52007PC0741

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú - Cuid a haon: Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú /* COIM/2007/0741 leagan deireanach - COD 2007/0262 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil23.11.2007

COIM(2007) 741 leagan deireanach

2007/0262 (COD)

Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Cuid a haon Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

CLÁR NA nÁBHAR

IARSCRÍBHINN 9

1. Talmhaíocht 9

1.1. Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húisc de chaife nó le húisc de shiocaire 9

1.2. Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cócó agus táirgí seacláide eile mar bhia don duine 9

2. fostaíocht 10

2.1. Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh 10

2.2. Treoir 92/29/CEE ón gComhairle an 31 Márta 1992 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte chun cóir leighis níos fearr ar bord long a chur chun cinn 12

2.3. Treoir 2002/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (creathadh) (an séú Treoir déag leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) 12

2.4. Treoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (torann) (An seachtú Treoir déag leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) 14

2.5. Treoir 2004/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (réimsí leictreamaighnéadacha) (an t-ochtú Treoir déag leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) 15

2.6. Treoir 2006/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (radaíocht optúil shaorga) (an naoú Treoir déag leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) 16

3. Fiontar 18

3.1. Treoir 76/767/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forálacha coiteanna i leith árthaí brú agus modhanna a n-iniúchta 18

3.2. Treoir 76/769/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le srianta ar shubstaintí agus ullmhóidí contúirteacha áirithe a mhargú agus a úsáid 18

3.3. Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa 19

3.4. Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le modhanna áirithe chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin dhénártha de shnáithíní teicstíle 20

3.5. Treoir 1999/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hullmhóidí contúirteacha a aicmiú, a phacáistiú agus a lipéadú 21

3.6. Treoir 2002/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Márta 2002 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí dhá roth nó trí roth agus ag aisghairm Threoir 92/61/CEE ón gComhairle 22

3.7. Treoir 2003/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le cineál cheadú tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta, a leantóirí agus innealra tarraingthe idirmhalartaithe, mar aon lena gcórais, lena gcomhpháirteanna agus lena n-aonaid theicniúla leithleacha agus ag aisghairm Threoir 74/150/CEE 23

3.8. Treoir 2004/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le huirlisí tomhais 24

4. An Comhshaol 25

4.1. Treoir 76/160/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1975 maidir le cáilíocht uisce snámha 25

4.2. Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh 26

4.3. Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta 28

4.4. Treoir 94/63/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le rialú astaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha (CSO) a thig ó stóráil peitril agus óna dáileadh ó theirminéil go stáisiúin seirbhíse 29

4.5. Treoir 96/82/CE ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le rialú guaiseacha mórthimpiste lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha 30

4.6. Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl 31

4.7. Treoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí maidir le barainneacht breosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin nua phaisinéirí a chur ar an margadh 32

4.8. Treoir 2000/76/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2000 maidir le dramhaíl a loscadh 33

4.9. Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú 35

4.10. Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus le hinrianaitheacht bia agus táirgí beathaithe a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe 36

4.11. Treoir 2004/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le hastaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha a theorannú, ar astaíochtaí iad a éiríonn as úsáid tuaslagóirí orgánacha i bpéinteanna agus i vearnaisí áirithe agus i dtáirgí ath-bhailchríochnaithe feithiclí agus ag leasú Threoir 1999/13/CE 37

4.12. Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le gáis cheaptha teasa fluairínithe áirithe 38

4.13. Treoir 2006/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cáilíocht fionnuiscí ar gá iad a chosaint nó a fheabhsú chun tacú leis an iascra 39

4.14. Treoir 2006/113/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gcáilíocht is gá d'uiscí sliogéisc 40

5. Eurostat 40

5.1. Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal agus chun anailís a dhéanamh air 40

5.2. Treoir 95/5/CE ón gComhairle an 23 Samhain 1995 maidir le faisnéise staidrimh i réimse na turasóireachta a chruinniú 41

5.3. Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d'Aonaid Chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú 43

5.4. Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 maidir le staidreamh Comhphobail ar dhálaí ioncaim agus maireachtála (EU-SILC) 44

5.5. Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir leis na cuntais eacnamaíocha talmhaíochta sa Chomhphobal 45

5.6. Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis an staidreamh Comhphobail ar shochaí na faisnéise 46

5.7. Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch 47

5.8. Rialachán (CE) Uimh. 1161/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2005 maidir le tiomsú cuntas ráithiúil neamhairgeadais de réir na hearnála institiúidí 49

6. An tSochaí Faisnéise 50

6.1. Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha 50

6.2. Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2002 maidir leis an bhFearann Barrleibhéil .eu a chur chun feidhme 51

7. An Margadh Inmheánach 53

7.1. Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le haitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla 53

8. Sláinte agus Cosaint Tomhaltóirí 57

8.1. Treoir 89/108/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia mear-reoite mar bhia don duine 57

8.2. Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 maidir le lipéadú cothúlachta ar earraí bia 57

8.3. Treoir 1999/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia agus comhábhair bia atá cóireáilte le radaíocht ianaíoch 59

8.4. Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forlíontaí bia 61

9. Fuinneamh agus Iompar 63

9.1. Treoir 91/672/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le teastais náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre a aithint go cómhalartach 63

9.2. Treoir 92/75/CEE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 1992 maidir le caitheamh fuinnimh agus acmhainní eile ag fearais tí a thabhairt le fios trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánaithe faoin táirge 64

9.3. Treoir 96/50/CEE ón gComhairle an 23 Nollaig 1996 maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha chun teastais náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre a fháil 65

9.4. Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú pearsana ag taisteal ar longa paisinéirí ag oibriú isteach agus amach as calafoirt Bhallstáit an Chomhphobail. 66

9.5. Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar bord long agus iarmhair lasta 67

9.6. Treoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus den Treoir ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear ceanglais agus nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le luchtú agus díluchtú sábháilte builciompróirí 68

9.7. Treoir 2002/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long ag bealach isteach agus/nó ag bealach amach ó chalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail 69

9.8. Treoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Márta 2002 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibríochta atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt Chomhphobail 70

9.9. Treoir 2002/91/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh 71

9.10. Treoir 2002/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le ceanglais shonracha cobhsaíochta le haghaidh long paisinéirí ro-ro 72

9.11. Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint leanúnach tiománaithe feithiclí áirithe bóthar d'iompar earraí agus paisinéirí, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle 73

9.12. Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis na ceanglais árachais a bhaineann le haeriompróirí agus le hoibritheoirí aerárthaí 74

9.13. Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta agus Fuinnimh sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 3051/95 75

9.14. Treoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 um Éifeacht Fuinnimh na Críochúsáide agus Seirbhísí Fuinnimh agus ag aisghairm Threoir 93/76/CEE ón gComhairle 76

Iarscríbhinn chroineolaíoch 78

2007/0262 (COD)

Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdúCuid a haonTogra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d' Airteagail 40, 47(1) agus (2), an chéad agus an tríú habairt, 55, 71, 80(2), 95, 100, 137(2), 156, 175(1) agus 285

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1],

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta[2],

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[3],

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh[4],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Leasaítear Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[5] le Cinneadh 2006/512/CE, lena dtugtar isteach nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú maidir le bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, inter alia trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi.

(2) I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[6] maidir le Cinneadh 2006/512/CE, á rá go bhfuil an nós imeachta nua seo infheidhme maidir le hionstraimí atá tagtha i bhfeidhm cheana ar glacadh iad i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, ní foláir na hionstraimí seo a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

(3) Is leis na nósanna imeachta coiste amháin a bhaineann na leasuithe is cóir a dhéanamh chuige sin ar na hionstraimí agus ní gá go ndéanfaidh na Ballstáit trasuíomh i gcás treoracha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Oiriúnaítear leis seo na hionstraimí atá liostaithe san Iarscríbhinn, i gcomhréir leis an Iarcsríbhinn sin, do Chinneadh 1999/468/CE, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE.

Airteagal 2

Tuigtear gurb é atá sna tagairtí d'fhorálacha na n-ionstraimí atá liostaithe san Iarscríbhinn ná tagairtí do na forálacha sin mar atá arna leasú leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[…] […]

IARSCRÍBHINN

1. Talmhaíocht

1.1. Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húisc de chaife nó le húisc de shiocaire [7]

Maidir le Treoir 1999/4/CE, ba chóir , go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an Treoir seo a chur ina luí le forálacha coiteanna an Chomhphobail a bhaineann le hearraí bia. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha de Chinneadh 1999/4/CE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 1999/4/CE mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Airteagal 4

Is é an Coimisiún a dhéanfaidh cinneadh chun go mbeidh an Treoir seo ag luí le forálacha coiteanna an Chomhphobail maidir le hearraí bia. Glacfar beart den sórt sin arna cheapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5(2)."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5

"Airteagal 5

1. Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*), de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

(*) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1."

1.2. Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cócó agus táirgí seacláide eile mar bhia don duine [8]

Maidir le Treoir 2000/36/CE, ba chóir, go háirithe go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá dá cur chun feidhme a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2000/36/CE a leasú a ceapadh iad agus/nó le haghaidh Treoir 2000/36/CE a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2000/36/CE mar seo a leanas:

3. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):

"1. Na bearta is gá le haghaidh cur chun feidhme na Treorach seo maidir leis na hábhair dá dtagraítear thíos, bearta a bhfuil sé d'aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha na Treorach seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 6(2):

- an Treoir seo a bheith ag luí le forálacha coiteanna an Chomhphobail maidir le hearraí bia,

- forálacha dá bhforáiltear i bpointe 2, cuid B agus cuid C agus D, d'Iarscríbhinn I, a oiriúnú d'ascnamh teicniúil.

- Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6

"Airteagal 6

1. Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe arna chur ar bun le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*), de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

(*) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1."

2. fostaíocht

2.1. Treoir 89/391/CEE ón gComhair le an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh[9]

Maidir le Treoir 89/391/CEE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh do na Treoracha leithleacha dá bhforáiltear in Airteagal 16(1) den Treoir atá mar thoradh ar Threoracha a ghlacadh i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil, an ascnaimh theicniúil, na n-athruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta, agus fionnachtana nua. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin a ceapadh chun na heilimintí neamhriachtanacha de Threoir 89/391/CEE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú ar mhórchúiseanna práinne, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE a úsáid chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 89/391/CEE mar seo a leanas:

4. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

"Airteagal 17

Coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún chun coigeartuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar threoracha leithleacha dá bhforáiltear in Airteagal 16(1) lena gcuirfear san áireamh:

(a) Treoracha a ghlacadh i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil;

(b) ascnamh teicniúil, athruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta, agus fionnachtana nua.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha de na Treoracha leithleacha seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 2. Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear i mír 3.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

2.2. Treoir 92/29/CEE ón gComhairle an 31 Márta 1992 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte chun cóir leighis níos fearr ar bord long a chur chun cinn[10]

Maidir le Treoir 92/29/CEE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar a hiarscríbhinní i bhfianaise ascnaimh theicniúil nó athruithe i rialacháin nó i sonraíochtaí idirnáisiúnta agus fionnachtana nua sa réimse seo. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 92/29/CEE a leasú a ceapadh iad, ní foráil iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú ar mhórchúiseanna práinne, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE a úsáid chun leasuithe de chineál teicniúil amhaín a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 92/29/CEE mar seo a leanas:

5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8

"Airteagal 8

Coiste

1. D'fhonn oiriúnú de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar iarscríbhinní na Treorach seo, i bhfianaise ascnaimh theicniúil nó athruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus fionnachtana nua sa réimse seo, beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

Glacfar na hoiriúnuithe sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 2. Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear i mír 3.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

2.3. Treoir 2002/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (creathadh) (an séú Treoir déag leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)[11]

Maidir le Treoir 2002/44/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar a hiarscríbhinní a thig ó threoracha a ghlacadh i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealamh oibre agus/nó áiteanna oibre, agus i réimse an ascnaimh theicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sna sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana nua maidir le creathadh meicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/44/CEE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú ar mhórchúiseanna práinne, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE a úsáid chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/44/CE mar seo a leanas:

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 11 agus 12:

"Airteagal 11

Leasuithe teicniúla

Glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Iarscríbhinn de chineál teicniúil amháin i gcomhréir le:

(a) Treoracha i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, togáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre a ghlacadh;

(b) ascnamh teicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana nua maidir le creathadh meicniúil;

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(2). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Airteagal 12

Coiste

1. Beidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 17(2) de Threoir 89/391/CEE de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

2.4. Treoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhis iceacha (torann) (An seachtú Treoir déag leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)[12]

Maidir le Treoir 2003/10/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh a thig ó threoracha a ghlacadh i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre, agus i réimse an ascnaimh theicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sna sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana nua maidir le creathadh meicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2003/10/CEE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú ar mhórchúiseanna práinne, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE a úsáid chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2003/10/CE mar seo a leanas:

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 12 agus 13:

"Airteagal 12

Leasuithe teicniúla

Glacfaidh an Coimisiún leasuithe de chineál teicniúil amháin i gcomhréir le:

(a) treoracha i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, togáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre a ghlacadh; agus

(b) ascnamh teicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana nua maidir le torann.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(2). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 13(3).

Airteagal 13

Coiste

1. Beidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 17 de Threoir 89/391/CEE de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

2.5. Treoir 2004/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhis iceacha (réimsí leictreamaighnéadacha) (an t-ochtú Treoir déag leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)[13]

Maidir le Treoir 2004/40/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar a hiarscríbhinní, ag cur san áireamh treoracha a glacadh i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre, agus i réimse an ascnaimh theicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sna sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana nua eolaíocha maidir le réimsí leictreamaighnéadacha. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/40/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú ar mhórchúiseanna práinne, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE a úsáid chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/40/CE mar seo a leanas:

6. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(2):

"2. Glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Iarscríbhinn de chineál teicniúil amháin i gcomhréir le:

(a) treoracha i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, togáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre a ghlacadh;

(b) ascnamh teicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana eolaíocha nua maidir le réimsí leictreamaighnéadacha.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 11(3) a úsáid.”

7. Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Nuair a thagraítear don alt seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

2.6. Treoir 2006/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhis iceacha (radaíocht optúil shaorga) (an naoú Treoir déag leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)[14]

Maidir le Treoir 2006/25/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar a hiarscríbhinní, ag cur san áireamh treoracha a glacadh i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre, agus i réimse an ascnaimh theicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sna sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana nua eolaíocha maidir le nochtadh oibrithe do radaíocht optúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2006/25/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú ar mhórchúiseanna práinne, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE a úsáid chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2006/25/CE mar seo a leanas:

8. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(2):

"2. Glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Iarscríbhinn de chineál teicniúil amháin i gcomhréir le:

(a) treoracha i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, togáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre a ghlacadh;

(b) ascnamh teicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana eolaíocha nua maidir le nochtadh oibrithe do radaíocht optúil.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 11(3) a úsáid.”

9. Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Nuair a thagraítear don alt seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8."

3. FIONTAR

3.1. Treoir 76/767/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forálacha coiteanna i leith árthaí brú agus modhanna a n -iniúchta[15]

Maidir le Treoir 76/767/CEE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún iarscríbhinní agus roinnt forálacha atá sna Treoracha ar leith a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 76/767/CEE agus dá treoracha ar leith a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 76/767/CEE mar seo a leanas:

10. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

"Oiriúnóidh an Coimisiún don ascnamh teicniúil Iarscríbhinní I agus II agus na forálacha sin atá sna treoracha ar leith atá curtha in iúl go sonrach i ngach aon cheann acu. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo agus de Threoracha ar leith a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(2)."

11. Leasaítear Airteagal 20 mar seo a leanas:

a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. Sa chás go dtagraítear don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

b) Scriostar mír 3.

3.2. Treoir 76/769/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le srianta ar shubstaintí agus ullmhóidí contúirteacha áirithe a mhargú agus a úsáid [16]

Maidir le Treoir 76/769/CEE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hIarscríbhinní a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 76/769/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, i.e. an gá práinneach le srianta ar mhargú nó ar úsáid substaintí contúirteacha a threisiú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a úsáid.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 76/769/CEE mar seo a leanas:

12. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2a:

"Airteagal 2a

Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a oiriúnú d'ascnamh teicniúil, chomh fada agus a bhaineann sé leis na substaintí agus na hullmhóidí atá folaithe cheana ag an Treoir. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 2b(2). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 2b (3) a úsáid."

13. Cuirtear isteach an tAirteagal 2b seo a leanas:

"Airteagal 2b

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste arna bhunú le hAirteagal 29(1) de Threoir 67/548/CEE (*).

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

_________________________________

(*) IO 169, 16.8.1967, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/121/CE (IO L 396, 30.12.2006, lch. 850)."

3.3. Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa[17]

Maidir le Treoir 94/25/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Chomisiún leasuithe atá riachtanach a thabhairt isteach, i bhfianaise éabhlóid an eolais theicniúil agus bunaithe ar fhianaise eolaíoch nua. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 94/25/CE mar seo a leanas:

14. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6a:

"Airteagal 6a

Féadfaidh an Coimisiún leasuithe a thabhairt isteach, i bhfianaise éabhlóid an eolais theicniúil agus bunaithe ar fhianaise eolaíoch nua, a bhfuil gá leo do cheanglais Iarscríbhinn I.B.2 agus Iarscríbhinn I.C.1, cé is moite de mhodhnuithe díreacha agus neamhdhíreacha ar luachanna astaíochtaí sceite nó torainn agus ar luach Froude agus ar an gcóimheas 'cumhacht/toillíocht'. Áireofar ar na saincheisteanna is gá a réiteach na breoslaí tagartha agus na caighdeáin le húsáid i gcomhair tástála ar astaíochtaí sceite agus torainn.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 6b (2)."

15. Cuirtear isteach an tAirteagal 6b seo a leanas:

"Airteagal 6b

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste arna bhunú de bhun Airteagal 6(3).

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

3.4. Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le modhanna áirithe chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin dhénártha de shnáithíní teicstíle[18]

Maidir le Treoir 96/73/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Chomisiún na bearta is gá a ghlacadh chun na modhanna anailíse cainníochtúla dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II den Treoir sin a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 96/73/CE a leasú a ceapadh iad, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 96/73/CE mar seo a leanas:

16. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 5 agus 6:

"Airteagal 5

Oiriúnóidh an Coimisiún d'ascnamh teicniúil na modhanna anailíse cainníochtúla dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II. Glacfar leis na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Airteagal 6

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um Threoracha a bhaineann le Teicstílí a ainmniú agus a lipéadú.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

3.5. Treoir 1999/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hullmhóidí contúirteacha a aicmiú, a phacáistiú agus a lipéadú[19]

Maidir le Treoir 1999/45/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hIarscríbhinní a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 1999/45/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 1999/45/CE mar seo a leanas:

17. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh d'Airteagal 10(3):

"I gcás ullmhóidí áirithe atá aicmithe mar ullmhóidí contúirteacha de réir bhrí Airteagal 7, de mhaolú ar mhíreanna 2.4, 2.5 agus 2.6 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún díolúintí ó fhorálacha áirithe a Chinneadh maidir le lipéadú comhshaoil nó ó fhorálacha sonracha a bhaineann le lipéadú comhshaoil, sa chás go léirítear go mbeadh laghdú ar an tiochar ar an gcomhshaol. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20a (3)."

18. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt d'Airteagal 12(4):

"Más iomchuí, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh faoi chuimsiú Iarscríbhinn V. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20a (3)."

19. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(3):

"3. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20a (2)."

20. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

"Airteagal 20

Oiriúnóidh an Coimisiún d' ascnamh teicniúil na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20a (3)."

21. Cuirtear isteach an tAirteagal 20a seo a leanas:

"Airteagal 20a

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste arna bhunú le hAirteagal 29(1) de Threoir 67/548/CEE (*).

2. Nuair a dhéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

________________________________

(*) IO 169, 16.8.1967, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/121/CE (IO L 396, 30.12.2006, lch. 850)."

3.6. Treoir 2002/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Márta 2002 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí dhá roth nó trí roth agus ag aisghairm Threoir 92/61/CEE ón gComhairle [20]

Maidir le Treoir 2002/24/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann léi nó na forálacha atá sna treoracha ar leith dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann léi a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/24/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/24/CE mar seo a leanas:

22. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

"Airteagal 17

Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo nó na forálacha atá sna treoracha ar leith dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo nó dá treoracha ar leith a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(2)."

23. Leasaítear Airteagal 18 mar seo a leanas:

24. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

25. Scriostar mír 3.

3.7. Treoir 2003/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le cineál cheadú tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta, a leantóirí agus innealra tarraingthe idirmhalartaithe, mar aon lena gcórais, lena gcomhpháirteanna agus lena n-aonaid theicniúla leithleacha agus ag aisghairm Threoir 74/150/CEE[21]

Maidir le Treoir 2003/37/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann léi agus na forálacha teicniúla atá sna treoracha ar leith a oiriúnú agus forálacha a bhaineann le cineál -cheadú CE na n-aonad teicniúil leithleach a thabhairt isteach sna treoracha ar leith. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2003/37/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2003/37/CE mar seo a leanas:

26. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh d'Airteagal 19(1):

“1. Glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun an Treoir seo a bhaineann leis an ábhar dá dtagraítear thíos a chur chun feidhme. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(3):"

27. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(3):

“3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

3.8. Treoir 2004/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le huirlisí tomhais[22]

Maidir le Treoir 2004/22/CE, féadfaidh an Coimisiún, go háirithe, aon bheart iomchuí a ghlacadh chun na hiarscríbhinní atá sonrach ó thaobh uirlisí a leasú (MI-001 go dtí MI-010). Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/22/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/22/CE mar seo a leanas:

28. Leasaítear Airteagal 15 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

(b) Scriostar mír 4.

29. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(2):

"2. Arna iarraidh sin ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún iarscríbhinní atá sonrach ó thaobh uirlisí (MI-001 go dtí MI-010) a leasú maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) earráidí uasta incheadaithe (MPEanna) agus aicmí beachtais;

(b) na coinníollacha oibriúcháin rátaithe;

(c) na luachanna maidir le hathrú criticiúil;

(d) suaití.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(3)."

4. An Comhshaol

4.1. Treoir 76/160/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1975 maidir le cáilíocht uisce snámha [23]

Maidir le Treoir 76/160/CEE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún luachanna G agus I na bparaiméadar agus na modhanna anailíse atá leagtha amach san Iarscríbhinn a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 76/160/CEE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 76/160/CEE mar seo a leanas:

30. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

"Airteagal 9

Glacfaidh an Coimisiún na leasuithe sin is gá chun luachanna G agus I na bparaiméadar, agus na modhanna anailíse atá leagtha amach san Iarscríbhinn a oiriúnú d'ascnamh teicniúil.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(2)."

31. Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Scriostar mír 3.

4.2. Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh [24]

Maidir le Treoir 91/271/CEE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinní I.A, I.B agus I.C a leasú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 91/271/CEE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 91/271/CEE mar seo a leanas:

32. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

"2. Comhlíonfaidh na córais bhailithe ar a ndéantar cur síos i mír 1 ceanglais Iarscríbhinn I A. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais sin a leasú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

33. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(3):

"3. Déanfaidh aon sceitheadh ó ionaid cóireála fuíolluisce uirbigh ar a ndéantar cur síos i míreanna 1 agus 2 na ceanglais ábhartha atá in Iarscríbhinn I.B a shásamh. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais seo a leasú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

34. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(3):

"3. Déanfaidh aon sceitheadh ó ionaid cóireála fuíolluisce uirbigh ar a ndéantar cur síos i mír 2 na ceanglais ábhartha atá in Iarscríbhinn I B a shásamh. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais seo a leasú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

35. Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Scrúdóidh an Coimisiún an t-iarraidh seo agus glacfaidh sé na bearta cuí i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin atá leagtha síos in Airteagal 18(2)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír (5):

"I gcásanna den sórt sin cuirfidh na Ballstáit an doiciméadacht ábhartha faoi bhráid an Choimisiúin roimh ré. Scrúdóidh an Coimisiún an cás agus glacfaidh sé na bearta cuí i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin atá leagtha síos in Airteagal 18(2)."

36. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(2):

"2. Comhlíonfaidh na rialacháin agus/nó aon údarú sonrach na ceanglais atá in Iarscríbhinn I C. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais sin a leasú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

37. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

"3. Beidh coinníollacha a shásóidh na ceanglais ábhartha atá in Iarscríbhinn I B ar áireamh i réamhrialacháin agus/nó in údarú sonrach a bhaineann le sceitheadh ó ionaid cóireála fuíolluisce uirbigh a rinneadh faoi mhír 2 laistigh de cheirtleáin le coibhéis daonra idir 2000 agus 10000 i gcás sceite i bhfionnuiscí agus in inbhir, agus le coibhéis daonra 10000 nó níos mó i gcás gach cineál sceite. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais sin a leasú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

38. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(5):

"5. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a cheapadh maidir leis an monatóireacht dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2)."

39. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(4):

"4. Cinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2), na modhanna agus na formáidí le glacadh chun tuairisciú a dhéanamh ar na cláir náisiúnta. Glacfar aon leasuithe ar na modhanna agus na formáidí sin i gcomhréir leis an nós imeachta céanna."

40. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3 d'Airteagal 18:

"2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

4.3. Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta [25]

Maidir le Treoir 91/676/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hIarscríbhinní a oiriúnú nó a fhorlíonadh d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 91/676/CE a leasú, nó lena fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 91/676/CEE mar seo a leanas:

41. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 7 agus 8:

"Airteagal 7

Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir leis an monatóireacht dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2).

Airteagal 8

Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(3)."

42. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(3):

"3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

43. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de phointe 2 d'Iarscríbhinn III:

"I gcás go gceadaíonn Ballstát méid difriúil faoi phointe (b) den dara fomhír, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi agus scrúdóidh an Coimisiún an mbonn cirt i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2)."

4.4. Treoir 94/63/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le rialú astaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha (CSO) a thig ó stóráil peitril agus óna dáileadh ó theirminéil go stáisiúin seirbhíse[26]

Maidir le Treoir 94/63/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na sonraíochtaí i gcomhair trealaimh lódála ón mbonn aníos atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV a athchóiriú agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin, cé is moite de na luachanna teorann atá leagtha síos i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II, a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 94/63/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 94/63/CE mar seo a leanas:

44. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fomhír d'Airteagal 4(1):

"Beidh na críochfoirt uile ag a bhfuil saoráidí lódála do thancaeir bhóthair feistithe le droichead iompair amháin ar a laghad a shásóidh na sonraíochtaí i gcomhair trealaimh lódála ón mbonn aníos atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV. Athscrúdóidh an Coimisiún na sonraíochtaí seo ag eatraimh rialta agus, más cuí, déanfaidh sé iad a athchóiriú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8(2)."

45. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

"Airteagal 7

Oiriúnú d'ascnamh teicniúil

Cé is moite de na luachanna teorann atá leagtha síos i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú chun iad a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8(2)."

46. Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Scriostar mír 3.

4.5. Treoir 96/82/CE ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le rialú guaiseacha mórthimpiste lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha [27]

Maidir le Treoir 96/82/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinní II go VI a oiriúnú d'ascnamh teicniúil agus critéir chomhchuibhithe a bhunú i gcomhair aon chinntí a dhéanfadh na húdaráis inniúla sna Ballstáit maidir le nach bhfuil bunaíocht in acmhainn guais mhórthimpiste a chruthú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 96/82/CE a leasú agus Treoir 96/82/CE a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 96/82/CE mar seo a leanas:

47. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (6)(b) d'Airteagal 9

"(b) Bunóidh an Coimisiún critéir chomhchuibhithe i gcomhair cinnidh arna dhéanamh ag an údarás inniúil maidir le nach bhfuil bunaíocht in acmhainn guais mhórthimpiste a chruthú de réir bhrí fhomhír (a).

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

48. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(2):

"2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, a luaithe is atá an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 14 bailithe, an toradh a bheidh ar a gcuid anailísí agus moltaí ag úsáid foirm tuarascála arna bunú agus arna coimeád faoi athbhreithniú leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2)."

49. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

"Airteagal 21

Téarmaí tagartha an Choiste

1. Déanfaidh an Coimisiún na critéir dá dtagraítear in Airteagal 9(6)(b) agus Iarscríbhinní II go VI a oiriúnú d'ascnamh teicniúil.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 22(3)."

2. Glacfar an beart maidir leis an bhfoirm tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 15(2) a tharraingt suas, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin atá leagtha síos in Airteagal 22(2)"

50. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

"Airteagal 22

Coiste

1. Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

4.6. Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl [28]

Maidir le Treoir 1999/31/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil agus bearta a ghlacadh chun na modhanna rialaithe, samplála agus anailíse a chaighdeánú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 1999/31/CE a leasú agus Treoir 1999/31/CE a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 1999/31/CE mar seo a leanas:

51. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

"Airteagal 16

Coiste

Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an gCoiste arna chur ar bun le hAirteagal 18 de Threoir 2006/12/CE aon leasuithe is gá chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil agus aon bhearta a bhaineann le caighdeánú na modhanna rialaithe, samplála agus anailíse a leasú maidir le líonadh talún le dramhaíl. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(3). Chun na críche seo, maidir le hIarscríbhinn II, tabharfaidh an Coiste aird ar na nithe seo a leanas: agus na prionsabail ghinearálta agus na nósanna imeachta ginearálta a bhaineann le critéir thástála agus inghlacthachta mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II á gcur san áireamh, ba chóir critéir shonracha agus/nó modhanna tástála agus na luachanna teorann gaolmhara a shocrú do gach aon aicme líonta talún, lena n-áirítear, más gá, sainchineálacha líonta talún atá folaithe i ngach aicme, lena n-áirítear stóráil faoi thalamh.

Glacfaidh an Coimisiún, agus leasóidh sé nuair is gá, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2), forálacha chun na sonraí staidrimh dá dtagraítear in Airteagail 5, 7 agus 11 a chomhchuibhiú agus a tharchur ar bhonn rialta."

52. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(3):

"3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

4.7. Treoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí maidir le barainneacht breosla agus astaíochtaí CO 2 i dtaca le gluaisteáin nua phaisinéirí a chur ar an margadh[29]

Maidir le Treoir 1999/94/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir a oiriúnú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 1999/94/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 1999/94/CE mar seo a leanas:

53. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

"Airteagal 9

1. Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá chun na hIarscríbhinní a oiriúnú tar éis dó dul i gcomhairle le heagraíochtaí tomhaltóirí agus le páirtithe leasmhara eile. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

Chun cuidiú leis an bpróiseas oiriúnuithe seo, tarchuirfidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún, faoi cheann an 31 Nollaig 2003, tuarascáil ar éifeachtacht fhorálacha na Treorach seo, a fholóidh an tréimhse idir 18 Eanáir 2001 agus 31 Nollaig 2002. Bunófar formáid na tuarascála seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2) tráth nach déanaí ná 18 Eanáir 2001.

2. Le cois na mbeart dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún bearta a dhíreoidh orthu seo a leanas:

(a) sonrú breise ar fhormáid an lipéid dá dtagraítear in Airteagal 3 trí Iarscríbhinn I a leasú;

(b) sonrú breise ar na ceanglais a bhaineann leis na treoracha dá dtagraítear in Airteagal 4 d'fhonn cineálacha nua carranna a aicmiú chun go bhféadfar liostú a dhéanamh ar na cineálacha carranna a chloíonn leis na hastaíochtaí CO2 agus caitheamh fuinnimh in aicmí sonraithe lena n-áirítear aicme ar leith chun liostú a dhéanamh ar na cineálacha carranna nua is éifeachtaí ó thaobh breosla;

(c) moltaí a dhéanamh chun go bhféadfar prionsabail na bhforálacha maidir le litríocht tionscnaimh dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 a chur i bhfeidhm maidir le meáin agus ábhar eile.

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír i gcomhréir leis na nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2)."

54. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(3):

"3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

4.8. Treoir 2000/76/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2000 maidir le dramhaíl a loscadh[30]

Maidir le Treoir 2000/76/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún critéir a leagan síos le haghaidh na gceanglas a bhaineann leis an minicíocht i dtomhais thréimhsiúla áirithe a laghdú, chun an dáta a shocrú amhail óna ndéanfar luachanna teorann áirithe maidir le hastaíochtaí aeir a thomhas ar bhonn leanúnach; chun Airteagail 10, 11 agus 13 agus Iarscríbhinní I agus III a leasú d'fhonn iad a oiriúnú d'ascnamh teicniúil nó d'fhionnachtana nua a bhaineann le sochair sláinte ó laghduithe in astaíochtaí; agus chun na táblaí i bpointe 2.1 d'Iarscríbhinn II a oiriúnú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2000/76/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2000/76/CE mar seo a leanas:

55. Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír (7):

"Féadfaidh an t-údarás inniúil a údarú sa cheadú an mhinicíocht i dtomhais thréimhsiúla i gcomhair trom-mhiotal a laghdú ó dhá uair sa bhliain go huair amháin gach dhá bhliain agus i gcomhair dé-ocsainí agus fúrán ó dhá uair sa bhliain go huair amháin in aghaidh na bliana ar choinníoll go mbeidh na hastaíochtaí a eascraíonn ó chomhloscadh nó ó loscadh faoi bhun 50% de na luachanna teorann astaíochta arna gcinneadh de réir Iarscríbhinn II nó Iarscríbhinn V faoi seach agus ar choinníoll go mbeidh critéir ar fáil a bhaineann leis na ceanglais a bheidh le comhlíonadh. Cruthóidh an Coimisiún na critéir seo, bunaithe ar a laghad ar fhorálacha phointí (a) agus (d) den dara fomhír. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(2)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13:

"13. Cinnfidh an Coimisiún, a luaithe a bheidh teicníochtaí cuí tomhais ar fáil laistigh den Chomhphobal, an dáta óna gcuirfear na tomhais leanúnacha ar luachanna teorann astaíochtaí aeir i gcrích i gcomhair trom-mhiotal, dé-ocsainí agus fúrán i gcomhréir le hIarscríbhinn III. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(2)."

56. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

"Airteagal 16

Oiriúnú na treorach sa todhchaí

Leasóidh an Coimisiún Airteagail 10, 11 agus 13 agus Iarscríbhinní I agus III d'fhonn iad a oiriúnú d'ascnamh teicniúil nó d'fhionnachtana nua a bhaineann le sochair sláinte ó laghduithe in astaíochtaí. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(2)."

57. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

"Airteagal 17

Coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

58. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe II.2.1 d'Iarscríbhinn II:

"I gcás go bhfuil luachanna teorann níos déine maidir le hastaíochtaí leagtha síos i gcomhair mórghléasraí dócháin i dTreoir 2001/80/CE nó a leagfar síos i gcomhréir le reachtaíocht eile Chomhphobail, gabhfaidh na luachanna teorann astaíochta seo, i gcás na ngléasraí agus na dtruailleán lena mbaineann, ionad na luachanna teorann astaíochta mar atá leagtha síos sna táblaí seo a leanas (C-próiseas). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún na táblaí seo a leanas a oiriúnú do na luachanna níos déine seo maidir le teorainneacha astaíochtaí. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, gan mhoill, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(2)."

4.9. Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú [31]

Maidir le Treoir 2002/49/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún pointe 3 d'Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinní II agus III a oiriúnú d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch agus modhanna comhchoiteanna a bhunú chun críche measúnaithe. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/49/CE a leasú agus Treoir 2002/49/CE a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/49/CE mar seo a leanas:

59. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(2):

"2. Bunóidh an Coimisiún, trí athbhreithniú ar Iarscríbhinn II, modhanna comhchoiteanna measúnaithe chun luachanna Lden agus Lnight a chinneadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3). Sula nglacfar na bearta sin, féadfaidh na Ballstáit modhanna measúnaithe oiriúnaithe a úsáid i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus bunaithe ar na modhanna atá leagtha síos ina gcuid reachtaíochta féin. I gcás dá leithéid, ní mór dóibh a léiriú go mbíonn na torthaí ar na modhanna sin coibhéiseach leis na torthaí a fhaightear trí na modhanna atá leagtha amach i mír 2(2) d'Iarscríbhinn II."

60. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

"Airteagal 12

Oiriúnú

Oiriúnóidh an Coimisiún pointe 3 d'Iarscríbhinn I agus Iarscribhinní II agus III d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3)."

61. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(3):

"3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

62. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad réamhrá an dara habairt d'Iarscríbhinn III:

"Beidh baint shonrach ag an gcaidreamh idir dáileog/éifeacht a thabharfar isteach le hathbhreithnithe amach anseo ar an Iarscríbhinn seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3) leis na nithe seo a leanas:"

4.10. Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus le hinrianaitheacht bia agus táirgí beathaithe a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe[32]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún córas chun aitheantóirí uathúla a fhorbairt agus a shannadh do GMOanna a bhunú agus a oiriúnú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 mar seo a leanas:

63. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

"Airteagal 8

Aitheantóirí uathúla

Déanfaidh an Coimisiún:

(a) sula gcuirfear Airteagail 1 go 7 i bhfeidhm, córas a bhunú chun aitheantóirí uathúla a fhorbairt agus a shannadh do GMOanna;

(b) an córas dá bhforáiltear i bpointe (a) a oiriúnú mar is cuí.

Glacfar na bearta dá bhforáiltear sa chéad mhír, a ceapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Agus an méid sin á dhéanamh aige, cuirfidh sé forbairtí i bhfóraim idirnáisiúnta san áireamh."

64. Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Scriostar mír 4.

4.11. Treoir 2004/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le hastaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha a theorannú, ar astaíochtaí iad a éiríonn as úsáid tuaslagóirí orgánacha i bpéinteanna agus i vearnaisí áirithe agus i dtáirgí ath -bhailchríochnaithe feithiclí agus ag leasú Threoir 1999/13/CE[33]

Maidir le Treoir 2004/42/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn III a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/42/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/42/CE mar seo a leanas:

65. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

"Airteagal 11

Oiriúnú d'ascnamh teicniúil

Oiriúnóidh an Coimisiún Iarscríbhinn III chun ascnamh teicniúil a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

66. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

"3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

4.12. Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le gáis cheaptha teasa fluairínithe áirithe[34]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 842/2006, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na ceanglais chaighdeánacha a bhaineann le seiceálacha ar sceitheadh, agus na mioncheanglais agus na coinníollacha i gcomhair aitheantais fhrithpháirtigh maidir le cláir oiliúna agus deimhniúchán a bhunú, agus ceanglais bhreise a ghlacadh maidir le lipéadú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun Rialachán (CE) Uimh. 842/2003 a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 2006/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 mar seo a leanas:

67. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(7):

"7. [Faoin cheann an 4 Iúil 2007], bunóidh an Coimisiún na ceanglais chaighdeánacha a bhaineann le seiceálacha ar sceitheadh maidir le gach ceann de na fearais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

68. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):

"1. [Faoin cheann an4 Iúil 2007], bunóidh an Coimisiún, bunaithe ar fhaisnéis arna fáil ó na Ballstáit agus i gcomhairle leis na hearnálacha ábhartha, na mioncheanglais agus na coinníollacha i gcomhair aitheantais fhrithpháirtigh maidir le cláir oiliúna agus deimhniúchán do na cuideachtaí agus don phearsanra ábhartha a bhfuil baint acu le suiteáil, cothabháil nó seirbhísiú an trealaimh agus na gcóras atá folaithe ag Airteagal 3(1) agus don phearsanra a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagail 3 agus 4. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

69. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(3):

"3. Bunófar foirm an lipéid a bheidh le húsáid i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

Glacfar ceanglais lipéadaithe sa bhreis ar na ceanglais sin atá leagtha amach i mír 1, más iomchuí. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3). Sula gcuirfidh an Coimisiún togra os comhair an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 12(1), déanfaidh sé athbhreithniú ar a inmhianaithe is atá sé faisnéis bhreise ar an gcomhshaol a áireamh ar na lipéid, lena n-áirítear an acmhainn téimh domhanda, ag tabhairt aird chuí ar na scéimeanna lipéadaithe atá infheidhme cheana maidir leis na táirgí agus an trealamh dá dtagraítear i mír 2."

70. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

"3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

4.13. Treoir 2006/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cáilíocht fionnuiscí ar gá iad a chosaint nó a fheabhsú chun tacú leis an iascra[35]

Maidir le Treoir 2006/44/CEE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún luachanna G na bparaiméadar, agus na modhanna anailíse, atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a oiriúnú d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2006/44/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2006/44/CE mar seo a leanas:

71. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

"Airteagal 12

Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá chun luachanna G na bparaiméadar, agus na modhanna anailíse, atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a oiriúnú d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(2)."

72. Leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Scriostar mír 3.

4.14. Treoir 2006/113/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gcáilíocht is gá d'uiscí sliogéisc[36]

Maidir le Treoir 2006/113/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún luachanna G na bparaiméadar, agus na modhanna anailíse, atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a oiriúnú d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2006/113/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2006/113/CE mar seo a leanas:

73. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

"Airteagal 12

Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an gCoiste arna chur ar bun le hAirteagal 13(1) de Threoir 2006/44/CE, aon leasuithe is gá chun luachanna G na bparaiméadar, agus na modhanna anailíse, atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a oiriúnú d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch. Glacfar na bearta sin a ceapadh le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Threoir 2006/44/CE."

5. Eurostat

5.1. Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal agus chun anailís a dhéanamh air[37]

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an Iarscríbhinn a oiriúnú d'fhorbairtí eacnamaíocha agus teicniúla. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CEE) Uimh. 696/2002 a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 mar seo a leanas:

74. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 5 agus 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 696/93:

"Airteagal 5

I ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 4, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2), Ballstát a údarú aonaid staidrimh eile ón gcóras táirgthe a úsáid.

Airteagal 6

Déanfaidh an Coimisiún an Iarscríbhinn a oiriúnú d'fhorbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a bhaineann, go háirithe, le haonaid staidrimh an chórais táirgthe, leis na critéir atá in úsáid agus leis na sainmhínithe. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3)."

75. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

"Airteagal 7

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um an gClár Staidrimh.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

5.2. Treoir 95/5 7/CE ón gComhairle an 23 Samhain 1995 maidir le faisnéise staidrimh i réimse na turasóireachta a chruinniú[38]

Maidir le Treoir 95/5/CE, ba chóir , go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na sainmhínithe a rachaidh i bhfeidhm ar shaintréithe bailithe sonraí agus aon choigeartuithe don liosta saintréithe bailithe sonraí a chinneadh, na híoscheanglais bheachtais ar gá chun na torthaí a chomhlíonadh a leagan síos, agus na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis a bhailíonn na Ballstáit a phróiseáil, a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 95/57/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 95/57/CE mar seo a leanas:

76. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

"2. Is é an Coimisiún a chinnteoidh na sainmhínithe a rachaidh i bhfeidhm ar shaintréithe bailithe sonraí agus aon choigeartuithe don liosta saintréithe bailithe sonraí. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(2)."

77. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(1):

"1. Cinnteoidh an bailiú faisnéise sonraí, i gcás inar féidir é, go gcomhlíonann na torthaí na híoscheanglais bheachtais is gá. Beidh na ceanglais sin, agus na nósanna imeachta chun laofachtaí córasacha a chinntiú, á nglacadh ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(2). Cinnteofar na híoscheanglais bheachtais ag tagairt go háirithe do loistíní thar oíche bliantúla ag leibhéal náisiúnta."

78. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

"Airteagal 6

Próiseáil sonraí

Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis arna bailiú faoi Airteagal 3 i gcomhréir leis na ceanglais bheachtais atá ordaithe in Airteagal 4, agus na rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gCoimisiún, a phróiseáil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(2). Beidh an leibhéal réigiúnach i gcomhréir leis an Ainmníocht Aonad Críche le haghaidh Staidrimh (NUTS) de chuid Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach."

79. In Airteagal 7(3), cuirtear "Airteagal 12(1)" in ionad "Airteagal 12".

80. In Airteagal 9, cuirtear "Airteagal 12(1)" in ionad "Airteagal 12".

81. Cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 11:

Glacfar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 6, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

Glacfar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 9 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(1).

82. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(2):

"2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

5.3. Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d'Aonaid Chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú[39]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na haonaid riaracháin a úsáidtear le haghaidh rangú NUTS a leasú, diall ó thairsí daonra i gcás aonad neamhriaracháin áirithe, aonaid riaracháin níos lú a leasú chun críocha NUTS 3, agus rangú NUTS a leasú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 a leasú agus chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 mar seo a leanas:

83. Leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Tá na haonaid riaracháin atá ann cheana agus a úsáidtear le haghaidh rangú NUTS leagtha síos in Iarscríbhinn II. Glacfar bearta maidir le hathruithe ar Iarscríbhinn II, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 5:

"Féadfaidh cuid de na haonaid neamhriaracháin, áfach, diall ó na táirsigh sin de bharr cúinsí geografacha, socheacnamaíocha, stairiúla, cultúrtha nó comhshaoil, go háirithe ar na hoileáin agus sna réigiúin is forimeallaí. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

84. In Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

85. Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 4:

"4. Glacfar leasuithe ar rangú NUTS sa dara leath den bhliain féilire, tráth nach minice ná gach trí bliana, ar bhonn na gcritéar arna leagan síos in Airteagal 3. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Nuair a dhéanfar leasú ar rangú NUTS, tarchuirfidh an Ballstát i dtrácht an amshraith don mhiondealú réigiúnach nua, le cur in ionad na sonraí a tarchuireadh cheana. Sonróidh an Coimisiún an liosta amshraitheanna agus a gcuid fad, ag cur san áireamh cé chomh féideartha is atá sé iad a sholáthar. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(2). Soláthrófar na hamshraitheanna sin laistigh de dhá bhliain ón leasú ar rangú NUTS."

86. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

"Airteagal 7

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um an gClár Staidrimh.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

5.4. Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 maidir le staidreamh Comhphobail ar dhálaí ioncaim agus maireachtála (EU-SILC)[40]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003, bá chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh a bhaineann le réimsí príomhúla sprice, pearsana aonair a áirítear sna bearta samplacha agas cur chun feidhme tosaigh chun athruithe eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 a leasú agus chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 mar seo a leanas:

87. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(2):

"2. Áireofar réimsí tánaisteacha sprice gach bliain ag tosú ó 2005 amháin sa chomhpháirt thrasghearrthach. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)." Folófar réimse tánaisteach amháin gach bliain.

88. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3):

"3. Sa fad-chomhpháirt, leanfar na pearsana aonair a áirítear sa sampla tosaigh, is é sin le rá, pearsana samlpacha, thar ré an phainéil. Leanfar gach pearsa samplach atá tar éis bogadh go dtí teaghlach príobháideach laistigh de na teorainneacha náisiúnta go dtí an láthair nua i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta rianaithe atá le sainmhíniú ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

89. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(3):

"3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a (1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

90. Cuirtear an mhír 5 seo a leanas le hAirteagal 15:

"5. Glacfar na bearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, lena leasaítear nó lena bhforlíontar eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo, ar a laghad 12 mhí roimh thús bhliain an tsuirbhé i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

5.5. Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir leis na cuntais eacnamaíocha talmhaíochta sa Chomhphobal[41]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an mhodheolaíocht maidir leis na cuntais eacnamaíochta talmhaíochta sa Chomhphobal a uasdátú, chomh maith leis an liosta athróga agus na teorainneacha ama le haghaidh tarchur sonraí i dtaca leis an cuntais seo. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 138/2002 a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 2004/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 mar seo a leanas:

91. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(2):

"2. Déanfaidh an Coimisiún an mhodheolaíocht EAA a nuashonrú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 4(2)."

92. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3):

"3. Déanfaidh an Coimisiún an liosta athróg agus na teorainneacha ama le haghaidh tarchur na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a uasdátú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 4(2)."

93. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2) agus (3):

"2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

5.6. Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis an staidreamh Comhphobail ar shochaí na faisnéise[42]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 808/2004, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta a ghlacadh maidir le modúil a bhaineann le heilimintí amhail roghnú agus sonrú, coigeartú, modhnú ábhar agus a saintréithe, cuimsiú agus tréimhsiúlacht, dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 a leasú agus chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 mar seo a leanas:

94. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 8 agus 9:

"Airteagal 8

Bearta cur chun feidnme

1. Baineann na bearta maidir le cur chun feidhme mhodúil an Rialacháin seo le roghnú agus sonrú, coigeartú agus modhnú na n-ábhar agus a saintréithe, an cuimsiú, tréimhsí tagartha agus miondealuithe saintréithe, tréimhsiúlacht agus uainiú soláthar sonraí agus na sprioc-amanna le haghaidh tharchur na dtorthaí.

2. Glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme, lena n-áirítear bearta coigeartaithe agus uasdátaithe chun athruithe eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(2), ag cur san áireamh acmhainní na mBallstát agus an t-ualach ar fhreagróirí, féidearthacht mhodheolaíoch agus theicniúil agus iontaofacht torthaí.

3. Tarraingeofar na bearta cur chun feidnme suas ar a laghad naoi mí roimh thús tréimhse bailithe sonraí.

Airteagal 9

Coiste

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um an gClár Staidrimh.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a (1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

5.7. Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch[43]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta a shonrú, mar aon le hinneachar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta. Ba chóir go dtabharfaí de chumhacht dó freisin na hIarscríbhinní a oiriúnú d'athruithe eacnamaíocha agus teicniúla. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 mar seo a leanas:

95. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(3):

"3. Sonróidh an Coimisiún na caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta, mar aon le hinneachar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta, agus á dhéanamh sin aige, cuirfidh sé na himpleachtaí maidir leis an gcostas ar bhailiú agus ar thiomsú na sonraí san áireamh mar aon le hathruithe tábhachtacha a bhaineann le bailiú sonraí.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

Déanfaidh an Coimisiún i gcomhar leis an gCoiste um Chomhardú na nÍocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1) cáilíocht na sonraí arna dtarchur a mheas bunaithe ar na tuarascálacha cáilíochta.

Seolfar measúnú seo an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa chun críche faisnéise."

96. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 10 agus 11:

"Airteagal 10

Oiriúnú d'athruithe eacnamaíocha agus teicniúla

Is é an Coimisiún a leagfaidh síos na bearta is gá chun athruithe eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh.

Beidh baint ag bearta den sórt sin leis:

(a) na ceanglais a bhaineann le huasdátú sonraí, lena n-áirítear na sprioc-amanna don tíolacadh, mar aon le hathbhreithnithe, faduithe agus díchur na sreabh sonraí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I;

(b) na sainmhínithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a uasdátú.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um Chomhardú na nÍocaíochtaí, dá ngairtear “an Coiste” anseo feasta.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Sa chás go dtagraítear on mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

4. Féadfaidh BCE freastal ar chruinnithe an Choiste i gcáil breathnadóra."

5.8. Rialachán (CE) Uimh. 1161/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2005 maidir le tiomsú cuntas ráithiúil neamhairgeadais de réir na hearnála institiúidí[44]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1161/2005, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún amchláir agus miondealuithe ar na hidirbhearta a bhunú, an t-am ag a ndéantar an tarchur sonraí a choigeartú, cionmhaireacht iomlán an Chomhphobail a choigeartú agus caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta a shainmhíniú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1161/2005 a leasú agus chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1161/2005 mar seo a leanas:

97. Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Glacfaidh an Coimisiún amchlár i gcomhair tharchur mhíreanna P.1, P.2, D.42, D.43, D.44, D.45, agus B.4G faoi seach agus aon Chinneadh a cheanglódh ar an earnáil chontrapháirte miondealú a dhéanamh ar na hidirbhearta atá liostaithe san Iarscríbhinn. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8(3). Ní ghlacfar aon Chinneadh dá leithéid sula mbeidh tuarascáil tugtha ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo de bhun Airteagal 9."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Féadfaidh an Coimisiún an t-am ag a ndéantar an tarchur atá sonraithe i mír 3 a choigeartú faoi réir chúig lá ar a mhéad. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8(3)."

98. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3):

"3. Féadfaidh an Coimisiún cionmhaireacht (1%) iomlán an Chomhphobail dá dtagraítear i mír 1 a choigeartú. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 8(3)."

99. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(1):

"1. Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá lena chinntiú go dtiocfaidh feabhas ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur le himeacht ama ionas go bhféadfar na caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta a shainmhíneoidh an Coimisiún a chomhlíonadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8(3). "

100. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

"Airteagal 8

Nós imeachta coiste

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um an gClár Staidrimh, dá ngairtear “an Coiste” anseo feasta.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

6. An tSochaí Faisnéise

6.1. Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha[45]

Maidir le Treoir 1999/93/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún critéir a bhunú do na Ballstáit ionas go bhféadfaidh siad a chinntiú ar chóir comhlacht a ainmniú lena chinntiú go gcloíonn feistí slána i gcomhair cruthú sínithe na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn III. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag an mbeart sin agus gur ceapadh é chun Treoir 1999/93/CE a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir é a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 1999/93/CE mar seo a leanas:

101. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 3(4):

"Cinnteoidh comhlachtaí poiblí nó príobháideacha iomchuí arna n-ainmniú ag na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na feistí slána i gcomhair cruthú sínithe na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn III. Bunóidh an Coimisiún critéir do na Ballstáit ionas go bhféadfaidh siad a chinntiú ar chóir comhlacht a ainmniú. Glacfar an beart seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(3)."

102. In Airteagal 3(5) cuirtear "in Airteagal 9(2)" in ionad "in Airteagal 9".

103. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

"Airteagal 9

Coiste

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún "Coiste um Shíniú Leictreonach".

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

6.2. Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2002 maidir leis an bhFearann Barrleibhéil .eu a chur chun feidhme[46]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 733/2002, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na critéir agus an nós imeachta a bhunú chun an Chlárlann a ainmniú, agus rialacha maidir le beartas poiblí a bhaineann le FB .eu a chur chun feidhme agus a fheidhmiú mar aon leis na prionsabail bheartais phoiblí maidir le clárú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar mhaithe le héifeachtacht, ba cheart na gnáth-theorainnacha ama le haghaidh nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chiorrú chun go nglacfar na critéir agus an nós imeachta le haghaidh an Chlárlann a ainmniú.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, na gnáth-theorainneacha ama le haghaidh nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a úsáid chun na critéir agus an nós imeachta maidir le hainmniú na Clárlainne a ghlacadh agus chun rialacha beartais phoiblí a bhaineann le cur chun feidhme agus le feidhmiú an FB .eu agus na prionsabail bheartais phoiblí maidir le clárú a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 mar seo a leanas:

104. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(1)(a):

"(a) na critéir agus an nós imeachta a bhunú chun an Chlárlann a ainmniú; glacfar an beart seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 6(4); ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 6(5) a úsáid."

105. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):

"1. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClárlann, glacfaidh an Coimisiún rialacha maidir le beartas poiblí a bhaineann le FB .eu a chur chun feidhme agus a fheidhmiú agus na prionsabail bheartais phoiblí maidir le clárú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 6(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 6(5) a úsáid.

Áireoidh beartas poiblí:

(a) beartas maidir le heasaontais a réiteach go seachbhreithiúnach;

(b) beartas poiblí maidir le clárú amhantrach agus mí-úsáideach ainmneacha fearainn lena n-áirítear féachaint an féidir ainmneacha fearainn a chlárú ar bhealach céimnithe chun a áirithiú go mbeidh deiseanna sealadacha iomchuí ann do shealbhóirí réamhchearta atá aitheanta nó bunaithe ag dlí náisiúnta agus/nó Comhphobail agus do chomhlachtaí poiblí a n-ainmneacha a chlárú;

(c) beartas maidir le cúlghairm fhéideartha ainmneacha fearainn, lena n-áirítear ceist bona vacantia

(d) saincheisteanna teanga agus coincheapa geografacha;

(e) cóireáil maoine intleachtúla agus cearta eile."

106. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

"Airteagal 6

Coiste

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste Cumarsáide arna bhunú le hAirteagal 22(1) de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialúcháin i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Creat-Treoir) (*).

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. Sa chás go dtagraítear on mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

4. Sa chás go dtagraítear on mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3), (4) agus (5)(b), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sna teorainneacha ama atá leagtha síos in Airteagal 5a (3)(c), 4(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5. Sa chás go dtagraítear on mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

_________________________________

(*) IO L 108, 24.4.2002, lch. 33."

7. An Margadh Inmheánach

7.1. Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le haitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla[47]

Maidir le Treoir 2005/36/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún codanna den téacs a leasú agus na critéir is gá a leagan síos chun ardáin chomhchoiteanna a chruthú d'fhonn bearta athchúitimh a tharscaoileadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2005/36/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 2005/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2005/36/CE mar seo a leanas:

107. Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a) Scriostar an dara habairt de mhír (c)(ii);

(b) Cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

"Féadfaidh an Coimisiún an liosta in Iarscríbhinn II a leasú chun oiliúint a shásaíonn ceanglais dá bhforáiltear sa chéad fhomhír de mhír (c)(ii) a chur san áireamh. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 58(3)."

108. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt den tríú fomhír d'Airteagal 13(2):

Féadfaidh an Coimisiún an liosta in Iarscríbhinn III a leasú chun oideachas agus oiliúint rialaithe a sholáthraíonn caighdeán gairmiúil inchomórtais agus a ullmhaíonn an t-oiliúnaí do leibhéal inchomórtais cúraimí agus feidhmeanna, a chur san áireamh. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 58(3)."

109. Leasaítear Airteagal 15 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara abairt de mhír 2:

"Má tá an Coimisiún den tuairim, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, go n-éascaíonn dréachtchlár coiteann aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí gairmiúla, féadfaidh sé dréachtbhearta a thíolacadh d'fhonn iad a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 58(3)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Má mheasann Ballstát nach dtugann na critéir arna mbunú i mbeart a ghlactar i gcomhréir le mír 2 ráthaíochtaí leordhóthanacha a thuilleadh maidir le cáilíochtaí gairmiúla, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin, a thíolacfaidh, más cuí, dréachtbheart chun go nglacfar leis. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 58(3)."

110. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

"Airteagal 20

Leasú ar na liostaí gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn IV

Féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh ar na liostaí gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn IV atá mar ábhar aitheantais do thaithí ghairmiúil de bhun Airteagal 16 d'fhonn an ainmníocht a uasdátú nó a shoiléiriú, ar an gcoinníoll nach ngabhann sé le haon athrú sna gníomhaíochtaí a bhaineann leis na catagóirí leithleacha. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 58(3)."

111. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 21(6):

"Féadfaidh an Coimisiún an t-eolas agus na scileanna dá dtagraíter in Airteagail 24(3), 31(6), 34(3), 38(3), 40(3) agus 44(3) a leasú d'fhonn iad a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 58(3)."

112. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25(5):

"5. Féadfaidh an Coimisiún na tréimhsí íosta oiliúna dá dtagraítear i bpointe 5.1.3 d'Iarscríbhinn V a leasú d'fhonn iad a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 58(3)."

113. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 26:

"Féadfaidh an Coimisiún speisialtachtaí nua míochaine atá i gcoiteannas ag a laghad dhá chúigiú de na Ballstáit a áireamh i bpointe 5.1.3 d'Iarscríbhinn V, d'fhonn an Treoir seo a uasdátú, i bhfianaise na n-athruithe sa reachtaíocht náisiúnta. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 58(3)."

114. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 31(2):

"Féadfaidh an Coimisiún an t-inneachar atá liostaithe i bpointe 5.2.1 d'Iarscríbhinn V a leasú d'fhonn é a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 58(3)."

115. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 34(2):

"Féadfaidh an Coimisiún an t-inneachar atá liostaithe i bpointe 5.3.1 d'Iarscríbhinn V a leasú d'fhonn é a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 58(3)."

116. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d'Airteagal 35(2):

"Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse íosta oiliúna dá dtagraítear sa dara fomhír a leasú d'fhonn í a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 58(3)."

117. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 38(1):

"Féadfaidh an Coimisiún an t-inneachar atá liostaithe i bpointe 5.4.1 d'Iarscríbhinn V a leasú d'fhonn é a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 58(3)."

118. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d'Airteagal 40(1):

"Féadfaidh an Coimisiún an t-inneachar atá liostaithe i bpointe 5.5.1 d'Iarscríbhinn V a leasú d'fhonn é a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 58(3)."

119. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt den dara fomhír d'Airteagal 44(2):

"Féadfaidh an Coimisiún an t-inneachar atá liostaithe i bpointe 5.6.1 d'Iarscríbhinn V a leasú d'fhonn é a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 58(3)."

120. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre d'Airteagal 46(2):

"Féadfaidh an Coimisiún an t-eolas agus na scileanna atá liostaithe i mír a leasú d'fhonn iad a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 58(3)."

121. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 58:

"Airteagal 58

An Coiste um aitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla

1. Beidh Coiste um aitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla, ar a bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit agus ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach air, de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Nuair a dhéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Nuair a thagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

8. Sláinte agus Cosaint Tomhaltóirí

8.1. Treoir 89/108/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia mear -reoite mar bhia don duine[48]

Maidir le Treoir 89/108/CEE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na critéir íonachta ar gá do na meáin c hrióigineacha agus na nósanna imeachta samplála le haghaidh bia mear-reoite a chomhall, na nósanna imeachta chun monatóireacht a dhéanamh ar a dteocht agus teochtaí sna meáin iompair agus ollstórála agus stórála, a chinneadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh Treoir 89/108/CEE a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 89/108/CEE mar seo a leanas:

122. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír de mhír 4:

"Is é an Coimisiún a chinnfidh chomh fada agus is féidir, na critéir íonachta atá le comhall ag na meáin chrióigineacha sin. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

123. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

"Airteagal 11

Is é an Coimisiún a chinnfidh na nósanna imeachta samplála le haghaidh bia mear-reoite, na nósanna imeachta chun monatóireacht a dhéanamh ar a dteocht agus teochtaí sna meáin iompair agus ollstórála agus stórála. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

124. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

"3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

8.2. Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 maidir le lipéadú cothúlachta ar earraí bia [49]

Maidir le Treoir 90/496/CEE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na forálacha is gá a ghlacadh i gcomhair athruithe ar liosta na vitimíní, mianraí agus a gcuid ciondálaí molta laethúla; chun sainmhíniú a thabhairt ar shnáithín agus ar na modhanna anailíse a bhaineann léi; i gcomhair leasuithe agus breisithe a bhaineann le liosta na gcatagóirí cothaitheach agus a bhfachtóirí coinbhéartachta, mar aon le rialacha a bhunú a bhaineann leis an méid faisnéise is cóir a thabhairt agus an tslí ina dtugtar an fhaisnéis sin le fios ar earraí bia neamh -réamhphacáistithe. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 90/496/CEE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 90/496/CEE mar seo a leanas:

125. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 1(4)(a):

"Is é an Coimisiún a ghlacfaidh athruithe ar liosta na vitimíní, mianraí agus a gcuid ciondálaí molta laethúla. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3)."

126. Sa tríú fomhír d'Airteagal 1(4)(b), cuirtear "Airteagal 10(2)" in ionad "Airteagal 10".

127. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(4)(j):

"(j) ciallaíonn 'snáithín' an t-ábhar le sainmhíniú ag an gCoimisiún agus déanfar í a thomhas tríd an modh anailíse a chinnteoidh an Coimisiún; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3)."

128. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

" Airteagal 3

Ní cheadófar ach na héilimh sin faoi chothú a bhaineann le fuinneamh, leis na cothaithigh atá liostaithe in Airteagal 1(4)(a)(ii) agus leis na substaintí atá i gcatagóir de na cothaithigh sin nó atá ina gcomhpháirt de chatagóir de na cothaithigh sin. Féadfaidh an Coimisiún forálacha a ghlacadh a chuireann srian nó toirmeasc le héilimh faoi chothú de réir bhrí an Airteagail seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3)."

129. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2):

"2. Is é an Coimisiún a ghlacfaidh leasuithe ar na fachtóirí coinbhéartachta dá dtagraítear i mír 1 agus substaintí atá i gcatagóir amháin de na cothaithigh sin nó atá ina gcomhpháirt de chatagóir amháin de na cothaithigh sin dá dtagraítear sa mhír sin agus a bhfachtóirí coinbhéartachta a chur leis an liosta sa mhír sin d'fhonn luach fuinnimh earraí bia a ríomh i slí níos beaichte. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3)."

130. In Airteagal 6(3), cuirtear "Airteagal 10(2)" in ionad "Airteagal 10".

131. In Airteagal 6(5)(b), cuirtear "Airteagal 10(2)" in ionad "Airteagal 10".

132. Sa dara fomhír d'Airteagal 6(8), cuirtear "Airteagal 10(2)" in ionad "Airteagal 10".

133. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

" Airteagal 8

I gcás earraí bia neamh-réamhphacáistithe a chuirtear ar díol don tomhaltóir deiridh nó do lónadóirí ollmhóra agus earraí bia a phacáistítear ag an díolphointe ar iarraidh ón gceannaitheoir nó a réamhphacáistítear d'fhonn iad a dhíol láithreach, féadfar an méid faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 4 agus an tslí ina dtugtar an fhaisnéis sin le fios a chinntiú le forálacha náisiúnta go dtí go nglacfaidh an Coimisiún bearta Comhphobail. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3)."

134. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 d'Airteagal 10:

"3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

8.3. Treoir 1999/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia agus comhábhair bia atá cóireáilte le radaíocht ianaíoch[50]

Maidir le Treoir 1999/2/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha maidir le hionradaíocht bia a chur chun feidhme. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 1999/2/CE a leasú, agus lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann le nós imeachta rialúcháin lena mbaineann grinnscrúdú a ghiortú chun glacadh le heisceachtaí áirithe do na rialacha a bhaineann le huaschiondálaí radaíochta le haghaidh earraí bia agus le haghaidh úsáide cóireála ionradaíochta i gcomhcheangal le cóireáil cheimiceach, chomh maith le húsáid ceangas forlíontach maidir le saoráidí ionradaíochta a fhormheas.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, na gnáth-theorainneacha ama le haghaidh nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE le haghaidh leasuithe ar Threoir 1999/2/CE nó ar threoracha cur chun feidhme, a úsáid, trí mheán toirmeasc nó srianta i gcomparáid leis an staid dhlíthiúil roimhe sin sa mhéid is gá chun cosaint na sláinte poiblí a chinntiú.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 1999/2/CE mar seo a leanas:

135. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2):

"2. Féadfaidh an Coimisiún eisceachtaí do mhír 1 a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(4)."

136. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2):

"2. Ní thabharfar ceadú ach amháin i gcás saoráide :

- a chomhlíonann ceanglais Chód Cleachtais Molta Idirnáisiúnta an Choimisiúin do Codex Alimentarius comhpháirteach FAO/WHO maidir le hoibriú na saoráidí ionradaíochta a úsáidtear chun bianna a chóireáil (tagairt FAO/WHO/CAC, Iml. XV, eagrán 1), agus aon cheanglas forlíontach a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(4);

- a ainmníonn duine a mbeidh sé de chúram air na coinníollacha go léir is gá chun an próiseas a chur i bhfeidhm a chomhlíonadh."

- In Airteagal 8(3), cuirtear "Airteagal 12(2)" in ionad "Airteagal 12".

- Sa chéad fhomhír d'Airteagal 9(2)(a), cuirtear "Airteagal 12(2)" in ionad "Airteagal 12".

- Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

"Airteagal 12

1. Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 (*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

4. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3), (4) agus (5)(b), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is 2 mhí, 1 mhí agus 4 mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

___________________________

(*) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1."

137. In Airteagal 14(2), cuirtear "Airteagal 12(2)" in ionad "Airteagal 12".

138. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(3):

"3. Ní fhéadfaidh an Coimisiún leasuithe a dhéanamh ar an Treoir seo nó ar an Treoir cur chun feidhme ach sa mhéid is gá chun cosaint na sláinte poiblí a chinntiú agus beidh sé teoranta ar aon nós do thoirmisc nó do shrianta i gcomparáid leis an staid dhlíthiúil roimhe sin. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh , i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 12(5) a úsáid.”

8.4. Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forlíontaí bia[51]

Maidir le Treoir 2002/46/CE, ba chóir , go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha sonracha maidir le vitimíní agus mianraí a úsáidtear mar fhorlíontaí bia a ghlacadh, lena n-áirítear luachanna sonracha maidir le huasleibhéil agus le híosleibhéil vitimíní agus mianraí i láthair i bhforlíontaí bia chomh maith lena gcritéir íonachta a shocrú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/46/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ar mhórchúiseanna práinne, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne a bhforáiltear dó in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE a úsáid chun beart a ghlacadh lena ndíreofar ar úsáid vitimín nó mianra a ceadaíodh roimhe sin a thoirmeasc.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/46/CE mar seo a leanas:

139. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2):

"2. Glacfaidh an Coimisiún na critéir íonachta maidir le substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn II, ach amháin nuair atá feidhm acu de bhun mhír 3. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3)."

140. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(5):

"5. Glacfar na modhnuithe sin dá dtagraítear i mír 1, toisc gur bearta iad a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 13(4) a úsáid chun vitimín nó mianra a bhaint den liosta dá dtagraítear i mír 1."

141. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(4):

"4. Glacfaidh an Coimisiún na huasmhéideanna agus na híosmhéideanna vitimíní agus mianra dá dtagraítear i míreanna 1,2 agus 3. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3)."

142. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

"3. Chun na fadhbanna a dtagraítear dóibh i mír 1 a réiteach agus chun cosaint sláinte an duine a chinntiú, glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Treoir seo nó ar ghníomhartha cur chun feidhme an Chomhphobail. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 13(4) d'fhonn na leasuithe sin a ghlacadh. Féadfaidh an Ballstát a ghlac bearta cosanta iad a choinneáil sa chás sin go dtí go nglacfar na leasuithe."

143. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

"Airteagal 13

1. Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh faoi Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

4. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

____________________________

(*) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1."

9. Fuinneamh agus Iompar

9.1. Treoir 91/672/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le teastais náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre a aithint go cómhalartach [52]

Maidir le Treoir 91/672/CEE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún liosta na dteastas máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre a oiriúnú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 91/672/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 91/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 91/672/CEE mar seo a leanas:

144. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Airteagal 4

Más gá, tógfaidh an Coimisiún na céimeanna riachtanacha chun liosta na dteastas a bheidh in Iarscríbhinn I a oiriúnú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha na Treorach seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

145. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

"Airteagal 7

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Nuair a thagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

9.2. Treoir 92/75/CEE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 1992 maidir le caitheamh fuinnimh agus acmhainní eile ag fearais tí a thabhairt le fios trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánaithe faoin táirge [53]

Maidir le Treoir 92/75/CEE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún cineálacha eile fearas tí a chur leis an liosta in Airteagal 1(1) agus chun na bearta cur chun feidhme maidir le cineálacha fearas tí atá liostaithe a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 92/75/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 92/75/CEE mar seo a leanas:

146. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(2):

"2. Féadfar cineálacha eile fearas tí a chur leis an liosta san Airteagal seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(2)."

147. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(2):

"2. Sainmhíneofar mionsonraí i ndáil leis an lipéad agus an nóta cúlra le treoracha a bhaineann le gach cineál fearais arna nglacadh de bhun na Treorach seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(2)."

148. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

"Airteagal 9

Déanfaidh an Coimisiún, ar mhodh treoracha cur chun feidhme agus tuilleadh fearas tí a chur leis an liosta in Airteagal 1(1) áit ar féidir coigiltis fuinnimh a bhaint amach, bearta i ndáil le bunú agus oibriú na scéime a ghlacadh agus a oiriúnú d'ascnamh teicniúil.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(2)."

149. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

"Airteagal 10

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Nuair a thagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

9.3. Treoir 96/50/CEE ón gComhairle an 23 Nollaig 1996 maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha chun teastais náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre a fháil [54]

Maidir le Treoir 96/50/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún foirm an teastais máistrí báid a oiriúnú i bhfianaise fhorbairt an eolais ghairmiúil is gá chun an teastas a eisiúint. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 96/50/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 96/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 96/50/CE mar seo a leanas:

150. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

"Airteagal 11

Féadfaidh an Coimisiún gach céim is gá a thógáil d'fhonn foirm an teastais máistrí báid in Iarscríbhinn I a oiriúnú agus i bhfianaise fhorbairt an eolais ghairmiúil riachtanaigh a éilítear le haghaidh an teastas a eisiúint agus atá sonraithe in Iarscríbhinn II. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia , trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(2)."

151. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

"Airteagal 12

1. Beidh coiste arna bhunú le hAirteagal 7 de Threoir 91/672/CEE de chúnamh ag an gCoimisiún agus Airteagal 11 á chur i bhfeidhm .

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

9.4. Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú pearsana ag taisteal ar longa paisinéirí ag oibriú isteach agus amach as calafoirt Bhallstáit an Chomhphobail[55].

Maidir le Treoir 98/41/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún forálacha áirithe den Treoir a oiriúnú, gan a raon feidhme a leathnú, chun leasuithe iartheachtacha ar Choinbhinsiún SOLAS i ndáil le córais chlárúcháin a tháinig i bhfeidhm ina dhiaidh sin a chur san áireamh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 98/41/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 98/41/CE mar seo a leanas:

152. Leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:

(a) I mír 3(b), cuirfear na focail "Airteagal 13(2)" in ionad "Airteagal 13".

(a) Sa tríú fomhír de mhír 4, cuirfear na focail "Airteagal 13(2)" in ionad "Airteagal 13".

153. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 12.

Gan dochar do na nósanna imeachta maidir le Coinbhinsiún SOLAS a leasú, féadfar an Treoir seo a leasú chun go gcinnteofaí cur chun feidhme, chun críocha na Treorach seo agus gan a raon feidhme a leathnú, leasuithe iartheachtacha ar Choinbhinsiún SOLAS i ndáil le córais chlárúcháin a tháinig i bhfeidhm tar éis an Treoir seo a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3)."

154. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

"Airteagal 13

1. Beidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) arna chur ar bun le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Nuiar a thagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún*, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Nuair a thagraítear don alt seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

* IO L 184, 17.7.1999, p.23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11)."

9.5. Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar bord long agus iarmhair lasta[56]

Maidir le Treoir 2000/59/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hIarscríbhinní, sainmhíniú agus tagairtí d'ionstraimí Comhphobail agus tagairtí d'ionstraimí IMO a oiriúnú. Ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún freisin na hiarscríbhinní a leasú chun an córas a bhunaigh an Treoir a fheabhsú agus chun bearta Comhphobail nó IMO a thiocfaidh i bhfeidhm sa todhchaí a chur san áireamh chun a gcur chun feidhme comhchuibhithe a chinntiú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2000/59/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2000/59/CE mar seo a leanas:

155. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

"Airteagal 14

Coiste

1. Beidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) arna chur ar bun le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002* de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

* IO L 324, 29.11.2002, lch.1."

156. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

Nós imeachta leasaithe

Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo, an sainmhíniú in Airteagal 2(b), tagairtí d'ionstraimí Comhphobail agus tagairtí d'ionstraimí IMO a oiriúnú chun go mbeidh siad ag luí le bearta Comhphobail agus IMO a tháinig i bhfeidhm, sa mhéid is nach leathnóidh a leithéid de leasuithe raon feidhme na Treorach seo.

Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a leasú nuair is gá chun an córas a bhunaigh an Treoir seo a fheabhsú, sa mhéid is nach leathnóidh a leithéid de leasuithe raon feidhme na Treorach seo.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Féadfar na leasuithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2 a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002."

9.6. Treoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus den Treoir ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear ceanglais agus nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le luchtú agus díluchtú sábháilte builciompróirí [57]

Maidir le Treoir 2001/96/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún roinnt sainmhínithe chomh maith le tagairtí do choinbhinsiúin agus cóid idirnáisiúnta a oiriúnú, do Rúin agus Ciorcláin IMO, do chaighdeáin ISO agus d'ionstraimí an Chomhphobail, chomh maith leis na hiarscríbhinní a ghabhann leo, chun na nósanna imeachta arna leagan síos sa Treoir a chur chun feidhme agus chun go mbeidh siad ag luí le hionstraimí idirnáisiúnta agus Comhphobail a glacadh, a leasaíodh nó a tugadh i bhfeidhm tar éis an Treoir seo a ghlacadh, ar an gcoinníoll nach leathnófar, dá dhroim sin, raon feidhme na Treorach. Ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún nósanna imeachta a bhaineann le builciompróirí agus críochfoirt agus oibleagáidí tuairiscithe a leasú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 96/2001/CE a leasú a ceapadh iad, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/96/CE mar seo a leanas:

157. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

"Airteagal 14

Coiste

1. Beidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ar Longa a chosc (COSS) arna chur ar bun le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear an Coiste um Shábháiltacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc, de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

*IO L 324, 29.11.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 415/2004 ón gCoimisiún (IO L 68, 6.3.2004, lch. 10)."

158. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(1) agus (2):

"1. Féadfar na sainmhínithe i bpointí 1 go 6 agus 15 go 18 d'Airteagal 3, na tagairtí do choinbhinsiúin agus cóid idirnáisiúnta agus do Rúin agus Ciorcláin IMO, na tagairtí do chaighdeáin ISO, na tagairtí d'ionstraimí an Chomhphobail, chomh maith leis na hiarscríbhinní a ghabhann leo, a leasú chun go mbeidh siad ag luí le hionstraimí idirnáisiúnta agus Comhphobail, a glacadh, a leasaíodh nó a tugadh i bhfeidhm tar éis an Treoir seo a ghlacadh, ar an gcoinníoll nach leathnófar, dá dhroim sin, raon feidhme na Treorach. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

2. Féadfaidh an Coimisiún Airteagal 8 agus na hiarscríbhinní le haghaidh cur chun feidhme na nósanna imeachta arna leagan síos sa Treoir seo a leasú, agus nuair atá na hoibleagáidí tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagail 11(2) agus 12 á leasú nó á n-aisghairm acu, ar an gcoinníoll nach leathnóidh a leithéid d'fhorálacha raon feidhme na Treorach seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(2)."

9.7. Treoir 2002/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long ag bealach isteach agus/nó ag bealach amach ó chalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail[58]

Maidir le Treoir 2002/6/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún liostaí na bhfoirmiúlachtaí tuairiscithe a leasú, i leith long, sínitheoirí, sonraíochtaí teicniúla agus samplaí d'fhoirmeacha FAL na hEagra íochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO). Ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún freisin tagairtí d'ionstraimí IMO a leasú chun go mbeidh an Treoir ag luí le bearta Comhphobail nó IMO. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/6/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/6/CE mar seo a leanas:

159. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

"Airteagal 5

Nós imeachta leasaithe

Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe ar Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Treoir seo agus ar thagairtí d'ionstraimí IMO chun go mbeidh siad ag luí le bearta Comhphobail nó IMO a tháinig i bhfeidhm, sa mhéid is nach leathnóidh a leithéid de leasuithe raon feidhme na Treorach seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 6(2)."

160. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

"Airteagal 6

Coiste

1. Beidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) arna chur ar bun le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002* de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

(*) IO L 324, 29.11.2002, lch. 1. "

9.8. Treoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Márta 2002 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibríochta atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt Chomhphobail[59]

Maidir le Treoir 2002/30/CEE, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an liosta aerfort Cathrach in Iarscríbhinn I a leasú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/30/CEE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/30/CE mar seo a leanas:

161. Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a) I bpointe (b) scriostar an abairt deiridh.

(b) Cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis:

"Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I a leasú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3)."

162. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(3):

"3. Nuair a thagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

9.9. Treoir 2002/91/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh[60]

Maidir le Treoir 2002/91/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún codanna áirithe den chreat ginearálta atá leagtha amach ina hIarscríbhinn maidir le hascnamh teicniúil, a oiriúnú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/91/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/91/CE mar seo a leanas:

163. In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

"Cuirfidh na Ballstáit modheolaíocht i bhfeidhm, ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, maidir le ríomh feidhmíochta fuinnimh i bhfoirgnimh ar bhonn an chreata ghinearálta atá leagtha amach san Iarscríbhinn. Oiriúnóidh an Coimisiún Cuid 1 agus Cuid 2 den chreat seo d'ascnamh teicniúil, ag cur san áireamh caighdeáin nó noirm a chuirtear i bhfeidhm i reachtaíocht na mBallstát. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(2)."

164. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír in Airteagal 13:

"I gcás aon leasuithe is gá chun pointí 1 agus 2 den Iarscríbhinn maidir le hascnamh teicniúil a oiriúnú, bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(2)."

165. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

"Airteagal 14

Coiste

1. Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

9.10. Treoir 2002/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le ceanglais shonracha cobhsaíochta le haghaidh long paisinéirí ró-ró[61]

Maidir le Treoir 2003/25/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na ceanglais shonracha cobhsaíochta agus treoirlínte táscacha a leasú do riaracháin náisiúnta chun forbairtí ar leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe, san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), agus chun éifeachtúlacht na Treorach a fheabhsú i bhfianaise taithí agus ascnaimh theicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2003/25/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2003/25/CE mar seo a leanas:

166. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

"Airteagal 10

Oiriúnuithe.

Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú chun forbairtí ar leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), agus chun éifeachtúlacht na Treorach seo a fheabhsú i bhfianaise taithí agus ascnaimh theicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(2)."

167. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

"Airteagal 11

Coiste

1. Beidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) arna chur ar bun le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002* de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

* IO L 324, 29.11.2002, p.1."

9.11. Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint leanúnach tiománaithe feithiclí áirithe bóthar d'iompar earraí agus paisinéirí, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle[62]

Maidir le Treoir 2003/59/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na leasuithe is gá chun na hIarscríbhinní maidir le hascnamh eolaíoch agus teicniúil a oiriúnú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2003/59/CE a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2003/59/CE mar seo a leanas:

168. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

"Airteagal 11

Oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil

Glacfar na leasuithe is gá chun Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil, ar bearta iad a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 12(2)."

169. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

"Airteagal 12

Coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Sa chás go dtagraítear don alt seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

9.12. Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis na ceanglais árachais a bhaineann le haeriompróirí agus le hoibritheoirí aerárthaí[63]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 785/2004, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na méideanna i leith dliteanais i dtaca le paisinéirí, bagáiste agus lasta agus na méideanna i leith dliteanais i dtaca le tríú páirtithe, a oiriúnú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 785/2002 a leasú a ceapadh iad, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 2004/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 mar seo a leanas:

170. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(5):

"5. Féadfar na luachanna dá dtagraítear san Airteagal seo a leasú, nuair is cuí, áit ina léiríonn na leasuithe ar na conarthaí idirnáisiúnta ábhartha go bhfuil gá leis. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 9(3)."

171. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2):

"2. Féadfar na luachanna dá dtagraítear san Airteagal seo a leasú, nuair is cuí, áit ina léiríonn na leasuithe ar na conarthaí idirnáisiúnta ábhartha go bhfuil gá leis. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 9(3)."

172. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(3):

"3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

9.13. Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta agus Fuinnimh sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 3051/95[64]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 336/2006, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an iarscríbhinn ina bhfuil forálacha le haghaidh na riarachán maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta Sábháilteachta agus Fuinnimh a leasú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 336/2002 a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 2006/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 mar seo a leanas:

173. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(2):

"2. Glacfar athruithe ar Iarscríbhinn II, ar bearta iad, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

174. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

"Airteagal 12

Coiste

1. Beidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) arna chur ar bun le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002* de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Nuair a dhéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

* IO L 324, 29.11.2002, lch.1."

9.14. Treoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 um Éifeacht Fuinnimh na Críochúsáide agus Seirbhísí Fuinnimh agus ag aisghairm Threoir 93/76/CEE ón gComhairle[65]

Maidir le Treoir 2006/32/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún luachanna agus modhanna ríofa áirithe a oiriúnú d'ascnamh teicniúil; chun an creat ginearálta le haghaidh coigilteas fuinnimh a thomhas a chóiriú agus a chomhlánú; an céatadán de ríomhaireachtaí comhchuibhithe ó bhun aníos arna n-úsáid i samhail ríofa chomhchuibhithe a ardú; agus chun foireann táscairí agus tagarmharcanna éifeachta fuinnimh chomhchuibhithe a fhorbairt. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2006/32/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2006/32/CE mar seo a leanas:

175. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

Athbhreithniú agus oiriúnú an chreata

1. Déanfar na luachanna agus modhanna ríofa dá dtagraítear in Iarscríbhinní II, III, IV agus V a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

2. Roimh 1 Eanáir 2008, déanfaidh an Coimisiún pointí 2 go 6 d'Iarscríbhinn IV a chóiriú agus a chomhlánú tuilleadh mar is gá, ach an creat ginearálta arna leagan amach in Iarscríbhinn IV á urramú aige. Déanfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha na Treorach seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

3. Roimh 1 Eanáir 2012, ardóidh an Coimisiún an céatadán ríomhaireachtaí comhchuibhithe ó bhun aníos a úsáidtear sa tsamhail ríofa chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe 1 d'Iarscríbhinn IV, gan dochar do na scéimeanna Ballstáit sin a bhfuil céatadán níos airde in úsáid acu cheana féin. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 16(3). Úsáidfear an tsamhail ríofa chomhchuibhithe nua le céatadán i bhfad níos airde ríomhaireachtaí ó bhun aníos amhail ón 1 Eanáir 2012.

I ngach cás inar praiticiúil agus inar féidir é, déanfaidh an tomhas coigealtis iomlán thar thréimhse iomlán chur i bhfeidhm na Treorach seo an tsamhail ríofa chomhchuibhithe seo a úsáid, gan dochar do na scéimeanna Ballstáit sin a úsáideann céatadán níos airde ríomhaireachtaí ó bhun aníos.

4. Tráth nach déanaí ná 30 Meitheamh 2008, déanfaidh an Coimisiún foireann táscairí agus tagarmharcanna éifeachta fuinnimh comhchuibhithe atá bunaithe orthu a fhorbairt, ag cur san áireamh sonraí atá ar fáil nó sonraí ar féidir a bhailiú ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de ó gach Ballstát. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 16(3). Chun na táscairí agus tagarmharcanna éifeachta fuinnimh comhchuibhithe a fhorbairt, úsáidfidh an Coimisiún an liosta táscach atá leagtha amach in Iarscríbhinn V mar threoir thagartha. Déanfaidh na Ballstáit na táscairí agus tagarmharcanna seo a chomhthathú sna sonraí staidrimh a áirítear ina EEAPanna mar a thagraítear dóibh in Airteagal 14, agus iad a úsáid mar cheann de na huirlisí atá ar fáil dóibh chun na limistéir tosaíochta sna EEAPanna sa todhchaí a chinneadh.

Tráth nach déanaí ná 17 Bealtaine 2011, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an dul chun cinn i socrú táscairí agus tagarmharcanna."

176. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

"Airteagal 16

Coiste

1. Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Nuair a dhéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Nuair a thagraítear don alt seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Iarscríbhinn chroineolaíoch

177. Treoir 76/160/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1975 maidir le cáilíocht uisce snámha (leathanach 25)

178. Treoir 76/769/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le srianta ar shubstaintí agus ullmhóidí contúirteacha áirithe a mhargú agus a úsáid (leathanach 18)

179. Treoir 76/767/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forálacha coiteanna i leith árthaí brú agus modhanna a n-iniúchta (leathanach 18)

180. Treoir 89/108/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir leis comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia mear-reoite mar bhia don duine (leathanach 57)

181. Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (leathanach 10)

182. Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 maidir le lipéadú cothúlachta ar earraí bia (leathanach 57)

183. Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (leathanach 26)

184. Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (leathanach 28)

185. Treoir 91/672/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le teastais náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre a aithint go cómhalartach (leathanach 63)

186. Treoir 92/29/CEE ón gComhairle an 31 Márta 1992 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte chun cóir leighis níos fearr ar bord long a chur chun cinn (leathanach 12)

187. Treoir 92/75/CEE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 1992 maidir le caitheamh fuinnimh agus acmhainní eile ag fearais tí a thabhairt le fios trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánaithe faoin táirge (leathanach 64)

188. Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal agus chun anailís a dhéanamh air (leathanach 40)

189. Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa (leathanach 19)

190. Treoir 94/63/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le rialú astaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha (CSO) a thig ó stóráil peitril agus óna dáileadh ó theirminéil go stáisiúin seirbhíse (leathanach 29)

191. Treoir 95/57/CE ón gComhairle an 23 Samhain 1995 maidir le faisnéis staidrimh i réimse na turasóireachta a chruinniú (leathanach 41)

192. Treoir 96/50/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha a bhaineann le teastais náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre sa Chomhphobal (leathanach 65)

193. Treoir 96/82/CE ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le rialú guaiseacha mórthimpiste lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha (leathanach 30)

194. Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le modhanna áirithe chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin dhénártha de shnáithíní teicstíle (leathanach 20)

195. Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d'iompar paisinéirí ag oibriú le dul isteach agus amach as calafoirt Bhallstáit an Chomhphobail (leathanach 66)

196. Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húisc de chaife nó úisc de shiocaire (leathanach 9)

197. Treoir 1999/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia agus comhábhair bia atá cóireáilte le radaíocht ianaíoch (leathanach 59)

198. Treoir 1999/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hullmhóidí contúirteacha a aicmiú, a phacáistiú agus a lipéadú (leathanach 21)

199. Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (leathanach 31)

200. Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha (leathanach 50)

201. Treoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí maidir le barainneacht breosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin nua phaisinéirí a chur ar an margadh (leathanach 32)

202. Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cócó agus seacláide a bheartaítear mar bhia don duine (leathanach 9)

203. Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar bord long agus iarmhair lasta (leathanach 67)

204. Treoir 2000/76/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2000 maidir le dramhaíl a loscadh (leathanach 33)

205. Treoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear na ceanglais agus na nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le luchtú agus díluchtú sábhailte builciompróirí (leathanach 68)

206. Treoir 2002/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long ag bealach isteach agus ag bealach amach ó chalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail (leathanach 69)

207. Treoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Márta 2002 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibríochta atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt Chomhphobail (leathanach 70)

208. Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2002 maidir leis an bhFearann Barrleibhéil .eu a chur chun feidhme (leathanach 51)

209. Treoir 2002/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Márta 2002 maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí dhá roth nó trí roth agus ag aisghairm Threoir 92/16/CEE ón gComhairle (leathanach 22)

210. Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forlíontaí bia (leathanach 61)

211. Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (leathanach 35)

212. Treoir 2002/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (creathadh) (an séú Treoir déag leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (leathanach 12)

213. Treoir 2002/91/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (leathanach 71)

214. Treoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (torann) (an seachtú Treoir déag leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (leathanach 14)

215. Treoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le ceanglais shonracha cobhsaíochta le haghaidh long paisinéirí ró-ró (leathanach 72)

216. Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d'Aonaid Chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (leathanach 43)

217. Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 maidir le staidreamh Comhphobail ar dhálaí ioncaim agus maireachtála (EU-SILC) (leathanach 44)

218. Treoir 2003/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le cineál cheadú tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta, a leantóirí agus innealra tarraingthe idirmhalartaithe, mar aon lena gcórais, lena gcomhpháirteanna agus lena n-aonaid theicniúla leithleacha agus ag aisghairm Threoir 74/150/CEE (leathanach 23)

219. Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúnt leanúnach tiománaithe feithiclí áirithe bóthar d'iompar earraí agus paisinéirí, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agur Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (leathanach 73)

220. Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus le hinrianaitheacht bia agus táirgí beathaithe a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe (leathanach 36)

221. Treoir 2004/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le hastaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha a theorannú, ar astaíochtaí iad a éiríonn as úsáid tuaslagóirí orgánacha i bpéinteanna agus i vearnaisí áirithe agus i dtáirgí ath-bhailchríochnaithe feithiclí agus ag leasú Threoir 1999/13/CE (leathanach 37)

222. Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis an staidreamh Comhphobail ar shochaí na faisnéise (leathanach 46)

223. Treoir 2004/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (réimsí leictreamaighnéadacha) (an t-ochtú Treoir déag leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (leathanach 15)

224. Treoir 2004/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le huirlisí tomhais (leathanach 24)

225. Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agua ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis na ceanglais árachais a bhaineann le haeriompróirí agus le hoibritheoirí aerárthaí (leathanach 74)

226. Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir leis na cuntais eacnamaíocha talmhaíochta sa Chomhphobal (leathanach 45)

227. Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch (leathanach 46)

228. Rialachán (CE) Uimh. 1161/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2005 maidir le tiomsú cuntas ráithiúil neamhairgeadais de réir na hearnála institiúidí (leathanach 48)

229. Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fomhair 2005 i ndáil le haitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla (leathanach 53)

230. Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agua ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 3051/95 ón gComhairle (leathanach 74)

231. Treoir 2006/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (radaíocht optúil shaorga) (an naoú Treoir déag leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (leathanach 16)

232. Treoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtacht fuinnimh na críochúsáide agus le seirbhísí fuinnimh agus ag aisghairm Threoir 93/76/CEE ón gComhairle (leathanach 75)

233. Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le gáis cheaptha teasa fluairínithe áirithe (leathanach 37)

234. Treoir 2006/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cáilíocht fionnuiscí ar gá iad a chosaint nó a fheabhsú chun tacú leis an iascra (leathanach 38)

235. Treoir 2006/113/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gcáilíocht is gá d'uiscí sliogéisc (leathanach 39)

[1] IO C […], […], lch. […].

[2] IO C […], […], lch. […].

[3] IO C […], […], lch. […].

[4] IO C […], […], lch. […].

[5] IO L 184, 17.7.1999, lch. 1. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

[6] IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.

[7] IO L 66, 13.3.1999, lch. 26. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[8] IO L 197, 3.8.2000, lch. 19. Treoir arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003.

[9] IO L 183, 29.6.1989, lch. 1. Treoir mar atá arna leasú le Rialachán (CE) 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch.1).

[10] IO L 113, 30.4.1992, lch. 19. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[11] IO L 177, 6.7.2002, lch. 13.

[12] IO L 42, 15.2.2003, lch. 38.

[13] IO L 159, 30.4.2004, lch. 1.

[14] IO L 114, 27.4.2006, lch. 38.

[15] IO L 262, 27.9.1976, lch. 153.

[16] IO L 262, 27.9.1976, lch. 201. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/139/CE ón gCoimisiún (IO L 384, 29.12.2006).

[17] IO L 41, 15.2.2000, lch. 20. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[18] IO L 32, 3.2.1997, lch. 1. Treoir arna leasú le Treoir 2007/4/CE (IO L 28, 3.2.2007, lch. 14).

[19] IO L 200, 30.7.1999 lch. 1. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Treoir 2006/8/CE ón gCoimisiún (IO L 19, 24.1.2006, lch. 12 ).

[20] IO L 124, 9.5.2002, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/96/CE ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 81).

[21] IO L 171, 9.7.2003, lch. 1.

[22] IO L 135, 30.4.2004, lch. 1.

[23] IO L 31, 5.2.1976, lch. 1, Cinneadh arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 807/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 (IO L 122, 16.5.2003, lch.36).

[24] IO L 135, 30.5.1991, lch. 40. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[25] IO L 375, 31.12.1991, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[26] IO L 365, 31.12.1994, lch. 24. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[27] OJ L 10, 14.1.1997, lch. 13, arna leasú le Treoir 2003/105/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 97).

[28] IO L 182, 16.7.1999, lch. 1, Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 an 29 Meán Fómhair 2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[29] IO L 12, 18.1.2000, lch. 16. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[30] IO L 332, 28.12.2000, lch. 91.

[31] IO L 189, 18.7.2002, lch. 12.

[32] IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.

[33] IO L 143, 30.4.2004, lch. 87.

[34] IO L 161, 14.6.2006, lch. 1.

[35] IO L 264, 25.9.2006, lch. 20.

[36] IO L 376, 27.12.2006, lch. 14.

[37] IO L 76, 30.3.1993, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[38] IO L 291, 6.12.1995, lch. 32. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Treoir 2006/110/CE (IO L 363, 20.12.2006, lch. 418).

[39] IO L 154, 21.6.2003, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 105/2007 (IO L 39, 10.2.2007, lch. 1).

[40] IO L 165, 3.7.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

[41] IO L 33, 5.2.2004, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 909/2006 ón gCoimisiún (IO L 168, 21.6.2006, lch. 14).

[42] IO L 143, 30.4.2004, lch. 49. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

[43] IO L 35, 8.2.2005, lch. 23. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 602/2006 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2006 (IO L 106, 19.4.2006, lch. 10).

[44] IO L 191, 22.7.2005, lch. 22.

[45] IO L 13, 19.1.2000, lch. 12.

[46] IO L 113, 30.4.2002, lch. 1.

[47] IO L 255, 30.9.2005, lch. 22.

[48] IO L 40, 11.2.1989, lch. 34.

[49] IO L 276, 6.10.1990, lch. 40.

[50] IO L 66, 13.3.1999, lch. 16.

[51] IO L 183, 12.7.2002, lch. 51.

[52] IO L 373, 31.12.1991, lch. 29. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[53] IO L 297, 13.10.1992, lch. 16. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[54] IO L 235, 17.9.1996, lch. 31. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[55] IO L 188, 2.7.1998, lch. 35. Treoir arna leasú le Treoir 2002/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 324, 29.11.2002, lch. 53)

[56] IO L 332, 28.12.2000, lch. 81. Treoir mar atá arna leasú le Treoir 2002/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 324, 29.11.2002, lch. 53).

[57] IO L 13, 16.1.2002, lch. 9. Treoir mar atá arna leasú le Treoir 2002/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 324, 29.11.2002, lch. 53).

[58] IO L 67, 9.3.2002, lch. 31.

[59] IO L 85, 28.3.2002, lch.40. Treoir mar atá arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003.

[60] IO L 1, 4.1.2003, lch. 65.

[61] IO L 123, 17.5.2003, lch. 22.

[62] IO L 226, 10.9.2003, lch. 4.

[63] IO L 138, 30.4.2004, lch. 1.

[64] IO L 64, 4.3.2006, lch. 1.

[65] IO L 114, 27.4.2006, lch. 64.