Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 d'fhonn é a oiriúnú do Rialachán (CE) Uimh ... maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú Substaintí agus Meascán, agus lena leasaítear Treoir 67/548/CEE agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2007)1337} {SEC(2007)1338} /* COIM/2007/0613 leagan deireanach - COD 2007/0213 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil 17.10.2007 COIM(2007) 613 leagan deireanach 2007/0213 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 d'fhonn é a oiriúnú do Rialachán (CE) Uimh ... maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú Substaintí agus Meascán, agus lena leasaítear Treoir 67/548/CEE agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (arna thíolacadh ag an gCoimisiún){SEC(2007)1337}{SEC(2007)1338} CLÁR NA nÁBHAR RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 d'fhonn é a oiriúnú do Rialachán (CE) Uimh ... maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú Substaintí agus Meascán, agus lena leasaítear Treoir 67/548/CEE agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 1 MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 3 Cúlra don togra 3 Cúiseanna agus cuspóirí 3 Comhchuibheas le beartais eile 3 Torthaí comhairliúchán poiblí agus measúnuithe iarmharta 4 Comhairliúchán le geallchoimeádaithe poiblí 4 Comhairliúchán idirlín 4 Na ceisteanna a tugadh ar aird agus an chaoi a bpléitear leo 4 Measúnuithe iarmharta 4 Bailiú agus úsáid saineolais 5 Eilimintí dlíthiúla an togra 5 Bunús dlí 5 Coimhdeacht agus comhréireacht 5 Coimhdeacht 5 Comhréireacht 5 Rogha ionstraime dlí 6 Réamhrá don togra 6 1. Cúiseanna agus Cuspóirí 6 2. Forálacha mionsonraithe 6 RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 d'fhonn é a oiriúnú do Rialachán (CE) Uimh ... maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú Substaintí agus Meascán, agus lena leasaítear Treoir 67/548/CEE agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 7 RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 10 MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN Cúlra don togra Cúiseanna agus cuspóirí Gabhann an togra seo le togra an Choimisiúin le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú Substaintí agus Meascán[1]. Tógann an togra seo ar reachtaíocht reatha maidir le ceimiceáin agus bunaíonn sé córas nua i dtaca le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí guaiseacha agus meascán guaiseach trí na critéir idirnáisiúnta a d'aontaigh Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe (UN ECOSOC) maidir le haicmiú agus lipéadú substaintí guaiseacha agus meascán guaiseach, dar teideal an Córas Comhchuibhithe Domhanda um Cheimiceáin a Aicmiú agus a Lipéadú (CCD, Globally Harmonised System) a chur i bhfeidhm san AE. Spreagann aicmiú substaintí agus ullmhóidí faoi Threoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE atá infheidhme faoi láthair oibleagáidí eile i reachtaíocht an AE, a dtagraítear dóibh mar reachtaíocht iarmhartach. Rinne seirbhísí an Choimisiúin measúnú ar éifeachtaí féideartha a beadh ag cur chun feidhme chritéir an CCD ar reachtaíocht iarmhartach. Is í an chonclúid atá ag a gcuid anailíse ná nach mbíonn ann ach mionéifeachtaí nó gur féidir iad a íoslaghdú le hathruithe iomchuí ar ionstraimí iarmhartacha faoi leith. Tá sé mar aidhm ag an Rialachán atá molta athruithe den sórt sin a dhéanamh ar ionstraimí iarmhartacha áirithe, trí leasuithe a dhéanann éifeachtaí an togra maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán a chur san áireamh. Déantar é a thíolacadh in éineacht le Cinneadh beartaithe a bhfuil sé d'aidhm aige athruithe a dhéanamh d'fhonn déileáil le héifeachtaí an togra maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú i gcás sé Threoir atá ann cheana. Comhchuibheas le beartais eile Is í an chonclúid atá ag an anailís ar éifeachtaí féideartha a bheadh ag cur chun feidhme chritéir an GHS ar reachtaíocht iarmhartach ná nach mbíonn ann ach mionéifeachtaí nó gur féidir iad a íoslaghdú le hathruithe iomchuí ar ionstraimí iarmhartacha ar leith. Molann an dréacht-Rialachán seo athruithe den sórt sin ar fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 648/2004. Tá togra le haghaidh Rialacháin maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh á phlé faoi láthair i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle. Chomh luath agus a dhéanfar an togra seo a ghlacadh, ba chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an togra reatha le haghaidh Rialacháin maidir le reachtaíocht iarmhartach AE a leasú d'fhonn an Rialachán maidir le Táirgí Cosanta Plandaí a áireamh chomh maith, nó ba chóir togra leasaithe ar leith a thíolacadh, más iomchuí. Le linn an chomhairliúcháin leis na geallchoimeádaithe a tionóladh chun plé a dhéanamh ar an togra le haghaidh Rialacháin maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán agus a dhéileáil le héifeachtaí féideartha ar reachtaíocht iarmhartach, luaigh roinnt páirtithe an easpa anailíse ar reachtaíocht náisiúnta ina dtagraítear do chritéir aicmithe an AE. Sa mhéid is go ndéileálann an togra seo le Rialachán atá ann cheana, ní chuireann sé de cheangal trasuíomh a dhéanamh ag leibhéal na mBallstát. Torthaí comhairliúchán poiblí agus measúnuithe iarmharta Comhairliúchán le geallchoimeádaithe poiblí Comhairliúchán idirlín Sheol an Coimisiún comhairliúchán ar an idirlíon le geallchoimeádaithe ar an togra le haghaidh Rialacháin maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán ó 21 Lúnasa go 21 Deireadh Fómhair 2006. Foilsíodh na freagairtí ar fad ar an Idirlíon. Chuir 370 páirtí leis an gcomhairliúchán. Ó thionscal – comhlachtaí nó comhlachais a tháinig 82% acu; as na 254 freagairt, tháinig 45% ó fhiontair le níos lú ná 250 fostaí. Fuarthas freagairtí ó 10 NGO. Tháinig freagairt ó cheardchumann amháin. Sheol 18 rialtas agus/nó údaráis phoiblí Ballstáit tráchtaí isteach. Fuarthas ionchur freisin ó údaráis phoiblí neamh-AE (An Íoslainn, An Iorua, An tSualainn, An Rómáin). Níor sheol aon eagraíochtaí idirnáisiúnta tráchtaí isteach. Tacaíonn 97% de na freagairtí le cur chun feidhme an CCD (Córas Comhchuibhithe Domhanda) san AE. Ar an iomlán bhí údaráis agus tionscal na mBallstát an-sásta le dréacht-tograí sheirbhísí an Choimisiúin. Na ceisteanna a tugadh ar aird agus an chaoi a bpléitear leo Réim: Níor thacaigh tromlach na bhfreagróirí (59%) leis an leibhéal cosanta a shíneadh ná a ísliú i gcomparáid le córas reatha an AE , ach amháin nuair is gá chun comhréireacht le reachtaíocht iompair nó leis an CCD a áirithiú. Ní raibh aon tuairim ag 5% díobh, lena n-áirítear an chuid is mó de na NGOanna. Bhí 36% ar son cur chuige eile. Astu seo, theastaigh ó ghrúpa amháin (comhlachtaí rialtais sa Danmhairg, sa tSualainn, san Iorua agus san Íoslainn) dul níos faide ná réim an chórais reatha; bheartaigh an dara grúpa (comhlachais agus comhlachtaí) gach catagóir CCD a chur san áireamh, ach gan “fuíll an AE" nach raibh ina gcuid den CCD fós a chur san áireamh. Measúnuithe iarmharta Rinne measúnú iarmharta foriomlán an Choimisiúin i ndáil leis an Rialachán beartaithe maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán agus na hathruithe iarmhartacha a rinne sé ar reachtaíocht iarmhartach bhainteach úsáid a bhaint as tuarascálacha comhairleacha a d'ullmhaigh RPA agus London Economics chomh maith le freagairtí don chomhairliúchán le geallchoimeádaithe. Go sonrach, de bharr na bhfreagairtí ó chuideachtaí maidir leis na costais, tá iarrachtaí breise déanta chun earraí costais mhóir a chainníochtú. Taispeánann an anailís iomlán go gcaithfear na costais chur chun feidhme a choinneáil faoi smacht chun teacht ar ghlansochair an CCD sa todhchaí intuartha. Déanann na bearta a leagtar amach sa togra seo foráil d'oiriúniú na dtagairtí do rialacha aicmithe agus do théarmeolaíocht de réir an Rialacháin bheartaithe maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán. Ní chuireann Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 aon cheangal breise maidir le haicmiú substaintí agus meascán. Níl aon ghá mar sin le hanailís bhreise thar an méid atá leagtha amach sa mheasúnú iarmharta foriomlán dá dtagraítear thuas. Bailiú agus úsáid saineolais Is iad eagraíochtaí idirnáisiúnta a d’fhorbair an CCD, agus ghlac geallchoimeádaithe éagsúla Páirt ann. Ar an gcaoi chéanna, bhí plé teicniúil leanúnach san AE le Ballstáit agus geallchoimeádaithe eile thar na blianta atá caite. Tar éis fhoilsiú an Pháipéir Bháin “Strategy for a future Chemicals Policy”, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go forleathan le saineolaithe. Cuireadh torthaí an ghrúpa oibre theicniúil ar aicmiú agus lipéadú san áireamh, grúpa a ghairm an Coimisiún agus é ag réiteach do Reach[2] agus an togra seo á dhréachtú. Rinneadh staidéir bhreise[3] agus rinneadh plé neamhfhoirmiúil le geallchoimeádaithe ar chur i bhfeidhm an CCD san AE an 18 Samhain 2005. Eilimintí dlíthiúla an togra Bunús dlí Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 95 de Chonradh CE. Tá an bunús dlí seo iomchuí don Rialachán beartaithe seo mar déanann sé Rialachán atá ann cheana, rialachán atá bunaithe é féin ar Airteagal 95 de Chonradh CE, a oiriúnú don Rialachán atá beartaithe maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán. Coimhdeacht agus comhréireacht Coimhdeacht Tá forálacha dlíthiúla substainteacha i Rialachán atá ann cheana maidir le réimse na nglantach. Leasóidh an Rialachán beartaithe an Rialachán atá ann cheana chun é a oiriúnú do na rialacha aicmithe atá leagtha amach sa togra le haghaidh Rialacháin maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán. Ní mór go mbeidh na leasuithe sin díreach mar an gcéanna i ngach Ballstát agus mar sin ba cheart go ndéanfaí rialláil orthu ag leibhéal an Chomhphobail. Comhréireacht Tá na critéir maidir le substaintí agus meascáin a aicmiú mar ábhar guaiseach agus na rialacha maidir le lipéadú agus pacáistiú substaintí guaiseacha agus meascán guaiseach sa togra le haghaidh Rialacháin maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán. D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht oibleagáidí na n-oibreoirí lena mbaineann a áirithiú, ba chóir forálacha Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 a leasú chun an staid nua a léiriú. Tá an méid seo thar a bheith tábhachtach mar tá Rialacháin infheidhme go díreach sna Ballstáit agus ní ceart go mbeadh oibreoirí in aon amhras faoi na hoibleagáidí a bhfuil feidhm acu orthu. D'fhonn an méid seo a áirithiú, tá an togra seo le haghaidh Rialacháin comhréireach. Rogha ionstraime dlí Tá an rogha Rialacháin dlisteanaithe, mar go leasaíonn sé Rialachán atá ann cheana. Réamhrá don togra Déanann an Rialachán beartaithe seo Rialachán atá ann cheana a oiriúnú d'fhorálacha an togra le haghaidh Rialacháin maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, ar Rialachán é lena ndéanfar Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE a aisghairm agus a ionadú. 1. Cúiseanna agus Cuspóirí Is é cuspóir an Rialacháin seo ná Rialachán nua a thionscnamh maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán agus téarmeolaíocht nua le haghaidh Rialacháin ina dtagraítear d'aicmiú substaintí nó meascán, a léiriú. Tugtar isteach an téarma "meascán" le cur in áit "ullmhóid", i gcomhréir leis an togra maidir le haicmiú agus lipéadú substaintí agus meascán. 2. Forálacha mionsonraithe Tugtar isteach le hAirteagal 1 na hathruithe is gá ar Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 i gcomhréir le torthaí na hanailíse ar éifeachtaí féideartha an togra le haghaidh Rialacháin maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán ar reachtaíocht iarmhartach agus ar na cuspóirí a pléadh san alt roimhe. Sa mhéid is go ndéanann Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 tagairtí ginearálta do Threoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, a aisghairfear leis an Rialachán maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, ní mór é a thabhairt suas chun dáta chun tagairt a dhéanamh don Rialachán sin. Léiríonn dátaí uainíochta theacht i bhfeidhm na n-athruithe, teacht i bhfeidhm céimnithe an togra thuasluaite le haghaidh Rialacháin. 2007/0213 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 d'fhonn é a oiriúnú do Rialachán (CE) Uimh ... maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú Substaintí agus Meascán, agus lena leasaítear Treoir 67/548/CEE agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (Téacs is ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[4], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[5], Ag gníomhú dóibh de réir an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 251 den Chonradh[6], De bharr an méid seo a leanas: (1) Déanann Rialachán (CE) Uimh ...ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear Treoir 67/548/CEE agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006[7] foráil d'aicmiú agus lipéadú substaintí agus meascán a chomhchuibhiú laistigh den Chomhphobal. Gabhfaidh an Rialachán seo ionad Threoir 67/548/CEE ón gComhairle an 27 Meitheamh 1967 maidir le comhfhogasú na ndlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le haicmiú, pacáistiú agus lipéadú substaintí contúirteacha[8] chomh maith le Treoir 1999/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 1999 maidir le comhfhogasú na ndlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin de chuid na mBallstát i ndáil le haicmiú, pacáistiú agus lipéadú ullmhóidí contúirteacha[9]. (2) Tógann Rialachán (CE) Uimh ...ar an taithí a fuarthas ó Threoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE agus ionchorpraíonn sé na critéir le haghaidh aicmiú agus lipéadú substaintí agus meascán dá bhforáiltear leis an gCóras Comhchuibhithe Domhanda um Cheimiceáin a Aicmiú agus a Lipéadú (CCD) ar glacadh leis ag leibhéal idirnáisiúnta, laistigh de struchtúr na Náisiún Aontaithe. (3) D'fhéadfaí forálacha áirithe maidir le haicmiú agus lipéadú atá leagtha síos i dTreoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE a úsáid chun críche cur i bhfeidhm reachtaíochta eile Comhphobail, cosúil le Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh[10]. (4) Tar éis anailís a dhéanamh ar na héifeachtaí féideartha a bheadh ag Treoir eile a chur in ionad Treoracha 67/54/CEE agus 1999/45/CE agus ag tionscnamh critéir an CCD thángthas ar an gconclúid go mba chóir raon feidhme na hionstraime sin a choinneáil trí na tagairtí do na Treoracha sin i Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 a oiriúnú. (5) Tabharfar an trasdul ó chritéir le haghaidh aicmiú atá i dTreoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE i gcrích go hiomlán an 1 Meitheamh 2015. Is déantóirí, allmhaireoirí nó úsáideoirí iarmhartacha laistigh de bhrí Rialachán (CE) Uimh ...iad déantóirí glantach agus ba chóir an fhéidearthacht a thabhairt dóibh faoin Rialachán seo iad féin a choigeartú don trasdul sin laistigh d'amchlár cosúil leis an gceann dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh .... (6) Ba chóir Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 a leasú mar seo a leanas, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 mar seo a leanas: (1) cuirtear an focal "meascán" nó "meascáin", faoi seach, in ionad an fhocail "ullmhóid" nó "ullmhóidí" laistigh de bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[11], ina leagan an 30 Nollaig 2006, tríd an téacs. (2) in Airteagal 9(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh: "Gan dochar d'Airteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, déanfaidh déantóirí a chuirfidh substaintí agus/nó meascáin atá folaithe ag an Rialachán seo ar an margadh, na nithe seo a leanas a chur ar láimh údaráis inniúla na mBallstát:; _________________________________________________________________ *IO L …" (3) in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1): “1. Ní dochar míreanna 2 go 6 do na forálacha i ndáil le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán i Rialachán (CE) Uimh ....". Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh feidhm ag pointí (2) agus (3) d'Airteagal 1 ó 1 Meitheamh 2015. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...] Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH Réimse beartais(beartas): 02 – FIONTRAÍOCHT Gníomhaíocht(aí): 04- AG BAINT NÍOS MÓ TAIRBHE FÓS AS AN MARGADH INMHEÁNACH | TEIDEAL AN GHNÍMH: TOGRA LE HAGHAIDH CÓRAIS CHOMHCHUIBHITHE DHOMHANDA UM CHEIMICEÁIN A AICMIÚ AGUS A LIPÉADÚ | 1. CUID 1: LÍNTE BUISÉID 1.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B.A) agus a gceannteidil san áireamh: Níl sé infheidhme 1.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais: Níl sé infheidhme Ar chúiseanna a míníodh faoi Alt 3.1 den doiciméad seo, ní bhaineann aon chostais bhreise dhíreacha leis an togra reachtach seo do bhuiséad an Chomhphobail. Maidir leis na costais a bhaineann le hobair i gcomhar le Coistí Teicniúla agus atá riachtanach le haghaidh na reachtaíochta seo, is í an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a íocfaidh iad (líne buiséid 02 03 03), atá le bunú faoi thogra ón gCoimisiún COIM (2003) 644. Ní bheidh na costais seo, difriúil áfach, ó na costais a bhaineann le bainistíocht na reachtaíochta atá ann cheana maidir le haicmiú agus lipéadú substaintí agus ullmhóidí. Ionadaíonn an Rialachán seo dhá phíosa eile Reachtaíochta[12] gan aon chostais bhreise do bhuiséad an Chomhphobail. 1.3. Tréithe buiséadacha (is féidir sraitheanna breise a chur isteach más gá): Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa PheirspictíochtAirgeadais | Níl sé infheidhme | 2. CUID 2: ACHOIMRE AR NA HACMHAINNÍ 2.1. Acmhainní Airgeadais 2.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Saghas caiteachais | Uimh. coda | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán | Caiteachas oibríochtúil | Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 6.1 | a | Níl sé infheidhme | Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha | Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 6.2.4 | c | Níl sé infheidhme | AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN | Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | Níl sé infheidhme | Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha | Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 6.2.5 | d | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 2.106 | Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 6.2.6 | e | -- | -- | -- | -- | -- | -- | -- | Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 2.106 | LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | -- | -- | -- | -- | -- | -- | -- | Sonraí an Chómhaoinithe Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba cheart meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú): EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Comhlacht cómhaoinithe | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán | f | LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e | Níl sé infheidhme | 2.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais X Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana. ( Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais. ( Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chómhaoinithe Idirinstitiúidigh a chur i bhfeidhm (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais). 2.1.3. Iarmhairt airgeadais ar Ioncam X Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam ( Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo – is é seo a leanas an éifeacht ar ioncam: EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil) Roimh ghníomh [Bliain n-1] | Staid tar éis an ghnímh | b) Athrú san ioncam | ( | (Sonraigh gach líne buiséid ioncaim atá i gceist, ag cur na sraitheanna breise is gá leis an tábla má tá éifeacht ar níos mó ná líne buiséid amháin.) 2.2. Acmhainní daonna FTE (lena n-áirítear oifigigh, foireann shealadach agus sheachtrach) – féach ar na sonraí faoi phointe 6.2.1. Riachtanais Bhliantúla | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 3 | 3 | 3 | 3 | 3 | 3 | Folófar na riachtanais le haghaidh acmhainní daonna agus riaracháin sa leithdháileadh ar na hArd-S a bhainistíonn (comhfhreagracht de chuid ENTR agus ENV), faoi chuimsiú nós imeachta bliantúil an leithdháilte. 3. CUID 3: SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ Ní foláir sonraí maidir le comhthéacs an togra a chur isteach leis an Meabhrán Míniúcháin. Ba cheart go bhfolódh an chuid seo den Ráiteas Airgeadais Reachtach an fhaisnéis chomhlántach shonrach seo a leanas: 3.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Mar a mhínítear i 3.2 thíos, ionadaíonn an togra seo reachtaíocht atá ann cheana a bhfuil an raon feidhme céanna aici beagnach. Tá DG ENV freagrach as an reachtaíocht atá ann cheana maidir le haicmiú substaintí guaiseacha atá á bhainistiú cuid mhaith ag an mBiúró Eorpach Ceimiceán (BEC) in Ispra faoi chomhaontú speisialta le DG ENV; cé go bhfuil DG ENTR freagrach as an reachtaíocht atá ann cheana maidir le hullmhóidí guaiseacha a bainistiú. Cé gurb é an BEC a reáchtálann formhór na gCoistí Teicniúla casta, atá freagrach as an obair ullmhúcháin, tá sé de chúram ar an gCoimisiún moltaí ó na Coistí Teicniúla a thógáil agus an nós imeachta Coiste bainteach a bhainistiú. Chun na críche seo, coimeádtar foireann in DG ENV agus in DG ENTR. Faoin togra nua, aistreofar an obair leis na Coistí Teicniúla ón mBEC go dtí an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán nua i Heilsincí. Cuirfear na tuairimí, a thiocfaidh ó Choistí na Gníomhaireachta, ar aghaidh go dtí an Coimisiún, a dhéanfaidh an nós imeachta Coiste bainteach a bhainistiú ansin. De réir na meastachán ní athróidh na riachtanais ó thaobh acmhainní daonna de sa Choimisiún agus an reachtaíocht nua seo á tionscnamh. Dá bhrí sin, ní chruthaíonn an togra reachtach seo riachtanais bhreise acmhainní ar bith (i gcomparáid le reachtaíocht reatha). 3.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Faoi láthair tá a lán córas éagsúil aicmithe agus lipéadaithe (A&L) le haghaidh ceimiceán (substaintí agus ullmhóidí, téarma CCD: meascáin) i bhfeidhm i ndlínsí éagsúla ar fud an domhain (e.g. An tAontas Eorpach, SAM, Ceanada, An tSeapáin, An tSín, An Chóiré, An Astráil). Mar thoradh air sin, tá na córais A&L difriúil óna chéile agus is amhlaidh atá i gcás na faisnéise ar Shláinte agus Shábháilteacht (S&S) don chineál céanna substaintí agus meascán a thosaíonn i dtíortha éagsúla. I 1992, i Rio de Janeiro, shonraigh Comhdháil na NA ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) go bhfuil comhchuibhiú na gcóras aicmithe agus lipéadaithe ceimiceán mar cheann dá gcláir ghníomhaíochta. Dá bhrí sin, forbraíodh córas nua i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla. Bhí dlúthbhaint ag Ballstáit an AE, ag an gCoimisiún agus ag geallchoimeádaithe leis an obair forbartha seo. I mí na Nollag 2002, thángthas ar chomhaontú faoin gcóras nua seo, an Córas Comhchuibhithe Domhanda um Cheimiceáin a Aicmiú agus a Lipéadú (GHS), idir Coiste Saineolaithe na NA um Iompar Earraí Contúirteacha agus An Córas Comhchuibhithe Domhanda um Cheimiceáin a Aicmiú agus a Lipéadú (CSIEA/CCD) sa Ghinéiv. Ansin ghlac UN ECOSOC[14] go foirmiúil leis an CCD in Iúil 2003 agus cuireadh ar fáil é lena chur chun feidhme. Cé nach bhfuil an comhaontú ceangailteach ó thaobh dlí de is caighdeán idirnáisiúnta de facto é an córas nua CCD. Chomh maith le bheith rannpháirteach san obair chun an CCD a fhorbairt ag leibhéal na NA, tá sé fógartha ag an gCoimisiún go minic go raibh sé d'aidhm aige an CCD a chur chun feidhme i reachtaíocht an Chomhphobail. Ar 29 Deireadh Fómhair 2003, dhearbhaigh an Coimisiún sa mheabhrán míniúcháin leis an leasú ar 67/548/CE, ar glacadh leis ag an am céanna agus an togra REACH: "tá sé ar intinn ag an gCoimisiún a mholadh go ndéanfar an CCD atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta a áireamh i ndlí an Chomhphobail chomh luath agus is féidir" Agus, níos sonraithe: "tiocfaidh an Coimisiún chun tosaigh leis na tograí atá riachtanach maidir le glacadh leis ag an am céanna agus glacadh deiridh na reachtaíochta REACH”. Ionadóidh an togra reatha 2 Threoir Eorpacha[15] atá ann cheana lena n-áirítear níos mó ná 10 Leasú agus 30 Oiriúnú don Ascnamh Teicniúil. Toisc go raibh an réimse seo ina ábhar reachtaíochta cheana ag an leibhéal Eorpach agus go mbaineann sé le caighdeán idirnáisiúnta a thabhairt isteach, d’fhonn ardleibhéal comhchuibhithe a bhaint amach, tá sé dlisteanach go mbeadh an Comhphobal páirteach ann. 3.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreat le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM) Is é cuspóir an togra rannchuidiú ní amháin le comhchuibhiú an mhairgaidh inmheánaigh ach chun sláinte an duine agus an chomhshaoil a chosaint níos fearr agus ag an am céanna forbairt inbhuanaithe a chothú agus trádáil idirnáisiúnta a éascú. Sa chomhthéacs seo ní foláir a rá nach gcuidíonn na dálaí reatha, eadhon tuairiscí difriúla guaiseachta a bheith ann don tsubstaint chéanna, le sláinte an duine a chosaint ná le trádáil idirnáisiúnta a éascú, toisc go mbíonn ar thionscal lipéid dhifriúla a úsáid don tsubstaint chéanna ag brath ar an réigiún ar mian leis onnmhairiú chuige. Maidir le torthaí a bhí tuartha don togra, féach an Tuarascáil chríochnaithneach ar an Measúnú Iarmharta a ghabhann leis an togra seo, a bhfuil an-úsáid bainte aici as na mionstaidéir de chuid RPA agus London Economics agus as na freagairtí ó Chomhairliúchán na nGeallchoimeádaithe freisin. Go sonrach, de bharr na bhfreagairtí ó chuideachtaí maidir leis na costais, tá iarrachtaí breise déanta chun earraí costais mhóir a chainníochtú. Taispeánann an anailís iomlán go gcaithfear na costais chur chun feidhme a choinneáil faoi smacht chun teacht ar ghlansochair an CCD sa todhchaí intuartha. Chuige seo ní foláir idirthréimhse ar fhad iomchuí, viz.3 bliana chun substaintí a ailíniú le sprioc-am fhardal an aicmithe agus an lipéadaithe, agus tuairim is 4.5 bliana i gcás meascán, chun na costais agus na guaiseacha a bhaineann le scroig shuntasach inoibritheachta, de dheasca tréimhsí róghearra agus rófhada, a sheachaint. I gcás staidéar breise maidir le cás bunlíne a chruthú, nó táscairí a shainmhíniú chun tionchar na reachtaíochta beartaithe a thomhas, meastar nach bhfuil siad comhréireach agus dá bhrí sin nach ndéanfar iad. Is mar seo a leanas na cúiseanna nach meastar staidéir dá leithéid a bheith comhréireach. - Baineann an togra reachtach seo le comhaontú idirnáisiúnta a chur chun feidhme. Fiú dá mbeadh meastóireacht ex-ante diúltach, ní chuirfeadh sé bac ar an gCoimisiún togra reachtach den sórt sin a chur chun tosaigh ós rud é nach bhfuil roghanna eile beartais ann. - Ní chuirfeadh meastóireacht dhiúltach ex-post ina luí ar an gCoimisiún tarraingt siar ón ngealltanas a thug sé an córas aicmithe agus lipéadaithe a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chur i bhfeidhm. 3.4. Modh don Chur chun Feidhme (táscach) Sonraigh thíos an modh/na modhanna atá roghnaithe chun an gníomh a chur chun feidhme. X Bainistiú láraithe X Go díreach ag an gCoimisiún (i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, féach thíos le do thoil) ٱ Go hindíreach trína tharmligean chuig: ٱ Gníomhaireachtaí Feidhmiúcháin X Comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais (Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán le bunú faoi thogra COIM (2003) 644) ón gCoimisiún. ٱ Comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu ٱ Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe ٱ Leis na Ballstáit ٱ le Tríú tíortha ٱ Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil) Barúlacha ábhartha: 4. CUID 4: MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT 4.1. Córas Monatóireachta Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin na gníomhaíochtaí monatóireachta agus meastóireachta a ailiniú leis na hiarrachtaí comhfhreagracha ag leibhéal na NA agus le hiarrachtaí REACH. Déanfaidh UNITAR agus OECD athbhreithniú ar mhéid chóineasú na gcóras C&L at fud an domhain mar atá curtha i gcrích ag an CCD, ar dtús chun a fháil amach cibé ar baineadh amach buntáistí an chomhchuibhithe agus freisin chun na chéad chéimeanna iomchuí eile a aithint i dtreo cheanglais C&L a bheidh fiú níos aonfhoirmí fós. Tabharfaidh seirbhísí an Choimisiúin a n-ionchur saineolach don obair athbhreithnithe seo, bunaithe ar aicmithe CCD mar atá cláraithe i bhfardal aicmithe agus lipéadaithe REACH. 4.2. Meastóireacht 4.2.1. Meastóireacht ex-ante Bunaithe ar thuarascálacha cúig bliana ó na Ballstáit (mar a cheanglaítear le hAirteagal 46 den Rialachán), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar cé chomh fada is a chuirtear an Rialachán i bhfeidhm mar is ceart agus cibé an bhfuil scroig sa chur i bhfeidhm. Díreoidh an chéad mheastóireacht (i.e. an ceann tar éis cúig bliana) ar thrasdul na n-aicmithe substaintí chuig an CCD d'fhonn trasdul leanúnach aicmithe meascán a bheith ann agus beidh athbhreithniú REACH ar an eolas faoi freisin, athbhreithniú a bhfuil coinne leis seacht mbliana tar éis a theacht chun feidhme. Leis an dara meastóireacht (an ceann tar éis deich mbliana) beifear in ann measúnú a dhéanamh ar an idirthréimhse iomlán. Féadfaidh an dá mheastóireacht úsáid a bhaint as samplaí de cheimiceáin a dhéantar a aicmiú de réir an "tseanchórais" agus an "chórais nua" chun a sheiceáil ar tharla aon athrú réime suntasach, agus chun measúnú a dhéanamh ar (agus faoinar tháinig athrú ar an gcáilíocht sin) cháilíocht na n-aicmithe agus na lipéaduithe. 4.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo) Níl sé infheidhme 4.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí Féach 4.2.1 le do thoil 5. CUID 5: BEARTA FRITH-CHALAOISE Toisc nach bhfuil bainistíocht acmhainní airgeadais sa togra agus nach bhfuil bainistíocht acmhainní airgeadais mar thoradh air níl an t-alt seo infheidhme. 6. CUID 6: SONRAÍ NA NACMHAINNÍ 6.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) - Aschur 1 | - Aschur 2 | Gníomh 2 | - Aschur 1 | Fo-iomlán Cuspóir 1 | CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. 2… | Gníomh 1 | - Aschur 1 | Fo-iomlán Cuspóir 2 | CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. n | Fo-iomlán Chuspóir n | COSTAS IOMLÁN | 6.2. Caiteachas Riaracháin 6.2.1. Líon agus saghas acmhainní daonna Cineálacha post | Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an ghníomhaíocht a bhainistiú ag baint úsáide as acmhainní atá ann cheana agus/nó acmhainní breise (an líon post/FTE) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 | Oifigigh nó foireann shealadach[17] (XX 01 01) | A*/AD | 3* | 3* | 3* | 3* | 3* | 3* | B*, C*/AST | Níl sé infheidhme | Foireann arna maoiniú[18] ag Airteagal XX 01 02 | Foireann eile[19] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 | IOMLÁN | 3 | 3 | 3 | 3 | 3 | 3 | * Faoi láthair duine amháin ó DG ENV agus beirt ó DG ENTR 6.2.2. Cur síos ar na cúraimí a eascraíonn as an ngníomh Faoin reachtaíocht nua, cuirfear na tuairimí maidir le haicmiú agus lipéadú arna bhfoirmliú ag Coistí na Gníomhaireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Beidh sé de chúram ar an gCoimisiún ansin an obair Coiste a bhainistiú. Sa bhreis air sin, leanfaidh an Coimisiún de bheith rannpháirteach sa réamhobair ar an gCóras CCD ar leibhéal na Náisiún Aontaithe. 6.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla) ( Poist a leithdháiltear faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hionadú nó le síneadh. ( Poist a réamhdháileadh laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n ( Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile X Poist a ath-imscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís bainistithe (ath-imscaradh inmheánach) ( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist 6.2.4. Caiteachas eile riaracháin a fholaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin) EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Líne Buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN | Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile | - Intra muros | - Extra muros | Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | 6.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Cineál acmhainní daonna | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 0.351 | Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne buiséid) | -- | -- | -- | -- | -- | -- | Costas iomlán na n-Acmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 0.351 | 0.351 | Ríomh –Oifigigh agus Gníomhairí sealadacha Ba cheart tagairt a dhéanamh do Phointe 6.2.1. más infheidhme. Glactar leis gur €117 000 sa bhliain an meánchostas d'oifigeach AD nó do ghníomhaire sealadach. | Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 Ba cheart tagairt a dhéanamh do Phointe 6.2.1. más infheidhme. | 6.2.6. Caiteachas riaracháin eile nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN | XX 01 02 11 01 – Misin | Níl sé infheidhme | XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha | XX 01 02 11 03 –Coistí* | XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin | XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise | 2. Caiteachas Bainistíochta Iomlán Eile (XX 01 02 11) | 3. Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) | Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | * Is iad na Coistí Teicniúla is gá le haghaidh an togra reachtaigh seo ná Coistí atá bunaithe ag leibhéal na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán. Beidh sé de chúram orthu inter alia obair a bhaineann le hAicmiú agus Lipéadú. Is í buiséad na Gníomhaireachta Ceimiceán a íocfaidh na costais go léir le haghaidh na gCoistí Teicniúla seo. * Is é is dóichí ná gurb ionann an Coiste Coisteolaíochta atá ag teastáil chun an reachtaíocht nua a bhainistiú agus an Coiste atá ag teastáil do reachtaíocht Reach. Dá bhrí sin, ní bheidh aon chostais bhreise maidir le hobair Choiste. * Folófar na riachtanais le haghaidh acmhainní daonna agus riaracháin sa leithdháileadh ar na hArd-S a bhainistíonn (comhfhreagracht de chuid ENTR agus ENV), faoi chuimsiú nós imeachta bliantúil an leithdháilte. Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha | [1] COIM(2007) 355 críochnaitheach. [2] ECBI/03/02: Grúpa Oibre an Pháipéir Bháin ar Aicmiú agus Lipéadú: Achoimre ar Mholtaí ó Ghrúpa Oibre Teicniúil ar Thásc 1 agus 2. [3] Tuarascáil dheireanach: Cúnamh Teicniúil don Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an CCD. Institiúid Ökopol um Straitéis Comhshaoil, Iúil 2004. Tuarascáil tionscadail dheireanach: Tacaíocht theicniúil d'ullmhú na nIarscríbhinní le haghaidh na dréacht-reacahtaíochta lena gcuirtear chun feidhme an Córas Comhchuibhithe Domhanda um Chéimiceán a aicmiú agus a lipéadú (CCD). Polasaí & Dlí Timpeallachta Milieu, Eanáir 2006. [4] IO C [5] IO C [6] IO C [7] IO L [8] IO 196, 16.8.1967, lch. 1. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Treoir 2006/121/CE (IO L 396, 30.12.2006, lch. 850). [9] IO L 200, 30.07.1999, lch. 1. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1). [10] IO L 104, 8.4.2004, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 907/2006 ón gCoimisiún (IO L 168, 21.6.2006, lch. 5). [11] IO L 396, 30.12.2006, lch. 1. [12] Treoir 67/548/CEE ón gComhairle maidir le haicmiú, pascáistiú agus lipéadú substaintí guaiseacha, mar atá arna leasú [IO 196, 16.8.1967, lch. 1] agus Treoir 1999/45/CEE ón gComhairle maidir le haicmiú, pacáistiú agus lipéadú ullmhóidí guaiseacha, mar atá arna leasú [IO L 200, 30.7.1999, lch. 1]. [13] Is féidir sraitheanna breise a chur leis más gá i.e. má leanann an gníomh ar aghaidh thar 6 bliana. [14] Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na Náisiún Aontaithe. [15] Treoir 67/548/CEE ón gComhairle maidir le haicmiú, pascáistiú agus lipéadú substaintí guaiseacha, mar atá arna leasú [IO 196, 16.8.1967, lch. 1] agus Treoir 1999/45/CEE ón gComhairle maidir le haicmiú, pacáistiú agus lipéadú ullmhóidí guaiseacha, mar atá arna leasú [IO L 200, 30.7.1999, lch. 1]. [16] Mar a thuairiscítear in Alt 5.3. [17] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha. [18] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha. [19] Costas ar áireamh sa mhéid tagartha. [20] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.