DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Dréacht-thogra le haghaidh Rialacháin lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí
/* SWD/2012/0278 final */
| BG | ES | CS | DA | DE | ET | EL | EN | FR | GA | IT | LV | LT | HU | MT | NL | PL | PT | RO | SK | SL | FI | SV |
| html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html |
| doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc |
| Taispeáint dhátheangach: BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HU IT LT LV MT NL PL PT RO SK SL SV |
Séanadh: Ní dhéantar a cheangal leis an achoimre feidhmiúcháin seo ach na seirbhísí sin de chuid an Choimisiúin a bhí bainteach le hullmhú na hachoimre agus tá sí gan dochar d'fhoirm dheireanach aon chinnidh a dhéanfaidh an Coimisiún.
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN
ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR
a ghabhann leis an doiciméad
Dréacht-thogra le haghaidh Rialacháin lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí
1. Sainiú na Faidhbe
1.1. Cén fáth ar fadhb é cosc neamhéifeachtach ar atreorú ainhidríde aicéiti?
Is ceimiceáin iad réamhtheachtaithe drugaí a bhfuil raon leathan de chineálacha úsáide dlisteanacha acu, ach féadtar mí-úsáid a bhaint astu freisin chun drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha a mhonarú go haindleathach. Tá creat rialála ar leith curtha ar bun chun atreorú ó thráchtáil dhleathach go déantús aindleathach a chosc (ar an leibhéal idirnáisiúnta[1] agus ar leibhéal an AE[2] araon) agus chun idirbhearta amhrasacha a shainaithint.
Aithníodh go bhfuil cosc gan éifeacht ar atreorú ainhidríde aicéití, an príomh-réamhtheachtaí druga le haghaidh hearóin a tháirgeadh, ar an bpríomhfhadhb le blianta beaga anuas sa reachtaíocht faoin margadh inmheánach is infheidhme maidir le réamhtheachtaithe drugaí[3]. Déantar ainhidríd aicéiteach a atreoraítear ón trádáil dleathach san Eoraip a gháinneáil chuig an Afganastáin, an phríomhfhoinse domhanda hearóine, druga a n‑úsáidtear beagnach 20 % de san Eoraip léi féin.
Seo thíos léiriú amhairc ar bhunchúiseanna na faidhbe agus na hiarmhairtí atá léi:
AN CHÚIS || AN FHADHB || IARMHAIRTÍ DÍREACHA || IARMHAIRTÍ NEAMHDHÍREACHA
In 2008, rinneadh 241 tonna d'ainhidríd aicéiteach a urghabháil nó a stopadh san AE; ba leor an méid sin chun tuairim is 150–223 tona hearóine a tháirgeadh agus is ionann é sin agus thart ar 50 % den táirgeadh bliantúil hearóine san Afganastáin. Cé gur léiríodh i staitisticí in 2009‑2010 go bhfuil laghdú mór ar an ainhidríd aicéiteach a stopadh nó a urghabháladh san AE[4], tá imní ar go leor Ballstát agus ar an mBord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach (INCB) nach leor na meicníochtaí atá i Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le rialú táirgí AE.
1.2. Iad siúd a mbaineann sé leo
Baineann sé seo leis na Ballstáit ó thaobh gníomhaíochtaí forghníomhaithe a dhéanamh agus ó thaobh na costais sláinte a eascraíonn as úsáid hearóine freisin. Anuas air sin, tarraingíonn an choireacht a bhaineann le drugaí costais mhóra ar an bpobal.
Baineann sé le saoránaigh an AE ó thaobh an soláthar hearóine a tháirgtear leis an ainhidríd aicéiteach arna hatreorú agus ó thaobh na coireachta a bhaineann le drugaí freisin.
Maidir le cuideachtaí a bhíonn i mbun táirgthe nó trádála ainhidríde aicéití d'fhéadfadh atreorú ainhidríde aicéití (nó iarracht air) baint dóibh ag aon chéim de láimhseáil na substainte. Chomh maith lena gcuid áitribh agus próisis a dhaingniú le nach ndéanfar gadaíocht orthu, is gá dóibh a gcuid áitribh a chlárú leis na húdaráis agus ní mór dóibh a bheith ar an airdeall chun measúnú criticiúil a dhéanamh féachaint a fháil amach an bhfuil a gcuid custaiméirí ag baint úsáide as an tsubstaint don chuspóir dleathach a mhaítear amháin nó nach bhfuil[5]. Ní mór fógra a thabhairt do na húdaráis maidir le hidirbhearta a bhfuil amhras ina leith ann. Tá na hoibleagáidí ar úsáideoirí deiridh (nach gceannaíonn ainhidríd aicéiteach ach chun críocha táirgthe amháin) níos teoranta: ní gá dóibh clárú ach ní mór dóibh dearbhú custaiméara a sholáthar agus orduithe á gcur isteach acu.
2. Anailís ar choimhdeacht
Tá Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí bunaithe ar 114 den CFAE (Airteagal 95 den Chonradh ag Bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa roimhe seo). Socraíodh ceanglais choiteanna sa Rialachán maidir le faireachán agus rialú a dhéanamh ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí, lena n‑áirithiú go ndéanfar saorthrádáil dhleathach ar na ceimiceáin sin laistigh den AE. Cé go gcuireann Airteagal 10 den Rialachán ceangal ar na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh chun é a chur ar chumas na n‑údarás inniúil a gcuid dualgais rialaithe agus faireacháin a dhéanamh, ba ghá aon leasú ginearálta amháin ar an meicníocht rialaithe agus faireacháin a ghlacadh ar an leibhéal Eorpach sa chaoi nach gcuirfí bac míchuí ar thrádáil dhleathach réamhtheachtaithe drugaí laistigh den AE.
3. Cuspóirí
Cuspóirí ginearálta beartais
· Tacú leis an gcomhrac domhanda in aghaidh gáinneáil aindleathach drugaí. Tá tábhacht ag baint leis an gcosc ar atreorú réamhtheachtaithe drugaí arae tá sé ar cheann de na dóigheanna a gcomhlíonann an AE a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 12 de Choinbhinsiún 1988 na Náisiún Aontaithe..
· Feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh réamhtheachtaithe drugaí a áirithiú, trína áirithiú go mbeidh oibreoirí faoi réir rialacha comhchuibhithe laistigh den AE agus ag an am céanna ualach riaracháin gan chall ar fhiontair agus ar údaráis inniúla a sheachaint.
Cuspóirí sonracha beartais
· Cosc a chur ar iarrachtaí ar atreorú i margadh inmheánach an AE, rud a chuirfidh teorainn leis an méid ainhidríde aicéití atreoraithe a thionscnaítear san AE agus a úsáidtear chun drugaí aindleathacha, is é sin hearóin, a tháirgeadh.
· Saobhadh ar an margadh a sheachaint a eascraíonn as rialú nach bhfuil comhchuibithe ar réamhtheachtaithe drugaí laistigh den AE agus, ar an dóigh sin, teorainn a chur leis na costais a bhíonn ar oibreoirí a bhfuil baint acu le slabhra luacha na réamhtheachtaithe drugaí.
Cuspóirí beartais oibríochtúla
· Laghdú ar iarrachtaí ar atreorú agus ar urghabhálacha san AE
· Caighdeán rialuithe aonfhoirmeach, éifeachtach, éifeachtúil maidir le réamhtheachtaithe drugaí a thabhairt isteach ar fud mhargadh inmheánach an AE.
4. Roghanna beartais
Rogha 1: gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh: ní thiocfadh aon athrú ar reachtaíocht an AE (an rogha bhonnlíne)
Ní dhéanfar aon mhodhnú ar Rialachán (CE) Uimh. 273/2004. Leanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit de bheith ag féachaint le feabhas a chur ar chur chun feidhme na rialacha atá ann cheana. D'fhéadfadh na Ballstáit reachtaíocht náisiúnta bhreise a ghlacadh má mheastar gá a bheith léi i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán, faoi réir fógra a thabhairt agus grinnscrúdú i gcomhréir le Treoir 98/34/CE.
Rogha 2: oibleagáidí níos láidre maidir le tuairisciú
Dhéanfaí oibleagáidí maidir le tuairisciú a láidriú chun eolas na mBallstát a mhéadú sa chaoi is gurbh fhusa cigireachtaí agus gníomhaíochtaí forghníomhaithe a dhíriú. Tá dhá fho-rogha a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar leithligh nó le chéile: (a) an mhinicíocht a mhéadú agus (b) raon feidhme an tuairiscithe a leathnú.
Rogha 3: oibleagáidí níos láidre ar oibreoirí, ó thaobh dearbhuithe custaiméirí ó úsáideoirí deiridh
Ní bheadh cead ag oibreoirí substaintí sceidealaithe i gcatagóir 2 a sheachadadh ach amháin dá mbeadh an dearbhú custaiméara a fuarthas le hordú comhlánaithe ina iomláine agus dá bhfíoróidis go bhfuil fíorchúiseanna ag an úsáideoir deiridh an t‑ordú a chur isteach. Dá mba ghá é, bheadh ar oibreoirí iarraidh ar a gcuid údarás baint a bheith acu sa scéal. Chaithfí fíorú na faisnéise a dhoiciméadú. Lena chois sin, chaithfeadh cóip den dearbhú ón gcustaiméir a bheith ag gabháil leis na substaintí seachadta. D'fhéadfaí an rogha seo a atreisiú tríd an tairseach maidir le híosmhéideanna dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Rialachán a laghdú nó trína scrios. D'fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh idir dhá fho-rogha: bhainfeadh na hoibleagáidí le hainhidríd aicéiteach amháin (a) nó bhainfidís le gach substaint i gcatagóir 2 (b).
Rogha 4: ceangal a chur ar oibreoirí fógra a thabhairt do na húdaráis go tráthrialta maidir le húsáideoirí deiridh nua ar mhaithe lena bhfíorú
Bheadh ar oibreoirí a chuireann substaintí sceidealaithe i gcatagóir 2 ar an margadh fógra a thabhairt do na húdaráis go tráthrialta maidir le gach ordú ó úsáideoirí deiridh ar chustaiméirí den chéad uair iad, agus ní bheadh cead seachadta go dtí go dtoileodh na húdráis chuige. D'fhíoródh na húdaráis go mbeadh spreagadh dlisteanach ag an úsáideoir deiridh, trí chomhar leis na húdaráis i mBallstát eile dá mba ghá é. D'fhéadfaí an rogha seo a atreisiú tríd an tairseach maidir le híosmhéideanna dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Rialachán a laghdú nó trína scrios. D'fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh idir dhá fho-rogha: bhainfeadh na hoibleagáidí le hainhidríd aicéiteach amháin (a) nó bhainfidís le gach substaint i gcatagóir 2 (b).
Rogha 5: ceangal a leagan síos go mbeidh clárú de dhíth ar úsáideoirí deiridh agus ceanglais i leith clárú a atreisiú
Cheanglófaí ar úsáideoirí deiridh substaintí sceidealaithe de chatagóir 2 clárú a dhéanamh. Bheadh gá an chláruimhir a bheith san áireamh ar gach dearbhú custaiméara chun é a chur ar chumas na n‑oibreoirí a fhíorú go bhfuil gach ordú dlisteanach. Bheadh ar na húdaráis gnólachtaí na n‑úsáideoirí deiridh a fhíorú roimh an gclárú le go mbeidh dlisteanacht ag an gcláruimhir. Shonrófaí ceanglais agus coinníollacha níos mionsonraithe sa reachtaíocht Eorpach maidir le clárúchán úsáideoirí deiridh (agus oibreoirí go ginearálta) a dheonú, a dhiúltú agus a tharraingt siar. D'fhéadfaí an rogha seo a atreisiú tríd an tairseach maidir le híosmhéideanna dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Rialachán a laghdú nó trína scrios, agus/nó foráil a dhéanamh maidir le díolúintí do chatagóirí áirithe úsáideoirí deiridh, amhail ollscoileanna nó institiúidí taighde. D'fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh idir dhá fho-rogha: bhainfeadh na hoibleagáidí le hainhidríd aicéiteach amháin (a) nó bhainfidís le gach substaint i gcatagóir 2 (b).
Rogha 6: Ainhidríd aicéiteach a aistriú ó chatagóir 2 go catagóir 1
D'aistreofaí ainhidríd aicéiteach ó chatagóir 2 go catagóir 1, rud a d'fhágfadh go gur ghá dóibh siúd ar fad a mbeadh baint acu le trádáil agus le húsáid ainhidríde aicéití ceadúnas a fháil sula mbeadh ainhidríd aicéiteach ina seilbh acu nó sula gcuirfidís ar an margadh í, agus bheadh orthu cloí le gach ceanglas eile atá ar oibreoirí ceadúnaithe.
5. Measúnú tionchair
Rinneadh cainníochtú ar na costais ón méadú ar ualaí riaracháin faoi na roghanna difriúla agus tá achoimre orthu sa tábla comparáideach i roinn 6. Tá cur síos cáilíochtúil ar na tairbhí.
5.1. Rogha 1: gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh
Ní chuirfí aon ualach riaracháin breise ar fiontair ná ar údaráis inniúla ar an leibhéal Eorpach, ach d'fhéadfaí a bheith ag súil le méadú ar na hualaí riaracháin ar an leibhéal náisiúnta dá dtabharfadh na Ballstáit isteach bearta náisiúnta comhlántacha.
Maidir le chomh héifeachtach agus a bheadh an cosc ar atreorú, tá treocht anuas shoiléir le sonrú sna staitisticí is déanaí maidir le hurghabhálacha agus lastais a stopadh, rud a thugann le fios go bhfuil feabhas inbhraite tar éis teacht ar éifeachtacht na reachtaíochta atá ann faoi láthair atá ceaptha atreorú a chosc, mar thoradh ar na hiarrachtaí cur chun feidhme na rialacha a fheabhsú.
Os a choinne sin, bheadh na laigí a aithníodh i Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 fós ann – cé go bhféadfadh sé go laghdóidís le cur chun feidhme níos fearr. D'fhéadfadh sé go mbeadh Ballstáit fós faoin tuairim gur ghá bearta náisiúnta breise a ghlacadh chun an rialú a dhéantar ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí a atreisiú[6]. Bheadh sé sin ag teacht salach ar an gcuspóir an margadh inmheánach a chaomhnú. Ar deireadh, an cáineadh idirnáisiúnta a dhéantar ar an AE (cáineadh a dtagann roinnt Ballstát leis) á rá go bhfuil sé "neamhghníomhach" d'ainneoin na n‑éileamh ar rialú breise a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach, bheadh sé fós ann.
5.2. Rogha 2: oibleagáidí níos láidre maidir le tuairisciú
Maidir le chomh héifeachtach agus a bheadh an cosc ar atreorú, d'fhéadfadh údaráis inniúla a bheith ag súil le cur amach níos fearr a bheith acu ar na sreafaí trádála dleathaí. Seans go bhfágfadh sin gurbh fhusa patrúin trádála as an ngnáth a bhraith a thugann le fios go bhfuil atreorú ar siúl. Le go bhféadfaí sonraí trádála gach oibreora laistigh den AE a mheaitseáil, áfach, ba ghá méid an‑mhór sonraí a bhailiú agus ba ghá na sonraí sin a mheaitseáil thar theorainneacha inmheánacha an AE. D'fhéadfadh sé nach mbeadh fiú an cros‑seiceáil sin ar fud an AE éifeachtach toisc nach ndéantar atreorú ach ar 0.2 % den táirgeadh iomlán ainhidríde aicéití, agus dá bhrí sin, níl an cur chuige "seiceáiltear gach idirbheart" chomh dealraitheach céanna le gníomhaíochtaí saindhírithe bunaithe ar riosca.
D'fhéadfadh sé go mbeadh Ballstáit fós faoin tuairim gur ghá bearta náisiúnta breise a ghlacadh chun an rialú a dhéantar ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí a atreisiú. Bheadh sé sin ag teacht salach ar an gcuspóir ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint.
5.3. Rogha 3: oibleagáidí níos láidre ar oibreoirí, ó thaobh dearbhuithe custaiméirí ó úsáideoirí deiridh
Déantar idirdhealú idir dhá chás i ríomh na gcostas don rogha seo (tá sonraí orthu sin sa tábla forléargais i roinn 6). I gCás 1, is amhlaidh atá an scéal cheana féin nach mbíonn oibreoirí i mbun gnó ach le cliaint a bhfuil aithne acu orthu agus atá fíoraithe acu. Dá bhrí sin, mheasfaí gurbh ionann an phríomhoibleagáid faoi rogha 3, dearbhú an chustaiméara a fhíorú, agus 'gnó mar is gnách'. Ní bheadh aon chostais riaracháin bhreise ann ach an costas ar chóip den dearbhú custaiméara a sheoladh. Is féidir le hoibreoirí iad féin a gcuid custaiméirí a fhíorú, sa chaoi nach mbeadh aon chostais bhreise ar na húdaráis.
Faoi Chás 2, níl 30 % de na hoibreoirí ag gníomhú ar an mbealach is fearr fós agus dá bhrí sin bheadh orthu géarú ar a gcuid iarrachtaí. Lena chois sin, déantar talamh slán de go mbeadh ar na húdaráis thart ar 10 % de na dearbhuithe custaiméara uile a fhíorú, toisc nach féidir le hoibreoirí fíorú iomlán a dhéanamh iad féin.
Maidir le chomh héifeachtach agus a bheadh an cosc ar atreorú, mhéadódh rogha 3 freagracht na n‑oibreoirí as rogha a gcustaiméirí. Cé go mbíonn na fíoruithe is gá ar bun ag oibreoirí dícheallacha cheana féin, bheadh faireachas níos mó ar oibreoirí de thoradh an tsoiléirithe ar an téacs dlí agus mhéadófaí líon na gcásanna ina rachadh oibreoirí i dteagmháil lena gcuid údaráis freisin.
Is dócha go mbeadh na sochair don mhargadh inmheánach cosúil leo sin faoi rogha 1: d'fhéadfadh sé go mbeadh Ballstáit fós faoin tuairim gur ghá bearta náisiúnta breise a ghlacadh chun an rialú a dhéantar ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí a atreisiú, rud a dhéanfadh dochar don mhargadh inmheánach.
5.4. Rogha 4: ceangal a chur ar oibreoirí fógra a thabhairt do na húdaráis go tráthrialta maidir le húsáideoirí deiridh nua ar mhaithe lena bhfíorú
Maidir le chomh héifeachtach agus a bheadh an cosc ar atreorú, faoi rogha 4 dhíreofaí iarrachtaí na n‑oibreoirí ar chustaiméirí nua – go háirithe iad siúd a mhaíonn gur úsáideoirí deiridh iad nach bhfuil cláruimhir acu, rud a fhágann go mbíonn sé níos deacra a fhíorú an bhfuil fíorchúiseanna acu an t‑ordú a chur isteach. Ach dá gcaithfí fógra a thabhairt do na húdaráis go tráthrialta faoi gach cliaint nua, bheidís in ann gach fíorú oiriúnach a dhéanamh. Dá mba ghá é d'fhéadfaidís seachadadh a chosc nó faireachán a dhéanamh air, nó an dá rud. Maidir le freagracht a aistriú chuig na húdaráis, a bheadh ag déanamh an chinnidh dheiridh maidir le caidrimh fhéideartha nua ghnó, d'fhéadfadh sé a bheith ina fhrith-dhreasú ag oibreoirí a gcuid faireachais féin a dhéanamh.
Toisc go ndéanfaí an t‑eolas atá ag na húdaráis maidir le cuid de na húsáideoirí deiridh a mhéadú faoi rogha 4, is dócha go laghdódh sé sin an dóchúlacht go nglacfadh na Ballstáit bearta náisiúnta breise. D'fhéadfadh sé go mbeadh cuid acu faoin tuairim go bhfuil rogha 4 neamhleor fós, áfach, agus go nglacfaidís bearta rialaithe breise, rud a dhéanfadh dochar don mhargadh inmheánach.
5.5. Rogha 5: ceangal a leagan síos go mbeidh clárú de dhíth ar úsáideoirí deiridh agus ceanglais i leith clárú a atreisiú
Maidir le chomh héifeachtach agus a bheadh an cosc ar atreorú, chuirfí é ar chumas na mBallstát na fíorchúiseanna atá ag úsáideoirí deiridh a fhíorú sula gcuirfidís isteach a gcéad ordú dá mbeadh gá le clárú. D'fhágfadh sé sin go mbeadh sé níos éasca d'oibreoirí a gcuid custaiméirí a fhíorú siocair go mbeadh cláruimhir oifigiúil ar an dearbhú custaiméara.
Dhéanfaí an t‑eolas atá ag na húdaráis maidir le gach úsáideoir deiridh a mhéadú faoi rogha 5, agus laghdódh sé sin go mór an dóchúlacht go mbeadh na Ballstáit faoin tuairim gur ghá bearta náisiúnta breise a ghlacadh. Dá bhrí sin bheadh rogha 5 an‑éifeachtach maidir le caomhnú an mhargaidh inmheánaigh.
5.6. Rogha 6: Ainhidríd aicéiteach a aistriú ó chatagóir 2 go catagóir 1
Maidir le chomh héifeachtach agus a bheadh an cosc ar atreorú, táthar ag súil leis go mbeadh na sochair cosúil le socair rogha 5, nó níos fearr ná iad, toisc go dtiocfadh gach úsáideoir deiridh agus gach oibreoir ainhidríde aicéití faoin dianchóras ceadúnaithe arna rialú go díreach ag na húdaráis. Laghdódh sé sin go mór freisin an dóchúlacht go nglacfadh Ballstáit bearta náisiúnta breise; dá bhrí sin, bheadh rogha 6 an‑éifeacht maidir le caomhnú an mhargaidh inmheánaigh.
6. Comparáid idir na Roghanna.
Tá tiomsaithe i dTábla 1[7] an fhaisnéis maidir leis na sochair a bhfuiltear ag súil leo (i dtéarmaí a éifeachtúla atá siad na cuspóirí oibríochtúla a bhaint amach) agus na costais a bhaineann le gach ceann de na (fo-)roghanna.
Tá na cóimheasanna costais is tairbhe is fearr ag rogha 4a agus ag rogha 5a. Tá an scór is fearr ag rogha 4a ó thaobh costas iomlán ar údaráis agus ar chuideachtaí le chéile. Má dhéantar neamhaird ar na costais 'aonuaire' chun gach úsáideoir deiridh atá ann cheana a chlárú i rogha 5a, áfach, níl na difríochtaí maidir le costais leanúnacha bhliantúla chomh mór sin: níl rogha 5a chomh dian ar chuideachtaí, agus tá ualach níos lú ar na húdaráis faoi rogha 4a.
Chomh maith le costais bhliantúla níos ísle ar chuideachtaí, thug tromlach na mBallstát tacaíocht do rogha 5a i rith na gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara. Thairis sin, thabharfadh rogha 5a freagairt níos fearr ar an gcáineadh a dhéantar ar an leibhéal idirnáisiúnta, i.e. go bhfuil easpa rialú tráthrialta ar úsáideoirí deiridh ainhidríde aicéití san AE.
I bhfianaise na gcostas measartha íseal a bheadh le ceachtar den dá rogha i gcomparáid le luach margaidh foriomlán an táirgthe Eorpaigh d'ainhidríd aicéiteach, ní mheastar go mbeidh tionchar inbhraite ar iomaíochas an tionscail Eorpaigh[8].
Tábla 1: TÁBLA COMPARÁIDEACH COSTAS AGUS TAIRBHÍ
Rogha || Taribhí/Éifeachtúlacht || Costais ar chuideachtaí || Costais ar údaráis || Costais Iomlána
Cosc ar atreorú || Caomhnú an mharg. inmh.
1 || 0 || 0 || € 0 Baol go ndéanfaí ilroinnt ar an margadh || € 0 || € 0
2 || 2a || 0 || 0 || € 5.6 mill./bliain || € 1 mill./bliain || € 6.6 mill./bliain
|| 2b || 0 || 0 || € 1.5 mill./bliain || € 0.3 mill./bliain || € 1.8 mill./bliain
|| 2a+2b || 0 || 0 || € 11.4 mill./bliain || € 2.1 mill./bliain || € 12.5 mill./bliain
3 || 3a (ainhidríd aicéiteach amháin) || + || 0 || Cás 1 (100% gnó mar is gnách): Cás 2: (70 % gnó mar is gnách): || € 0.2 mill./bliain € 4.7 mill./bliain || Cás 1: (gan aon bhaint ag na húdaráis) Cás 2: (baint ag na húdaráis le 10 % de na cásanna) || € 0 € 0.2 mill./bliain || Cás 1: Cás 2: || € 0.2 mill./bliain € 4.9 mill./bliain
|| 3b || + || 0 || Cás 1: Cás 2: || € 1 mill./bliain € 26.3 mill./bliain || Cás 1: Cás 2: || € 0 € 1.2 mill./bliain || Cás 1: Cás 2: || € 1 mill./bliain € 27.5 mill./bliain
4 || 4a (ainhidríd aicéiteach amháin) || +[+] || ++ || € 0.04 mill./bliain || € 0.005 mill./bliain || € 0.05 mill./bliain
|| 4b || +[+] || ++ || € 0.5 mill./bliain || € 0.03 mill./bliain || € 0.53 mill./bliain
5 || 5a (ainhidríd aicéiteach amháin) || ++ || +++ || Cás Malart.: (táillí cláraithe cuideachtaí) || € 0.16 mill. + € 0.01 mill./bliain € 0.55 mill. + € 0.06 mill./bliain || Cás Malart.: || € 0.39 mill. + € 0.05 mill./bliain € 0 || Cás Malart.: || € 0.55 mill. + € 0.06 mill./bliain € 0.55 mill. + € 0.06 mill./bliain
|| 5b || ++ || +++ || Cás Malart.: (táillí cláraithe cuideachtaí) || € 0.5 mill. + € 0.07 mill./bliain € 2.3 mill. + € 0.3 mill./bliain || Cás Malart.: || € 1.8 mill. + € 0.2 mill./bliain € 0 || Cás Malart.: || € 2.3 mill. + € 0.3 mill./bliain € 2.3 mill. + € 0.3 mill./bliain
6 || (ainhidríd aicéiteach amháin) || +++ || +++ || [nó: trád. sheach. san áireamh Cás Malart.: (táillí cláraithe cuideachtaí) || € 0.3 mill. + € 0.2 mill./bliain + € 0.5 mill./bliain € 2.0 mill. + € 0.3 [nó: + 0.9] mill./bliain || [nó: trád. sheach. san áireamh Cás Malart.: || € 1.7 mill. + € 0.1 mill./bliain + € 0.4 mill./bliain € 0 || [nó trád. sheach. san áireamh Cás Malart.: || € 2.0 mill. + € 0.3 mill./bliain + € 0.9 mill./bliain € 2.0 mill. + € 0.3 [nó: + 0.9] mill./bliain
Bheadh tionchair ag na roghanna tosaíochta ar FBManna, a bhíonn ag plé le hainhidríd aicéiteach mar úsáideoirí deiridh den chuid is mó. I rith an chomhairliúcháin, ba é rogha 5 an dara rogha tosaíochta (tar éis an status quo a choinneáil). Tá an toradh sin ag teacht leis an anailís atá curtha i láthair anseo go mbeadh ualach níos lú ar fhiontair faoi rogha 5.
Níl sé beartaithe eisiamh ginearálta a dhéanamh de mhicreachuideachtaí faoi aon cheann de na roghanna tosaíochta, de bhrí go gurbh fhurasta dul timpeall ar rialuithe na reachtaíochta. Baineann micrichuideachtaí leas as na tairseacha atá ann cheana féin sa reachtaíocht[9], áfach. Ar deireadh, bheadh cosaint speisialta ar mhicri-FBManna faoi rogha 5a le nach mbeadh Ballstáit in ann costais chláraithe a ghearradh ar mhicrea-FBManna[10] ar mhaithe lena gcuid costais féin a aisghabháil.
7. Faireachán agus Meastóireacht
An Coimisiún:
· Bailiú, anailís agus tuairisciú ar staitisticí bliantúla na mBallstát maidir le hurghabhálacha agus lastais ar cuireadh stop leo.
· Faireachán a dhéanamh ar reachtaíocht náisiúnta bhreise na mBallstát.
· Tacú le cur chun feidhme an Rialacháin leasaithe (treoirlínte atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta, uirlis ríomhfhoghlama, doiciméad Ceisteanna Coitianta srl.)
· Cur i bhfeidhm bunachair shonraí atá á fhorbairt faoi láthair chun bailiú agus anailís staidrimh a éascú.
· Cúig bliana tar éis chur chun feidhme na leasuithe reachtacha: meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht leasaithe ar bhonn comhairliúcháin le Ballstáit agus le páirtithe leasmhara.
Na Ballstáit:
· Gníomhaíochtaí leanúnacha faireacháin ar cheartchur chun feidhme na reachtaíochta.
[1] Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha, ar fáil ag: http://www.incb.org/pdf/e/conv/1988_convention_en.pdf
[2] Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 agus Airteagal 32 den Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 111/2005 ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú reachtaíochta an Chomhphobail maidir le faireachán agus rialáil ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí.
[3] Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le feidhmiú reachtaíocht reatha an AE maidir le réamhtheachtaithe drugaí (COM(2009)709 final), ar fáil ag: http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=COM:2009:0709:FIN:en:PDF
[4] 33 tonna in 2009 agus 21 tonna in 2010.
[5] Baintear úsáid as ainhidríd aicéiteach go dleathach mar oibreán aicéitilithe i dtionscal na gceimiceán, na grianghrafadóireachta agus na cógaisíochta. Baintear úsáid aisti chun plaisteach, teicstíl, ruaimeanna, oibreáin fótaiceimiceacha, cumhráin, pléascáin agus aspairín a tháirgeadh.
[6] Mar shampla: Ceanglaítear ar oibreoirí sa Bheilg, san Ungáir agus san Iodáil fógra a thabhairt do na húdaráis maidir le gach idirbheart ainhidríde aicéití roimh sheachadadh na n‑orduithe.
[7] Tá na costais iomlána sa tábla seo bunaithe ar shuim na gcomhpháirteanna beachta aonair. Dá bhrí sin ní fhreagraíonn siad go hiomlán do mhéideanna iomlána na gcomhpháirteanna (slánaithe) atá léirithe sa tábla.
[8] Tá na costais iomlána curtha le chéile atá ar cheachtar den dá rogha (€ 0.05 mill. i gcás rogha 4a agus € 0.06 mill. i gcás rogha 5a) an‑teoranta i gcomparáid le luach margaidh Eorpach foriomlán ainhidríde aicéití (> € 257 mill./bliain). Tá na costais aonuaire de € 0.16 milliún le haghaidh cuideachtaí agus € 0.29 milliún le haghaidh na n‑údarás íseal i gcomparáid leis freisin.
[9] Foráiltear in Airt. 6 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 go ndéanfar cuideachtaí le díolacháin/ceannacháin ainhidríde aicéití faoi bhun méideanna bliantúla de 100 l a eisiamh ón gcuid is mó de na hoibleagáidí faoin reachtaíocht.
[10] Rinneadh na tionchair a bheadh ann sa chás go bhféadfaí costais na n‑údarás a chur ar aghaidh chuig cuideachtaí a ríomh mar "chás malartach" faoi rogha 5.
| Barr |