52007PC0194




An Bhruiséil, 17.4.2007

COIM(2007) 194 leagan deireanach

2007/0064 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

Lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail ag bunú teorainneacha iarmhar do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de in earraí bia de bhunadh ainmhíoch, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 {SEC(2007)484}{SEC(2007)485}

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Comhthéacs an togra

- Forais agus cuspóirí an togra

Is é an cuspóir beartais ginearálta ná leanúint de risíocht tomhaltóra le substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de agus a bheartaítear a úsáid i dtáirgí míochaine tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe agus dá risíocht le hiarmhair den chéanna in earraí bia de bhunadh ainmhíoch a theorannú trí nósanna imeachta Comhphobail. Mar sin féin ba cheart don togra cothabháil ardleibhéil cosanta don tomhaltóir a áirithiú ach gan cur isteach ar infhaighteacht táirgí míochaine tréidliachta sa Chomhphobal. Ag an am céanna, ba cheart don togra rannchuidiú le simpliú reachtaíochta trí inléiteacht agus soiléireacht an Rialacháin a fheabhsú i gcomhréir le straitéis rialúcháin níos fearr an Choimisiúin.

Chun an aidhm atá á saothrú a chur i gcrích, ní foláir na cuspóirí ar leith a leanas a choimeád i gcuimhne:

- Infhaighteacht táirgí míochaine tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe a fheabhsú chun sláinte agus leas ainmhithe a áirithiú agus chun úsáid substaintí mídhleathacha a sheachaint;

- An reachtaíocht atá ann cheana a shimpliú trí inléiteacht na bhforálacha maidir le UI (Uasteorainneacha Iarmhar) bunaithe a fheabhsú le haghaidh úsáideoirí deiridh (i.e. gairmithe sláinte ainmhithe; údaráis inniúla ó thaobh rialaithe de i mBallstáit agus i dtríú tíortha);

- Tagairtí soiléire a sholáthar le haghaidh rialú na n-iarmhar atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de in earraí bia d'fhonn cosaint shláinte an tomhaltóra agus feidhmiú an Mhargaidh Aonair a fheabhsú;

- Na nósanna imeachta Comhphobail lena mbunaítear Uasteorainneacha Iarmhar (UI) a shoiléiriú trí chomhsheasmhacht i gcaighdeáin idirnáisiúnta a áirithiú.

- Comhthéacs ginearálta

Tá fadhbanna áirithe leis an gcreat dlithiúil reatha le haghaidh na UI:

1. Tá infhaighteacht leigheasra tréidliachta laghdaithe chomh mór sin go bhfuil drochthionchar aici ar shláinte phoiblí agus ainmhithe agus ar leas ainmhithe dá bharr.

2. Ní féidir caighdeáin idirnáisiúnta arna dtacú ag an AE a áireamh i reachtaíocht Chomhphobail gan measúnú eolaíoch nua ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach.

3. Níl aon phointí tagartha ag seirbhísí rialaithe Ballstáit go háirithe i dtaca le substaintí arna mbrath i mbia ó thríú tíortha.

4. Is deacair an reachtaíocht reatha a thuiscint.

Gan athrú sa reachtaíocht atá ann, is féidir bheith ag dréim le tuilleadh meathlaithe in infhaighteacht na dtáirgí míochaine tréidliachta le drochthionchar ar shláinte an duine, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe dá bharr. Thairis sin, mhéadófaí ar an drochthionchar ar thionscal shláinte na n-ainmhithe agus ar an tionscal bia le himeacht ama.

- Forálacha reatha i limistéar an togra

Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90

Is iad na príomhathruithe a mholtar ná mar a leanas:

- Measúnú ar fheidearthachtaí le haghaidh eachtarshuímh a bheith mar pháirt éigeantach den mheasúnú eolaíoch iomlán agus bunús dlí a chruthú chun go bhféadfadh an Coimisiún prionsabail a leagan síos chun eachtarshuíomh a chur chun feidhme;

- Oibleagáid a thionscnamh chun reachtaíocht Chomhphobail a oiriúniú chun UI arna socrú ag Codex le tacú ón AE a áireamh;

- Creat dlíthiúil ar leith a chruthú chun uasteorainneacha iarmhar a shocrú le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de nach mbeartaítear a údarú mar leigheasra tréidliachta go háirithe chun críocha rialaithe agus le haghaidh bia allmhairithe;

- Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Neamh-infheidhmithe.

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta

- Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha a sonraíodh agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí

D'fhoilsigh an Coimisiún Páipéar Machnaimh i Nollaig 2003 ag iarraidh tráchtaí ar phointí éagsúla a ardaíodh d'fhonn athmheas agus modhnú a dhéanamh ar reachtaíocht Chomhphobail maidir le hiarmhair táirgí míochaine tréidliachta. Rinne an páipéar seo anailís ar na cúiseanna leis na deacrachtaí i gcur i bhfeidhm na reachtaíochta atá ann agus d'fhéach sé le bealaí eile a mholadh chun ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a chur i gcrích mar aon le hinfhaighteacht agus forbairt leanúnach táirgí míochaine tréidliachta le haghaidh an mhargaidh Eorpaigh agus feidhmiú maith trádála bia de bhunadh ainmhíoch laistigh agus lasmuigh den Chomhphobal. Rinneadh tráchtaí ar dheich bpríomhcheist a iarraidh sa Pháipéar Machnaimh.

Rinneadh an Páipéar Machnaimh a fhoilsiú ar shuímh idirlín Ard-Stiúrthóireacht an Fhiontair agus Tionscail agus Ard-Stiúrthóireacht Sláinte agus Cosanta Tomhaltóirí an Choimisiúin Eorpaigh.

Tionóladh dhá chruinniú Ballstát an 13 Nollaig 2004 agus an 11 Iúil 2005. Ag cruinniú an 13 Nollaig 2004 maidir lenar lean ón bPáipéar Machnaimh i dtaca le hiarmhair i mbia rinneadh tuairimí coincheapúla le haghaidh leasuithe reachtacha a phlé agus comhaontaíodh go leanfaí den phlé i sé Ghrúpa Oibre Saineolaithe i rith Earrach 2005.

Ag an gcruinniú leis na Ballstáit an 11 Iúil 2005, rinneadh moltaí le haghaidh athruithe sa reachtaíocht maidir le hiarmhair shubstaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de arna n-úsáid i mbia-ainmhithe arna n-aithint ag na sé Ghrúpa Oibre Saineolaithe a thíolacadh i bPlé-Pháipéar le haghaidh plé le hionadaithe Ballstát.

Tugadh cuireadh do chomhlachtaí Eorpacha a sheol tráchtaí isteach ar an bPáipéar Machnaimh maidir le hiarmhair i mbia freastal ar chruinniú an 18 Iúil 2005. D'fhreastail aon eagraíocht Eorpach is fiche ar an gcruinniú. Tíolacadh tograí le haghaidh athruithe sa reachtaíocht maidir le hiarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de arna n-úsáid i mbia-ainmhithe a d'aithnigh sé shaineolaí ó Ghrúpaí Oibre Ballstát sa Phlé-Pháipéar céanna agus a tíolacadh d'ionadaithe na mBallstát.

Chun iarmhairt na roghanna éagsúla féideartha a mheasúnú, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na geallshealbhóirí le ceistneoirí. Iarradh orthu ceistneoir ar leith a chomhlánú ag cur ord tosaíochta ar na réitigh éagsúla ionchasacha arna n-aithint ag na sé Grúpaí Oibre Saineolaithe. Seoladh an ceistneoir chuig saineolaithe na nGrúpaí Oibre agus chuig ionadaithe eagraíochtaí proifisiúnta. Iarradh orthu a measúnú a sholáthar sna heochair-réimsí leasa.

Rinneadh na hiarmhairtí a mheasúnú le hidirdhealú idir iarmhairt dhearfach nó iarmhairt dhiúltach. Soláthaíodh measúnú leathchainníochtúil.

Achoimre ar na freagairtí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad

Críochnaíodh an comhairliúchán poiblí ar an bPáipéar Machnaimh ag deireadh mhí an Mhárta 2003. Fuarthas tráchtaí ó thar 40 foinse lena n-áirítear 12 Bhallstát, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, comhlachas Eorpach amháin do ghairm na tréidliachta, an tionscal cógaisíochta sláinte ainmhithe agus a chomhlachas Eorpach, eagraíochtaí na bpríomhtháirgeoirí earraí bia de bhunadh ainmhíoch, brateagraíochtaí an tionscail Eorpaigh bia chomh maith le heagraíochtaí Eorpacha le haghaidh cineálacha áirithe táirgthe bia (déiríocht, feoil agus ispíní, iasc, mil, torthaí tirime, cnónna agus spíosraí) dhá thír lasmuigh den AE agus cúpla duine aonair.

Ba é toradh na gcruinnithe le saineolaithe agus geallshealbhóirí Ballstát maidir leis an bPlé-Pháipéar ná go bhfuair an Coimisiún treoraíocht thábhachtach i dtaca le príomhcheisteanna. Rinne an Coimisiún príomhthuairimí an chomhairliúcháin seo a thabhairt san áireamh i ndréachtadh an togra dhlíthiúil. Rinneadh an measúnú leathchainníochtúil arna bhunú ar agallaimh le geallshealbhóirí a úsáid le haghaidh na measúnaithe iarmharta.

Cuireadh comhairliúchán oscailte ar siúl ar an idirlíon ó 18.12.2003 go dtí 20.3.2004. Fuair an Coimisiún 40 freagairt. Tá na torthaí ar fáil ar http://europa.eu.int/common/entreprise/pharmaceuticals/pharmacos/archives 2004.htm.

- Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

- Measúnú iarmharta

- Rogha 1 - An creat dlíthiúil reatha a chothabháil. Dá ndéanfaí an creat dlíthiúil reatha a chothabháil bheadh na fadhbanna soláthair atá ann gan réiteach. Leanfaí leis an gcleachtas gan ach úsáid theoranta a bhaint as eachtarshuíomh agus teorainn amháin iarmhar le haghaidh fíochán agus speiceas. Ní fhéadfaí comhsheasmhacht le caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun cinn mar go bhfuil gá le measúnú eolaíoch nua ar an reachtaíocht reatha. Thairis sin, leanfadh an easpa comhchuibhithe i réimse an rialaithe le leibhéil dhifriúla rialaithe sna Ballstáit gan bonn eolaíoch soiléir. Ní shárófaí easpa soiléireachta ginearálta na reachtaíochta agus bheadh an riosca fós ann go gcuirfí i bhfeidhm go hearráideach í.

- Rogha 2 - Athbhreithniú a dhéanamh ar an rialúchán atá ann cheana trí fhorálacha dlíthiúla ar leith a ionchorprú agus trí na rialacha atá ann cheana a leasú chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí ar leith. Le hathbhreithniú tá seans an ganntanas leigheasra tréidliachta atá ann sa mheántéarma agus san fhadthéarma a shárú trí bhunús dlí soiléir a bhunú le haghaidh úsáide fadaithe teorann iarmhar amháin i dtaca le fíocháin agus speicis eile. D'fhéadfaí caighdeáin idirnáisiúnta arna dtacú ag an Aontas Eorpach a ionchorprú go díreach i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, chuirfí tagairt shoiléir Aontais Eorpaigh, atá bunaithe ar an eolaíocht le haghaidh iarmhar ó shubstaintí nach mbeartaítear a úsáid i leigheasra tréidliachta sa Chomhphobal ar fáil don tionscal bia agus do thríú tíortha. Faoi dheireadh, d'fhéadfaí soiléireacht fheabhsaithe a fháil le hathbhreithniú na reachtaíochta, go háirithe trí liosta comhdhlúite amháin substaintí lena ranguithe difriúla a chruthú. Ba cheart go mbeadh comhlíonadh feabhsaithe mar thoradh air seo. San iomlán dhéanfaí an t-ualach riaracháin a laghdú.

- Rogha 3 - Treoirlínte a chur in ionad na reachtaíochta atá ann cheana. Leis an rogha chun treoirlínte a chur in ionad reachtaíochta atá ann cheana chruthófaí rioscaí don tsláinte phoiblí. Le dírialú an mhargaidh inmheánaigh agus leibhéil dhifriúla sábháilteachta bia d'fhéadfadh go mbeadh géarchéim i muinín an tomhaltóra agus caillteanais gheilleagracha mhóra dá bharr. Le féinrialú bheadh laghdú ar an ualach riaracháin, ach bhainfí ón éifeacht seo le meicníochtaí forfheidhmiúcháin a bheadh le cruthú faoin gcóras sin.

Eilimintí dlíthiúla an togra

- Achoimre ar an ngníomh atá molta

Tugann an togra dlíthiúil aghaidh ar na lochtanna sa staid reatha trí leasú de shubstaint a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil maidir le huasteorainneacha iarmhar atá ann cheana agus an córas iomlán maidir le socrú uasteorainneacha iarmhar de réir measúnaithe eolaíoch a fhágáil slán. Is iad na príomhathruithe a mholtar ná mar a leanas:

- measúnú ar fheidearthachtaí maidir le heachtarshuíomh a bheith ina pháirt éigeantach den mheasúnú eolaíoch iomlán agus bunús dlí a chruthú chun go bhféadfadh an Coimisiún prionsabail a leagan síos chun eachtarshuíomh a chur chun feidhme;

- oibleagáid a thionscnamh chun reachtaíocht Choimisiúin a oiriúniú chun na UI arna socrú ag Codex le tacú ón AE a áireamh;

- creat dlíthiúil ar leith a chruthú chun uasteorainneacha iarmhar a shocrú le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de nach mbeartaítear a údarú mar leigheasra tréidliachta go háirithe chun críocha rialaithe agus le haghaidh bia allmhairithe;

- an tsraith airteagal a athshocrú chun structúr loighciúil a chruthú ag idirdhealú go háirithe idir measúnú riosca agus forálacha bainistíochta riosca;

- na rialacha (UI, coinníollacha úsáide, toirmisc) a bhaineann le substaintí aonair, atá faoi láthair i 4 iarscríbhinn an achta bhunúsaigh reatha a chomhtháthú i rialachán Coimisiúin ar leith.

- Bunús dlí

Airteagal 37, Airteagal 152(4)(b) den Chonradh329

- Prionsabal na coimhdeachta

Tagann an togra faoi inniúlacht eisach an Chomhphobail amháin. Dá bhrí sin níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

- Prionsabal na comhréireachta

Déanann an togra prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh ar an gcúis / na cúiseanna seo a leanas.

Is cuid dhílis de chóras údaruithe le haghaidh táirgí míochaine tréidliachta agus rialuithe bia san AE é socrú na dteorainneacha iarmhar. Cé go gcuireann na Ballstáit na rialuithe i gcrích, níl aon rogha ach na teorainneacha iarmhar céanna a shocrú ar mhaithe le saorchúrsaíocht earraí san AE.

Is é an cuspóir atá ann ná an t-ualach riaracháin ar oibreoirí geilleagracha a laghdú i gcomparáid leis an ualach atá ann de bharr an chreata dhlíthiúil atá ann cheana.

Dhéanfaí an t-ualach riaracháin a laghdú le trí fhactóir:

- An easpa riachtanais le measúnú eolaíoch ar leith le haghaidh substaintí gníomhacha a ndearna an Codex measúnú orthu. Thiocfadh an laghdú ar láimh amháin toisc nach mbeadh comhad iomlán á sheachadadh lena n-áirítear na sonraí go léir a iarradh agus ar an láimh eile ó phróiseas údaraithe an leigheasra tréidliachta atá i gceist a bhrostú.

- Laghdú ar na sonraí eolaíocha atá le soláthar, má fhadaíonn an coiste eolaíoch cur chun feidhme eachtarshuímh. Ar ndóigh, toisc go gceanglódh an Rialachán nua ar an gcoiste eachtarshuíomh a mheas chun go mbeadh cothromaíocht idir a gcinneadh maidir le uasteorainneacha iarmhar agus an gá le infhaighteacht leigheasra a áirithiú, is féidir bheith ag siúl le húsáid níos forleithne eachtarshuímh.

- Comhchuibhiú caighdeán rialaithe le haghaidh iarmhar ar leith i mbia. Tá an Tionscal faoi ualach nach bhfuil gá leis trí phointí tagartha rialaithe eisréimeacha a bheith sna Ballstáit éagsúla. Ar an gcúis seo ní féidir leasa iomlána an chomhmhargaidh a chur i gcrích agus tá constaicí nach bhfuil gá leo roimh allmhairithe ó thriú tíortha. Bíonn móriarmhairtí dochracha geilleagracha ag diúltiú coinsíneachtaí nó fiú scriosadh táirgí le haghaidh táirgeoirí agus trádálaithe, a d'fhéadfaí a sheachaint don chuid is mó de dá ndéanfadh údaráis inniúla aon phoint tagartha trédhearcach amháin a chur i bhfeidhm ag sna Ballstáit go léir.

- Rogha ionstraimí

Ionstraimí molta: rialachán

Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an gcúis / na cúiseanna seo a leanas.

Le féinrialú bheadh dírialú iomlán an Mhargaidh Aonair agus is móide go mbeadh neamhréireachtaí móra in infhaighteacht táirgí míochaine tréidliachta chomh maith le neamhréireachtaí i leibhéal na sábháilteachta bia de bhunadh ainmhíoch laistigh den Chomhphobal. Tá muinín an tomhaltóra as feoil agus táirgí feola bunaithe faoi láthair ar fhoireann chomhchuibhithe rialacha amháin arna cur i gcrích faoi dhianmhaoirseacht údarás inniúil. Ní dhéanfadh féinrialú leibhéal comparáideach comhchuibhithe agus fhorfheidhmiúcháin a áirithiú. Tá sé soiléir, go mbeadh rioscaí do shláinte an tomhaltóra mar thoradh ar fhéinrialú mar nach mbeadh aon mheicníocht fhorfheidhmiúcháin chomparáideach ar fáil a áiritheodh urramú teorainneacha iarmhar leormhaithe.

Ní bheadh treoir leormhaith, mar tá teorainneacha iarmhar infheidhme go díreach. Thairis sin, ní mór nósanna imeachta riaracháin nó eolaíocha atá aonfhoirmeach a bheith infheidhme maidir leis na hiarratais le haghaidh socrú teorainneacha iarmhar chuig an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (GLE), maidir le measúnuithe eolaíocha ón GLE agus maidir leis na tuairimí eolaíocha arna eisiúint ag an GLE.

Impleacht bhuiséadach

Ní chuirfidh an togra seo isteach ar bhuiséad an Chomhphobail.

Faisnéis bhreise

- Simpliú

Foráiltear sa togra do shimpliú reachtaíochta.

Beartaítear leis an togra

- an tsraith airteagal a athshocrú chun structúr loighciúil a chruthú ag idirdhealú go háirithe idir measúnú riosca agus forálacha bainistíochta riosca;

- na rialacha (UI, coinníollacha úsáide, toirmisc) a bhaineann le substaintí aonair, atá faoi láthair i 4 iarscríbhinn dhifriúla a chomhtháthú in aon iarscríbhinn amháin de rialachán Coimisiúin ar leith;

- go mbainfidh na húdaráis phoiblí leas as inléiteacht fheabhsaithe na reachtaíochta iarmhar. Go háirithe éascaítear obair fhorfheidhmiúcháin na n-údarás rialaithe trí na huasteorainneacha iarmhar a chomhdhlúthú in aon rialachán amháin;

- dheánfaí amlínte i dtaca le bainistíocht nósanna imeachta a shocrú go soiléir le haghaidh na bpáirtithe go léir lena mbaineann. Thabharfaí aitheantas go huathoibríoch do chaighdeáin idirnáisiúnta arna dtacú ag an gComhphobal gan gá aon iarratas ar leith a chur isteach ag leibhéal Comhphobail, agus ar an dóigh sin ní bheadh aon dúbailt oibre ann. Bheadh laghdú ar an am forbartha agus costais táirgí nua dá réir. Beidh tairbhe nach beag do shláinte agus leasa ainmhithe agus sláinte an tomhaltóra tríd an reachtaíocht a dhéanamh níos soiléire agus ar an dóigh sin comhlíonadh na gceanglas dlíthíuil a fheabhsú go hionchasach;

- thairis sin, le hathbhreithniú an Rialacháin UI dhéanfaí breis trédhearcachta a thionscnamh i gcomhair na n-úsáideoirí deiridh go léir. Le tiomsú na substaintí go léir agus a bhforálacha a bhaineann le UI i rialachán Coimisiúin amháin le cur in ionad na gceithre iarscríbhinn atá ann d'fheabhsófaí inléiteacht agus tuiscint, go háirithe má shórtáiltear iad de réir na haibítre. Ba cheart go mbeadh rochtain ag tréidlianna ar dhoiciméad uathúil ag comhthiomsú na faisnéise go léir is gá ar na substaintí go léir arna measúnú, mar ceadaítear dóibh in imthosca eisceachtúla táirgí a úsáid le haghaidh speiceas as a dtáirgtear bia gan údarú follasach an táirge seo (Airteagal 11 de Threoir 2001/82/CE). Ar an dóigh sin cuideodh simpliú le hinfhaighteacht fheabhsaithe leigheasra tréidliachta le haghaidh speiceas nó riochtaí áirithe ainmhithe. Ar an gcuma chéanna bhainfeadh tríú tíortha atá ag onnmhairiú earraí bia de thionscnamh ainmhíoch sa Chomhphobal leas as an simpliú agus an soiléiriú sin ar cheanglais an Chomhphobail de réir mar a éiríonn an comhlíonadh níos éasca;

- áirítear an togra i gclár rollta an Choimisiúin le haghaidh uasdátú agus simpliú an acquis communitaire.

- Aisghairm reachtaíochta atá ann cheana

Má ghlactar leis an togra, déanfar reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm.

- Athmhúnlú

Cuimsíonn an togra athmhúnlú.

- An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Baineann an ionstraim atá molta le hábhar LEE agus ba chóir dá bhrí sin go leathnófaí í go dtí an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

2007/0064 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

Lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail ag bunú teorainneacha iarmhar do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de in earraí bia de bhunadh ainmhíoch, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 37 agus 152(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 251 den Chonradh[4],

De bharr an méid seo a leanas:

5. Mar thoradh ar dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil is féidir iarmhair leighreasra tréidliachta a bhrath in earraí bia fiú ag leibhéil níos ísle fós.

6. Ní mór uasteorainneacha iarmhar a shocrú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i leith earraí bia éagsúla de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear feoil, iasc, bainne, uibheacha agus mil.

7. Rinne Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 lena leagtear síos imeachta ag bunú uasteorainneacha iarmhar do tháirgí míochaine tréidliachta in earraí bia de bhunadh ainmhíoch[5] nósanna imeachta Coimisiúin a thionscnamh chun sábháilteacht iarmhar substaintí atá gníomach ó thaobh cógaseolaíochta de a mheas de réir ceanglas sábháilteachta bia don duine.

8. Ní féidir substaint atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de a úsáid i mbia-ainmhithe ach amháin má mheastar í go fabhrach. Déantar uasteorainneacha iarmhar a bhunú dá leithéid de shubstaint má mheastar é a bheith riachtanach chun sláinte an duine a chosaint. Foráiltear i dTreoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir le Cód an Choimisiúin i ndáil le táirgí míochaine tréidliachta[6] nach féidir táirgí míochaine tréidliachta a cheadú nó a úsáid i mbia-ainmhithe ach amháin sa chás go ndearnadh na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a mheas a bheith slán de réir Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90. Thairis sin tá rialacha ann maidir le doiciméadacht na húsáide, athainmniú ('seach-lipéid'), ordú agus dáileadh táirgí míochaine tréidliachta atá le húsáid i mbia-ainmhithe.

9. I bhfianaise chomhairliúchán poiblí an Choimisiúin i 2004 agus measúnú an Choimisiúin ar an taithí a fuarthas, is léir gur gá na nósanna imeachta maidir le bunú uasteorainneacha iarmhar a mhodhnú ach san am céanna an córas iomlán ag bunú na dteorainneacha sin a choimeád.

10. Is pointí tagartha iad na huasteorainneacha iarmhar le haghaidh bunú, de réir Threoir 2001/82/CE, na dtréimhsí aistarraingthe údaruithe margaíochta i gcomhair táirgí míochaine tréidliachta le húsáid i mbia-ainmhithe agus le haghaidh rialú iarmhar i mbia de bhunadh ainmhíoch sna Ballstáit agus ag poist chigireachta teorann chomh maith.

11. Déanann Treoir 96/22/CE ón gComhairle maidir leis an toirmeasc ar úsáid substaintí áirithe a bhfuil gníomhú hormónach nó tíoróideach acu agus beta-spreagthaigh néaróige iontu, i dtógáil stoic agus lena n-aisghairtear Treoir 81/602/CEE, 88/146/CEE agus 88/229/CEE[7] toirmeasc ar úsáid substaintí áirithe chun críocha sonracha i mbia-ainmhithe. Ba choir go mbeidh feidhm ag an rialachán seo gan dochar d'aon reachtaíocht Chomhphobail lena dtoirmeasctar substaintí áirithe a bhfuil gníomhaíocht hormónach acu a úsáid i mbia-ainmhithe.

12. Foráiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta comhphobail le haghaidh ábhar salaithe i mbia[8] do rialacha sonracha le haghaidh substaintí nach de thoradh riar bheartaithe iad. Níor cheart go mbeadh na substaintí sin faoi réir na reachtaíochta ar uasteorainneacha iarmhar.

13. Déanann Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia[9], creat le haghaidh reachtaíochta bia ag leibhéal Comhphobail a leagan síos agus forálann sé do shainmhínithe sa réimse sin. Is iomchuí go mbeidh feidhm ag na sainmhínithe sin chun críocha reachtaíochta ar uasteorainneacha iarmhar.

14. I Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe [10] a áirithiú, leagtar síos rialacha ginearálta le haghaidh rialaithe bia sa Chomhphobal Eorpach agus forálann sé do shainmhínithe sa réimse sin. Is iomchuí go mbeidh feidhm ag na sainmhínithe sin chun críocha reachtaíochta ar uasteorainneacha iarmhar.

15. Cuireann Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh, 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le húdarú agus maoirseacht ar tháirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach[11], ar iontaoibh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí "an Ghníomhaireacht" anseo feasta, an tasc comhairle a thabhairt maidir le huasteorainneacha iarmhar do tháirgí míochaine tréidliachta atá inghlactha i mbia de bhunadh ainmhíoch.

16. Ní foláir uasteorainneacha iarmhar a shocrú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de nó atá le húsáid i dtáirgí míochaine tréidliachta a chuirtear ar an margadh sa Chomhphobal.

17. Dealraítear ó chomhairliúchán poiblí agus toisc nach ndearnadh ach líon beag táirgí míochaine tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe bia a udarú le blianta beaga anuas, nach bhfuil na táirgí míochaine sin ar fáil chomh réidh sin de bharr na hoibleagáide Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 a chomhlíonadh.

18. Chun sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú, ní mór táirgí míochaine a bheith ar fáil chun riochtaí sonracha galair a chóireáil. Thairis sin, b'fhéidir go mbeidh mí-úsáid nó úsáid mhídhleathach substaintí mar thoradh ar an nganntanas soláthair táirgí míochaine tréidliachta iomchuí le haghaidh cóireála sonraí do speiceas sonrach.

19. Ba cheart dá bhrí sin an córas arna bhunú ag Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 a mhodhnú chun soláthar táirgí míochaine tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe a mhéadú. Chun an cuspóir sin a chur i gcrích, ba cheart foráil a dhéanamh don Ghníomhaireacht le bheith in ann breithniú córasach a dhéanamh ar úsáid teorann uasmhéid iarmhar arna bunú le haghaidh speicis nó earra bia amháin le haghaidh speicis nó earra bia eile.

20. Chun sláinte an duine a chosaint, ba cheart uasteorainneacha iarmhar a bhunú de réir prionsabal measúnaithe sábháilteachta a aithnítear go ginearálta, ag tabhairt san áireamh rioscaí tocsaineolaíochta, éilliú comhshaoil, chomh maith le héifeachtaí micreabhitheolaíochta agus cógaseolaíochta neamhbheartaithe iarmhar.

21. Aithnítear nach féidir, le measúnú eolaíoch riosca amháin i gcásanna áirithe, an fhaisnéis go léir a sholáthar ar ceart cinneadh bainistíochta riosca a bhunadh uirthi agus gur cheart fachtóirí eile atá ábhartha leis an ábhar atá á mheas a thabhairt san áireamh go dleathach lena n-áirítear gnéithe teicneolaíochta táirgthe bia agus indéantacht rialuithe; ba cheart don Ghníomhaireacht dá bhrí sin tuairim a thabhairt ar mheasúnú eolaíoch riosca agus moltaí um bainistíocht riosca ar iarmhair shubstaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de.

22. Tá gá le rialacha mionsonraithe maidir le formáid agus inneachar iarratas le haghaidh búnú teorainneacha uasmhéid iarmhar agus maidir le prionsabail mhodheolaíochta le haghaidh measúnú riosca agus moltaí bainistíochta riosca i gcomhair feidhmiú rianúil chreat iomlán na n-uasteorainneacha iarmhar.

23. Chomh maith le táirgí míochaine tréidliachta, úsáidtear táirgí eile nach bhfuil faoi réir reachtaíochta áirithe maidir le hiarmhair i bhfeirmeoireacht ainmhithe, cosúil le dífhabhtáin. Thairis sin, d'fhéadfadh go bhfuil táirgí míochaine tréidliachta nach bhfuil udarú margaíochta acu sa Chomhphobal údaraithe i dtíortha lasmuigh den Chomhphobal. B'fhéidir go dtarlaíonn sé sin mar go bhfuil galair nó speicis sprice dhifriúla níos forleithne i réigiúin eile nó toisc gur roghnaigh cuideachtaí gan táirge a chur ar an margadh sa Chomhphobal. Ní léiríonn sé de riachtanas nach bhfuil táirge slán le húsáid nuair nach n-údaraítear é sa Chomhphobal. I gcás na substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de sna táirgí sin, ba cheart an Coimisiún a chumasú chun uasteorainn iarmhar a shocrú le haghaidh bia, tar éis tuairime ón nGníomhaireacht de réir na bprionsabal arna leagan amach le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de a bheartaítear a úsáid i dtáirgí míochaine tréidliachta.

24. Rannchuidíonn an Comhphobal i gcomhthéacs an Codex Alimentarius le forbairt caighdeán idirnáisiúnta maidir le huasteorainneacha iarmhar, agus ag an am céanna cinntíonn sé gan leibhéal ard cosanta sláinte an duine sa Chomhphobal a laghdú. Ba cheart don Choimisiún dá bhrí sin na huasteorainneacha iarmhar sin ar thacaigh sé leo sa chruinniú Coimisiúin maidir le Codex Alimentarius a thógáil idir lámha gan tuilleadh measúnaithe riosca. Déanfar comhsheasmhacht idir na caighdeáin idirnáisiúnta agus reachtaíocht an Choimisiúin maidir le teorainneacha iarmhar i mbia a neartú a thuilleadh ar an dóigh sin.

25. Tá earraí bia faoi réir rialuithe ar iarmhair shubstaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de réir Rialachán (CE) Uimh. 882/2004. Fiú mura ndéantar teorainneacha iarmhar a shocrú do shubstaintí dá leithéid de bhun an Rialacháin seo, d'fhéadfadh go dtarlódh substaintí dá leithéid de bharr fabhtú an chomhshaoil nó de bharr meitibilíte nádurtha san ainmhí. Le modhanna saotharlainne táthar in ann iarmhar dá leithéid a bhrath ag leibhéil atá fiú níos ísle. Ba é iarmhar dá leithéid ba chúis le cleachtais rialithe dhifriúla i mBallstáit.

26. Is iomchuí don Chomhphobal foráil a dhéanamh do nósanna imeachta chun pointí tagartha a shocrú le haghaidh gnímh rialaithe i gcás tiúchán de na hiarmhair a léiríonn comhairle eolaíoch ina leith gur diomaibhseach risíocht tomhaltóirí leo agus i gcás anailíse saotharlainne a bheith indéanta d'fhonn trádáil agus allmhuirithe laistigh den Chomhphobal a eascú.

27. Ba cheart an reachtaíocht maidir le huasteorainneacha iarmhar a shimpliú trí na cinntí go léir lena rangaítear substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de maidir le hiarmhair, agus lena socraítear pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta, a chur le chéile i Rialachán Coimisiúin aonair.

28. Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[12].

29. Ach go háirithe, ba cheart cumhacht a bhronnadh ar an gCoimisiún chun rialacha a ghlacadh maidir leis na coinníollacha i dtaca le heachtarshuíomh agus bunú pointí tagartha le haghaidh gnímh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad nó le haghaidh an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhíreanna nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

30. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an ghnímh a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon sláinte an duine chomh maith le sláinte ainmhithe a chosaint, agus soláthar iomchuí táirgí míochaine tréidliachta a áirithiú, agus gur féidir é seo a dhéanamh níos fearr, de bharr scála agus éifeachtaí an ghnímh ag leibhéal an Chomhphobail, d’fhéadfadh an Comhphobal bearta a ghlacadh, de réir phrionsabal na coimhdeachta mar atá arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar mar is gá chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

31. Ar mhaithe le soiléireacht, is gá dá bhrí sin Rialachán nua a chur in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90.

32. Ba cheart foráil a dhéanamh do thréimhse eatramhach chun a ligean don Choimisiún rialachán a ullmhú agus a ghlacadh ina bhfuil na cinntí is infheidhme go léir de bhun Rialachán Uimh. 2377/90 agus ag cur forálacha le haghaidh an Rialacháin nua seo chun feidhme,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL IFORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

33. Leagann an Rialachán seo síos rialacha agus nósanna imeachta chun an méid a leanann a bhunú:

34. An t-uastiúchán iarmhar ó shubstaint atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de ar féidir a cheadú i mbia de bhunadh ainmhíoch ("uasteorainn iarmhar");

35. an leibhéal fulaingthe iarmhair substainte atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de a mheastar risíocht an duine leis an iarmhar sin trí bhia a bhfuil an tsubstaint ann a bheith diomeabhseach faoina bhun ("pointe tagarta le haghaidh gnímh").

36. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

37. Prionsabail ghníomhacha de bhunús bitheolaíochta lena mbeartaítear imdhíonacht gníomhach nó éighníomhach a sholáthar, a úsáidtear i dtáirgí míochaine tréidliachta imdhíonachta;

38. Substaintí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 315/93;

39. Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do reachtaíocht Chomhphobail lena dtoirmeasctar substaintí áirithe a bhfuil gníomhaíocht hormónach acu a úsáid i mbia-ainmhithe mar a fhoráiltear le Treoir Uimh. 96/22/CE.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Sa bhreis ar na sainmhínithe arna leagan síos in Airteagal 1 de Threoir Uimh. 2001/82/CE, Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 822/2004 agus Airteagail 2 agus 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas chun críocha an Rialacháin seo:

(a) ciallaíonn 'iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de' na substaintí go léir atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de, á gcur in iúl i mg/cg nó µ/cg ar bhonn beomheáchain, cibé substaintí gníomhacha, líonaidh nó comhdhúiligh chlaochlaithe agus a meitibilítí a fhanann i mbia a fhaightear ó ainmhithe;

(b) "bia-ainmhithe": ciallaítear anseo ainmhithe a póraíodh, a tógadh a coimeádadh a maraíodh nó a próiseáladh go sonrach chun críocha bia a tháirgeadh.

TEIDEAL IIUASTEORAINNEACHA IARMHAR

CAIBIDIL 1 MEASÚNÚ RIOSCA AGUS BAINISTÍOCHT RIOSCA

Alt 1 Substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de agus a bheartaítear a úsáid i dtáirgí míochaine tréidliachta

Airteagal 3Iarratas ar Thuairim ón nGníomhaireacht

Beidh aon substaint atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de agus a bheartaítear a úsáid i dtáirgí míochaine tréidliachta le tabhairt do bhia-ainmhithefaoi réir tuairime ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach ("an Ghníomhaireacht") maidir leis an uasteorainn iarmhar, arna foirmliú ag an gCoiste um Tháirgí Míochaine le haghaidh Úsáide Tréidliachta ('an Coiste').

Chun na críche sin, déanfaidh sealbhóir údaraithe margaíochta le haghaidh táirge míochaine tréidliachta ina n-úsáidtear substaint den sórt sin, an t-iarratasóir ar an údarú margaíochta sin nó duine a bheartaíonn iarratas a dhéanamh ar an údarú margaíochta sin, iarratas a chur isteach chuig an nGníomhaireacht.

Airteagal 4 Tuairim ón nGníomhaireacht

1. Is éard a bheidh sa tuairim ón nGníomhaireacht ná measúnú eolaíoch riosca agus moltaí le haghaidh bainistíochta riosca.

2. Beidh sé d'aidhm ag an measúnú eolaíoch riosca agus ag na moltaí le haghaidh bainistíochta riosca leibhéal ard cosanta i dtcaca le sláinte an duine a chinntiú, agus a chinntiú ag an am céanna nach mbeidh drochthionchar ag ganntanas táirgí míochaine tréidliachta iomchuí ar shláinte ainmhithe ná ar shláinte an duine.

Airteagal 5 Eachtarshuíomh

D'fhonn a áirithiú go mbeidh táirgí míochaine tréidliachta údaraithe ar fáil le haghaidh riochtaí a tharlaíonn i mbia-speicis, déanfaidh an Coiste, agus é i mbun measúnuithe eolaíocha riosca agus ag tarraingt suas moltaí bainistíochta riosca, úsáid uasteorainneacha iarmhar arna mbunú le haghaidh substainte atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de in earra bia áirithe nó in earra bia a thagann ón speiceas céanna, nó i speiceas amháin nó níos mó i gcás speiceas eile, a mheas.

Airteagal 6 Measúnú eolaíoch riosca

1. Déanfaidh an measúnú eolaíoch riosca meitibileacht agus idiú na substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de i speicis ainmhíocha ábhartha agus na cineálacha iarmhar, agus an méid díobh, a fhéadfadh daoine a ionghabháil ar feadh an tsaoil gan aon bhaol inmheasta don tsláinte curtha in iúl i dtéarmaí Ionghabhála Laethúla Inghlactha (ILI), a mheas. Is féidir cur chuige eile seachas ILI a úsáid, má tá said leagtha síos ag an gCoimisiún mar a fhoráiltear in Airteagal 12(1).

2. Bainfidh an measúnú eolaíoch riosca leis na rudaí seo a leanas:

40. an cineál agus méid iarmhar a mheastar nach aon bhaol do shláinte an duine é;

41. an riosca go mbeadh éifeachtaí neamhbheartaithe cógaisíochta nó micribhitheolaíochta i ndaoine;

42. iarmhair a tharlaíonn i mbia de bhunadh plandaí nó a thagann ón gcomhshaol.

3. Mura féidir meitibileacht ná idiú na substainte a mheasúnú agus go ndearadh an tsubstaint chun dlús a chur le sláinte agus leasa ainmhithe, féadfaidh an measúnú eolaíoch riosca sonraí faireacháin agus sonraí risíochta a thabhairt san áireamh.

Airteagal 7 Moltaí le haghaidh bainistiochta riosca

Beidh na moltaí le haghaidh bainistíochta riosca bunaithe ar an measúnú eolaíoch riosca arna sheoladh de réir Airteagal 6 agus is éard a bheidh ann ná measúnú ar na rudaí seo a leanas:

43. an infhaighteacht substaintí malartacha le haghaidh chóireáil na speiceas ábhartha nó riachtanas na substainte a ndéantar measúnú uirthi chun fulaingt nach gá a sheachaint d'ainmhithe nó chun sábháilteacht na ndaoine atá á chóireáil a áirithiú.

44. fachtóirí eile dlisteanacha cosúil le gnéithe teicniúla an táirgthe bia, indéantacht na rialuithe, coinníollacha úsáide agus forchur na substaintí i dtáirgí míochaine tréidliachta agus an dóchúlacht go mbainfí mí-úsáid nó úsáid mhídhleathach astu;

45. cibé ar cheart uasteorainn iarmhar nó uasteorainn iarmhar sealadach a bhunú le haghaidh substainte atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de i dtáirgí míochaine tréidliachta, a bhfuarthas iarmhair in earra bia áirithe de bhunadh ainmhíoch, leibhéal na huasteorann iarmhar sin agus, nuair is iomchuí, aon choinníollacha nó srianta maidir le húsáid na substainte lena mbaineann;

46. Cibé an bhfuil sé indéanta uasteorainn iarmhar a bhunú nuair nach féidir teorainn shábháilte a aithint ó na sonraí a sholáthraítear, nó nach féidir teacht ar chonclúid chríochnaitheach maidir le sláinte an duine i dtaca le hiarmhair substainte de bharr ganntanais faisnéise eolaíche.

Airteagal 8Iarratais agus Nósanna Imeachta

1. Beidh an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 3 in oiriúint leis an bhformáid agus leis an inneachar arna leagan síos ag an gCoimisiún mar a fhoráiltear dó in Airteagal 12(1) agus beidh an táille is iníoctha leis an nGníomhaireacht ag gabháil leis.

2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht a áirithiú go dtabharfar tuairim ón gCoiste lastuigh de 210 lá tar éis iarratas bailí a fháil de réir Airteagal 3 agus mhír 1 den Airteagal seo. Cuirfear an teorainn ama seo ar fionraí nuair a iarrann an Ghníomhaireacht faisnéis fhorlíontach maidir leis an tsubstaint shonraithe laistigh de thréimhse áirithe, go dtí go gcuirfear an fhaisnéis fhorlíontach a iarradh ar fáil.

3. Seolfaidh an Ghníomhaireacht an tuairim dá dtagraítear in Airteagal 4 ar aghaidh chuig an iarratasóir. Laistigh de 15 lá on tuairim a fháil, féadfaidh an t-iarratasóir fógra scríofa a chur chuig an nGníomhaireacht ag cur in iúl go dteastaíonn athscrúdú uaidh nó uaithi ar an tuairim. Sa chás sin cuirfidh an t-iarratasóir forais mhionsonraithe a iarratais ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht laistigh de 60 lá ón tuairim a fháil.

Laistigh de 60 lá ó fhorais an iarratais a fháil, déanfaidh an Coiste a mheas ar cheart dó athbhreithniú a dhéanamh ar a thuairim. Déanfar na cúiseanna leis an gconclúid ar thángthas uirthi maidir leis an iarratas a chur mar iarscríbhinn leis an tuairim chríochnaitheach dá dtagraítear i mír 4.

4. Laistigh de 15 lá ó ghlacadh na tuairime críochnaithí, cuirfidh an Ghníomhaireacht ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an iarratasóir araon í, ag lua na bhforas ar ar tháinig sí ar a conclúidí.

Alt 2 Substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de nach mbeartaítear a úsáid i dtáirgí míochaine tréidliachta

Airteagal 9 Tuairim na Gníomhaireachta arna hiarraidh ag an gCoimisiún nó ag na Ballstáit

1. Maidir le haon substaint nach mbeartaítear a úsáid i dtáirgí míochaine tréidliachta le cur ar an margadh sa Chomhphobal agus sa chás nár cuireadh aon iarratas isteach ar na substaintí sin de réir Airteagal 3, féadfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit iarrataí ar thuairim maidir le uasteorainneacha iarmhar a chur ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht.

Beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 6, 7 agus 8.

2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht a áirithiú go dtabharfar tuairim ón gCoiste laistigh de 210 lá tar éis don Choimisiún an iarraidh a fháil. Cuirfear an teorainn ama seo ar fionraí nuair a iarrann an Ghníomhaireacht faisnéis chomhlántach maidir leis an substaint shonraithe lastuigh de thréimhse áirithe, agus go dtí go gcuirfear an fhaisnéis fhorlíontach a iarradh ar fáil.

3. Laistigh de 15 lá ó ghlacadh na tuairime críochnaithí, déanfaidh an Ghníomhaireacht í a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus, de réir mar a bheidh, chuig an mBallstát nó chuig an bpáirtí a rinne an iarraidh, ag lua na bhforas ar ar tháinig sí ar a conclúid.

Alt 3 —Forálacha coiteanna

Airteagal 10 Athbhreithniú ar thuairim

Nuair a mheasann an Coimisiún, an t-iarratasóir faoi Airteagal 3, nó Ballstát faoi Airteagal 9, de thoradh faisnéise nua, go bhfuil gá le hathbhreithniú ar thuairim chun sláinte an duine nó ainmhithe a chosaint, féadfaidh sé a iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairim nua a éisiúint maidir leis na substaintí atá i dtrácht.

Beidh faisnéis ag míniú na saincheiste atá le réiteach ag gabháil leis an iarratas sin. Beidh Airteagal 8(2) agus (4) nó Airteagal 9(2) agus (3) faoi seach infheidhme ar an tuairim nua.

Airteagal 11 Foilseachán tuairimí

Déanfaidh an Ghníomhaireacht na tuairimí dá dtagraítear in Airteagail 4, 9 agus 10 a fhoilsiú tar éis di aon fhaisnéis de chineál atá rúnda ó thaobh tráchtála de a scriosadh.

Airteagal 12 Bearta Feidhmiúcháin

1. De réir an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2), déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, glacadh leis an rud a leanas:

47. an fhoirm ina dtíolactar na hiarratais dá dtagraítear in Airteagal 3 agus na hachainíocha dá dtagraítear in Airteagal 9 agus inneachar na n-iarratas seo;

48. prionsabail mhodheolaíochta an mheasúnaithe riosca agus moltaí bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7, lena n-áirítear ceanglais theicniúla de réir caighdeán a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta.

2. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, rialacha maidir le huasleibhéal iarmhar d'earra bia áirithe a úsáid le haghaidh earra bia eile den speiceas céanna, nó de speiceas amháin nó níos mó le haghaidh speicis eile dá dtagraítear in Airteagal 5. Déanfaidh na rialacha sin a shonrú conas agus cad iad na himthosca inar féidir sonraí eolaíocha maidir le hiarmhair in earra bia áirithe nó i speiceas amháin nó níos mó a úsáid chun uasteorainn iarmhar a shocrú in earraí bia eile, nó i speicis eile.

Déanfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(3).

CAIBIDIL II RANGÚ

Airteagal 13 Rangú substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de

1. Déanfaidh an Coimisiún na substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de a rangú faoi réir tuairime ón nGníomhaireacht ar an uasteorainn iarmhar de réir Airteagail 4, 9 nó 10.

2. Folóidh an rangú liosta substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de agus na haicmí teiripeacha lena mbaineann siad. Béarfaidh an rangú go ndéanfar, i ndáil le gach substaint, ceann amháin díobh seo a leanas a bhunú:

49. uasteorainn iarmhar(UTI);

50. uasteorainn iarmhar shealadach;

51. gan uasteorainn iarmhar;

52. toirmeasc ar riar substainte.

3. Déanfar uasteorainn iarmhar a leagan síos sa chás ina ndealraítear go bhfuil gá léi chun sláinte an duine a chosaint de bhun tuairime ón nGníomhaireacht de réir Airteagail 4, 9, nó 10 de bhun vóta Comhphobail i bhfabhar bunú uasteorann iarmhar le haghaidh substainte atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de a bheartaítear a úsáid i dtáirge míochaine tréidliachta sa Codex Alimentarius . Sa chás deireanach ní cheanglaítear go ndéanfadh an Ghníomhaireacht measúnú breise.

4. Féadfar uasteorainn iarmhar a bhunú le haghaidh substainte atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de i gcásanna nach bhfuil na sonraí eolaíocha iomlán, ar chuntar nach bhfuil aon fhorais lena cheapadh go mbeadh baol do shláinte an duine ó iarmhair na substainte ag an leibhéal atá molta.

Beidh an uasteorainn iarmhar shealadach infheidhme ar feadh tréimhse áirithe ama, nach rachaidh thar cúig bliana. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh uair amháin ar feadh tréimhse nach rachaidh thar dhá bhliain áit a dtaispeánfar go bhféadfaí leis an síneadh sin staidéir eolaíocha atá ar siúl a thabhairt chun críche.

5. Ní dhéanfar aon uasteorainn iarmhar a bhunú sa chás, de bhun tuairime de réir Airteagail 4, 9 nó 10, nach bhfuil gá léi chun sláinte an duine a chosaint.

6. Toirmiscfear riar substainte ar bhia-ainmhithe, de bhun tuairime de réir Airteagail 4, 9 nó 10 i gceachtar de na himthosca seo a leanas:

53. i gcás ina bhfuil baol do shláinte an duine ó aon úsáid substainte atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de i mbia-ainmhithe;

54. i gcás nach féidir teacht ar aon chonclúid chríochnaitheach maidir le sláinte an duine i dtaca le hiarmhair substainte.

7. I gcás ina meastar go bhfuil gá leis le haghaidh sláinte an duine a chosaint, folóidh an rangú coinníollacha agus srianta maidir le húsáid nó forchur substainte atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de a úsáidtear i dtáirgí míochaine tréidliachta atá faoi réir uasteorann iarmhar, nó nach bhfuil aon uasteorainn iarmhar socraithe di.

Airteagal 14 Nós Imeachta

1. Chun críche an rangaithe dá bhforáiltear in Airteagal 13, déanfaidh an Coimisiún Dréacht- rialachán a ullmhú laistigh de 30 lá tar éis dó tuairim na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagail 4, 9(1) nó 10 a fháil. Déanfaidh an Coimisiún Dréacht-rialachán a ullmhú laistigh de 30 lá taréis toradh vóta an Chomhphobail i bhfabhar bunú uasteorainn iarmhar sa Codex Alimentarius dá dtagraítear in Airteagal 13(3) a fháil.

I gcás nach bhfuil an Dréachtrialachán de réir na tuairime ón nGníomhaireacht, déanfaidh an Coimisiún mionmhíniú a sholáthar ar na cúiseanna leis na difir.

2. Déanfaidh an Coimisiún an Rialachán dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh de réir, agus laistigh de 30 lá tar éis deireadh an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

Airteagal 15 Modhanna Anailíse

Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na saotharlanna tagartha Comhphobail le haghaidh anailíse saotharlainne iarmhar arna n-ainmniú ag an gCoimisiún de réir Rialachán (CE) Uimh. 822/2004, maidir le modhanna anailíse iomchuí chun iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de a bhrath ar cinneadh uasteorainneacha iarmhar dóibh de réir Airteagal 13. Soláthróidh an Ghníomhaireacht na modhanna sin do na saotharlanna tagartha Comhphobail agus do na saotharlanna tagartha náisiúnta arna n-ainmniú de réir Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

Airteagal 16 Cursaíocht earraí bia

Ní fhéadfaidh Ballstáit allmhairiú nó cur ar an margadh bia de bhunadh ainmhíoch a thoirmeasc ar fhorais a bhaineann le huasteorainneacha iarmhar sa chás go ndearnadh forálacha an Rialacháin seo agus a bhearta feidhmiúcháin a chomhlíonadh.

TEIDEAL IIIPOINTÍ TAGARTHA LE HAGHAIDH GNÍOMHAÍOCHTA

Airteagal 17 Bunú agus athbhreithniú

1. Nuair is iomchuí chun feidhmiú na rialuithe ar bhia de bhunadh ainmhíoch a allmhairíodh nó a cuireadh ar an margadh a áirithiú, de réir Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, féadfaidh an Coimisiún pointí tagartha a bhunú le haghaidh gníomhaíochta i dtaca le hiarmhair ó shubstaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de nach bhfuil faoi réir rangú de réir Airteagal 13(2)(a), (b) nó (c).

Déanfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 21(3).

Déanfar na pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta a athbhreithniú go rialta i bhfianaise an dul chun cinn teicneolaíochta.

Airteagal 18Modhanna chun pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta a bhunú

1. Beidh na pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta bunaithe ar inneachar anailíte i sampla, ar féidir a bhrath agus a dhaingniú trí rialú tagartha a d'ainmnigh na saotharlanna de réir Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 le modh anailíseach arna bhailíochtú de réir ceanglas Comhphobail. I dtaca le seo, cuirfidh an tsaotharlann tagartha Chomhphobail ábhartha comhairle ar an gCoimisiún maidir le feidhmiú modhanna anailíseacha.

2. Féadfaidh an Coimisiún, iarraidh a chur ar aghaidh chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia le haghaidh measúnú riosca i gcás cé acu ar leordhóthanach chun sláinte an duine a chosaint iad na pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta. Sna cásanna sin déanfaidh an tÚdarás um Shábháilteacht Bia a áirithiú go dtugtar an tuairim laistigh de 210 lá tar éis an iarraidh a fháil.

3. Tabharfaidh an measúnú riosca san áireamh na rialacha arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhairle leis an Údarás um Shábháilteacht Bia.

Déanfar na rialacha sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 21(3).

Airteagal 19Ranníoc an Chomhphobail leis na bearta tacaíochta i dtaca le pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta

Má cheanglaítear le cur chun feidhme an Teidil seo go maoineoidh an Comhphobal bearta i dtacaíocht le bunú agus feidhmiú na bpointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta, beidh Airteagal 66(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 infheidhme.

TEIDEAL IV FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 20 Buanchoiste ar Tháirgí Míochaine Tréidliachta

1. Beidh cúnamh le fáil ag an gCoimisiún ón mBuanchoiste ar Tháirgí MíochaineTréidliachta.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE infheidhme, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh Airteagail 5a(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE infheidhme, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 21 An Buanchoiste ar an mBiashlabhra agus ar Shláinte Ainmhithe

1. Beidh cúnamh le fáil ag an gCoimisiún ón mBuanchoiste ar an mBiashlabhra agus ar Shláinte Ainmhithe.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE infheidhme, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh Airteagail 5a(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE infheidhme, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 22 Rangú substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90

Laistigh de [60] lá tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún a ghlacadh, de réir an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2), Rialachán ina bhfuil na substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de agus a rangú maidir le huasteorainneacha iarmhar de réir Iarscríbhinní I, II, III agus IV de Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90.

Airteagal 23 Aisghairm

1. Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90.

Leanfaidh Iarscríbhinní I, II, III agus IV den Rialachán a aisghaireadh d'fheidhm a bheith acu go dtí teacht i bhfeidhm an Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 22. Leanfaidh Iarscríbhinn V den Rialachán a aisghaireadh d'fheidhm a bheith aici go dtí teacht i bhfeidhm an Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 12(1).

Déanfar tagairtí don Rialachán a aisghaireadh a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus don Rialachán dá dtagraítear in Airteagal 22.

Airteagal 24 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

AN RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

TEIDEAL AN GHNÍMH: Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail ag bunú teorainneacha iarmhar do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de in earraí bia de bhunadh ainmhíoch, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90

Réimse(í) beartais: Margadh Inmheánach (Airteagal 95 TEC).

Gníomhaíoch(t/taí): Baineann an togra leis na beartais seo a leanas:

- Athbhreithniú ar acquis cógaisíochta an Chomhphobail maidir le hiarmhair tháirgí míochaine tréidliachta

- Sláinte phoiblí

- Margadh inmheánach

1. LÍNE(TE) BUISÉADACH(A) + CEANNTEIDEAL(IL)

02.030201– An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach — Fóirdheontas faoi Theidil 1 agus 2

02.030202 – An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach - Fóirdheontas faoi Theideal 3

2. FIGIÚIRÍ FORIOMLÁNA

2.1. Leithroinn iomlán le haghaidh gnímh (Cuid B): 0€ milliún faoi chomhair oibleagáide

Ioncaim: Ní féidir bheith cinnte faoi iarmhairt airgeadais an togra atá molta ar ioncaim. Le méadú ar na hiarratais ar údaruithe táirgí míochaine tréidliachta d'fhéadfadh go mbeadh méadú ar ioncaim ó tháillí le haghaidh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí.

Caiteachas: Ní dhéanfaidh an t-athbhreithniú beartaithe aon athrú ar an bprionsabal, gurb iad an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (GLE) agus an Coimisiún a oibríonn córas na dteorainneacha iarmhar. Beidh gá le measúnuithe eolaíocha breise le haghaidh teorainneacha iarmhar chun críocha rialaithe cé go mbeidh níos lú measúnuithe de thoradh shocrú na dteorainneacha a bheith á thógáil idir lámha ag an Codex alimentarius agus de thoradh riachtanas eachtarshuímh. I dtéarmaí foriomlána beidh iarmhairt an-teoranta ag an athbhreithniú ar acmhainní nach féidir a chainníochtú.

2.2. Tréimhse feidhme:

Is í an toimhde atá ann ná go mbeadh an togra atá molta infheidhme ó dheireadh 2009.

2.3. Meastachán caiteachais ilbhliantúil foriomlán:

Costais le haghaidh an Choimisiúin: Costas ar bith.

Costais le haghaidh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (GLE): Neamhbhríoch nó costas ar bith.

2.4. Comhoiriúnacht leis an gclárú airgeadais agus leis an bpeirspictíocht airgeadais

[X] Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana.

2.5. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam:

[X] Tá iarmhairt airgeadais neamhbhríoch ag an togra

3. SAINTRÉITHE BUISÉADACHA

Saghas caiteachais | Nua | Ranníoc CSTE (EFTA) | Ranníoc na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais |

4. BUNÚS DLÍ

- Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh – Airteagail 37, agus 152(4)(b)

5. CUR SÍOS AGUS FORAIS

5.1. Riachtanas le hidirghabháil Comhphobail

Tagann an gá le hathbhreithniú ó thaithí leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana le haghaidh teorainneacha iarmhar, a bhfuil forálacha an-chasta atá deacair a léamh agus a thuiscint agus ganntanas leigheasra tréidliachta do bhia-ainmhithe mar thoradh air. Dá bhrí sin is iad cuspóirí sonracha an togra ná:

- Infhaighteacht táirgí míochaine tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe a fheabhsú;

- An reachtaíocht atá ann cheana a shimpliú;

- Tagairtí soiléire a chur ar fáil le haghaidh rialaithe substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de i mbia;

- Comhsheasmhacht le caighdeáin idirnáisiúnta a áirithiú.

5.2. Gníomh atá beartaithe agus socruithe idirghabhála buiséid

Is féidir na torthaí a bhfuiltear ag súil leo a thomhas i dtéarmaí:

- Líon na n-údaruithe margaíochta le haghaidh táirgí míochaine tréidliachta

5.3. Modhanna don chur i gcrích

Bainistíocht Láraithe, go díreach ag an gCoimisiún agus go hindíreach ag toscaireacht do chomhlacht arna bhunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais (GLE). Daingníonn an togra atá molta an nós imeachta dhá chéim le haghaidh socrú teorainneacha iarmhar: céad chéim (céim an mheasúnaithe eolaíoch) arna seoladh ag an GLE agus dara céim (céim na cinnteoireachta) arna seoladh ag an gCoimisiún.

6. IARMHAIRT AIRGEADAIS

Féach alt 2.

7. IAARMHAIRT AR CHAITEACHAS FOIRNE AGUS RIARACHÁIN

Féach alt 2.

8. SOCRUITHE LEANTACHA AGUS MEASÚNÚ

8.1. Socruithe leantacha

Déanann Airteagail 67, 68, 69 agus 70 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 forálacha a leagan síos le haghaidh ullmhú, forghníomhú, faireachán agus tuairisciú bliantúil bhuiséad GLE, lena n-áirítear costais a thig ó mheasúnú, ó mhaoirseacht agus ó fhorairdeall iar-údaraithe táirgí leigheasra. Dá bhrí sin, déanfar sonraí faireacháin leordhóthanacha maidir le hioncaim ó tháillí faoin togra atá molta a bhailiú i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na n-Airteagal seo.

8.2. Socruithe agus sceideal le haghaidh an mheasúnaithe atá beartaithe

4 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún an taithí a fuarthas de thoradh oibríocht an athbhreithnithe ar an gcóras ag bunú uasteorainneachta iarmhar a mheasúnú, agus aireofar anseo mionsonruithe arna gcur ar bun faoina fhorálacha cur chun feidhme.

9. BEARTA FRITH-CHALAOISE

Tá meicníochtaí agus nósanna imeachta sonracha rialaithe buiséid ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach. Déanann an Bord Bainistíochta, ina bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ón bParlaimint, an buiséad (Airteagal 66(f) de Rialachán(CE) Uimh.726/2004) a ghlacadh, chomh maith le forálacha airgeadais inmheánacha (Airteagal 66(g). Déanann an Chúirt Inniúchóirí Eorpach scrúdú ar fhorghníomhú an bhuiséid gach bliain (Airteagal 68.3).

Maidir le calaois, le héilliú agus aon le haon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile, beidh feidhm ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1099 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OEFC) ar an GLE gan srian. Thairis sin, rinneadh cinneadh maidir le comhar le OEFC a ghlacadh cheana féin an 1 Meitheamh 1999 ((EMEA/D/15007/99).

Ar deireadh, tacaíonn an Córas Bainistíochta Cáilíochta arna chur i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht le athbhreithniú leanúnach, a bhfuil sé d'aidhm aige a áirithiú go gcloítear le nósanna imeachta cearta agus go bhfuil na nósanna imeachta agus beartais seo ábhartha agus éifeachtach. Déantar go leor iniúchtaí a sheoladh gach bliain mar chuid den phróiseas seo.

[1] IO C […], […], lch. […].

[2] IO C […], […], lch. […].

[3] IO C […], […], lch. […].

[4] IO C […], […], lch. […].

[5] IO L 224, 18.8.1990, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2006 ón gCoimisiún (IO L 354, 14.12.2006, lch. 5).

[6] IO L 311, 28.11.2001, lch. 1. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Treoir 2004/28/CE (IO L 136, 30.4.2004, lch. 58)

[7] IO L 125, 23.5.1996, lch. 3. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Treoir 2003/74/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 262, 14.10.2003, lch. 17).

[8] IO L 37, 13.2.1993, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach ag Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[9] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 ón gCoimisiún (IO L 100, 8.4.2006, lch. 3).

[10] IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach ag Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 (IO L 139, 30.4.2004, lch. 206).

[11] IO L 136, 30.4.2006, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 (IO L 378, 27.12.2006, lch. 1).

[12] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).