52007PC0848

Togra le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann leis na rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair ar fhíonta cumhraithe, ar dheochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus ar mhanglaim táirgí fíonta cumhraithe (Athmhúnlú) (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) /* COIM/2007/0848 leagan deireanach - COD 2007/0287 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 20.12.2007

COIM(2007) 848 leagan deireanach

2007/0287 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (CE) Uimh. …/… Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

a bhaineann leis na rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair ar fhíonta cumhraithe, ar dheochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus ar mhanglaim táirgí fíonta cumhraithe (Athmhúnlú)

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Chinn an Coimisiún[1], an 1 Aibreán 1987 a chuid ball foirne a threorú nach mór na gníomhartha reachtacha uile a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, ag cur béim ar an nós imeachta nua mar bhunriachtanas agus gur chóir do na ranna iarracht a dhéanamh na téacsanna a bhfuil freagracht orthu ina leith a chódú laistigh d'agaí níos giorra fós lena chinntiú go bhfuil rialacha an Chomhphobail soiléir agus sothuigthe.

2. Thionscnaigh an Coimisiún códú Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991, lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair ar fhíonta cumhraithe, ar dheochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus ar mhanglaim táirgí fíonta cumhraithe[2] a leasú go suntasach go mion minic. Bhí an Rialachán nua le cur in ionad na n-ionstraimí éagsúla a ionchorpraítear ann[3].

3. Idir an dá linn, leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[4] le Cinneadh 2006/512/CE, a thug isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú do bhearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d'ionstraim bhunúsach arna glacadh de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, lena n-áirítear cuid de na heilimintí sin a scriosadh nó an ionstraim a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis.

4. I gcomhréir leis an gcomhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[5] maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta nua seo infheidhme maidir le hionstraimí a ghlacadh de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana féin, ní mór na hionstraimí sin a choigeartú de réir na nósanna imeachta is infheidhme.

5. Ba chóir códú an Rialacháin (CEE) Uimh. 1601/91 a aistriú go leagan athmhúnlaithe chun na leasuithe is gá a thabhairt isteach chun é a oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú.

⎢ 1601/91 (oiriúnaithe)

2007/0287 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (CE) Uimh. …/… Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

√ a bhaineann ∏ leis na rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair ar fhíonta cumhraithe, ar dheochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus ar mhanglaim táirgí fíonta cumhraithe

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobal Eorpaigh, agus go háiritheAirteagail √ 37 ∏ agus √ 95 ∏ de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[6],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[7],

Ag gníomhú dóibh de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[8],

De bharr an méid seo a leanas:

∫ nua

1. Rinneadh an Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991, lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair ar fhíonta cumhraithe, ar dheochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus ar mhanglaim táirgí fíonta[9] cumhraithe a leasú go suntasach[10] go mion minic. Ós rud é go ndéanfar tuilleadh leasuithe dó, ba chóir ar mhaithe le soiléireacht, an Rialachán i dtrácht a athmhúnlú.

⎢ 1601/91 Aithris 1 (oiriúnaithe)

2. Ag féachaint don tábhacht eacnamaíoch a bhaineann √ le fíonta cumhraithe, deochanna cumhraithe bunaithe ar fhíon agus manglaim chumhraithe táirgí fíonta cumhraithe, dá ngairtear “deochanna cumhraithe” anseo ina dhiaidh seo ∏, is gá, d’fhonn cuidiú le hoibriú √ rianúil ∏ an mhargaidh √ inmheánaigh ∏, forálacha coiteanna a √ leagan síos ∏ maidir leis an ábhar seo, √ go háirithe i dtaca le sainmhíniú a thabhairt ar na deochanna sin agus ar na ceanglais a bhaineann lena dtuairisciú agus lena gcur i láthair ∏.

⎢ 1601/91 Aithris 2 (oiriúnaithe)

3. Is asraon mór iad deochanna cumhraithe do thalmhaíocht an Chomhphobail. Is mar gheall ar an gclú atá ar roinnt de na deochanna seo ar fud an Chomhphobail agus ar an margadh domhanda atá an t-asraon seo ann. Tá an clú seo inchurtha i leith cháilíocht na ndeochanna i dtrácht. Ba chóir dá bhrí sin caighdeán cáilíochta áirithe a chothabháil do na deochanna i dtrácht má táthar chun an t-asraon seo √ a choinneáil ∏. Is é an bealach is fearr chun an caighdeán cáilíochta sin a chothabháil na deochanna sin a shainmhíniú, ach na cleachtais thraidisiúnta ar a mbunaítear a gclú a chur i gcuntas. Thairis sin, níor cheart na téarmaí a shainmhínítear amhlaidh a úsáid ach do dheochanna atá ar aon cháilíocht leis na deochanna traidisiúnta ionas nach ndéanfar iad a dhíluacháil.

⎢ 1601/91 Aithris 3

4. Is cuí go ndéanfar creat iomchuí a chruthú do dheochanna cumhraithe ar fíon nó úrfhíonta is mórchuid díobh, le linn forbairt agus nuáil maidir leis na deochanna sin a cheadú; ós rud é gur fusa an cuspóir seo a ghnóthú trí mheán trí chatagóir de dheochanna a chruthú bunaithe ar a gcion fíona, a neart alcóil agus cibé acu ar cuireadh alcól leo nó nár cuireadh.

⎢ 1601/91 Aithris 4 (oiriúnaithe)

5. Is iomchuí go ndéanfadh rialacha Comhphobail úsáid na sannachán geografach a bhaineann le críocha áirithe a choimeád do na críocha sin √ , ∏ ar choinníoll gur sa limistéar geografach i dtrácht a dhéanfar céimeanna éagsúla an táirgthe a chur i gcrích ar lena linn a fhaigheann an táirge críochnaithe a saintréithe agus a airíonna cinntitheacha.

⎢ 1601/91 Aithris 5 (oiriúnaithe)

6. Is é an gnáthmhodh a gcuirtear rud in iúl do thomhaltóir ná faisnéis áirithe a chur ar an lipéad; fad is atá lipéadú deochanna cumhraithe faoi réir na rialacha ginearálta atá leagtha síos i dTreoir √ 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa ∏ agus ón gComhairle an √ 20 Márta 2000 ∏ maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht earraí bia[11]. Ag féachaint do chineál na ndeochanna i dtrácht agus ionas go mbeidh faisnéis níos iomláine ag an tomhaltóir, ba cheart forálacha a ghlacadh de bhreis ar na rialacha ginearálta seo.

⎢ 1601/91 Aithris 6

7. I súile tomhaltóirí, tá dlúthnasc idir clú deochanna cumhraithe áirithe agus bunús traidisiúnta. D’fhonn a áirithiú go gcuirtear cúrsaí in iúl go cuí do thomhaltóirí agus chun na cásanna sonracha seo a chur san áireamh, is iomchuí go mbeidh sé éigeantach go léireofar an bunús i gcásanna nach dtagann an deoch ón réigiún táirgthe traidisiúnta.

⎢ 1601/91 Aithris 7

8. D'fhonn a chumasú go mbeifear in ann faisnéis iomchuí a thabhairt maidir le comhdhéanamh na dí, ba cheart rialacha áirithe lipéadaithe a ghlacadh maidir le cineál an alcóil a úsáidtear.

⎢ 1601/91 Aithris 8 (oiriúnaithe)

9. Déanann Treoir √ 98/83/CE ∏ ón gComhairle an √ 3 Samhain 1998 ∏ a bhaineann le cáilíocht an uisce a bheartaítear lena ól ag an duine[12], agus [Treoir 80/777/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1980 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huiscí mianra[13] aiceanta a shaothrú agus a mhargú], saintréithe an uisce a fhéadfar a úsáid in earraí bia a leagan síos. Ba chóir tagairt a dhéanamh dóibh.

⎢ 1601/91 Aithris 9

10. Déanann Treoir 88/388/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin lena n-úsáid in earraí bia agus maidir le bunábhair dá dtáirgeadh[14] sainmhínithe ar théarmaí éagsúla is dóigh a úsáidfear i dtaca le blastáin a chur ar aghaidh. Ba chóir an téarmaíocht chéanna a úsáid sa Rialachán seo.

⎢ 1601/91 Aithris 10

11. Ba chóir forálacha sonracha a ghlacadh maidir le tuairisciú agus cur i láthair ar dheochanna cumhraithe allmhairithe, agus aird á tabhairt ar ghealltanais an Chomhphobail ina chaidreamh le tríú tíortha.

⎢ 1601/91 Aithris 11

12. D’fhonn clú deochanna cumhraithe an Chomhphobail a chosaint ar an margadh domhanda, ba chóir na rialacha céanna a leathnú chuig deochanna onnmhairithe, ach amháin i gcás ina bhfuil forálacha dá mhalairt ann, agus aird á thabhairt ar nósanna traidisiúnta agus ar chleachtais thraidisiúnta.

∫ nua

13. Ba chóir na bearta is gá chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[15].

14. Ba chóir a chur ar chumas an Choimisiúin an Rialachán atá ann faoi láthair a oiriúnú d'fhonn a cheadú, i gcásanna áirithe agus faoi choinníollacha áirithe, úsáid substaintí agus ullmhóidí áirithe, ainmníochtaí áirithe a chinneadh, cosc a chur le hainmníochtaí amach ó na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán atá ann faoi láthair, an chóireáil do tháirgí atá á n-ullmhú a chinneadh chun táirgí críochnaithe a fháil, forálacha ar leith a ghlacadh lena rialaítear úsáid téarmaí a thagraíonn do cháilíocht áirithe táirge agus do rialacha maidir le lipéadú deochanna cumhraithe i gcoimeádáin nach mbeartaítear don tomhaltóir críochnaitheach, agus eisceachtaí a shonrú maidir le deochanna cumhraithe a bheartaítear a onnmhairiú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/486/CE,

⎢ 1601/91 (oiriúnaithe)

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanann an Rialachán seo rialacha ginearálta a leagan síos maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair ar fhíonta cumhraithe, ar dheochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus ar mhanglaim táirgí fíonta cumhraithe, √ dá ngairtear “deochanna cumhraithe” anseo ina dhiaidh seo ∏.

Airteagal 2

1. Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) ciallóidh fíon cumhraithe:

deoch:

⎢ 2061/96 Airt. 1, pointe 1(i) (oiriúnaithe)

(i) a fhaightear ó cheann amháin nó níos mó de na táirgí fíona atá sainmhínithe i bpointí 5 agus 12 go 18 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. √ 1493/1999 ón gComhairle[16] ∏, lena n-áirítear na fíonta cáilíochta a tháirgtear sna réigiúin shonracha a dtugtar sainmhíniú orthu in Airteagal √ 54(1) ∏ agus (2) den Rialachán √ i dtrácht ∏ agus cé is moite d’fhíon boird retsina, féadfaidh úrfhíon fíonchaor agus/nó úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh a bheith léi;

⎢ 1601/91 (oiriúnaithe)

? nua

(ii) ar cuireadh alcól léi mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(d) √ den Rialachán atá ann faoi láthair ∏;

(iii) ar cuireadh blastán léi le cúnamh:

- √ ó Õ shubstaintí blaistithe aiceanta agus/nó ullmhóidí blaistithe aiceanta mar atá sainmhínithe in Airteagal 1(2)(b)(i) agus (c) de Threoir 88/388/CEE. Gan dochar do na forálacha níos sriantaí i mír 2 √ den Airteagal seo ∏, féadfaidh an Coimisiún úsáid substaintí agus ullmhóidí is comhionann le substaintí agus ullmhóidí aiceanta, mar atá sainmhínithe in Airteagal 1(2)(b)(ii) den Treoir √ i dtrácht ∏, a údarú i gcásanna áirithe agus √ de réir ∏ choinníollacha áirithe de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 14,

agus/nó

- ó luibheanna aramatacha agus/nó spíosraí agus/nó earraí bia blaistithe;

(iv) atá milsithe go ginearálta agus, faoi réir na n-eisceachtaí dá bhforáiltear i mír 2 √ den Airteagal seo ∏, daite b’fhéidir le caramal;

(v) ar 14.5% toirte nó níos mó a neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte agus ar lú ná 22% toirte a neart alcóil iarbhír uasta de réir toirte agus ar 17.5% toirte nó níos mó a neart alcóil iomlán íosta de réir toirte; maidir leis na táirgí sin, áfach, a bhfuil an tuairisc “tirim” nó “ríthirim” orthu, de bhun mhír 5 √ den Airteagal seo ∏, socrófar a neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte ag 16% toirte agus 15% toirte faoi seach.

⎢ 2061/96 Airt. 1, pointe 1(ii) (oiriúnaithe)

Maidir leis an bhfíon agus/nó na húrfhíonta fíonchaor úr a choisctear ó choipeadh trí alcól a chur leis/leo, agus a úsáidtear le linn fíon cumhraithe a ullmhú, ní mór gur cionmhaireacht nach lú ná 75% de/díobh a bheidh sa táirge críochnaithe. Gan dochar d’Airteagal 5 √ den Rialachán seo ∏ , maidir leis an neart alcóil aiceanta íosta de réir toirte de na táirgí a úsáidtear, is éard a bheidh ann an neart dá bhforáiltear in √ Iarscríbhinn V, mír 2 de phointe (C) ∏ de Rialachán (CE) Uimh. √ 1493/1999 ∏;

⎢ 1601/91

Féadfar “greadóg bunaithe ar fhíon" a chur in ionad na tuairisce ar “fíon cumhraithe”. Ní dochar úsáid an téarma “greadóg” sa cháil seo d’úsáid an téarma chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainmhíniú;

(b) ciallóidh deoch chumhraithe bunaithe ar fhíon:

deoch:

⎢ 2061/96 Airt. 1, pointe 2 (oiriúnaithe)

(i) a fhaightear ó cheann amháin nó níos mó de na fíonta atá sainmhínithe i bpointí 11, 12 agus 13 agus 15, 16, 17 agus 18 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. √ 1493/1999 ∏ ón gComhairle, lena n-áirítear na fíonta cáilíochta a tháirgtear sna réigiúin shonracha a dtugtar sainmhíniú orthu in Airteagal √ 54(1) ∏ agus (2) den Rialachán √ i dtrácht ∏ agus cé is moite d’fhíonta a tháirgtear trí alcól agus fíon boird retsina a chur leo, agus féadfaidh úrfhíon fíonchaor agus/nó úrfhíon fíonchaor páirtchoipthe a bheith iontu;

⎢ 1601/91 (oiriúnaithe)

? nua

(ii) ar cuireadh blastán léi le cúnamh:

- √ ó Õshubstaintí blaistithe aiceanta agus/nó ullmhóidí blaistithe aiceanta agus/nó ó shubstaintí nó ullmhóidí atá comhionann leo de réir mar atá sainmhínithe in Airteagal 1(2)(b)(i), (ii) √ agus ∏ (c) de Threoir 88/388/CEE. Féadfaidh an Coimisiún úsáid substaintí saorga mar atá sainmhínithe in Airteagal 1(2)(b)(iii) den Treoir √ i dtrácht ∏ a údarú Ö i Õ gcásanna áirithe agus √ faoi ∏ choinníollacha áirithe

agus/nó

- ó luibheanna aramatacha agus/nó spíosraí agus/nó earraí bia blaistithe;

(iii) a fhéadfaidh a bheith milsithe;

(iv) nár cuireadh aon alcól léi, ach amháin faoi réir na n-eisceachtaí dá dtagraítear sa sainmhíniú ar an táirge a thugtar sa Rialachán atá ann faoi láthair nó a chinn an Coimisiún;

(v) ar 7% toirte nó níos mó a neart alcóil iarbhír de réir toirte agus ar lú an céanna ná 14.5% toirte.

Maidir leis na fíonta a úsáidtear le linn deoch chumhraithe bunaithe ar fhíon a ullmhú, ní mór gur cionmhaireacht nach lú ná 50% díobh a bheidh sa táirge críochnaithe. Gan dochar d’Airteagal 5 √ den Rialachán seo ∏ , maidir leis an neart alcóil aiceanta íosta de réir toirte de na táirgí a úsáidtear, is éard a bheidh ann an neart dá bhforáiltear in √ Iarscríbhinn V, mír 2 de phointe (C) ∏ de Rialachán (CE) Uimh. √ 1493/1999 ∏;

(c) ciallóidh manglam táirgí fíonta cumhraithe:

deoch:

(i) a fhaightear ó fhíon agus/nó ó úrfhíon fíonchaor;

(ii) ar cuireadh blastán léi le cúnamh:

- √ ó ∏ shubstaintí blaistithe aiceanta agus/nó ullmhóidí blaistithe aiceanta agus/nó ó shubstaintí nó ullmhóidí atá comhionann leo de réir mar atá sainmhínithe in Airteagal 1(2)(b)(i), √ agus ∏ (ii) agus (c) de Threoir 88/388/CEE. Féadfaidh an Coimisiún úsáid substaintí saorga mar atá sainmhínithe in Airteagal 1(2)(b)(iii) den Treoir √ i dtrácht ∏ a údarú√ i ∏ gcásanna áirithe agus ? faoi ⎪ choinníollacha áirithe

agus/nó

- ó luibheanna aramatacha agus/nó spíosraí agus/nó earraí bia blaistithe;

(iii) féadfaidh sí a bheith milsithe agus féadfaidh sí a bheith daite;

(iv) nár cuireadh alcól ar bith léi;

(v) ar lú ná 7 % toirte a neart alcóil faighte de réir toirte;

Maidir leis an bhfíon agus/nó an t-úrfhíon fíonchaor a úsáidtear le linn manglam táirgí fíonta cumhraithe a ullmhú, ní mór gur cionmhaireacht nach lú ná 50% díobh a bheidh sa táirge críochnaithe. Gan dochar d’Airteagal 5 √ den Rialachán seo ∏, maidir leis an neart alcóil aiceanta íosta de réir toirte de na táirgí a úsáidtear, is éard a bheidh ann an neart dá bhforáiltear in √ Iarscríbhinn V, mír 2 de phointe (C) ∏ de Rialachán (CE) Uimh.√ 1493/1999 ∏.

Féadfaidh an Coimisiún na hainmníochtaí ar leith a chinneadh.

Ní dochar úsáid an téarma “greadóg” sa cháil seo d’úsáid an téarma chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainmhíniú.

∫ nua

Glacfar leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhleasc de phointe (iii) den chéad fhomhír de phointe (a), sa chéad fhleasc de phointe (ii) den chéad fhomhír de pointe (b), i bpointe (iv) den chéad fhomhír de phointe b), sa chéad fhleasc de phointe (ii) den chéad fhomhír de phointe (c), agus sa tríú fleasc de phointe c), d'fhonn na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(4) den Rialachán seo.

ê 1601/91

2. Sainmhíniú na gcatagóirí éagsúla fíona cumhraithe a bhféadfaí tuairisc orthu a chur in ionad "fíon cumhraithe”:

(a) Fíon bormónta (Vermouth):

fíon cumhraithe arna ullmhú as fíon dá dtagraítear i mír 1(a), agus a bhfaightear a bhlas sainiúil trí mheán substaintí díorthaithe iomchuí a úsáid, go háirithe ón speiceas Artemisia, a chaithfear a úsáid i gcónaí; ní fhéadtar an deoch a mhilsiú ach amháin trí úsáid a bhaint as siúcra caramalaithe, siúcrós, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon ceartaithe dlúth agus úrfhíon dlúth;

(b) Fíon cumhraithe searbh:

fíon cumhraithe le blas searbh sainiúil. Gan dochar d’Airteagal 8(3), leanfaidh ainm na príomhshubstainte searbh-bhlaisithe an tuairisc “fíon cumhraithe searbh”.

Féadfar na téarmaí seo a leanas, nó téarmaí coibhéiseacha i dteangacha oifigiúla eile de chuid na gComhphobal, a úsáid chun an tuairisc seo a fhorlíonadh nó chun ionad na tuairisce seo a ghabháil:

- “fíon Quinquina”, i gcás inar blastán cuinín aiceanta an príomh-bhlastán,

- “Bitter vino”, i gcás inar blastán ceadharlaigh aiceanta an príomh-bhlastán agus i gcás an deoch a bheith daite le hábhar dathúcháin údaraithe buí agus/nó dearg; ní dochar úsáid an téarma “bitter (searbh)” sa cháil seo d’úsáid an téarma chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainmhíniú,

- “Americano”, i gcás blastán a bheith ann toisc gurb ann do shubstaintí blaistithe aiceanta atá díorthaithe as mormónta agus ceadharlach agus i gcás an deoch a bheith daite le hábhar dathúcháin údaraithe buí agus/nó dearg;

(c) Fíon cumhraithe ubh-bhunach:

Fíon cumhraithe lenar cuireadh buíocán uibhe dea-cháilíochta nó crapthaí den chéanna agus ina bhfuil cion siúcra is mó ná 200 gram curtha in iúl i dtéarmaí siúcra inbhéartaithe agus cion íosta buíocán uibhe de 10 gram in aghaidh an lítir den táirge críochnaithe.

Féadfaidh an téarma “cremovo” a bheith ag gabháil leis an téarma "fíon cumhraithe ubh-bhunach” i gcás cionmhaireacht nach lú ná 80% d'fhíon Marsala a bheith san fhíon sin.

Féadfaidh an téarma “cremovo zabaione” a bheith ag gabháil leis an téarma "fíon cumhraithe ubh-bhunach” i gcás cionmhaireacht nach lú ná 80% d'fhíon Marsala agus cion buíocán uibheacha nach lú ná 60 gram in aghaidh an lítir a bheith san fhíon sin;

⎢ Ionstraim Aontachais 1994, Airt. 29 agus Iarscríbhinn I, lch. 127 (oiriúnaithe)

(d) Väkevä viiniglögi/Starkvinsglögg:

fíon cumhraithe arna ullmhú as fíon dá dtagraítear i mír 1(a), agus a bhfaightear a bhlas sainiúil trí úsáid a bhaint as clóibh √ agus/nó cainéal ∏ a chaithfear a úsáid i gcónaí i dteannta spíosraí eile; féadfar an deoch seo a mhilsiú de réir Airteagal 3(a).

⎢ 1601/91 (oiriúnaithe)

3. Sainmhínithe ar na catagóirí éagsúla deochanna cumhraithe bunaithe ar fhíon a bhféadfaí tuairisc orthu a chur in ionad na tuairisce ar "deoch chumhraithe bunaithe ar fhíon” sa Bhallstát táirgthe, √ nó a bhféadfaí ∏ úsáid a bhaint aisti chun cur le “deoch chumhraithe bunaithe ar fhíon” sna Ballstáit eile:

⎢ 3279/92 Airt. 1, pointe 1

(a) Sangria:

deoch a fhaightear as fíon:

(i) a chumhraítear trí úisc nó úscraí de thorthaí citris a chur léi;

(ii) le sú na dtorthaí sin nó dá éagmais;

(iii) féadfaidh:

- go mbeidh spíosraí breise inti,

- go mbeidh sí milsithe,

- go gcuirfear CO2 léi;

agus

(iv) ar lú ná 12% toirte a neart alcóil faighte de réir toirte;

⎢ 1601/91 (oiriúnaithe)

Féadfaidh cáithníní soladacha de laíon nó de scamhadh torthaí citris a bheith sa deoch agus caithfidh gur ó na hamhábhair a úsáidtear go heisiach a thiocfaidh a dath.

Ní mór go mbeidh na focail “arna tháirgeadh i/in/sa/san …” arna leanúint le hainm an Bhallstáit táirgthe nó le hainm réigiúin níos teoranta ag gabháil leis an tuairisc “Sangria”, ach amháin i gcás ina dtáirgtear an táirge sa Spáinn nó sa Phortaingéil.

Féadfaidh an tuairisc “Sangria” ionad na tuairisce “deoch chumhraithe bunaithe ar fhíon” a ghabháil sa chás amháin gur sa Spáinn nó sa Phortaingéil a tháirgtear an deoch.

(b) Clarea:

deoch a fhaightear as fíon bán faoi na coinníollacha céanna atá in (a).

Ní mór go mbeidh na focail “arna tháirgeadh i/in/sa/san …” arna leanúint le hainm an Bhallstáit táirgthe nó le hainm réigiúin níos teoranta ag gabháil leis an tuairisc “Clarea” ach amháin i gcás ina dtáirgtear an táirge sa Spáinn.

Féadfaidh an tuairisc “Clarea” ionad na tuairisce “deoch chumhraithe bunaithe ar fhíon” a ghabháil, sa chás amháin gur sa Spáinn a tháirgtear an deoch;

(c) Zurra:

deoch a fhaightear trí bhranda nó biotáille fhíona mar atá sainmhínithe i Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 √ ón gComhairle ∏[17] a chur leis na deochanna atá sainmhínithe in (a) agus (b), agus féadfar píosaí torthaí a chur leo. Ní mór gur 9% toirte ar a laghad agus 14% toirte ar a mhéad a bheidh sa neart alcóil iarbhír de réir toirte;

(d) Sóid shearbh:

deoch chumhraithe a fhaightear as vino searbh, nach lú ná 50% toirte de a bheidh sa táirge críochnaithe, a gcuirtear CO2 nó uisce carbónáitithe léi agus féadfaidh na datháin chéanna is atá i vino searbh a bheith inti. Caithfidh gur 8% toirte ar a laghad agus 10.5% toirte ar a mhéad a bheidh sa neart iarbhír alcóil de réir toirte. Ní dochar úsáid an fhocail “searbh” i dtaca leis seo dá úsáid chun táirgí a shainmhíniú nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

⎢ 3279/92 Airt. 1, pointe 2

(e) Kalte Ente:

deoch chumhraithe bunaithe ar fhíon a fhaightear trí fhíon, fíon leathshúilíneach nó fíon leathshúilíneach lenar cuireadh CO2 a mheascadh le fíon súilíneach nó le fíon súilíneach lenar cuireadh CO2, agus trí shubstaintí líomóide nádúrtha nó úisc den chéanna a chur leis. Caithfidh 25% toirte ar a laghad den fhíon súilíneach nó den fhíon súilíneach lenar cuireadh CO2 a bheith sa táirge críochnaithe;

⎢ 1601/91

è1 2061/96 Airt. 1, pointe 4 (ii)

(f) Glühwein:

è1 deoch chumhraithe a fhaightear go heisiach ó fhíon dearg nó fíon bán, blaistithe go príomha le cainéal agus/nó clóibh; gan dochar do na cainníochtaí uisce a thig as dul in árach ar Airteagal 3(a), tá toirmeasc ar uisce a chur léi. ç Sa chás go ndéantar an Glühwein a ullmhú ó fhíon bán, ba chóir go mbeidh an tuairisc díolacháin forlíonta leis na focail " ó fhíon bán";

⎢Ionstraim Aontachais 1994, Airt. 29 agus Iarscríbhinn I, lch. 127

è1 2061/96 Airt. 1, pointe 4 (iii)

(g) Viiniglögi/Vinglögg:

è1 Deoch cumhraithe a fhaightear go heisiach ó fhíon dearg nó ó fhíon bán, blaistithe go príomha le cainéal agus/nó clóibh ç. Sa chás go ndéantar é a tháirgeadh ó fhíon bán, ba chóir an tuairisc díolacháin a fhorlíonadh leis na téarmaí "fíon bán";

⎢ 1601/91

(h) Maiwein:

deoch chumhraithe a fhaightear as fíon lenar cuireadh plandaí asperula odorata nó úisc den chéanna chun a áirithiú gur blas asperula odorata go príomha a bheidh uirthi;

(i) Maitrank:

deoch chumhraithe a fhaightear as fíon bán tirim inar maothaíodh plandaí asperula odorata nó lenar cuireadh úisc d’ asperula odorata , agus féadtar oráistí agus/nó torthaí eile a chur léi, b’fhéidir i bhfoirm sú, dlúth nó úisc, agus le huasmhilsiú siúcra de 5%.

⎢Ionstraim Aontachais 2005, Airt. 16 agus Iarscríbhinn. III, pointe 2.2, lch.234.

j) Pelin:

deoch cumhraithe bunaithe ar fhíon a dhéantar as fíon bán nó as fíon dearg, úrfhíon fíonchaor dlúth, sú caoire finiúna (nó biatais siúcra) agus de thintiúr ar leith de mhínluibheanna, ar 8.5% ar a laghad a bheidh sa neart alcóil de réir toirte, ag a bhfuil cion siúcra atá idir 45 agus 50 gram an lítear i dtéarmaí siúcra inbhéartaithe agus aigéadacht iomlán arna cur in iúl mar 3g an lítear ar a laghad d’aigéad tartarach.

⎢ 1601/91 (oiriúnaithe)

? nua

Glacfaidh an Coimisiún le sainmhínithe eile.

? Glacfar na bearta seo d'fhonn na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(4). ⎪

4. Sainmhíniú na gcatagóirí de mhanglaim táirgí fíonta cumhraithe a bhféadfaí tuairisc orthu a chur in ionad na tuairisce ar: “manglam táirgí fíonta cumhraithe” sa Bhallstát táirgthe √ nó a bhféadfaí ∏ a úsáid chun “manglam táirgí fíonta cumhraithe” a fhorlíonadh sna Ballstáit eile:

(a) Manglam bunaithe ar fhíon:

deoch chumhraithe:

(i) nach mó ná 10% de thoirt iomlán an táirge críochnaithe an chionmhaireacht d’úrfhíon fíonchaor dlúth inti;

(ii) gur lú ná 80 gram an lítear an cion siúcra, arna lua mar shiúcra inbhéartaithe;

(b) Manglam cumhraithe leathshúilíneach bunaithe ar fhíonchaora:

deoch:

(i) arna hullmhú go heisiach as úrfhíon fíonchaor;

(ii) ar lú ná 4% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte;

(iii) ina mbeidh dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go heisiach as coipeadh na dtáirgí a úsáidtear.

Ghlacfaidh an Coimisiún le sainmhínithe eile.

? Glacfar na bearta seo d'fhonn na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(4). ⎪

5. Féadfaidh na sonraí seo a leanas a bheith sna tuairiscí dá dtagraítear i míreanna 1(a) agus (b), 2 agus 3, ina ndéanfar an cion siúcra atá léirithe i ngach fomhír faoi seach a lua mar shiúcra inbhéartaithe:

(a) “ríthirim”: i gcás táirgí ag a bhfuil cion siúcra níos lú ná 30 gram an lítear;

(b) “tirim”: i gcás táirgí ag a bhfuil cion siúcra níos lú ná 50 gram an lítear;

(c) demi-sec : i gcás táirgí ag a bhfuil cion siúcra atá idir 50 agus 90 gram an lítear;

(d) “leathmhilis”: i gcás táirgí ag a bhfuil cion siúcra atá idir 90 agus 130 gram an lítear;

(e) “milis”: i gcás táirgí ag a bhfuil cion siúcra atá níos mó ná 130 gram an lítear;

Féadfar sonraí maidir leis an gcion siúcra arna lua mar ghraim de shiúcra inbhéartaithe in aghaidh an lítir a chur in ionad na dtéarmaí “leathmhilis” agus “milis".

6. I gcás ina bhfolaíonn tuairisc dhíolacháin deochanna cumhraithe bunaithe ar fhíon an téarma “súilíneach”, ní mór nach lú ná 95% an chainníocht d’fhíon súilíneach a úsáidfear.

7. Déanfar rialacha mionsonraithe chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta √ dá dtagraítear ∏ in Airteagal √ 13(3) ∏.

Airteagal 3

Foshainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) ciallóidh “milsiú”:

ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas nó √ aon substaintí carbaihiodráite aiceanta eile a mbeadh éifeacht dá shamhail acu ∏ a úsáid le linn deochanna cumhraithe a ullmhú:

- siúcra leathbhán,

- siúcra bán,

- siúcra bán, mínghlanta,

- deastrós,

- fruchtós,

- síoróip ghlúcóis,

- siúcra leachtach,

- siúcra leachtach inbhéartaithe,

- síoróip shiúcra inbhéartaithe,

- úrfhíon fíonchaor dlúth ceartaithe,

- úrfhíon fíonchaor dlúth,

- úrfhíon fíonchaor úr,

- siúcra dóite √ a chiallaíonn an táirge a fhaightear go heisiach as siúcrós a théamh faoi rialú gan bhunanna, aigéid mhianracha nó breiseáin cheimiceacha eile, ∏

- mil,

- síoróip charúib;

(b) ciallóidh “blaistiú”:

ceann amháin nó níos mó de na blastáin atá sainmhínithe in Airteagal 1(2)(a) de Threoir 88/388/CEE agus/nó luibheanna aramatacha agus/nó spíosraí agus/nó earraí bia blaistithe a úsáid le linn deochanna cumhraithe a ullmhú, √ ar breisiú a bheadh iontu a thabharfadh saintréithe orgánaileipteacha don táirge críochnaithe nach saintréithe orgánaileipteacha fíona iad ∏;

(c) ciallóidh “dathú”:

dathán amháin nó níos mó a úsáid le linn fíonta cumhraithe nó manglaim táirgí fíonta cumhraithe a ullmhú;

(d) ciallóidh “alcól a chur isteach”:

úsáid a bhaint as ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas √ a chomhlíonann na saintréithe atá leagtha síos sna forálacha Comhphobail ∏ le linn fíonta cumhraithe a ullmhú agus, más cuí, deochanna cumhraithe bunaithe ar fhíon:

- alcól eitileach de thionscnamh fíonsaothraithe √ atá i gcomhréir leis na saintréithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn I ∏,

- alcól fíona nó alcól fíonchaor triomaithe,

- alcól eitileach de thionscnamh fíonsaothraithe √ atá i gcomhréir leis na saintréithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn I ∏,

- driogáit fhíona nó driogáit fhíonchaor triomaithe,

- driogáit de thionscnamh talmhaíochta,

- biotáille fhíona nó biotáille de mharc fíonchaor,

- biotáille fíonchaor tirim;

(e) ciallóidh “neart alcóil iarbhír de réir toirte”:

an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht chéanna;

(f) ciallóidh “neart alcóil féideartha de réir toirte”:

an líon toirteanna d'alcól íon ag teocht 20°C a dhéanfadh coipeadh iomlán an tsiúcra i 100 toirt den táirge ag an teocht céanna a tháirgeadh;

(g) ciallóidh “neart alcóil iomlán de réir toirte”:

suim nirt iarbhír agus fhéideartha alcóil de réir toirte;

(h) ciallóidh “neart alcóil aiceanta de réir toirte”:

neart alcóil iomlán de réir toirte an táirge roimh shaibhriú ar bith.

Airteagal 4

1. Maidir leis na deochanna √ cumhraithe ∏ dá dtagraítear sa Rialachán seo, déanfar liosta na mbreiseán bia ceadaithe, na dtreoracha dá n-úsáid agus na dtáirgí lena mbaineann a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTreoir 89/107/CEE √ ón gComhairle ∏[18].

2. Maidir le deochanna √ cumhraithe ∏ a ullmhú, ceadaítear uisce a chur leo, agus féadfaidh an t-uisce a bheith driogtha nó dímhianraithe ar choinníoll go gcomhlíonann cáilíocht an uisce na forálacha náisiúnta a glacadh de bhun Threoracha [80/777/CEE] agus √ 98/83/CE ∏ agus nach n-athraíonn an t-uisce cineál na dí.

3. Maidir leis an alcól eitileach a úsáidtear chun datháin, blastáin nó aon bhreiseáin údaraithe eile a chaolú nó a thuaslagadh, a úsáidtear le linn na deochanna cumhraithe a ullmhú, ní foláir gur de bhunadh talmhaíochta iad agus go n-úsáidfear iad de réir na dáileoige is fíorghá chun datháin, blastáin nó aon bhreiseán údaraithe eile a chaolú nó a thuaslagadh.

4. Déanfar rialacha mionsonraithe, lena n-áirítear na modhanna a bheidh le húsáid chun anailís a dhéanamh ar na táirgí a fholaítear leis an Rialachán seo, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta √ dá dtagraítear ∏ in Airteagal 13√ (2) ∏.

⎢ 2061/96 Airt. 1, pointe 6 (oiriúnaithe)

? nua

Airteagal 5

1. Beidh feidhm ag na próisis agus na cleachtais fhíoneolaíochta atá leagtha síos i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. √ 1493/1999 ∏ maidir leis na fíonta agus na húrfhíonta is cuid de chomhdhéanamh na √ ndeochanna cumhraithe ∏.

2. Is é ? an Coimisiún ⎪ a chinnfidh na próisis le haghaidh na dtáirgí a ullmhaítear chun ceann de na táirgí críochnaithe dá dtagraítear sa Rialachán seo a fháil.

? Glacfar na bearta seo d'fhonn na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(4). ⎪

⎢ 1601/91 (oiriúnaithe)

Airteagal 6

1. Beidh úsáid na dtuairiscí dá dtagraítear in Airteagal 2 agus san Airteagal seo teoranta do na deochanna atá sainmhínithe sna hAirteagail sin, agus na ceanglais atá leagtha síos in Airteagail 2 agus 4 á gcur i gcuntas. Caithfear na tuairiscí i dtrácht a úsáid chun na deochanna sin a thuairisciú sa Chomhphobal.

Ní fhéadfaidh na tuairiscí a shanntar do na deochanna atá sainmhínithe in Airteagal 2 a bheith ar dheochanna nach gcomhlíonann na ceanglais sin.

2. Féadfaidh na sannacháin gheografacha atá liostaithe in Iarscríbhinn II ionad na dtuairiscí dá dtagraítear i mír 1 a ghabháil nó iad a fhorlíonadh, agus tuairiscí comhshuite a dhéanamh.

Déanfar na sannacháin gheografacha seo a fhorchoimeád do dheochanna ar sa limistéar geografach atá luaite a tharla céim an táirgthe ar lena linn a fuair siad a gcarachtar agus a gcáilíochtaí cinntitheacha, ar choinníoll nach gcuirtear an tomhaltóir ar míthreoir maidir leis an amhábhar a úsáideadh.

3. Ní fhéadfar na tuairiscí díolacháin dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh le sannacháin gheografacha a cheadaítear do tháirgí fíona.

4. Féadfaidh Ballstáit rialacha sonracha náisiúnta a chur chun feidhme maidir le táirgeadh, gluaiseacht laistigh de Bhallstát, tuairisciú agus cur i láthair na ndeochanna dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus a mhonaraítear ina gcríocha, a mhéid is go bhfuil na rialacha sin ag luí le dlí an Chomhphobail.

Airteagal 7

1. Maidir le tuairisc dhíolacháin deochanna cumhraithe ina bhfuil táirgí fíonta agus blastáin agus ar 1.2% toirte a neart alcóil íosta de réir toirte, ar deochanna iad nach gcomhlíonann an Rialachán seo, ní bheidh aon tagairt inti do tháirgí na hearnála fíona.

2. Ní fhéadfar deochanna cumhraithe nach gcomhlíonann forálacha an Rialacháin seo a mhargú lena gcaitheamh ag daoine trí fhocail nó frásaí amhail “cosúil le”, “cineál”, “stíl”, “déanamh”, “blastán” nó aon tásca eile dá samhail a cheangal le ceann ar bith de na tuairiscí a luaitear sa Rialachán seo.

3. Faoin √ 17 Nollaig 1991 ∏ ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún togra iomchuí a chur faoi bhráid na Comhairle maidir le deochanna cumhraithe ina bhfuil táirgí ó earnáil an fhíona, a fhaightear trí alcól a chur isteach agus nach bhfolaítear leis an Rialachán seo.

Beidh úsáid na bhfocal a úsáidtear chun deochanna dá ngairtear “fíon oighreata” údaraithe do na deochanna sin go dtí go mbeidh cinneadh glactha ag an gComhairle maidir leis an togra réamhluaite.

Airteagal 8

1. I dteannta rialacha náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le Treoir √ 2000/13/CE ∏ a chomhlíonadh, déanfaidh lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht na ndeochanna √ cumhraithe ∏ dá dtagraítear in Airteagal 2 an tAirteagal seo a chomhlíonadh.

2. Maidir le tuairisc dhíolacháin √ na ndeochanna cumhraithe dá dtagraítear ∏ inAirteagal 2, beidh sí ar cheann de na tuairiscí a úsáidfear go heisiach do na táirgí sin faoi Airteagal 6.

3. Féadfar na tuairiscí dá dtagraítear in Airteagal 2 a fhorlíonadh trí thagairt a dhéanamh don phríomh-bhlastán a úsáidtear iontu.

4. I gcás ina bhfaighfear an t-alcól a úsáidfear le linn na deochanna √ cumhraithe ∏ a fholaítear leis an Rialachán seo a mhonarú as amhábhar aonair amháin (mar shampla, alcól fíona, alcól moláis nó alcól arbhair amháin), féadfar cineál an alcóil a lua ar an lipéad freisin.

Más ó roinnt amhábhar éagsúil an t-alcól, ní bheidh aon lua speisialta a bhaineann le cineál an alcóil ar an lipéad.

Maidir le halcól eitile a úsáidfear chun datháin, blastáin nó aon bhreiseáin údaraithe eile a chaolú nó a thuaslagadh, ní mheasfar gur comhábhar é.

⎢ 3279/92 Airt. 1, pointe 3 (oiriúnaithe)

5. Ní fhéadfar √ deochanna cumhraithe ∏ √ buidéalaithe ∏ a fholaítear leis an Rialachán seo a √ choinneáil ∏ d’fhonn iad a dhíol nó √ a chur ∏ ar an margadh i gcoimeádáin atá feistithe le feistí dúnta atá faoi chlúdach ag capsúil nó scragall bunaithe ar luaidhe. Údarófar diúscairt √ deochanna cumhraithe ∏ , áfach, i mbuidéil a ndearnadh capsúil nó scragall den sórt sin √ a fheistiú ∏ orthu roimh an √ 1 Eanáir 1993 ∏, go dtí go mbeidh stoic ídithe.

⎢ 1601/91 (oiriúnaithe)

6. Ní fhéadfar na sannacháin gheografacha atá liostaithe in Iarscríbhinn II a aistriú.

7. Déanfar na sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a thabhairt i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Chomhphobail ionas go mbeidh an tomhaltóir deiridh in ann gach mír a thuiscint go héasca, mura rud é go dtugtar an fhaisnéis seo do cheannaitheoirí ar mhodhanna eile.

8. I gcás deochanna de thionscnamh tríú tíortha, údaraítear úsáid teanga oifigiúil an tríú tír ina ndearnadh an táirge más rud é go ndéanfar na sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán a thabhairt i dteanga oifigiúil de chuid an Chomhphobail freisin ar shlí ionas go mbeidh an tomhaltóir deiridh in ann gach mír a thuiscint go héasca.

9. Gan dochar d’Airteagal 12, i gcás deochanna de thionscnamh an Chomhphobail a bheartaítear a onnmhairiú, féadfar na sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a lua athuair i dteanga eile; níl feidhm ag an méid seo maidir leis na sannacháin dá dtagraítear i mír 6.

10. I gcás na ndeochanna dá dtagraítear in Airteagal 2, féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a chinneadh:

(a) na forálacha speisialta lena rialaítear úsáid na dtéarmaí a thagraíonn d'airí áirithe den táirge, amhail a stair nó an modh ina n-ullmhaítear é;

(b) na rialacha lena rialaítear lipéadú √ deochanna cumhraithe ∏ i gcoimeádáin nach mbeartaítear don tomhaltóir deiridh.

∫ nua

Glacfar na bearta seo d'fhonn na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(4).

⎢ 1601/91 (oiriúnaithe)

Airteagal 9

1. Ba chóir go nglacfadh Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha Comhphobail a bhaineann le deochanna cumhraithe. Déanfaidh siad gníomhaireacht amháin nó níos mó a cheapadh chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhforálacha seo.

I gcás na ndeochanna atá liostaithe in Iarscríbhinn II, féadfar a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta √ dá dtagraítear ∏ in Airteagal 13 √ (2) ∏ go ndéanfar an faireachán agus an chosaint sin a chur i gcrích chun críocha na gluaiseachta laistigh den Chomhphobal, trí mheán doiciméad tráchtála arna bhfíorú ag an riarachán agus trí chláir iomchuí a choinneáil.

2. Maidir leis na deochanna atá liostaithe in Iarscríbhinn II a dhéantar a onnmhairiú, féadfar córas fíoraithe doiciméad a chur ar bun chun cleachtais chalaoiseacha agus góchumadh a dhíchur i gcomhréir leis an nós imeachta √ dá dtagraítear ∏ in Airteagal 13 √ (2) ∏.

Mura ndéantar an córas dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thabhairt isteach, déanfaidh na Ballstáit a gcóras fíoraithe féin a chur chun feidhme, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na córais seo rialacha Comhphobail.

3. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na bearta is gá a ghlacadh chun go ndéanfar forálacha an Chomhphobail a chur i bhfeidhm go comhionann in earnáil na ndeochanna cumhraithe, go háirithe i dtaca le rialuithe agus caidreamh idir comhlachtaí inniúla na mBallstát.

4. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a chur in iúl dá chéile. Déanfar rialacha mionsonraithe maidir le páirtiú agus leathadh na faisnéise sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta √ dá dtagraítear ∏ in Airteagal 13 √ (2) ∏.

Airteagal 10

D’fhonn deochanna allmhairithe a mhargú lena gcaitheamh ag an duine laistigh den Chomhphobal, ar deochanna iad atá sainmhínithe ag an Rialachán seo agus a bhfuil sannachán geografach orthu, féadfaidh, faoi réir comhaontuithe cómhalartacha, go mbeidh siad incháilithe le haghaidh an fhaireacháin agus na cosanta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 9(1).

Déanfar an chéad fhomhír a chur chun feidhme trí mheán comhaontuithe a dhéanfar a chaibidil agus a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha lena mbaineann faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal √ 133 ∏ den Chonradh.

Déanfar na rialacha cur chun feidhme agus liosta na dtáirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta √ dá dtagraítear ∏ in Airteagal 13√ (3) ∏.

⎢ 3378/94 Airt. 1(2) (oiriúnaithe)

Airteagal 11

1. Déanfaidh Ballstáit na bearta go léir is gá a ghlacadh chun a cheadú dóibh siúd lena mbaineann, faoi na coinníollacha √ atá leagtha síos ∏ in Airteagail 23 agus 24 den Agreement on Trade-Related[19] Aspects of Intellectual Property Rights (Comhaontú ar Ghnéithe Trádáil-Choibhneasa de Chearta Maoine Intleachtúla), cosc a chur laistigh den Chomhphobal ar úsáid sannacháin gheografaigh lena sainaithnítear táirgí atá folaithe leis an Rialachán seo le haghaidh táirgí nach de thionscnamh na háite dá dtagraítear leis an sannachán geografach i dtrácht, lena n-áirítear i gcásanna ina luaitear tionscnamh iarbhír an táirge nó ina dtugtar aistriúchán ar na sannacháin gheografacha nó ina ngabhann nathanna amhail "cosúil le", "cineál", "stíl", "samhail" nó eile leo.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh "sannachán geografach” aon lua lena sainaithnítear táirge mar tháirge de thionscnamh críche tríú tíre is comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála, nó de thionscnamh réigiúin nó ceantair den chríoch sin, i gcás inar féidir tréith, clú nó saintréith sonrach eile de chuid an táirge sin a chur i leith an tionscnaimh gheografaigh sin.

2. Beidh feidhm ag mír 1 d’ainneoin Airteagal 10 agus fhorálacha eile de reachtaíocht an Chomhphobail ina leagtar síos rialacha maidir le tuairisciú agus cur i láthair táirgí a fholaítear leis an Rialachán seo.

3. Déanfar rialacha mionsonraithe chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme a ghlacadh, más gá, i gcomhréir leis na nósanna imeachta √ dá dtagraítear ∏ in Airteagal √ 13(3) ∏.

⎢ 1601/91 (oiriúnaithe)

? nua

Airteagal 12

Ach amháin i gcás eisceachtaí a chinnfidh an Coimisiún, ní mór go ndéanfaidh deochanna cumhraithe √ a bheartaítear ∏ lena n-onnmhairiú forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

? Toisc gur eisceachtaí na bearta seo d'fhonn na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(4). ⎪

⎢ 1882/2003 Airt. 2 agus Iarscríbhinn II, pointe 6 (oiriúnaithe)

Airteagal 13

1. √ Beidh coiste cur chun feidhme de chúnamh ag an gCoimisiún ∏ le haghaidh na ndeochanna dá dtagraítear sa Rialachán seo (dá ngairtear "an Coiste" anseo ina dhiaidh seo).

2. Déanfaidh an Coiste a rialacha nós imeachta a ghlacadh.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don √ mhír ∏ seo, beidh feidhm ag Airteagail 4 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Mí amháin a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

⎢ 1882/2003 Airt. 3 agus Iarscríbhinn III, pointe 23 (oiriúnaithe)

3. I gcás ina ndéantar tagairt don √ mhír ∏ seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

∫ nua

4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a (1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

⎢ 1601/91 (oiriúnaithe)

√ 5. ∏ Féadfaidh an Coiste aon cheist eile a tharchuirfidh a chathaoirleach chuige, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó ionadaí Ballstáit a bhreithniú.

√ Airteagal 14 ∏

√ Féadfar deochanna cumhraithe arna dtáirgeadh agus arna lipéadú roimh an 17 Nollaig 1991 a dhiúscairt go dtí go n-ídeofar stoic. ∏

Airteagal 15

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaolmhaireachta in Iarscríbhinn IV.

⎢ 1601/91 (oiriúnaithe)

Airteagal 16

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an √ bhfichiú ∏ lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an √ Aontais ∏ Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, [...]

Do Pharlaimint na hEorpa Don Chomhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[…] […]

⎢ 1601/91

IARSCRÍBHINN I

Saintréithe alcóil eitiligh dá dtagraítear in Airteagal 3(d)

1. 1. Saintréithe orgánaileipteacha: | Gan blas inbhraite ar bith seachas blas an amhábhair |

2. 2. Neart alcóil íosta de réir toirte: | 96.0% toirte |

3. Uasleibhéal iarmhar |

Aigéadacht iomlán arna cur in iúl mar g d’aigéad aiceatach in aghaidh an hl d’alcól ag 100% toirte: | 1,5 |

Eistir arna gcur in iúl mar g d’aicéatáit eitileach in aghaidh an hl d’alcól ag 100% toirte: | 1,3 |

Aildéid arna gcur in iúl mar g d’aicéataildéad in aghaidh an hl d’alcól ag 100% toirte: | 0,5 |

Ardalcóil arna gcur in iúl mar g de mheitil-2 própánól-1 in aghaidh an hl d’alcól ag 100% toirte: | 0,5 |

Meatánól arna chur in iúl mar g in aghaidh an hl d’alcól ag 100% toirte: | 50 |

Úsc tirim arna chur in iúl mar g in aghaidh an hl d’alcól ag 100% toirte: | 1,5 |

Bunanna luaineacha ina bhfuil nítrigin arna chur in iúl mar g de nítrigin in aghaidh an hl d’alcól ag 100% toirte: | 0,1 |

Furfúral: | Neamh-inbhraite |

_____________

IARSCRÍBHINN II

Deochanna cumhraithe bunaithe ar tháirgí fíona

Sannacháin gheografacha

dá dtagraítear in Airteagal 6(2)

Nürnberger Glühwein

⎢ 2061/96 Airt.1, pointe 7

Thüringer Glühwein

⎢ 1601/91

Vermouth de Chambéry

Vermouth di Torino

_____________

IARSCRÍBHINN III

An Rialachán aisghairthe agus na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 149, 14.6.1991, lch. 1) |

Rialachán (CEE) Uimh. 3279/91 ón gComhairle (IO L 327, 13.11.1992, lch. 1) |

Iarscríbhinn I, pointe V.B.VII.8 d'ionstraim aontachais 1994 (IO L 241, 29.8.1994, lch. 125) |

Rialachán (CE) Uimh. 3378/94 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 366, 31.12.1994, lch. 1) | Airteagal 1(2) amháin |

Rialachán (CE) Uimh. 2061/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 277, 30.10.1996, lch. 1) |

Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1) | Iarscríbhinn II pointe 6 agus Iarscríbhinn III pointe 23 go haonarach. |

Iarscríbhinn III, pointe 2.2. d'ionstraim aontachais 2005 (IO L 157, 21.6.2005, lch. 234) |

_____________

IARSCRÍBHINN IV

TÁBLA COMHGHAOLMHAIREACHTA

Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 | An Rialachán seo |

Airteagal 1 Airteagal 2(1) friotal tosaigh Airteagal 2(1)(a) friotal tosaigh Airteagal 2(1)(a) an chéad fhleasc Airteagal 2(1)(a) an dara fleasc Airteagal 2(1)(a) an tríú fleasc Airteagal 2(1)(a) an ceathrú fleasc Airteagal 2(1)(a) an cúigiú fleasc Airteagal 2(1)(a) abairtí deireanacha Airteagal 2(1)(b) friotal tosaigh Airteagal 2(1)(b) an chéad fhleasc Airteagal 2(1)(b) an dara fleasc Airteagal 2(1)(b) an tríú fleasc Airteagal 2(1)(b) an ceathrú fleasc Airteagal 2(1)(b) an cúigiú fleasc Airteagal 2(1)(b) abairt dheireanach Airteagal 2(1)(c) friotal tosaigh Airteagal 2(1)(c) an chéad fhleasc Airteagal 2(1)(c) an dara fleasc Airteagal 2(1)(c) an tríú fleasc Airteagal 2(1)(c) an ceathrú fleasc Airteagal 2(1)(c) an cúigiú fleasc Airteagal 2(1)(c) abairtí deireanacha Airteagal 2(2) Airteagal 2(3) friotal tosaigh Airteagal 2(3)(a) friotal tosaigh Airteagal 2(3)(a) an chéad fhleasc Airteagal 2(3)(a) an dara fleasc Airteagal 2(3)(a) an tríú fleasc Airteagal 2(3)(a) an ceathrú fleasc Airteagal 2(3)(a) abairtí deireanacha Airteagal 2(3), (b), (c), (d), (e) agus (f) Airteagal 2(3)(f)a Airteagal 2(3)(g) Airteagal 2(3)(h) Airteagal 2(3)(i) Airteagal 2(3)(j) Airteagal 2(4) friotal tosaigh Airteagal 2(4)(a) friotal tosaigh Airteagal 2(4)(a) an chéad fhleasc Airteagal 2(4)(a) an dara fleasc Airteagal 2(4)(b) friotal tosaigh Airteagal 2(4)(b) an chéad fhleasc Airteagal 2(4)(b) an dara fleasc Airteagal 2(4)(b) an tríú fleasc Airteagal 2(4)(c) Airteagal 2(5)(6) agus (7) Airteagail 3, 4 agus 5 Airteagal 6(1) Airteagal 6(2)(a) Airteagal 6(2)(b) Airteagal 6(3) agus (4) Airteagal 7 Airteagal 8(1), (2), (3) agus (4) Airteagal 8(4a) Airteagal 8(5) Airteagal 8(6) Airteagal 8(7) Airteagal 8(8) Airteagal 8(9) Airteagal 9 Airteagal 10 Airteagal 10 a Airteagal 11 Airteagal 12(1) Airteagal 12(2) Airteagal 13 Airteagal 14 - Airteagal 15 Airteagal 16 - Airteagal 17, an chéad fhomhír Airteagal 17, dara fomhír, an chéad abairt Airteagal 17, dara fomhír, an dara habairt Iarscríbhinn I Iarscríbhinn II - - | Airteagal 1 Airteagal 2(1) friotal tosaigh Airteagal 2(1)(a) friotal tosaigh Airteagal 2(1)(a)(i) Airteagal 2(1)(a)(ii) Airteagal 2(1)(a)(iii) Airteagal 2(1)(a)(iv) Airteagal 2(1)(a)(v) Airteagal 2(1)(b) abairtí deireanacha Airteagal 2(1)(b) friotal tosaigh Airteagal 2(1)(b)(i) Airteagal 2(1)(b)(ii) Airteagal 2(1)(b)(iii) Airteagal 2(1)(b)(iv) Airteagal 2(1)(b)(v) Airteagal 2(1)(b) abairtí deireanacha Airteagal 2(1)(c)(i) Airteagal 2(1)(c)(i) Airteagal 2(1)(c)(ii) Airteagal 2(1)(c)(iii) Airteagal 2(1)(c)(iv) Airteagal 2(1)(c)(v) Airteagal 2(1)(c) abairtí deireanacha Airteagal 2(2) Airteagal 2(3)an chéad fhomhír, friotal tosaigh Airteagal 2(3)pointe (a) den chéad fhomhír, friotal tosaigh Airteagal 2(3)pointe (a)(i) den chéad fhomhír Airteagal 2(3)pointe (a)(ii) den chéad fhomhír Airteagal 2(3)pointe (a)(iii) den chéad fhomhír Airteagal 2(3)pointe (a)(v) den chéad fhomhír Airteagal 2(3)pointe (a) den chéad fhomhír, abairtí deireanacha Airteagal 2(3) pointí (b), (c), (d), (e) agus (f) den chéad fhomhír Airteagal 2(3)pointe (g) den chéad fhomhír Airteagal 2(3)pointe (h) den chéad fhomhír Airteagal 2(3)pointe (i) den chéad fhomhír Airteagal 2(3)pointe (j) den chéad fhomhír Airteagal 2(3) an dara agus an tríú fomhír Airteagal 2(4)an chéad fhomhír, friotal tosaigh Airteagal 2(4)pointe (a) den chéad fhomhír, friotal tosaigh Airteagal 2(4)pointe (a)(i) den chéad fhomhír Airteagal 2(4)pointe (a)(ii) den chéad fhomhír Airteagal 2(4)pointe (b) den chéad fhomhír, friotal tosaigh Airteagal 2(4)pointe (b)(i) den chéad fhomhír Airteagal 2(4)pointe (b)(ii) den chéad fhomhír Airteagal 2(4)pointe (b)(iii) den chéad fhomhír Airteagal 2(4) an dara agus an tríú fomhír Airteagal 2(5)(6) agus (7) Airteagail 3, 4 agus 5 Airteagal 6(1) Airteagal 6(2), an chéad fhomhír Airteagal 6(2), an dara fomhír Airteagal 6(3) agus (4) Airteagal 7 Airteagal 8(1), (2), (3) agus (4) Airteagal 8(5) Airteagal 8(6) Airteagal 8(7) Airteagal 8(8) Airteagal 8(9) Airteagal 8(10) Airteagal 9 Airteagal 10 Airteagal 11 Airteagal 12 Airteagal 13(1) - Airteagal 13(2) Airteagal 13(3) Airteagal 13(4) Airteagal 13(5) - Airteagal 15 Airteagal 16 - Airteagal 14 Iarscríbhinn I Iarscríbhinn II Iarscríbhinn III Iarscríbhinn IV |

_____________

[1] COM(87) 868 PV.

[2] Arna chur i gcrích i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Códú an Acquis Communautaire, COIM(2001) 645 críochnaitheach.

[3] Féach ar Iarscríbhinn III a ghabhann leis an togra seo.

[4] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú ag Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

[5] IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.

[6] IO C […], […], lch. [...].

[7] IO C […], […], lch. [...].

[8] IO C […], […], lch. [...].

[9] IO L 149 , 14.6.1991, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le hAcht Aontachais 2005.

[10] Féach ar Iarscríbhinn III.

[11] √ IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/142/CE ón gCoimisiún (IO L 368, 23.12.2006, lch. 110) Õ.

[12] √ IO L 330, 5.12.1998, lch. 32. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1) ∏.

[13] IO L 229, 30.8.1980, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

[14] IO L 184, 15.7.1988, lch. 61. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

[15] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

[16] IO L 179, 14.7.1999, lch. 1.

[17] IO L 160, 12.6.1989, lch. 1.

[18] IO L 40, 11.2.1989, lch. 27.

[19] IO L 336, 23.12.1994, lch. 219.