52007PC0090

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na heorpa agus ón Gcomhairle lena leasaítear Rialachán Uimh. 11 maidir le díothú idirdhealaithe i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79(3) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláinteachas earraí bia {SEC(2007) 301} {SEC(2007) 302} {SEC(2007) 303} {SEC(2007) 304} /* COM/2007/0090 leagan deireanach - COD 2007/0037 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 6.3.2007

COIM(2007) 90 leagan deireanach

2007/0037 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán Uimh. 11 maidir le díothú idirdhealaithe i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79(3) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláinteachas earraí bia {SEC(2007) 301}{SEC(2007) 302}{SEC(2007) 303}{SEC(2007) 304}

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

- Forais agus cuspóirí an togra

Rinneadh cuid mhór de reachtaíocht an AE a thionscnamh chun teipeanna margaidh a cheartú agus chun cothromú pháirc na himeartha a chinntiú. Níorbh fhéidir na spriocanna seo a chur i gcrích ach amháin trí oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais chun faisnéis a sholáthar agus cur i bhfeidhm na reachtaíochta a thuairisciú.

Le himeacht ama, tá cuid de na nósanna imeachta seo ag éirí am-íditheach nó tá said dulta as feidhm. Cuireann na hualaigh riaracháin seo nach gá leo bac ar ghníomhaíocht eacnamaíochta agus tá drochthionchar acu ar iomaíochas fiontar Eorpach.

Tá an Coimisiún tiomanta do na hualaigh seo nach bhfuil gá leo a laghdú chomh fada agus is féidir. Seo cuid den straitéis Rialaithe níos Fearr agus tá sé fíor-riachtanach chun ár spriocanna "Liospóin" a chur i gcrích maidir le tuilleadh foráis agus post.

- Comhthéacs ginearálta

An 14 Samhain 2006, thíolaic an Coimisiún Athbhreithniú Straitéiseach ar Rialú níos Fearr san Aontas Eorpach (COM) (2006) 689), lena n-áirítear togra le haghaidh sprice chun ualaigh riaracháin ar ghnóthais a laghdú de 25% faoi 2012.

Rinneadh deich dtogra le haghaidh "gníomhaíochta mire" a aithint as a aithle sin, sa Chlár Gníomhaíochta chun ualaigh riaracháin a laghdú san AE (COM) (2007) 23), bunaithe ar chomhairliúchán leathan le geallshealbhóirí agus moltaí ó Bhallstáit agus saineolaithe Coimisiúin. Is í an aidhm atá ag na "gníomhaíochtaí meara" ná laghdú suntasach na n-ualach riaracháin ar ghnóthais trí mhionathruithe reachtaíochta gan dúshlán a thabhairt don leibhéal cosanta ná do chuspóir bunúsach na reachtaíochta.

Baineann ceann de na tograí "gníomhaíochta mire" le Rialachán Uimh. 11 maidir le díothú idirdhealaithe i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79(3) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Tá sé beartaithe ceanglais atá imithe i léig a scriosadh agus ceanglais áirithe a mhodhnú chun ualaigh riaracháin ar ghnóthais a íoslaghdú. D'iarr Airteagal 5 go háirithe ar ghnóthais iompair (agus ar rialtais Bhallstáit chomh maith) faisnéis a sholáthar ar tharaifí, rátaí agus coinníollacha iompair roimh an 1 Iúil 1961. Is féidir an t-Airteagal seo a scriosadh anois ó tá na ceanglais faisnéise a forchuireadh ar ghnóthais iompair as dáta. Ceanglaítear le hAirteagal 6(1) den Rialachán doiciméad iompair ina bhfuil roinnt eilimintí faisnéise maidir leis an gcoinsíneoir, an cineál earraí a iompraítear, an áit as a dtagann siad agus a gceann scríbe chomh maith leis an mbealach le tógail nó an t-achar le taisteal, lena n-áirítear pointí trasnála teorainne más cuí. De bhrí nach bhfuil na heilimintí deiridh i.e. an bealach le tógail nó an t-achar le taisteal agus pointí trasnála teorainne nuair is iomchuí éigeantach níos mó chun cuspóirí an Rialacháin a chur i gcrích, is féidir iad a scriosadh. Leis an tríú habairt d'Airteagal 6(2) ceanglaítear ar an gcarraeir cóip a choimeád ag taispeáint na muirir iomlána deiridh agus aon mhuirir eile agus aon lacáistí nó fhactóirí eile a bhfuil tionchar acu ar rátaí agus coinníollacha iompair. Is féidir an abairt seo a scriosadh mar sa lá atá inniu ann tá an fhaisnéis seo ar fáil i gcórais chuntasóireachta na gcarraeirí ar aon nós agus níl aon ghá do na carraeirí mar sin doiciméad eile a chomhlánú agus a choimeád níos mó. Beidh tagairt fhollasach do nótaí coinsíneachta in Airteagal 6(3), a bhfuiltear i dtaithí orthu agus a úsáidtear go minic san earnáil iompair intíre. Déanann an tagairt seo deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh gnóthais iompair a fheabhsú mar go soiléiríonn sé go bhfuil na nótaí coinsíneachta seo, má tá na sonraí go léir a cheanglaítear leis an gcéad mhír d'Airteagal 6(1) iontu, leordhóthanach.

Baineann "gníomhaíocht mhear" eile le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláinteachas earraí bia. Is í an aidhm ná díolúine a thabhairt do ghnólachtaí beaga bia atá in ann sláinteachas bia a stiúradh díreach trí cheanglais eile Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chur i bhfeidhm, ón gceanglas nós imeachta nó nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail Pointí Criticiúla Rialaithe Anailíse Guaise ("PCRAG") a chur ar bun, a chur i bhfeidhm nó a chothabháil. Tá feidhm ag an díolúine seo ar mhicreaghnóthais[1] atá ag díol bia don tomhaltóir deiridh go príomha. Tá níos lú ná deichniúr fostaithe ag na gnóthais seo agus láimhdeachas nó clár comhardaithe bliantúil iomlán de EUR 2 mhilliún nó níos lú acu. Ní bheidh feidhm ag an díolúine ar ollmhargaí móra ná ar shaincheadúnóirí sraitheanna ollmhargaí.

- Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Is iad na forálacha atá ann cheana a táthar ag iarraidh a mhodhnú leis an togra seo ná Airteagail 5 agus 6 de Rialachán 11 maidir le díothú idirdhealaithe i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79(3) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláinteachas earraí bia.

2. COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara |

- Modhanna comhairliúcháin

I gClár Gníomhaíochta an 24 Eanáir 2007, thíolaic an Coimisiún deich dtogra choincréiteacha le haghaidh "gníomhaíochtaí meara". Bhí na tograí seo bunaithe ar chomhairliúcháin le saineolaithe agus go háirithe ar threoirthionscadal ag déanamh comparáide idir tomhais bhonnlíne ualach riaracháin i bPoblacht na Seice, sa Danmhairg, san Ísiltír agus sa Ríocht Aontaithe i 2006.

Bhain ceann de na "gníomhaíochtaí meara" seo leis an earnáil iompair agus mhol sí "oibleagáidí áirithe maidir le soláthar staidrimh iompair a mhaolú". Ceanglaítear le Rialachán Uimh. 11 a bhaineann le díothú idirdhealaithe i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79(3) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, ar charraeirí doiciméad iompair a bheith ina sealbh ag sonrú achar inter alia, bealaí agus pointí trasnála teorainne

Bhain "gníomhaíocht mhear" eile le sláinteachas bia, ag moladh "díolúine a thabhairt do ghnóthais bheaga ó cheanglais áirithe PCRAG (Pointí Criticiúla Rialaithe Anailíse Guaise)". Ceanglaítear le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 852/20004 ar na hoibreoirí gnóthas bia go léir nós imeachta bunaithe ar an PCRAG (Pointe Criticiúil Rialaithe Anailíse Guaise) a chur ar bun, a chur i bhfeidhm agus a chothabháil.

Achoimre ar na Freagraí

Tá saineolaithe agus lucht tionscail tar éis a n-imní a chur in iúl maidir leis na ceanglais seo ó 1960 i Rialachán Uimh. 11 a bheith as dáta san earnáil iompair atá an-léirscaoilte. Tá airteagail áirithe imithe i léig agus cuireann ceanglais eile ualach nach gá ar ghnóthais.

Chuir ionadaithe ó ghnóthais bheaga a n-imní in iúl maidir le cur chun feidhme ginearálta an chórais PCRAG sna gnóthais bhia go léir. D'ainneoin na solúbthachta a tionscnaíodh sa Rialachán, iarradh soiléiriú. Tá an Coimisiún tar éis sraith cruinnithe a thionól le saineolaithe ó na Ballstáit. Sa bhreis ar sin, agus ar mhaithe le trédhearcacht, tá an Coimisiún tar éis plé le geallshealbhóirí a chur chun cinn ionas go mbeadh ar chumas leasanna difriúla socheacnamaíochta tuairim a chur in iúl. Chuige seo, socraíodh cruinniú le hionadaithe ó thairgeoirí, ó thionscal, ó thráchtáil agus ó thomhaltóirí chun saincheistanna a phlé a bhaineann le cur chun feidhme nósanna imeachta atá bunaithe ar PCRAG agus le solúbthacht PCRAG. Tá torthaí na bpléití seo leagtha síos i dtreoirdhoiciméad arna cheadú ag an mBuanchoiste um Biashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe agus arna fhoilsiú ag:

http://ec.europa.eu/food/food/biosafety/hygienelegislation/guidance_doc_haccp_en.pdf

Toisc go mbeadh iarmhairt shuntasach ar GBM le cur chun feidhme dian na gceanglas PCRAG agus toisc gur féidir le gnóthais áirithe an leibhéal céanna cosanta sláinteachais a chur ar fáil trí cheanglais eile Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chur chun feidhme, gan gá le nósanna imeachta PCRAG ina n-iomláine a chur chun feidhme agus in ainneoin treoirdhoiciméid ag míniú cé chomh fada agus is féidir an tsolúbthacht a chur i bhfeidhm maidir le PCRAG, tá gá le díolúine do ghnóthais áirithe ó na ceanglais PCRAG go léir. Ní mór a chur san áireamh áfach nach mbeidh feidhm ag an díolúine ar ghnóthais a bhfuil pobal leathan acu. Ba cheart dá bhrí sin an díolúine a theorannú do ghnóthais le níos lú ná 10 fostaithe ar féidir a rangú mar mhicreaghnóthais de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2006 maidir le sainmhíniú micreaghnóthas, gnóthas beag agus meánmhéide.

- Measúnú iarmharta

Rinne an measúnú iarmharta maidir le Rialachán Uimh. 11 dhá rogha a mheas:

Rogha 1 Gan beartas a athrú.

Rogha 2 Ag díothú na hoibleagáide chun faisnéis ar bhealaí, achair, rátaí agus coinníollacha iompair a sholáthar, agus ag ceadú úsáide nótaí coinsíneachta chun faisnéis a sholáthar ar na ceanglais atá fágtha a bhaineann leis an doiciméad iompair reatha.

Ba rogha 2 an rogha ah fhearr mar go bhforáiltear leis do laghdú ar ualaigh riaracháin nach gá ach do leanúint leis an leibhéal céanna faisnéise fíor-riachtanaí a bheith ar fáil.

Rinne an measúnú iarmharta maidir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 trí rogha a mheas:

Rogha 1 Gan beartas a athrú.

Rogha 2 Ag tabhairt díolúine do ghnóthais áirithe ó cheanglais PCRAG.

Rogha 3 Díothú nósanna imeachta PCRAG le haghaidh na ngnóthas uile.

Ba rogha 2 an rogha ab fhearr mar thug sé comhmheá maith idir na hualaigh riaracháin ar ghnóthais a laghdú agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a choimeád.

3. GNÉITHE DLÍTHIÚLA DEN TOGRA

- Achoimre ar an ngníomh beartaithe

Ba í aidhm an ghnímh maidir le Rialachán Uimh. 11 ná na hualaigh riaracháin ar ghnóthais iompair a laghdú trí dheireadh a chur le ceanglais doiciméadeachta maidir leis an mbealach le tógáil, an t-achar le taisteal, pointí trasnála teorainne srl. atá as dáta.

Is í aidhm na ngníomhaíochtaí maidir le ceanglais PCRAG ná leasú a thionscnamh do Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 lena n-eisítear micreaghnóthais ón gceanglas nós imeachta buan nó nósanna imeachta buana bunaithe ar phrionsabail PCRAG a chur ar bun, a chur i bhfeidhm ná a chothabháil. Tá feidhm ag an díolúine seo ar mhicreaghnóthais atá ag díol bia don tomhaltóir deiridh go príomha.

- Bunús dlíthiúil

Tá bunús dlí na gníomhaíochta Comhphobail i réimse an iompair leagtha síos in Airteagal 75 de Chonradh CE, agus tá bunús dlí na gníomhaíochta Comhphobail i réimse an tsláinteachais bia leagtha síos in Airteagail 95 agus 152(4)(b) de Chonradh CE.

- Prionsabal na coimhdeachta

Ní bheadh gníomhaíocht ó na Ballstáit leordhóthanach chun ualaigh riaracháin sna réimsí seo a laghdú mar rinneadh ceanglais faisnéise a fhorchur ar ghnóthais iompair agus ar ghnóthais bhia trí Rialacháin CE. Ní féidir laghdú a chur i gcrích ach amháin trí mhodhnuithe ar na Rialacháin lena mbaineann ag leibhéal an Aontais Eorpaigh. |

Cinnteoidh gníomhaíocht AE gur féidir le gnóthais iompair agus gnóthais bhia Eorpacha uile lena mbaineann leas a bhaint as na laghduithe seo ar ualaigh riaracháin. |

Comhlíonann an togra dá bhrí sin prionsabal na coimhdeachta. |

- Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an(na) gcúis(eanna) seo a leanas.

Ní féidir an cuspóir maidir le laghdú na n-ualach riaracháin de bharr ceanglas faisnéise arna bhforchur ag Rialachán Uimh. 11 agus Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chur i gcrích ach trí na Rialacháin seo a mhodhnú, rud nach féidir a dhéanamh ach trí hionstraim dlí CE ceangailteach den leibhéal céanna, i.e. Rialachán. Tá sé seo i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta atá in Airteagal 5 de Chonradh CE

Cinntítear leis an togra seo go n-íoslaghdaítear na hualaigh riaracháin atá ar ghnóthais iompair agus ar ghnóthais bheaga bhia de bharr ceanglas faisnéise atá i Rialachán Uimh. 11 agus Rialachán (CE) Uimh. 852/2004.

- Rogha ionstraimí

Ionstraimí atá molta: Rialachán.

Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an(na) gcúis(eanna) seo a leanas:

Ní féidir an cuspóir maidir le laghdú na n-ualach riaracháin de bharr ceanglas faisnéise arna bhforchur ag Rialachán Uimh. 11 agus Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chur i gcrích ach trí na Rialacháin seo a mhodhnú, rud nach féidir a dhéanamh ach trí hionstraim dlí CE ceangailteach den chineál agus den leibhéal céanna, Rialachán.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl impleacht ar bith ag an togra le haghaidh bhuiséad an Chomhphobail.

5. BREIS EOLAIS

- Simpliú

Foráiltear sa togra do shimpliú nósanna imeachta riaracháin do pháirtithe príobháideacha.

Déanfar simpliú ar an nós imeachta riaracháin atá le leanúint ag gnóthais iompair sa chiall go ndéanfar cuid de na ceanglais doiciméadachta nach bhfuil fíor-riachtanach maidir leis an mbealach le tógáil, an t-achar le taisteal agus pointí trasnála teorainne, a dhíchur. Déanfar na nósanna imeachta riaracháin do na gnóthais bheaga bhia atá in ann sláinteachas bia a stiúradh díreach trí cheanglais eile Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chur i bhfeidhm, a shimpliú mar go mbeidh díolúine ag micreaghnóthais a dhíolann bia go díreach le tomhaltóirí go príomha, ón gceanglas nós imeachta buan nó nósanna imeachta buana bunaithe ar na prionsabail PCRAG a chur ar bun, a chur i bhfeidhm agus a chothabháil.

- Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Baineann an gníomh beartaithe le hábhar LEE agus dá bhrí sin ba cheart go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

2007/0037 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán Uimh. 11 maidir le díothú idirdhealaithe i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79(3) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláinteachas earraí bia

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 75(3), Airteagal 95 agus Airteagal 152(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[2],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[3],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[4],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos in Airteagal 251 den Chonradh[5],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Le beartais Chomhphobail ar Rialú níos Fearr, go háirithe an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: "Athbhreithniú straitéiseach ar Rialú níos Fearr san Aontas Eorpach"[6] agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, Parlaimint na hEorpa, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún: "Clár Gníomhaíochta i leith Laghdú Ualach Riaracháin san Aontas Eorpach"[7], cuirtear béim ar thábhacht na n-ualach riaracháin arna bhforchur ar ghnóthais ag an reachtaíocht atá ann a laghdú mar eilimint fhíor-riachtanach i bhfeabhsú a n-iomaíochais agus chun cuspóirí chlár oibre Liospóin a chur i gcrích.

(2) Tá na rialacha Comhphobail a cheanglaítear faoi Airteagal 75 de Chonradh CE chun foirmeacha áirithe idirdhealaithe a dhíothú, i dtaca le hiompar intíre laistigh den Chomhphobal, leagtha síos i Rialachán Uimh. 11[8]. Ar mhaithe le hualaigh riaracháin ar ghnóthais a laghdú ba cheart an Rialachán sin a shimpliú trí cheanglais atá as dáta agus nach bhfuil gá leo a dhíchur, ach go háirithe an ceanglas maidir le faisnéis áirithe a choimeád ar pháipéar atá, de bharr dul chun cinn teicniúil, ar fáil anois i gcórais chuntasóireachta na gcarraeirí.

(3) Ceanglaítear le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004[9] ar na hoibreoirí gnóthas bia go léir nós imeachta bunaithe ar an PCRAG (Pointe Criticiúil Rialaithe Anailíse Guaise) a chur ar bun, a chur i bhfeidhm agus a chothabháil.

(4) Léiríonn taithí gur féidir i ngnóthais bhia áirithe sláinteachas bia a chinntiú trí chur i bhfeidhm ceart na gceanglas sláinteachais bia arna leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 gan dul ar iontaoibh an chórais PCRAG. Is iad na gnóthais atá i gceist ach go háirithe ná gnóthais bheaga go príomha ag díol go díreach leis an tomhaltóir deiridh, cosúil le siopaí báicéireachta agus búistéireachta, grósaeirí, stainníní margaidh, bialanna agus beáir, ar micreaghnóthais iad de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le sainmhíniú ar mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus meánmhéide[10].

(5) Tá sé iomchuí dá bhrí sin i gcás na gnóthas sin díolúine a chur ar fáil ó cheanglas Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, ach bheith tuigthe go gcaithfidh siad ceanglais go léir eile an Rialacháin sin a chomhlíonadh.

(6) Toisc go bhfuil sé de chuspóir coiteann ag leasú Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus Rialachán Uimh. 11 ualaigh riaracháin ar ghnóthais a laghdú, gan aidhm bhunúsach na Rialachán sin a athrú, tá sé iomchuí na leasuithe seo a chur le chéile in aon Rialachán amháin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear mar a leanas Rialachán Uimh. 11:

(1) Déantar Airteagal 5 a scriosadh.

(2) Leasaítear mar a leanas Airteagal 6:

(a) I mír (1) déantar an cúigiú agus an séú fleasc a scriosadh;

(b) I mír (2), déantar an tríú habairt a scriosadh.

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (3):

"3. Áit a dtugann doiciméid atá ann cheana cosúil le nótaí coinsíneachta nó aon doiciméad iompair eile na sonraí uile atá sonraithe i mír 1 agus go gcumasaíonn siad in éineacht le córais taifeadta agus chuntasóireachta na gcarraeirí, seiceáil iomlán a dhéanamh ar rátaí agus ar choinníollacha iompair, sa chaoi is go bhféadfar na foirmeacha idirdhealaithe dá dtagraítear in Airteagal 75(1) de Chonradh CE a dhíothú nó a sheachaint, ní cheanglaítear ar charraeirí doiciméid nua a thionscnamh"

Airteagal 2

In Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, cuirtear an abairt seo leanas leis:

"Gan dochar do cheanglais eile an Rialacháin seo, ní bheidh feidhm ag mír (1) maidir le gnóthais atá ina micreaghnóthais de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003[11] agus a mbaineann a ngníomhaíochtaí go príomha le díol díreach bia leis an tomhaltóir deiridh."

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] De réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le sainmhíniú ar mhicreaghnóthais, ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, C(2003) 1422 IO L 124/36.

[2] IO C […], […], lch. […].

[3] IO C […], […], lch. […].

[4] IO C […], […], lch. […].

[5] IO C […], […], lch. […].

[6] COM(2006) 689.

[7] COM(2007) 23.

[8] IO L 52, 16.8.1960, lch. 1121. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CEE) Uimh. 3626/84 (IO L 335, 22.12.1984, lch. 4).

[9] IO L 139, 30.4.2004, lch. 1; leagan ceartaithe in IO L 226, 25.6.2004, lch. 3.

[10] IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.

[11] IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.