Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le leibhéal fuaime mótarfheithiclí
/* COIM/2011/0856 leagan deireanach - 2011/0409 (COD) */
| BG | ES | CS | DA | DE | ET | EL | EN | FR | GA | IT | LV | LT | HU | MT | NL | PL | PT | RO | SK | SL | FI | SV |
| html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html |
| doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc |
| Taispeáint dhátheangach: BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HU IT LT LV MT NL PL PT RO SK SL SV |
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1. Comhthéacs an togra
· Forais agus cuspóirí an togra
Is é príomhchuspóir an togra ná ardleibhéal sláinte agus cosaint chomhshaoil a áirithiú agus an Margadh Inmheánach a chosaint do mhótarfheithiclí maidir lena leibhéal fuaime. Tá sé mar aidhm ag an togra torann timpeallachta a laghdú trí mhodh tástála nua a thabhairt isteach le hastaíochtaí torainn a thomhas, trí na luachanna teorainneacha torainn a ísliú agus trí fhorálacha breise maidir le hastaíochtaí fuaime a chur san áireamh sa nós imeachta cineálcheadaithe. Tá sé mar aidhm chomh maith go n-áiritheofaí sábháilteacht ar bhóithre agus ag an obair maidir le híosmhéid torainn d'fheithiclí leictreacha agus leictreacha hibrideacha.
· Comhthéacs ginearálta I dtosach, bhí ceanglais chineálcheadaithe an AE maidir le torann bunaithe ar chuspóirí an Mhargaidh Inmheánaigh agus dírithe go príomha ar chomhchuibhiú teorainneacha torainn le haghaidh mótarfheithiclí a shocrú. De réir mar a mhéadaigh fáil ar fhaisnéis maidir le tionchar torainn ar an tsláinte, ghéaraigh ar an riachtanas cosaint ar leibhéal níos airde a dhéanamh ar shaoránaigh an AE trína thuilleadh beart a thabhairt isteach ar fud an AE. De réir mheastacháin an Pháipéir Uaine ón gCoimisiún Eorpach maidir le Torann 1996[1] bhí thart ar 20 % de dhaonra an AE ag an am sin ag fulaingt, dar le heolaithe agus saineolaithe sláinte, ó leibhéil torainn nach raibh inghlactha. Bunaithe ar fhaisnéis ó Bhallstáit an AE, measann an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil go bhfuil leath an daonra i gceantair uirbeacha neamhchosanta ar leibhéil torainn os cionn 55 dB(A) de thoradh torainn bóthair chomhthimpeallaigh. Le himeacht na mblianta, tá go leor dua tugtha le taighde, lena n-áirítear tionscadail AE-mhaoinithe, a bhí tiomnaithe do mheasúnú cainníochtúil a dhéanamh ar an gcaidreamh idir torann timpeallachta agus a thionchar. Cé go bhfuil éagsúlachtaí idir cur chuige agus scóip na staidéar éagsúil, is féidir talamh coiteann a aimsiú i dtéarmaí na n-éifeachtaí díobhálacha agus an chránais a thagann ó thorann. Tá na torthaí seo dearbhaithe i dtuarascáil ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte sa bhliain 2008 dar teideal 'Luacháil gheilleagrach ar na héifeachtaí sláinte a bhaineann le hiompar, le fócas speisialta ar leanaí'. I dTeachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le straitéis Eorpach ar fheithiclí glana agus tíosach ar fhuinneamh dar dáta 28.4.2010[2], fógraíodh go ndéanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh sa bhliain 2011 chun leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le hastaíochtaí torainn ó fheithiclí a ísliú. Tabharfaidh an togra seo modh tástála nua isteach chun astaíochtaí torainn a thomhas agus na luachanna teorainneacha do chineálcheadú mótarfheithiclí a athrú. Tabharfaidh sé aghaidh chomh maith, den chéad uair, ar an gceist faoin íosmhéid torainn ó fheithiclí leictreacha nó ó fheithiclí leictreacha hibrideacha.
· Na forálacha atá ann cheana i réimse an togra Tugtar aghaidh ar astaíochtaí torainn ó mhótarfheithiclí ceithre roth i dTreoir 70/157/CEE an 6 Feabhra 1970 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis an leibhéal fuaime is incheadaithe agus leis an gcóras sceite do mhótarfheithiclí[3], arna modhnú le Treoracha 73/350/CEE, 77/212/CEE, 81/334/CEE, 84/372/CEE, 84/424/CEE, 87/354/CEE, 89/491/CEE, 92/97/CEE, 96/20/CE, 99/101/CE, 2006/96/CE, 2007/34/CE – agus le Rialachán coibhéiseach Uimh. 51 maidir le hastaíochtaí torainn de chuid UNECE. Déanfaidh an dréacht-togra aisghairm ar Threoir 70/157/CEE agus ar na leasuithe iardain a rinneadh uirthi. I gcomparáid leis an ngníomh reatha, leagfaidh an dréacht-togra síos ceanglais nua: prótacal tástála nua, luachanna teorainneacha nua, forálacha breise astaíochta fuaime agus íosmhéid torainn d'fheithiclí leictreacha agus leictreacha hibrideacha. – Prótacal tástála nua: Tá na leibhéil torainn íslithe roinnt uaireanta agus ba in 1995 a rinneadh an t-ísliú is deireanaí. Níor tharla na hiarmhairtí a raibh súil leo de thoradh an íslithe ba dhéanaí agus léirigh staidéir ó shin i leith nach léiríonn an modh tomhais an iompraíocht tiomána atá réalaíoch anois. Cinneadh dá bhrí sin, roimh aon ísliú a dhéanamh in athuair ar theorainneacha, go bhfuil sé riachtanach i dtosach timthriall tástála nua a fhorbairt agus na dálaí tiomána don tástáil torainn a chur i gcomhréir níos fearr leis an tiomáint mar a dhéantar í sa bhfíorshaol. Tá modh tástála nua curtha le chéile ag Meitheal UNECE maidir le Torann agus foilsíodh an modh tástála sin sa bhliain 2007. Baineadh úsáid as an modh nua seo ar feadh tréimhse trí bliana ar bhonn sealadach agus go comhthreomhar leis an modh tástála atá ann cheana chun taithí phraiticiúil a fháil maidir le cur i bhfeidhm an mhodha nua seo, chun meastóireacht a dhéanamh ar a cháilíochtaí agus chun bunachar sonraí a bhunú ag úsáid torthaí na dtomhas. Le linn na dtréimhsí faireacháin, bhí sé de dhualgas ar na húdaráis chineálcheadaithe na tástálacha astaíochta torainn a dhéanamh i gcomhréir leis an dá mhodh agus na torthaí ar an dá thástáil ar leith a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach. De thoradh ar an bpróiseas seo, bhí bunachar sonraí de thorthaí comhthreomhara ar fáil a thug deis mhaith dúinn cáilíochtaí an mhodha nua a iniúchadh agus cainníochtú a dhéanamh ar na difríochtaí i dtorthaí an dá mhodh. Tá torthaí an mhodha nua, ag brath ar an gcatagóir feithicle a chuirtear faoin tástáil, suas le 2 dB(A) níos ísle ná mar a fuarthas leis an seanmhodh. – Luachanna teorainneacha nua: Cóiríodh measúnú tionchair bunaithe ar thorthaí shonraí an fhaireacháin agus úsáideadh roghanna éagsúla beartais don mhodh tástála torainn agus dá luachanna comhfhreagracha. Ísleofar, de réir na rogha is inmhianaithe, luachanna teorainneacha d'fheithiclí éadroma agus meánmhéide in dhá chéim de 2 dB(A) an ceann agus i gcás tromfheithiclí i gcéim amháin de 1 dB(A) agus i ndara céim de 2 dB(A) a bheidh i bhfeidhm. Beidh laghdú thart ar 3 dB(A) dá thoradh seo ar an tionchar torainn ar thrácht reatha agus suas le 4 dB(A) ar thrácht uaineach. Beidh titim 25 % ar líon na ndaoine atá an-chráite. Meastar an cóimheas costsochair don bheart seo a bheith thart ar 20 uair i bhfabhar an íslithe torainn i gcomparáid leis an gcás nuair nach ndéantar gníomhaíocht ar bith. – Forálacha breise maidir le hastaíochtaí fuaime: Meastar gur léiriú maith é an modh tástála nua ar astaíochtaí torainn faoi ghnáthdhálaí tráchta, ach níl sé chomh hionadaíoch céanna i gcomhair astaíochtaí torainn sna dálaí is measa. Dá bhrí sin, ba ghá Forálacha Breise maidir le hAstaíochtaí Fuaime a chur chun feidhme. Áirítear orthu ceanglais choisctheacha lena mbeartaítear dálaí tiomána na feithicle i bhfíorthrácht a chumhdach lasmuigh de thimthriall tiomána an chineálcheadaithe. Tá na dálaí tiomána seo ábhartha maidir leis an gcomhshaol agus ní mór a áirithiú nach bhfuil difríocht mhór idir astaíocht fuaime feithicle faoi dhálaí tiomána sráide agus an toradh is féidir a bheith ag súil leis ar an tástáil cineálcheadaithe le haghaidh na feithicle áirithe seo. – Íosmhéid torainn d'fheithiclí leictreacha agus leictreacha hibrideacha: Tá fáilte curtha roimh an meadú i líon na bhfeithiclí leictreacha agus leictreacha hibrideacha ar bhóithre na hEorpa toisc go gcuireann siad go suntasach le laghdú ar thruailliú aeir agus ar thruailliú torainn. Ach tá toradh na dtairbhí seo don chomhshaol tar éis iarmhairt neamhbheartaithe a chruthú nuair a cuireadh deireadh le foinse thábhachtach rabhaidh inchloiste a úsáideann daoine dalla agus lagamhairc chun a bheith ar an airdeall faoi fheithiclí atá ag teacht, faoi fheithiclí atá i gcóngar dóibh, faoin treo ina bhfuil feithiclí ag dul nó faoi imeacht feithicle. Tá meitheal um íosleibhéil fuaime le haghaidh feithiclí ciúine bunaithe ag UNECE. Agus an plé agus an fhaisnéis a soláthraíodh sa ghrúpa seo á gcur san áireamh, tá sé beartaithe leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht torainn le hIarscríbhinn a chomhchuibheoidh feidhmíocht 'Córas Inchloiste Feithicle atá ag Teacht (AVAS)' má tá siad feistithe ar fheithicil. Beidh feistiú córas den sórt sin deonach áfach agus fágfar mar rogha é ag na monaróirí feithiclí. · Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Tá an togra comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ag an AE foráil a dhéanamh maidir le leibhéal ard sábháilteachta ar bhóithre agus sábháilteachta ag an obair mar aon le cosaint an chomhshaoil.
2. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus measúnú tionchair
· Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ||
Agus an togra á fhorbairt ag an gCoimisiún, chuaigh sé i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara. Bhí comhairliúchán ginearálta ann faoi chuimsiú CARS 21 a bhailigh le chéile Ballstáit, monaróirí (ionadaithe Eorpacha agus náisiúnta agus cuideachtaí aonair), monaróirí comhpháirteanna, eagraíochtaí iompair agus ionadaithe thar ceann úsáideoirí. Rinne meitheal uimhir 4 de CARS 21 atá freagrach as "Margadh Inmheánach, astaíochtaí agus beartais CO2" plé ar gach gné den togra. Léiríodh lántacaíocht leis na beartais a moladh. Bhí toradh dearfach ar an measúnú a rinneadh ar phrótacal tástála nua chun astaíochtaí torainn ó fheithiclí a thomhas agus ba cheart é a úsáid i gcineálcheadú, in éineacht le forálacha maidir le hastaíochtaí torainn lasmuigh den timthriall. ||
· Measúnú tionchair Rinne TNO measúnú tionchair ar iarratas ón gCoimisiún Eorpach – Venoliva – Luachanna Teorainneacha Torainn Feithicle – Comparáid idir dhá mhodh tástála astaíochtaí torainn 2011. Breathnaíodh ar roghanna éagsúla don togra agus chlúdaigh siad gnéithe comhshaoil, sóisialta agus geilleagair: 1. Gan athrú. Sa rogha seo, fanfaidh bailíocht na luachanna teorainneacha agus na lamháltas mar atá, i dteannta an tseanmhodha tomhais. 2. Modh nua – na seanluachanna teorainneacha. Sa rogha seo, cuirfear an modh tomhais nua agus an tacar luachanna teorainneacha reatha le chéile. 3. Modh nua – luachanna teorainneacha nua atá coibhéiseach leis na seanluachanna. Díríonn an rogha seo ar an modh tástála nua a úsáid i gcónasc le luachanna teorainneacha, ionas nach mbeidh ceanglais níos déine fós dá thoradh seachas mar atá san áireamh sna luachanna teorainneacha reatha don mhodh tástála agus don chur i bhfeidhm. Sa rogha seo, cuirfear luachanna teorainneacha nua i bhfeidhm nach n-athróidh an leibhéal déine i gcomparáid leis an seanchóras. 4. Modh nua – luachanna teorainneacha nua a d'fhéadfadh torann a laghdú. Sa rogha seo, moltar luachanna teorainneacha nua i gcónasc leis an modh tástála nua ionas go mbeifí ag súil le laghdú in astaíochtaí torainn údaraithe in aghaidh na mótarfheithicle. D'fhéadfadh na laghduithe molta maidir le luachanna teorainneacha torainn de 3 dB(A) d'fheithiclí éadroma agus 2 dB(A) i gcás tromfheithiclí teacht i bhfeidhm dhá bhliain ó dháta foilsithe an togra reatha seo. 5. Modh nua – luachanna teorainneacha nua a d'fhéadfadh torann a laghdú i gcur chuige dhá chéim. I gcomparáid le rogha 4, i rogha beartais 5, téitear sa tóir ar sprioc níos uaillmhianaí maidir le laghdú torainn. Bhainfí é seo amach in dhá chéim. D'fhéadfadh na laghduithe molta faoin gcéad chéim maidir le luachanna teorainneacha torainn de 2 dB(A) d'fheithiclí éadroma agus 1 dB(A) do thromfheithiclí teacht i bhfeidhm dhá bhliain ó dháta foilsithe an togra reatha seo. Is é atá sa dara céim laghdú 2 dB(A) d'fheithiclí éadroma agus 2 dB(A) do thromfheithiclí. Beidh níos mó iarrachta forbartha agus foireann níos déine de bhearta teicniúla de dhíth: dar leis an gconraitheoir, d'fhéadfaí an chéim seo a thabhairt isteach dhá bhliain tar éis na chéad chéime. Is laghduithe iomlána 4 dB(A) d'fheithiclí éadroma agus 3 dB(A) do thromfheithiclí a bheadh ann. Conclúid an scéil is ea go mba cheart rogha beartais 5 a roghnú. 3. Eilimintí dlí an togra · Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Nuashonraíonn an togra na ceanglais don chóras cineálcheadaithe maidir le leibhéil torainn mótarfheithiclí agus a sceithchóras. Go háirithe, tugann sé isteach modh tástála nua chun astaíochtaí torainn a thomhas, íslíonn sé luachanna teorainneacha torainn agus tugann isteach forálacha breise maidir le hastaíochtaí fuaime i nós imeachta cineálcheadaithe an AE. Ina theannta sin, tógann sé athruithe teicneolaíochta san áireamh maidir le híosmhéid torainn d'fheithiclí leictreacha agus leictreacha hibrideacha. · Bunús dlí Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo. · Prionsabal na coimhdeachta Ós rud é go bhfuil teorainneacha astaíochtaí torainn agus an nós imeachta cineálcheadaithe do mhótarfheithiclí comhchuibhithe cheana féin is ag leibhéal an AE amháin is féidir modhnú a dhéanamh ar Threoir 70/157/CEE um Thorann ó Mhótarfheithiclí. Ní hamháin go gcoisceann an méid seo ilroinnt an Mhargaidh Inmheánaigh, ach áirithítear comhionannas ar fud an AE i gcaighdeáin sláinte, sábháilteachta agus chomhshaoil. Cuireann sé barainneachtaí scála ar fáil chomh maith: is féidir táirgí a dhéanamh do mhargadh na hEorpa ina iomláine, seachas iad á shaincheapadh chun cineálcheadú náisiúnta a fháil i ngach uile Bhallstát. I bhfianaise na leibhéal reatha de thorann timpeallachta agus líon reatha na saoránach a ndéanann sé difear dóibh, agus i bhfianaise teorainneacha torainn an AE a bheith gan athrú le deich mbliaina anuas, cé gur mhéadaigh na leibhéil tráchta, tuigtear é a bheith comhréireach aghaidh a thabhairt ar an scéal seo a réiteach. Is fearr a bhainfear cuspóirí an togra amach trí ghníomhaíocht ón Aontas toisc go seachnófar léi ilroinnt an Mhargaidh Inmheánaigh, rud a thiocfadh chun cinn murach an ghníomhaíocht, agus toisc go bhfeabhsófar léi sábháilteacht agus feidhmíocht chomhshaoil feithiclí. Is léir gur mar seo atá do theorainneacha torainn ó fheithiclí, de bharr chineál idirnáisiúnta na tráchta, onnmhairí feithiclí agus an fhéidearthacht go dtiocfadh rialacháin náisiúnta i bhfeidhm dá n-éagmais. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. · Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas. Faoi mar atá léirithe sa mheasúnú tionchair, comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta de bhrí nach dtéann sé thar a bhfuil gá leis chun nacuspóirí maidir le feidhmiú cuí an Mhargaidh Inmheánaigh a áirithiú agus foráil a dhéanamh, ag an am céanna, maidir le hardleibhéal sábháilteachta poiblí agus ardleibhéal cosanta comhshaoil. I bhfianaise na leibhéal reatha de thorann timpeallachta agus líon reatha na saoránach a ndéanann sé difear dóibh, agus i bhfianaise teorainneacha torainn an AE a bheith gan athrú le deich mbliaina anuas, cé gur mhéadaigh na leibhéil tráchta, tuigtear é a bheith comhréireach aghaidh a thabhairt ar an scéal seo a réiteach. Cuirtear go leor ionstraimí áitiúla eile i bhfeidhm freisin chun torann tráchta a laghdú, ach is ceart laghdú torainn a thabhairt isteach ag an bhfoinse, rud atá i bhfad níos éifeachtaí ón taobh teicniúil agus ón taobh eacnamaíoch. · Rogha ionstraimí Na hionstraimí atá beartaithe: Rialachán. Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar na cúiseanna seo a leanas. Meastar gurb iomchuí Rialachán a úsáid toisc go gcinntíonn sé go gcomhlíonfar na ceanglais gan gá lena thrasuí i reachtaíocht Bhallstáit an AE. 4. Impleacht bhuiséadach Níl aon impleacht ag an togra do bhuiséad an Aontais. 5. Breis faisnéise · Insamhladh, treoirthréimhse agus idirthréimhse Tá idirthréimhse ghinearálta mar chuid den togra d’fhonn aga dóthanach tionscanta a thabhairt do mhonaróirí agus do lucht riaracháin feithiclí agus comhpháirteanna. Tá cur chuige á moladh ina bhfuil dhá chéim le moill dhá bhliain roimh fheidhmiú na chéad chéime (i.e. dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo) agus an dara céim le ceanglais níos déine agus moill eile de dhá bhliain (i.e. ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacáin). Is féidir glacadh leis an amchlár iomlán ceithre bliana mar a mhol an conraitheoir (measúnú tionchair) don chéad chéim nuair nach mbeidh gá athruithe móra a dhéanamh ar an bhfeithicil. Ach, de thoradh ar an bpróiseas comhairliúcháin faoi chuimsiú CARS 21, bhí an chuma air nach raibh sé go hiomlán oiriúnach maidir leis an dara céim a éileoidh athruithe móra ar innealtóireacht na feithicle. Dá bhrí sin, moltar go mbeadh trí bliana ann sa dara céim (amchlár iomlán cúig bliana). · Simpliú Déanfaidh an togra simpliú ar Threoir 70/157/CEE agus na leasuithe iardain a rinneadh uirthi a aisghairm. · Aisghairm reachtaíochta atá ann A luaithe a ghlacfar an togra, déanfar aisghairm ar an reachtaíocht reatha (Treoir 70/157/CEE agus na leasuithe iardain a rinneadh uirthi). · An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar de chuid LEE agus, dá bhrí sin, ba chóir go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. ||
2011/0409 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le leibhéal fuaime mótarfheithiclí
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[4],
Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1) Is éard atá sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina gcaithfear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil a áirithiú. Chun na críche sin tá córas cuimsitheach cineálcheadaithe de chuid an Aontais curtha ar bun le haghaidh mótarfheithiclí. Ba cheart ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus a sceithchóras i ndáil leis na leibhéil fuaime atá ceadaithe a chomhchuibhiú ionas go seachnófaí ceanglais a ghlacadh a bheadh difriúil ó Bhallstát go chéile agus go gcinnteofaí feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus, ag an am céanna, soláthar a dhéanamh d'ardleibhéal sábháilteachta poiblí agus cosanta comhshaoil.
(2) Le Treoir 70/157/CEE an 6 Feabhra 1970 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis an leibhéal fuaime is incheadaithe agus leis an gcóras sceite do mhótarfheithiclí[5] comhchuibhíodh ceanglais theicniúla éagsúla na mBallstát maidir leis an leibhéal fuaime atá ceadaithe do mhótarfheithiclí agus dá sceithchórais chun na críche an margadh inmheánach a bhunú agus a oibriú. Chun críocha dea‑fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhsheasmhach a áirithiú ar fud an Aontais, is iomchuí Rialachán a chur in ionad na Treorach sin.
(3) Is rialachán faoi leith é an Rialachán seo i gcomhthéacs an nós imeachta cineálcheadaithe faoi Threoir 2007/46 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat i gcomhair mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla faoi leith atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime)[6].
(4) I dTreoir 70/157/CEE tagraítear do Rialachán Uimh. 51[7] Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le hastaíochtaí torainn, ar páirtí conarthach ann an tAontas, ina sonraítear an modh tástála le haghaidh astaíochtaí torainn.
(5) Ón uair a glacadh é i leith, leasaíodh Treoir 70/157/CEE go suntasach roinnt uaireanta. Ní fuarthas na héifeachtaí a rabhthas ag súil leo ón laghdú is déanaí ar theorainneacha torainn le haghaidh mótarfheithiclí, a tugadh isteach i 1995. Rinneadh staidéir lenar cruthaíodh nár léirigh an modh tástála a úsáideadh faoin Treoir iompraíocht tiomána réalaíoch i dtrácht uirbeach a thuilleadh. Go háirithe, mar a tugadh ar aird sa pháipéar uaine maidir le Beartas Torainn Amach Anseo 1996[8], rinneadh an méid a chuireann torann rollta bonn leis an astaíocht torainn iomlán a ghannmheas faoin modh tástála.
(6) Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo modh éagsúil a thabhairt isteach i ndáil leis an modh éigeantach i dTreoir 70/157/CEE. Ba cheart an modh sin a bheith bunaithe ar an modh a d'fhoilsigh Meitheal UNECE maidir le Fuaim (GRB) in 2007 inar ionchorpraíodh leagan ó 2007 de chaighdeáin ISO 362[9]. Cuireadh torthaí an tseanmhodha tástála agus an mhodha tástála nua araon faoi bhráid an Choimisiúin.
(7) Meastar gur léiriú maith é an modh tástála nua ar astaíochtaí torainn i ngnáthdhálaí tráchta, ach níl sé chomh hionadaíoch céanna i gcomhair astaíochtaí torainn sna dálaí is measa. Dá bhrí sin, is gá forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime a chur chun feidhme sa Rialachán seo. Bunaítear leis na forálacha sin ceanglais choisctheacha lena mbeartaítear dálaí tiomána na feithicle i bhfíorthrácht a chumhdach lasmuigh de thimthriall tiomána an chineálcheadaithe. Tá na dálaí tiomána sin ábhartha maidir leis an gcomhshaol agus ní mór a áirithiú nach bhfuil difríocht mhór idir astaíocht fuaime feithicle i ndálaí tiomána sráide agus an toradh is féidir a bheith ag súil leis ar an tástáil cineálcheadaithe le haghaidh na feithicle áirithe sin.
(8) Ba cheart don Rialachán seo teorainneacha torainn a laghdú tuilleadh freisin. Ba cheart a chur san áireamh ann Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil leithleach atá beartaithe dóibh[10], lenar tugadh isteach ceanglais nua ní ba dhéine maidir le boinn mótarfheithiclí. Ba cheart staidéir a aibhsíonn éifeachtaí cránais agus sláinte torainn tráchta bhóthair[11][12], agus na costais agus na tairbhí gaolmhara a thabhairt d'aire[13].
(9) Ba cheart na luachanna teorainneacha foriomlána a laghdú maidir le gach foinse torainn ó mhótarfheithiclí lena n‑áirítear an aer‑iontógáil thar an ngléasra cumhachta agus an sceithchóras ag cur san áireamh an méid laghdaithe torainn a fhaightear de bharr na mbonn, rud a ndírítear air i Rialachán (CE) Uimh. 661/2009.
(10) De thoradh na dtairbhí don chomhshaol lena rabhthas ag súil ó fheithiclí iompair de bhóthar de chineál leictreach hibrideach agus de chineál iomlán leictreach, laghdaíodh go suntasach an torann a astaíonn feithiclí den sórt sin. Dá thoradh sin cuireadh deireadh le foinse thábhachtach rabhaidh inchloiste a úsáideann coisithe dalla agus lagamhairc agus rothaithe, i measc úsáideoirí eile bóthair, chun a bheith ar an airdeall go bhfuil na feithiclí sin ag teacht, i láthair nó ag imeacht. Chun na críche sin, tá an tionscal ag forbairt córas fuaimíoch chun cúiteamh a dhéanamh as an easpa rabhaidh inchloiste sin ó fheithiclí leictreacha agus leictreacha hibrideacha. Ba cheart comhchuibhiú a chur i bhfeidhm ar fheidhmíocht na gcóras inchloiste sin a fheistítear ar fheithiclí agus a thugann rabhadh go bhfuil an fheithicil ag teacht. Ba cheart é a fhágáil faoi rogha na monaróirí, áfach, córais den sórt sin a fheistiú.
(11) Chun reachtaíocht chineálcheadaithe an Aontais a shimpliú, i gcomhréir le moltaí Thuarascáil CARS 21[14] ó 2007, is iomchuí an Rialacháin seo a bhunú ar Rialachán Uimh. 51 UNECE maidir le hastaíochtaí torainn ó thaobh an mhodha tástála de agus ar Rialachán Uimh. 59 UNECE maidir le córais tosta[15] ó thaobh córais tosta sceite athsholáthair de.
(12) Chun go mbeidh an Coimisiún in ann tagairt dhíreach a dhéanamh do Rialachán Uimh. 51 agus Rialachán Uimh. 59 de chuid UNECE in ionad cheanglais theicniúla an Rialacháin seo tráth a leagfar na luachanna teorainneacha i ndáil leis an modh tástála nua síos sna Rialacháin sin, nó chun go mbeidh sé in ann na ceanglais sin a oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla agus eolaíocha, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE i ndáil le leasú na bhforálacha in Iarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a bhaineann leis na modhanna tástála agus leibhéil fuaime. Tá sé de thábhacht ar leith go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.
(13) De thoradh creat rialála nua a bheith á chur i feidhm ag an Rialachán seo, ba cheart Treoir 70/157/CEE a aisghairm,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo na ceanglais riaracháin agus theicniúla i gcomhair cineálcheadú an AE le haghaidh na bhfeithiclí nua ar fad dá dtagraítear in Airteagal 2 maidir lena leibhéal fuaime agus a sceithchórais agus i gcomhair díol agus cur i seirbhís páirteanna agus trealaimh atá ceaptha do na feithiclí sin.
Airteagal 2 Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí de chatagóirí M1, M2, M3, N1, N2 agus N3, mar atá sainithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE agus maidir leis na córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla leithleacha a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin.
Airteagal 3 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn "ceadú feithicle" ceadú cineáil feithicle maidir le torann;
(2) ciallaíonn "cineál feithicle" sraith feithiclí mar atá sainithe in Iarscríbhinn II, Cuid B a ghabhann le Treoir 2007/46/CE;
(3) ciallaíonn "uasmhais" an uasmhais atá ceadaithe go teicniúil arna dearbhú ag monaróir na feithicle;
De mhaolú ar phointe (3), féadfaidh an uasmhais a bheith níos mó ná an uasmhais a údaraíonn údaráis na mBallstát.
(4) ciallaíonn "cumhacht rátaithe innill" cumhacht an innill arna sloinneadh in kW (UNECE) agus arna tomhas le modh UNECE de bhun Rialachán Uimh. 85 UNECE[16];
(5) ciallaíonn "trealamh caighdeánach" cumraíocht bhunúsach feithicle lena n‑áirítear gach suiteáil a fheistítear uirthi gan a bheith ina cúis le sonraíochtaí breise maidir leis an gcumraíocht nó maidir leis an leibhéal trealaimh, ach í feistithe leis na suiteálacha ar fad a cheanglaítear de réir na ngníomhartha rialála atá luaite in Iarscríbhinn IV nó in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir 2007/46/CE;
(6) ciallaíonn "mais an tiománaí" mais arna rátú ag 75 kg suite ag an bpointe tagartha do shuí an tiománaí;
(7) ciallaíonn "mais feithicle in ord reatha" (mro) mais na feithicle, lena n‑áirítear mais an tiománaí, an bhreosla agus na leachtanna, agus í feistithe leis an trealamh caighdeánach i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra.
Má tá siad feistithe, áireofar mais na cabhlach, an chábáin, na feiste cúplála agus an rotha (na rothaí) spártha chomh maith leis na huirlisí.
Beidh na humair bhreosla líonta go 90 % ar a laghad dá dtoilleadh;
(8) ciallaíonn "luas rátaithe innill" (S) an luas innill dearbhaithe de réir imrothluithe sa nóiméad (ISN) ag a ngineann an t-inneall a uas-ghlanchumhacht rátaithe de bhun Rialachán Uimh. 85 UNECE nó, i gcás ina sroichtear an uas-ghlanchumhacht rátaithe ag roinnt luasanna, an luas is airde díobh sin;
(9) ciallaíonn "cóimheas cumhachta/maise" (PMR) cainníocht uimhriúil i gcomhréir leis an bhfoirmle atá leagtha amach i bpointe 4.1.2.1.1 d'Iarscríbhinn II;
(10) ciallaíonn "pointe tagartha" ceann de na nithe seo a leanas:
(a) i gcás feithiclí i gcatagóirí M1, N1:
(i) i gcás feithiclí ina bhfuil an t-inneall chun tosaigh, foirceann tosaigh na feithicle;
(ii) i gcás feithiclí ina bhfuil an t-inneall i lár, lár na feithicle;
(iii) i gcás feithiclí ina bhfuil an t-inneall ar gcúl, foirceann cúil na feithicle;
(b) i gcás gach feithicle de chatagóirí M2, M3, N2, N3 teorainn an innill is giorra do thosach na feithicle.
(11) ciallaíonn "sprioc‑luasghéarú" luasghéarú agus an scóig leathoscailte i dtrácht uirbeach agus díortha ó ríomhanna staitistiúla;
(12) ciallaíonn "luasghéarú tagartha" an luasghéarú ar ceangal é i rith na tástála luasghéaraithe ar an raon tástála;
(13) ciallaíonn "fachtóir ualúcháin chóimheasa giaranna" (k) cainníocht uimhriúil gan toise a úsáidtear chun torthaí tástála dhá chóimheas giaranna a chomhcheangal, ar torthaí iad a fuarthas le linn na tástála luasghéaraithe agus na tástála luais sheasmhaigh;
(14) ciallaíonn "fachtóir cumhachta páirtí" (kP) cainníocht uimhriúil gan toise a úsáidtear le haghaidh chomhcheangal ualaithe thorthaí na tástála luasghéaraithe agus na tástála luais sheasmhaigh i gcás feithiclí;
(15) ciallaíonn "réamh‑luasghéarú" feiste rialaithe luasghéaraithe a chur i bhfeidhm roimh AA' chun na críche luasghéarú cobhsaí a bhaint amach idir AA' agus BB' dá dtagraítear i bhfigiúr 1 i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn II;
(16) ciallaíonn "cóimheasa giaranna glasáilte" rialú an traiseolta sa dóigh nach bhféadtar giar an traiseolta a athrú i rith tástála;
(17) ciallaíonn "fine dheartha an chórais tosta nó chomhpháirteanna an chórais tosta" grúpa córas tosta nó grúpa comhpháirteanna córas tosta ina bhfuil na saintréithe ar fad a leanas mar an gcéanna:
(a) sreabhadh glan gáis a bheith ann, ar de na gáis sceite é, tríd an ábhar snáithíneach ionsúiteach nuair a bhíonn sé i dteagmháil leis an ábhar sin;
(b) an cineál snáithíní;
(c) más infheidhme, sonraíochtaí an cheanglóra;
(d) meántoisí na snáithíní;
(e) dlús pacáistíochta íosta na snáithíní i mbulc de réir kg/m³;
(f) an dromchla teagmhála uasta idir an sreabhadh gáis agus an t-ábhar ionsúiteach;
(18) ciallaíonn "córas tosta" sraith iomlán comhpháirteanna atá riachtanach chun an torann a dhéanann inneall agus a sceitheadh a theorannú;
(19) ciallaíonn "córais tosta de chineálacha éagsúla" córais tosta a bhfuil difríocht shuntasach eatarthu ó thaobh ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas de:
(a) trádainmneacha nó trádmharcanna a gcomhpháirteanna;
(b) saintréithe na n‑ábhar a bhfuil a gcomhpháirteanna déanta díobh, cé is moite de bhratú na gcomhpháirteanna sin;
(c) cruth nó méid a gcomhpháirteanna;
(d) prionsabail oibriúcháin ceann amháin dá gcomhpháirteanna ar a laghad;
(e) cóimeáil a gcomhpháirteanna;
(f) líon na gcóras tosta sceite nó a gcomhpháirteanna;
(20) ciallaíonn "córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna córais den sórt sin" aon pháirt den chóras tosta atá sainithe i bpointe (17) atá ceaptha lena húsáid ar fheithicil, seachas páirt den chineál arna fheistiú ar an bhfeithicil sin tráth a chuirtear isteach ar son a chineálcheadaithe é de bhun an Rialacháin seo;
(21) ciallaíonn "Córas Fuaimiúil Foláirimh d’Fheithicil" (AVAS) córais d'fheithiclí iompair de bhóthar de chineál leictreach hibrideach agus de chineál iomlán leictreach a thugann faisnéis do choisithe agus d'úsáideoirí soghonta bóthair faoi oibríocht feithicle.
Airteagal 4 Oibleagáidí ginearálta na mBallstát
1. Ní fhéadfaidh Ballstáit, ar fhorais a bhaineann leis an leibhéal fuaime atá ceadaithe agus leis an sceithchóras, diúltú cineálcheadú an AE nó cineálcheadú náisiúnta a dheonú i ndáil le cineál mótarfheithicle nó cineál sceithchórais nó comhpháirt de chóras den sórt sin a mheastar a bheith ina aonad teicniúil leithleach i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a) comhlíonann an fheithicil na ceanglais in Iarscríbhinn I,
(b) comhlíonann an sceithchóras nó aon chomhpháirt de, arna mheas mar aonad teicniúil leithleach laistigh de bhrí phointe (25) d'Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE, na ceanglais in Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Ní fhéadfaidh Ballstáit, ar fhorais a bhaineann leis an leibhéal fuaime atá ceadaithe agus leis an sceithchóras, díol, clárú, cur i seirbhís nó úsáid aon fheithicle a dhiúltú ná a thoirmeasc i gcás ina gcomhlíonfaidh leibhéal fuaime agus sceithchóras na feithicle sin na ceanglais in Iarscríbhinn I.
3. Ní fhéadfaidh Ballstáit, ar fhorais a bhaineann leis an leibhéal fuaime atá ceadaithe agus leis an sceithchóras, toirmeasc a chur ar sceithchóras nó aon chomhpháirt de a chur ar an margadh i gcás ina measfar é a bheith ina aonad teicniúil leithleach laistigh de bhrí phointe (25) d'Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE má tá sé de réir cineáil ar deonaíodh cineálcheadú ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 5 Oibleagáidí ginearálta na monaróirí
1. Áiritheoidh monaróirí go bhfuil an fheithicil, a hinneall agus a córas laghdaithe torainn deartha, tógtha agus cóimeáilte ar dhóigh go bhféadfaidh an fheithicil, sa ghnáthúsáid, forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh, in ainneoin an tonnchreatha a dhéantar uirthi.
2. Áiritheoidh monaróirí go bhfuil an córas laghdaithe torainn deartha, tógtha agus cóimeáilte ar dhóigh go bhféadfaidh sé na feiniméin chreimneacha dá nochtar é a sheasamh go réasúnta, ag cur dálaí úsáide na feithicle san áireamh.
3. Beidh an monaróir freagrach d'údarás an cheadaithe as gach gné den phróiseas ceadaithe agus as comhréireacht táirgeachta a áirithiú, is cuma má tá páirt dhíreach ag an monaróir i ngach céim de thógáil na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil leithleach nó nach bhfuil.
Airteagal 6 Luachanna teorainneacha
Ní sháróidh an leibhéal fuaime arna thomhas i gcomhréir leis na forálacha in Iarscríbhinn II na teorainneacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.
Airteagal 7 Clásal um athbhreithniú
Laistigh de thrí bliana tar éis an dáta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an tríú colún, céim 1, a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún staidéar mionsonraithe chun a fháil amach an bhfuil na teorainneacha torainn iomchuí. Ar bhonn chonclúidí an staidéir sin, féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú.
Airteagal 8 Forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime (ASEP)
1. Beidh feidhm ag mír 2 agus ag mír 6 den dara fomhír den mhír seo maidir le feithiclí de chatagóirí M1 agus N1 atá feistithe le hinneall dócháin inmheánaigh.
Measfar go comhlíonann feithiclí na ceanglais in Iarscríbhinn X, má sholáthraíonn monaróir na feithicle doiciméid theicniúla do na húdaráis chineálcheadaithe a léiríonn i ndáil leis an difríocht idir luas innill uasta agus íosta na bhfeithiclí ag BB'[17], i gcás aon dálaí tástála laistigh de raon rialaithe ASEP atá sainithe i bpointe 3.3 d'Iarscríbhinn VIII, maidir leis na dálaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, nach sáróidh an difríocht sin 0,15 x S.
2. Astaíochtaí fuaime na feithicle i ndálaí tipiciúla tiomána ar bhóthar, ar dálaí iad atá éagsúil ó na dálaí faoinar rinneadh an tástáil chineálcheadaithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, ní imeoidh na hastaíochtaí fuaime sin ar bhealach míréasúnta ó thoradh na tástála.
3. Ní dhéanfaidh monaróir na feithicle aon fheiste nó nós imeachta de chineál meicniúil, leictreach, teirmeach nó eile a athrú, a choigeartú ná a thabhairt isteach d'aon ghnó chun na críche ceanglais an Rialacháin seo maidir le hastaíocht torainn a chomhlíonadh, agus chuige sin amháin, ar feiste nó nós imeachta é nach bhfuil oibríochtúil i rith oibriúcháin thipiciúil ar bhóthar i ndálaí a bhfuil feidhm ag ASEP maidir leo.
4. Comhlíonfaidh an fheithicil ceanglais Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.
5. San iarratas ar chineálcheadú, soláthróidh an monaróir ráiteas, arna bhunú i gcomhréir leis an múnla atá leagtha amach i bhFoscríbhinn 1 d'Iarscríbhinn VIII, go gcomhlíonann an cineál feithicle atá le ceadú ceanglais Airteagal 8(1) agus 8(2).
Airteagal 9 Córas Fuaimiúil Foláirimh d'Fheithicil (AVAS)
I gcás ina gcinnfidh monaróirí AVAS a shuiteáil i bhfeithiclí, comhlíonfar ceanglais Iarscríbhinn X.
Airteagal 10 Na hIarscríbhinní a leasú
1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn XI a leasú.
2. Nuair a leagfar síos i Rialachán Uimh. 51 UNECE na luachanna teorainneacha a bhaineann leis an modh tástála, breithneoidh an Coimisiún tagairt dhíreach do na ceanglais chomhfhreagracha de chuid Rialachán Uimh. 51 agus Rialachán 59 UNECE a chur in ionad na gceanglas teicniúil atá leagtha síos in Iarscríbhinn III.
Airteagal 11 An tarmligean a fheidhmiú
1. Tugtar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.
2. Déanfar na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama ó dháta glactha an Rialacháin seo.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a chúlghairm am ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh san Iris Oifigiúil nó ag dáta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 10(1) i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear aon mhí amháin leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.
Airteagal 12 Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe
1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de dhá mhí tar éis an dáta a fhaightear fógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear síneadh mí amháin leis an tréimhse sin.
2. Más rud é, ar dhul in éag don tréimhse sin, nach bhfuil agóid déanta i gcoinne an ghnímh tharmligthe ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle, nó más rud é, roimh an dáta sin, go gcuireann an dá institiúid sin fógra chuig an gCoimisiún Eorpach á rá go bhfuil cinneadh déanta acu gan agóidí a dhéanamh, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ar an dáta atá luaite ina fhorálacha.
3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a mbeidh agóid á déanamh aici na cúiseanna atá le hagóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.
Airteagal 13 Nós imeachta práinne
1. Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi Airteagal 10(1), tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Luafar na cúiseanna ar úsáideadh an nós imeachta práinne san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(5). Ina leithéid de chás, déanfaidh an Coimisiún an gníomh a aisghairm gan mhoill tar éis fógra a thabairt faoi chinneadh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle agóid a dhéanamh.
Airteagal 14 Forálacha idirthréimhseacha
1. Ní neamhbhaileoidh an Rialachán seo aon chineálcheadú de chuid an AE a tugadh d’fheithiclí nó do chórais, do chomhpháirteanna nó d’aonaid theicniúla ar leith roimh an dáta atá leagtha síos in Airteagal 16.
2. Leanfaidh údaráis an cheadaithe de shíneadh cheaduithe na bhfeithiclí, na gcóras, na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil leithleach sin a dheonú faoi théarmaí Threoir 70/157/CEE.
3. Go dtí an [DÁTA: Ar feadh na chéad chúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], feithiclí ina bhfuil gléasra cumhachta hibrideach sraithe, agus ina bhfuil inneall dócháin breise gan chúpláil mheicniúil leis an ngléasra cumhachta, beidh siad ar eisiamh ó cheanglais Airteagal 8.
Airteagal 15 Aisghairm
1. Aisghairtear Treoir 70/157/CEE.
2. Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.
Airteagal 16 Teacht i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm aige ó [dhá bhliain tar éis a ghlactha].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
[...] [...]
LIOSTA IARSCRÍBHINNÍ
Iarscríbhinn I Cineálcheadú an AE maidir le leibhéal fuaime cineáil feithicle
Foscríbhinn 1: Doiciméad faisnéise
Foscríbhinn 2: Múnla do Dheimhniú Chineálcheadú an AE
Foscríbhinn 3: Sonraí na feithicle agus na tástála
Iarscríbhinn II Modhanna agus uirlisí chun an torann a dhéanann mótarfheithiclí a thomhas
Foscríbhinn 1: Figiúir
Iarscríbhinn III Luachanna teorainneacha
Iarscríbhinn IV Córais tosta ina bhfuil ábhar snáithíneach ionsúite fuaime
Foscríbhinn 1: Figiúr – Gaireas tástála le haghaidh riochtú trí fhrithbhualadh
Iarscríbhinn V Torann an aeir chomhbhrúite
Foscríbhinn 1: Figiúr – Suíomhanna an mhicreafóin chun torann an aeir chomhbhrúite a thomhas
Iarscríbhinn VI Seiceálacha ar chomhréireacht táirgeachta i gcomhair feithiclí
Iarscríbhinn VII Sonraíochtaí na láithreach tástála
Iarscríbhinn VIII || An modh tomhais chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhforálacha breise maidir le hastaíocht fuaime
|| Foscríbhinn 1: Ráiteas comhlíontachta i leith na bhforálacha breise maidir le hastaíocht fuaime
Iarscríbhinn IX Bearta chun inchloisteacht feithiclí hibrideacha agus leictreonacha a áirithiú
Iarscríbhinn X || Cineálcheadú an AE maidir le leibhéal fuaime sceithchóras mar aonaid theicniúla leithleacha (sceithchórais athsholáthair)
|| Foscríbhinn 1: Doiciméad faisnéise
|| Foscríbhinn 2: Múnla do Dheimhniú Chineálcheadú an AE
|| Foscríbhinn 3: Múnla do mharc chineálcheadú an AE
|| Foscríbhinn 4: Gaireas tástála
|| Foscríbhinn 5: Pointí tomhais – Cúlbhrú
Iarscríbhinn XI Seiceálacha ar chomhréireacht táirgeachta i gcomhair sceithchóras mar aonaid theicniúla leithleacha
Iarscríbhinn XII Tábla Comhghaoil
Iarscríbhinn I
Cineálcheadú an AE maidir le leibhéal fuaime cineáil feithicle
1. || IARRATAS AR CHINEÁLCHEADÚ AN AE LE hAGHAIDH CINEÁIL FEITHICLE
1.1. || Is é monaróir na feithicle a chuirfidh isteach an t-iarratas ar chineálcheadú an AE de bhun Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 2007/46/CE le haghaidh feithicle maidir lena leibhéal fuaime.
1.2. || Tá múnla don doiciméad faisnéise tugtha i bhFoscríbhinn 1.
1.3. || Ní mór don mhonaróir feithicil atá ionadaíoch don chineál a bhfuil sé ag iarraidh cineálcheadú ina leith a chur isteach chuig na seirbhísí teicniúla atá freagrach as na tástálacha.
1.4 || Arna iarraidh do na seirbhísí teicniúla, ní mór eiseamal den sceithchóras agus inneall den toilleadh sorcóra céanna agus den chumhacht uasta rátaithe chéanna, ar a laghad, is atá feistithe ar an bhfeithicil a bhfuiltear ag iarraidh cineálcheadú ina leith a chur isteach freisin.
2. || MARCÁLACHA
2.1. || Ní mór an méid seo a leanas a bheith ar chomhpháirteanna an sceithchórais agus an chórais iontógála, cé is moite de crua‑earraí greamaitheach agus píobáin:
2.1.1. || trádmharc nó trádainm mhonaróir na gcóras agus a gcomhpháirteanna;
2.1.2. || tuairisc thrádála an mhonaróra.
2.2. || Ní mór na marcálacha sin a bheith soléite agus doscriosta, fiú má tá an córas feistithe ar an bhfeithicil.
3. || DEONÚ CHINEÁLCHEADÚ AN AE LE hAGHAIDH CINEÁIL FEITHICLE
3.1. || Má chomhlíontar na ceanglais ábhartha, deonófar cineálcheadú an AE de bhun Airteagal 9(3) agus, más infheidhme, Airteagal 10(4) de Threoir 2007/46/CE.
3.2. || Tá múnla do dheimhniú chineálcheadú an AE tugtha i bhFoscríbhinn 2.
3.3. || Sannfar uimhir cheadaithe do gach cineál feithicle arna cheadú i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2007/46/CE. Ní shannfaidh an Ballstát céanna an uimhir chéanna do chineál feithicle eile
4. || LEASUITHE AR CHINEÁLCHEADUITHE
|| I gcás athruithe ar an gcineálcheadú de bhun an Rialacháin seo, beidh feidhm ag forálacha Airteagail 13, 14, 15, 16 agus 17(4) de Threoir 2007/46/CE.
5. || SOCRUITHE MAIDIR LEIS AN gCOMHRÉIREACHT TÁIRGEACHTA
5.1. || Déanfar bearta chun comhréireacht táirgeachta a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 12 de Threoir 2007/46/CE.
5.2. || Forálacha speisialta:
5.2.1. || Na tástálacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo, comhfhreagraíonn siad do na tástálacha dá dtagraítear i bpointe 2.3.5 d'Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.
5.2.2. || Uair gach re bliain de ghnáth a bheidh i gceist le minicíocht na gcigireachtaí dá dtagraítear i bpointe 3 d'Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.
Foscríbhinn 1
Doiciméad faisnéise Uimh. ... de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE[18] maidir le cineálcheadú an AE le haghaidh feithicle i dtaca leis an leibhéal fuaime atá ceadaithe agus an sceithchóras
Más infheidhme an fhaisnéis seo a leanas, ní foláir trí chóip di agus liosta den inneachar san áireamh a sholáthar. Ní foláir aon líníochtaí a sholáthar sa scála iomchuí agus iad mionsonraithe go leor ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní foláir go mbeidh grianghraif, más ann dóibh, mionsonraithe go leor.
Má tá rialtáin leictreonacha ag na córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla leithleacha, ní foláir faisnéis maidir lena bhfeidhmiú a sholáthar.
0. Gnéithe Ginearálta
0.1. Déantús (trádainm an mhonaróra):
0.2. Cineál agus tuairiscí ginearálta:
0.3. Modh sainaitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil (b):
0.3.1. Suíomh na marcála sin:
0.4. Catagóir na feithicle (c):
0.5. Ainm agus seoladh an mhonaróra:
0.8. Seoladh (nó seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:
1. Saintréithe ginearálta tógala na feithicle
1.1. Grianghraif agus/nó líníochtaí d’fheithicil ionadaíoch:
1.3.3. Acastóirí arna gcumhachtú (líon, ionad, idirnasc):
1.6. Suíomh agus leagan amach an innill:
2. Maiseanna agus toisí (e) (in kg agus mm) (Déan tagairt do líníocht más iomchuí)
2.4. Raon thoisí na feithicle (foriomlán)
2.4.1. Don fhonnadh gan chabhail
2.4.1.1. Fad (j):
2.4.1.2. Leithead (k):
2.4.2. Don fhonnadh leis an gcabhail
2.4.2.1. Fad (j):
2.4.2.2. Leithead (k):
2.6. Mais na feithicle leis an gcabhail in ord reatha, nó mais an fhonnaidh leis an gcábán mura bhfeistíonn an monaróir an chabhail (le trealamh caighdeánach, lena n-áirítear fuarthán, olaí, breosla, uirlisí, roth spártha agus an tiománaí) (o) (uasta agus íosta):
3. Gléasra cumhachta (q)
3.1. Monaróir:
3.1.1. Cód innill an mhonaróra: (Mar atá marcáilte ar an inneall, nó modh eile sainaitheantais)
3.2. Inneall dócháin inmheánaigh
3.2.1.1. Prionsabal oibre: adhaint dheimhneach/adhaint chomhbhrú, ceithre bhuille/dhá bhuille[19].
3.2.1.2. Líon agus leagan amach sorcóirí:
3.2.1.2.3. Ord lasta:
3.2.1.3. Toilleadh an innill (s): cm3
3.2.1.8. Glanchumhacht uasta (t): kW ag ISN (luach arna dhearbhú ag an monaróir)
3.2.4. Cothú breosla
3.2.4.1. Trí charbradóir(í): tá/níl[20]
3.2.4.1.2. Cineál(acha):
3.2.4.1.3. An líon atá feisithe:
3.2.4.2. Trí instealladh breosla (adhaint chomhbhrú amháin): tá/níl[21]
3.2.4.2.2. Prionsabal oibre: Instealladh díreach/réamhchuasán/cuasán suaite[22]
3.2.4.2.4. Rialtóir
3.2.4.2.4.1. Cineál:
3.2.4.2.4.2.1. Pointe scoite faoi lucht: ISN
3.2.4.3. Trí instealladh breosla (adhaint dheimhneach amháin): tá/níl[23]
3.2.4.3.1. Prionsabal oibre: Ilchóipire iontógála (aonphointe/ilhpointe)[24]/instealladh díreach/eile(sonraigh)[25]
3.2.8. Córas iontógála
3.2.8.4.2. Scagaire aeir, líníochtaí; nó
3.2.8.4.2.1. Déantús (Déantúis):
3.2.8.4.2.2. Cineál(acha):
3.2.8.4.3. córas tosta iontógála, líníochtaí; nó
3.2.8.4.3.1. Déantús (Déantúis):
3.2.8.4.3.2. Cineál(acha):
3.2.9. Sceithchóras
3.2.9.2. Tuairisc ar an sceithchóras agus/nó líníocht de:
3.2.9.4. Córais tosta an sceite:
Don chóras tosta tosaigh, láir, cúil: tógáil, cineál, marcáil, más ábhartha maidir le torann seachtrach: bearta laghdaithe in urrann an innill agus ar an inneall:
3.2.9.5. Suíomh na sceith-easraise:
3.2.9.6. Córas tosta sceite ina bhfuil ábhair snáithíneacha:
3.2.12.2.1. Tiontaire catalaíoch: tá/níl[26]
3.2.12.2.1.1. Líon na dtiontairí catalaíocha agus na n-eilimintí:
3.3. Mótar leictreach
3.3.1. Cineál (tochras, floscadh):
3.3.1.1. Aschur uasta in aghaidh na huaire: kW
3.3.1.2. Voltas oibriúcháin: V
3.4. Innill nó mótair eile nó teaglamaí díobh (mionsonraí maidir le páirteanna na n-inneall nó na mótar sin):
4. Traiseoladh (v)
4.2. Cineál (meicniúil, hiodrálach, leitreach, etc.):
4.6. Cóimheasa giaranna
Giar || cóimheasa inmheánacha an ghiarbhosca (cóimheasa idir an t-inneall agus imrothluithe sheafta aschuir an ghiarbhosca) || Cóimheasa tiomána deiridh (cóimheas idir imrothluithe sheafta aschuir an ghiarbhosca agus imrothluithe an rotha tiomáinte) || Iomlán cóimheasa giaranna
Uasmhéid le haghaidh CVT[27] 1 2 3 … Íosmhéid le haghaidh CVT[28] Cúlú || || ||
4.7. Luas uasta na feithicle (agus an giar ina mbaintear amach é) (in km san uair) (w):
6. Crochadh
6.6. Boinn agus rothaí
6.6.2. Teorainneacha uasta agus íosta na ngathanna rollta
6.6.2.1. Acastóir 1:
6.6.2.2. Acastóir 2:
6.6.2.3. Acastóir 3:
6.6.2.4. Acastóir 4:
etc.
9. Cabhail (níl sé seo infheidhme maidir le feithiclí de chatagóir M1)
9.1. Cineál cabhlach:
9.2. Ábhair arna n-úsáid agus modh tógála
12. Ilghnéitheach
12.5. Mionsonraí aon fheistí nach mbaineann leis an inneall ach atá ceaptha chun torann a laghdú (mura bhfuil siad cumhdaithe ag ítimí eile):
Faisnéis bhreise i gcás feithiclí eisbhóthair:
1.3. Líon na n-acastóirí agus na rothaí:
2.4.1. Don fhonnadh gan chabhail
2.4.1.4.1. Uillinn ascnaimh (na): ... céimeanna
2.4.1.5.1. Uillinn imeachta (nb): ... céimeanna
2.4.1.6. Scóip ón talamh (mar atá sainithe i bpointe 4.5 de roinn A d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE)
2.4.1.6.1. Idir na hacastóirí:
2.4.1.6.2. Faoi bhun an acastóra tosaigh/na n-acastóirí tosaigh:
2.4.1.6.3. Faoi bhun an acastóra cúil/na n-acastóirí cúil:
2.4.1.7. Uillinn rampa (nc): ... céimeanna
2.4.2. Don fhonnadh leis an gcabhail
2.4.2.4.1. Uillinn ascnaimh (na): ... céimeanna
2.4.2.5.1. Uillinn imeachta (nb): ... céimeanna
2.4.2.6. Scóip ón talamh (mar atá sainithe i bpointe 4.5 de roinn A d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE)
2.4.2.6.1. Idir na hacastóirí:
2.4.2.6.2. Faoi bhun an acastóra tosaigh/na n-acastóirí tosaigh:
2.4.2.6.3. Faoi bhun an acastóra cúil/na n-acastóirí cúil:
2.4.2.7. Uillinn rampa (nc): ... céimeanna
2.15. Cumas dúisithe ar fhána (an fheithicil amháin gan leantóir): … %
4.9. Difreálach faoi ghlás: tá/níl/roghnach[29]
Dáta,
Foscríbhinn 2
Múnla do Dheimhniú Chineálcheadú an AE
Uasfhormáid: A4 (210 x 297 mm))
Stampa riaracháin
Teachtaireacht maidir le
– cineálcheadú[30]
– síneadh an chineálcheadaithe[31]
– diúltú an chineálcheadaithe[32]
– aistarraingt an chineálcheadaithe[33]
i gcás cineáil feithicle/comhpháirte/aonaid theicniúil leithligh[34] i dtaca le Treoir …/…/AE, arna leasú go deireanach le Treoir …/…/AE.
Uimhir chineálcheadaithe:
An chúis atá leis an síneadh:
ROINN I
0.1. Déantús (trádainm an mhonaróra):
0.2. Cineál agus tuairiscí ginearálta:
0.3. Modh sainaitheantais an chineáil má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil/comhpháirt/aonad teicniúil leithleach[35][36]
0.3.1. Suíomh na marcála sin:
0.4. Catagóir na feithicle[37]:
0.5. Ainm agus seoladh an mhonaróra:
0.7. I gcás comhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach, suíomh agus modh inar greamaíodh mharc cheadú an AE:
0.8. Seoladh (nó seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála
ROINN II
1. Faisnéis bhreise (nuair is infheidhme): Féach Foscríbhinn 3
2. An tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh:
3. Dáta na tuarascála tástála:
4. Uimhir na tuarascála tástála:
5. Barúlacha (más ann dóibh): Féach Foscríbhinn 3
6. Áit:
7. Dáta:
8. Síniú:
9. Tá inneács an phacáiste faisnéise arna thaisceadh le húdarás an cheadaithe, agus is féidir a fháil ach é a iarraidh, faoi iamh.
Foscríbhinn 3
Sonraí na feithicle agus na tástála[38]
1. || Trádainm nó trádmharc na feithicle
2. || Cineál na feithicle
2.1. || Uasmhais le leathleantóir san áireamh (más infheidhme)
3. || Ainm agus seoladh an mhonaróra
4. || Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra, más infheidhme
5. || Inneall:
5.1. || Monaróir:
5.2. || Cineál:
5.3. || Samhail:
5.4. || Cumhacht uasta rátaithe (ECE): ............. kW ag ............. ISN.
5.5. || Cineál an innill: e.g. adhaint dheimhneach, adhaint chomhbhrú, etc.1/
5.6. || Timthriallta: dhá bhuille nó ceithre bhuille (más infheidhme)
5.7. || An toilleadh sorcóra (más infheidhme)
6. || Traiseoladh: giarbhosca láimhe/giarbhosc uathoibríoch 2/
6.1. || Líon na ngiaranna
7. || Trealamh:
7.1. || Córais tosta an sceite:
7.1.1. || Monaróir nó a ionadaí údaraithe (más ann dó)
7.1.2. || Samhail:
7.1.3. || Cineál: .......... i gcomhréir le líníocht Uimh.: ................
7.2. || Córais tosta na hiontógála:
7.2.1. || Monaróir nó a ionadaí údaraithe (más ann dó)
7.2.2. || Samhail:
7.2.3. || Cineál: .......... i gcomhréir le líníocht Uimh.: ................
7.3. || Eilimintí an imchochlaithe
7.3.1. || Eilimintí an imchochlaithe torainn mar atá sainithe ag monaróir na feithicle
7.3.2. || Monaróir nó a ionadaí údaraithe (más ann dó)
7.4. || Boinn
7.4.1. || Méideanna na mbonn (de réir acastóra):
8. || Toisí:
8.1. || Fad na feithicle (lveh): ……..… mm
8.2. || An pointe ag a dtosaítear ag brú an luasaire: .......... m roimh líne AA’
8.2.1. || Luas an innill i ngiar i ag: AA' / PP' 1/ ….. ISN
|| BB’ .…. ISN
8.2.2. || Luas an innill i ngiar (i+1) ag: AA' / PP' 1/ ..… ISN
|| BB' ..… ISN
8.3. || Uimhir chineálcheadaithe an bhoinn/na mbonn:
|| mura bhfuil sin ar fáil, tabharfar an fhaisnéis a leanas:
8.3.1. || Monaróir na mbonn
8.3.2. || Tuairisc(í) tráchtála ar an gcineál boinn (de réir acastóra), (e.g. trádainm, treoiruimhir luais, treoiruimhir ualaigh):……………………………………………………………
8.3.3. || Méideanna na mbonn (de réir acastóra):...............................................................
8.3.4. || Uimhir chineálcheadaithe (más infheidhme):.......................................................
8.4. || Leibhéal torainn na feithicle agus í ag gluaiseacht:
|| Toradh tástála (Lurban):…………… dB(A)
|| Toradh tástála (Lwot):…………….. dB(A)
|| Toradh tástála (Lcruise):…………… dB(A)
|| kP – fachtóir: …………………..
8.5. || Leibhéal torainn na feithicle agus í ina stad:
|| Suíomh agus treo an mhicreafóin (de réir fhigiúr 2 i bhFoscríbhinn I d'Iarscríbhinn II)
|| Toradh na tástála agus an fheithicil ina stad:... dB(A)
8.6. || Leibhéal torainn an aeir chomhbhrúite:
|| Toradh tástála maidir le
|| -an coscán seirbhíse: …………. dB(A)
|| -an coscán páirceála: …………. dB(A)
|| -cur i ngníomh an rialtóra brú: …… dB(A)
9. || Cuireadh an fheithicil isteach le haghaidh a ceadaithe an:
10. || An tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha cineálcheadaithe:
11. || Dáta na tuarascála tástála a d'eisigh an tseirbhís sin:
12. || Uimhir na tuarascála tástála a d'eisigh an tseirbhís sin:
13. || Suíomh mharc an cheadaithe ar an bhfeithicil
14. || Áit
15. || Dáta
16. || Síniú
17. || Tá na doiciméid a leanas, a bhfuil an uimhir cheadaithe thuasluaite orthu, i gceangal leis an doiciméad seo: …………………………………………………………………………
|| ………………………………………………………………………………………….
|| líníochtaí agus/nó grianghraif, léaráidí agus pleananna den inneall agus den chóras laghdaithe torainn;
|| liosta na gcomhpháirteanna, arna sainaithint mar is cóir, a chomhdhéanann an córas laghdaithe torainn.
18. || An fáth le síneadh an cheadaithe:
19. || Barúlacha
_____________________________________
1/ Má úsáidtear inneall speisialta, ba cheart é sin a lua.
2/ Scrios an ceann nach mbaineann le hábhar.
Iarscríbhinn II
Modhanna agus uirlisí chun an torann a dhéanann mótarfheithiclí a thomhas
1. || MODHANNA TOMHAIS
1.1. || Déanfar an torann a dhéanann an cineál feithicle arna chur isteach le haghaidh a cheadaithe a thomhas ag úsáid an dá mhodh a bhfuil tuairisc orthu san Iarscríbhinn seo maidir le feithicil ag gluaiseacht agus maidir le feithicil ina stad43. I gcás feithicle nach mbíonn inneall dócháin inmheánaigh ag oibriú inti nuair atá an fheithicil ina stad, ní dhéanfar ach an torann a dhéantar agus an fheithicil ina stad a thomhas. Beidh feithiclí a bhfuil uasmhais cheadaithe de bhreis agus 2800 kg acu faoi réir tomhais bhreise, i.e. torann an aeir chomhbhrúite a thomhas agus an fheithicil ina stad, i gcomhréir le sonraíochtaí Iarscríbhinn V, má tá an trealamh comhfhreagrach coscánaithe ina chuid den fheithicil.
1.2. || Cuirfear an dá luach a dhéanfar a thomhas i gcomhréir leis na tástálacha atá leagtha amach i bpointe 1.1 isteach sa tuarascáil tástála agus cuirfear ar fhoirm iad atá i gcomhréir leis an múnla atá leagtha síos i bhFoscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I.
2. || UIRLISÍ TOMHAIS
2.1. || Tomhais fuaime
|| Ní mór beachtmhéadar fuaimleibhéil a úsáid chun an leibhéal torainn a thomhas nó córas tomhais coibhéiseach a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann le huirlisí d’aicme 1 (lena n‑áirítear an gaothscáth atá molta, más gá). Tugtar tuairisc ar na ceanglais sin sa dara heagrán de IEC 61672-1:2002: Precision sound level meters ón gCoimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC).
|| Chun na tomhais a dhéanamh úsáidfear “freagairt ghasta” na huirlise tomhais fuaime agus an cuar ualúcháin “A”, a dtugtar tuairisc orthu freisin in IEC 61672-1:2002. Agus córas á úsáid lena ndéantar faireachán treimhsiúil ar an leibhéal fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin "A", ba cheart an leibhéal a léamh ar a laghad gach 30 ms (milleasoicindí).
|| Déanfar na huirlisí a chothabháil agus a chalabrú i gcomhréir le treoracha mhonaróir na huirlise.
43 Déantar tástáil ar fheithicil atá ina stad chun luach tagartha a sholáthar do lucht riaracháin ar mhaith leo an modh seo a úsáid chun feithiclí atá in úsáid a sheiceáil.
2.2. || Na ceanglais a chomhlíonadh
|| Fíorófar go gcomhlíonann an ionstraimíocht maidir le tomhas fuaime na ceanglais le deimhniú bailí comhlíontachta. Glacfar leis go bhfuil na deimhnithe sin bailí má rinneadh comhlíonadh na gcaighdeán a dheimhniú laistigh den tréimhse 12 mhí roimhe sin le haghaidh na feiste calabraithe fuaime agus laistigh den tréimhse 24 mí roimhe sin le haghaidh an chórais ionstraimíochta. Ní mór na tástálacha comhlíontachta go léir a dhéanamh i saotharlann a bhfuil údarás aici calabrúcháin a dhéanamh atá i gcomhréir leis na caighdeáin iomchuí.
2.3. || An córas tomhais fuaime a chalabrú do sheisiúin tomhais
|| Ag tús agus ag deireadh gach seisiún tomhais, déanfar an córas tomhais fuaime ar fad a sheiceáil le calabróir fuaime a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh calabróirí fuaime a bhaineann le beacht‑aicme 1 de réir IEC 60942: 2003. Mura ndéantar aon choigeartú eile, beidh an difear idir na léamha níos lú ná 0.5 dB nó cothrom leis sin. Má théitear thar an luach sin, caithfear amach torthaí na dtomhas arna bhfáil tar éis na seiceála sásúla deireanaí roimhe sin.
2.4. || Ionstraimíocht le haghaidh tomhas luais
|| Déanfar luas an innill a thomhas le hionstraimíocht atá ar a laghad ± 2 faoin gcéad beacht ag na luasanna innill is gá chun na tomhais a dhéanamh. Déanfar luas bóthair na feithicle a thomhas le hionstraimíocht atá chomh beacht le ± 0.5 km/h ar a laghad i gcás feistí tomhais leanúnaigh a úsáid. Má úsáidtear tomhais neamhspleácha luais chun tástáil a dhéanamh, ní mór don ionstraimíocht sin critéir sonraíochta a chomhlíonadh (± 0.2 km/h ar a laghad).
2.5. || Ionstraimíocht mheitéareolaíoch
|| San ionstraimíocht mheitéareolaíoch arna húsáid chun faireachán a dhéanamh ar na dálaí comhshaoil le linn na tástála, áireofar na feistí seo a leanas, atá chomh beacht is a luaitear thíos ar laghad: - feiste chun teocht a thomhas, ±1 °C; - feiste chun luas na gaoithe a thomhas, ±1.0 m/s; - feiste chun brú baraiméadrach a thomhas, ± 5 hPa - feiste chun bogthaise choibhneasta a thomhas, ± 5 faoin gcéad.
3. || COINNÍOLLACHA TOMHAIS
3.1. || Láthair tástála1/ agus coinníollacha comhthimpeallacha
|| Beidh an láthair tástála comhréidh den chuid is mó. Beidh dromchla an raoin tástála tirim. Beidh an láthair tástála de chineál a fhágfaidh nach rachaidh diallais ó eisréimneacht leathsféarúil fuaime thar ± 1 dB nuair a chuirtear foinse torainn bhig uilethreoch ar a dromchla ag an bpointe lárnach (an pointe ag a dtrasnaíonn líne micreafóin PP'[39] lár líne lána feithicle CC'[40]).
|| Glactar leis go gcomhlíontar an choinníoll sin má chomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
|| (a) Má tá an spás laistigh de gha 50 m ó lár an raoin saor ó réada móra frithchaiteacha amhail fálta, carraigeacha, droichid nó foirgnimh;
|| (b) Má tá an raon tástála agus dromchla na láithreach tirim agus saor ó ábhair ionsúiteacha amhail sneachta phúdrach nó smionagar scaoilte;
|| (c) Mura bhfuil aon bhacainn ann, i gcóngar an mhicreafóin, a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an réimse fuaime agus mura bhfuil aon duine suite idir an micreafón agus foinse an torainn. Má tá an breathnóir ar an méadar suite sa dóigh is nach n‑imreoidh sé tionchar ar léamh an mhéadair.
|| Ní dhéanfar tomhais le linn drochaimsire. Ní mór a áirithiú nach ndéanann séideáin gaoithe difear do na torthaí.
|| Ba cheart an ionstraimíocht mheitéareolaíoch a shuíomh taobh leis an limistéar tástála ag 1.2 m ar airde ± 0.02 m. Déanfar na tomhais nuair atá an teocht chomhthimpeallach idir +5 °C agus +40 °C.
|| Ní dhéanfar na tástálacha má tá luas na gaoithe, lena n‑áirítear séideáin gaoithe, ag leibhéal an mhicreafóin níos mó ná 5 m/s, le linn an eatraimh chun torann a thomhas. Déanfar luach do theocht, luas agus treo na gaoithe, bogthaise choibhneasta, agus do bhrú baraiméadrach a thaifeadadh le linn an eatraimh chun torann a thomhas.
|| Aon bhuaic sa torann ar léir nach mbaineann sé le saintréithe leibhéal ginearálta torainn na feithicle, déanfar neamhaird de sin agus an méadar á léamh.
|| Déanfar an torann cúlra a thomhas ar feadh 10 soicind go díreach roimh shraith tástálacha ar fheithiclí agus díreach ina diaidh. Déanfar na tomhais leis na micreafóin chéanna agus na suíomhanna micreafóin céanna agus a bhí in úsáid le linn na tástála. Déanfar an leibhéal torannbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin "A" a thuairisciú.
|| Beidh an torann cúlra (lena n‑áirítear aon torann ón ngaoth) ar a laghad 10 dB faoin leibhéal torannbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin "A" atá ag an bhfeithicil atá á tástáil. Má tá difríocht d’idir 10 agus 15 dB(A) idir an torann comhthimpeallach agus an torann arna thomhas, ní mór méid iomchuí a bhaint de na léamha ón méadar torannleibhéil chun torthaí na tástála a ríomh, de réir mar atá leagtha amach sa tábla seo a leanas:
1/ || I gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.
Difríocht idir an torann comhthimpeallach agus an torann atá le tomhas dB(A) || 10 || 11 || 12 || 13 || 14 || 15
Ceartúchán dB(A) || 0.5 || 0.4 || 0.3 || 0.2 || 0.1 || 0.0
3.2. || Feithicil
3.2.1. || Roghnófar an fheithicil atá le tástáil sa dóigh is go gcomhlíonfaidh gach feithicil den chineál céanna a chuirfear ar an margadh ceanglais an Rialacháin seo. Déanfar na tomhais gan aon leantóir, seachas i gcás feithiclí nach bhfuil indeighilte. Déanfar feithiclí a thomhas ag an mais tástála mt de réir mar atá sonraithe sa tábla seo a leanas:
Catagóir na feithicle || Mais tástála na feithicle (mt)
M1 || mt = mro
N1 || mt = mro
N2, N3 || mt = 50 kg in aghaidh an kW de chumhacht rátaithe innill Cuirfear ualú breise os cionn an acastóra cúil tiomáinte/na n‑acastóirí cúil tiomáinte chun mais tástála na feithicle a bhaint amach. Tá an ualú breise teoranta do 75 faoin gcéad den uasmhais atá ceadaithe don acastóir cúil. Ní mór lamháltas de ± 5 faoin gcéad a bheith ann don mhais tástála. Murar féidir meáchanlár an ualaithe bhreise a ailíniú le lár an acastóra cúil, ní rachaidh mais tástála na feithicle thar iomlán ualach an acastóra tosaigh agus an acastóra cúil nuair atá an fheithicil folamh chomh maith leis an ualú breise. Is ionann an mhais tástála d'fheithiclí a bhfuil breis agus dhá acastóir acu agus an mhais tástála d'fheithiclí a bhfuil dhá acastóir acu.
M2, M3 || mt = mro – mais an chomhalta foirne (más infheidhme)
3.2.2. || Tá astaíochtaí fuaime ó rolladh bonn leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 maidir le sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí. Beidh na boinn a úsáidfear don tástáil ionadaíoch don fheithicil agus roghnóidh monaróir na feithicle iad agus déanfar iad a thaifeadadh i bhFoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Freagróidh siad do cheann de na méideanna bonn atá ainmnithe don fheithicil mar bhuntrealamh. Tá an cineál boinn sin ar fáil nó beidh sé ar fáil ar bhonn tráchtála ar an margadh ag an am céanna leis an bhfeithicil. 2/ Beidh na boinn teannta go dtí an brú atá molta ag monaróir na feithicle do mhais tástála na feithicle. Beidh ar a laghad an doimhneacht snáithe dhleathach ag na boinn.
3.2.3. || Sula dtosaítear ag déanamh na dtomhas, cuirfear an t‑inneall ag obair faoina ghnáthdhálaí oibrithe.
3.2.4. || Má tá an fheithicil feistithe le níos mó ná tiomáint dhá roth, déanfar é a thástáil faoin tiomáint atá beartaithe le haghaidh gnáthúsáide ar an mbóthar.
3.2.5. || Má tá an fheithicil feistithe le gaothrán nó le gaothráin a bhfuil meicníocht ghníomhaithe uathoibríoch acu, ní chuirfear isteach ar an gcóras sin agus na tomhais á ndéanamh.
3.2.6. || Má tá an fheithicil feistithe le sceithchóras ina bhfuil ábhair shnáithíneacha, ní mór cóireáil a dhéanamh ar an sceithchóras sula ndéantar an tástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.
2/ || Ós rud é go gcuireann na boinn go mór le hastaíochtaí fuaime na feithicle, ní mór aird a thabhairt ar fhorálacha rialála atá ann cheana agus a bhaineann le astaíochtaí fuaime bonn/bóthair. Arna iarraidh sin don mhonaróir i gcomhréir le Rialachán Uimh. 117 de chuid an UNECE (IO L 231, 29.8.2008, lch. 19), eiseofar boinn tarraingthe, boinn sneachta agus boinn le haghaidh úsáide speisialta agus tomhais á ndéanamh maidir le cineál‑cheadú agus comhréireacht táirgeachta.
4. || MODHANNA TÁSTÁLA
4.1. || Torann feithiclí atá ag gluaiseacht a thomhas
4.1.1. || Coinníollacha ginearálta tástála
|| Déanfar dhá líne, AA' agus BB', agus iad comhthreomhar le líne PP' agus suite 10 m faoi seach chun tosaigh ó líne PP' agus 10 m taobh thiar de líne PP', a mharcáil ar an rúidbhealach tástála.
|| Déanfar ar a laghad ceithre thomhas ar gach taobh den fheithicil agus do gach giar. Féadfar réamh-thomhas a dhéanamh chun críoch coigeartaithe, ach déanfar neamhshuim díobh sin.
|| Beidh an micreafón suite 7.5 m ± 0.05 m ó líne thagartha CC' ar an raon agus 1.2 m ± 0.02 m os cionn na talún.
|| Beidh an ais thagartha le haghaidh coinníollacha saora úsáide (féach IEC 61672‑1:2002) cothrománach agus díreofar é go hingearach i dtreo chosán líne feithicle CC'.
4.1.2. || Coinníollacha sonracha tástála d’fheithiclí
4.1.2.1. || Feithiclí i gcatagóirí M1, M2 ≤ 3500 kg, N1
|| Leanfaidh cosán lárlíne na feithicle líne CC' chomh géar agus is féidir le linn na tástála, ó dhruidim le líne AA' go dtéann cúl na feithicle thar líne BB'. Má tá an fheithicil feistithe le níos mó ná tiomáint dhá roth, déanfar é a thástáil faoin tiomáint atá beartaithe le haghaidh gnáthúsáide ar an mbóthar.
|| Má tá an fheithicil feistithe le traiseoladh láimhe cúnta nó le hacastóir ilghiaranna, úsáidfear an t‑ionad a úsáidtear le haghaidh gnáththiomáint uirbeach. I ngach cás, eiseofar na cóimheasa giair le haghaidh gluaiseachtaí malla, le haghaidh pairceáil nó le haghaidh coscánú.
|| Is ionann mais tástála na feithicle agus é sin atá leagtha amach sa Tábla i bpointe 3.2.1.
|| 50 km/h ± 1 km/h atá sa luas tástála vtest. Ní mór an luas tástála a bhaint amach nuair atá an pointe tagartha ag líne PP’.
4.1.2.1.1. || Cóimheas cumhachta/maise (PMR)
|| Sainítear PMR mar seo a leanas:
|| PMR = (Pn / mt) x 1000 i [kW/1000kg]
|| Úsáidtear an cóimheas cumhachta/maise (PMR) chun luasghéarú a ríomh.
4.1.2.1.2. || Luasghéarú a ríomh
|| Níl ríomhaireachtaí ar luasghéarú infheidhme ach maidir le catagóirí M1, N1 agus M2 ≤ 3500 kg.
|| Déantar na luasghéaruithe go léir a ríomh agus an fheithicil ar luasanna éagsúla ar an raon tástála3/. Úsáidtear na foirmlí arna dtabhairt thíos chun awot i, awot i+1 agus awot test a ríomh. Is é atá sa luas ag AA' nó PP' luas na feithicle nuair a théann an pointe tagartha thar AA' (vAA') nó PP' (vPP'). Sainítear an luas ag BB' nuair a théann cúl na feithicle thar BB' (vBB'). Sonrófar an modh arna úsáid chun an luasghéarú a chinneadh sa tuarascáil tástála.
|| Mar gheall ar an sainmhíniú ar phointe tagartha na feithicle, san fhoirmle thíos meastar go bhfuil fad na feithicle difriúil (lveh). Más é tosach na feithicle an pointe tagartha, 1 = lveh, ag an lár: l = ½ lveh agus ag na gcúl: l = 0.
3/ || Féach figiúr 1 in Iarscríbhinn VII
4.1.2.1.2.1 || Is mar seo a leanas atá an nós imeachta um ríomh d’fheithiclí le traiseoladh láimhe, traiseoladh uathoibríoch, traiseoltaí oiriúnaitheacha agus traiseoltaí le cóimheasa giair athraitheacha (CVTanna[41]) a dhéantar a thástáil le cóimheasa giair glasáilte:
|| awot test = ((vBB'/3.6)² - (vAA'/3.6)²) / (2*(20+l))
|| Is é a bheidh san awot test arna úsáid chun giaranna a roghnú meán na gceithre awot test i le linn gach babhta bhailí tomhais.
|| Is féidir réamh‑luasghéarú a úsáid. Déanfar an pointe ag a dtosaítear ag brú síos an luasaire roimh líne AA' a thuairisciú i sonraí na feithicle agus na tástála (féach Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I).
4.1.2.1.2.2. || Is mar seo a leanas atá an nós imeachta um ríomh d’fheithiclí le traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha agus traiseoltaí athraitheacha leanúnacha (CTVanna) a dhéantar a thástáil le cóimheasa giair nach bhfuil glasáilte:
|| Is é a bheidh san awot test arna úsáid chun giaranna a roghnú meán na gceithre awot test i le linn gach babhta bhailí tomhais.
|| I gcás inar féidir feistí nó bearta a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 4.1.2.1.4.2 a úsáid chun traiseoladh a rialú chun na ceanglais tástála a chomhlíonadh, déanfar awot test a ríomh leis an bhfoirmle seo a leanas:
|| awot test = ((vBB'/3.6)² - (vAA'/3.6)²) / (2*(20+l))
|| Is féidir réamh‑luasghéarú a úsáid.
|| I gcás nach n‑úsáidtear feistí nó bearta a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 4.1.2.1.4.2, déanfar awot test a ríomh leis an bhfoirmle seo a leanas:
|| awot_testPP-BB = ((vBB'/3.6)² - (vPP'/3.6)²) / (2*(10+l))
|| Ní úsáidfear réamh‑luasghéarú.
|| Tosófar ag brú síos an luasaire áit a théann pointe tagartha na feithicle thar líne AA'.
4.1.2.1.2.3 || Sprioc‑luasghéarú
|| Sainítear leis an sprioc‑luasghéarú a urban an luasghéarú tipiciúil i dtrácht uirbeach agus tá sé díortha ó ríomhanna staitistiúla. Braitheann a úsáid ar PMR na feithicle.
|| Sainítear an sprioc‑luasghéarú a urban mar seo a leanas:
|| a urban = 0.63 * log10 (PMR) – 0.09
4.1.2.1.2.4. || Luasghéarú tagartha
|| Sainítear leis an luasghéarú tagartha awot ref an luasghéarú ar ceangal é i rith na tástála luasghéaraithe ar an raon tástála. Braitheann a úsáid ar PMR na feithicle. Ní ionann an úsáid sin do chatagóirí sonracha feithiclí.
|| Sainítear an luasghéarú tagartha awot ref mar seo a leanas:
|| a wot ref = 1.59 * log10 (PMR) -1.41 i gcás PMR ≥ 25
|| a wot ref = a urban = 0.63 * log10 (PMR) – 0.09 i gcás PMR < 25
4.1.2.1.3. || Fachtóir cumhachta páirtí kP
|| Úsáidtear an fachtóir cumhachta páirtí (kP) (féach pointe 4.1.3.1.) le haghaidh chomhcheangal ualaithe thorthaí na tástála luasghéaraithe agus na tástála luais sheasmhaigh i gcás feithiclí de chatagóir M1 agus de chatagóir N1.
|| I ngach cás seachas i gcás tástála ar chóimheas giair aonair, ní mór a wot ref a úsáid seachas a awot test (féach pointe 3.1.3.1.).
4.1.2.1.4. || Roghnú cóimheasa giair
|| Braitheann roghnú na gcóimheas giair don tástáil ar chumas sonrach luasghéaraithe na feithicle (awot) leis an scóig lánoscailte, de réir an luasghéaraithe thagartha (awot ref ) is gá don tástáil luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte.
|| D’fhéadfadh sé go mbeidh cláir éagsúla bhogearraí ag roinnt feithiclí nó modhanna éagsúla acu don traiseoladh (e.g. ceann spórtúil, ceann don gheimhreadh nó ceann oiriúnaitheach). I gcás ina bhfuil modhanna éagsúla ag an bhfeithicil lena mbaineann luasghéaruithe bailí, cruthóidh monaróir na feithicle, chun sástacht na seirbhíse teicniúla, go ndéantar an fheithicil a thástáil sa mhodh lena mbaintear amach an luasghéarú atá chomh cosúil le a wot ref agus is féidir.
4.1.2.1.4.1. || Feithiclí le traiseoltaí láimhe, traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha nó CVTanna a dhéantar a thástáil le cóimheasa giair glasáilte
|| Is féidir cóimheasa giair a roghnú mar seo a leanas:
|| (a) Má bhaineann luasghéarú le cóimheas giair ar leith ar luasghéarú é atá inchurtha leis an luasghéarú tagartha awot ref ± 5 % agus nach dtéann thar 3.0 m/s2, déanfar an tástáil leis an gcóimheas giair sin.
|| (b) Murar féidir le haon cheann de na cóimheasa giair an luasghéarú is gá a sholáthar, ní mór cóimheas giair “i” a roghnú, a bhfuil cumas luasghéaraithe níos fearr ag baint leis ná mar a bhaineann leis an luasghéarú tagartha, agus cóimheas giair “i + 1”, a bhfuil luasghéarú níos measa ag baint leis ná mar a bhaineann leis an luasghéarú tagartha. Mura dtéann luach an luasghéaraithe i gcóimheas giair “i” thar 3.0 m/s2, ní mór an dá chóimheas a úsáid don tástáil. Déantar an cóimheas ualaithe i ndáil leis an luasghéarú tagartha awot ref a ríomh mar seo a leanas:
|| k = (a wot ref - a wot (i+1)) / (a wot (i) - a wot (i+1))
|| (c) má théann luach an luasghéaraithe i gcóimheas giair “i” thar 3.0 m/s2, úsáidfear an chéad chóimheas giair a bhfuil luasghéarú níos lú ná 3.0 m/s2 aige ach amháin má tá luasghéarú níos lú ná aurban ag baint le cóimheas giair “i + 1”. Sa chás sin, úsáidfear an dá ghiar (i agus i + 1), lena n‑áirítear giar “i” le luasghéarú a théann thar 3.0 m/s2. I gcásanna eile, ní úsáidfear aon ghiar eile. Úsáidfear an luasghéarú a bhaintear amach le linn na tástála (awot test ) seachas awot ref chun an fachtóir cumhachta páirtí (kP) a ríomh.
|| (d) Má tá traiseoladh ag an bhfeithicil le nach féidir ach cóimheas giair amháin a roghnú, déantar an tástáil luasghéaraithe sa ghiar sin. Úsáidfear an luasghéarú a bhaintear amach le linn na tástála ansin seachas awot ref chun an fachtóir cumhachta páirtí (kP) a ríomh.
|| (e) Má sháraítear an luas rátaithe innill i gcóimheas giair sula dtéann an fheithicil thar líne BB' úsáidfear an chéad ghiar eile is airde ná sin.
4.1.2.1.4.2. || Feithiclí le traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha agus CVTanna le cóimheasa giair nach bhfuil glasáilte:
|| Cuirfear roghnóir na ngiaranna sa ghiar le haghaidh lánfheidhmiú uathoibríoch.
|| Déanfar luach an luasghéaraithe awot test a ríomh mar atá sainithe i bpointe 4.1.2.1.2.2.
|| Féadfar an giar a athrú le linn na tástála go ceann níos ísle a bhfuil luasghéarú níos airde ag baint leis. Ní cheadaítear, áfach, athrú go giar níos airde agus go luasghéarú níos ísle. Seachnófar athrú giair go cóimheas giair nach n‑úsáidtear i dtrácht uirbeach.
|| Dá bhrí sin, ceadaítear bunú agus úsáid feistí leictreonacha nó meicniúla, lena n-áirítear giaranna malartacha chun athrú síos go cóimheas giair nach gnách a úsáid i gcás an choinníll shonraigh tástála i dtrácht uirbeach a chosc.
|| Beidh an luasghéarú a bhaintear amach le linn na tástála (awot test) cothrom le aurban nó níos mó ná sin.
|| Más féidir, déanfaidh an monaróir bearta le cinntiú nach mbeidh luach luasghéaraithe awot test níos mó ná 2.0 m/s2.
|| Úsáidfear an luasghéarú a bhaintear amach le linn na tástála ansin (a wot test ) seachas awot ref chun an fachtóir cumhachta páirtí (kP) a ríomh (féach pointe 4.1.2.1.3.).
4.1.2.1.5. || Tástáil luasghéaraithe
|| Saineoidh an monaróir suíomh an phointe thagartha os comhair líne AA' ag a mbeidh an luasaire brúite síos go hiomlán. Beidh an luasaire brúite síos go hiomlán (chomh sciobtha agus is féidir) nuair a shroicheann pointe tagartha na feithicle an pointe sainithe. Coinneofar brú ar an luasaire sa dóigh sin go sroichfidh cúl na feithicle líne BB'. Scaoilfear amach an luasaire ina dhiaidh sin chomh sciobtha agus is féidir. Déanfar an pointe ag a mbeidh an luasaire brúite síos go hiomlán a thuairisciú i sonraí na feithicle agus na tástála i gcomhréir le Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn II. Beidh deis ag an tseirbhís theicniúil réamh‑thástáil a dhéanamh.
|| I gcás feithicle altaí atá comhdhéanta de dhá aonad nach bhfuil indeighilte agus a mheastar a bheith ina feithicil aonair, déanfar neamhshuim den leathleantóir nuair a chinntear an pointe ag a dtéann an fheithicil thar líne BB'.
4.1.2.1.6. || Tástáil luais sheasmhaigh
|| Déanfar an tástáil luais sheasmhaigh leis an ngiar/leis na giaranna céanna a shonraítear don tástáil luasghéaraithe agus ar luas seasmhach de 50 km/h ± 1 km/h idir líne AA' agus líne BB'. Le linn na tástála luais sheasmhaigh déanfar an luasghéarú a rialú sa dóigh is go gcoinneofar luas seasmhach idir líne AA' agus líne BB' mar atá sonraithe. Má tá an giar glasáilte do thástáil an luasghéaraithe beidh an giar céanna glasáilte do thástáil an luais sheasmhaigh.
|| Ní gá an tástáil luais sheasmhaigh a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil a PMR níos lú ná 25.
4.1.2.2. || Feithiclí i gcatagóirí M2 > 3500 kg, M3, N2, N3
|| Leanfaidh cosán lárlíne na feithicle líne CC' chomh géar agus is féidir le linn na tástála, ó dhruidim le líne AA' go dtéann cúl na feithicle thar líne BB'. Déanfar an tástáil gan leantóir ná leathleantóir. Mura féidir leantóir a bhaint den fheithicil tarraingthe, ní chuirfear an leantóir san áireamh nuair a dhéantar an pointe ag a dtéann an fheithicil thar líne BB' a mheas. Má tá an fheithicil feistithe le trealamh amhail meascthóir coincréite, comhbhrúiteoir, etc, ní bheidh an trealamh sin ag obair le linn na tástála. Beidh mais tástála na feithicle i gcomhréir lena bhfuil leagtha amach sa tábla i bpointe 3.2.1.
|| Sprioc-choinníollacha do chatagóirí M2 > 3500 kg, N2
|| Nuair a théann an pointe tagartha thar líne BB' beidh luas an innill (nBB) idir 70 % agus 74 % de luas S, ar luas é sin ag a mbaineann an t‑inneall a uaschumhacht rátaithe amach, agus 35 km/h ± 5 km/h a bheidh i luas na feithicle. Áiritheofar go gcoinnítear an luasghéarú cobhsaí idir líne AA' agus líne BB'.
|| Sprioc-choinníollacha do chatagóirí M3, N3:
|| Nuair a théann an pointe tagartha thar líne BB' beidh luas an innill (nBB) idir 85 % agus 89 % de luas S, ar luas é sin ag a mbaineann an t‑inneall a uaschumhacht rátaithe amach, agus 35 km/h ± 5 km/h a bheidh i luas na feithicle. Áiritheofar go gcoinnítear an luasghéarú cobhsaí idir líne AA' agus líne BB'.
4.1.2.2.1. || Roghnú cóimheasa giair
4.1.2.2.1.1. || Feithiclí le traiseoltaí láimhe
|| Áiritheofar go gcoinnítear an luasghéarú cobhsaí. Déantar an giar a roghnú trí na sprioc‑choinníollacha. Má tá an difríocht sa luas níos mó ná an lamháltas atá leagtha amach ba cheart dhá ghiar a thástáil, i.e. giar amháin lena mbaineann luas níos gasta ná an spriocluas agus giar eile lena mbaineann luas níos moille ná an spriocluas.
|| Má chomhlíonann níos mó ná giar amháin na sprioc‑choinníollacha, roghnófar an giar a bhfuil luas aige is giorra do 35 km/h. Mura gcomhlíonann aon ghiar an sprioc‑choinníoll do vtest déanfar dhá ghiar a thástáil i.e. giar amháin lena mbaineann luas níos gasta ná vtest agus giar eile lena mbaineann luas níos moille ná vtest. Ní mór spriocluas an innill a bhaint amach i ngach cás.
|| Áiritheofar go gcoinnítear an luasghéarú cobhsaí. Mura féidir an luasghéarú a choinneáil cobhsaí i ngiar áirithe, ní mór neamhshuim a dhéanamh den ghiar sin.
4.1.2.2.1.2. || Feithiclí le traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha agus traiseoltaí le cóimheasa giair athraitheacha (CVTanna)
|| Cuirfear roghnóir na ngiaranna sa ghiar le haghaidh lánfheidhmiú uathoibríoch. Féadfar an giar a athrú le linn na tástála go ceann níos ísle a bhfuil luasghéarú níos airde ag baint leis. Ní cheadaítear, áfach, athrú go giar níos airde agus go luasghéarú níos ísle. Seachnófar athrú giair go cóimheas giair nach n‑úsáidtear i dtrácht uirbeach i gcás an choinníll shonraigh tástála. Dá bhrí sin, ceadaítear bunú agus úsáid feistí leictreonacha nó meicniúla, chun athrú síos go cóimheas giair nach gnách a úsáid i gcás an choinníll shonraigh tástála i dtrácht uirbeach a chosc.
|| Má tá an fheithicil feistithe le traiseoladh de chineál nach bhfuil ach aon roghnú giair (tiomáint) ag baint leis, a chuireann teorainn le luas an innill le linn na tástála, ní úsáidfear ach spriocluas na feithicle chun an fheithicil a thástáil. Má úsáideann an fheithicil inneall agus traiseoladh le chéile nach gcomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach i bpointe 4.1.2.2.1.1., ní úsáidfear ach spriocluas na feithicle chun an fheithicil a thástáil. Is ionann spriocluas na feithicle (vBB') don tástáil agus 35 km/h ± 5km/h. Is féidir athrú go giar níos airde agus go luasghéarú níos ísle tar éis do phointe tagartha na feithicle dul thar líne PP'. Déanfar dhá thástáil: i gceann acu is ionann an luas deiridh, vtest , agus vBB' + 5 km/h, agus sa cheann eile is ionann an luas deiridh, vtest , agus vBB' - 5 km/h. Is éard atá sa leibhéal torainn tuairiscithe an toradh a bhaineann leis an tástáil a bhain amach an luas innill is airde le linn na tástála ó líne AA' go líne BB'.
4.1.2.2.2. || Tástáil luasghéaraithe
|| Nuair a shroicheann pointe tagartha na feithicle líne AA', beidh an luasaire brúite síos go hiomlán (gan athrú síos go giar níos ísle ná mar a úsáidtear de ghnáth le haghaidh tiomáint uirbeach) agus coinneofar é brúite síos go hiomlán mar sin go dtéann cúl na feithicle thar líne BB', ach beidh an pointe tagartha ar a laghad 5 m taobh thair de líne BB' go fóill féin. Scaoilfear amach an luasaire ansin.
|| I gcás feithicle altaí atá comhdhéanta de dhá aonad nach bhfuil indeighilte agus a mheastar a bheith ina feithicil aonair, déanfar neamhshuim den leathleantóir nuair a chinntear an pointe ag a dtéann an fheithicil thar líne BB'.
4.1.3. || Torthaí a léirmhíniú
|| Déanfar nóta den leibhéal uasta fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin “A” arna léiriú gach uair a thaistealaíonn an fheithicil idir an dá líne AA' agus BB'. Má bhraitear buaic sa torann nach bhfuil ag teacht le leibhéal ginearálta an fhuaimbhrú, caithfear amach an tomhas. Déanfar ar a laghad ceithre thomhas do gach coinníoll tástála ar gach taobh den fheithicil agus do gach cóimheas giair. Féadfar an taobh clé agus an taobh deas a thomhas le chéile nó ar leithligh. Úsáidfear na chéad cheithre thomhas chomhleantacha bhailí, laistigh de 2 dB(A), agus ceadófar torthaí neamhbhailí a scriosadh (féach pointe 3.1.), úsáidfear na chéad cheithre thomhas sin chun an toradh deiridh don taobh den fheithicil atá i gceist a ríomh. Déanfar na torthaí do gach taobh a mheánú ar leithligh. Is éard atá sa toradh idirmheánach an luach is airde den dá mheán arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil.
|| Déanfar nóta de na tomhais luais ag AA', BB' agus ag PP' agus úsáidfear iad i ríomhaireachtaí go dtí an chéad fhigiúr suntasach tar éis an ionaid dheachúil.
|| Déanfar nóta den luasghéarú ríofa awot test go dtí an dara figiúr tar éis an ionaid dheachúil.
4.1.3.1. || Feithiclí i gcatagóirí M1, N1 agus M2 ≤ 3500 kg
|| Is mar seo a leanas a dhéanfar na luachanna don tástáil luasghéaraithe agus don tástáil luais sheasmhaigh a ríomh: Lwot rep = Lwot (i+1) + k * (Lwot(i)- Lwot (i+1)) Lcrs rep = Lcrs(i+1) + k * (Lcrs (i) – Lcrs (i+1)) Agus is ionann k agus (a wot ref - a wot (i+1)) / (a wot (i) - a wot (i+1))
|| I gcás tástála ar chóimheas giair aonair is ionann na luachanna agus toradh gach tástála. Déantar an toradh deiridh a ríomh trí Lwot rep agus Lcrs rep a chur le chéile mar seo a leanas: Lurban = Lwot rep – kP * (Lwot rep– Lcrs rep)
|| Leis an bhfachtóir ualúcháin (kP), soláthraítear an fachtóir cumhachta páirtí le haghaidh tiomáint uirbeach. Ach amháin i gcás tástála ar chóimheas giair aonair, déantar kP a ríomh mar seo a leanas:
|| kP = 1 – (aurban / awot ref) Mura sonraítear ach aon ghiar amháin don tástáil is mar seo a leanas a dhéantar kP a ríomh: kP = 1 – (aurban / awot test) I gcásanna ina bhfuil awot test níos lú ná aurban: kP = 0
4.1.3.2. || Feithiclí i gcatagóirí M2 > 3500 kg, M3, N2, N3
|| Nuair a dhéantar giar amháin a thástáil is ionann an toradh deiridh agus an toradh idirmheánach. Nuair a dhéantar dhá ghiar a thástáil, déanfar meán uimhríochtúil na dtorthaí idirmheánacha a ríomh.
4.2. || Torann feithiclí atá ina stad a thomhas
4.2.1. || Leibhéal fuaime i gcóngar feithiclí
|| Cuirfear torthaí na dtomhas isteach sa tuarascáil tástála dá dtagraítear i bhFoscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I.
4.2.2. || Tomhais fuaime
|| Úsáidfear beachtmhéadar fuaimleibhéil, nó córas tomhais coibhéiseach, mar a shainítear i bpointe 2.1, chun na tomhais a dhéanamh.
4.2.3. || Láthair tástála – coinníollacha áitiúla dá dtagraítear i bhfigiúr 1 d'Fhoscríbhinn 2 a ghabhann le hIarscríbhinn II
4.2.3.1. || Ní bheidh aon bhacainn ann, i gcóngar an mhicreafóin, a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an réimse fuaime agus ní bheidh aon duine suite idir an micreafón agus foinse an torainn. Beidh an breathnóir ar an méadar suite sa dóigh is nach n‑imreoidh sé tionchar ar léamh an mhéadair.
4.2.4. || Torann ó chorraíl agus trasnaíocht ón ngaoth
|| Beidh aon léamh ar na huirlisí tomhais ó thorann comhthimpeallach agus ón ngaoth ar a laghad 10 dB(A) níos lú ná an leibhéal fuaime atá le tomhas. Féadfar gaothscáth oiriúnach a fheistiú ar an micreafón ar an gcoinníoll go gcuirfear an tionchar atá aige ar íogaireacht an mhicreafóin san áireamh (féach pointe 2.1.).
4.2.5. || Modh tomhais
4.2.5.1. || Cineál agus líon na dtomhas
|| Déanfar an uasleibhéal fuaime arna shloinneadh i ndeicibeilí de réir an chuair ualúcháin “A” (dB(A)) a thomhas le linn na tréimhse oibriúcháin dá dtagraítear i bpointe 4.2.5.3.2.1.
|| Déanfar trí thomhas ar a laghad ag gach pointe tomhais.
4.2.5.2. || Suíomh agus ullmhú na feithicle
|| Beidh an fheithicil suite i lár na láithreach tástála sa ghiar neodrach agus an chrág greamaithe. Má fhágann dearadh na feithicle nach féidir é sin a dhéanamh, déanfar an fheithicil a thástáil i gcomhréir le saintreoracha an mhonaróra do thástáil inneall agus an fheithicil ina stad Sula ndéantar gach sraith tomhas, ní mór an t‑inneall a chur ag obair faoina ghnáthdhálaí oibrithe, mar atá sainithe ag an monaróir.
|| Má tá an fheithicil feistithe le gaothrán nó le gaothráin a bhfuil meicníocht ghníomhaithe uathoibríoch acu, ní chuirfear isteach ar an gcóras sin agus an leibhéal fuaime á thomhas.
|| Má tá cochall innill nó cumhdach urrainne ann beidh sé dúnta.
4.2.5.3. || Torann a thomhas i gcóngar an sceithchórais dá dtagraítear i bhfigiúr 1 d'Fhoscríbhinn 2 a ghabhann le hIarscríbhinn II
4.2.5.3.1. || Suíomhanna an mhicreafóin
4.2.5.3.1.1. || Beidh an micreafón suite 0.5 m ± 0.01 m ó phointe tagartha an sceithphíobáin atá sainithe i bhFigiúr 1, agus ar uillinn 45° (± 5°) leis an tsreabh‑ais ag deireadh an phíobáin. Beidh an micreafón ar chomhard leis an bpointe tagartha, ach ní bheidh sé níos lú ná 0.2 m ó dhromchla na talún. Beidh ais tagartha an mhicreafóin suite ar phlána comhthreomhar le dromchla na talún agus beidh sí dírithe i dtreo an phointe thagartha ar an sceith‑easrais. Má tá dhá shuíomh féideartha ann don mhicreafón, úsáidfear an ceann is faide go taobhach ó fhad‑lárlíne na feithicle. Má tá sreabh‑ais na sceith‑easraise ar uillinn 90° le fad‑lárlíne na feithicle, beidh na micreafón suite ag an bpointe is faide ón inneall.
4.2.5.3.1.2. || I gcás feithiclí a bhfuil sceithchóras acu a bhfuil easraisí aige a bhfuil níos mó ná 0.3 m eatarthu, déanfar tomhas do gach easrais. Déanfar an leibhéal is airde a thaifeadadh.
4.2.5.3.1.3. || I gcás sceithchórais a bhfuil dhá easrais nó níos mó aige a bhfuil níos lú na 0.3 m eatarthu agus atá ceangailte den chóras tosta céanna, ní dhéanfar ach tomhas amháin; baineann suíomh an mhicreafóin leis an easrais is cóngaraí do cheann de chiumhaiseanna forimeallacha na feithicle nó, mura bhfuil a leithéid d’easrais ann, baineann an suíomh leis an easrais is airde os cionn na talún.
4.2.5.3.1.4. || I gcás feithiclí a bhfuil sceithchóras ingearach acu (feithiclí tráchtála mar shampla), cuirfear an micreafón ar chomhard leis an sceith‑easrais. Beidh an ais ingearach agus dírithe in airde. Cuirfear é 0.5 m ± 0.01 m ó phointe tagartha an sceithphíobáin, ach ní bheidh sé riamh níos lú ná 0.2 m ón taobh sin den fheithicil is cóngaraí don sceithchóras.
4.2.5.3.1.5. || I gcás sceith‑easraisí atá suite faoi chabhail na feithicle, beidh an micreafón suite ar a laghad 0.2 m ón gcuid den fheithicil is cóngaraí, ag an bpointe is cóngaraí do phointe tagartha an sceithphíobáin ach nach bhfuil níos lú ná 0.5 m uaidh sin, agus atá 0.2 m os cionn na talún agus nach bhfuil ar shreabh‑ais an sceithchórais. D’fhéadfadh sé nach gcomhlíonfar an ceanglas uilleachais i bpointe 4.2.5.3.1.1. i roinnt cásanna.
4.2.5.3.2. || Dálaí oibrithe an innill
4.2.5.3.2.1. || Spriocluas an innill
|| Sainítear spriocluas an innill mar seo a leanas:
|| - 75 % de luas innill S d’fheithiclí a bhfuil luas rátaithe innill acu atá ≤ 5000 ISN - 3750 ISN d’fheithiclí a bhfuil luas rátaithe innill acu atá os cionn 5000 ISN agus faoi 7500 ISN - 50 % de luas innill S d’fheithiclí a bhfuil luas rátaithe innill acu atá ≥ 7500 ISN.
|| Mura féidir leis an bhfeithicil an luas sin a bhaint amach, beidh spriocluas an innill 5 % níos lú ná uasluas féideartha an innill don tástáil agus an fheithicil ina stad.
4.2.5.3.2.2. || Nós imeachta tástála
|| Ardófar luas an innill de réir a chéile ó luas réchasta go spriocluas an innill, gan dul thar ± 3 % de spriocluas an innill, agus coinneofar seasta é ansin. Ansin scaoilfear rialú na scóige go sciobtha agus rachaidh luas an innill ar ais go luas réchasta. Déanfar leibhéal an torainn a thomhas le linn tréimhse oibriúcháin ina mbeidh luas seasta ag an inneall ar feadh soicind amháin agus ar feadh na tréimhse luasmhoillithe ar fad. Is é an léamh is airde ón méadar fuaimleibhéil a bheidh ina luach tástála arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil.
4.2.5.3.2.3. || Bailíochtú tástála
|| Measfar go bhfuil an tomhas bailí mura n‑imíonn luas innill an tástála níos mó ná ± 3 % ó spriocluas an innill ar feadh aon soicind ar a laghad.
4.2.6. || Torthaí
|| Déanfar trí thomhas ar a laghad do gach suíomh tástála. Taifeadfar an leibhéal uasta fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin “A” le linn gach ceann de na trí thomhas a dhéanamh. Úsáidfear na chéad trí thomhas chomhleantacha bhailí, laistigh de 2 dB(A), agus ceadófar torthaí neamhbhailí a scriosadh (ag cur sonraíochtaí na láithreach tástála san áireamh mar atá leagtha amach i bpointe 3.1.), úsáidfear na chéad trí thomhas sin chun an toradh deiridh don suíomh atá i gceist a ríomh. Is é a bheidh sa toradh deiridh uasleibhéal fuaime na dtrí thomhas, do gach suíomh tástála.
Foscríbhinn 1
Figiúr 1: Suíomhanna tomhais d’fheithiclí atá ag gluaiseacht
|| T = radharc ón mbarr S = radharc ón taobh A = píobán méadraithe B = píobán atá cuartha síos C = píobán díreach D = píobán ingearach 1 = pointe tagartha 2 = dromchla an bhóthair
Figiúr 2: Pointe tagartha
||
Figiúr 3a || Figiúr 3b
||
Figiúr 3c || Figiúr 3d
Figiúir 3 a – d: Samplaí de shuíomh an mhicreafóin, ag brath ar shuíomh an sceithphíobáin.
Iarscríbhinn III
Luachanna teorainneacha
Ní sháróidh an leibhéal fuaime arna thomhas i gcomhréir leis na forálacha in Iarscríbhinn II na teorainneacha seo a leanas:
Catagóir feithicle || Tuairisc ar an gcatagóir feithicle || Luachanna teorainneacha arna sloinneadh i dB(A) [deicibeilí(A)]
|| || Luachanna teorainneacha do chineál‑cheadú cineálacha nua feithiclí || Luachanna teorainneacha do chineál‑cheadú cineálacha nua feithiclí || Luachanna teorainneacha do chlárú, díol agus cur i seirbhís feithiclí nua
|| || Céim 1 bailí ó [2 bhliain tar éis a fhoilsithe] || Céim 2 bailí ó [5 bliana tar éis a fhoilsithe] || Céim 3 bailí ó [7 mbliana tar éis a fhoilsithe]
|| || Ginearálta || Feithicil easbhóthair * || Ginearálta || Feithicil easbhóthair * || Ginearálta || Feithicil easbhóthair *
M || Feithiclí a úsáidtear chun paisinéirí a iompar || || || || || ||
M1 || líon na suíochán < 9 || 70 || 71** || 68 || 69** || 68 || 69**
M1 || líon na suíochán < 9; cóimheas cumhachta/maise > 150 kW/tona || 71 || 71 || 69 || 69 || 69 || 69
M2 || líon na suíochán > 9; mais < 2 thona || 72 || 72 || 70 || 70 || 70 || 70
M2 || líon na suíochán > 9; 2 thona < mais < 3.5 tona || 73 || 74 || 71 || 72 || 71 || 72
M2 || líon na suíochán > 9; 3.5 tona < mais < 5 thona; cumhacht rátaithe innill < 150 kW || 74 || 75 || 72 || 73 || 72 || 73
M2 || líon na suíochán > 9; 3.5 tona < mais < 5 thona; cumhacht rátaithe innill > 150 kW || 76 || 78 || 74 || 76 || 74 || 76
M3 || líon na suíochán > 9; mais > 5 thona; cumhacht rátaithe innill < 150 kW || 75 || 76 || 73 || 74 || 73 || 74
M3 || líon na suíochán > 9; mais > 5 thona; cumhacht rátaithe innill > 150 kW || 77 || 79 || 75 || 77 || 75 || 77
N || Feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar || || || || || ||
N1 || mais < 2 thona || 71 || 71 || 69 || 69 || 69 || 69
N1 || 2 thona < mais < 3.5 tona || 72 || 73 || 70 || 71 || 70 || 71
N2 || 3.5 tona < mais < 12 thona; cumhacht rátaithe innill < 75 kW || 74 || 75 || 72 || 73 || 72 || 73
N2 || 3.5 tona < mais < 12 thona; 75 < cumhacht rátaithe innill < 150 kW || 75 || 76 || 73 || 74 || 73 || 74
N2 || 3.5 tona < mais < 12 thona; cumhacht rátaithe innill > 150 kW || 77 || 79 || 75 || 77 || 75 || 77
N3 || mais > 12 thona; 75 < cumhacht rátaithe innill < 150 kW || 77 || 78 || 75 || 76 || 75 || 76
N3 || mais > 12 thona; cumhacht rátaithe innill > 150 kW || 80 || 82 || 78 || 80 || 78 || 80
* || Ní bheidh luachanna teorainneacha méadaithe bailí ach amháin má tá an fheithicil i gcomhréir leis an sainmhíniú ar fheithiclí easbhóthair atá leagtha amach i bpointe 4 de Roinn A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE an AE.
** || Maidir le feithiclí de chineál M1, ní bheidh na luachanna teorainneacha méadaithe d’fheithiclí easbhóthair bailí ach amháin má tá an uasmhais údaraithe níos mó ná 2 thona.
_________
Iarscríbhinn IV
Córais tosta ina bhfuil ábhair shnáithíneacha ionsúite fuaime
1. || Ginearálta Is féidir ábhair shnáithíneacha ionsúite fuaime a úsáid i gcórais tosta nó i gcomhpháirteanna de chórais den chineál sin má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas; (a) ní théann an gás sceite i dteagmháil leis na hábhair shnáithíneacha; (b) baineann an córas tosta nó comhpháirteanna de leis an bhfine dheartha chéanna leis na córais nó leis na comhpháirteanna ar cruthaíodh ina leith, le linn an phróisis cineál‑cheadaithe i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo maidir le cineál eile feithicle, nach dtagann meathlú orthu. I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha sin, cuirfear an córas iomlán tosta nó na comhpháirteanna de isteach le haghaidh gnáthriochtú ag úsáid ceann de na trí shuiteáil agus nós imeachta a dtugtar tuairisc orthu thíos.
1.1. || Oibríocht leanúnach bóthair ar feadh 10000 km.
1.1.1. || Tiomáint uirbeach a bheidh i gceist le 50 ± 20 % den oibríocht sin agus den chuid eile déanfar cúrsaí fad‑achair ar ardluas; is féidir clár comhfhreagrach raoin tástála a chur in ionad oibríochta leanúnaí bóthair.
1.1.2. || Ba cheart an dá chóras luais a mhalartú ar a laghad faoi dhó.
1.1.3. || Áireofar ar a laghad 10 sos de thrí uair an chloig sa clár don tástáil iomlán d’fhonn tionchar an fhuaraithe agus aon chomhdhlúthú a d’fhéadfadh a bheith ann a atáirgeadh.
1.2. || Riochtú ar bhinse tástála
1.2.1. || Ag baint úsáide as codanna caighdeánacha agus ag comhlíonadh treoracha monaróra na feithicle, ní mór an fheithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3. d’Iarscríbhinn I nó an t‑inneall dá dtagraítear i bpointe 1.4. d’Iarscríbhinn I a fheistiú leis an sceithchóras nó le comhpháirteanna de. I gcás na feithicle dá dtagraítear i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn I, ní mór an fheithicil a ghléasadh ar dhinimiméadar rollála. I gcás innill dá dtagraítear i bpointe 1.4 d’Iarscríbhinn I, ní mór an t‑inneall a chúpláil le dinimiméadar.
1.2.2. || Déanfar an tástáil i sé thréimhse atá gach ceann acu sé huaire ar fad agus sos de dhá uair déag idir gach tréimhse d’fhonn tionchar an fhuaraithe agus aon chomhdhlúthú a d’fhéadfadh a bheith ann a atáirgeadh.
1.2.3. || Le linn gach tréimhse sé huaire, cuirfear an t‑inneall ag obair, faoi na coinníollacha seo a leanas san ord seo a leanas:
|| (a) Cúig nóiméad ar luas réchasta;
|| (b) Sraith aon uaire faoi 1/4 den ualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);
|| (c) Sraith aon uaire faoi 1/2 den ualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);
|| (d) Sraith 10 nóiméad faoi lánualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);
|| (e) Sraith 15 nóiméad faoi 1/2 den ualach ar uasluas rátaithe (S);
|| (f) Sraith 30 nóiméad faoi 1/4 den ualach ar uasluas rátaithe (S);
|| Fad iomlán na sé shraith: trí huaire an chloig.
|| Is é a bheidh i ngach tréimhse dhá shraith sheicheamhacha de na coinníollacha sin in ord comhleantach ó (a) go (f).
1.2.4. || Le linn na tástála, ní dhéanfar an córas tosta nó comhpháirteanna de a fhuarú le brúshéideadh lena ionsamhlaítear gnáth‑aershreabh mórthimpeall na feithicle. Mar sin féin, arna iarraidh sin don mhonaróir, féadfar an córas tosta nó comhpháirteanna de a fhuarú le nach sárófar an teocht arna taifeadadh ag an ionraon nuair atá an fheithicil ag rith ar uasluas.
1.3. || Riochtú trí fhrithbhualadh
1.3.1. || Beidh an fheithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3. d’Iarscríbhinn I nó an t‑inneall dá dtagraítear i bpointe 1.4. d’Iarscríbhinn I feistithe leis an gcóras tosta nó le comhpháirteanna de. Sa chéad chás beidh an fheithicil gléasta ar dhinimiméadar rollála.
|| Sa dara cás beidh an t‑inneall gléasta ar dhinimiméadar. Beidh an gaireas tástála, dá bhfuil léaráid mhionsonraithe i bhFigiúr 1 san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, beidh sé feistithe ag easrais an chórais tosta. Glacfar le haon ghaireas eile a tháirgeann torthaí coibhéiseacha.
1.3.2. || Déanfar an gaireas tástála a choigeartú sa dóigh is go ndéanfar sreabhadh an gháis sceite a stopadh agus a chur ag sreabhadh arís leis an gcomhla mhearoscailte ar feadh 2500 timthriall.
1.3.3. || Osclóidh an chomhla nuair a shroichfidh cúlbhrú an gháis sceite, arna thomhas ag 100 mm ar a laghad le sruth ón bhfeire iontógtha, nuair a shroichfidh sé luach idir 0.35 agus 0.40 kPa. Dúnfaidh sí nuair nach bhfuil níos mó ná 10 % de dhifear idir an brú sin agus an luach cobhsaithe nuair atá an chomhla ar oscailt.
1.3.4. || Ní mór an lasc aga‑mhoillithe a bheith ar siúl ar feadh sceitheadh an gháis a sceitheann mar gheall ar na forálacha atá leagtha síos i bpointe 1.3.3.
1.3.5 || Is é a bheidh i luas an innill 75 % den luas (S) ag a mbaineann an t‑inneall a uaschumhacht amach.
1.3.6. || Beidh an chumhacht ar an dinimiméadar cothrom le 50 % den chumhacht leis an scóig lánoscailte arna tomhas ag 75 % de luas an innill (S).
1.3.7. || Beidh aon pholl draenála clúdaithe le linn na tástála.
1.3.8. || Tabharfar an tástáil ar fad i gcrích laistigh de 48 uair. Más gá, beidh aon tréimhse fuaraithe amháin ann tar éis gach uaire.
Foscríbhinn 1
Figiúr 1. Gaireas tástála le haghaidh riochtú trí fhrithbhualadh
1. || Feire nó muinchille ionraoin atá le ceangal de chúl an sceithchórais tástála.
2. || Comhla rialaithe lámhoibrithe.
3. || Taiscumar cúiteach a bhfuil uastoilleadh 40 lítear aige agus a bhfuil gá le soicind amháin ar a laghad le hé a líonadh.
4. || Brúlasc le raon oibriúcháin idir 0.05 agus 2.5 bar.
5. || Lasc aga‑mhoillithe
6. || Áiritheoir bíog
7. || Comhla mhearoscailte, amhail comhla choscáin an sceithchórais atá 60 mm ar trastomhas, arna hoibriú ag sorcóir neomatach a aschuireann 120 N ag 4 bar. Ní sháróidh an t‑aga freagartha, maidir le hoscailt agus dúnadh na comhla, 0.5 soicind.
8. || Folmhú gáis ón sceithchóras.
9. || Píobán solúbtha.
10. || Brúthomhsaire.
_______________
Iarscríbhinn V
Torann an aeir chomhbhrúite
1. || Modh tomhais
|| Déantar an tomhas agus micreafón ag suíomh 2 agus ag suíomh 6 d’Fhigiúr 1 leis an bhfeithicil ina stad. Déanfar an leibhéal torann is airde atá ualaithe de réir an chuair ualúcháin “A” a chlárú le linn scaoileadh an rialtóra brú agus le linn aeráil a dhéanamh tar éis na príomhchoscáin agus na coscáin páirceála a úsáid.
|| Déantar an torann nuair a scaoiltear an rialtóir brú a thomhas leis an inneall ag oibriú ar luas réchasta. Déantar an torann ón aeráil a chlárú fad is atá na príomhchoscáin agus na coscáin páirceála in úsáid; sula ndéantar gach tomhas, ní mór an t‑aer‑chomhbhrúiteoir a chur ag obair ag an mbrú oibrithe is airde atá ceadaithe, agus ansin múchtar an t‑inneall.
2. || Meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí
|| Déantar dhá thomhas do gach suíomh micreafóin. Mar chúiteamh ar mhíchruinneas sa trealamh tomhais, laghdaítear léamh an mhéadair 1 dB(A), agus is é an luach laghdaithe a nglacfar leis mar thoradh an tomhais. Meastar go bhfuil na torthaí bailí má tá an difríocht idir na tomhais ag suíomh micreafóin amháin níos lú ná 2 dB(A). Is é an luach is airde a nglacfar leis mar thoradh. Má tá an luach sin níos mó ná 1 dB(A) níos mó ná an teorainn torainn déanfar dhá thomhas eile ag an suíomh micreafóin lena mbaineann. Sa chás sin, ní mór do thrí thoradh as na ceithre cinn arna bhfáil ag an suíomh sin cloí leis an teorainn torainn.
3. || Luach teorantach
|| Ní bheidh an fuaimleibhéal níos mó ná 72 dB(A).
___________
Foscríbhinn 1
Figiúr 1: Suíomhanna an mhicreafóin chun torann an aeir chomhbhrúite a thomhas
Déantar an tomhas ag an bhfeithicil agus í ina stad de réir Fhigiúr 1, ag úsáid dhá shuíomh micreafóin atá 7 m ó chomhrian na feithicle agus 1.2 m os cionn na talún.
___________
Iarscríbhinn VI
Seiceálacha ar chomhréireacht táirgeachta i gcomhair feithiclí
1. || Ginearálta
|| Tá na ceanglais seo ag teacht leis an tástáil atá le déanamh chun comhréireacht táirgeachta a sheiceáil i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn I.
2. || Nós imeachta tástála
|| Is iad an láthair tástála agus na huirlisí tomhais a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn II a úsáidfear.
2.1. || Beidh an fheithicil/na feithiclí atá á dtástáil faoi réir na tástála chun fuaim feithiclí atá ag gluaiseacht a thomhas, mar atá leagtha amach i bpointe 4.1. d'Iarscríbhinn II.
2.2. || Fuaim an aeir chomhbhrúite
|| Aon fheithiclí a bhfuil uasmhais níos mó ná 2800 kg acu agus atá feistithe le córais aeir chomhbhrúite, ní mór an tástáil bhreise chun fuaim an aeir chomhbhrúite a thomhas a dhéanamh orthu, mar atá leagtha amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn V.
2.3. || Forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime
|| Déanfaidh monaróir na feithicle comhréireacht leis na forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime (ASEP) a mheas trí mheastóireacht iomchuí a dhéanamh nó féadfaidh sé an tástáil a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn VIII a dhéanamh.
3. || Sampláil agus meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí
|| Ní mór feithicil amháin a roghnú agus a chur faoi na tástálacha atá leagtha amach i bpointe 2. Má chomhlíonann torthaí na dtástálacha na ceanglais comhréireachta táirgeachta in Iarscríbhinn X de Threoir 2007/46/CE, measfar go bhfuil an fheithicil i gcomhréir leis na forálacha comhréireachta táirgeachta.
|| Mura gcomhlíonann torthaí ceann de na tástálacha na ceanglais comhréireachta táirgeachta in Iarscríbhinn X de Threoir 2007/46/CE, déanfar dhá fheithicil den chineál céanna a thástáil de bhun phointe 2 den Iarscríbhinn seo.
|| Má chomhlíonann torthaí na dtástálacha don dara agus don tríú feithicil na ceanglais comhréireachta táirgeachta in Iarscríbhinn X de Threoir 2007/46/CE, measfar go bhfuil an fheithicil i gcomhréir leis na forálacha comhréireachta táirgeachta.
|| Mura gcomhlíonann na torthaí tástála ón dara nó ón tríú feithicil na ceanglais comhréireachta táirgeachta in Iarscríbhinn X de Threoir 2007/46/CE, measfar nach gcomhlíonann an cineál feithicle ceanglais an Rialacháin seo agus déanfaidh an monaróir na bearta is gá chun comhréireacht leis an Rialachán a athbhunú.
___________
Iarscríbhinn VII
Sonraíochtaí na láithreach tástála
1. || Réamhrá
|| San Iarscríbhinn seo tugtar tuairisc ar na sonraíochtaí a bhaineann le saintréithe fisiciúla an raoin tástála agus le leagan síos an raoin tástála. Leis na sonraíochtaí seo atá bunaithe ar chaighdeán speisialta 1/, tugtar tuairisc ar na saintréithe fisiciúla chomh maith leis na modhanna tástála a bhaineann leis na saintréithe sin.
2. || Saintréithe atá riachtanach i gcás an dromchla
|| Meastar go bhfuil dromchla i gcomhréir leis an gcaighdeán speisialta sin ar choinníoll go ndéanfar an uigeacht agus cion folúntas nó an chomhéifeacht ionsúcháin fuaime a thomhas agus go gcomhlíonann siad na ceanglais go léir i bpointí 2.1 go 2.4 agus ar choinníoll go bhfuil na ceanglais atá leagtha amach i bpointe 3.2 comhlíonta.
2.1. || Cion folúntas iarmharach
|| Ní bheidh cion folúntas iarmharach (VC) an chumaisc do phábháil an raoin tástála níos mó ná 8 %. Féach pointe 4.1. don nós imeachta tomhais.
2.2. || Comhéifeacht ionsúcháin fuaime
|| Mura gcomhlíonann an dromchla an ceanglas maidir leis an gcion folúntas iarmharach, ní ghlacfar leis an dromchla ach amháin sa chás gurb é atá sa chomhéifeacht ionsúcháin fuaime (α); α £ 0.10. Féach pointe 4.2. don nós imeachta tomhais. Measfar go gcomhlíontar na ceanglais i bpointe 2.1. agus sa phointe seo freisin mura ndéantar ach an t‑ionsú fuaime a thomhas agus gurb ionann é agus α £ 0.10.
|| Tugtar faoi deara gurb é an tsaintréith is ábhartha an t‑ionsú fuaime, cé go bhfuil níos mó iomrá ar an gcion folúntas iarmharach i measc tógálaithe bóithre. Ní gá ionsú fuaime a thomhas, áfach, ach amháin mura bhfuil an dromchla i gcomhréir leis an gceanglas maidir le folúntais. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil roinnt mhaith neamhchinnteachta ag baint leis an gceanglas sin, ó thaobh an tomhais féin de agus ó thaobh ábharthacht an cheanglais, agus dá bhrí sin d’fhéadfaí diúltú do roinnt dromchlaí go hearráideach dá mbeadh an cinneadh bunaithe ar thomhas na bhfolúntas amháin.
2.3. || Doimhneacht na huigeachta
|| Is é a bheidh i ndoimhneacht na huigeachta (TD) arna tomhas i gcomhréir leis an modh toirtmhéadrach (féach pointe 4.3. thíos): TD > 0.4 mm
_________
1/ ISO10844:1994
2.4. || Aonchineálacht an dromchla
|| Déanfar gach iarracht phraiticiúil lena áirithiú go mbeidh an dromchla chomh haonchineálach agus is féidir laistigh den limistéar tástála. Áirítear an uigeacht agus an cion folúntas, ach má tá rolladh níos éifeachtaí in áiteanna áirithe ná mar atá in áiteanna eile ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh sé go bhfuil uigeachtaí éagsúla ann agus d'fhéadfadh an dromchla a bheith neamhchothrom agus uchtóga ann mar gheall air sin.
2.5. || Tréimhse tástála
|| Chun a sheiceáil go bhfuil an dromchla i gcomhréir leis na ceanglais maidir le huigeacht agus cion folúntas nó maidir le hionsú fuaime atá sainithe sa chaighdeán speisialta, déanfar tástáil thréimhsiúil ar an dromchla mar seo a leanas:
|| (g) Maidir leis an gcion folúntas iarmharach nó ionsú fuaime:
|| nuair atá an dromchla nua;
|| má chomhlíonann an dromchla na ceanglais agus é nua ní gá tuilleadh tástáil thréimhsiúil a dhéanamh. Mura gcomhlíonann sé na ceanglais agus é nua, seans go gcomhlíonfaidh sé iad níos moille toisc go bhféadfaidh dromchlaí éirí tachta agus balctha de réir a chéile.
|| (h) Maidir le doimhneacht na huigeachta (TD):
|| nuair atá an dromchla nua;
|| nuair a thosaítear an tástáil torainn (NB: ní mór go ndéanfar sin ar a laghad ceithre seachtaine tar éis an dromchla a leagan);
|| agus gach dhá mhí dhéag ina dhiaidh sin.
3. || Dearadh an dromchla don tástáil
3.1. || Limistéar
|| Agus leagan amach an raoin tástála á dhearadh, tá sé tábhachtach go n‑áirithítear, mar íoscheanglas, go bhfuil an limistéar a dtrasnaíonn na feithiclí é agus iad ag déanamh na tástála cumhdaithe leis an ábhar sonraithe tástála le lamhálacha oiriúnacha le haghaidh tiomáint shábháilte agus phraiticiúil. Ceanglófar leis sin go mbeidh an raon ar a laghad 3 m ar leithead agus go rachaidh fad an raoin 10 m ar a laghad thar líne AA agus líne BB ag gach taobh. Tá plean de láthair tástála oiriúnach i bhFigiúr 1 agus léirítear ann an íoslimistéar a leagfar amach agus a bhalcfar le meaisín leis an ábhar dromchla atá sonraithe don tástáil. De réir phointe 4.1.1. d’Iarscríbhinn II, ní mór tomhais a dhéanamh ar gach taobh den fheithicil. Is féidir sin a dhéanamh trí thomhas a dhéanamh le micreafón ag dhá shuíomh (ceann ar gach taobh den raon) agus an fheithicil a thiomáint i dtreo amháin, nó trí thomhas a dhéanamh le micreafón ar thaobh amháin den raon ach an fheithicil a thiomáint sa dá threo. Má úsáidtear an dara modh, níl feidhm ag na ceanglais maidir leis an dromchla ar an taobh sin den raon nach bhfuil micreafón air.
NB – Ní bheidh aon réada móra a fhrithchaitheann fuaim ann laistigh den spás sin.
Figiúr 1: Íoscheanglais do dhromchla an limistéir tástála. "Limistéar Tástála" a thugtar ar an gcuid scáthaithe.
3.2. || Dearadh agus ullmhú an dromchla
3.2.1. || Buncheanglais deartha
|| Comhlíonfaidh dromchla an limistéir tástála ceithre cheanglas.
3.2.1.1. || Coincréit thiubh asfaltach a bheidh ann.
3.2.1.2. || 8 mm a bheidh in uasmhéid na sliseanna (ceadaítear lamháltas idir 6.3 agus 10 mm).
3.2.1.3. || Beidh an dromchla in éadan caitheamh > 30 mm ar leithead.
3.2.1.4. || Biotúman de ghrád treáite dhírigh gan aon mhodhnú déanta air a bheidh sa cheanglóir.
3.2.2. || Treoirlínte maidir le dearadh an dromchla
|| Mar threoir do thógálaí an dromchla, léirítear i bhFigiúr 2 cuar grádaithe do thathagú a bheidh na saintréithe is gá ag baint leis. Ina theannta sin, tá roinnt treoirlínte i dTábla 1 freisin maidir leis an uigeacht agus an mharthanacht inmhianaithe. Seo a leanas an fhoirmle don chuar grádaithe:
|| P (% atá inghlactha) = 100 . (d/dmax)1/2
|| nuair is ionann: d = méid an chriatharmhogaill chearnógaigh, arna shloinneadh in mm dmax= 8 mm don mheánchuar dmax= 10 mm don chuar lamháltais íochtaraigh dmax= 6.3 mm don chuar lamháltais uachtaraigh
Figiúr 2: Cuar grádaithe don tathagú sa chumasc asfaltach, le lamháltais.
I dteannta na gceanglas atá leagtha amach faoi phointí 1 go 3.2.2, ní mór na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
(a) Maidir leis an gcodán gainnimh (0.063 mm < méid an chriatharmhogaill chearnógaigh < 2 mm), is gaineamh brúite a bheidh i 45 % de ar a laghad agus ní bheidh níos mó ná 55 % de ina ghaineamh nádúrtha;
(b) Leis an mbonn agus an fo‑bhonn áiritheofar go bhfuil an dromchla cobhsaí agus cothrom, i gcomhréir leis an dea‑chleachtas maidir le tógáil bóithre;
(c) Déanfar na sliseanna a bhrú (100 % d’éadain bhrúite) agus beidh siad comhdhéanta d’ábhar atá iontach frithsheasmhach in aghaidh an bhrúite;
(d) Nífear na sliseanna atá le húsáid sa chumasc;
(e) Ní chuirfear aon sliseanna breise ar an dromchla;
(f) Ní mór do chruas an cheanglóra arna shloinneadh mar luach PEN a bheith idir 40 agus 60, 60 agus 80 nó 80 agus 100 fiú amháin, ag brath ar dhálaí aeráide na tíre. Úsáidfear ceanglóir atá chomh crua agus is féidir, ar choinníoll go bhfuil sé i gcomhréir leis an ngnáthchleachtas;
(g) Roghnófar teocht an chumaisc sula ndéantar é a rolladh amach sa dóigh is go gcruthófar an cion folúntas is gá nuair a dhéantar an rolladh. Le gur mó an seans go gcomhlíonfar na sonraíochtaí i bpointí 2.1. go 2.4, déanfar staidéar ar an mbalcthacht, ní amháin trí theocht cumaisc iomchuí a roghnú ach trí líon iomchuí rollaí-bhalcaidh thar an dromchla agus trí rogha na feithicle a dhéanfaidh an balcadh.
Tábla 1: Treoirlínte maidir le dearadh an dromchla
|| Spriocluachanna || Lamháltais
De réir mhais iomlán an chumaisc || De réir mhais an tathagaithe ||
Mais na gcloch, criatharmhogall cearnógach (SM) > 2 mm || 47.6 % || 50.5 % || ± 5
Mais an ghainimh 0.063 < SM < 2 mm || 38.0 % || 40.2 % || ± 5
Mais an líonaigh SM < 0.063 mm || 8.8 % || 9.3 % || ± 2
Mais an cheanglóra (biotúman) || 5.8 % || neamhbhainteach || ± 0.5
Uasmhéid na sliseanna || 8 mm || 6.3 - 10
Cruas an cheanglóra || (Féach pointe 3.2.2. (f) ) ||
Luach na gcloch snasta (PSV) || > 50 ||
Balcthacht, i gcoibhéis le balcthacht Marshall || 98 % ||
4. || Modh tástála
4.1. || An cion folúntas iarmharach a thomhas
|| Chun críche an tomhais seo, ní mór croíleacáin a thabhairt ón raon ag ceithre shuíomh ar a laghad, ar suíomhanna iad atá scaipthe go cothrom ar fud an limistéir tástála idir líne AA agus líne BB (féach Figiúr 1). Chun neamh‑aonchineálacht agus míchothromaíocht sna sclaigeanna a sheachaint, níor cheart croíleacáin a thabhairt ó áit a bhfuil na sclaigeanna féin ach ó shuíomh gar dóibh. Ba cheart dhá chroíleacán (ar a laghad) a thabhairt ó ghar do na sclaigeanna agus croíleacán amháin (ar a laghad) thart ar leathbhealach idir na sclaigeanna agus gach suíomh micreafóin.
|| Má mheastar nach bhfuil an coinníoll maidir le haonchineálacht á comhlíonadh (féach pointe 2.4.), tabharfar croíleacáin ó níos mó suíomhanna laistigh den limistéar tástála.
|| Cinnfear an cion folúntas iarmharach do gach croíleacán, ansin tógfar an meánluach ó na croíleacáin go léir agus cuirfear é i gcomparáid leis an luach a cheanglaítear faoi phointe 2.1. Ina theannta sin, ní beidh luach folúntas níos airde ná 10 % ag aon chroíleacán amháin. Ní mór cur i gcuimhne do thógálaí an dromchla don tástáil go bhféadfadh sé go dtiocfadh fadhb chun cinn nuair a dhéanann píobáin nó sreanga leictreacha an limistéar tástála a théamh agus nach mór croíleacáin a thabhairt ón limistéar sin. Ní mór suiteálacha den chineál sin a phleanáil go cúramach maidir le suíomhanna ar a ndéanfar croídhruileáil sa todhchaí. Moltar go bhfágtar roinnt bheag suíomhanna atá tuairim is 200 x 300 mm agus nach bhfuil aon sreanga/píobáin acu nó suíomhanna a bhfuil sreanga/píobáin acu ach go bhfuil siad domhain go leor nach ndéanfaí damáiste dóibh dá dtabharfaí croíleacáin ón tsraith uachtair.
4.2. || Comhéifeacht ionsúcháin fuaime
|| Déanfar an chomhéifeacht ionsúcháin fuaime a thomhas le modh an fheadáin maidir le coisceas ag úsáid an nós imeachta a shonraítear in ISO10534-1: Acoustics - Determination of sound absorption coefficient and impedance by a tube method.[42]
|| Maidir le heiseamail tástála, tá feidhm ag na ceanglais chéanna agus a bhaineann leis an gcion folúntas iarmharach (féach pointe 4.1.). Déanfar an ionsú fuaime a thomhas idir 400 Hz agus 800 Hz agus idir 800 Hz agus 1600 Hz (ag lármhinicíochtaí bhandaí an tríú hochtáibh ar a laghad) agus sainaithneofar na huasluachanna do na raonta minicíochta sin. Ina dhiaidh sin, tógfar meán na luachanna sin, do gach croíleacáin a dhéanfar a thástáil, chun an toradh deiridh a fháil.
4.3. || Doimhneacht na huigeachta a thomhas
|| Chun críche an chaighdeáin speisialta, déanfar doimhneacht na huigeachta a thomhas ag 10 suíomh ar a laghad agus iad spásáilte go cothrom feadh sclaigeanna stráice na tástála agus tógfar an meánluach chun é a chur i gcomparáid leis an íosluach atá sonraithe do dhoimhneacht na huigeachta. Féach ISO 10844:1994 don tuairisc ar an nós imeachta.
5. || Cobhsaíocht a bhaint amach de réir a chéile agus cothabháil
5.1. || Tionchar na haoise
|| De réir mar atá le haon dromchla eile, bheifí ag tnúth go bhféadfadh méadú beag teacht ar leibhéal torainn na mbonn ar an dromchla tástála le linn na chéad 6-12 mhí tar éis a thógála.
|| Ní bhainfidh an dromchla na saintréithe riachtanacha amach go ceann ceithre seachtaine ar a laghad tar éis a thógála. De ghnáth is lú an tionchar a bhíonn ag aois ar thorann ó thrucailí ná mar a bhíonn ar thorann ó ghluaisteáin.
|| Bainfear amach cobhsaíocht de réir a chéile tríd an mbóthar a snasú agus a bhalcadh ó fheithiclí a bheith ag tiomáint ar an dromchla. Seiceálfar an chobhsaíocht le linn na tréimhse tástála dá dtagraítear i bpointe 2.5.
5.2. || An dromchla a chothabháil
|| Ní mór smionagar scaoilte nó deannach a d’fhéadfadh doimhneacht éifeachtach na huigeachta a laghdú a bhaint den dromchla. I dtíortha a bhfuil aeráid fhuar iontu, úsáidtear salann uaireanta chun dí‑oighriú a dhéanamh. Féadfaidh salann an dromchla a athrú ar bhonn sealadach nó go buan fiú sa dóigh is go dtiocfaidh méadú ar an leibhéal torainn agus dá bhrí sin ní mholtar é a úsáid.
5.3. || An limistéar tástála a athphábháil
|| Más gá an raon tástála a athphábháil, ní gnách gur gá níos mó ná an stráice tástála a mbíonn feithiclí ag tiomáint air a athphábháil (atá 3 m ar leithead i bhFigiúr 1), ar choinníoll gur chomhlíon an limistéar tiomána taobh amuigh den stráice an ceanglas maidir le cion folúntas iarmharach nó maidir le hionsú fuaime nuair a rinneadh iad a thomhas.
6. || Doiciméadacht faoi dhromchla an limistéir tástála agus faoi na tástálacha arna ndéanamh air
6.1. || Doiciméadacht faoi dhromchla an limistéir tástála
|| Beidh na sonraí seo a leanas ar fáil i ndoiciméad ina dtabharfar tuairisc ar dhromchla an limistéir tástála
6.1.1. || Suíomh an raoin tástála.
6.1.2. || An cineál ceanglóra, cruas an cheanglóra, an cineál tathagaithe, uasdlús teoiriciúil na coincréite (DR), tiús an dromchla in éadan caitheamh agus an cuar grádaithe arna chinneadh ó chroíleacáin an raoin tástála.
6.1.3. || Modh balcaidh (e.g. cineál rollóra, mais an rollóra agus líon na rollaí‑bhalcadh thar an dromchla).
6.1.4. || Teocht an chumaisc, teocht an aeir chomhthimpeallaigh agus luas na gaoithe nuair a leagtar an dromchla.
6.1.5. || Dáta leagtha an dromchla agus ainm an chonraitheora.
6.1.6. || Gach toradh nó ar a laghad an toradh is deireanaí, lena n‑áirítear:
6.1.6.1. || Cion folúntas iarmharach gach croíleacáin.
6.1.6.2. || Na suíomhanna ar an limistéar tástála ónar tugadh na croíleacáin chun folúntais a thomhas.
6.1.6.3. || Comhéifeacht ionsúcháin fuaime gach croíleacáin (má rinneadh í a thomhas). Sonraigh na torthaí do gach croíleacán agus do gach raon minicíochta chomh maith leis an meán foriomlán.
6.1.6.4. || Na suíomhanna ar an limistéar tástála ónar tugadh na croíleacáin chun ionsú a thomhas.
6.1.6.5. || Doimhneacht na huigeachta, lena n‑áirítear líon na dtástálacha agus an diall caighdeánach.
6.1.6.6. || An institiúid atá freagrach as tástálacha i gcomhréir le pointe 6.1.6.1. agus le pointe 6.1.6.2. agus an cineál trealaimh arna úsáid.
6.1.6.7. || Dáta na tástála/na dtástálacha agus an dáta a tugadh na croíleacáin ón raon tástála.
6.2. || Doiciméadacht faoi thástálacha ar an torann arna dhéanamh ag feithiclí ar an dromchla
|| Sa doiciméad ina dtugtar tuairisc ar an tástáil/na tástálacha ar thorann ó fheithiclí, sonrófar má comhlíonadh ceanglais uile an chaighdeáin speisialta. Déanfar tagairt do dhoiciméad i gcomhréir le pointe 6.1. ina dtugtar tuairisc ar na torthaí lena bhfíoraítear sin.
Iarscríbhinn VIII
An modh tomhais chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhforálacha breise maidir le hastaíocht fuaime
1. || Ginearálta
|| Tugtar tuairisc san Iarscríbhinn seo ar mhodh tomhais chun meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann an fheithicil na forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime (ASEP) atá leagtha amach in Airteagal 8.
|| Níl sé éigeantach tástálacha iarbhír a dhéanamh agus iarratas á dhéanamh ar chineálcheadú. Síneoidh an monaróir an dearbhú comhlíontachta atá leagtha amach i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe faisnéis bhreise a iarraidh faoin dearbhú comhlíontachta agus féadfaidh sé na tástálacha a ndéantar cur síos orthu thíos a dhéanamh.
|| Tá gá le tástáil a dhéanamh de réir Iarscríbhinn II chun anailís a dhéanamh ar Iarscríbhinn VIII. Déanfar an tástáil atá sonraithe in Iarscríbhinn II ar an raon tástála céanna faoi choinníollacha ar nós na gcoinníollacha a éilítear sna tástálacha a fhorordaítear san Iarscríbhinn seo.
2. || Modh tomhais
2.1 || Uirlisí tomhais agus coinníollacha tomhais
|| Ach amháin má shonraítear a mhalairt, is ionann na huirlisí tomhais, na coinníollacha tomhais agus riocht na feithicle agus iad sin a shonraítear i bpointe 2 agus i bpointe 3 d'Iarscríbhinn II.
|| Má tá aon mhodh éagsúil ar an bhfeithicil a dhéanfaidh difear d'astaíocht fuaime, comhlíonfaidh na modhanna ar fad na ceanglais atá san Iarscríbhinn seo i gcás ina rinne an monaróir tástálacha chun a chruthú d'údarás an cheadaithe go bhfuil na ceanglais sin á gcomhlíonadh aige, tabharfar tuairisc ar na modhanna a úsáideadh sna tástálacha sin i dtuarascáil ar an tástáil.
2.2. || Modh tástála
|| Ach amháin má shonraítear a mhalairt, úsáidfear na coinníollacha agus na nósanna imeachta atá i bpointí 4.1 go 4.1.2.1.2.2. d'Iarscríbhinn II. Chun críche na hIarscríbhinne seo, déanfar tástálacha aonair a thomhas agus a mheas.
2.3. || Raon rialaithe
|| Is iad seo a leanas na coinníollacha oibríochta:
|| Luas na feithicle VAA ASEP: vAA ≥ 20 km/u
|| Luasghéarú na feithicle awot ASEP: awot ≤ 5,0 m/s2
|| Luas an innill nBB_ASEP nBB ≤ 2,0 * PMR-0,222 * s nó
|| nBB ≤ 0,9 * s, cibé acu is ísle Luas na feithicle VBB ASEP: má bhaintear nBB ASEP amach in aon ghiar amháin vBB ≤ 70 km/u i ngach cás eile vBB ≤ 80 km/u giaranna k ≤ cóimheas giair i arna chinneadh in Iarscríbhinn II
|| Mura n-éiríonn leis an bhfeithicil, sa ghiar is lú atá bailí, an luas uasta innill a bhaint amach faoi 70 km/u, is é 80 km/u luasteorainn na feithicle.
2.4. || Cóimheasa giaranna
|| Beidh feidhm ag na ceanglais ASEP maidir le gach cóimheas giair k a bhfuil torthaí tástála laistigh den raon rialaithe mar atá sainmhínithe i bpointe 2.3 den Iarscríbhinn seo mar thoradh air.
|| I gcás feithiclí le traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha agus CVTanna[43] a dhéantar a thástáil le cóimheasa giaranna neamhghlasáilte, féadfaidh athrú ar chóimheas giair chuig raon níos ísle agus luasghéarú níos airde a bheith san áireamh sa tástáil. Ní cheadaítear, áfach, athrú go giar níos airde agus go luasghéarú níos ísle. Déanfar athrú giair arb é is cúis le dála nach bhfuil i gcomhréir leis na coinníollacha teorann a sheachaint. I gcás den sórt sin, ceadaítear bunú agus úsáid feistí leictreacha nó meicniúla, lena n-áirítear giaranna malartacha.
2.5. || Sprioc-choinníollacha
|| Déanfar an astaíocht fuaime a thomhas i ngach cóimheas giair atá bailí ag na ceithre phointe tástála mar atá sonraithe thíos.
|| Sainítear an chéad phointe tástála P1 trí luas iontrála vAA de 20 km/u a úsáid. Mura féidir an luasghéarú a choinneáil cobhsaí, méadófar an luas i gcéimeanna 5 km/u go dtí go mbainfear luasghéarú cobhsaí amach.
|| Sainítear an ceathrú phointe tástála P4 le luas uasta feithicle ag BB' sa chóimheas giair sin laistigh de na coinníollacha teorann de réir phointe 2.3.
|| Sainítear an dá phointe tástála eile leis an bhfoirmle seo a leanas:
|| Pointe Tástála Pj: vBB_j = vBB_1 + ((j - 1) / 3) * (vBB_4 - vBB_1) i gcás j = 2 agus 3 Nuair atá:
|| vBB_1 = luas na feithicle ag BB' de phointe tástála P1 vBB_4 = luas na feithicle ag BB' de phointe tástála P4 Lamháltas le haghaidh vBB_j: ±3 km/u I gcás gach pointe tástála, comhlíonfar na coinníollacha teorann mar atá sonraithe i bpointe 2.3.
2.6. || Tástáil na feithicle
|| Leanfaidh cosán lárlíne na feithicle líne CC' chomh dlúth agus is féidir le linn na tástála ar fad, ó dhruidim le líne AA' go dtéann cúl na feithicle thar líne BB'.
|| Ag líne AA' beidh an luasaire brúite síos go hiomlán. Chun luasghéarú níos cobhsaí a bhaint amach nó chun athrú síos giair a sheachaint idir líne AA' agus BB', féadfar réamh-luasghéarú a úsáid roimh líne AA'. Coinneofar an luasaire brúite síos go sroichfidh cúl na feithicle líne BB'.
|| I gcás gach tástála ar leith, déanfar na paraiméadair seo a leanas a chinneadh agus a nótáil:
|| Déanfar an leibhéal uasta fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin 'A' don dá thaobh den fheithicil, arna léiriú gach uair a ghluaiseann an fheithicil idir an dá líne AA' agus BB', déanfar é a shlánú go dtí an chéad ionad deachúil (Lwot,kj). Má bhraitear buaic san fhuaim nach bhfuil ag teacht le leibhéal ginearálta an fhuaimbhrú, caithfear amach an tomhais. Féadfar an taobh clé agus an taobh deas a thomhas le chéile nó ar leithligh.
|| Tabharfar tuairisc ar léamha luais na feithicle ag AA' agus ag BB' go dtí an chéad fhigiúr suntasach tar éis an ionaid dheachúil. (vAA,kj; vBB,kj)
|| Más infheidhme, tabharfar tuairisc ar léamha luais an innill ag AA' agus ag BB' mar luach iomlán slánuimhreach (nAA,kj; vBB,kj).
|| Cinnfear an luasghéarú ríomha i gcomhréir leis an bhfoirmle i bpointe 4.1.2.1.2 d'Iarscríbhinn II go dtí an dara figiúr tar éis an ionaid dheachúil (awot,test,kj).
3. || Anailís ar na torthaí
3.1. || An pointe seasta do gach cóimheas giair a chinneadh
|| I gcás tomhas i ngiar i agus níos ísle, is ionann an pointe seasta agus an leibhéal uasta fuaime Lwoti, an luas innill tuairiscithe nwoti agus luas na feithicle vwoti ag BB' den chóimheas giair i den tástáil luasghéaraithe in Iarscríbhinn II.
|| Lanchor,i = Lwoti,Iarscríbhinn II nanchor,i = nBB,woti,Iarscríbhinn II vanchor,i = vBB,woti,Iarscríbhinn II
|| I gcás tomhas i ngiar i+1, is ionann an pointe seasta agus an leibhéal uasta fuaime Lwoti+1, an luas innill tuairiscithe nwoti+1 agus luas na feithicle vwoti+1 ag BB' den chóimheas giair i+1 den tástáil luasghéaraithe in Iarscríbhinn II.
|| Lanchor,i+1 = Lwoti+1,Iarscríbhinn II nanchor,i+1 = nwoti+1,Iarscríbhinn II vanchor,i+1 = vBB,woti+1,Iarscríbhinn II
3.2. || Fána na líne cúlchéimnithe do gach giar
|| Déanfar na tomhais fuaime a mheas mar fheidhm de luas an innill de réir phointe 3.2.1.
3.2.1. || Fána na líne cúlchéimnithe a ríomh do gach giar
|| Ríomhtar an líne chúlchéimnithe líneach tríd an bpointe seasta agus na ceithre thomhas bhreise chomhghaolaithe a úsáid.
|| (in dB/1000 nóim-1)
|| Agus agus ;
|| nuair atá nj = luas an innill arna thomhas ag líne BB'
3.2.2. || Fána na líne cúlchéimnithe do gach giar
|| Is é Fának giair ar leith le haghaidh tuillidh ríomha, toradh díorthaithe an ríomha i bpointe 3.2.1. arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil, nach bhfuil níos airde ná 5 dB/1000 nóim-1.”
3.3. || An méadú líneach ar an leibhéal torainn a bhfuiltear ag súil leis do gach tomhas
|| Ríomhfar an leibhéal fuaime LASEP,kj do phointe tomhais j agus giar k ag úsáid na luasanna innill arna dtomhas do gach pointe tomhais, ag úsáid na fána atá sonraithe i bpointe 3.2. don phointe seasta sonrach do gach cóimheas giair.
|| I gcás nBB_k,j ≤ nanchor,k:
|| LASEP_k,j = Lanchor_k + (Fának - Y) * (nBB_k,j - nanchor,k) / 1000 I gcás nBB_k,j > nanchor,k: LASEP_k,j = Lanchor_k + (Fának + Y) * (nBB_k,j - nanchor,k) / 1000 Nuair atá Y = 1
3.4. || Samplaí
|| Ar iarratas ón údarás cineálcheadaithe, déanfar dhá thástáil sa bhreis faoi na coinníollacha teorann de réir phointe 2.3. den Iarscríbhinn seo.
4. || Torthaí a léirmhíniú
|| Déanfar meastóireacht ar gach tomhas torainn ar leith.
|| Ní sháróidh leibhéal fuaime gach pointe tomhais atá sonraithe na teorainneacha thíos: Lkj ≤ LASEP_k.j + x Agus: x = 3 dB(A) i gcás feithicle le traiseoladh uathoibríoch nó CVT neamh-inghlasáilte x = 2 dB(A) + luach teorann Lurban d'Iarscríbhinn II do gach feithicil eile
|| Má sháraíonn an leibhéal torainn tomhaiste ag pointe áirithe an teorainn, déanfar dhá thomhais bhreise eile ag an bpointe céanna chun an neamhchinnteacht sa tomhas a fhíorú. Comhlíonann an fheithicil ASEP i gcónaí, má chomhlíonann meán na dtrí thomhas bhailí ag an bpointe sonrach sin an tsonraíocht.
5. || Measúnú ar an bhfuaim tagartha
|| Déantar an fhuaim tagartha a mheas ag pointe aonair i ngiar scoite amháin agus an luasghéarú a ionsamhlú i dtús báire le luas iontrála ag vaa ionann le 50 km/u agus luas ar an mbealach amach ag vbb ionann le 61 km/u. Is féidir an comhlíonadh fuaime ag an bpointe sin a ríomh trí thorthaí phointe 3.2.2. a úsáid agus an tsonraíocht thíos, nó is féidir é a mheas trí thomhas díreach a dhéanamh ag baint úsáide as an ngiar mar atá sonraithe thíos.
5.1 || Cinntear giar k mar seo a leanas:
|| k = 3 do gach traiseoladh láimhe agus do thraiseoladh uathoibríoch le suas le 5 ghiar; k = 4 do thraiseoladh uathoibríoch le 6 ghiar nó níos mó
|| Mura bhfuil aon ghiar scoite ar fáil, e.g. i gcás traiseoltaí uathoibríocha neamh-inghlasáilte nó CVTanna neamh-inghlasáilte, cinnfear an cóimheas giair chun tuilleadh ríomha a dhéanamh ó thoradh na tástála luasghéaraithe in Iarscríbhinn II ag baint úsáide as an luas innill tuairiscithe agus as luas na feithicle ag líne BB'.
5.2. || Luas tagartha an innill nref_k a ríomh
|| Ríomhfar luas tagartha an innill, nref_k, ag úsáid an chóimheasa giair de ghiar k ag luas tagartha vref = 61 km/u.
5.3. || Lref a ríomh
|| Lref = Lanchor_k + Fának * (nref_k - nanchor_k) / 1000 Beidh Lref níos lú ná nó cothrom le 76 dB(A).
|| I gcás feithiclí atá feistithe le giarbhosca láimhe a bhfuil níos mó ná ceithre ghiar ar aghaidh aige agus atá feistithe le hinneall a bhaineann cumhacht uasta níos mó ná 140 kW (UNECE) amach, agus a bhfuil cóimheas cumhachta uasta/maise uasta acu atá níos mó ná 75 kW/t, Lref, beidh na feithiclí sin níos lú ná nó cothrom le 79 dB(A).
|| I gcás feithiclí atá feistithe le giarbhosca uathoibríoch a bhfuil níos mó ná ceithre ghiar ar aghaidh aige agus atá feistithe le hinneall a bhaineann cumhacht uasta níos mó ná 140 kW (UNECE) amach, agus a bhfuil cóimheas cumhachta uasta/maise uasta acu atá níos mó ná 75 kW/t, Lref, beidh na feithiclí sin níos lú ná nó cothrom le 78 dB(A).
6. || ASEP a mheas tríd an bprionsabal L_Urban a úsáid
6.1 || Ginearálta
|| Rogha mhalartach is ea an nós imeachta meastóireachta, arna roghnú ag monaróir na feithicle, ar an nós imeachta a ndéantar cur síos air i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo agus tá sé infheidhme maidir le gach teicneolaíocht feithicle. Is faoi mhonaróir na feithicle atá sé an bealach ceart don tástáil a chinneadh. Ach amháin má shonraítear a mhalairt, déanfar an tástáil agus an ríomh ar fad mar atá sonraithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
6.2. || An Lurban ASEP a ríomh
|| Ó aon Lwot ASEP arna thomhas de réir na hiarscríbhinne seo, ríomhfar Lurban mar seo a leanas:
|| (a) awot test ASEP a ríomh ag úsáid ríomha luasghéaraithe ó phointe 4.1.2.1.2.1. nó ó phointe 4.1.2.1.2.2. d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, de réir mar is infheidhme; (b) Luas na feithicle (VBB ASEP) a ríomh ag BB le linn na tástála Lwot ASEP;
|| (c) Déan kP ASEP a ríomh mar seo a leanas: kP ASEP = 1 - (aurban / awot test ASEP) Caithfear amach torthaí tástála i gcás ina bhfuil awot test ASEP níos lú ná a_urban.
|| (d) Déan Lurban measured ASEP a ríomh mar seo a leanas: Lurban measured = Lwot ASEP – kP ASEP * (Lwot ASEP – Lcrs) Chun tuilleadh ríomha a dhéanamh, bain úsáid as an Lurban ó Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo gan slánú a dhéanamh, lena n-áirítear an figiúr tar éis an ionaid dheachúil (xx.x).
|| (e) Déan Lurban normalized a ríomh mar seo a leanas: Lurban normalized = Lurban measured ASEP – Lurban
|| (f) Déan Lurban ASEP a ríomh mar seo a leanas: Lurban ASEP = Lurban normalized - (0,15 * (VBB ASEP - 50))
|| g) Teorainneacha a chomhlíonadh Beidh Lurban ASEP níos lú ná nó cothrom le 3.0 dB(A).
Foscríbhinn 1
Ráiteas comhlíontachta i leith na bhForálacha Breise maidir le hAstaíocht Fuaime
(Uasfhormáid: A4 (210 x 297 mm))
Fianaíonn (ainm an mhonaróra) go gcomhlíonann feithiclí den chineál seo (cineál na feithicle maidir le hastaíocht torainn de bhun Rialachán (AE) Uimh. ) ceanglais Airteagal 8 de Rialachán Uimh. .
Déanann (ainm an mhonaróra) an ráiteas seo de mheon macánta, tar éis meastóireacht iomchuí a dhéanamh ar fheidhmíocht astaíochta fuaime na bhfeithiclí.
Dáta:
Ainm an ionadaí údaraithe:
Síniú an ionadaí údaraithe:
Iarscríbhinn IX
Bearta chun inchloisteacht feithiclí hibrideacha agus leictreacha a áirithiú
Tugtar aghaidh san Iarscríbhinn seo ar Chóras Fuaimiúil Foláirimh d’Fheithiclí (AVAS) le haghaidh feithiclí iompair de bhóthar de chineál leictreach hibrideach agus de chineál iomlán leictreach (HEV agus EV).‑{}‑
A || Córas Fuaimiúil Foláirimh d’Fheithiclí
1. || Sainmhíniú
|| Is éard is Córas Fuaimiúil Foláirimh d’Fheithiclí (AVAS) ann feiste ghinte fuaime atá ceaptha chun coisithe agus d’úsáideoirí soghonta bóthair a chur ar an eolas.
2. || Feidhmíocht an chórais
|| Má dhéantar AVAS a shuiteáil ar fheithicil, comhlíonfaidh sé na ceanglais dá dtagraítear thíos.
3. || Coinníollacha oibríochta
(a) Modh ginte fuaime
|| Déanfaidh an AVAS fuaim a ghiniúint go huathoibríoch in íosraon luais na feithicle, is é sin ón uair a chuirtear ag gluaiseacht í go dtí go mbaineann sí luas de thart ar 20 km/u amach agus le linn cúlú más infheidhme don chatagóir feithicle sin. I gcás ina bhfuil an fheithicil feistithe le hinneall dócháin inmheánaigh a chuirtear ag obair i raonluas na feithicle a shainítear thuas, d’fhéadfadh sé nach gá don AVAS fuaim a ghiniúint. I gcás feithiclí a bhfuil feiste rabhaidh fuaime um chúlú orthu, ní gá don AVAS fuaim a ghiniúint nuair a chúlaítear an fheithicil.
(b) Lasc sosa
|| D’fhéadfadh sé go mbeadh lasc ar an AVAS lena oibríocht a stad go sealadach (“lasc sosa”). Má thugtar lasc sosa isteach, áfach, ba cheart an fheithicil a bheith feistithe freisin le feiste a chuireann in iúl don tiománaí sa suíochán tiománaí fad sosa na feiste a léiríonn go bhfuil an fheithicil ag teacht. Ba cheart an AVAS a bheith in ann tosú arís tar éis do lasc sosa é a stad. Má tá sí feistithe san fheithicil, ba cheart an lasc sosa a bheith lonnaithe in áit a dtiocfaidh an tiománaí uirthi go héasca agus ina mbeidh sé in ann í a láimhseáil go réidh.
(c) Laghdú
|| Féadfar leibhéal fuaime an AVAS a laghdú le linn tréimhsí oibríochta na feithicle.
4. || Cineál agus airde na fuaime
(a) Ba cheart don AVAS fuaim leanúnach a chuireann in iúl do choisithe agus d’úsáideoirí soghonta bóthair go bhfuil feithicil i mbun oibríochta a ghiniúint. Mar sin féin, ní ghlacfar leis na fuaimeanna seo a leanas ná le fuaimeanna atá cosúil leo: (i) Fuaimeanna bonnáin, adhairce, clogra, cloig agus feithicle éigeandála (ii) Fuaimeanna aláram e.g. aláraim dhóiteáin, ghadaíochta, dheataigh (iii) Fuaim uaineach Ba cheart na fuaimeanna seo a leanas mar aon le fuaimeanna atá cosúil a sheachaint: (iv) Fuaimeanna ceolbhinne, fuaimeanna ainmhithe agus feithidí (v) Fuaimeanna a chuirfeadh mearbhall ar dhuine feithicil a aithint agus/nó a modh oibríochta na feithicle a aithint (e.g. luasghéarú, luasmhoilliú etc.)
(b) Ba cheart an fhuaim a bheidh á giniúint ag an AVAS a bheith ina chomhartha soiléir ar mhodh oibríochta na feithicle, mar shampla, tríd an leibhéal fuaime nó na saintréithe a athrú go huathoibríoch go sioncronaithe le luas na feithicle.
(c) Níor cheart go rachadh an leibhéal fuaime a bheidh á ghiniúint ag an AVAS thar an ngarleibhéal fuaime a bheadh i gceist le feithicil den chineál céanna sa chatagóir chéanna atá feistithe le hinneall dócháin inmheánaigh agus atá i mbun oibríochta faoi na coinníollacha céanna. Cúrsaí comhshaoil: Cuirfear san áireamh i bhforbairt an AVAS an tionchar iomlán a bheidh ag an torann ar an bpobal.
Iarscríbhinn X
Cineálcheadú an AE maidir le leibhéal fuaime sceithchóras mar aonaid theicniúla leithleacha (sceithchórais athsholáthair)
1. || IARRATAS AR CHINEÁLCHEADÚ AN AE
1.1. || Déanfaidh monaróir na feithicle nó monaróir an aonaid theicniúil leithligh i dtrácht iarratas a chur isteach ar chineálcheadú an AE de bhun Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 2007/46/CE i ndáil le sceithchóras athsholáthair nó le comhpháirt de, mar aonad teicniúil leithleach.
1.2. || Tá múnla don doiciméad faisnéise tugtha i bhFoscríbhinn 1.
1.3. || Ar iarratas ón tseirbhís theicniúil lena mbaineann, ní mór don iarratasóir na nithe seo a leanas a chur isteach:
1.3.1 || dhá shampla den chóras a bhfuil iarratas ar chineálcheadú an AE déanta ina leith,
1.3.2. || sceithchóras den chineál a feistíodh ar an bhfeithicil i dtosach nuair a deonaíodh cineálcheadú an AE,
1.3.3. || feithicil atá ionadaíoch don chineál ar a bhfuil an córas le feistiú, ar feithicil í a chomhlíonann ceanglais phointe 2.1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.
1.3.4. || inneall leithleach a fhreagraíonn don chineál feithicle a ndéantar cur síos uirthi.
2. || MARCÁLACHA
2.4.1. || Ní mór an méid seo a leanas a bheith ar an sceithchóras athsholáthair nó ar chomhpháirteanna de, cé is moite de chrua‑earraí greamaitheach agus píobáin:
2.4.1.1. || trádmharc nó trádainm mhonaróir an chórais athsholáthair agus a chomhpháirteanna,
2.4.1.2. || tuairisc trádála an mhonaróra,
2.4.2. || Ní mór na marcálacha sin a bheith soléite agus doscriosta, fiú má tá an córas feistithe ar an bhfeithicil.
3. || CINEÁLCHEADÚ AN AE A DHEONÚ
3.1. || Má chomhlíontar na ceanglais ábhartha, deonófar cineálcheadú an AE de bhun Airteagal 9(3) agus, más infheidhme, de bhun Airteagal 10(4) de Threoir 2007/46/CE.
3.2. || Tá múnla do dheimhniú chineálcheadú an AE tugtha i bhFoscríbhinn 2.
3.3. || Déanfar uimhir chineálcheadaithe a shannadh do gach cineál sceithchórais athsholáthair nó comhpháirte de atá ceadaithe mar aonad teicniúil leithleach i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2007/46/CE; léireofar i roinn 3 den uimhir chineálcheadaithe uimhir na Treorach leasaithí ab infheidhme tráth an chineálcheadaithe feithicle. Ní shannfaidh an Ballstát céanna an uimhir chéanna do chineál sceithchórais athsholáthair eile nó do chomhpháirt de.
4. || MARC CHINEÁLCHEADÚ AN AE
4.1. || Maidir le gach sceithchóras athsholáthair nó comhpháirt de, cé is moite de chrua‑earraí greamaitheacha agus píobáin, atá de réir cineáil atá ceadaithe faoin Rialachán seo, beidh marc chineálcheadú an AE air.
4.2. || Is éard a bheidh i marc chineálcheadú an AE dronuilleog a thimpeallaíonn an litir “e” i gcás íochtair arna leanúint le sainlitir/sainlitreacha nó sainuimhir an Bhallstáit a dheonaigh an ceadú: '1' don Ghearmáin '2' don Fhrainc '3' don Iodáil '4' don Ísiltír '5' don tSualainn '6' don Bheilg '7' don Ungáir '8' do Phoblacht na Seice '9' don Spáinn '11' don Ríocht Aontaithe '12' don Ostair '13' do Lucsamburg '17' don Fhionlann '18' don Danmhairg '19' don Rómáin '20' don Pholainn '21' don Phortaingéil '23' don Ghréig '24' d'Éirinn '26' don tSlóivéin '27' don tSlóvaic '29' don Eastóin '32' don Laitvia '34' don Bhulgáir '36' don Liotuáin '49' don Chipir '50' do Mhálta Ní mór an méid seo a leanas a bheith san áireamh freisin, cóngarach don dronuilleog: an "bonnuimhir cheadaithe" atá i roinn 4 den uimhir chineálcheadaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2007/46/CE agus, roimhe sin, an dá fhigiúr a chuireann in iúl an tsraithuimhir a shanntar don mhórleasú teicniúil is déanaí ar an Rialachán seo ab infheidhme tráth an chineálcheadaithe feithicle.
4.3. || Ní mór an marc a bheith soléite agus doscriosta, fiú nuair atá an sceithchóras athsholáthair nó comhpháirt de feistithe ar an bhfeithicil.
4.4. || Tá sampla de mharc chineálcheadú an AE tugtha i bhFoscríbhinn 3.
5. || SONRAÍOCHTAÍ
5.1. || Sonraíochtaí ginearálta
5.1.1. || Dearfar agus tógfar an sceithchóras athsholáthair nó comhpháirteanna de, agus beifear in ann é a ghléasadh, ar bhealach a áiritheoidh go gcomhlíonfaidh an fheithicil forálacha an Rialacháin seo faoi ghnáthchoinníollacha úsáide, de mhaolú ar aon chreathadh a bhféadfadh sé a bheith faoina réir.
5.1.2. || Dearfar agus tógfar an córas tosta nó comhpháirteanna de, agus beifear in ann é a ghléasadh ionas go bhféadfaidh sé an feiniméan chun creimthe a bhfuil sé faoina réir a sheasamh go réasúnta ag féachaint do choinníollacha úsáide na feithicle.
5.1.3. || Saintreoracha breise a bhaineann le crioscaíl le córais agus le sceithchórais nó córais tosta ilmhodha ar féidir a choigeartú de láimh.
5.1.3.1. || Déanfar na sceithchórais nó na córais tosta go léir a thógáil ar dhóigh nach bhféadfaí sciatha, cóin scortha agus páirteanna eile a fheidhmeoidh go príomha mar chuid de na cuasáin tosta/bhorrtha, a bhaint go héasca. I gcás nach bhfuil aon dul as páirt den sórt sin a ionchorprú, déanfar í a cheangal a dhóigh nach mbeifear in ann í a bhaint go héasca (e.g. le gnáthfheistiú snáithithe) agus ba cheart í a cheangal freisin ar dhóigh go ndéanfaí damáiste seasta/doleasaithe don chóimeáil dá mbainfí í.
5.1.3.2. || Maidir le sceithchórais nó le córais tosta a bhfuil ilmhodhanna oibriúcháin acu ar féidir a choigeartú de láimh, comhlíonfaidh siad na ceanglais go léir sna modhanna oibriúcháin go léir. Is éard a bheidh sna leibhéil torainn tuairiscithe na leibhéil atá mar thoradh ar an modh a bhfuil na leibhéil torainn is airde aige.
5.2. || Sonraíochtaí maidir le leibhéil torainn
5.2.1. || Coinníollacha tomhais
5.2.1.1. || Ní mór an tástáil torainn ar an gcóras tosta agus ar an gcóras tosta athsholáthair a dhéanamh leis na "gnáth"boinn chéanna (mar atá sainithe i mír 2.8. de Rialachán UNECE Uimh. 117 (IO L231, 29.8.2008 lch. 19). Ní cheadaítear na tástálacha a dhéanamh le boinn "úsáid speisialta” nó le boinn "sneachta" mar atá sainithe in míreanna 2.9. agus 2.10. de Rialachán UNECE Uimh. 117. D’fhéadfadh sé go n-ardódh boinn den sórt sin leibhéal torainn na feithicle nó go mbeadh tionchar ceilte acu sa chomparáid ar an bhfeidhmíocht laghdaithe torainn. Féadfar boinn athláimhe a úsáid ach ní foláir go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais dlí maidir lena n-úsáid sa trácht.
5.2.2. || Déanfar feidhmíocht laghdaithe torainn an chórais tosta athsholáthair nó comhpháirteanna an chórais sin a fhíorú trí bhíthin na modhanna a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 agus i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II. Chun an pointe seo a chur i bhfeidhm, go háirithe, déanfar tagairt do leibhéal leasuithe an Rialacháin seo a bhí i bhfeidhm tráth chineálcheadú na feithicle nua.
|| (a) Tomhas agus an fheithicil ag rith Nuair a dhéantar an córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de a ghléasadh ar an bhfeithicil a bhfuil cur síos uirthi i bpointe 1.3.3., comhlíonfaidh na leibhéil torainn a bhainfear amach ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
|| (i) Ní rachaidh an luach tomhaiste (arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) níos mó ná 1 dB(A) thar an luach cineálcheadaithe arna fháil faoin Rialachán seo leis an gcineál feithicle lena mbaineann.
|| (ii) Ní rachaidh an luach tomhaiste (sula ndéanfar é a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) níos mó ná 1 dB(A) thar an luach torainn tomhaiste (sula ndéanfar é a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) ar an bhfeithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3.3., nuair atá sí feistithe le córas tosta a fhreagraíonn don chineál a fheistítear ar an bhfeithicil nuair a chuirtear isteach í le haghaidh a cineálcheadaithe faoin Rialachán seo.
|| Nuair a roghnaítear comparáid díreach a dhéanamh idir an córas athsholáthair agus an bunchóras, d'fhonn pointe 4.1.2.1.4.2. agus/nó pointe 4.1.2.2.1.2. d’Iarscríbhinn II den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, d’fhéadfaí an giar a athrú go ceann a bhfuil luasghéarú níos airde ag baint leis agus ní gá feistí leictreacha ná meicniúla a úsáid chun an t-athrú síos seo a sheachaint. Má tharlaíonn sé go mbíonn leibhéal torainn na feithicle tástála faoi na coinníollacha sin níos airde ná na luachanna comhréireachta táirgeachta, déanfaidh an tseirbhís theicniúil cinneadh maidir le cé chomh hionadaíoch is atá an fheithicil tástála.
|| (b) Tomhas agus an fheithicil ina stad Nuair a dhéantar an córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de a ghléasadh ar an bhfeithicil a bhfuil cur síos uirthi i bpointe 1.3.3., comhlíonfaidh na leibhéil torainn a bhainfear amach ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
|| (i) Ní rachaidh an luach tomhaiste (arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) níos mó ná 2 dB(A) thar an luach cineálcheadaithe arna fháil faoin Rialachán seo leis an gcineál feithicle lena mbaineann.
|| (ii) Ní rachaidh an luach tomhaiste (sula ndéanfar é a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) níos mó ná 2 dB(A) thar an luach torainn tomhaiste (sula ndéanfar é a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) ar an bhfeithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3.3., nuair atá sí feistithe le córas tosta a fhreagraíonn don chineál a fheistítear ar an bhfeithicil nuair a chuirtear isteach í le haghaidh a cineálcheadaithe faoin Rialachán seo.
5.2.3. || Sa bhreis ar cheanglais Iarscríbhinn II, ní mór d’aon chóras tosta athsholáthair nó comhpháirt de sonraíochtaí is infheidhme Iarscríbhinn VIII a chomhlíonadh sa Rialachán seo. Maidir le feithiclí a cineálcheadaíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus ceanglais Iarscríbhinn VIII (ASEP) go háirithe, ní bheidh feidhm ag sonraíochtaí phointí 5.2.3.1. go 5.2.3.3. den Iarscríbhinn seo ina leith.
5.2.3.1. || Más rud é gur córas nó comhpháirt le geoiméadracht athraitheach é an córas tosta athsholáthair nó comhpháirt de, soláthróidh an monaróir ráiteas san iarratas ar chineálcheadú (i gcomhréir le Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn VIII) á rá go gcomhlíonann an cineál córais tosta atá le ceadú ceanglais phointe 5.2.3. den Iarscríbhinn seo. Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe a cheangal go bhfíoróidh aon tástáil ábhartha go gcomhlíonann an cineál córais tosta na forálacha breise astaíochta fuaime.
5.2.3.2. || Más rud é nach córas le geoiméadracht athraitheach é an córas tosta athsholáthair nó comhpháirt de, is leor go soláthróidh an monaróir ráiteas san iarratas ar chineálcheadú (i gcomhréir le Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn VIII) á rá go gcomhlíonann an cineál córais tosta atá le ceadú ceanglais phointe 5.2.3. den Iarscríbhinn seo.
5.2.3.3. || Seo a leanas a bheith sa ráiteas comhlíontachta: "Dearbhaíonn (ainm an mhonaróra) go gcomhlíonann an cineál córas tosta seo ceanglais phointe 5.2.3. d'Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. ... [an Rialachán seo]. Déanann (ainm an mhonaróra) an ráiteas seo de mheon macánta, tar éis meastóireacht iomchuí innealtóireachta a dhéanamh ar fheidhmíocht na hastaíochta fuaime thar réimse is infheidhme de choinníollacha oibriúcháin.
5.3. || Feidhmíochtaí na feithicle a thomhas
5.3.1. || Áiritheoidh an córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de go bhfuil feidhmíocht na feithicle inchomparáide le feidhmíocht threalamh an bhunchórais tosta, nó comhpháirt de.
5.3.2. || Cuirfear an córas tosta athsholáthair nó, ag brath ar rogha an mhonaróra, comhpháirteanna an chórais sin, i gcomparáid le bunchóras tosta nó comhpháirteanna de, ar bhfuil riocht nua orthu, agus a gléasadh i ndiaidh a chéile ar an bhfeithicil a luaitear i bpointe 1.3.3.
5.3.3. || Déanfar an fíorú tríd an gcúlbhrú a thomhas de bhun phointe 5.3.4. Ní rachaidh an luach arna thomhas leis an gcóras tosta athsholáthar níos mó ná 25 % thar an luach arna thomhas leis an mbunchóras tosta faoi na coinníollacha a luaitear thíos.
5.3.4. || Modh tástála
5.3.4.1. || Modh tástála le hinneall
|| Is é an t-inneall dá dtagraítear i bpointe 1.3.4, arna chúpláil le dinimiméadar, a dhéanfar a thomhas. Agus an scóig oscailte go hiomlán, déanfar an binse a choigeartú d'fhonn an luas innill (S) a fhreagraíonn d'uaschumhacht rátaithe an innill a bhaint amach.
|| Chun an cúlbhrú a thomhas, léirítear in Iarscríbhinn 5 an fad a chuirfear an brúbhuacaire ón ilchóipire sceithe
5.3.4.2. || Modh tástála le hinneall
|| Is é an bhfeithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3.3. a dhéanfar a thomhas. Déanfar an tástáil ar an mbóthar nó ar dhinimiméadar rollála. Agus an scóig oscailte go hiomlán, déanfar an t-inneall a ualú d'fhonn an luas innill a fhreagraíonn d'uaschumhacht rátaithe an innill a bhaint amach (luas innill S). Chun an cúlbhrú a thomhas, léirítear in Iarscríbhinn 5 an fad a chuirfear an brúbhuacaire ón ilchóipire sceithe.
5.4. || Breis sonraíochtaí maidir le córais tosta athsholáthair nó comhpháirteanna daoibh ina bhfuil ábhair shnáithíneacha ionsúite fuaime.
5.4.1. || Ginearálta
|| Ní féidir ábhair shnáithíneacha ionsúite fuaime a úsáid i gcórais tosta nó i gcomhpháirteanna daoibh ach má chomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas: (a) Nach bhfuil an gás sceite i dteagmháil leis na hábhair shnáithíneacha; (b) Go mbaineann an córas tosta nó na comhpháirteanna de leis an bhfine dheartha chéanna leis na córais nó na comhpháirteanna ar cruthaíodh ina leith, le linn an phróisis cineálcheadaithe i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin, nach bhfuil siad faoi réir meathlúcháin. Mura gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha sin, cuirfear an córas iomlán tosta nó comhpháirt de isteach le haghaidh gnáthriochtú ag úsáid ceann de na trí shuiteáil agus nós imeachta a bhfuil cur síos orthu thíos.
5.4.1.1. || Oibríocht leanúnach bóthair ar feadh 10000 km.
5.4.1.1.1. || Tiomáint uirbeach a bheidh i gceist le 50 ± 20 % den oibríocht sin, agus cúrsaí fad‑achair ar ardluas a bheidh sa chuid eile; is féidir clár comhfhreagrach raoin tástála a chur in ionad oibríochta leanúnaí bóthair. Déanfar an dá chóras luais a mhalartú ar a laghad faoi dhó. Áireofar ar a laghad 10 sos de thrí uair an chloig sa chlár iomlán tástála d’fhonn tionchar an fhuaraithe agus aon chomhdhlúthú a d’fhéadfadh a bheith ann a chur i bhfeidhm
5.4.1.2. || Riochtú ar bhinse tástála
5.4.1.2.1. || Ag baint úsáide as codanna caighdeánacha agus ag cloí le treoracha monaróra na feithicle, feisteofar an córas tosta nó comhpháirteanna de ar an bhfeithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3.3 nó ar an inneall dá dtagraítear i bpointe 1.3.4.. Sa chéad chás beidh an fheithicil gléasta ar dhinimiméadar rollála. Sa dara cás beidh an t‑inneall cúpláilte le dinimiméadar.
5.4.1.2.2. || Déanfar an tástáil i sé thréimhse, agus gach ceann acu sé huaire ar fad, agus sos de dhá uair déag ar a laghad idir gach tréimhse d’fhonn tionchar an fhuaraithe agus aon chomhdhlúthú a d’fhéadfadh a bheith ann a chur i bhfeidhm.
5.4.1.2.3. || Le linn gach tréimhse sé huaire, cuirfear an t‑inneall ag obair faoi na coinníollacha seo a leanas san ord seo a leanas:
|| (a) Cúig nóiméad ar luas réchasta;
|| (b) Sraith aon uaire faoi 1/4 den ualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);
|| (c) Sraith aon uaire faoi 1/2 den ualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);
|| (d) Sraith 10 nóiméad faoi lánualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);
|| (e) Sraith 15 nóiméad faoi 1/2 den ualach ar uasluas rátaithe (S);
|| (f) Sraith 30 nóiméad faoi 1/4 den ualach ar uasluas rátaithe (S);
|| Is é a bheidh i ngach tréimhse dhá shraith sheicheamhacha de na coinníollacha sin in ord comhleantach ó (a) go (f).
5.4.1.2.4. || Le linn na tástála, ní dhéanfar an córas tosta nó comhpháirteanna de a fhuarú le hionsamhlú brúshéidte gnáth‑aershreibhe mórthimpeall na feithicle. Mar sin féin, ar iarratas ón monaróir, féadfar an córas tosta nó comhpháirteanna de a fhuarú le nach sárófar an teocht arna taifeadadh ag an ionraon nuair atá an fheithicil ag rith ar uasluas.
5.4.1.3. || Riochtú trí fhrithbhualadh
5.4.1.3.1. || Beidh an fheithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3.3. nó an t‑inneall dá dtagraítear i bpointe 1.3.4. feistithe leis an gcóras tosta nó le comhpháirteanna de. Sa chéad chás, beidh an fheithicil gléasta ar dhinimiméadar rollála agus sa dara cás beidh an t-inneall gléasta ar dhinimiméadar.
5.4.1.3.2. || Beidh an gaireas tástála, dá bhfuil léaráid mhionsonraithe i bhFigiúr 1 i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn IV, feistithe ag ionraon an chórais tosta. Glacfar le haon ghaireas eile a tháirgeann torthaí coibhéiseacha.
5.4.1.3.3. || Déanfar an gaireas tástála a choigeartú sa dóigh is go ndéanfar sreabhadh an gháis sceite a stopadh agus a chur ar siúl arís leis an gcomhla mhearoscailte ar feadh 2500 timthriall.
5.4.1.3.4. || Osclóidh an chomhla nuair a shroichfidh cúlbhrú an gháis sceite, arna thomhas 100 mm ar a laghad le sruth ón bhfeire intógtha, nuair a shroichfidh sé luach idir 35 agus 40 kPa. Dúnfaidh sé nuair nach bhfuil níos mó ná 10 % de dhifear idir an brú sin agus an luach cobhsaithe nuair atá an chomhla ar oscailt.
5.4.1.3.5. || Ní mór an lasc aga‑mhoillithe a bheith ar siúl fad is atá an gás ag sceitheadh mar thoradh ar na forálacha atá leagtha síos i bpointe 5.4.1.3.4.
5.4.1.3.6. || Is é a bheidh i luas an innill 75 % den luas (S) ag a mbaineann an t‑inneall a uaschumhacht amach.
5.4.1.3.7. || Beidh an chumhacht ar an dinimiméadar cothrom le 50 % den chumhacht leis an scóig lánoscailte arna tomhas ag 75 % de luas an innill (S).
5.4.1.3.8. || Beidh aon pholl draenála clúdaithe le linn na tástála.
5.4.1.3.9. || Tabharfar an tástáil ar fad i gcrích laistigh de 48 uair. Más gá, beidh aon tréimhse fuaraithe amháin ann gach uair a chloig.
5.4.1.3.10. || Tar éis an chóiriúcháin, déanfar an leibhéal torainn a sheiceáil de bhun phointe 5.2.
6. || Ceadú a shíneadh
|| Féadfaidh monaróir an chórais tosta, nó ionadaí dá chuid atá creidiúnaithe go cuí, iarraidh ar an roinn riaracháin a dheonaigh ceadú an chórais tosta le haghaidh feithicle amháin nó níos mó, féadfaidh sé síneadh ar an gceadú a iarraidh chun cineálacha eile feithicle a chumhdach.
|| Is é an nós imeachta a ndéantar cur síos air i bpointe 1 atá i gceist. Cuirfear fógra faoi shíneadh an cheadaithe (nó diúltú don shíneadh) in iúl do na Ballstáit i gcomhréir leis an nós imeachta arna sonrú i dTreoir 2007/46/CE
7. || An cineál córais tosta a mhodhnú.
|| I gcás modhnuithe ar an gcineálcheadú de bhun an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagail 13 go 16 agus ag Airteagal 17(4) de Threoir 2007/46/CE.
8. || Comhréireacht táirgeachta
8.1. || Déanfar bearta chun comhréireacht táirgeachta a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 12 de Threoir 2007/46/CE.
8.2. || Forálacha speisialta:
8.2.1. || Is iad na tástálacha dá dtagraítear i bpointe 2.3.5 d'Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2007/46/CE na tástálacha a fhorordaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.
8.2.2. || Uair gach re bliain de ghnáth a dhéanfar na cigireachtaí dá dtagraítear i bpointe 3 d'Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.
Foscríbhinn 1
Doiciméad faisnéise Uimh. ... maidir le cineálcheadú an AE mar aonad teicniúil ar leithligh de sceithchórais do mhótarfheithiclí (Rialachán ...)
Más infheidhme an fhaisnéis seo a leanas, ní foláir trí chóip di a sholáthar agus liosta den inneachar a bheith ag gabháil léi. Ní foláir aon líníochtaí a sholáthar sa scála iomchuí agus iad mionsonraithe go leor ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní foláir grianghraif, más ann dóibh, a bheith mionsonraithe go leor.
Má tá rialtáin leictreonacha ag na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla leithleacha, ní foláir faisnéis maidir lena bhfeidhmiú a sholáthar.
0. || Ginearálta
0.1. || Déantús (trádainm an mhonaróra):
0.2. || Cineál agus tuairiscí tráchtála ginearálta:
0.5. || Ainm agus seoladh an mhonaróra
0.7. || I gcás comhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach, an áit ar greamaíodh marc ceadaithe an AE agus an modh greamaithe:
0.8. || Seoladh (nó seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:
1. || Tuairisc ar an bhfeithicil a mbeartaítear an fheiste dó (má tá sé beartaithe an fheiste a fheistiú ar níos mó ná cineál amháin feithicle, soláthrófar an fhaisnéis a iarrfar faoin bpointe seo le haghaidh gach cineáil lena mbaineann)
1.1. || Déantús (trádainm an mhonaróra):
1.2. || Cineál agus tuairiscí tráchtála ginearálta:
1.3. || Meáin aitheantais cineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil:
1.4. || Catagóir na feithicle:
1.5. || Uimhir chineálcheadaithe an AE maidir leis an leibhéal fuaime
1.6. || An fhaisnéis ar fad a luaitear i bpointí 1.1 go 1.4 den deimhniú cineálcheadaithe a bhaineann leis an bhfeithicil (Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo):
1. || Breis faisnéise
1.1. || Comhdhéanamh an aonaid theicniúil leithligh:
1.2. || Trádmharc nó trádainm an chineáil/na gcineálacha mótarfheithicle a bhfuil córas tosta le feistiú orthu (1)
1.3. || An cineál/na cineálacha feithicle agus an uimhir chineálcheadaithe/ na huimhreacha cineálcheadaithe a ghabhann leo:
1.4. || Inneall:
1.4.1. || Cineál (adhaint dheimhneach, díosal):
1.4.2. || Timthriallta: dhá bhuille, ceithre bhuille:
1.4.3. || Toilleadh iomlán sorcóra:
1.4.4. || Uaschumhacht rátaithe innill … kW ag … nóim–1
1.5. || Líon na gcóimheas giaranna:
1.6. || Cóimheasa giaranna arna n-úsáid:
1.7. || Cóimheas(a) acastóra tiomána:
1.8. || Luachanna maidir le leibhéal fuaime: feithicil atá ag gluaiseacht:. … dB(A), luas cobhsaí roimh luasghéarú ag.................... … km/u; feithicil atá ina stad dB(A), ag … nóim–1
1.9. || Luach an chúlbhrú:
1.10. || Aon srianta maidir le húsáid agus ceanglais ghléasta:
2. || Barúlacha:
3. || Tuairisc ar an bhfeiste
3.1. || Tuairisc ar an sceithchóras athsholáthair a léiríonn suíomh coibhneasta gach comhpháirte den chóras, mar aon leis na treoracha gléasta:
3.2. || Líníochtaí mionsonraithe de gach comhpháirt, ionas gur féidir iad a aimsiú agus a shainiú go héasca, agus tagairt do na hábhair arna n-úsáid. Ba cheart a léiriú sna líníochtaí sin an áit atá ar fáil chun marc éigeantach chinealcheadú an EU a ghreamú
Dáta, Comhad
Foscríbhinn 2
MÚNLA TEASTAS CHINEÁLCHEADÚ AN AE (Uasfhormáid: A4 (210 × 297 mm)) Stampa riaracháin
Teachtaireacht maidir le
- cineálcheadú (1)
- cineálcheadú a shíneadh (1)
- cineálcheadú a dhiúltú (1)
- cineálcheadú a tharraingt siar (1)
cineáil feithicle/compháirte/aonaid theicniúil leithligh (1) maidir le Rialachán Uimh.
Uimhir chineálcheadaithe:
An chúis leis an síneadh:
ROINN 1 ||
0.1. || Déantús (trádainm an mhonaróra):
0.2. || Cineál agus tuairiscí ginearálta tráchtála:
0.3. || Modh sainaitheantais an chineáil má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil/comhpháirt/aonad teicniúil leithleach (1) (2):
0.3.1. || Suíomh na marcála sin:
0.4. || Catagóir na feithicle (3):
0.5. || Ainm agus seoladh an mhonaróra:
0.7. || I gcás comhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach, an áit ar greamaíodh marc chineálcheadú an AE agus an modh greamaithe:
0.8. || Seoladh (nó seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:
ROINN II ||
1. || Breis faisnéise (nuair is infheidhme): Féach Aguisín
2. || An tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh:
3. || Dáta na tuarascála tástála:
4. || Uimhir na tuarascála tástála:
5. || Barúlacha (más ann dóibh): Féach Aguisín
6. || Áit:
7. || Dáta:
8. || Síniú:
9. || Tá inneács an phacáiste faisnéise a taisceadh le húdarás an cheadaithe, ar féidir é a fháil ach é a iarraidh, faoi iamh
(1) Scrios de réir mar is gá.
(2) Má tá carachtair i modh sainaitheantais an chineáil nach bhfuil ábhartha chun tuairisc a thabhairt ar an gcineál feithicle, comhpháirte nó aonaid theicniúil leithligh arna gcumhdach sa deimhniú cineálcheadaithe, déanfar na carachtair sin a léiriú sa doiciméad leis an tsiombail: ‘?’ (e.g.ABC??123??).
(3) Mar atá sainithe i bpointe A in Iarscríbhinn IIA a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.
Foscríbhinn 3
Múnla le haghaidh mharc chineálcheadú an AE
Maidir leis an sceithchóras nó comhpháirt de a bhfuil marc chineálcheadú an AE air, is feiste í arna ceadú sa Spáinn (e 9) de bhun Rialachán Uimh... faoin mbonnuimhir cheadaithe 0148.
Figiúirí táscacha amháin atá in úsáid.
Foscríbhinn 4
Gaireas tástála
1 || Feire nó muinchille ionraoin – an ceangal de chúl an sceithchórais tástála iomláin le tástáil.
2 || Comhla rialaithe (lámhoibrithe).
3 || Taiscumar cúiteach ó 35 go 40 l.
4 || Brúlasc 5 kPa go 250 kPa – chun ítim 7 a oscailt.
5 || Lasc aga-mhoillithe – chun ítim 7 a dhúnadh.
6 || Áiritheoir ríog.
7 || Comhla mhearfreagartha - amhail comhla córais sceithchoscáin atá 60 mm ar trastomhas, arna hoibriú ag sorcóir neomatach a aschuireann 120 N ag 400 kPa. Ní sháróidh an t‑aga freagartha, maidir le hoscailt agus dúnadh na comhla, 0.5 soicind.
8 || Folmhú gáis ón sceithchóras.
9 || Píobán solúbtha.
10 || Brúthomhsaire.
Foscríbhinn 5
Pointí tomhais – Cúlbhrú
Samplaí de phointí féideartha tomhais do thástálacha ar chailleadh brú. Sonrófar an pointe beacht tomhais sa tuarascáil tástála. Beidh sí i limistéar ina bhfuil sreabhadh rialta gáis.
1. Figiúr 1.
Píobán aonair
2. Figiúr 2
Píobán atá cúplach i bpáirt 1
1 Mura bhfuil sé sin indéanta, féach ar fhigiúr 3.
3. Figiúr 3
Píobán cúplach
2 Dhá phointe tomhais, léamh amháin.
Iarscríbhinn XI
Seiceálacha ar chomhréireacht táirgeachta i gcomhair sceithchóras mar aonaid theicniúla leithleacha
1. || Ginearálta
|| Tá na ceanglais seo ag teacht leis an tástáil atá le déanamh chun comhréireacht táirgeachta a sheiceáil i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. || Tástáil agus nósanna imeachta
|| Is iad na modhanna tástála, na huirlisí tomhais agus an léirmhíniú torthaí a bhfuil cur síos orthu i bpointe 5 d'Iarscríbhinn X a úsáidfear. Beidh an sceithchóras nó an chomhpháirt de atá á thástáil faoi réir na tástála de réir na tuairisce i bpointí 5.2., 5.3. agus 5.4. d'Iarscríbhinn X.
3. || Sampláil agus meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí
3.1. || Ní mór córas amháin tosta a roghnú agus a chur faoi na tástálacha atá luaite i bpointe 2. Má chomhlíonann torthaí na tástála na ceanglais maidir le táirgeadh atá luaite i bpointe 8.1. d'Iarscríbhinn X, measfar go gcomhlíonann an cineál córais tosta nó an chomhpháirt de, comhréireacht táirgeachta.
3.2. || Mura gcomhlíonann ceann de na torthaí tástála ceanglais na comhréireachta táirgeachta atá i bpointe 8.1 d'Iarscríbhinn X, déanfar dhá chóras eile tosta nó comhpháirteanna daoibh den chineál céanna a thástáil de bhun phointe 2.
3.3. || Má chomhlíonann na torthaí tástála don dara agus don tríú córas tosta nó comhpháirt daoibh ceanglais na comhréireachta táirgeachta atá i bpointe 8.1 d'Iarscríbhinn X, measfar go gcomhlíonann an cineál sin córas tosta nó comhpháirt de, comhréireacht táirgeachta.
3.4. || Mura gcomhlíonann na torthaí tástála don dara nó tríú córas tosta nó comhpháirt de na ceanglais comhréireachta táirgeachta atá i bpointe 8.1 d'Iarscríbhinn X, measfar nach gcomhlíonann an cineál sin córas tosta nó comhpháirt de ceanglais an Rialacháin seo agus déanfaidh an monaróir na bearta is gá chun an chomhréireacht a athbhunú.
Iarscríbhinn XII
Tábla Comhghaoil
(Dá dtagraítear in Airteagal 15.2)
Treoir 70/157/CEE || An Rialachán seo
- || Airteagal 1
- || Airteagal 2
- || Airteagal 3
Airteagal 2 || Airteagal 4(1)
Airteagal 2a || Airteagal 4(2) and (3)
- || Airteagal 5
- || Airteagal 6
- || Airteagal 7
- || Airteagal 8
- || Airteagal 9
- || Airteagail 10, 11, 12 agus 13
- || Airteagal 14
- || Airteagal 15
|| Airteagal 16
Iarscríbhinn I, pointe 1 || Iarscríbhinn I, pointe 1
Iarscríbhinn I, pointe 3 || Iarscríbhinn I, pointe 2
Iarscríbhinn I, pointe 4 || Iarscríbhinn I, pointe 3
Iarscríbhinn I, pointe 5 || Iarscríbhinn I, pointe 4
Iarscríbhinn I, pointe 6 || Iarscríbhinn I, pointe 5
Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 1 || Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 1
Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 2 (gan Aguisín) || Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 2
- || Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 3
- || Iarscríbhinn II
Iarscríbhinn I, pointe 2 || Iarscríbhinn III
- || Iarscríbhinn IV
- || Iarscríbhinn V
- || Iarscríbhinn VI
- || Iarscríbhinn VII
- || Iarscríbhinn VIII
|| Iarscríbhinn IX
Iarscríbhinn II, pointí 1, 2, 3 agus 4 || Iarscríbhinn X, pointí 1, 2, 3 agus 4
- || Iarscríbhinn X, pointe 5 agus pointe 6
Iarscríbhinn II, pointe 5 agus pointe 6 || Iarscríbhinn X, pointe 7 agus pointe 8
Iarscríbhinn II, Foscríbhinn 1 || Iarscríbhinn X, Foscríbhinn 1 (+ breis faisnéise)
Iarscríbhinn II, Foscríbhinn 2 (gan an Aguisín) || Iarscríbhinn X, Foscríbhinn 2
Iarscríbhinn II, Foscríbhinn 3 || Iarscríbhinn X, Foscríbhinn 3
- || Iarscríbhinn X, Foscríbhinní 4 and 5
|| Iarscríbhinn XI
- || Iarscríbhinn XII
Iarscríbhinn III, pointe 1 || -
Iarscríbhinn III, pointe 2 || -
[1] Beartas um Thorann Amach Anseo – Páipéar Uaine ón gCoimisiún Eorpach, 4.11.1996, COIM(96) 540 críochnaitheach.
[2] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Straitéis Eorpach ar fheithiclí atá glan agus tíosach ar fhuinneamh – COIM(2010)186 críochnaitheach.
[3] IO L 42, 23.2.1970, lch. 16.
[4] IO C…, …, p. .
[5] IO L 42, 23.2.1970, lch. 16.
[6] IO L 263, 9.10.2007, lch. 1.
[7] IO L 137, 30.5.2007, lch. 68.
[8] COIM(96) 540 críochnaitheach.
[9] ISO 362-1, Tomhas an torainn a eisíonn feithiclí bóthair agus iad ag luasghéarú – Modh innealltóireachta – Cuid 1: catagóirí M agus N, IOS, an Ghinéiv, an Eilbhéis, 2007.
[10] IO L200, 31.7.2009, lch. 1.
[11] Knol, A.B., Staatsen, B.A.M., Trends in the environmental burden of disease in the Netherlands 1980 – 2020, RIVM tuarascáil 500029001, Bilthoven, An Ísiltír, 2005; http://www.rivm.nl/bibliotheek/rapporten/500029001.html.
[12] Staidéar de chuid WHO-JRC ar an ualach galair ó thorann timpeallachta, cainníochtú na mblianta sláintiúla saoil a chailltear san Eoraip; http://www.euro.who.int/en/what-we-do/health-topics/environment-and-health/noise/publications/2011/burden-of-disease-from-environmental-noise.-quantification-of-healthy-life-years-lost-in-europe.
[13] Luachú Torainn – Páipéar Seasaimh na Meithle maidir le Gnéithe Sláinte agus Socheacnamaíocha, an Coimisiún Eorpach, Ard‑Stiúirtheoireacht an Chomhshaoil, An Bhruiséil, 4 Nollaig 2003; www.ec.europa.eu/environment/noise/pdf/valuatio_final_12_2003.pdf
[14] CARS 21: Córas Rialála Iomaíoch Feithicleach don 21ú hAois, 2006: http://ec.europa.eu/enterprise/sectors/automotive/files/pagesbackground/competitiveness/cars21finalreport_en.pdf
[15] IO L 326, 24.11.2006, lch. 43.
[16] IO L 326, 24.11.2006, lch. 55.
[17] Dá dtagraítear i bhFigiúr 1 d'Fhoscríbhinn 1 d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
[18] Comhfhreagraíonn na huimhreacha ítime agus na fonótaí arna n‑úsáid san fhaisnéis seo do na cinn sin atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE. Ítimí nach mbaineann le hábhar chun críche an Rialacháin seo, fágadh ar lár iad.
[19] Scrios de réir mar is gá.
[20] Scrios de réir mar is gá.
[21] Scrios de réir mar is gá.
[22] Scrios de réir mar is gá.
[23] Scrios de réir mar is gá.
[24] Scrios de réir mar is gá.
[25] Scrios de réir mar is gá.
[26] Scrios de réir mar is gá.
[27] Traiseoladh athraitheach leanúnach.
[28] Traiseoladh athraitheach leanúnach.
[29] Scrios de réir mar is gá.
[30] Scrios de réir mar is gá.
[31] Scrios de réir mar is gá.
[32] Scrios de réir mar is gá.
[33] Scrios de réir mar is gá.
[34] Scrios de réir mar is gá.
[35] Scrios de réir mar is gá.
[36] Má tá carachtair nach bhfuil ábhartha chun tuairisc a thabhairt ar an gcineál feithicle, comhpháirte nó aonaid theicniúil leithligh arna gcuimsiú san fhaisnéis seo sa mhodh sainaitheantais cineáil, déanfar a leithéid de charachtair a léiriú sa doiciméad leis an siombail '?' (e.g. ABC??123??).
[37] Mar atá sainithe in Iarscríbhinn IIA a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.
[38] Ná luaigh faisnéis arís má tuairiscíodh i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn 1 í.
[39] Dá dtagraítear i bhFigiúr 1 d'Fhoscríbhinn 1 d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
[40] Dá dtagraítear i bhFigiúr 1 d'Fhoscríbhinn 1 d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
[41] Traiseoltaí athraitheacha leanúnacha.
[42] Le foilsiú.
[43] Traiseoltaí athraitheacha leanúnacha.
| Barr |