táirgeoir an t-eolas seo a leanas in iúl don Choimisiún láithreach:

(a) aon fhaisnéis eolaíoch nó theicniúil nua a d'fhéadfaidh tionchar a bheith aici ar úsáid shábháilte an bhia núíosaigh;

(b) aon toirmeasc nó srian a fhorcuirfidh údarás inniúil de chuid tríú tír ina gcuirtear an bia núíosach ar an margadh.

Caibidil III Forálacha ginearálta

Airteagal 12 Cosaint sonraí

Arna iarraidh sin ag an iarratasóir, agus arna thacú le faisnéis iomchuí agus infhíoraithe a áirítear i gcomhad an iarratais, ní fhéadfar fianaise eolaíoch nuafhorbartha agus sonraí eolaíocha dílseánacha a thabharfar chun tacú leis na hiarratais a úsáid chun tairbhe iarratais eile ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta a chuirfear an bia núíosach ar an liosta Comhphobail gan comhaontú an iarratasóra.

Airteagal 13 Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhoráil an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní foláir do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtúil comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin [..] ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin agus a dhéanann difear dóibh.

Airteagal 14 Coiste

1. Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, dá ngairtear "an Coiste" anseo feasta, de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a (1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 15 Athbhreithniú

Tráth nach déanaí ná an [1 Eanáir 2015] agus i bhfianaise na taithí a fuarthas, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an Rialachán seo, agus go háirithe Airteagal 8 de, a chur chun feidhme agus, más iomchuí, beidh aon tograí a bheidh ann ag gabháil léi. Cuirfear an tuarascáil agus aon togra a ghabhann léi ar fáil don phobal.

Caibidil IV Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 16 Aisghairm

Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 le héifeacht ón dáta a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm.

Airteagal 17 An liosta Comhphobail a bhunú

Laistigh de shé mhí ar a dhéanaí ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm [dáta] bunóidh an Coimisiún an liosta Comhphobail trí bhianna núíosacha a údaraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a chur ar an liosta Comhphobail seo, lena n-áirítear aon choinníollacha údarúcháin atá ann cheana, mar is iomchuí.

Airteagal 18 Bearta idirthréimhseacha

1. Maidir le haon iarraidh chun bia núíosach a chur ar an margadh, ar iarraidh í a chuirfear faoi bhráid Ballstáit faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus nach mbeidh cinneadh críochnaitheach glactha ina leith roimh an dáta a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm, measfar gur iarratas í faoin Rialachán seo.

2. Maidir le haon bhearta idirthréimhseacha chun mír 1 a chur i bhfeidhm, ar bearta iad a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

Airteagal 19 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. [nós imeachta comhchoiteann]

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. [nós imeachta comhchoiteann] mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

"Rialachán (CE) Uimh. XXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [dáta] lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údarúcháin maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia, le blastáin bia agus le bianna núíosacha"

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na céad fomhíre d'Airteagal 1(1):

"1. Leagtar síos leis an Rialachán seo nós imeachta comhchoiteann measúnaithe agus údarúcháin (dá ngairtear "nós imeachta comhchoiteann" anseo feasta) maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia, le blastáin bia agus le foinsí blastán bia a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid in earraí bia agus i mbianna núíosacha (dá ngairtear “substaintí nó táirgí” anseo feasta), rud a chuireann le saorghluaiseacht bianna laistigh den Chomhphobal agus le leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus le cosaint leasanna tomhaltóirí."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(2):

"2. Leis an nós imeachta comhchoiteann leagfar síos na socruithe nós imeachta chun na liostaí substaintí agus táirgí a bhfuil margaíocht orthu údaraithe ag an gComhphobal de bhun Rialachán (CE) Uimh. AAA/2007, Rialachán (CE) Uimh. BBB/2007, Rialachán (CE) Uimh. CCC/2007, Rialachán (CE) Uimh. DDD/DDDD (dá ngairtear "dlíthe earnálacha bia" anseo feasta) a thabhairt suas chun dáta."

(4) In Airteagal 1(3), Airteagal 2(1) agus (2), Airteagal 9(2), Airteagal 12(1) agus Airteagal 13, cuirtear na focail “substaint nó táirge” nó “substaintí nó táirgí” in ionad ‘substaint’ nó ‘substaintí’.

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Airteagal 2:

"Liosta Comhphobail substaintí nó táirgí"

(6) Cuirtear mír 3 mar a leanas le hAirteagal 4:

"3. Féadfar aon iarratas amháin maidir le substaint nó táirge a dhéanamh chun go dtabharfar na liostaí Comhphobail éagsúla suas chun dáta, ar liostaí iad atá á rialú faoi dhlíthe éagsúla earnálacha bia sa mhéid is go gcomhlíonfaidh an t-iarratas ceanglais na ndlíthe earnálacha bia go léir."

(7) Cuirtear an abairt seo a leanas le tús Airteagal 6(1):

"I gcás ina mbeidh forais eolaíocha le hábhair imní sábháilteachta, aithneofar faisnéis bhreise a bhaineann le measúnú rioscaí agus iarrfar ón iarratasóir í."

Airteagal 20 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an [bhfichiú lá] tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh feidhm aige amhail ó sé mhí tar éis dháta foilsithe an Rialacháin seo [dáta].

Beidh feidhm ag Airteagal 17, áfach, ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO C […], […], lch. […].

[2] IO C […], […], lch. […].

[3] IO C […], […], lch. […].

[4] IO L 43, 14.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[5] IO L 253, 21.9.2001, lch. 17.

[6] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 ón gCoimisiún (IO L 100, 8.4.2006, lch. 3).

[7] IO C […], […], lch. […].

[8] IO C […], […], lch. […].

[9] IO L 157, 24.6.1988, lch. 28. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

[10] IO C […], […], lch. […].

[11] IO L 268, 18.10.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1981/2006 ón gCoimisiún (IO L 368, 23.12.2006, lch. 99).

[12] IO L 186, 30.6.1989, lch. 27. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

[13] IO L 183, 12.7.2002, lch. 51. Treoir arna leasú le Treoir 2006/37/CE ón gCoimisiún (IO L 94, 1.4.2006, lch. 32).

[14] IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.

[15] IO C […], […], lch. […].

[16] IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/142/CE ón gCoimisiún (IO L 368, 23.12.2006, lch. 110).

[17] IO L 404, 30.12.2006, lch. 9. Leagan ceartaithe (IO L 12, 18.1.2007, lch. 3).

[18] SEC(97) 2404.

[19] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11). Leagan comhdhlúite (IO L 255, 21.10.2006, lch. 4).

[20] IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe (IO L 191, 28.5.2004, lch. 1). Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).