52007PC0667




[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil, 31.10.2007

COIM(2007) 667 leagan deireanach

2007/0235 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú na Gníomhaireachta Comhshaoil Eorpaí agus an Líonra Eorpaigh um Fhaisnéis agus Fhaireachán ar an gComhshaol (Leagan códaithe)

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an-bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú reachtaíocht an Chomhphobail ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe don ghnáthshaoránach, sa chaoi go gcruthaítear deiseanna nua dó agus seans úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar air.

Ní fhéadfar an cuspóir seo a bhaint amach fad agus atá líon mór forálacha a leasaíodh arís agus arís eile, leasuithe suntasacha go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, agus go mbíonn gá cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstaimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh i bhfoirm comparáide idir go leor ionstraimí éagsúla chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a aithint.

Ar an gcúis seo, beidh gá freisin códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go mion minic má tá dlí an Chomhphobail le bheith soiléir agus trédhearcach.

2. Chinn[1] an Coimisiún, dá bhrí sin, an 1 Aibreán 1987 a chuid ball foirne a threorú nach mór na hionstraimí reachtacha uile a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad , á chur i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur chóir do na ranna iarracht a dhéanamh na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu a chódú laistigh d'agaí níos giorra fós lena chinntiú go bhfuil rialacha an Chomhphobail soiléir agus sothuigthe.

3. Dearbhaíodh é seo[2] i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992) agus cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.

Ní foláir gnáthnós imeachta reachtach an Chomhphobail a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán agus an códú á dhéanamh.

Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n-ionstraimí ar a mbeidh éifeacht ag an g códú , tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, i gcomhaontú idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994, go bhféadfar nós imeachta brostaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe a ghlacadh go mear.

4. Is éard is aidhm don togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CCE) Uimh. 1210/90 ón gComhairle an 7 Bealtaine 1990 maidir le bunú na Gníomhaireachta Comhshaoil Eorpaí agus an Líonra Eorpaigh um Fhaisnéis agus Fhaireachán ar an gComhshaol[3]. Glacfaidh an Rialachán nua ionad na n-ionstraimí éagsúla a chuimsítear ann[4]; caomhnaíonn an togra seo go huile agus go hiomlán inneachar na n-ionstraimí atá á gcódú agus, ar an ábhar sin, ní dhéanann sé ach iad a thabhairt le chéile gan ach na leasuithe foirmiúla sin amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códaithe féin a dhéanamh.

5. Tarraingíodh suas an togra um chódú bunaithe ar réamh-chomhdhlúthú Rialachán (CEE) Uimh. 1210/90 agus na n-ionstraimí lena leasaítear é, sna teangacha oifigiúla go léir. Is í Oifig Foilseachán Oifigiúil na gComhphobal Eorpach a rinne an comhdhlúthu sin trí chóras próiseála sonraí . I gcás gur tugadh uimhreacha nua do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán códaithe.

⎢ 1210/90 (oiriúnaithe)

2007/0235 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (CE) Uimh .../.. Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an […]

maidir le bunú na Gníomhaireachta Comhshaoil Eorpaí agus an Líonra Eorpaigh um Fhaisnéis agus Fhaireachán ar an gComhshaol

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal Ö 175 Õ de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[5],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[6],

Ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[7],

De bharr an méid seo a leanas:

1. Rinneadh an Rialachán (CEE) Uimh. 1210/90 an 7 Bealtaine 1990 ón gComhairle maidir le bunú na Gníomhaireachta Comhshaoil Eorpaí agus an Líonra Eorpaigh um Fhaisnéis agus Fheasacht ar an gComhshaol[8] a leasú go mion minic[9]. Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht ba chóir an Rialachán sin a chódú.

⎢1210/90 Aithris 1

2. Foráiltear sa Chonradh d'forbairt agus do chur chun feidhme bheartas an Chomhphobail ar an gcomhshaol, agus leagtar síos leis cuspóirí agus prionsabail ar chóir dóibh beartas den sórt sin a rialú.

⎢1210/90 Aithris 2

3. Beidh na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil ina gcomhpháirt de bheartais eile an Chomhphobail.

⎢1210/90 Aithris 3 (oiriúnaithe)

4. De réir Airteagal 174 den Chonradh, agus a ghníomh a bhaineann leis an gcomhshaol á ullmhú ag an gComhphobal, cuirfidh sé san áireamh, inter alia , na sonraí eolaíocha agus teicniúla atá ar fáil.

⎢ 1210/90 Aithris 5

5. Tá gá le sonraí comhshaoil a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú ar leibhéal Eorpach chun faisnéis oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide a sholáthar ionas go bhféadfaidh an Comhphobal agus na Ballstáit gach beart fíor-riachtanach a ghlacadh chun an comhshaol a chosaint, torthaí beart den sórt sin a mheasúnú agus a áirthiú go bhfuil an pobal i gcoitinne curtha ar an eolas go cuí faoi staid an chomhshaoil.

⎢1210/90 Aithris 6

6. Tá saoráidí ann cheana sa Chomhphobal agus sna Ballstáit a chuireann faisnéis agus seirbhísí den sórt sin ar fáil.

⎢1210/90 Aithris 7 (oiriúnaithe)

7. Ba cheart go gcruthóidís sin bunstruchtúr Ö don Õ Líonra Eorpach um Fhaisnéis agus Fhaireachán ar an gComhshaol Ö a bheidh á Õ chomhordú ar leibhéal Comhphobail trí Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach.

⎢1641/2003 Aithris 2

8. Tá na prionsabail ghinearálta agus teorainneacha maidir leis an gceart rochtana ar dhoiciméid, dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh, leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Parlaiminte Eorpaí, na Comhairle agus an Choimisiúin[10].

⎢1210/90 Aithris 8

9. Ba cheart don Ghníomhaireacht comhoibriú leis na struchtúir atá ann cheana ar leibhéal an Chomhphobail chun a chur ar chumas an Choimisiúin a áirthiú go gcuirtear reachtaíocht an Chomhphobail maidir leis an gcomhshaol i bhfeidhm go hiomlán.

⎢1210/90 Aithris 9

10. Ba chóir do stádas agus struchtúr na Gníomhaireachta freagairt do charachtar oibiachtúil na dtorthaí a bhfuil beartaithe aici a bhaint amach agus ligean di a feidhmeanna a chomhlíonadh i ndlúthchomharaíocht leis na saoráidí náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ann cheana.

⎢1210/90 Aithris 10

11. Ba chóir neamhspleáchas dlíthiúil a thabhairt don Ghníomhaireacht ach dlúthnaisc a chothabháil freisin le hinstitiúidí an Chomhphobail agus leis na Ballstáit.

⎢1210/90 Aithris 11

12. Tá sé inmhianaithe foráil a dhéanamh go n-éisteoidh an Ghníomhaireacht le tíortha eile ar ábhar cúraim dóibh, mar is amhlaidh don Chomhphobal agus do na Ballstáit, cuspóirí na Gníomhaireachta faoi chomhaontuithe a thabharfar i gcrích idir iad agus an Comhphobal,

⎢ 1210/90

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1. Bunaíonn an Rialachán seo an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach, dá ngairtear "an Ghníomhaireacht" anseo feasta, agus is é is aidhm dó líonra Eorpach um fhaisnéis agus fhaireachán ar an gcomhshaol a chur ar bun.

⎢ 933/1999 Airt. 1 pointe 1 (oiriúnaithe)

2. Chun na haidhmeanna a bhaineann le cosaint agus le feabhsú an chomhshaoil a bhaint amach mar atá siad leagtha síos sa Chonradh agus i gcláir ghníomhaíochta leanúnacha an Chomhphobail maidir leis an gcomhshaol, mar aon leis na haidhmeanna a bhaineann le forbairt inbhuanaithe, is éard a bheidh mar chuspóir Ö leis an nGníomhaireacht agus leis an Líonra Eorpach um Fhaisnéis agus Fhaireachán ar an gComhshaol Õ na nithe seo a leanas a chur ar fáil don Chomhphobal agus do na Ballstáit:

⎢ 1210/90 (oiriúnaithe)

(a) faisnéis oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide ar leibhéal Eorpach ionas go bhféadfaidh siad gach beart fíor-riachtanach a ghlacadh chun an comhshaol a chosaint, torthaí beart den sórt sin a mheasúnú agus a áirthiú go bhfuil an pobal i gcoitinne curtha ar an eolas go cuí faoi staid an chomhshaoil Ö , agus Õ chuige sin,

(b) an tacaíocht theicniúil agus eolaíoch atá riachtanach.

Airteagal 2

D'fhonn an cuspóir atá leagtha síos in Airteagal 1 a bhaint amach, beidh de chúram ar an nGníomhaireacht:

(a) an líonra dá dtagraítear in Airteagal 4 a bhunú, i gcomhar leis na Ballstáit, agus a chomhordú; sa chomhthéacs sin, beidh an Ghníomhaireacht freagrach as sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú, go háirithe sonraí sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 3;

⎢ 933/1999 Airt. 1 pointe 2(a)

(b) an fhaisnéis oibiachtúil atá riachtanach chun beartais chomhshaoil éifeachtacha agus fhónta a chumadh agus a chur i bhfeidhm a chur ar fáil don Chomhphobal agus do na Ballstáit; chuige sin, go háirithe an fhaisnéis a theastaíonn ón gCoimisiún a sholáthar dó chun go mbeidh sé in ann na cúraimí atá air a chomhlíonadh maidir le bearta agus reachtaíocht i réimse an chomhshaoil a aithint, a ullmhú agus a mheasúnú;

(c) cúnamh a thabhairt chun faireachán a dhéanamh ar bhearta comhshaoil trí thacaíocht chuí a chur ar fáil do cheanglais tuairiscithe (lena n-áirítear rannpháirtíocht i bhforbairt ceistneoirí, próiseáil tuarascálacha ó Bhallstáit agus dáileadh na dtorthaí), de réir a cláir oibre ilbhliantúil agus ar mhaithe leis an tuairisciú a chomhordú;

(d) faisnéis a thabhairt do na Ballstáit leithleacha maidir le forbairt, bunú agus síneadh a gcuid córas chun faireachán a dhéanamh ar na bearta comhshaoil, arna iarraidh sin dóibh agus sa chás gur comhchuí é le clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta, agus ar choinníoll nach ndrochróidh gníomhaíochtaí den sórt sin comhlíonadh a gcúraimí eile a bunaíodh faoin Airteagal seo; féadfar athbhreithnithe piaraí a rinne saineolaithe a áireamh i bhfaisnéis den sórt sin ar iarraidh shonrach ó na Ballstáit;

(e) sonraí faoi staid an chomhshaoil a thaifeadadh, a chóimheas agus a mheasúnú, saintuarascálacha maidir le caighdeán, íogaireacht agus brú ar an gcomhshaol ar chríoch an Chomhphobail a tharraingt suas, critéir mheasúnaithe chomhionanna a sholáthar chun na sonraí comhshaoil a chur chun feidhme sna Ballstáit go léir, forbairt breise agus cothabháil a dhéanamh ar lárionad faisnéise maidir leis an gcomhshaol; úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo i gcomhlíonadh a chúraimí dó maidir le cur chun feidhme reachtaíocht an Chomhphobail ar an gcomhshaol a chinntiú;

⎢ 1210/90

(f) cuidiú a thabhairt lena chinntiú go bhfuil na sonraí comhshaoil ar leibhéal Eorpach inchomparáide agus, más gá, comhchuibhiú feabhsaithe modhanna tomhais a spreagadh trí mheán iomchuí;

(g) ionchorprú na faisnéise Eorpaí maidir leis an gcomhshaol a chur chun cinn i gcláir idirnáisiúnta maidir le faireachán ar an gcomhshaol, i.e. na cláir sin a bhunaigh na Náisiúin Aontaithe agus a sainghníomhaireachtaí;

⎢ 933/1999 Airt. 1 pointe 2(a)

(h) tuarascáil a fhoilsiú ar staid agus ar chlaontaí an chomhshaoil agus ar na hionchais atá i ndán don chomhshaol gach cúig bliana, arna forlíonadh ag tuarascálacha faoi na táscairí a chuireann béim ar saincheisteanna sonracha;

⎢ 1210/90

(i) forbairt agus cur chun feidhme teicníochtaí réamhaisnéise ar an gcomhshaol a spreagadh ionas gur féidir bearta coisctheacha leordhóthanacha a ghlacadh in am trátha;

(j) forbairt modhanna a spreagadh chun an díobháil a rinneadh don chomhshaol agus an costas a bhaineann le beartais choisctheacha, chosanta agus athchóirithe maidir leis an gcomhshaol a mheasúnú;

(k) malartú faisnéise a spreagadh maidir leis na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun an díobháil don chomhshaol a chosc nó a laghdú;

(l) comharaíocht leis na comhlachtaí agus na cláir dá dtagraítear in Airteagal 15;

⎢ 933/1999 Airt. 1 pointe 2(b)

(m) dáileadh forleathan faisnéise iontaofa agus inchomparáide maidir leis an gcomhshaol a chinntiú, go háirithe faisnéis ar staid an chomhshaoil, i measc an phobail i gcoitinne agus, chuige sin, úsáid na teicneolaíochta nua teileamaitice a chur chun cinn chun na críche sin;

(n) tacaíocht a thabhairt don Choimisiún sa phróiseas malartaithe faisnéise maidir le forbairt modheolaíochtaí agus an chleachtais is fearr i Measúnú ar an gComhshaol;

(o) cabhair a thabhairt don Choimisiún d'fhonn faisnéis maidir leis na torthaí ó thaighde cuí ar an gcomhshaol a dháileadh i bhfoirm a sholáthróidh an cuidiú is fearr chun beartais a fhorbairt.

⎢ 1210/90

Airteagal 3

1. Áireofar i bpríomhréimsí gníomhaíochta na Gníomhaireachta, a mhéad is féidir, na gnéithe sin go léir a chuirfidh ar a cumas í faisnéis a bhailiú lena bhféadfar cur síos a dhéanamh ar staid an chomhshaoil mar atá agus mar is intuartha de réir na gceannteideal seo a leanas:

(a) caighdeán an chomhshaoil;

(b) brú ar an gcomhshaol;

(c) íogaireacht an chomhshaoil;

⎢ 1210/90 (oiriúnaithe)

è1 933/1999 Art.1 point 3(a)

è1 lena n-áirítear na ceannteidil sin a chur i gcomhthéacs na forbartha inbhuanaithe. ç

2. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis ar féidir a úsáid go díreach chun beartas an Chomhphobail ar an gcomhshaol a chur chun feidhme.

Tabharfar tosaíocht do na réimsí oibre seo a leanas:

⎢ 1210/90

(a) caighdeán an aeir agus astaíochtaí atmaisféaracha;

(b) caighdeán an uisce, truailleáin agus acmhainní uisce;

(c) staid na hithreach, fauna agus flora, agus na mbiotóp;

(d) úsáid talún agus acmhainní nádúrtha;

(e) bainisteoireacht dramhaíola;

(f) astú fuaime;

(g) substaintí ceimiceacha a dhéanann díobháil don chomhshaol;

⎢933/1999 Airt. 1 pointe 3(b)

(h) cosaint chósta agus mhuirí.

⎢ 1210/90

Go háirithe, déanfar feiniméin trasteorann, ilnáisiúnta agus dhomhanda a fholú.

Cuirfear an ghné shocheacnamaíoch san áireamh freisin.

⎢933/1999 Airt.1 pointe 3(c) (oiriúnaithe)

3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú freisin agus faisnéis a mhalartú le comhlachtaí eile, lena n-áiritear an Ö Líonra Eorpach um chur i bhfeidhm agus fhorghníomhú dhlí an chomhshaoil Õ (líonra IMPEL).

Agus í i mbun a cuid gníomhaíochtaí seachnóidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí atá ar bun cheana ag institiúidí agus comhlachtaí eile a chóipeáil.

⎢ 1210/90

Airteagal 4

1. Cuimseoidh an líonra:

(a) príomh-chomhpháirteanna na líonraí faisnéise náisiúnta;

(b) na lárionaid náisiúnta;

(c) na sainionaid téamaí.

⎢933/1999 Airt. 1 pointe 4(a) agus 1210/90 Airt. 4(2), an chéad fhomhír (oiriúnaithe)

2. Coinneoidh na Ballstáit an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi na príomh-chomhpháirteanna ina gcuid líonraí náisiúnta um fhaisnéis ar an gcomhshaol Ö, go háirithe sna réimsí tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), lena n-áirítear aon institiúid a d'fhéadfadh, ina dtuairim, cuidiú le hobair na Gníomhaireachta, agus an gá leis an gcuimsiú geografach is forleithne agus is féidir ar a gcuid críoch a chur san áireamh. Õ

Comhoibreoidh na Ballstáit, mar is cuí, leis an nGníomhaireacht agus cuideoidh siad le hobair an Líonra Eorpaigh um Fhaisnéis agus Fhaireachán ar an gComhshaol de réir chlár oibre na Gníomhaireachta trí na sonraí náisiúnta a bhailiú, a chóimheas agus a anailísiú.

Féadfaidh na Ballstáit oibriú le chéile freisin chun comharaíocht a chur chun cinn sna gníomhaíochtaí sin ar leibhéal trasnáisiúnta.

⎢ 1210/90

3. Féadfaidh na Ballstáit, go háirithe, as measc na n-institiúidí dá dtagraítear in alt 2 nó as líon eagraíochtaí eile atá bunaithe ar a gcuid críoch 'lárionad náisiúnta' a ainmniú chun an fhaisnéis a bheidh le soláthar ar leibhéal náisiúnta a chomhordú agus/nó a chur chuig an nGníomhaireacht agus na hinstitiúidí nó comhlachtaí atá ina gcomhpháirt den líonra, lena n-áirítear na sainionaid téamaí dá dtagraítear in alt 4.

⎢ 1210/90 (oiriúnaithe)

4. Féadfaidh na Ballstáit na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí eile atá bunaithe ar a gcuid críoch a shainaithint a d'fhéadfaí é a chur de chúram orthu oibriú i gcomhar leis an nGníomhaireacht maidir le téamaí leasa ar leith.

Ba chóir go mbeadh institiúid a aithneofar ar an tslí sin in acmhainn comhaontú a thabhairt i gcrích leis an nGníomhaireacht chun go bhfeidhmeoidh sí mar shainionad téamaí sa líonra maidir le cúraimí sonracha.

Comhoibreoidh na sainionaid sin le hinstitiúidí eile atá mar chuid den líonra.

⎢933/1999 Airt.1 pointe 4(c)

5. Ainmneoidh an bord bainistíochta, mar a shainmhínítear é in Airteagal 8(1), na sainionaid téamaí, do thréimhse nach mó ná ré gach cláir oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8(4). Féadfar gach ainmniúchán a athnuachan áfach.

⎢ 1210/90

6. Taispeánfar cionroinnt na gcúraimí sonracha ar na sainionaid téamaí i gclár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta atá luaite in Airteagal 8(4).

7. I bhfianaise an chláir oibre ilbhliantúil, go háirithe, déanfaidh an Ghníomhaireacht athscrúdú ar bhonn tréimhsiúil ar chomhpháirteanna an líonra dá dtagraítear in alt 2 agus déanfaidh sí athruithe den sórt sin de réir mar a chinnfidh an bord bainistíochta, agus aon ainmniúchán nua a rinne na Ballstáit a chur san áireamh.

Airteagal 5

Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhaontú leis na hinstitiúidí nó na comhlachtaí atá sa líonra, dá dtagraítear in Airteagal 4, ar na socruithe is gá, go háirithe conarthaí, chun na cúraimí a d'féadfadh sí a chur de chúram orthu a chomhlíonadh.

Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh, maidir leis na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí náisiúnta atá ar a chríoch, go ndéanfar socruithe den sórt sin leis an nGníomhaireacht a chomhaontú leis an lárionad náisiúnta.

⎢ 1641/2003 (oiriúnaithe)

Airteagal 6

1. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

⎢ 1641/2003

2. Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó a bheith mar pháirt de chaingean os comhair Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, faoi na coinníollacha arna leagan síos in Airteagail 195 agus 230 den Chonradh faoi seach.

⎢ 1210/90

Airteagal 7

Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an nGníomhaireacht. Beidh ag an nGníomhaireacht, i ngach ceann de na Ballstáit, an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoina dhlíthe ag daoine dlítheanacha.

Airteagal 8

⎢933/1999 Airt.1 pointe 5(a)

1. Beidh ag an nGníomhaireacht, bord bainistíochta ar a mbeidh ionadaí amháin ó gach Ballstát agus dhá ionadaí ón gCoimisiún. Ina theannta sin, féadfaidh ionadaí amháin ó gach tír bheith rannpháirteach sa Ghníomhaireacht, de réir na bhforálacha ábhartha.

⎢ 1210/90

Ina theannta sin, ainmneoidh Parlaimint na hEorpa, mar chomhaltaí den bhord bainistíochta, dhá phearsantacht eolaíochta atá saincháilithe i réimse chosaint an chomhshaoil, agus a roghnófar bunaithe ar an rannchuidiú pearsanta a bhfuil súil go ndéanfaidh siad d'obair na Gníomhaireachta.

Féadfaidh malartach feidhmiú ar son gach comhalta den bhord bainistíochta.

2. Toghfaidh an bord bainistíochta a chathaoirleach as measc chomhaltaí an bhoird do thréimhse trí bliana agus glacfaidh an bord leis na rialacha nós imeachta. Beidh vóta ag gach comhalta den bhord bainistíochta.

⎢933/1999 Airt. 1 pointe 5(b)

Toghfaidh an bord bainistíochta biúró chuig a bhféadfaidh sé cinntí feidhmiúcháin a tharmligean de réir na rialacha a ghlacfaidh sé.

⎢933/1999 Airt. 1 pointe 5(c)

3. Beidh gá le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an bhoird chun cinntí an bhoird bainistíochta a ghlacadh.

4. Glacfaidh an bord bainistíochta clár oibre ilbhliantúil bunaithe ar na réimsí tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), trí dhréacht a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoina bhráid a úsáid mar bhunús agus atá luaite in Airteagal 9, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10, agus tar éis thuairim an Choimisiúin a fháil. Cuimseofar sa chlár oibre ilbhliantúil, gan dochar do nós imeachta buiséadach bliantúil an Chomhphobail, meastachán buiséid ilbhliantúil.

⎢ 1210/90

5. Faoin gclár ilbhliantúil, glacfaidh an bord bainistíochta clár oibre na Gníomhaireachta gach bliain bunaithe ar dhréacht a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoina bhráid tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíochta agus tuairim an Choimisiúin a fháil. Féadfar an clár a oiriúnú i gcaitheamh na bliana leis an nós imeachta céanna.

⎢ 1641/2003

6. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ghlacadh agus é a chur ar aghaidh, faoi 15 Meitheamh ar a dhéanaí, chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus chuig na Ballstáit.

7. Cuirfidh an Ghníomhaireacht ar aghaidh chuig an údarás buiséadach, ar bhonn bliantúil, gach faisnéis a bhaineann le toradh na nósanna imeachta measúnachta.

⎢ 1210/90

Airteagal 9

1. Beidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gceannas ar an nGníomhaireacht agus is é an bord bainistíochta a cheapfaidh é ar thogra ón gCoimisiún do thréimhse cúig bliana, ar féidir a athnuachan.

Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil na Gníomhaireachta.

Is iad na freagrachtaí atá ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin:

(a) na cinntí agus na cláir arna nglacadh ag an mbord bainistíochta a ullmhú agus a fhorghníomhú go cuí;

(b) riarachán laethúil na Gníomhaireachta;

(c) na cúraimí a sainmhínítear in Airteagail 12 agus 13 a chomhlíonadh;

(d) na tuarascálacha a sonraítear in Airteagal 2(h) a ullmhú agus a fhoilsiú;

⎢933/1999 Airt. 1 pointe 6(a)

(e) na nithe go léir a bhaineann leis an bhfoireann, na cúraimí dá dtagraitear in Airteagal 8(4) agus (5) a chomhlíonadh.

⎢ 1210/90

Gheobhaidh sé tuairim an choiste eolaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10, ar mhaithe le foireann eolaíochta na Gníomhaireachta a earcú.

2. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don bhord bainistíochta as a chuid gníomhaíochtaí.

Airteagal 10

1. Cabhróidh coiste eolaíochta leis an mbord bainistíochta agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, coiste a thabharfaidh tuairim, má fhoráiltear amhlaidh sa Rialachán seo, agus ar aon ábhar eolaíochta a bhaineann le gníomhaíocht na Gníomhaireachta a d'fhéadfadh an bord bainistíochta nó an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur faoina bhráid.

Foilseofar tuairimí an choiste eolaíochta.

⎢ 933/1999 Airt. 1 pointe 7

2. Beidh ar an gcoiste eolaíochta, comhaltaí saincháilithe i réimse an chomhshaoil, agus atá ainmnithe ag an mbord bainistíochta do théarma ceithre bliana a bheidh inathnuaite babhta amháin, agus a chuirfidh san áireamh, inter alia , na réimsí eolaíochta nach mór a áireamh ar an gcoiste chun cuidiú leis an nGníomhaireacht ina cuid réimsí gníomhaíochta. Feidhmeoidh sé mar a chinneann na rialacha nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 8(2).

⎢ 1210/90

Airteagal 11

1. Tarraingeofar suas meastacháin ioncaim agus caiteachais uile na Gníomhaireachta do gach bliain airgeadais, a bheidh ionann leis an mbliain féilire, agus cuirfear iad i mbuiséad na Gníomhaireachta.

2. Ní foláir an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeántar sa bhuiséad a bheith ar comhardú.

3. Is éard a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta, gan dochar d'aon acmhainní eile, fóirdheontas ón gComhphobal a bheidh i mbuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach agus íocaíochtaí i leith seirbhísí a rinneadh.

4. Cuimseoidh caiteachas na Gníomhaireachta, inter alia , luach saothair foirne, caiteachais riaracháin agus bonneagair, costais oibriúcháin agus caiteachas a bhaineann le conarthaí a thabharfar i gcrích le hinstitiúidí nó le comhlachtaí ar cuid iad den líonra agus le tríú páirtithe.

⎢ 1641/2003 (oiriúnaithe)

Airteagal 12

1. Gach bliain déanfaidh an Bord Bainistíochta, ar bhonn dréachta dá tharraingt suas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ráiteas faoi mheastacháin ioncaim agus caiteachais na Gníomhaireachta a thabhairt ar aird don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an ráiteas faoi mheastacháin, a chuimseoidh dréachtphlean bunaíochta, chuig an gCoimisiún faoi 31 Márta ar a dhéanaí.

2. Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas faoi mheastacháin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (dá ngairtear an t-údarás buiséadach anseo feasta) mar aon leis an réamhdhréacht do bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach.

3. Bunaithe ar an ráiteas faoi mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún sa réamhdhréacht do bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach na meastacháin a mheasfaidh sé is gá don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a mhuirearófar ar an mbuiséad ginearálta, agus leagfaidh sé an réamhdhréacht sin faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh de réir Airteagal 272 den Chonradh.

4. Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí don fhóirdheontas a thabharfar don Ghníomhaireacht a údarú.

Glacfaidh an t-údarás buiséadach an plean bunaíochta don Ghníomhaireacht.

5. Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh an buiséad. Beidh an buiséad críochnaitheach i ndiaidh ghlacadh deiridh bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach. Déanfar é a choigeartú dá réir sin más iomchuí.

6. Cuirfidh an Bord Bainistíochta in iúl don údarás buiséadach, a luaithe is féidir, go bhfuil ar intinn aige aon tionscadal a mbeadh impleachtaí suntasacha airgeadais aige do chistiú an bhuiséid a chur i bhfeidhm, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin mar fhoirgnimh a thabhairt ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún in iúl faoi sin.

I gcás gur chuir brainse den údarás buiséadach in iúl go bhfuil ar intinn aige tuairim a thabhairt, cuirfidh sé a thuairim ar aghaidh chuig an mBoird Bainistíochta tráth nach déanaí ná sé seachtaine ó dháta fógartha an tionscadail.

Airteagal 13

1. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta i bhfeidhm.

2. Faoi 1 Márta ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha in iúl d'oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí dílárnaithe de réir Airteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle[11].

3. Faoi 31 Márta ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí, mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Cuirfear an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chomh maith.

4. Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta faoi Airteagal 129 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta ar a fhreagracht féin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim ar chuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

6. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, faoi 1 Iúil ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliana airgeadais, na cuntais chríochnaitheacha mar aon le tuairim an Bhoird Bainistíochta ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7. Déanfar na cuntais chríochnaitheacha a fhoilsiú.

8. Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar a cuid barúlacha chuig an gCúirt Iniúchóirí faoi 30 Meán Fómhair ar a dhéanaí. Cuirfidh sé an freagra seo chuig an mBord Bainistíochta freisin.

9. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar iarraidh sin ó Pharlaimint na hEorpa, gach faisnéis is gá le haghaidh oibriú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht, atá leagtha síos in Airteagal 146(3) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle a chur faoi bhráid na Parlaiminte.

10. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a ghníomhóidh dó trí thromlach cáilithe, roimh 30 Aibreán den bhliain N + 2, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i leith an bhuiséid don bhliain N.

⎢ 1641/2003 (oiriúnaithe)

Airteagal 14

Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh siad imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002[12] ón gCoimisiún mura bhfuil gá sonrach leis an imeacht sin d'fheidhmiú na Gníomhaireachta agus go bhfuil réamhthoiliú faighte ón gCoimisiún.

⎢ 1210/90 (oiriúnaithe)

Airteagal 15

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht iarracht ghníomhach comharaíocht chomhlachtaí agus chláir eile an Chomhphobail a fháil, agus go háirithe ón Airmheán Comhpháirteach Taighde, Oifig Staidrimh Ö na gComhphobal Eorpach (Eurostat) Õ agus ó chláir taighde agus forbartha comhshaoil an Chomhphobail. Go háirithe:

(a) cuimseoidh an comhar leis an Airmheán Comhpháirteach Taigde na cúraimí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I faoi A;

(b) déanfar an comhordú le hEurostat agus le clár staidrimh na gComhpobal Eorpach de réir na dtreoirlínte atá tuairiscithe in Iarscríbhinn I faoi B.

⎢ 1210/90

2. Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht go gníomhach freisin le comhlachtaí eile mar an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), Comhairle na hEorpa agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh mar aon leis na Náisiúin Aontaithe agus a sainghníomhaireachtaí, go háirithe Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP), an Eagraíocht Mheiteareolaíoch Dhomhanda agus an tÚdarás Idirnáisiúnta d'Fhuinneamh Adamhach.

⎢ 933/1999 Airt. 1 pointe 8(a)

3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú i réimsí leasa choitinn leis na hinstitiúidí sin i dtíortha nach bhfuil ina mbaill den Chomhphobal agus a fhéadann sonraí, faisnéis agus saineolas, modheolaíochtaí bailithe sonraí, anailís agus measúnú a bhfuil leas coiteann acu iontu a sholáthar agus a bhfuil gá leo chun obair na Gníomhaireachta a thabhairt chun críche.

⎢ 933/1999 Airt. 1 pointe 8(b)

4. Ní foláir don chomharaíocht dá dtagraítear i míreanna (1), (2) agus (3) a chur san áireamh, go háirithe, an gá le dúbailt saothair a sheachaint.

⎢ 1210/90

Airteagal 16

Beidh an Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhpobal Eorpach infheidhme ar an nGníomhaireacht.

Airteagal 17

Beidh foireann na Gníomhaireachta faoi réir ag na Rialacháin agus na Rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh agus le seirbhísigh eile de chuid na gComhphobal Eorpach.

Feidhmeoidh an Ghníomhaireacht, maidir lena cuid foirne, na cumhachtaí a tugadh don Údarás Ceapacháin.

Glacfaidh an bord bainistíochta, le comhaontú an Choimisiúin, na rialacha cuí cur chun feidhme.

Airteagal 18

1. Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí a bhaineann leis an gconradh atá i gceist. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun breithiúnas a thabhairt de bhun clásáil eadrána i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

2. I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Ghníomhaireacht, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh an Ghníomhaireacht nó a seirbhísigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí maidir leis an gcúiteamh in aon damáiste den sórt sin.

3. Beidh dliteanas pearsanta a seirbhíseach i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na forálacha a bhaineann le foireann na Gníomhaireachta.

Airteagal 19

Éisteoidh an Ghníomhaireacht le tíortha nach baill den Chomhphobal iad ach ar ábhar cúraim dóibh, mar is amhlaidh don Chomhphobal agus na Ballstáit, cuspóirí na Gníomhaireachta faoi chomhaontuithe a thabharfar i gcrích idir iad agus an Comhphobal i gcomhréir leis an nós imeachta in Airteagal 300 den Chonradh.

Airteagal 20

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1210/90.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus déanfar iad a léamh de réir an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III.

⎢ 1210/90 (oiriúnaithe)

Airteagal 21

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[…] […]

⎢1210/90 Iarscríbhinn (oiriúnaithe)

IARSCRÍBHINN I

A. COMHARAÍOCHT LEIS AN AIRMHEÁN COMHPHÁIRTEACH TAIGHDE

- Comhchuibhiú modhanna to mhais don chomhshaol[13].

- Idirchalabrú ionstraimí1.

- Caighdeánú formáidí sonraí.

- Forbairt modhanna agus ionstraimí nua tomhais don chomhshaol.

- Cúraimí eile mar atá comhaontaithe idir Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta agus Ard-Stiúrthóir an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.

B. COMHARAÍOCHT LE HEUROSTAT

⎢ 933/1999 Airt. 1 pointe 10 (oiriúnaithe)

1. Úsáidfidh an Ghníomhaireacht, a mhéad is féidir, faisnéis a bailíodh trí sheirbhísí oifigiúla staidrimh an Chomhphobail. Leanann sé seo ó obair Eurostat agus na seirbhísí náisiúnta staidrimh maidir le bailiú, déanamh bailíochtú agus dáileadh staitisticí sóisialta agus eacnamaíocha, lena n-áirítear cuntais náisiúnta agus faisnéis a bhaineann leo.

⎢ 1210/90 (oiriúnaithe)

2. Déanfar an clár staidrimh i réimse an chomhshaoil a chomhaontú idir Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta agus Ard-Stiúrthóir Eurostat agus cuirfear é faoi bhráid bhord bainistíochta na Gníomhaireachta agus an Choiste um an gClár Staidrimh chun é a fhormheas.

3. Ceapfar agus cuirfear chun feidhme an clár staidrimh sa chreat a bhunaigh na comhlachtaí idirnáisiúnta staidrimh, amhail Coimisiún Staidrimh na NA, Comhdháil na Staitisteoirí Eorpacha agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD).

____________

IARSCRÍBHINN II

An Rialachán atá Aisghairthe agus lioste de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CEE) Uimh. 1210/90 ón gComhairle | (IO L 120, 11.5.1990, l. 1). |

Rialachán (CEE) Uimh. 933/1999 ón gComhairle | (IO L 117, 5.5.1999, l. 1). |

Rialachán (CE) Uimh.1641/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle | (IO L 245, 29.9.2003, l. 1) |

_____________

IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CEE) Uimh. 1210/90 | An Rialachán seo |

Airteagal 1(1) | Airteagal 1(1) |

Airteagal 1(2), an abairt tosaigh | Airteagal 1(2), an abairt tosaigh |

Airteagal 1(2), an chéad fhleasc | Airteagal 1(2)(a) |

Airteagal 1(2), an dara fleasc | Airteagal 1(2)(b) |

Airteagal 2, an abairt tosaigh | Airteagal 2, an abairt tosaigh |

Airteagal 2(i) | Airteagal 2(a) |

Airteagal 2(ii), an chéad fhleasc | Airteagal 2(b) |

Airteagal 2(ii), an dara fleasc | Airteagal 2(c) |

Airteagal 2(ii), an tríú fleasc | Airteagal 2(d) |

Airteagal 2(iii) | Airteagal 2(e) |

Airteagal 2(iv) | Airteagal 2(f) |

Airteagal 2(v) | Airteagal 2(g) |

Airteagal 2(vi) | Airteagal 2(h) |

Airteagal 2(vii) | Airteagal 2(i) |

Airteagal 2(viii) | Airteagal 2(j) |

Airteagal 2(ix) | Airteagal 2(k) |

Airteagal 2(x) | Airteagal 2(l) |

Airteagal 2(xi) | Airteagal 2(m) |

Airteagal 2(xii) | Airteagal 2(n) |

Airteagal 2(xii) | Airteagal 2(o) |

Airteagal 3(1), na focail tosaigh | Airteagal 3(1), na focail tosaigh |

Airteagal 3(1)(i) | Airteagal 3(1)(a) |

Airteagal 3(1)(ii) | Airteagal 3(1)(b) |

Airteagal 3(1)(iii) | Airteagal 3(1)(c) |

Airteagal 3(1), an frása deiridh | Airteagal 3(1), an frása deiridh |

Airteagal 3(2), an chéad fhomhír | Airteagal 3(2), an chéad fhomhír |

Airteagal 3(2), an dara fomhír, na focail tosaigh | Airteagal 3(2), an dara fomhír, na focail tosaigh |

Airteagal 3(2), an dara fomhír, an chéad fhleasc | Airteagal 3(2)(a) |

Airteagal 3(2), an dara fomhír, an dara fleasc | Airteagal 3(2)(b) |

Airteagal 3(2), an dara fomhír, an tríú fleasc | Airteagal 3(2)(c) |

Airteagal 3(2), an dara fomhír, an ceathrú fleasc | Airteagal 3(2)(d) |

Airteagal 3(2), an dara fomhír, an cúigiú fleasc | Airteagal 3(2)(e) |

Airteagal 3(2), an dara fomhír, an séú fleasc | Airteagal 3(2)(f) |

Airteagal 3(2), an dara fomhír, an seachtú fleasc | Airteagal 3(2)(g) |

Airteagal 3(2), an dara fomhír, an t-ochtú fleasc | Airteagal 3(2)(h) |

Airteagal 3(2), an tríú fomhír | Airteagal 3(2), an tríú fomhír |

Airteagal 3(2), an ceathrú fomhír | Airteagal 3(2), an ceathrú fomhír |

Airteagal 3(3) | Airteagal 3(3) |

Airteagal 4(1), na focail tosaigh | Airteagal 4(1), na focail tosaigh |

Airteagal 4(1), an chéad fhleasc | Airteagal 4(1)(a) |

Airteagal 4(1), an dara fleasc | Airteagal 4(1)(b) |

Airteagal 4(1), an tríú fleasc | Airteagal 4(1)(c) |

Airteagal 4(2), an chéad fhomhír, ó "to" go "networks" | ________ |

Airteagal 4(2), an chéad fhomhír, ó "especially" go "territory" | Airteagal 4(2), an chéad fhomhír, an frása deiridh |

Airteagal 4(2), an dara fomhír | Airteagal 4(2), an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír |

Airteagal 4(3) | Airteagal 4(3) |

Airteagal 4(4) | Airteagal 4(4), an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír |

Airteagal 4(5), an chéad fhomhír | _______ |

Airteagal 4(5), an dara fomhír | Airteagal 4(5) |

Airteagal 4(6) agus (7) | Airteagal 4(6) agus (7) |

Airteagal 5 | Airteagal 5, an chéad fhomhír agus an dara fomhír |

Airteagal 6(1) | Airteagal 6(1) |

Airteagal 6(2) | _______ |

Airteagal 6(3) | Airteagal 6(2) |

Airteagal 7 agus Airteagal 8 | Airteagal 7 agus Airteagal 8 |

Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an abairt tosaigh | Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an abairt tosaigh |

Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an dara habairt | Airteagal 9(1), an dara fomhír |

Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, na focail tosaigh | Airteagal 9(1), an tríú fomhír, na focail tosaigh |

Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an chéad fhleasc | Airteagal 9(1), an tríú fomhír, pointe (a) |

Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an dara fleasc | Airteagal 9(1), an tríú fomhír, pointe (b) |

Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an tríú fleasc | Airteagal 9(1), an tríú fomhír, pointe (c) |

Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an ceathrú fleasc | Airteagal 9(1), an tríú fomhír, pointe (d) |

Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an cúigiú fleasc | Airteagal 9(1), an tríú fomhír, pointe (e) |

Airteagal 9(1), an dara fomhír | Airteagal 9(1), an ceathrú fomhír |

Airteagal 9(2) | Airteagal 9(2) |

Airteagal 10 | Airteagal 10 |

Airteagal 11 | Airteagal 11 |

Airteagal 12 | Airteagal 12 |

Airteagal 13 | Airteagal 13 |

Airteagal 14 | Airteagal 14 |

Airteagal 15(1), na focail tosaigh | Airteagal 15(1), na focail tosaigh |

Airteagal 15(1), an chéad fhleasc | Airteagal 15(1)(a) |

Airteagal 15(1), an dara fleasc | Airteagal 15(1)(b) |

Airteagal 15(2) | Airteagal 15(2) |

Airteagal 15(2a) | Airteagal 15(3) |

Airteagal 15(3) | Airteagal 15(4) |

Airteagal 16 | Airteagal 16 |

Airteagal 17 | Airteagal 17 |

Airteagal 18 | Airteagal 18 |

Airteagal 19 | Airteagal 19 |

Airteagal 20 | _______ |

________ | Airteagal 20 |

Airteagal 21 | Airteagal 21 |

Iarscríbhinn | Iarscríbhinn I |

________ | Iarscríbhinn II |

________ | Iarscríbhinn III |

_____________

[1] COIM(87) 868 PV.

[2] Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na Conclúidí sin.

[3] Arna dhéanamh de bhun na Teachtaireachta ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Códú an Acquis communautaire , COIM(2001) 645 críochnaitheach.

[4] Féach Iarscríbhinn II a ghabhann leis an togra seo.

[5] IO C […], […], lch. […].

[6] IO C […], […], lch. […].

[7] IO C […], […], lch. […].

[8] IO L 120, 11.5.1990, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1641/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 245, 29.9.2003, lch. 1).

[9] Féach Iarscríbhinn II.

[10] IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

[11] IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

[12] IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

[13] Cuirfidh an chomharaíocht sna réimsí seo an obair a rinne an Institiúid um Ábhar Tagartha agus Tomhais san áireamh.