Togra le haghaidh rialachain ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCOMHAIRLE lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú - Cuid a tri - Oiriunu don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú /* COIM/2007/0822 leagan deireanach - COD 2007/0282 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil, 19.12.2007 COIM(2007) 822 críochnaitheach 2007/0282 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Cuid a Trí (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) 2007/0282 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Cuid a Trí: TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe do phointe (c) d'Airteagal 61, do phointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 63, agus 67, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2], Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[3], Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún, Ag gníomhú i gcomréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[4], De bharr an méid seo a leanas: 1. Leasaítear Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[5] le Cinneadh 2006/512/CE, lena dtugtar isteach nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú maidir le bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, inter alia trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi. 2. I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[6] maidir le Cinneadh 2006/512/CE, á rá go bhfuil an nós imeachta nua seo infheidhme maidir le gníomhartha atá tagtha i bhfeidhm cheana ar glacadh leo de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, ní foláir na gníomhartha seo a leasú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme. 3. Beidh an Ríocht Aontaithe agus Éire, a bhí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm ionstraimí a leasaítear leis an Rialachán seo, de bhua Airteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, beidh siad rannpháirteach i nglacadh agus cur i bhfeidhm an Rialachán seo. 4. I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Sa Rialachán seo, ciallaíonn "Ballstát" aon Bhallstát seachas an Danmhairg. Airteagal 2 Oiriúnaítear leis seo na hionstraimí atá liostaithe san Iarscríbhinn, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin, do Chinneadh 1999/468/CE, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE. Airteagal 3 Tuigtear gurb é atá sna tagairtí d'fhorálacha na n-ionstraimí atá liostaithe san Iarscríbhinn tagairtí do na forálacha sin mar atá arna leasú leis an Rialachán seo. Airteagal 4 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobal Eorpaigh. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN RIALACHÁIN ÓN g COMHAIRLE (CE) UIMH.44/2001 AN 22 NOLLAIG 2000 MAIDIR LE DLÍNSE AGUS AITHINT AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS TRÁCHTÁLA [7] Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 44/2001, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha atá leagtha amach ina Iarscríbhinní, nó iad a thabhairt suas chun dáta. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 mar seo a leanas: (1) In Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: "2. Glacfaidh an Coimisiún le tabhairt suas chun dáta nó coigeartuithe teicniúla na bhfoirmeacha, a bhfuil samplaí díobh in Iarscríbhinní V agus VI. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 75(2)." (2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75: “Airteagal 75 1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. 2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de." RIALACHÁN (CE) UIMH. 1206/2001 ÓN g COMHAIRLE AN 28 BEALTAINE 2001 MAIDIR LE COMHAR IDIR CÚIRTEANNA NA m BALLSTÁT I DTACA LE FIANAISE A GHLACADH IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS TRÁCHTÁLA [8] . Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, leasuithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha caighdeánacha atá leagtha amach ina Iarscríbhinn nó iad a thabhairt suas chun dáta. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 mar seo a leanas: (1) In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: "2. Is é an an Coimisiún a dhéanfaidh leasuithe teicniúla ar na foirmeacha atá leagtha amach san Iarscríbhinn nó a thabharfaidh suas chun dáta iad. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 20(2)." (2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20: “Airteagal 20 1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. 2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de." RIALACHÁN (CE) UIMH. 343/2003 ÓN g COMHAIRLE AN 18 FEABHRA 2003 LENA m BUNAÍTEAR NA CRITÉIR AGUS NA MEICNÍOCHTAÍ LEIS AN m BALLSTÁT ATÁ FREAGRACH AS IARRATAS AR DHÍDEAN A SCRÚDÚ A THAISC NÁISIÚNACH TRÍÚ TÍR I g CEANN DE NA BALLSTÁIT [9] Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 343/2003, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme an chlásail daoncharadais a ghlacadh agus na critéir is gá chun aistrithe a chur i gcrích a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 mar seo a leanas: (1) In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: "5. Glacfaidh an Coimisiún na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo lena n-áirítear, nuair is iomchuí, meicníochtaí idir-réitigh chun ceisteanna idir na Ballstáit a shocrú i dtaca leis an gá na pearsana i dtrácht a thabhairt le chéile, nó i dtaca leis an áit inar ceart é seo a dhéanamh. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 27(3)." (2) In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: "5. Féadfaidh an Coimisiún rialacha forlíontacha a ghlacadh maidir le haistrithe a thabhairt i gcrích. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 27(3)." (3) In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: "4. Féadfaidh an Coimisiún rialacha forlíontacha a ghlacadh maidir le haistrithe a thabhairt i gcrích. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 27(3)." (4) In Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: "3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de." RIALACHÁN (CE) UIMH. 805/2004 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA AGUS ÓN g COMHAIRLE AN 21 AIBREÁN 2004 LENA g CRUTHAÍTEAR ORDÚ FORFHEIDHMIÚCHÁIN EORPACH D'ÉILIMH NEAMHCHONSPÓIDITHE [10] Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 805/2004, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na foirmeacha caighdeánacha atá leagtha amach ina Iarscríbhinní a leasú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 mar seo a leanas: (1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 31 agus 32: “Airteagal 31 Leasuithe ar na hIarscríbhinní Leasóidh an Coimisiún na foirmeacha caighdeánacha sna hIarscríbhinní. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 32(2)." Airteagal 32 Coiste 1. Beidh Coiste a bhforáiltear dó le hAirteagal 75 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 de chúnamh ag an gCoimisiún. 2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de." [1] IO C […], […], lch. […]. [2] IO C […], […], lch. […]. [3] IO C […], […], lch. […]. [4] IO C […], […], lch. […]. [5] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11). [6] IO C 255, 21.10.2006, lch. 1. [7] IO L 12, 16.1.2001, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1). [8] IO L 174, 27.6.2001, lch. 1. [9] IO L 50, 25.2.2003, lch. 1. [10] IO L 143, 30.4.2004, lch. 15. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1869/2005 (IO L 300, 17.11.2005, lch. 6 agus IO L 321M, 21.11.2006, lch.145).