52007PC0263




[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil, 23.5.2007

COIM (2007) 263 críochnaitheach.

2007/0098 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear comhrialacha maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún){SEC(2007) 635}{SEC(2007) 636}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1. Forais agus cuspóirí

Rinne Treoir 96/26/CE maidir le ligean isteach do ghairm an oibreora iompair bóthair agus na ceithre Rialachán[1] maidir le rochtain ar an margadh iompair, mar aon le dírialáil praghasanna iompair idirnáisiúnta bóthair roinnt blianta roimhe, an margadh inmheánach iompair bóthair a mhúnlú.

Rinne na comhcheanglais atá leagtha síos sa Treoir sin maidir le ligean isteach don ghairm íosleibhéal cáilíochta a áirithiú maidir le hiompar bóthair, agus rinne oscailt an mhargaidh ag na rialacháin tuilleadh iomaíochta a spreagadh. D'éirigh leis an gcreat reachtach seo i gcoitinne, sa tslí is go bhfuil praghasanna is mó fabhar á muirearú ag comhlachtaí iompair inniu, agus go bhfuil na seirbhísí éagsúlaithe agus oiriúnaithe d'éilimh a gcustaiméirí "direach in am".

Léiríonn an taithí a fuarthas, áfach, go bhfuil roinnt bearta i gcomhthéacs an chreata reachtaigh seo curtha i bhfeidhm go dona nó go héagothrom toisc iad a bheith athbhríoch, neamhiomlán nó toisc gan iad a bheith oiriúnach don earnáil. Mar sin atá i gcás na Treorach maidir le rochtain ar an ngairm, ar Treoir í a bhaineann le gach cuideachta iompair bóthair, idir úinéir-oibreoirí, gnóthais bheaga agus mheánmhéide nó cuideachtaí móra. Cuireann éagsúlachtaí i dtaca lena cur chun feidhme isteach ar iomaíocht chóir. Leanann na cuideachtaí de bheith faoi réir faireacháin agus rialuithe neamhchothroma ag na Ballstáit toisc leibhéil an-éagsúla cáilíochta gairmiúla agus fóntachta airgeadais a bheith ann. Cuireann an méid seo cosc freisin ar leas iomlán a bhaint as buntáistí uile an mhargaidh inmheánaigh iompair bóthair.

Tá sé mar aidhm ag an Rialachán atá molta ionad na Treorach seo a ghabháil d'fhonn a heasnaimh a cheartú.

1.2. An fhadhb atá faoi chaibidil

Déanann Treoir 96/26/CE coinníollacha íosta maidir le dea-cháil, seasamh airgeadais agus inniúlacht ghairmiúil a bhunú, ar coinníollacha iad a bheidh le comhlíonadh ag cuideachtaí sula gceadófar dóibh bheith ina n-oibreoirí iompair bóthair, is sin le rá, earraí agus paisinéirí a iompar, ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal idirnáisiúnta. Ní chuirtear ach na coinníollacha seo mar chomhcheanglais ar chuideachtaí maidir lena gcuid gníomhaíochtaí a chleachtadh i margadh iompair bóthair an Chomhphobail. Fairis sin, cuireann an Treoir aitheantas frithpháirteach ar bun do roinnt de na doiciméid is gá chun na húdaruithe seo a fháil.

D'fhógair an Coimisiún ina chlár reachtach don bhliain 2006[2] go raibh sé beartaithe aige na rialacha a éiríonn as an Treoir seo a scrúdú go mion, d'fhonn, más cuí, a gcur chun feidhme a chomhchuibhiú, a shimpliú agus le go mbeadh sé níos fusa maoirseacht a dhéanamh orthu agus le go mbeidís níos éifeachtaí. Bunaíodh an scrúdú seo ar chomhairliúchán leathan le geallsealbhóirí agus ar mheasúnú iarmharta. Léirigh sé go raibh deacrachtaí ag na Ballstáit an Treoir seo a thrasuíomh agus a chur chun feidhme agus go ndearnadh amhlaidh ar shlite an-éagsúla. Mar shampla, tá rátaí ratha éagsúla sna scrúduithe inniúlachta gairmiúla ó Bhallstát go Ballstát, ó 10% go dtí os cionn 90%. Tá sé seo ina chúis le go leor míbhuntáistí, lena n-áirítear:

- an baol atá ann go saobhfar an iomaíocht idir na hoibreoirí a bhfuil foras réadach acu, ar thaobh amháin, ar foras ar a mbeadh rochtain ag na húdaráis a fhíoraíonn go gcomhlíontar na híoschaighdeáin chun rochtain a fháil ar an ngairm agus na cuideachtaí "boscaí litreacha" ar an taobh eile, a d'fhéadfadh faireachán cuí a sheachaint;

- easpa trédhearcachta sa mhargadh i ngeall ar na difríochtaí idir na híoschaighdeáin maidir le seasamh airgeadais agus inniúlacht ghairmiúil agus, mar atoradh "conarthaí carnacha"; ní bhíonn aon ráthaíocht ag custaiméirí iompair bóthair maidir le caighdeán na seirbhíse a chuirfidh cuideachtaí ar fáil dóibh;

- marthanacht cuideachtaí faillíocha ag a bhfuil leibhéal íseal cáilíochta gairmiúla agus seasaimh airgeadais, rud a bheireann rioscaí don tsábháilteacht ar bhóithre agus a dhéanann éifeachtúlacht shocheacnamaíoch an iompair bóthair a chomhréiteach (ní féidir le cuideachtaí atá níos cáilithe aghaidh a thabhairt ar an iomaíocht seo);

- faireachán nach bhfuil cothrom nó comhordaithe idir na húdaráis náisiúnta atá ceaptha údaruithe cuideachtaí a sháraíonn a ndea-cháil trí chion a dhéanamh a tharraingt siar. Cruthaíonn an easpa comhordaithe seo costais riaracháin neamhriachtanacha agus déanann sí dochar don inchreidteacht agus don éifeacht bhactha a bhíonn ag tarraingt siar ceadúnas.

1.3. Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Rannchuideoidh an Rialachán atá molta le gnóthú chuspóirí straitéis Liospóin. Ar ndóigh, cruthóidh sé coinníollacha iomaíochta níos cothroime laistigh den earnáil agus beidh níos mó trédhearcachta ann do chustaiméirí iompair bóthair. Cuirfidh sé seo le seirbhísí iompair a bheidh níos éifeachtúla agus ar chaighdeán níos fearr. Ag féachaint don phríomhról atá ag an iompar bóthair i gcórais táirgthe agus dáilte tionscal, tacóidh sé le hiomaíochas an Aontais.

Feabhsóidh an Rialachán nua cúrsaí sábháilteachta bóthair go hindíreach trí fhaireachán níos déine a dhéanamh ar chuideachtaí faillíocha, ar dóichí baint a bheith acu le timpistí ná cuideachtaí eile. Feabhsóidh sé coinníollacha oibre d'fhostaithe iompair bóthair trí chaighdeán níos airde a chur ar bun maidir le cáilíochtaí gairmiúla. Neartóidh sé, freisin, neamhspleáchas úinéir-oibreoirí áirithe vis-à-vis a gcustaiméirí agus tugann sé cosaint dóibh ón gcleachtas iad a fhostú faoi cheilt.

Is atá sa togra seo ná an chéad chéim eile i dtaca leis an ngealltanas a rinne an Coimisiún inneachar an " acquis " a shimpliú agus a thabhairt suas chun dáta. Is cuid den chlár "rialú níos fearr" maidir leis an acquis communautaire a thabhairt suas chun dáta agus a shimpliú. Is a bhí i gceist leis an simpliú reachtach seo ná tuilleadh soiléireachta breithiúnaí, trí mheán forálacha a mbeadh sé níos éasca faireachán a dhéanamh orthu, ar simpliú a thabharfadh cur i bhfeidhm éifeachtach agus tuilleadh comhréireachta sna rialacháin maidir le rochtain ar an margadh iompair[3]. Tugann sé an deis do na Ballstáit freisin muirir riaracháin áirithe atá iomarcach agus a bhaineann le seiceálacha a laghdú.

Áirítear nuachóiriú na rialacha lena rialaítear ligean isteach do ghairm an oibreora iompair bóthair, go háirithe trí chláir leictreonacha a thabhairt isteach, ar na bearta láithreacha a bheidh le glacadh i gcomhthéacs an "Chláir Gníomhaíochta maidir le Laghdú Ualaí Riaracháin san Aontas Eorpach" a mhol an Coimisiún an 24 Eanáir 2007[4]. Leanann as conclúidí na Comhairle Eorpaí an 8 agus an 9 Márta go n-iarrtar ar an bParlaimint agus ar an gComhairle tosaíocht faoi leith a thabhairt do na bearta láithreacha seo agus dá bharr do scrúdú agus do ghlacadh an togra seo.

2. COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

2.1. Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Leanann an togra seo comhairliúchán poiblí a raibh mar aidhm aige an líon barúlacha is mó is féidir a fháil ó gheallsealbhóirí. Rinneadh an comhairliúchán seo, a eagraíodh i gcomhpháirt leis an gceann a rinneadh d'athmhúnlú comhuaineach na gceithre Rialachán maidir le rochtain ar an margadh, a chur i gcrích trí mheán ceistneora a foilsíodh ar an Idirlíon agus a seoladh leis an bpost chuig na heagraíochtaí go léir atá ionadaitheach d'earnáil an iompair bóthair.

Fuair an Coimisiún 67 aighneacht i scríbhinn ó údaráis náisiúnta agus ó eagraíochtaí náisiúnta agus Eorpacha a ionadaíonn oibreoirí fartha bóthair agus oibreoirí iompair paisinéirí, a gcustaiméirí agus leasanna eacnamaíocha eile. An 7 Samhain 2006, d'eagraigh sé éisteacht do gheallsealbhóirí a d'fhreagair an comhairliúchán poiblí i scríbhinn nó a léirigh spéis idir an dá linn. Bhí 42 toscaireacht a bhí ionadaitheach don tionscal agus 37 breathnóir a bhí ionadaitheach do riaracháin náisiúnta i láthair ag an éisteacht seo.

Mheas na geallsealbhóirí i gcoitinne gur chóir na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun údarú a fháil gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh a bheith níos comhchuibhithe, agus gur chóir go gcuirfí i bhfeidhm agus go rialófaí níos fearr iad. Ar leith ó oibreoirí iompair paisinéirí a cheap go mba chóir caighdeáin níos airde a éileamh, mhol na geallsealbhóirí gur chóir tosaíocht a thabhairt do chomhchuibhiú na rialacha náisiúnta atá ann cheana. Molann siad i gcoitinne:

- go bhfeabhsófar faireachán trí sheiceálacha a dhíreoidh ar chuideachtaí a mbaineann riosca leo (seachas trí sheiceálacha córasacha níos minice), trí mhalairt chórasach faisnéise idir údaráis na mBallstát éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar iompar cuideachtaí agus trí leas a bhaint as cláir leictreonacha a laghdódh costais riaracháin;

- forálacha coiteanna a thabhairt isteach a áiritheoidh go mbeidh bunaíochtaí éifeachtacha agus cobhsaí ag cuideachtaí d'fhonn saobhadh na hiomaíochta ag comhlachtaí "boscaí litreacha" a laghdú.

- comhchuibhiú na dtáscairí a úsáidtear chun seasamh airgeadais cuideachta a thomhas agus comhchuibhiú chaighdeán na scrúduithe lena ndeimhnítear inniúlacht ghairmiúil;

- go gcinnteofar gurb nó gurb í an duine a shealbhaíonn deimhniú inniúlachta gairmiúla a stiúrann na gníomhaíochtaí iompair i ndáiríre agus nach ainm sealbhóra atá ann chun údarú a fháil.

Tugadh aird ar na barúlacha go léir a tugadh le linn an phróisis seo. Chuidigh go leor acu chun an togra seo agus an measúnú iarmharta a fheabhsú. Leathnaigh an Coimisiún sa tslí seo an réimse roghanna a dhéanfar measúnú orthu d'fhonn na tuairimí éagsúla a cuireadh in iúl a léiriú. Níor shaothraigh sé an smaoineamh árachas dliteanais ghairmiúil éigeantach a chur in ionad an choinníll a bhaineann le seasamh airgeadais, toisc gur mheas go leor geallsealbhóirí nach raibh an smaoineamh seo forbartha go leor.

Tá achoimre na bhfreagraí a fuarthas ón gcomhairliúchán poiblí, téacs na bhfreagraí aonair agus tuarascáil ar éisteacht an 7 Samhain 2006 ar fáil ar an suíomh: http://ec.europa.eu/transport/road/consultations/road_market_en.htm

2.2. Bailiú agus úsáid saineolais

Le linn an chomhairliúcháin phoiblí, thairbhigh an Coimisiún de shaineolas neamhspleách ón Ollamh Brian Bayliss, a bhí, in 1994, ina Iar-Chomhuachtarán ar an gCoiste Fiosrúcháin um Iompar Bóthair a chuir tuarascáil chuimsitheach le chéile maidir le cur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh i dtaca le hiompar earraí de bhóthar agus maidir lena raibh fós le déanamh ina leith an tráth sin.

2.3. Measúnú iarmharta

Bhain an measúnú iarmharta a rinneadh chun an togra seo a ullmhú le hathmhúnlú na rialacha go léir a bhaineann le ligean isteach don ghairm agus rochtain ar an margadh, mar gheall ar a ndlúthcheangail agus a bhforluití le chéile. Tá sí bunaithe ar staidéir éagsúla a rinneadh i rith 2004, 2005 agus 2006. Glacadh cúram faoi leith chun réim an mheasúnaithe a oiriunú do thuairimí na ngeallsealbhóirí agus chun an togra a ghabhann leis seo a oiriúnú do chonclúidí an mheasúnaithe.

Rinneadh measúnacht ar chúig rogha beartais :

(1) Dhéanfadh an rogha "gan athrú a dhéanamh" an reachtaíocht bhóthair atá ann cheana a fhágáil gan athrú. Leanfadh na fadhbanna a ndearnadh cur síos orthu i dtús an doiciméid seo ar aghaidh nó d'éireoidís níos measa de réir a chéile de réir mar a chuirfí an cabatáiste ar fáil do na Ballstáit go léir.

(2) Dhéanfadh an rogha "simpliú teicniúil agus neamh-rialúcháin" cúig ionstraim reachtacha an CE a chur le chéile agus a chomhdhlúthú i dtrí ionstraim. Thabharfadh sé treoirlínte neamh-cheangailteacha do na Ballstáit agus don tionscal chun iad a chur i ngníomh. Bheadh an rogha seo éasca le cur i ngníomh ach ní dócha go laghdódh sé na difríochtaí idir na rialacha náisiúnta ná go réiteodh sé na príomhfhadhbanna a sainaithníodh ar dtús.

(3) Maidir leis an rogha "comhchuibhiú", dhéanfaí trí Rialachán den Treoir agus de na ceithre Rialachán atá ann cheana d'fhonn ligean isteach don ghairm a chomhchuibhiú tuilleadh agus chun soiléireacht bhreithiúnach maidir le cabatáiste a mhéadú agus chun cur i bhfeidhm an chéanna a fheabhsú. Chuirfeadh an rogha seo le hiomaíocht chóir, d'fheabhsódh sé comhlíonadh rialacha an iompair bóthair, go háirithe i dtaca le sábháilteacht agus d'ardódh sé meánleibhéal na gcaighdeán gairmiúil san earnáil.

(4) Dhéanfadh an rogha "caighdeáin cháilíochta níos airde" ceanglais níos déine a thabhairt isteach maidir le seasamh airgeadais agus oiliúint leantach éigeantach do bhainisteoirí iompair i gcuideachtaí. Sa ghearrthréimhse, bheadh rochtain níos deacra do chuideachtaí beaga de bharr na rogha seo. San fhadtréimhse spreagfadh sé oibreoirí chun bheith níos éifeachtúla agus bheadh buntáistí dá bharr don tsochaí uile.

(5) Dhéanfadh an rogha "léirscaoileadh" an cabatáiste a oscailt tuilleadh don iomaíocht agus dhéanfadh sé seirbhísí rialta idirnáisiúnta ag cóistí níos léirscaoilte. Laghdódh an rogha seo praghsanna áirithe iompair, ach gan éifeachtúlacht shocheacnamaíoch an iompair bóthair a fheabhsú de riachtanas, mura mbeadh tuilleadh comhchuibhithe roimh ré, lena n-áirítear comhchuibhiú sa réimse fioscach agus sóisialta. Bheadh an baol ann leis an rogha seo go gcaillfí poist i dtíortha áirithe. Ar aon chuma, de bharr scála dóchúil na n-iarmhairtí, bheadh gá le hanailís níos mionsonraithe agus bheadh an rogha seo ag dul thar mar a bheadh i gceist le creat simplithe an togra seo.

Ar bhonn na dtorthaí seo, tá an togra láithreach ag teacht le rogha Uimh. 3 ar a dtugtar "comhchuibhiú". Tá achoimre ar an measúnú iarmharta agus an tuarascáil iomlán ar an measúnú iarmharta seo ag gabháil leis an dtogra láithreach. Meastar sa mheasúnú iarmharta go ndéanfaidh an Rialachán atá molta, mar aon leis an dá Rialachán comhuaineach atá molta maidir le rochtain ar an margadh, saobhadh na hiomaíochta a laghdú, go bhfeabhsóidh sé meas na n-oibreoirí bóthair ar rialacha sóisialta agus sábháilteachta bóthair agus go dtabharfaidh sé an deis do Bhallstáit costais riaracháin a laghdú de mhéid is ionann agus EUR 180 milliún, a bheag nó a mhór, in aghaidh na bliana[5].

3. GNÉITHE DLÍTHIÚLA

3.1. Achoimre ar na bearta atá molta

Déanann an Rialachán atá molta coinníollacha a leagan síos a bheidh le comhlíonadh ag gach cuideachta chun go n-údaraítear di gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh. Soiléiríonn sé na forálacha dlíthiúla atá ann cheana agus déanann sé iad a fhorlíonadh d'fhonn cur lena gcomhréireacht agus d'fhonn cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhionann a áirithiú. Tugann sé isteach:

- freagracht an bhainisteora iompair a thugann a dheimhniú nó a deimhniú inniúlachta gairmiúla do chuideachta chun go bhfaighidh sí údarú agus rialacha níos déine maidir lena cheangail nó lena ceangail leis an gcuideachta;

- critéir a bheidh le hurramú chun a áirithiú go bhfuil cuideachta bunaithe ar bhealach cobhsaí agus éifeachtach i mBallstát agus chun gur féidir leis an údarás náisiúnta a thug údarú di an ghairm a chleachtadh, faireachán ceart a dhéanamh ar a hiompar;

- táscairí airgeadais inchomparáide chun seasamh airgeadais cuideachta a thomhas, íosoiliúint éigeantach 140 uair an chloig roimh an scrúdú lena ndeimhnítear inniúlacht ghairmiúil, ar scrúdú a bheidh le déanamh ag gach iarrthóir agus creidiúnú na n-ionad oiliúna agus na n-ionad scrúdaithe;

- oibleagáid a chur ar na húdaráis a dhaingníonn nach bhfuil na ceanglais maidir le dea-cháil, seasamh airgeadais nó inniúlacht ghairmiúil á gcomhlíonadh a thuilleadh, an méid sin a chur in iúl don oibreoir, agus mura nglacfar gníomh feabhais laistigh de thréimhse shonraithe, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur ar an oibreoir ó tharraingt siar a údaraithe go dtí dícháiliú a bhainisteora iompair;

- aitheantas idir Bhallstáit a thabhairt do sháruithe ar rialacha iompair CE. Beidh feidhm ag an aitheantas frithpháirteach seo chun suimiú a dhéanamh ar sháruithe tromchúiseacha cibé áit a rinneadh iad, ar sáruithe iad a bhféadfadh, thar tháirseach áirithe, dochar a dhéanamh do dhea-cháil oibreora iompair agus a chur faoi deara go ndéanfaí smachtbhannaí a fhorchur air;

- cláir leictreonacha idirnasctha idir na Ballstáit go léir chun an costas a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chuideachtaí riaracháin a laghdú agus chun malartú faisnéise idir na Ballstáit a éascú.

- díothú comhleanúnach socruithe áirithe maidir le maoluithe, a dheonaítear go neamhionann do chuideachtaí, toisc go bhfágtar iad de rogha na mBallstát. Níl gá a thuilleadh leis na socruithe seo agus agus déanann siad an iomaíocht a shaobhadh sa dóigh is go gcuirtear formhór na gcuideachtaí faoi mhíbhuntáiste.

3.2. Bunús dlí

Tá an Rialachán atá molta, lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE, bunaithe ar Airteagal 71 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. 320

3.3. Prionsabal na coimhdeachta,

Is is aidhm don togra seo go bunúsach na rialacha náisiúnta a fhorchuirtear ar chuideachtaí i dtaca lena ligean isteach don ghairm a chomhchuibhiú agus sa tslí sin chun cur le héifeachtúlacht an mhargaidh inmheánaigh. Ní fhéadfadh na Ballstáit féin an comhchuibhiú seo a dhéanamh. Fairis sin, tá sé mar aidhm ag an togra malartú faisnéise idir údaráis na mBallstát a dhéanann faireachán ar chomhlíonadh na rialacha maidir le ligean isteach don ghairm a fheabhsú. Ní fhéadfadh na Ballstáit sin a dhéanamh ach ar bhealach ilroinnte dá ndéanfaí ar bhonn déthaobhachach. Tá gníomh Comhphobail riachtanach toisc nach féidir le Ballstát nó le grúpa Ballstát na fadhbanna atá sainaitheanta a réiteach go sásúil.

3.4. Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas: 331

- leagtar síos leis an togra seo na coinníollacha coiteanna ach fós beidh Ballstáit in ann a gcoinníollacha féin a leagan síos maidir le ligean isteach don ghairm;

- leanann an t-aon teorainn a bhaineann leis an bhféidearthacht seo as prionsabal na saoirse bunaíochta agus as an ngá aitheantas frithpháirteach a áirithiú do theastais áirithe ach ní thugann an togra aon athrú mór isteach i gcomparáid leis na forálacha atá i bhfeidhm cheana féin.

- leis an togra seo, fágtar dhá mhodh de rogha na mBallstát maidir le cuideachtaí do thabhairt cruthúnais i dtaobh a seasaimh airgeadais (táscairí airgeadais nó ráthaíochtaí bainc);

- go réitíonn na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na húdaráis náisiúnta a cheadaíonn cleachtadh na gairme lena gcumhacht lánroghnach, go háirithe i dtaca le sáruithe a dhaingniú agus rialú a thabhairt orthu; Ar bhonn chásdlí na Cúirte Breithiúnais ina breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2005 [6], bunaítear cur chuige coiteann chun smachtbhannaí riaracháin a fhorchur amhail tarraingt siar údaruithe.

Ag féachaint do chineál athchomhairleach na smachtbhannaí sin cheana féin, ní dhéantar foráil leis an Rialachán do smachtbhannaí eile de chineál coiriúil nó airgeadais agus fágtar an réimse seo faoi na Ballstáit.

Ar deireadh, tugtar faoi deara nach féidir comhchuibhiú na gcoinníollacha maidir le cleachtadh na gairme a theorannú do na cuideachtaí amháin atá údaraithe chun bheith i mbun an iompair idirnáisiúnta. Ó bunaíodh an margadh inmheánach, níl na margaí náisiúnta ar deighilt a thuilleadh ar na cúiseanna seo a leanas:

- tá go leor Ballstát nach ndéanann idirdhealú ar bith idir údaruithe a eisítear don iompar idirnáisiúnta agus údaruithe a eisítear don iompar náisiúnta amháin;

- sna Ballstáit eile, tá na cuideachtaí nach bhfuil údaraithe chun bheith i mbun iompair ach laistigh den Bhallstát san iomaíocht le cuideachtaí ó Bhallstáit eile atá i mbun cabatáiste;

- iompaíonn na cuideachtaí atá údaraithe chun bheith i mbun an iompair idirnáisiúnta ar a margadh náisiúnta, más rud , mar gheall ar an staid eacnamaíoch, nach n-éiríonn leo custaiméirí a fháil a thuilleadh chun earraí a iompar go dtí Ballstáit eile.

Beidh feidhm ag an Rialachán atá molta, mar atá ag an Treoir atá ann cheana, maidir le gach cineál iompair, lena n-áirítear oibríochtaí iompair ag leibhéal náisiúnta.

3.5. Rogha Ionstraime

Is an príomhchuspóir atá le hathbhreithniú na rialacha maidir le ligean isteach do ghairm na n-oibreoirí bóthair ná a áirithiú go ndéanfar na rialacha seo a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtúla agus níos comhionainne. Is an Rialachán, atá infheidhme go díreach agus atá níos aonfhoirmí, an ionstraim is oiriúnaí. Cumasóidh sé tuilleadh trédhearcachta agus laghdóidh sé costais riaracháin áirithe. Dealraíonn sé gurb í an rogha seo an rogha is iomchuí toisc gurb ligean isteach don ghairm an bhunchoinníoll chun rochtain a fháil ar an margadh agus sa réimse deireanach seo is an Rialachán an ionstraim atá in úsáid ó 1992 i leith.

3.6. Impleachtaí buiséadacha

Níl aon chostas breise ag gabháil leis an togra seo do bhuiséad an Chomhphobail.

3.7. An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Baineann an Rialachán atá molta leis an LEE agus ba chóir a leathnú chuige.

4. NA FORÁLACHA ATÁ MOLTA

4.1. Áit na bhforálacha atá ann cheana a ghlacadh

Déanann an togra seo na rialacha atá ann cheana i dtaca le ligean isteach do ghairm an oibreora iompair bóthair a fhorlíonadh agus a athbhreithniú. Beidh ann roinnt de phrionsabail agus d'fhorálacha Threoir 96/26/CE:

- na trí choinníoll a bheidh le comhlíonadh ag cuideachta ar mian léi go ligfí isteach sa ghairm í (dea-cháil, inniúlacht ghairmiúil, seasamh airgeadais) (Airteagal 3);

- aitheantas frithpháirteach dioplómaí, teastas agus cruthúnas eile ar cháilíochtaí foirmiúla chun saoirse bhunaíochta a éascú (Airteagail 18 go 20);

- múnla an teastais inniúlachta gairmiúla (Iarscríbhinn II) agus de liosta na n-ábhar a mbeidh cur amach orthu riachtanach chun an teastas sin a fháil (Iarscríbhinn I).

Ní dhéanfadh athmhúnlú ar bhonn Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha teicníce athmhúnlaithe ionstraimí dlíthiúla, an tsoiléireacht dhlíthiúil is gá a bhaint amach. Is " acquis " iad na prionsabail agus na forálacha seo nach féidir a cheistiú. Iarrann an Coimisiún dá bharr sin ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle iad a chur i gcuntas go mór agus a sainchumais á bhfeidhmiú acu maidir leis na forálacha nua, a bhfuil cur síos déanta orthu anseo thíos.

4.2. Forálacha nua

4.2.1. Mínithe a shoiléiriú agus nuashonrú an raoin feidhme

Cuireann Airteagal 1 le liosta na míniúchán chun cur chun feidhme níos comhionainne a éascú. Tugann Airteagal 2 sainmhíniú ar an raon feidhme nua a bheidh ar comhréir leis an reachtaíocht iompair bóthair eile trí dhíriú ar na feithiclí go léir de 3.5 tonna nó níos mó agus trí dhíolúintí a theorannú go dtí oibríochtaí iompair áirithe a bheidh sainaitheanta go soiléir in ionstraimí Comhphobail eile.

4.2.2. Coinníoll maidir le bunú

Déanann Airteagail 3 agus 5 na comhrialacha a shocrú ionas nach bhfeadfaí ach cuideachtaí a bhfuil bunaíocht éifeachtach agus cobhsaí acu a údarú chun an ghairm a chleachtadh. Is í an aidhm atá ann ná go mbeidh gach cuideachta faoi réir an chaighdeáin chéanna faireacháin agus chun éalú cuideachtaí áirithe ó fhaireachán ag údaráis na mBallstát ina bhfuil siad a sheachaint. Is atá i gceist le bunaíocht chobhsaí agus éifeachtach de bhua Airteagal 5 ná oifig, feithiclí cláraithe agus lárionad oibríochta.

4.2.3. Freagracht an bhainisteora iompair

Maidir leis an duine (dá ngairtear "an bainisteoir iompair") ag a bhfuil an inniúlacht ghairmiúil is gá, sainíonn Airteagal 4 na naisc a gcaithfidh a bheith aige/aici leis an gcuideachta a bhfuil sé/sí ceaptha a bhainistiú. Ní foláir go mbeidh an duine seo fostaithe agus íoctha ag an gcuideachta. Toisc go bhfuil an duine sin ceaptha gníomhaíochtaí iompair na cuideachta a reachtáil go héifeachtach agus go buan, ba chóir go nglacfadh sé/sí le hiarmhairtí a chinntí/cinntí agus dá bhrí sin go mbeadh sé/sí freagrach as sáruithe a dhéanfar i dtaca leis na gníomhaíochtaí a stiúrann sé/sí. Tá sainmhíniú déanta ar an bhfreagracht seo chun críocha an Rialacháin seo, ach ní dochar í do dhliteanais choiriúla nó airgeadais a dtugtar sainmhíniú orthu i reachtaíocht náisiúnta gach Ballstáit. Déantar an fhéidearthacht atá ag úinéir-oibreoirí dul ar iontaoibh bainisteora eile iompair chun críocha cáiliúcháin a rialú, go háirithe chun cur lena neamhspleáchas maidir leis na hoibreoirí iompair móra a thugann coinsíneachtaí dóibh agus sa tslí sin iad a chosaint ó fhostaíocht cheilte.

4.2.4. Beachtú na gcoinníollacha a bheidh le comhlíonadh i dtaca le dea-cháil

Sainaithníonn Airteagal 6 na rialacha Comhphobail a bhféadfadh cailliúint dea-cháile teacht as sáruithe tromchúiseacha orthu, fiú más i mBallstáit eile a dhéantar iad. Sonraíonn sé freisin go dtiocfaidh mionsáruithe chun bheith tromchúiseach i ndiaidh leibhéal áirithe athdhéanta. Tugtar cumhachtaí feidhmithe don Choimisiún chun liosta coiteann de na sáruithe seo a bhunú. Is réamhriachtanas an liosta seo maidir le malartú faisnéise idir Bhallstáit agus maidir le sainmhíniú ar na tairseacha coiteanna ar dá réir ba chóir údaruithe a tharraingt siar.

4.2.5. Táscairí nua chun seasamh airgeadais cuideachta a thomhas

Tugann Airteagal 7 táscairí níos beaichte isteach chun seasamh airgeadais cuideachta a thomhas. Tá dhá rogha fágtha faoi na cuideachtaí nó na Ballstáit: caithfidh na sócmhainní reatha agus an "cóimheas tapaidh" (de réir théarmeolaíocht an ceathrú Treoir Chuntasaíochta)[7] bunaithe ar bhonn chuntais bhliantúla na cuideachta a bheith de réir tairseacha faoi leith nó caithfidh an chuideachta a seasamh airgeadais a chruthú trí ráthaíocht bainc. Is iad na táscairí airgeadais atá beartaithe na táscairí is mó a úsáidtear san anailís airgeadais chun cumas cuideachta a mheas maidir lena fiacha gearrthéarma a ghlanadh.

4.2.6. Feabhsú inniúlachta gairmiúla

Tugtar isteach cur chuige coiteann le hAirteagal 8 ina gceanglaítear oiliúint agus scrudú riachtanach chun inniúlacht ghairmiúil a fhíorú, is cur chuige a bheidh infheidhme maidir le gach iarrthóir lena n-áirítear iarrthóirí ag a bhfuil taithí ghairmiúil agus iarrthóirí ag a bhfuil dioplóma. Déantar foráil leis an Airteagal seo fairis sin do chóras íoschreidiúnaithe do na lárionaid scrúdaithe agus do na lárionaid oiliúna agus déanfar malartú taithí idir Bhallstáit a chur chun cinn sa réimse seo. Ní bheidh an fhéidearthacht ann a thuilleadh do na Ballstáit leibhéal na gcáilíochtaí a chinneadh de réir mar atá iompar idirnáisiúnta i gceist nó nach bhfuil. Is í an chúis atá leis seo ná gur cinnte go raibh deis ag daoine a rinne gníomhaíochtaí iompair a bhainistiú, oibríochtaí iompair idir Bhallstáit éagsúla a bhainistiú le linn a ngairmeacha beatha.

4.2.7. Feabhsú an fhaireacháin

Déanann Airteagail 9, 10, 11 agus 13 soiléiriú agus neartú ar ról na n-údarás atá ainmnithe ag na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá bhforáiltear leis an Rialachán ag cuideachtaí. Tugann na hAirteagail seo prionsabail chomhpháirteacha isteach d'fhonn tuilleadh trédhearcachta, comparáideachta agus faoi dheoidh, creidiúnachta a áirithiú sna rialacha a bhaineann le ligean isteach don ghairm. Déanann Airteagail 10 agus 12 na teorainneacha ama a bheachtú a bheidh le hurramú ag na húdaráis seo chun iarratais a mheasúnú agus freisin na teorainneacha ama a d'fhéadfaí a thabhairt do chuideachta chun a staid a chur ina ceart sula gcuirfí smachtbhanna uirthi. Cuireann Airteagal 12 de cheangal ar na húdaráis inniúla rabhadh a thabhairt do chuideachtaí má tá an baol ann nach gcomhlíonfaidh siad coinníollacha an Rialacháin a thuilleadh. Bunaítear le hAirteagal 21 raon céimseach smachtbhannaí riaracháin ón údarú a tharraingt siar go páirteach go dtí dícháiliú an bhainisteora iompair. Maidir le seiceálacha, déanann Airteagal 11 foráil maidir le seiceálacha spriocdhírithe a d’fhéadfaidh na Ballstáit a chur in ionad seiceálacha córasacha níos minice ná na seiceálacha cúig bliana atá ann. D'éirigh le modh na seiceálacha spriocdhírithe chun sáruithe a bhrath go héifeachtach agus chun costais riaracháin a laghdú, ní dhéantar seiceáil ach ar na cuideachtaí a mheastar a bheith i mbaol.

4.2.8. Simpliú agus comhoibriú riaracháin

Déanann Airteagal 15 clár leictreonach de chuideachtaí a thabhairt isteach i ngach Ballstát, is clár a bheidh idirnasctha ar leibhéal Eorpach faoi dheireadh 2010 maidir le rialacha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Tá cláir den sórt sin ann cheana i roinnt Ballstát agus tá a n-éifeachtacht léirithe maidir le laghdú na gcostas riaracháin a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chuideachtaí. In Airteagal 16, leagtar amach na bunrialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta, de bhun Threoir 95/45/CE. Deantar foráil in Airteagal 17 maidir le pointí teagmhála náisiúnta a ainmniú a bheidh le húsáid i dtaca le faisnéis a mhalartú, mar aon le nósanna imeachta áirithe a bheidh le leanúint (mar atá mionsonraithe sna tograí le haghaidh Rialachán a glacadh go comhthreomhar leis an togra reatha).

4.2.9. Leasuithe eile

Baineann na leasuithe substainteacha eile le forálacha ginearálta a thig ó na leasuithe atá sonraithe thuas, go háirithe maidir le beachtú na hidirthréimhse is infheidhme agus chun deireadh a chur de réir a chéile le réamhchearta nach bhfuil údar leo, na rialacha is infheidhme maidir leis an nós imeachta coiste agus na tuarascálacha a bheidh le cur le chéile chun faireachán níos déine a áirithiú ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Chomhphobail.

2007/0098 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear comhrialacha maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh

(Téacs is ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71 de.

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[8],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[9],

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

Ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[10],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Éilíonn cur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh iompair bóthair fara dálaí córa iomaíochta go ndéanfar comhrialacha a chur i bhfeidhm go comhionann maidir le ligean isteach do ghairm an oibreora tharlaithe de bhóthar agus an oibreora iompair phaisnéirí de bhóthar, dá ngairtear "gairm an oibreora iompair bóthair" anseo ina dhiaidh seo. Cuideoidh na comhrialacha seo le leibhéal níos airde cáilíochta gairmiúla a bhaint amach i measc oibreoirí iompair, cuideoidh siad le cuíchóiriú an mhargaidh agus le feabhsú cháilíocht na seirbhíse a thugtar, ar mhaithe le leasanna oibreoirí iompair, a gcustaiméirí agus an gheilleagair ina iomláine, mar aon le sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú. Déanfaidh siad feidhmiú éifeachtach cheart bunaíochta na n-oibreoirí iompair a éascú freisin.

(2) Rinne Treoir 96/26/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le ligean isteach do ghairm an oibreora tharlaithe de bhóthar agus an oibreora iompair phaisnéirí de bhóthar agus le dioplómaí, teastais agus cruthúnais eile ar cháilíochtaí foirmiúla a aithint go frithpháirteach chun feidhmiú na saoirse bunaíochta in oibríochtaí iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta a éascú do na hoibreoirí sin[11] íoschoinníollacha a leagan síos i dtaca le ligean isteach do ghairm an oibreora iompair bóthair mar aon le híoschoinníollacha i dtaca leis na doiciméid a bheidh ag teastáil chun na críche seo. Léiríonn taithí, measúnú iarmharta agus staidéir éagsúla, áfach, go gcuirtear an Treoir seo chun feidhme ar bhealaí an-éagsúla sna Ballstáit. Tá roinnt iarmhairtí diúltacha ag an difríocht seo, go háirithe saobhadh na hiomaíochta, trédhearcacht áirithe sa mhargadh, leibhéal rialaithe neamhionann agus an baol go mbeidh gnóthais a bhfuil leibhéal íseal cáilíochta gairmiúla acu faillíoch nó gcomhlíonfaidh siad rialacha sábháilteachta bóthair nó rialacha sóisialta an oiread céanna, rud a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh d'íomhá na hearnála.

(3) Tá na hiarmhairtí seo níos díobhálaí fós sa mhéid is go bhféadfaidís cur isteach ar dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh iompair bóthair. Tá rochtain ar mhargadh an iompair idirnáisiúnta earraí agus oibríochtaí cabatáiste áirithe ar fáil do ghnóthais an Chomhphobail uile. Is an t-aon choinníoll a fhorchuirtear ar na gnóthais ná go mbeidh ceadúnas Comhphobail acu, ar ceadúnas is féidir a fháil ach na coinníollacha maidir le ligean isteach don ghairm a chomhlíonadh, faoi Rialachán (CE) Uimh..../... maidir le hiompar earraí de bhóthar agus Rialachán (CE) Uimh..../... maidir le hiompar paisinéirí.

(4) Ba chóir dá bhrí sin na rialacha atá ann cheana maidir le ligean isteach do ghairm an oibreora iompair bóthair a nuachóiriú d'fhonn cur chun feidhme níos comhionainne agus níos éifeachtaí a áirithiú. De bhrí gurb comhlíonadh na rialacha seo an príomhchoinníoll chun rochtain a fháil ar mhargadh an Chomhphobail agus toisc gur Rialacháin na hionstraimí Comhphobail is infheidhme sa réimse seo, is dealraitheach gurb an Rialachán an ionstraim is iomchuí chun ligean isteach don ghairm a rialú.

(5) Ar mhaithe le hiomaíocht chóir, ba chóir go mbeadh feidhm ag na comhrialacha i dtaobh chleachtadh na gairme maidir le gach gnóthas, a mhéid is féidir. Ní gá, áfach, gnóthais a bhíonn i mbun oibríochtaí iompair ach gur beag an tionchar a bhíonn acu ar mhargadh an iompair a áireamh sa Rialachán seo.

(6) Ba chóir gur faoin mBallstát bunaíochta a bheidh sé a chinntiú go gcomhlíonfaidh gnóthas na coinníollacha atá leagtha síos sa Rialachán seo ar bhonn leanúnach ionas go bhféadfaidh an Ballstát, más gá, cinneadh a dhéanamh údaruithe a fhionraí nó a tharraingt siar, is údaraithe lena gceadaítear don ghnóthas sin oibriú sa mhargadh. Má dhéantar de réir na gcoinníollacha maidir le ligean isteach don ghairm agus má dhéantar faireachán orthu ar bhealach iontaofa, caithfidh bunaíocht chobhsaí éifeachtach a bheith ag gnóthais.

(7) Ba chóir na daoine nádúrtha ag a bhfuil an dea-cháil agus an inniúlacht ghairmiúil is gá a chéannú agus a ainmniú do na húdaráis inniúla. Ba chóir gurb iad na daoine seo, dá ngairtear "bainisteoirí iompair", na daoine a stiúrann gníomhaíochtaí iompair na ngnóthas iompair bóthair ar bhonn buan agus éifeachtach. Ba chóir na coinníollacha faoina measfar duine a bheith ag stiúradh gníomhaíochta iompair gnóthais ar bhonn leanúnach agus éifeachtach a bheachtú.

(8) Éilíonn an coinníoll maidir le dea-cháil bhainisteora iompair nár ciontaíodh nó í i gcionta tromchúiseacha coiriúla nó nach raibh sé nó sí faoi réir smachtbhannaí tromchúiseacha, go háirithe i dtaca le rialacháin Comhphobail i réimse an iompair bóthair a shárú. Sna réimsí atá clúdaithe ag rialacha Comhphobail, is gá sainmhíniú a thabhairt go comhpháirteach ar na cineálacha sáruithe agus na leibhéil tromchúise a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhea-cháil ghnóthais.

(9) Caithfidh íosleibhéal seasaimh airgeadais a bheith ag gnóthas iompair bóthair chun an gnóthas a chur ar bun agus a bhainistiú i gceart. Maidir leis an modh atá ann faoi láthair, is sin íostairseach caipitil agus cúltaca, bíonn go leor éiginnteachta ann i dtaobh na n-acmhainní airgeadais atá le cur i gcuntas agus ní bhíonn aon ráthaíocht ann go mbeidh an cumas ag an ngnóthas freastal dá oibleagáidí gearrthéarma. Ba chóir dul ar iontaoibh táscairí airgeadais eile atá sainmhínithe níos fearr agus atá níos ábhartha, is táscairí a d’fhéadfaí a bhunú ar bhonn na gcuntas bliantúla. Ba chóir go mbeadh an deis ag na gnóthais atá á iarraidh, a seasamh airgeadais a léiriú trí ráthaíocht bainc, a d'fhéadfadh a bheith ina mhodh níos simplí agus níos lú costas do na gnóthais seo.

(10) Ba chóir go ndéanfadh ardleibhéal cáilíochta gairmiúla éifeachtacht shocheacnamaíoch na hearnála iompair bóthair a fheabhsú. Ba chóir, dá bhrí sin go gcuirfí oiliúint ardchaighdeáin ar bhainisteoirí iompair iarrthacha. Ba chóir foráil a leagan síos maidir leis na Ballstáit do chreidiúnú na n-ionad scrúdaithe agus oiliúna, de réir critéar arna sainmhíniú acu féin, d'fhonn aonchineálacht níos fearr na gcoinníollacha oiliúna agus scrúdaithe mar aon le trédhearcacht vis-à-vis na n-iarrthóirí a áirithiú. Ar chúiseanna cothromais agus trédhearcachta, ba chóir freisin go ndéanfaidh na hiarrthóirí go léir scrúdú, lena n-áirítear iarrthóirí a bhfuil taithí nó dioplóma acu is iarrthóirí a bhféadfaí a dhíolmhú ón oiliúint tosaigh riachtanach. Ó cuireadh an margadh inmheánach i gcrích, níl na margaí náisiúnta deighilte a thuilleadh. Dá bhrí sin, ní mór do dhaoine atá ag iarraidh gníomhaíochtaí iompair a stiúradh, an t-eolas is gá a bheith acu chun oibríochtaí iompair a stiúradh go náisiúnta agus go h-idirnáisiúnta. Is dóigh go n-athróidh liosta na n-ábhar a bhfuil cur amach orthu ag teastáil chun teastas inniúlachta gairmiúla a fháil mar aon leis na nósanna imeachta maidir le heagrú na scrúduithe bonn ar bonn le dul chun cinn teicniúil agus ba chóir foráil a dhéanamh maidir lena dtabhairt suas chun dáta.

(11) Éilíonn iomaíocht chóir agus córas iompair bóthair a chomhlíonann na rialacha go hiomlán go mbeidh leibhéal comhionann faireacháin idir na Ballstáit. Maidir leis na húdaráis náisiúnta a bhfuil an fhreagracht orthu faireachán a dhéanamh ar ghnóthais agus ar bhailíocht a n-údaruithe, tá ról rí-thábhachtach acu agus ba chóir a chinntiú go ndéanfaidís bearta leordhóthanacha a ghlacadh más gá, go háirithe chun údaruithe a fhionraí nó a tharraingt siar, nó chun mí-oiriúnacht bhainisteoirí iompair atá faillíoch nó a bhíonn ag gníomhú de mheon mí-mhacánta a fhógairt. Caithfear i gcónaí fógra roimh ré a thabhairt don ghnóthas agus caithfear spriocam réasúnta a thabhairt dó chun a staid a chur ina cheart sula bhforchuirtear smachtbhannaí den sórt sin.

(12) Chuirfeadh comhoibriú níos eagraithe idir Bhallstáit le héifeachtacht an fhaireacháin a dhéantar ar na gnóthais atá ag oibriú i roinnt Ballstát agus ar ndóigh le laghdú costas riaracháin. Dhéanfadh idirnascadh clár leictreonach na ngnóthas ar leibhéal Eorpach, agus rialacha Comphobail maidir le cosaint sonraí pearsanta á gcomhlíonadh, an comhoibriú seo a éascú agus an costas a bhaineann le rialuithe a laghdú do na gnóthais agus do na riaracháin araon. Tá cláir leictreonacha náisiúnta ann cheana féin i bhformhór na mBallstát. Tá bonneagair idirnasctha ann cheana féin idir na Ballstáit. D'fhéadfaí, dá bharr sin, úsáid níos córasaí a bhaint as na cláir náisiúnta seo de ghnóthais agus as a n-idirnascadh ar leibhéal Eorpach ar chostas níos ísle, agus chuirfeadh an úsáid seo go mór le laghdú na gcostas riaracháin a bhaineann le seiceálacha agus sa tslí chéanna dhéanfaí a n-éifeachtacht a fheabhsú.

(13) Tá roinnt de na sonraí sna cláir seo i ndáil le sáruithe agus smachtbhannaí de chineál pearsanta. Ní mór do na Ballstáit dá bhrí sin na bearta is gá a ghlacadh chun Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[12] , a chomhlíonadh, go háirithe maidir le faireachán ag údarás poiblí ar phróiseáil na sonraí sin, ceart na ndaoine lena mbaineann chun faisnéise, a gceart rochtana agus a gceart agóide. Chun críocha an Rialacháin seo, is gá sonraí den chineál seo a choinneáil ar feadh dhá bhliain ar a laghad chun cosc a chur ar ghnóthais dhícháilithe iad féin a bhunú i mBallstáit eile.

(14) Ta idirnascadh na gclár náisiúnta riachtanach chun malartú tapaidh éifeachtach faisnéise idir Bhallstáit a chumasú agus chun a áirithiú nach gcuirfí cathú ar oibreoirí iompair sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh nó chun nach rachaidh siad san amhantar lena ndéanamh i mBallstáit eile seachas a dtír bhunaíochta. Éilíonn an t-idirnascadh seo go sainmhínítear go comhpháirteach formáid shonrach na sonraí a bheidh le malartú mar aon leis na nósanna imeachta teicniúla malartaithe.

(15) D’fhonn cur le héifeachtacht an mhalartaithe faisnéise idir Bhallstáit, ba chóir pointí teagmhála náisiúnta a ainmniú agus ba chóir nósanna imeachta coiteanna áirithe a shonrú i dtaca le sprioc-amanna agus i dtaca leis an bhfaisnéis íosta a bheidh le cur ar aghaidh.

(16) D'fhonn saoirse bhunaíochta a éascú, ba chóir go nglacfaí le doiciméid chuí arna n-eisiúint ag údaráis inniúla thír thionscnaimh an oibreora iompair bóthair mar chruthúnas leordhóthanach ar dhea-cháil maidir le ligean isteach do na gníomhaíochtaí atá i gceist i mBallstát ósta, ach a dheimhniú maidir leis na daoine lena mbaineann nár dearbhaíodh iad ina ndaoine atá mí-oiriúnach chun an ghairm a chleachtadh sna Ballstáit óna dtagann siad.

(17) Maidir le hinniúlacht ghairmiúil, ba chóir aitheantas a thabhairt do mhúnla teastais amháin a eiseofar de réir fhorálacha an Rialacháin seo mar chruthúnas leordhóthanach ón mBallstát bunaíochta, d'fhonn saoirse bhunaíochta a éascú.

(18) Is gá faireachán níos géire a dhéanamh ar chur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin ar leibhéal an Chomhphobail, rud a thugann le tuiscint go gcaithfidh an Coimisiún tuarascálacha rialta maidir le dea-cháil, seasamh airgeadais agus inniúlacht ghairmiúil ghnóthais na hearnála iompair bóthair a chur ar aghaidh ar bhonn na dtuarascálacha atá bunaithe ar na cláir náisiúnta.

(19) Ba chóir go ndéanfadh Ballstáit foráil maidir leis na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo. Ba chóir go mbeadh na smachtbhannaí seo éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(20) Ós rud nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí an ghnímh atá molta, eadhon nuachóiriú na rialacha lena rialaítear ligean isteach do ghairm an oibreora iompair bóthair d'fhonn cur chun feidhme níos comhionainne agus níos inchomparáide sna Ballstáit a áirithiú, a bhaint amach go leordóthanach agus go bhféadfaí dá bhrí sin iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar mar is gá chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(21) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar amach na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[13].

(22) Ba chóir, ach go háirithe, cumhacht a thabhairt don Choimisiún liosta a bhunú i dtaca le catagóirí, cineálacha agus leibhéal tromchúise na sáruithe a chuirfidh faoi deara go gcaillfidh oibreoirí iompair bóthair an dea-cháil is gá, an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil i dtaobh an eolais a bheidh le cur i gcuntas ag na Ballstáit le linn inniúlacht ghairmiúil a aithint, mar aon leis an Iarscríbhinn i ndáil le múnla an teastais inniúlachta gairmiúla agus liosta a dhéanamh de na sáruithe uasta a chuirfidh faoi deara go ndéanfar údarú chun an ghairm a chleachtadh a fhionraí nó a tharraingt siar nó go n-eiseofar dearbhú mí-oiriúnachta. Ón uair go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad nó le haghaidh an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhíreanna nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. Ar chúiseanna éifeachtúlachta, ba chóir na sprioc-amanna is infheidhme go hiondúil maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú maidir le múnla an teastais inniúlachta gairmiúla a thabhairt suas chun dáta.

(23) Ba chóir Treoir 96/26/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I Forálacha ginearálta

Airteagal 1 Ábhar agus sainmhínithe

1. Baineann an Rialachán seo le ligean isteach do ghairm an oibreora iompair bóthair agus le cleachtadh na gairme sin.

2. Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) ciallaíonn “gairm an oibreora iompair bóthair”, gairm an oibreora iompair phaisnéirí de bhóthar nó gairm an oibreora tharlaithe de bhóthar;

(b) ciallaíonn “gairm an oibreora tharlaithe de bhóthar”, gníomhaíocht aon ghnóthais a dhéanann earraí a iompar ar fruiliú nó ar luaíocht, cibé acu i mótarfheithiclí nó i gcónasc feithiclí;

(c) ciallaíonn “gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar”, gníomhaíocht aon ghnóthais a dhéanann, trí úsáid a bhaint as mótarfheithiclí a bheidh déanta nó feistithe le bheith oiriúnach chun níos mó ná naonúr a iompar, an tiománaí san áireamh, seirbhísí iompair paisinéirí a chur ar fáil don phobal nó do chatagóirí áirithe úsáideoirí ar íocaíocht ón duine atá á iompar nó ó eagraí an iompair;

(d) ciallaíonn “gnóthas”, aon duine nádúrtha, aon duine dlítheanach cibé acu brabúsach nó nach ea, aon chomhlachas nó grúpa daoine gan phearsantacht dhlítheanach, cibé acu brabúsach nó nach ea, nó aon chomhlacht oifigiúil, a bhfuil a phearsantacht dhlítheanach féin aige nó atá ag brath ar údarás a bhfuil pearsantacht den sórt sin aige;

(e) ciallaíonn “bainisteoir iompair”, duine nádúrtha a bheidh fostaithe ag gnóthas, nó i gcás inar duine nádúrtha an gnóthas sin, an duine céanna sin, nó más cuí, duine nádúrtha eile a bheidh ainmnithe aige trí mheán conartha, is duine a stiúrfaidh gníomhaíochtaí iompair an ghnóthais sin ar mhodh éifeachtach agus buan;

(f) ciallaíonn “údarú chun gairm an oibreora tharlaithe de bhóthar a chleachtadh”, cinneadh riaracháin lena n-údaraítear do ghnóthas a chomhlíonann na coinníollacha dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh;

(g) ciallaíonn “údarás atá inniúil chun cleachtadh na gairme a údarú”, údarás i mBallstát ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil a fhíoróidh cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo comhlíonta ag gnóthas, agus ar údarás a bhfuil an chumhacht aige údarú chun gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh a thabhairt, a fhionraí nó a tharraingt siar;

(h) ciallaíonn “Ballstát bunaíochta”, an Ballstát inar mian le gnóthas féin a bhunú, ar gnóthas a bhfuil bainisteoir iompair aige a thagann ó Bhallstát eile nó nach ea;

(i) ciallaíonn “Ballstát tionscnaimh”, an Ballstát ina mbíodh cónaí ar bhainisteoir iompair gnóthais nó ina mbíodh sé nó sí ag obair, is gnóthas atá ag iarraidh féin a bhunú i mBallstát eile.

Airteagal 2 Raon feidhme

1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na gnóthais go léir atá bunaithe sa Chomhphobal agus atá ag gabháil de ghairm an oibreora iompair bóthair.Beidh feidhm aige freisin maidir le gnóthais ar mian leo gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh.

2. De mhaolú ar mhír (1), ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo:

(a) maidir le gnóthais atá ag cleachtadh ghairm an oibreora tharlaithe de bhóthar trí úsáid a bhaint as mótarfheithiclí nó as cónasc feithiclí amháin, ar lú a n-uasmhais ná 3.5 tonna. Féadfaidh Ballstáit an tairseach seo a ísliú, áfach, do gach catagóir iompair nó do chuid díobh;

(b) maidir le gnóthais a bhíonn ag gabháil go heisiatach do sheirbhísí áirithe iompair paisinéirí de bhóthar chun críocha neamhthráchtála, agus a bhfuil príomhghníomhaíocht acu nach iompar paisinéirí de bhóthar í, agus a dtiomáineann a bhfostaithe féin na feithiclí a úsáidtear.

Airteagal 3 Ceanglais maidir le gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh

Ní foláir go ndéanfaidh gnóthais atá ag cleachtadh ghairm an oibreora iompair bóthair agus na gnóthais atá ag iarraidh gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) a bheith bunaithe go héifeachtach agus ar mhodh cobhsaí i gceann de na Ballstáit;

(b) dea-cháil a bheith acu;

(c) an seasamh airgeadais iomchuí a bheith acu;

(d) an inniúlacht ghairmiúil is gá a bheith acu.

Tá na coinníollacha a bheidh le comhall chun gach ceann de na ceanglais seo a chomhlíonadh leagtha amach i gCaibidil II. D'ainneoin an Rialacháin seo, féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh coinníollacha forlíontacha a fhorchur a bheidh le comhlíonadh ag gnóthais chun go n-údarófar dóibh gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh.

Airteagal 4 Bainisteoir iompair

1. Déanfaidh gnóthas ar mian leis gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh, duine nádúrtha amháin ar a laghad a ainmniú don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 9, ar duine nó í a chomhlíonfaidh na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 3(b) agus (d). Caithfidh an duine sin, dá ngairfear an bainisteoir iompair, na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh.

(a) gníomhaíocht iompair an ghnóthais a stiúradh go héifeachtach agus ar bhonn leanúnach;

(b) a bheith fostaithe agus íoctha ag an ngnóthas nó, más duine nádúrtha an gnóthas caithfidh gurb nó í an duine sin.

2. De mhaolú ar mhír (1), más duine nádúrtha gnóthas nach gcomhlíonann an ceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil dá bhforáiltear in Airteagal 3(d), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt dó gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh, ar choinníoll:

(a) go ndéanfaidh sé duine eile a ainmniú do na húdaráis seo a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 3(b) agus (d), agus a bhfuil an chumhacht aige/aici ar mhodh conartha, tascanna bainisteora iompair a fheidhmiú don ghnóthas;

(b) go ndéanfaidh an conradh idir an gnóthas agus an bainisteoir iompair na tascanna a bheidh le déanamh ar bhonn leanúnach ag an duine lena mbaineann a shonrú agus go léiríonn sé a fhreagrachtaí/a freagrachtaí mar bhainisteoir iompair; is iad na tascanna a bheidh le sonrú go háirithe ná tascanna a bhaineann leis na nithe seo a leanas: seirbhísiú agus cothabháil na bhfeithiclí, conarthaí agus doiciméid iompair a fhíorú, cuntasaíocht, ualaí a shannadh do thiománaithe agus d'fheithiclí, agus nósanna imeachta maidir le sábháilteacht a fhíorú;

(c) nach ndéanfaidh an duine a ainmneofar, i gcáil bainisteora iompair, gníomhaíochtaí iompair a bhainistiú ach do cheithre gnóthas ar a mhéid agus nach mó ná dhá fheithicil déag a bheidh sa chabhlach ina iomláine;

(d) go mbeidh an duine a ainmneofar neamhspleách ar na gnóthais eile a iarrfaidh air/uirthi oibríochtaí iompair a dhéanamh nó a dhéanfaidh gníomhaíochtaí iompair thar a cheann nó thar a ceann.

3. Caillfidh an bainisteoir iompair a dhea-cháil nó a dea-cháil de réir bhrí an Rialacháin seo má dhéantar sáruithe tromchúiseacha nó sraith sáruithe thar thairseach áirithe as measc na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 6(1) i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí iompair atá á stiúradh aige nó aici.

Caibidil II Na Coinníollacha a bheidh le comhlíonadh

Airteagal 5 Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta

D'fhonn an ceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 3(a) a shásamh, ba chóir go mbeadh gnóthas bunaithe go héifeachtach agus ar mhodh cobhsaí ar chríoch an Bhallstáit a dtugann údarás inniúil dá chuid údarú dó an ghairm a chleachtadh. Chun na críche seo, ceanglaítear ar an ngnóthas:

(a) bunaíocht a bheith aige, suite sa Bhallstát sin, le háitreabh ina gcoinníonn sé doiciméid an ghnóthais, go háirithe a dhoiciméid chuntasaíochta go léir, na doiciméid maidir le bainistíocht na foirne agus na doiciméid go léir eile ar gá rochtain a bheith ag an údarás inniúil orthu chun cleachtadh na gairme a údarú, d'fhonn comhlíonadh na gcoinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhíorú;

(b) feithiclí a bheith aige, atá ar lánúinéireacht aige, nó ar seilbh aige ar shlí eile, mar shampla de bhua conartha fruilcheannaigh, conartha fruilithe nó conartha léasúcháin nó de bhua conartha ceannaigh, atá cláraithe agus in úsáid aige sa Bhallstát sin;

(c) lárionad oibríochta a bheith aige, atá suite sa Bhallstát sin, ina bhfuil an fearas is gá, go háirithe líon áiteanna páirceála do na feithiclí atá leordhóthanach lena úsáid go rialta ag na feithiclí.

Airteagal 6 Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le dea-cháil

1. Chun críocha Airteagal 3(b), is atá i gceist le ceanglas maidir le dea-cháil do ghnóthas ná nár ciontaíodh a bhainisteoirí i gcion coiriúil tromchúiseach nó i gcionta coiriúla tromchúiseacha faoin dlí tráchtála nó faoin dlí féimheachta agus go ndéanann siad a ngníomhaíocht a chomhall de mheon macánta agus faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le hiompar bóthair agus faoi réir eitice gairmiúla.

Cinnfidh na Ballstáit na coinníollacha speisialta a chaithfidh gnóthas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo d'fhonn an ceanglas maidir le dea-cháil a chomhlíonadh. Forálfaidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh gnóthas an ceanglas sin más rud :

(a) nach bhfuil aon chúis réasúnach ann chun a dhea-cháil a cheistiú;

(b) mura ndearnadh an duine nádúrtha nó na daoine nádúrtha a bheidh ainmnithe aige mar bhainisteoir(í) iompair de bhua Airteagal 4 a chiontú i gciontuithe nó murar ábhar do smachtbhannaí nó iad i mBallstát mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha nó sraith de mhionsáruithe ar rialacha Comhphobail a bhaineann leis na nithe seo a leanas ach go háirithe:

(i) fad thréimhsí tiomána agus fad shosanna na dtiománaithe, am oibre agus suiteáil agus úsáid gléasanna faireacháin;

(ii) meáchain uasta agus toisí uasta feithiclí tráchtála a úsáidtear sa trácht idirnáisiúnta;

(iii) buncháilíocht agus oiliúint leanúnach na dtiománaithe;

(iv) tástáil ródacmhainneachta feithiclí tráchtála agus iniúchtaí teicniúla bliantúla éigeantacha do mhótarfheithiclí;

(v) rochtain ar mhargadh an tarlaithe idirnáisiúnta de bhóthar, nó de réir mar a bheidh rochtain ar mhargadh iompair paisinéirí;

(vi) sábháilteacht maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar;

(vii) feistí teorannaithe luais le haghaidh aicmí áirithe feithiclí a shuiteáil agus a úsáid;

(viii) ceadúnais tiomána;

(ix) ligean isteach don ghairm.

(c) nár ciontaíodh i sáruithe tromchúiseacha ar na rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm maidir le coinníollacha pá agus fostaíochta na gairme, maidir le trácht agus sábháilteacht ar bhóithre nó dliteanas gairmiúil.

2. Chun críocha phointe (b) den dara fomhír de mhír (1), déanfaidh an Coimisiún an liosta de na catagóirí, de na cineálacha agus de leibhéal tromchúise na sáruithe a ghlacadh mar aon le minicíocht a ndéanta ar thairsti a gcaillfí an dea-cháil is gá i gcás sraith de mhionsáruithe. Ós rud go bhfuil mar aidhm ag na bearta seo gnéithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, agus a fhorlíonadh, glacfar leo de réir an nóis imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 25(3).

Chun na críche seo, déanfaidh an Coimisiún na prionsabail seo a leanas a chur chun feidhme;

(a) na catagóirí agus na cineálacha sáruithe is minice a dhéantar;

(b) baineann an leibhéal tromchúise is airde le sáruithe lena ngabhann baol mór báis nó díobhála tromaí;

(c) is mó an mhinicíocht ar thairsti a gcaillfí an dea-cháil is gá mar gheall ar shraith de mhionsáruithe i gcás líon níos airde tiománaithe a bheith in úsáid ag na gníomhaíochtaí iompair atá á stiúradh ag an duine nádúrtha lena mbaineann.

3. Maidir leis an gceanglas a bhaineann le dea-cháil, leanfar dá neamhchomhlíonadh go dtí go mbeidh athshlánúchán nó aon bheart comhéifeachta eile arna ghlacadh, de bhun na bhforálacha náisiúnta ábhartha atá ann.

Airteagal 7 Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le seasamh airgeadais

1. Chun críocha Airteagal 3(c), maidir leis an gceanglas i dtaca le seasamh airgeadais, caithfidh na hacmhainní airgeadais is gá a bheith ag gnóthas chun go ndéanfar an gnóthas a sheoladh agus a bhainistiú i gceart.

2. Tá an ceanglas a bhaineann le seasamh airgeadais comhlíonta i gcás inar féidir le gnóthas aghaidh a thabhairt i gcónaí ar a oibleagáidí iarbhír agus ionchasacha le linn na bliana cuntasaíochta bliantúla. Chun na críche seo, ní foláir don ghnóthas cruthúnas a thabhairt, ar bhonn na gcuntas bliantúil, i ndiaidh do na cuntais sin a bheith deimhnithe ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe go cuí go bhfuil ag an ngnóthas chuile bhliain:

(a) sócmhainní reatha darb ionann luach agus EUR 9 000 ar a laghad i gcás aon fheithicil amháin a bheith á húsáid agus EUR 5 000 in aghaidh gach feithicle breise a úsáidtear;

(b) fiacha, urrúis inaistrithe agus airgead sa bhanc, airgead i bhfoirm seiceanna poist, seiceanna agus airgid ar láimh ar mó a luach ná 80% de na méideanna a thiocfaidh chun bheith dlite agus iníoctha laistigh de bhliain amháin (" Quick ratio ">=80%).

Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar luach an euro a shocrú gach cúig bliana in airgeadraí náisiúnta na mBallstát nach bhfuil páirteach sa tríú céim den Aontas Airgeadaíochta. Is iad na rátaí a gheofar an chéad lá oibre de Dheireadh Fómhair agus a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na rátaí is infheidhme. Tiocfaidh siad i bhfeidhm an 1 Eanáir sa bhliain féilire ina dhiaidh sin.

Forléireofar na míreanna cuntasaíochta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír mar na míreanna cuntasaíochta atá leagtha amach i dTreoir 78/660/CEE ón gComhairle[14].

3. De mhaolú ar mhír (2), féadfaidh an t-údarás inniúil a cheadú do ghnóthas a sheasamh airgeadais a chruthú le teastas ó bhanc nó eagraíocht airgeadais amháin nó níos mó atá ag gníomhú mar ráthóir(í) go comhpháirteach agus go leithleach don ghnóthas trí mheán rathaíochta bainc, nó ar mhodh cuí dá samhail, i leith na méideanna atá sonraithe i bpointe (a) de mhír (2). Féadfaidh an t-údarás inniúil a údaraíonn cleachtadh na gairme an ráthaíocht bainc a iarraidh, agus ní scaoilfear léi ach le toiliú uaidh.

4. Maidir leis na cuntais bhliantúla dá dtagraítear i mír (2), nó maidir leis an rathaíocht dá dtagraítear i mír (3) is cuntais iad nó is ráthaíocht í a chaithfear a fhíorú, baineann siad leis an eintiteas eacnamaíoch atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ina n-iarrtar údarú agus ní bhaineann siad le heintiteas atá bunaithe i mBallstát eile.

Airteagal 8 Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil

1. Chun críocha Airteagal 3(d), comhlíontar an ceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil más rud go bhfuil an t-eolas a fhreagraíonn don leibhéal oiliúna dá bhforáiltear in Alt I d'Iarscríbhinn I, ag an duine nó ag na daoine atá ceaptha an ceanglas sin a chomhlíonadh de bhun Airteagal 4, sna hábhair atá liostaithe ann. Comhlíontar an ceanglas seo i ndiaidh oiliúna lena ngabhann freastal éigeantach ar ranganna a mhaireann 140 uair an chloig ar a laghad agus i ndiaidh scrúdaithe éigeantaigh i scríbhinn a d’fhéadfaí a fhorlíonadh le scrúdú béil. Eagraítear na scrúduithe seo de réir Alt II d'Iarscríbhinn I.

2. Ní fhéadfaidh ach na húdaráis agus na comhlachtaí atá creidiúnaithe chun na críche seo ag Ballstát de réir critéar a bheidh sainmhínithe aige, na scrúduithe scríofa agus béil lena mbunaítear inniúlacht ghairmiúil a eagrú. Athbhreithneoidh na Ballstáit go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha ina n-eagraíonn na húdaráis nó na comhlachtaí atá creidiúnaithe acu chun na scrúduithe a eagrú, de réir Iarscríbhinn I.

3. Déanfaidh na Ballstáit creidiúnú a thabhairt do chomhlachtaí inniúla de réir na gcritéar atá sainmhínithe acu féin, chun oiliúint ardchaighdeáin a thabhairt d'iarrthóirí chun iad féin a ullmhú go héifeachtach don scrúdú mar aon le hoiliúint leanúnach chun eolas na mbainisteoirí iompair a thabhairt suas chun dáta, i gcás inar mian leo déanamh amhlaidh. Athbhreithneoidh na Ballstáit go tráthrialta go mbíonn na critéir ba bhun lena gcreidiúnú á gcomhlíonadh i gcónaí ag na comhlachtaí seo.

4. Féadfaidh Ballstáit iarrthóirí a thugann cruthúnas go bhfuil cúig bliana ar a laghad de thaithí phraiticiúil acu ag leibhéal na bainistíochta i ngnóthas iompair a dhíolmhú ón oiliúint éigeantach.

5. Féadfaidh Ballstát sealbhóirí dioplómaí áirithe ardoideachais nó oideachais theicniúil arna mbronnadh sa Bhallstát céanna a dhíolmhú ón oiliúint éigeantach sna hábhair atá clúdaithe ag na dioplómaí seo, is dioplómaí iad lena ngabhann freastal ar ranganna sna hábhair atá liostaithe sa liosta in Iarscríbhinn I agus i gcás iad a bheith ainmnithe go sonrach aige chun na críche seo.

6. Ba chóir teastas arna bhronnadh ag an údarás nó ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír (2) a thabhairt ar aird mar chruthúnas ar inniúlacht ghairmiúil. Ní bheidh an teastas sin inaistrithe. Déanfar an teastas a dhréachtadh de réir an mhúnla teastais atá leagtha amach in Iarscríbhinn II agus beidh air stampa nó séala an údaráis nó an chomhlachta creidiúnaithe a dhéanfaidh a eisiúint.

7. Ós rud go bhfuil mar aidhm ag na bearta seo gnéithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar leo de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 25(3), i leith Iarscríbhinn I, agus de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 25(4) i leith Iarscríbhinn II.

8. Is tríd an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 25 agus trí aon chomhlacht eile a ainmneoidh an Coimisiún a thaobhófar go tréan le malartú taithí agus faisnéise idir Ballstáit i réimse na hoiliúna, na scrúduithe agus an chreidiúnaithe, agus cé gur tríothusan go príomha a thaobhófar leis an malartú sin, ní tríothu go heisiach a dhéanfar amhlaidh.

Caibidil III Údarú agus faireachán

Airteagal 9 Na hÚdaráis Inniúla

1. Déanfaidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Beidh na húdaráis inniúla seo i dteideal na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) iarratais a dhéanfaidh gnóthais a bhreithniú;

(b) údaruithe a dheonú chun an ghairm a chleachtadh, agus na húdaruithe sin a fhionraí nó a tharraingt siar;

(c) dearbhú a dhéanamh go bhfuil duine nádúrtha mí-oiriúnach chun gníomhaíocht iompair gnóthais a bhainistiú i gcáil bainisteora iompair;

(d) na seiceálacha is gá a dhéanamh chun a fhíorú cibé acu a chomhlíonann gnóthas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 3 nó nach ea.

2. Déanfaidh na húdaráis inniúla na coinníollacha go léir atá leagtha síos de bhun an Rialacháin seo, aon fhorálacha naisiúnta eile, na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag na hiarrthóirí leasmhara mar aon leis na míniúcháin a ghabhann leo a fhoilsiú.

Airteagal 10 Iarratais a scrúdú agus a chlárú

1. Déanfaidh an t-údarás inniúil údarú chun gabháil do ghairm an oibreora iompair bóthair a thabhairt do ghnóthas a mbeidh iarratas chuige sin déanta aige agus a chomhlíonfaidh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 3.

2. Déanfaidh an t-údarás inniúil ainm an bhainisteora iompair a bheidh ainmnithe ag an ngnóthas, seoladh na bunaíochta, líon na bhfeithiclí a úsáidtear, agus más bailí an t-údarú i leith an iompair idirnáisiúnta, sraithuimhir an cheadúnais Comhphobail agus na gcóipeanna deimhnithe den chéanna, a thaifeadadh sa chlár leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 15.

3. Freagróidh údarás inniúil iarratas ar údarú chomh tapaidh agus is féidir agus ní rabhaidh an sprioc-am thar thrí mhí.

4. Ó dháta idirnasctha na gclár leictreonach náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15(5), maidir le dea-cháil ghnóthais a mheas, cinnteoidh údarás inniúil nár dearbhaíodh an bainisteoir iompair nó na bainisteoirí iompair atá ainmnithe mí-oiriúnach chun gníomhaíocht iompair a bhainistiú do ghnóthas i gceann de na Ballstáit laistigh den dá bhliain dheireanacha de bhun Airteagal 13.

5. Déanfaidh gnóthais a bhfuil údarú acu chun gabháil do ghairm an oibreora iompair bóthair, aon athruithe sna sonraí dá dtagraítear i mír (2) a chur in iúl don údarás inniúil a rinne an t-údarú a eisiúint laistigh de 28 lá.

Airteagal 11 Seiceálacha

1. Fíoróidh na húdaráis inniúla go leanfaidh gnóthais a bheidh údaraithe acu an ghairm a chleachtadh, de na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 3 a chomhlíonadh. Chun na críche sin, deimhneoidh siad gach cúig bliana go gcomhlíonann na gnóthais gach ceann de na ceanglais seo go fóill.

2. Mar aon leis na fíoruithe dá bhforáiltear i mír (1), déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha a chur i gcrích a dhíríonn ar na gnóthais atá aicmithe mar ghnóthais atá i mbaol de réir an chórais atá curtha ar bun ag na Ballstáit de bhun Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15]. Leathnóidh na Ballstáit an córas aicmithe rioscaí seo go dtí na sáruithe go léir atá sonraithe in Airteagal 6 den Rialachán seo.

3. Déanfaidh Ballstát na seiceálacha is gá a chur i gcrích d’fhonn a fhíorú cibé acu a chomhlíonann gnóthas na coinníollacha maidir le ligean isteach don ghairm go fóill nó nach ea, má iarrfaidh an Coimisiún air déanamh amhlaidh. Déanfaidh an Ballstát torthaí na seiceálacha a chuirfear i gcrích ar iarraidh ón gCoimisiún agus na bearta a ghlacfar má dheimhnítear nach gcomhlíonann an gnóthas na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a thuilleadh a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 12 Nós imeachta maidir le rabhadh agus tarraingt siar údaruithe

1. Déanfaidh an t-údarás inniúil údarú a bheidh tugtha do ghnóthas chun gabháil do ghairm oibreora iompair bóthair, a tharraingt siar nó a fhionraí go páirteach nó go sealadach má dheimhníonn sé nach gcomhlíonann an gnóthas a thuilleadh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 3 i ndiaidh rabhadh a bheith tugtha dó.

2. Déanfar rabhadh a thabhairt do ghnóthas i gcás ina ndeimhneoidh an t-údarás inniúil go bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfaidh an gnóthas ceann de na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 3 a thuilleadh. Má dheimhnítear nach bhfuil ceann de na ceanglais sin á chomhlíonadh a thuilleadh, tabharfaidh an rabhadh sprioc-am don ghnóthas chun a staid a chur ina cheart laistigh de na teorainneacha seo a leanas:

(a) tréimhse ama nach faide nach sé mhí chun bainisteoir ionaid a fháil don bhainisteoir iompair mura gcomhlíonann sé nó sí na coinníollacha maidir le dea-cháil nó inniúlacht ghairmiuil a thuilleadh, ar tréimhse í is féidir síneadh sé mhí a chur léi i gcás báis nó éagumais chun oibre an bhainisteora iompair;

(b) tréimhse ama nach faide ná sé mhí ar laistigh di a gcaithfidh an gnóthas a staid a thabhairt chun rialtachta trína shuíomh go bhfuil bunaíocht aige atá éifeachtach agus cobhsaí;

(c) tréimhse ama nach faide ná sé mhí, más rud nach gcomhlíontar an ceanglas maidir le seasamh airgeadais, chun a léiriú ar bhonn plean airgeadais le toimhdeana réadúla go gcomhlíonfar an ceanglas maidir le seasamh airgeadais arís ar bhonn buan ón mbliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

3. Féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar ghnóthais ar fionraíodh nó ar tarraingíodh siar a n-údaruithe go páirteach nó go sealadach go bhfreastalóidh a mbainisteoirí iompair ar chúrsa oiliúna agus go n-éireoidh leo sa scrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8 roimh bheart athshlánúcháin ar bith.

Airteagal 13 Dearbhú go bhfuil bainisteoir iompair mí-oiriúnach

1. I gcás sáruithe a mbaineann tromchúis leo de bharr a gcarachtair chórasaigh, réamhbheartaithe agus de bharr iarrachtaí na fíorais a fhorcheilt, dearbhóidh an t-údarás inniúil go bhfuil bainisteoir iompair an ghnóthais dar tarraingíodh siar a údarú mí-oiriúnach chun gníomhaíocht iompair gnóthais a bhainistiú.

2. Mura mbeidh agus go dtí go mbeidh beart athshlánúcháin curtha chun feidhme, ní bheidh an teastas inniúlachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 8(6), de chuid an duine a ndearbhófar a bheith mí-oiriúnach, bailí a thuilleadh i mBallstát ar bith.

Airteagal 14 Cinntí na n-údarás inniúil agus achomhairc

1. Maidir leis na cinntí a dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát de bhun an Rialacháin seo, arb éard iad iarratas ar ligean isteach do ghairm an oibreora iompair bóthair a dhiúltú nó údarú atá ann cheana a fhionraí nó a tharraingt siar nó mí-oiriúnacht a dhearbhú, luafaidh siad cúiseanna atá leo.

Déanfaidh cinntí den sórt sin an fhaisnéis atá ar fáil maidir le sáruithe a rinne an gnóthas nó duine de na bainisteoirí iompair i mBallstáit eile, ar sáruithe iad a bhféadfadh dochar a dhéanamh do dhea-cháil an ghnóthais, mar aon leis an bhfaisnéis eile go léir a bheidh faoina réir ag an údarás inniúil, a chur i gcuntas.

Sonrófar iontu na bearta athshlánúcháin is infheidhme i gcás údarú a fhionraí nó mí-oiriúnacht a dhearbhú.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deis ag na gnóthais lena mbaineann an Rialachán seo achomharc a dhéanamh chuig eagraíochtaí nó comhlachtaí neamhspleácha agus ansin achomharc chuig cúirt maidir leis na cinntí dá dtagraítear i mír (1). Maidir le taisceadh achomhairc, lena n-áirítear achomharc chun cúirte, ní bheidh éifeacht fionraíochta leis.

Caibidil IV Simpliú agus comhoibriú riaracháin

Airteagal 15 Cláir leictreonacha náisiúnta

1. D’fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus go háirithe Airteagail 10, 11, 12, 13 agus 26, coimeádfaidh gach Ballstát clár leictreonach náisiúnta de na gnóthais iompair bóthair a bheidh údaraithe ag údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát chun gabháil do ghairm an oibreora iompair bóthair. Déanfar na sonraí a bheidh sa chlár sin a phróiseáil faoi mhaoirseacht údaráis phoiblí a bheidh ainmnithe chun na críche sin. Beidh rochtain ar an gclár leictreonach ar líne ag údaráis inniúla uile an Bhallstáit atá i gceist, dá dtagraítear in Airteagal 9. Ní bheidh rochtain ag údaráis eile air, ach amháin más údaráis a bhfuil cumhachtaí bronnta go cuí orthu maidir le maoirseacht agus forchur smachtbhannaí i réimse an iompair bóthair agus a bhfuil a bhfeidhmeannaigh faoi mhionn.

Beidh na sonraí seo a leanas i gclár leictreonach náisiúnta Ballstáit:

(a) ainm agus foirm dhlíthiúil an ghnóthais;

(b) seoladh a bhunaíochta;

(c) ainmneacha na mbainisteoirí iompair atá ainmnithe chun na coinníollacha maidir le dea-cháil agus maidir le hinniúlacht ghairmiúil a chomhlíonadh agus, murab ionann iad, ainm an ionadaí dhlíthiúil;

(d) an cineál údaraithe, líon na bhfeithiclí atá clúdaithe ann agus, más cuí, sraithuimhir an cheadúnais Comhphobail agus sraithuimhir na gcóipeanna deimhnithe den chéanna;

(e) líon, catagóir agus cineál na sáruithe tromchúiseacha agus na sraithe de mhionsáruithe dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b), a dtáinig smachtbhanna díobh le dhá bhliain anuas;

(f) ainmneacha na ndaoine ar dearbhaíodh iad a bheith mí-oiriúnach chun gníomhaíocht iompair gnóthais a bhainistiú le dhá bhliain anuas mar aon leis na bearta athshlánúcháin is infheidhme.

2. Maidir leis na sonraí a bhaineann le gnóthas ar fionraíodh nó ar tarraingíodh siar a údarú go páirteach nó go sealadach nó maidir leis na sonraí a bhaineann le duine ar dearbhaíodh nó í a bheith mí-oiriúnach don ghairm, coimeádfar sa chlár iad ar feadh dhá bhliain. Sonróidh na sonraí seo na cúiseanna ba bhun le fionraí nó le tarraingt siar na n-údaruithe nó an dearbhaithe mí-oiriúnachta.

3. Déanfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá a ghlacadh chun a chinntiú go mbeidh na sonraí go léir sa chlár leictreonach suas chun dáta agus cruinn, go háirithe na sonraí dá dtagraítear i mír (2)(e) agus (f).

4. Glacfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá chun go mbeidh na cláir leictreonacha náisiúnta idirnasctha ar leibhéal an Chomhphobail, faoin 31 Nollaig 2010, ar a dhéanaí. Déanfar an t-idirnascadh a chur i bhfeidhm ar shlí ionas go mbeidh údarás inniúil i mBallstát ar bith in ann féachaint ar chlár leictreonach na mBallstát go léir.

5. Chun críocha mhír (4), déanfaidh an Coimisiún na comhrialacha a bhaineann le formáid na sonraí a mhalartófar agus na rialacha a bhaineann leis na nósanna imeachta teicniúla chun cuardach uathoibríoch a dhéanamh i gcláir leictreonacha na mBallstát eile, a ghlacadh de réir an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

6. Féadfaidh an Coimisiún aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun cur i bhfeidhm mhír (4) a éascú. Féadfaidh sé an dáta dá dtagraítear i mír a chur siar. Maidir leis an gcinneadh iarchuir seo chun gnéithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a mhodhnú, glacfar leis i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 25(4).

Airteagal 16 Cosaint sonraí pearsanta

Maidir le Treoir 95/46/CE a chur chun feidhme, áiritheoidh na Ballstáit ach go háirithe:

(a) go gcuirfear in iúl do gach duine má dhéantar sonraí ina leith a thaifeadadh nó má bheartaítear na sonraí sin a chur ar aghaidh chuig tríú páirtithe. Déanfar céannacht an údaráis a bheidh freagrach as próiseáil na sonraí, cineál na sonraí a bheidh á bpróiseáil agus na cúiseanna a shonrú san fhaisnéis a chuirfear ar fáil;

(b) go mbeidh ceart rochtana ag gach duine ar na sonraí a bhaineann leo atá ag an údarás atá freagrach as próiseáil na sonraí. Déanfar an ceart seo a áirithiú gan srian, ag eatraimh réasúnacha agus gan rómhoill nó róchostas don údarás atá freagrach as próiseáil na sonraí nó don iarratasóir;

(c) go mbeidh an ceart ag gach duine ceartú, scriosadh nó blocáil sonraí a fháil, ar sonraí iad atá neamhiomlán nó míchruinn agus a bhaineann leis nó léi;

(d) go mbeidh an ceart ag gach duine cur i gcoinne próiseála sonraí a bhaineann leis nó léi ar fhorais dhlisteanacha an-láidre. I gcás ina gcuirfear i gcoinne amhlaidh go dlisteanach, ní fhéadfaidh baint a bheith ag na sonraí seo leis an bpróiseáil a thuilleadh.

Airteagal 17 Comhoibriú riaracháin idir Bhallstáit

1. I gcás ina mbraithfidh Ballstát sárú arna dhéanamh ag gnóthas ar thug údarás inniúil Ballstáit eile a údarú dó agus go bhféadfadh fionraí nó tarraingt siar an údaraithe a bheith mar thoradh ar thromchúis an tsáraithe seo de bhun an Rialacháin seo, déanfaidh an Ballstát an fhaisnéis go léir a bheidh ina sheilbh aige maidir leis an sárú seo mar aon le haon smachtbhannaí a bheidh forchurtha aige a chur in iúl don Bhallstát eile.

2. Déanfaidh Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta a ainmniú a bheidh freagrach as malartú faisnéise leis na Ballstáit eile i dtaca le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh Ballstáit ainmneacha agus seoltaí a bpointí teagmhála náisiúnta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin… ar a dhéanaí. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála go léir a chur le chéile agus cuirfidh sé an liosta sin ar aghaidh chuig na Ballstáit.

3. Maidir le Ballstáit a mhalartóidh faisnéis i gcreat an Rialacháin seo, úsáidfidh siad na pointí teagmhála náisiúnta a bheidh ainmnithe de bhun mhír (2).

4. Déanfaidh Ballstáit a mhalartóidh faisnéis maidir leis na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2), nó maidir le haon bhainisteoirí iompair a bhfuil dearbhú tugtha maidir lena mí-oiriúnacht, an nós imeachta agus na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. .../......, nó de réir mar a bheidh, in Airteagal 23(1) de Rialachán (CE) Uimh. .../..... a chomhlíonadh. Déanfaidh an Ballstát a gheobhaidh fógra ó Bhallstát eile maidir le sárú, an sárú sin a thaifeadadh ina chlár náisiúnta.

Caibidil V Teastais agus cruthúnais eile ar cháilíochtaí foirmiúla a aithint go frithpháirteach

Airteagal 18 Teastais agus doiciméid eile a bhaineann le dea-cháil

1. Gan dochar d'Airteagal 10(4), glacfaidh an Ballstát nua bunaíochta mar fhianaise leordhóthanach ar dhea-cháil maidir le ligean isteach do ghairm an oibreora iompair bóthair, go dtabharfar ar aird sliocht as an taifead dlíthiúil nó, mura féidir sin, doiciméad coibhéiseach, a eiseoidh údarás dlíthiúil nó riaracháin inniúil de chuid Bhallstát tionscnaimh nó de chuid Bhallstáit tionscnaimh an oibreora iompair, ina dtaispeáintear go gcomhlíontar an ceanglas seo.

2. I gcás ina gceanglóidh Ballstát ar a náisiúnaigh féin coinníollacha áirithe maidir le dea-cháil a chomhlíonadh, nach cruthúnas orthu an doiciméad dá dtagraítear i mír (1), glacfaidh an Stát sin mar chruthúnas leordhóthanach do náisiúnaigh ó Ballstáit eile, le teastas a eiseoidh údarás dlíthiúil nó riaracháin inniúil sa Bhallstát tionscnaimh nó sna Ballstáit tionscnaimh, ina luafar go bhfuil na coinníollacha seo comhlíonta. Bainfidh an teastas sin leis na fíorais shonracha a bheidh curtha san áireamh sa Bhallstát bunaíochta nua.

3. Mura n-eiseoidh an tír thionscnaimh nó na tíortha tionscnaimh an doiciméad a éilítear de bhun mhíreanna (1) agus (2), féadfar dearbhú faoi mhionn nó dearbhú sollúnta a chur ina ionad, is dearbhú a dhéanfaidh an duine lena mbaineann os comhair údaráis bhreithiúnaigh nó údaráis riaracháin nó, más cuí, os comhair nótaire de chuid an Bhallstáit tionscnaimh, a dhéanfaidh teastas a fhianaíonn barántúlacht an mhionna nó an dearbhaithe shollúnta seo a eisiúint.

4. Maidir le doiciméid a eiseofar de réir mhíreanna (2) agus (3), caithfidh nár eisíodh iad níos mó ná trí mhí sula dtabharfar ar aird iad. Baineann an coinníoll seo le dearbhaithe a dhéanfar de réir mhír (3) freisin.

Airteagal 19 Teastais a bhaineann le seasamh airgeadais

I gcás ina ndéanfaidh Ballstát coinníollacha áirithe maidir le seasamh airgeadais a fhorchur ar náisiúnaigh d'fhorlíonadh na gcoinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 7, déanfaidh an Stát sin teastas a eiseoidh údarás riaracháin inniúil sa Bhallstát tionscnaimh nó sna Ballstáit tionscnaimh ina luafar go gcomhlíontar na coinníollacha seo, a ghlacadh mar chruthúnas leordhóthanach i gcás náisiúnach na mBallstát eile. Bainfidh an teastas sin leis na fíorais shonracha a bheidh curtha san áireamh sa Bhallstát bunaíochta nua.

Airteagal 20 Teastais inniúlachta gairmiúla

1. Glacfaidh na Ballstáit le teastais a bheidh de réir mhúnla an teastais atá in Iarscríbhinn II agus a bheidh arna n-eisiúint ag na húdaráis nó na comhlachtaí creidiúnaithe chun na críche sin, mar fhianaise leordhóthanach ar inniúlacht ghairmiúil.

2. Maidir le teastais arna n-eisiúint roimh an ...., mar fhianaise ar inniúlacht ghairmiúil de bhun na bhforálacha a bhí i bhfeidhm go dtí an dáta sin, measfar iad a bheith coibhéiseach leis an teastas a bhfuil múnla de leagtha amach in Iarscríbhinn II agus aithnítear iad mar fhianaise ar inniúlacht ghairmiúil sna Ballstáit go léir. Féadfaidh na Ballstáit doiciméad breise a éileamh lena gcruthaítear feidhmiú iarbhír na gníomhaíochta atá i gceist i mBallstát ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad. Níor chóir go mbeadh deireadh leis an ngníomhaíocht seo le níos mó ná cúig bliana roimh dháta taiscthe an teastais.

Caibidil VI Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 21 Smachtbhannaí

1. Cinnfidh na Ballstáit an córas smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá chun cur i bhfeidhm na smachtbhannaí sin a áirithiú. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha i gceist an ... ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill faoi aon leasú a dhéantar ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2. Áirítear go háirithe ar na smachtbhannaí dá dtagraítear i mír (1), fionraí sealadach nó páirteach an údaraithe chun an ghairm a chleachtadh, tarraingt siar an údaruithe sin agus dearbhú mí-oiriúnachta na mbainisteoirí iompair sáraitheacha. Áirítear freisin ar na smachtbhannaí seo, coigistiú aon fheithicle a bheidh arna húsáid ag aon ghnóthas a bheidh i mbun oibríochtaí iompair gan an t-údarú a cheanglaítear leis an Rialachán seo a bheith aige.

3. Bunóidh an Coimisiún liosta de na sáruithe uasta ar an Rialachán seo a chuirfidh faoi deara ar a laghad go ndéanfar údarú chun an ghairm a chleachtadh a fhionraí go páirteach nó go sealadach, go dtarraingeofar siar nó go n-eiseofar dearbhú mí-oiriúnachta i dtaca leis na bainisteoirí iompair sáraitheacha. Glacfar an beart seo a leanas a ceapadh chun gnéithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trí fhorlíonadh a dhéanamh air, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann mionscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

4. Déanfar na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2), a aithint go frithpháirteach d'fhonn na pionóis dá dtagraítear i mír (2) den Airteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 22 Réamhchearta

Maidir le gnóthais a thabharfaidh fianaise, roimh dhátaí áirithe, gur údaraíodh dóibh i mBallstát de bhun rialacháin náisiúnta, gairm an oibreora tharlaithe de bhóthar, nó de réir mar a bheidh, gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar a chleachtadh i réimse an iompair náisiúnta nó idirnáisiúnta, beidh siad díolmhaithe ón gceanglas fianaise a sholáthar go bhfuil an inniúlacht ghairmiúil acu dá dtagraítear in Airteagal 3(d), go dtí an 1 Eanáir 2012. Is iad seo a leanas na dátaí sin:

(a) an 1 Eanáir 1975 don Bheilg, don Danmhairg, don Ghearmáin, don Fhrainc, d'Éirinn, don Iodáil, do Lucsamburg, don Ísiltír agus don Ríocht Aontaithe;

(b) an 1 Eanáir 1981 don Ghréig;

(c) an 1 Eanáir 1983 don Spáinn agus don Phortaingéil;

(d) an 3 Deireadh Fómhair 1989 do chríoch Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine;

(e) an 1 Eanáir 1995 don Ostair, don Fhionlainn agus don tSualainn.

Airteagal 23 Forálacha idirthréimhseacha

Más rud , roimh an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i ngníomh, go bhfuil údarú ag gnóthais chun gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh, comhlíonfaidh siad forálacha an Rialacháin seo tráth nach déanaí ná dhá bhliain i ndiaidh an dáta seo.

Airteagal 24 Cúnamh frithpháirteach

1. Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go dlúth agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Áiritheoidh siad go gcoimeádfar an fhaisnéis a mhalartófar faoi rún.

2. Malartóidh na húdaráis inniúla faisnéis maidir le ciontuithe coiriúla tromchúiseacha a forchuireadh agus maidir le sáruithe tromchúiseacha a rinneadh agus maidir le fíorais thromchúiseacha shonracha a bhféadfadh iarmhairtí a bheith acu do chleachtadh ghairm an oibreora iompair bóthair, de réir na bhforálacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de chineál pearsanta.

Airteagal 25 Coiste

1. Déanfaidh an Coiste a cuireadh ar bun le hAirteagal 18(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 cúnamh a thabhairt don Choimisiún.[16]

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 3 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5(a)(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5(a)(1), (2), (3), (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Socraítear gur mí amháin a bheidh sna tréimhsí ama atá leagtha síos in Airteagal 5a(3)(c), 4(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 26 Tuarascálacha maidir le cleachtadh na gairme

1. Déanfaidh na Ballstáit tuarscáil maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil a ullmhú gach dhá bhliain agus cuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún í. Beidh sa tuarascáil seo:

(a) anailís ar an earnáil i dtaca le dea-cháil, seasamh airgeadais agus inniúlacht ghairmiúil;

(b) líon na n-údaruithe a tugadh, de réir cineáil agus bliana, líon na n-údaruithe a fionraíodh, líon na n-údaruithe a tarraingíodh siar, líon na rabhadh, líon na ndearbhuithe mí-oiriúnachta mar aon leis na cúiseanna a bhí leo;

(c) líon na dteastas inniúlachta gairmiúla a eisíodh chuile bhliain;

(d) staidreamh maidir le nuashonruithe a rinneadh ar na cláir náisiúnta leictreonacha; agus

(e) anailís ar mhalartuithe faisnéise le Ballstáit eile, ina mbeidh ach go háirithe líon bliantúil na sáruithe a fuarthas agus a cuireadh in iúl do Bhallstát eile agus na freagraí a fuarthas de bhun Airteagal 17(3), agus líon bliantúil na n-iarrataí agus na bhfreagraí a fuarthas de bhun Airteagal 17(4).

2. Ar bhonn na dtuarascálacha náisiúnta seo, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cleachtadh ghairm an oibreora iompair bóthair a dhréachtadh gach dhá bhliain don Pharlaimint agus don Chomhairle. Beidh sa tuarascáil seo go háirithe measúnú ar oibriú an mhalartaithe faisnéise idir Bhallstáit. Foilseofar an tuarascáil sin an tráth céanna leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006[17].

Airteagal 27 Liostaí de na húdaráis inniúla

Déanfaidh gach Ballstát liosta de na húdaráis inniúla a bheidh ainmnithe aige chun gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, mar aon le liosta de na húdaráis nó de na comhlachtaí a bheidh creidiúnaithe chun na scrúduithe a eagrú. Foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite de na húdaráis nó de na comhlachtaí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Airteagal 28 Fógra maidir le bearta náisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit téacs na ndlíthe, na rialachán nó na bhforálacha riaracháin den dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse atá faoi rialú ag an Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Airteagal 29 Aisghairm

Aisghairtear leis seo Treoir 96/26/CE.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 30 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh feidhm aige ón [...]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...]

Do Pharlaimint na hEorpa Don Chomhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[…] […]

IARSC4RÍBHINN I

I. LIOSTA DE NA hÁBHAIR DÁ d TAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8

Ní mór ar a laghad na hábhair atá liostaithe sa liosta seo maidir le tarlú de bhóthar agus maidir le hiompar paisinéirí de bhóthar a bheith ar áireamh san eolas is gá chun inniúlacht ghairmiúil a dheimhniú. I ndáil leis na hábhair seo, caithfidh an leibhéal eolais agus cumais phraiticiúil is gá chun gnóthas iompair a bhainistiú a bheith ag oibreoirí iarrthacha tarlaithe de bhóthar agus ag oibreoirí iarrthacha iompair paisinéirí de bhóthar.

Ní fhéadfaidh an leibhéal íosta eolais, mar atá léirithe thuas, a bheith níos lú ná leibhéal 3 de struchtúr na leibhéal oiliúna atá leagtha síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 85/368/CEE ón gComhairle[18], is sin le rá an leibhéal a baineadh amach le linn oideachais riachtanaigh arna fhorlíonadh le hoiliúint ghairmiúil agus le hoiliúint theicniúil breise, nó le hoiliúint theicniúil meánscoile nó eile.

A. Gnéithe den dlí sibhialta

Tarlú de bhóthar agus iompar paisinéirí de bhóthar

Ní foláir maidir leis an iarrthóir:

(1) go mbeidh cur amach aige nó aici ar na príomh-chineálacha conarthaí atá in úsáid i ngníomhaíochtaí iompair bóthair mar aon leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann leo;

(2) go mbeidh sé nó sí inniúil ar chonradh iompair a bheidh bailí ó thaobh dlí de a chaibidliú, go háirithe ó thaobh coinníollacha iompair de;

Tarlú de bhóthar

(3) go mbeidh sé nó sí in ann anailís a dhéanamh ar éileamh ag a bhunaíocht nó ag a bunaíocht maidir le cúiteamh as caillteanas earraí nó as damáiste d'earraí le linn a n-iompair nó as seachadadh déanach, agus go mbeidh tuiscint aige nó aici ar conas a dhéanann éileamh den sórt sin difear dá dhliteanas nó dá dliteanas conarthach;

(4) Go dtuigfidh sé nó sí na rialacha agus na hoibleagáidí a éiríonn as Coinbhinsiún CMR ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar;

Iompar paisinéirí de bhóthar

(5) go mbeidh sé nó sí in ann anailís a dhéanamh ar éileamh ag a bhunaíocht nó a bunaíocht maidir le damáiste a dhéantar do phaisinéirí nó dá mbagáiste le linn timpiste a tharla i rith an iompair nó maidir le cúiteamh as moilleanna mar aon le conas a dhéanann éileamh den sórt sin difear dá dhliteanas nó dá dliteanas conarthach.

B. Gnéithe den dlí tráchtála

Tarlú de bhóthar agus iompar paisinéirí de bhóthar

Ní foláir maidir leis an iarrthóir:

(1) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir leis na coinníollacha agus na foirmiúlachtaí atá leagtha síos maidir le cleachtadh na gairme agus maidir leis na hoibleagáidí ginearálta atá ar thrádálaithe (clárú, cuntais ghnó etc.), mar aon le hiarmhairtí na féimheachta;

(2) go mbeidh eolas iomchuí aige nó aici i dtaobh na gcineálacha éagsúla cuideachtaí tráchtála mar aon leis na rialacha a bhaineann lena mbunú agus lena n-oibriú.

C. Gnéithe den dlí sóisialta

Tarlú de bhóthar agus iompar paisinéirí de bhóthar

Ní foláir maidir leis an iarrthóir:

(1) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir le ról agus oibriú na n-institiúidí sóisialta éagsúla in earnáil an iompair bóthair (ceárdchumainn, comhairlí oibreacha, toscaireachtaí don fhoireann, cigirí saothair, etc.);

(2) eolas a bheith aige nó aici maidir le hoibleagáidí fostóirí i dtaobh slándála sóisialta;

(3) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir leis na rialacha a bhaineann le conarthaí oibre do na catagóirí éagsúla oibrithe de chuid gnóthas iompair bóthair (foirm na gconarthaí, oibleagáidí na bpáirtithe, coinníollacha agus fad na hoibre, saoire le pá, luach saothair, sárú an chonartha, etc.);

(4) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí tiomána, fad na sosanna agus fad na hoibre, go háirithe forálacha Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ón gComhairle[19], Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle[20], Threoir 2002/15/CE agus Threoir 2006/22/CE agus na socruithe praiticiúla chun na Rialacháin seo a chur i bhfeidhm;

(5) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le bun-cháilíochtaí agus oiliúint leantach na dtiománaithe, go háirithe na rialacha a bhaineann le Treoir 2003/59/CE.

D. Gnéithe den dlí fioscach

Tarlú de bhóthar agus iompar paisinéirí de bhóthar

Ní foláir go mbeidh an t-iarrthóir ar an eolas i dtaobh na rialacha a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(1) an CBL ar sheirbhísí iompair;

(2) an cháin ar mhótarfheithiclí;

(3) na cánacha ar fheithiclí áirithe tarlaithe bóthair mar aon leis na dolaí agus agus na muirir áirithe a bhaineann le bonneagair áirithe a úsáid;

(4) cánacha ar ioncam.

E. Bainistiú tráchtála agus airgeadais an ghnóthais

Tarlú de bhóthar agus iompar paisinéirí de bhóthar

Ní foláir maidir leis an iarrthóir:

(1) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir leis na dlíthe náisiúnta agus na cleachtais náisiúnta agus praiticiúla a bhaineann le húsáid seiceanna, billí malairte, nótaí gealltanais, cártaí creidmheasa agus modhanna nó bealaí eile íocaíochta;

(2) go mbeidh sé nó sí ar an eolas i dtaobh na gcineálacha éagsúla creidmheasa (creidmheas bainc, creidmheas doiciméadach, éarlaisí ráthaíochta, morgáistí, léasú, tógáil ar cíos, fachtóireacht, etc.) mar aon leis na muirir agus na hoibleagáidí a éireoidh as an gcéanna;

(3) go mbeidh a fhios aige nó aici cad is clár comhardaithe ann, conas a leagtar amach agus conas a léirmhíniú;

(4) go mbeidh sé nó sí in ann cuntas sochair agus dochair a léamh agus a léirmhíniú;

(5) go mbeidh sé nó sí in ann brabúsmhaireacht agus staid airgeadais an ghnóthais a mheas, go háirithe ar bhonn cóimheasa airgeadais;

(6) go mbeidh sé nó sí in ann buiséad a ullmhú;

(7) go mbeidh sé nó sí ar an eolas i dtaobh ghnéithe áirithe den chostas táirgthe (costais sheasta, costais athraitheacha, caipiteal oibre, dímheas, etc.) agus go mbeidh sé nó sí in ann costais a ríomh in aghaidh na feithicle, an chiliméadair nó an tona;

(8) go mbeidh sé nó sí in ann cairt eagraíochta a dhréachtú d'fhoireann an ghnóthais ina iomláine agus pleananna oibre a eagrú, etc.;

(9) go mbeidh sé nó sí ar an eolas i dtaobh phrionsabail na margaíochta, na poiblíochta agus an chaidrimh phoiblí lena n-áirítear seirbhísí iompair, díolacháin a spreagadh agus comhaid chustaiméirí a ullmhú, etc.;

(10) go mbeidh sé nó sí ar an eolas i dtaobh na gcineálacha éagsúla árachais a bhaineann le hiompar bóthair (árachas dliteanais phoiblí, árachas um ghortú tionóisceach/árachas saoil, árachas neamhshaoil, árachas bagáiste) mar aon leis na ráthaíochtaí agus na hoibleagáidí a éireoidh as an gcéanna;

(11) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir le feidhmiúcháin teileamaitice i réimhse an iompair bóthair;

Tarlú de bhóthar

(12) go mbeidh sé nó sí in ann na rialacha a bhaineann le sonrascadh seirbhísí tarlaithe de bhóthar a chur chun feidhme mar aon le bheith ar an eolas maidir le brí agus impleachtaí Incoterms ;

(13) go mbeidh sé nó sí ar an eolas i dtaobh na gcatagóirí éagsúla cúntóirí iompair, a ról, a bhfeidhmeanna agus más cuí a stádas;

Iompar paisinéirí de bhóthar

(14) go mbeidh sé nó sí in ann na rialacha a bhaineann le táillí agus praghasanna i dtaca le hiompar poiblí agus príobháideach paisinéirí a chur chun feidhme;

(15) go mbeidh sé nó sí in ann na rialacha a bhaineann le sonrascadh seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar a chur chun feidhme.

F. Rochtain ar an margadh

Tarlú de bhóthar agus iompar paisinéirí de bhóthar

Ní foláir maidir leis an iarrthóir:

(1) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir leis na rialacháin cheirde lena rialaítear iompar bóthair ar fruiliú nó ar luaíocht, nó cíos feithiclí tionsclaíocha agus fochonraitheoireacht fheithiclí tionsclaíocha, agus go háirithe na rialacha lena rialaítear eagrú oifigiúil na gairme, ligean isteach don ghairm, údaruithe le haghaidh oibríochtaí iompair bóthair laistigh den Chomhphobal agus lasmuigh de, iniúchtaí agus smachtbhannaí;

(2) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir leis na rialacha a bhaineann le gnóthas iompair bóthair a chur ar bun;

(3) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir leis na doiciméid éagsúla is gá chun seirbhísí iompair bóthair a oibriú, agus go mbeidh sé nó sí in ann nósanna imeachta fíorúcháin a bhunú chun a áirithiú go ndéanfar na doiciméid cheadaithe a bhaineann le gach oibríocht iompair, go háirithe na doiciméid a bhaineann leis an bhfeithicil, leis an tiománaí, leis na hearraí nó leis an mbagáiste a choimeád in áitreabh an ghnóthais agus sna feithiclí;

Tarlú de bhóthar

(4) go mbeidh sé nó sí ar an eolas i dtaobh na rialacha a bhaineann le heagrú an mhargaidh i dtaca le seirbhísí iompair earraí, le láimhseáil lasta agus loighistic;

(5) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir le foirmiúlachtaí ag teorainneacha, maidir le ról agus raon feidhme dhoiciméid T agus carnets TIR mar aon leis na hoibleagáidí agus na freagrachtaí a éireoidh as a n-úsáid;

Iompar paisinéirí de bhóthar

(6) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir le heagrú an mhargaidh iompair paisinéirí de bhóthar;

(7) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir leis na rialacha chun seirbhísí iompair a bhunú agus go mbeidh sé nó sí in ann pleananna iompair a bhunú.

G. Caighdeáin theicniúla agus gnéithe teicniúla oibriúcháin

Tarlú de bhóthar agus iompar paisinéirí de bhóthar

Ní foláir maidir leis an iarrthóir:

(1) go mbeidh sé nó sí ar an eolas i dtaobh na rialacha a bhaineann le meáchain agus toisí feithiclí sna Ballstáit mar aon leis na nósanna imeachta a bhaineann le hualaí neamhghnácha ar díolúine iad ó na rialacha seo;

(2) go mbeidh sé nó sí in ann feithiclí agus a gcomhpháirteanna (chassis, inneall, córas tarchurtha, córas coscánaithe, etc) a roghnú de réir riachtanais an ghnóthais;

(3) go mbeidh sé nó sí ar an eolas i dtaobh na nósanna imeachta a bhaineann le cineál-cheadú, clárú agus iniúchadh teicniúil na bhfeithiclí seo;

(4) go dtuigfidh sé nó sí cé na bearta nach mór a chur i gcuntas d'fhonn truailliú aeir ag astaíochtaí mótarfheithiclí mar aon le truailliú torainn a chomhrac;

(5) go mbeidh sé nó sí in ann pleananna tréimhsiúla cothabhála d'fheithiclí agus dá dtrealamh a bhunú;

Tarlú de bhóthar

(6) go mbeidh sé nó sí ar an eolas i dtaobh na gcineálacha éagsúla feisteas láimhseála agus lódála lastais (cúlbhoird, coimeádáin, pailléid, etc.) agus go mbeidh sé nó sí in ann nósanna imeachta a chur ar bun agus treoracha a eisiúint maidir le hearraí a lódáil agus a dhílódáil (dáileadh lastais, cruachadh, stuáil, blocáil, daingniú, etc.);

(7) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir le teicníochtaí iompair chomhcheangailte agus rolladh ann rolladh as;

(8) go mbeidh sé nó sí in ann rialacha a chur i bhfeidhm chun na nósanna imeachta a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha agus draimh a chomhlíonadh, go háirithe rialacha a éireoidh as Treoir 94/55/CE on gComhairle[21], Treoir 96/35/CE ón gComhairle[22], agus Rialachán (CE) Uimh. 259/93 ón gComhairle[23];

9) go mbeidh sé nó sí in ann na nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar earraí meatacha a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha a éiríonn as an gcomhaontú a bhaineann le hiompar idirnáisiúnta earraí meatacha agus maidir leis an trealamh speisialta atá le húsáid i ndáil leis an iompar sin (ATP);

(10) go mbeidh sé nó sí in ann na nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar ainmhithe beo a chomhlíonadh.

H. Sábháilteacht ar bhóithre

Tarlú de bhóthar agus iompar paisinéirí de bhóthar

Ní foláir maidir leis an iarrthóir:

(1) go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir leis na cáilíochtaí a cheanglaítear a bheith ag tiománaithe (ceadúnas tiomána, deimhniú dochtúra, teastas cumais ghairmiúil, etc.);

(2) go mbeidh sé nó sí in ann na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh tiománaithe na rialacha tráchta, na toirmisc nó na srianta atá i bhfeidhm i mBallstáit éagsúla (luasteorainneacha, tosaíochtaí, srianta feithimh agus páirceála, úsáid soilse, comharthaí bóthair, etc.);

(3) go mbeidh sé nó sí in ann treoracha do thiománaithe a dhréachtadh chun comhlíonadh ceanglais sábháilteachta ag tiománaithe a sheiceáil i dtaca le staid na bhfeithiclí, a dtrealaimh agus a lastais, agus i dtaca leis na bearta coisctheacha a bheidh le glacadh;

(4) go mbeidh sé nó sí in ann coinníollacha a leagan síos a bheidh le leanúint i gcás timpiste agus nósanna imeachta iomchuí a chur chun feidhme chun tarlú leanúnach timpistí nó sáruithe tromchúiseacha a sheachaint;

(5) go mbeidh sé nó sí in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun earraí a stuáil go sábháilte agus go mbeidh sé nó sí ar an eolas maidir leis na teicníochtaí comhréireacha;

Iompar paisinéirí de bhóthar

(6) go mbeidh buneolas aige nó aici maidir le gréasán bóithre na mBallstát.

II. EAGRÚ AN SCRÚDAITHE

1. Eagróidh na Ballstáit scrúdú scríofa éigeantach a d’fhéadfaidis a fhorlíonadh le scrúdú béil chun a chinntiú go bhfuil an leibhéal eolais is gá ag na hiompróirí bóthair iarrthacha sna hábhair atá liostaithe i gCuid I, go háirithe a gcumas na hionstraimí agus na teicníochtaí a bhaineann leis an gcéanna a úsáid agus na dualgais fheidhmiúcháin agus chomhordaitheacha chomhréireacha a chomhlíonadh.

(a) Beidh dhá thástáil i gceist leis an scrúdú scríofa, eadhon:

- ceisteanna scríofa ar ceisteanna ilroghnacha (ceithre fhreagra féideartha), nó ceisteanna a éilíonn freagraí díreacha, nó meascán den dá chóras a bheidh iontu;

- cleachtaí scríofa/cás-staidéir.

Mairfidh gach ceann de na tástálacha seo dhá uair an chloig ar a laghad.

(b) I gcás ina n-eagrófar scrúdú béil, féadfaidh na Ballstáit a ordú go gcaithfidh go n-éireoidh le hiarrthóirí sa scrúdú scríofa sular féidir leo scrúdú béil a dhéanamh.

2. I gcás ina n-eagróidh Ballstáit scrúdú béil freisin, ní foláir dóibh, maidir le gach ceann den trí scrúdú, foráil a dhéanamh maidir le hualú marcanna, ar 25% ar a laghad de líon iomlán na marcanna a thabharfar a bheidh ann agus 40% ar a mhéid.

I gcás nach n-eagróidh Ballstáit ach scrúdú scríofa, ní foláir dóibh, maidir le gach ceann den trí scrúdú, foráil a dhéanamh maidir le hualú marcanna, ar 40% ar a laghad de líon iomlán na marcanna a thabharfar a bheidh ann agus 60% ar a mhéid.

3. Maidir leis na scrúduithe go léir, ní mór d’iarratasóirí meánmhéid 60% ar a laghad de líon iomlán na marcanna atá le bronnadh a ghnóthú, ach gan níos lú ná 50% de líon iomlán na marcanna féideartha a ghnóthú in aon scrúdú faoi leith. Féadfaidh Ballstát an marc sin a ísliú ó 50% go dtí 40% in aon scrúdú amháin.

IARSCRÍBHINN II

AN COMHPHOBAL EORPACH

(Páipéar láidir ar dhath béasa – formáid DIN A4 páipéar sintéiseach 150g/m2 nó níos mó)

(An téacs i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a eiseoidh an teastas)

Comhartha sainiúil an Bhallstáit lena mbaineann[24] | Ainm an údaráis nó an chomhlachta creidiúnaithe[25] |

TEASTAS INNIÚLACHTA GAIRMIÚLA CHUN EARRAÍ [PAISINÉIRÍ ] [26] A IOMPAR DE BHÓTHAR

Uimh ... |

Deimhnímid ……………………………………………………………………………………….............................................................

gur éirigh le[27]…………………………………………………………………………………………………………………..

a rugadh an…………………………………………………………i/in/sa/san……………………………………………………………….

san oiliúint agus sna scrúduithe (bliain:…………; seisiún:…………..)[28]

is gá d’fhonn teastas inniúlachta gairmiúla a dhámhachtain chun earraí [paisinéirí][29] a iompar de bhóthar, de réir Rialachán (CE) Uimh.………/……….den…………………………………

Is cruthúnas leordhóthanach an teastas seo ar an inniúlacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 20(1), de Rialachán (CE) Uimh....../an............. lena mbunaítear comhrialacha maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh. |

Arna eisiúint i/in/sa/san........................................., an

………………..………………………………………….[30][pic][pic][pic]

[1] Rialachán (CEE) Uimh. 881/1992, Rialachán (CEE) Uimh. 3118/1993, Rialachán (CEE) Uimh. 684/1992 agus Rialachán (CE) Uimh. 12/1998.

[2] Tagairt 2006/TREN/01.

[3] Féach thuas.

[4] COIM (2007) 23 críochnaitheach.

[5] Iomlán do 27AE.

[6] Cás C-176/03. Sa bhreithiúnas seo, míníonn an Chúirt go bhféadfaidh reachtas an Chomhphobail bearta a ghlacadh i dtaca le dlí coiriúil na mBallstát i gcás inar beart riachtanach forchur smachtbhannaí coiriúla chun cur i gcoinne díobhála tromchúisí don chomhshaol.

[7] Ceathrú Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25.7.1978 maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí.

[8] IO C […], […], lch. […].

[9] IO C […], […], lch. […].

[10] IO C […], […], lch. […].

[11] IO L 124, 23.5.1996, lch. 1. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Treoir 2006/103/CE (IO L 363, 20.12.2006, lch. 344).

[12] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[13] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Treoir arna leasú le Treoir 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

[14] IO L 222, 14.8.1978, lch. 11.Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 224, 16.8.2006, lch. 1).

[15] IO L 102, 11.4.2006, lch. 35.

[16] IO L 370, 31.12.1985, lch. 8. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

[17] IO L 102, 11.4.2006, lch. 1

[18] IO L 199, 31.7.1985, lch. 56.

[19] IO L 102, 11.4.2006, lch. 1.

[20] IO L 370, 31.12.1985, lch. 8.

[21] IO L 319, 12.12.1994, lch. 7

[22] IO L 145, 19.6.1996, lch. 10.

[23] IO L 30, 6.2.1993, lch. 1.

[24] Comhartha sainiúil an Stáit: (B) An Bheilg, (BG) An Bhulgáir, (CZ) Poblacht na Seice, (DK) An Danmhairg, (D) An Ghearmáin, (EST) An Eastóin, (GR) An Ghréig, (E) An Spáinn, (F) An Fhrainc, (IRL) Éire, (I) An Iodáil, (CY) An Chipir, (LV) An Laitvia, (LT) An Liotuáin, (L) Lucsamburg, (H) An Ungáir, (NL) An Ísiltír, (A) An Ostair, (PL) An Pholainn, (P) An Phortaingéil, (RO) An Rómáin, (SLO) An tSlóivéin, (SK) An tSlóvaic, (FIN) An Fhionlainn, (S) An tSualainn, (UK) An Ríocht Aontaithe.

[25] Údarás nó comhlacht a ainmníodh roimh ré chun na críche seo, ag gach Ballstát den Chomhphobal Eorpach, chun an teastas seo a eisiúint.

[26] Scrios mar is gá.

[27] Ainm agus céadainm; áit bhreithe agus dáta breithe.

[28] Aitheantas an scrúdaithe.

[29] Scrios mar is gá.

[30] Stampa agus síniú an údaráis nó an chomhlachta creidiúnaithe a eiseoidh an teastas.