52011PC0758


Teideal agus tagairt

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Clár um Chearta agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020

/* COIM/2011/0758 leagan deireanach - 2011/0344 (COD) */

Téacs

BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV
html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html
pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf
doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc

Dátaí

Ranguithe

Faisnéis ilghnéitheach

Nós imeachta

Gaol idir na doiciméid

Téacs

Taispeáint dhátheangach: BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HU IT LT LV MT NL PL PT RO SK SL SV

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Mar a dearbhaíodh i gClár Stócólm, is tosaíocht i gcónaí don Aontas Eorpach é limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fhorbairt. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta cheana sa réimse seo a bhuí le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus cineál ceangailteach Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a thig as sin, tá a lán dúshlán roimh an Aontas fós amhail cur chun feidhme neamhleor nó neamh‑chomhsheasmhach ceart áirithe ar fud an Aontais nó easpa feasachta a bheith ag saoránaigh agus údaráis phoiblí araon i dtaobh reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais. Is fíor-thábhachtach iad reachtaíocht agus bearta beartais chomh maith lena gcur chun feidhme comhsheasmhach. Is féidir le cistiú rannchuidiú le forbairt an réimse seo trí thacú le reachtaíocht agus ceapadh beartais agus a gcur chun feidhme a chur chun cinn.

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hAthbhreithniú Buiséid an AE[1], breithníodh athuair na hionstraimí cistiúcháin agus meicníochtaí seachadta atá ann cheana chun fócas soiléir ar bhreisluach Eorpach a áirithiú agus chun cuíchóiriú agus simpliú na meicníochtaí cistiúcháin a chur san áireamh. Sa Teachtaireacht A budget for Europe 2020 (Buiséad do ‘Eoraip 2020')[2], d'aithin an Coimisiún go raibh gá le buiséad níos simplí, níos trédhearcaí chun na fadhbanna a thig as castacht struchtúr na gclár agus as an iliomad clár a bheith ann a shárú. Luadh réimse na gceart mar shampla den ilroinnt atá ann agus de chás inar cheart beart a dhéanamh.

Sa chomhthéacs sin agus ar mhaithe le simpliú agus cuíchóiriú, tagann an Clár um Chearta agus um Shaoránacht i gcomharba ar thrí chlár reatha:

-           Cearta Bunúsacha agus Saoránacht,

-           Daphne III,

-           Na codanna 'Frith‑idirdhealú agus Éagsúlacht' agus 'Comhionannas Inscne' den Chlár um Fhostaíocht agus um Dhlúthpháirtíocht Shóisialta (PROGRESS).

Trí na cláir sin a thabhairt le chéile, ar cláir iad uile atá bunaithe ar fhorálacha lasmuigh de Theideal V de Chuid III den CFAE, beifear in ann cur chuige cistiúcháin uilechuimsitheach a úsáid sa réimse seo.

Is é cuspóir ginearálta an togra seo rannchuidiú le limistéar a chruthú ina ndéantar cearta daoine, mar atá siad cumhdaithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a chur chun cinn agus a chosaint. Go háirithe, ba cheart don Chlár sin na cearta a eascraíonn as saoránacht Eorpach, prionsabail an neamh‑idirdhealaithe agus an chomhionannais idir mná agus fir a chur chun cinn, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, cearta an linbh, na cearta a eascraíonn as reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais agus as an tsaoirse chun gnó a dhéanamh sa mhargadh inmheánach a chur chun cinn.

Chun go mbeidh éifeacht acu i ndáiríre agus chun go dtiocfaidh torthaí soiléire do shaoránaigh agus do ghnólachtaí astu, ní mór na cearta a bheith ar eolas acu siúd a chuireann i bhfeidhm iad, acu siúd a thugann comhairle do dhaoine maidir lena gcearta agus acu siúd a thairbhíonn de na cearta sin, agus ní mór iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go héifeachtach ar fud an Aontais. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí thacú le hoiliúint agus le hardú feasachta, trí ghréasáin a neartú agus trí chomhar trasnáisiúnta a éascú. Thairis sin, caithfidh an tAontas bonn fónta anailíse a thabhairt dó féin chun tacú le ceapadh beartais agus reachtaíocht i réimse na gceart agus na saoránachta.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

2.1.        Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

An 20 Aibreán 2011 seoladh comhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí maidir le gníomhaíochtaí cistiúcháin sa todhchaí i réimse an cheartais, na gcearta bunúsacha agus an chomhionannais don tréimhse tar éis 2013[3]. Bhí sé ar fáil ar líne ar feadh dhá mhí agus oscailte do na geallsealbhóirí agus na daoine uile ar spéis leo an t‑ábhar. Fuarthas freagraí ó 187 freagróir ó fhormhór na mBallstát agus ba ENRanna iad cuid mhaith de na freagróirí sin.

Rinne na freagróirí meastóireacht dhearfach ar chuspóirí beartais na gclár agus dhearbhaigh siad go raibh gá le cistiú sna réimsí atá cumhdaithe. Aithníodh an breisluach Eorpach agus níor sainaithníodh aon réimse inar cheart scoir de chistiú. Aithníodh go raibh gá le simpliú agus feabhsú agus glacadh go dearfach leis an gcuid is mó de na bearta atá beartaithe, lena n‑áirítear líon na gclár a laghdú agus nósanna imeachta a shimpliú.

Bhí na geallsealbhóirí i bhfách le gníomhaíochtaí amhail malartú dea-chleachtas, oiliúint gairmithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus ardaithe feasachta, tacaíocht do ghréasáin, staidéir, etc. a chistiú. Déantar foráil shainráite in Airteagal 5 den togra maidir le gach cineál gníomhaíochta a d'fhormheas na freagróirí. D'aontaigh na freagróirí le tograí an Choimisiúin i dtaobh na ngníomhaithe arb iomchuí cistiú a thabhairt dóibh agus i dtaobh na gcineálacha meicníochtaí cistiúcháin a d'fhéadfaí a úsáid.

2.2.        Measúnú Tionchair

Rinneadh measúnú tionchair amháin maidir le gníomhaíochtaí cistiúcháin amach anseo le haghaidh réimse iomlán an cheartais, na gceart agus an chomhionannais, réimse ina bhfuil sé chlár faoi láthair[4]. Baineann an measúnú tionchair sin le hábhar an togra maidir leis an gClár um Cheartas agus an togra maidir leis an gClár um Chearta agus um Shaoránacht araon. Is forbairt é an measúnú tionchair ar mheastóireachtaí eatramhacha na gclár reatha[5], meastóireachtaí inar dearbhaíodh éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhoriomlán na gclár, ach sainaithníodh roinnt easpaí agus gnéithe is féidir a fheabhsú iontu freisin. Breithníodh trí rogha sa mheasúnú tionchair:

Rogha A: na sé chlár a choimeád agus aghaidh a thabhairt ar chuid de na fadhbanna a sainaithníodh trí athruithe ar bhainistíocht inmheánach na gclár. Thabharfaí aghaidh ar chuid de na saincheisteanna sin tríd an mbainistíocht a fheabhsú agus trí shineirgíochtaí láidre idir na cláir a chothú. Ní thabharfaí aghaidh go díreach, áfach, ar phríomhchúis na bhfadhbanna, i.e. an t‑iliomad clár a bheith ann, agus dá bhrí sin is beag na feabhsuithe a bhainfí amach leis an rogha seo.

Rogha B: bearta uile Rogha A a choimeád agus anuas air sin na sé chlár reatha a chumasc in dhá chlár. Thabharfadh an rogha seo solúbthacht in úsáid cistí agus in aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí bliantúla beartais. Dhéanfadh sí na cláir a shimpliú tuilleadh do na tairbhithe agus do lucht riaracháin araon, agus dhéanfadh sí níos éifeachtúla iad, toisc go mbeadh gá le i bhfad níos lú nósanna imeachta. Dhéanfaí éifeachtacht na gclár a fheabhsú freisin toisc gur fearr a thabharfaí aghaidh ar ilroinnt agus ar chaolú cistí laistigh de dhá chlár. D'fhéadfaí acmhainní daonna a scaoileadh, ós rud é go laghdófaí an t‑ualach riaracháin dá mba rud é go raibh níos lú nósanna imeachta ann, agus dhéanfaí na hacmhainní daonna sin a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí chun éifeachtacht na gclár a fheabhsú (torthaí a scaipeadh, monatóireacht, faisnéis a sholáthar, etc.).

Rogha C: gan ach clár amháin a chur chun feidhme. Leis an rogha seo tugtar aghaidh ar na fadhbanna go léir arb iad an t‑iliomad ionstraimí dlíthiúla a bheith ann agus an t‑ualach riaracháin méadaithe a bhaineann leis an iliomad clár a bhainistiú is cúis leo. De bharr srianta dlíthiúla, áfach, ní fhéadfadh raon feidhme an chláir sin riachtanais chistiúcháin na réimsí beartais ar fad a chumhdach. Chaithfí rogha a dhéanamh idir réimse an cheartais agus réimse na gceart agus na saoránachta. Cé gur féidir leis an réiteach seo an tionchar is mó a imirt ó thaobh na bainistíochta de, ní fhéadfaí aghaidh a thabhairt go leormhaith leis ar thosaíochtaí beartais ná ar riachtanais an réimse bheartais ar fad.

I bhfianaise anailís agus chomparáid na roghanna, is í rogha na tosaíochta dhá chlár a chur chun feidhme, ar cláir iad lena gcumhdófaí riachtanais chistiúcháin na réimsí beartais ar fad (Rogha B). I gcomparáid leis an status quo tá buntáistí soiléire ag baint le Rogha B agus níl aon mhíbhuntáiste ag baint léi. Níl a oiread sochar ag baint le Rogha A is atá ag baint le Rogha B agus ní chumhdaíonn Rogha C na réimsí beartais ach go páirteach, rud a fhágann nach oiriúnach an rogha sin.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Tá an togra bunaithe ar Airteagail 19(2), 21(2), 114, 168, 169 agus 197 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is gá na hAirteagail sin a chomhcheangal chun leanúint de thacú le beartais a fhorbraítear agus a chuirtear chun feidhme sna trí chlár reatha, agus níl i gceist leis gníomhaíochtaí a leathnú go réimsí nua beartais. Is gá níos mó ná Airteagal amháin a chomhcheangal chun cuspóirí ginearálta an Chláir a bhaint amach ar bhealach cuimsitheach agus cur chuige simplithe níos éifeachtúla a ghlacadh i leith cistiú. Trí na hAirteagail sin a úsáid soláthraítear an bunús dlí is gá do na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus dá bhrí sin ní gá úsáid a bhaint as Airteagal 352 den CFAE.

Le hAirteagal 19(2) déantar foráil maidir le glacadh beart dreasachta chun tacú le gníomhaíocht de chuid na mBallstát d'fhonn idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach a chomhrac, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí a chuireann comhionannas idir mná agus fir chun cinn agus a thacaíonn le cearta an linbh.

Le hAirteagal 21(2) déantar foráil maidir le bearta de chuid an Aontais chun feidhmiú ceart saoránach chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát a éascú. Is féidir gníomhaíochtaí a fhéachann le saoránaigh agus údaráis a chur ar an eolas maidir lena gcearta chun cosanta taidhleoireachta agus consalaí agus a gcearta vótála a chumhdach freisin leis an Airteagal sin ar an ábhar go ndéanann na gníomhaíochtaí sin feidhmiú cirt saoránaigh chun gluaiseacht a éascú sa chleachtas.

Le hAirteagal 114 déantar foráil maidir le comhfhogasú dlíthe arb é bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a n‑aidhm. Le hAirteagal 169 déantar foráil, anuas ar chomhfhogasú dlíthe faoi Airteagal 114, maidir le glacadh beart chun tacú le beartas na mBallstát chun sláinte, sábháilteacht agus leas eacnamaíoch tomhaltóirí a chosaint chomh maith leis an gceart chun faisnéise agus oideachais agus chun gníomhú ar mhaithe lena leasanna a chosaint a chur chun cinn, na bearta sin a fhorlíonadh agus faireachán a dhéanamh orthu. Is féidir leis an dá fhoráil a bheith ina mbonn chun gníomhaíochtaí a bhaineann le saincheisteanna tomhaltóirí agus dlí na gconarthaí a chistiú. Le leibhéal ard cosanta tomhaltóirí agus forbairt dhlí na gconarthaí chun idirbhearta trasteorann a éascú cruthaítear na dálaí is gá chun cumhacht a thabhairt do shaoránaigh an Aontais a gcearta a fheidhmiú thar an teorainn.

Le hAirteagal 168 déantar foráil maidir le leibhéal ard cosanta shláinte an duine agus gníomhaíocht de chuid an Aontais a chomhlánann beartais náisiúnta i dtinnis agus galair an duine a chosc agus foinsí contúirte do shláinte an duine a sheachaint. Is contúirt do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach na leanaí é foréigean i gcoinne leanaí, lena n‑áirítear go minic bagairtí trasteorann. Is saoránaigh leochaileacha iad leanaí agus tá leibhéal méadaithe cosanta in aghaidh na gcontúirtí sin dá sláinte fhisiciúil agus mheabhrach ag teastáil uathu. Is bagairt thromchúiseach do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach na n‑íospartach é freisin foréigean in aghaidh na mban, ar íospartaigh iad a bhfuil leibhéal ard cosanta ag teastáil uathu.

Le hAirteagal 197 is féidir tacú le Ballstáit i gcur chun feidhme dhlí an Aontais trí mhalartú faisnéise a éascú nó trí thacú le scéimeanna oiliúna. Beidh tábhacht ar leith ag baint leis an bhforáil sin i réimsí amhail cearta bunúsacha, saoránacht agus cosaint sonraí, réimsí ina bhfuil ról tábhachtach le himirt ag údaráis náisiúnta.

Urramaíonn na gníomhaíochtaí cistiúcháin atá beartaithe prionsabail an bhreisluacha Eorpaigh agus na coimhdeachta. Dírítear le cistiú ó bhuiséad an Aontais ar ghníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit amháin a gcuspóirí a bhaint amach go leordhóthanach, i gcás inar féidir le hidirghabháil ón Aontas luach breise a thabhairt i gcomparáid le gníomhaíocht de chuid na mBallstát amháin. Cuideoidh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo le cur i bhfeidhm éifeachtach an acquis trí mhuinín fhrithpháirteach a fhorbairt idir Ballstáit, comhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach ar fud an Aontais. Is fearr atá an tAontas Eorpach ná na Ballstáit in ann aghaidh a thabhairt ar chásanna a bhfuil gné trasteorann ag baint leo agus clár oibre Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil. Tacófar le bonn fónta anailíse a chur ar fáil chun tacú le beartais agus chun iad a fhorbairt. Trí idirghabháil ón Aontas Eorpach is féidir na gníomhaíochtaí seo a shaothrú go leanúnach ar fud an Aontais agus cruthaítear barainneachtaí scála.

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé níos faide ná an t‑íosmhéid a bhfuil gá leis chun an cuspóir sonraithe a bhaint amach ar leibhéal Eorpach ná níos faide ná a bhfuil gá leis chun na críche sin.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

EUR 439 milliún (i bpraghsanna reatha) a bheidh sa chlúdach airgeadais chun an Clár um Chearta agus um Shaoránacht a chur chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

5.           PRÍOMHEILIMINTÍ AN TOGRA

Tá sé d'aidhm ag an gcur chuige atá beartaithe simpliú nósanna imeachta, rud a d'iarr na páirtithe uile lena mbaineann, a chomhcheangal le cur chuige atá dírithe níos mó ar thorthaí. Is iad seo a leanas príomheilimintí an chur chuige sin:

- Déanann an togra na cuspóirí ginearálta agus sonracha atá á saothrú ag an gClár (Airteagal 3 agus Airteagal 4) agus na réimsí gníomhaíochta a ndíreoidh an Clár orthu (Airteagal 5) a shainiú. Déanann na cuspóirí ginearálta agus sonracha raon feidhme an chláir (réimsí beartais) a shainiú, ach tá na cineálacha gníomhaíochtaí dírithe ar chistiúchán, tá siad infheidhme maidir leis na réimsí beartais uile lena mbaineann agus sainíonn siad ar bhealach cothrománach na haschuir is féidir a fháil trí chistiú. Ag an am céanna, sainíonn siad na cásanna inar féidir le cistiú fíor-bhreisluach a thabhairt chun na cuspóirí beartais a bhaint amach. Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme aige, bunóidh an Coimisiún na tosaíochtaí cistiúcháin sna réimsí beartais éagsúla ar bhonn bliantúil. Is féidir leis an gClár úsáid a bhaint as na hionstraimí airgeadais go léir dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais. Tá an rannpháirtíocht oscailte do na heintitis dhlíthiúla uile atá bunaithe go dleathach sna Ballstáit nó i dtríú tír a ghlacann páirt sa Chlár, gan srianta eile ar an rochtain ar an gClár a bheith ann. Leis an struchtúr sin is féidir simpliú a dhéanamh, agus is féidir freisin an clár a dhíriú níos fearr ar riachtanais agus ar fhorbairtí na mbeartas. Thairis sin, soláthraíonn sé comhthéacs cobhsaí don mheastóireacht, toisc na cuspóirí sonracha a bheith nasctha go díreach le táscairí meastóireachta, táscairí a fhanfaidh comhsheasmhach ar feadh ré iomlán an chláir agus a ndéanfar faireachán agus meastóireacht orthu go rialta. Tá sé beartaithe gan méideanna sonracha in aghaidh an réimse bheartais a chur in áirithe laistigh den chlár chun solúbthacht a bhaint amach agus cur chun feidhme an chláir a fheabhsú.

- Tá rannpháirtíocht tríú tíortha teoranta do thíortha an LEE, do thíortha aontachais, do thíortha is iarrthóirí agus d'iarrthóirí féideartha. Féadfaidh tríú tíortha eile, go háirithe tíortha ina bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa, a bheith i gcomhlachas le gníomhaíochtaí an Chláir, má fhónann sin do chuspóir na ngníomhaíochtaí sin.

- Déanfar tosaíochtaí bliantúla an chláir a shainiú i gclár oibre bliantúil. Toisc go gciallaíonn sin go ndéanfar roghanna beartas‑bhunaithe, tá glacadh an chláir oibre bhliantúil faoi réir thuairim Choiste na mBallstát faoin nós imeachta comhairleach.

- Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn anailíse chostais/sochair, úsáid a bhaint as gníomhaireacht feidhmiúcháin atá ann cheana chun an clár a chur chun feidhme, mar a fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a bhaineann le bainistíocht ar chláir Chomhphobail a chur de chúram ar ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin.

2011/0344 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Clár um Chearta agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 19(2), 21(2), 114, 168, 169 agus 197 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Tá an tAontas Eorpach fothaithe ar phrionsabail na saoirse, an daonlathais, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus an smachta reachta, prionsabail ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit. Tá na cearta dá bhforáiltear sa Chonradh ag gach saoránach den Aontas. Le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tugadh éifeacht cheangailteach ar fud an Aontais do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a fhreagraíonn do na cearta agus na saoirsí bunúsacha a bhfuil teideal ag na daoine san Aontas chucu. Ba cheart na cearta sin a chur chun cinn agus a urramú le gur féidir iad a réalú. Ba cheart a urramú gur féidir na cearta sin a theachtadh go hiomlán agus ba cheart aon bhacainní orthu a dhíchur.

(2) Athdhaingnítear le Clár Stócólm[6] an tosaíocht limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fhorbairt agus sonraítear ar cheann dá thosaíochtaí polaitiúla Eoraip de chearta a bhaint amach. Aithnítear go bhfuil maoiniú ar cheann de na huirlisí tábhachtacha lena áirithiú go n‑éireoidh le cur chun feidhme thosaíochtaí polaitiúla Chlár Stócólm.

(3) Ba cheart go mbeadh saoránaigh in acmhainn a gcearta a eascraíonn as a gcuid saoránachta den Aontas a lánfheidhmiú. Ba cheart go mbeadh siad in acmhainn a gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse san Aontas, a gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha, a gceart chun cosanta consalaí agus a gceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa a fheidhmiú. Ba cheart go mbeadh siad ar a suaimhneas agus iad ag maireachtáil, ag taisteal agus ag obair i mBallstát eile, iad muiníneach go mbeidh a gcearta cosanta i gcónaí, is cuma cén áit san Aontas a bheidh siad.

(4) Ba cheart do shaoránaigh agus do ghnólachtaí lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach. Ba cheart go mbeadh tomhaltóirí in acmhainn na cearta a eascraíonn as reachtaíocht tomhaltóirí a theachtadh agus ba cheart go bhfaigheadh gnólachtaí tacaíocht chun an tsaoirse chun gnó a dhéanamh sa mhargadh inmheánach a fheidhmiú. Trí ionstraimí reachtacha i dtaobh dhlí na gconarthaí agus dhlí na dtomhaltóirí a fhorbairt, tugtar réitigh phraiticiúla do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna trasteorann, sa chaoi is gur féidir níos mó roghanna a thabhairt dóibh agus go mbeidh níos lú costais i gceist maidir le conarthaí a thabhairt i gcrích le páirtithe i mBallstát eile, agus ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a chur ar fáil freisin.

(5) Comhluachanna ag na Ballstáit is ea neamh‑idirdhealú bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach agus comhionannas idir mná agus fir. Is sprioc leanúnach é gach cineál idirdhealaithe a chomhrac agus tá gníomhaíocht chomhordaithe, lena n‑áirítear leithdháileadh maoinithe, ag teastáil chun an sprioc sin a bhaint amach.

(6) De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart don Chlár tacú le príomhshruthú chuspóir an chomhionannais idir mná agus fir agus chuspóir an fhrith‑idirdhealaithe ina chuid gníomhaíochtaí go léir. Ba cheart faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh chun an bealach ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna an chomhionannais inscne agus an fhrith‑idirdhealaithe i ngníomhaíochtaí an Chláir a mheasúnú.

(7) Tá foréigean in aghaidh na mban de gach aon chineál ina shárú ar chearta bunúsacha agus ina aicíd thromchúiseach. Tá foréigean den sórt sin ann ar fud an Aontais agus tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe le gur féidir aghaidh a thabhairt air. Trí bheart a dhéanamh chun foréigean in aghaidh na mban a chomhrac rannchuidítear le cur chun cinn an chomhionannais idir mná agus fir.

(8) Ceanglaíonn an Conradh ar an Aontas cosaint chearta an linbh a chur chun cinn de bhun Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus an t‑idirdhealú a chomhrac ag an am céanna. Bíonn leanaí leochaileach, go háirithe má tá siad ag fulaingt ón mbochtaineacht, ó eisiamh sóisialta, ó mhíchumas nó má tá siad i gcor sonrach trína gcuirtear i mbaol iad. Ba cheart beart a dhéanamh chun cearta an linbh a chur chun cinn agus rannchuidiú le cosaint an linbh ar dhíobháil agus ar fhoréigean a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá shláinte coirp nó meabhrach.

(9) Ba cheart leanúint de shonraí pearsanta a chosaint go héifeachtach i gcomhthéacs ina bhfuil forbairt leanúnach á déanamh ar theicneolaíochtaí agus i gcomhthéacs an domhandaithe. Ba cheart creat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach san Aontas Eorpach. Chun an sprioc sin a bhaint amach, ba cheart go mbeadh an tAontas in acmhainn tacú le hiarrachtaí na mBallstát maidir leis an gcreat dlíthiúil a chur chun feidhme.

(10) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Eoraip 2020[7] leagtar amach straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach. Trí thacú le cearta daoine san Aontas agus na cearta sin a chur chun cinn, trí aghaidh a thabhairt ar idirdhealú agus neamhionannais agus trí shaoránacht a chur chun cinn, rannchuidítear le cuspóirí sonracha agus le tionscnaimh suaitheanta na Straitéise Eoraip 2020 a chur chun cinn.

(11) Tá sé léirithe trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais go bhfuil gá le meascán d'ionstraimí, lena n‑áirítear reachtaíocht, tionscnaimh bheartais agus cistiú, chun na cuspóirí sin a bhaint amach sa chleachtas. Is uirlis thábhachtach é an cistiú, a chomhlánaíonn na bearta reachtacha. Ba cheart clár cistiúcháin a bhunú dá bhrí sin. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Buiséad don Straitéis Eoraip 2020’[8] cuirtear béim ar an ngá atá ann le cistiú an Aontais a chuíchóiriú agus a shimpliú. Is féidir simpliú fóinteach agus bainistiú éifeachtúil an chistithe a bhaint amach trí líon na gclár a laghdú agus na rialacha agus na nósanna imeachta cistiúcháin a chuíchóiriú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú.

(12) Mar fhreagairt ar an ngá le cistiú a shimpliú agus a bhainistiú go héifeachtúil, bunaítear leis an Rialachán seo an Clár um Chearta agus um Shaoránacht chun foráil a dhéanamh maidir le hathnuachan agus forbairt gníomhaíochtaí a rinneadh roimhe sin ar bhonn trí chlár, arna mbunú le Cinneadh 2007/252/CE ón gComhairle an 19 Aibreán 2007 lena mbunaítear an clár sonrach ‘Cearta bunúsacha agus saoránacht’ don tréimhse 2007-2013 mar chuid den Chlár Ginearálta ‘Cearta Bunúsacha agus Ceartas’[9]; Cinneadh Uimh. 779/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena mbunaítear clár sonrach don tréimhse 2007-2013 chun an foréigean i gcoinne leanaí, daoine óga agus ban a chosc agus a chomhrac agus chun íospartaigh agus grúpaí atá i mbaol a chosaint (Clár Daphne III) mar chuid den Chlár Ginearálta ‘Cearta Bunúsacha agus Ceartas’[10]; agus na codanna ‘comhionannas inscne’ agus ‘frith‑idirdhealú agus éagsúlacht’ de Chinnadh Uimh. 1672/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear an Clár Comhphobail um Fhostaíocht agus um Dhlúthpháirtíocht Shóisialta – Progress[11].

(13) Sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún dar teideal ‘Athbhreithniú Buiséid an AE’[12] agus ‘Buiséad don Straitéis Eoraip 2020’, cuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann le cistiú a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo, i.e. i gcás ina dtabharfadh idirghabháil an Aontais fiúntas breise i gcomparáid le beart a dhéanfadh na Ballstáit as a stuaim féin. Ba cheart go gcuideodh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo chun muinín fhrithpháirteach a fhorbairt idir Ballstáit, comhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Ba cheart go gcuideodh gníomhaíochtaí cistithe freisin le dlí agus beartais an Aontais a bhaint amach go héifeachtach agus eolas níos fearr a bheith ag na páirtithe uile lena mbaineann orthu agus bonn fónta anailíse a chur ar fáil chun tacú le reachtaíocht agus le beartais an Aontais agus iad a fhorbairt. Trí idirghabháil ón Aontas is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go leanúnach ar fud an Aontais agus cruthaítear barainneachtaí scála. Thairis sin, is fearr atá an tAontas Eorpach ná na Ballstáit in ann aghaidh a thabhairt ar chásanna a bhfuil gné trasteorann ag baint leo agus clár oibre Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil.

(14) D’fhonn prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur chun feidhme, ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán seo maidir le huirlisí oiriúnacha chun feidhmíocht an phrionsabail sin a mheasúnú. Chuige sin, ba cheart cuspóirí ginearálta agus sonracha a shocrú. Ba cheart foireann táscairí a bhunú le go bhféadfaí gnóthú na gcuspóirí sonracha sin a thomhas agus ba cheart do na táscairí sin bheith bailí ar feadh thréimhse iomlán an chláir.

(15) Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le clúdach airgeadais don chlár ilbhliantúil agus beidh an clúdach sin, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an XX idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, ina phríomhthagairt don údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(16) Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. XX/XX an XX maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart leas a bhaint, go háirithe, as uirlisí simpliúcháin arna dtabhairt isteach leis an mbuiséad. Thairis sin, ba cheart go mbeadh na critéir a úsáidtear chun gníomhaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht a aithint dírithe ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin a bhfuil an tionchar is mó acu maidir leis an gcuspóir beartais atá á shaothrú.

(17) Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le cláir oibre bhliantúla a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[13]. I bhfianaise na méideanna bliantúla atá i gceist, is féidir a mheas nach bhfuil tábhacht ag baint leis na himpleachtaí buiséadacha. Ba cheart feidhm a bheith leis an nós imeachta comhairleach, dá bhrí sin.

(18) D’fhonn leithdháileadh éifeachtúil na gcistí ó bhuiséad an Aontais a áirithiú, ba cheart comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgíochtaí a lorg idir na cláir chistiúcháin a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil dlúthnaisc eatarthu, go háirithe idir an Clár agus an Clár um Cheartas arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. XX/XX an XX[14], an Clár 'Eoraip do Shaoránaigh' arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. XX/XX an XX[15] agus na cláir i réimsí na ngnóthaí baile; na fostaíochta agus gnóthaí sóisialta; na sláinte agus na cosanta tomhaltóirí; an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt; na sochaí faisnéise; an mhéadaithe, go háirithe an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais[16] agus na cistí a fheidhmíonn faoin gComhchreat Straitéiseach (Cistí CSF).

(19) Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n‑áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí, pionóis. Beidh údarás ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96[17] d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach ar bith eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le cistiú an Aontais faoin gClár.

(20) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon rannchuidiú le limistéar a chruthú ina ndéantar cearta daoine, mar atá sé cumhdaithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a chur chun cinn agus a chosaint, agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta dá dtagraítear in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Bunú agus ré an Chláir

1.           Bunaítear leis an Rialachán seo Clár um Chearta agus um Shaoránacht an Aontais Eorpaigh, dá ngairtear ‘an Clár’ anseo feasta.

2.           Déanfar an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020 a chuimsiú faoin gClár.

Airteagal 2 Breisluach Eorpach

Tabharfar maoiniú ón gClár do ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo. Chuige sin, áiritheoidh an Comisiún go mbeidh sé beartaithe leis na gníomhaíochtaí a roghnófar don chistiú go mbeidh toradh orthu a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leis agus déanfaidh an Coimisiún faireachán féachaint ar gnóthaíodh an breisluach Eorpach iarbhír trí na torthaí deireanacha ar na gníomhaíochtaí a maoiníodh faoin gClár.

Airteagal 3 Cuspóirí ginearálta

Is é cuspóir ginearálta an Chláir rannchuidiú le limistéar a chruthú ina ndéantar cearta daoine, mar atá sé cumhdaithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a chur chun cinn agus a chosaint.

Airteagal 4 Cuspóirí sonracha

1.           Chun an cuspóir ginearálta atá leagtha amach in Airteagal 3 a ghnóthú, beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas leis an gClár:

(a)     cur le feidhmiú na gceart a eascraíonn as saoránacht den Aontas a fheabhsú;

(b)     cur chun feidhme éifeachtach phrionsabal an neamh‑idirdhealaithe a chur chun cinn bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, lena n‑áirítear comhionannas idir mná agus fir agus cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta;

(c)     cur le hardleibhéal cosanta do shonraí pearsanta a áirithiú;

(d)     cur le hurramú chearta an linbh;

(e)     cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí trádáil agus ceannach a dhéanamh go muiníneach sa mhargadh inmheánach trí na cearta a thig as reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais a fhorfheidhmiú agus tacú leis an tsaoirse chun gnó a dhéanamh i margadh inmheánach trí idirbhearta trasteorann.

2.           Is iad na táscairí a úsáidfear chun gnóthú na gcuspóirí atá leagtha amach i mír 1 a thomhas, inter alia, an tuiscint Eorpach ar urramú, ar chleachtadh agus ar chur chun feidhme na gceart sin agus líon na ngearán.

Airteagal 5 Gníomhaíochtaí

1.           D’fhonn cuspóirí Airteagal 3 agus Airteagal 4 a shaothrú, díreoidh gníomhaíochtaí an Chláir ar na réimsí gníomhaíochta seo a leanas:

(a)     feasacht an phobail agus eolas ar dhlí agus ar bheartais an Aontais a fheabhsú;

(b)     tacú le cur chun feidhme dhlí agus bheartais an Aontais sna Ballstáit;

(c)     comhar trasnáisiúnta a chur chun cinn agus eolas frithpháirteach agus muinín fhrithpháirteach a fhorbairt i measc na ngeallsealbhóirí rannpháirteacha uile;

(d)     eolas agus tuiscint ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú ceart agus prionsabal atá ráthaithe leis an gConradh, leis an gCairt um Chearta Bunúsacha agus le dlí díorthaithe an Aontais a fheabhsú d’fhonn ceapadh beartais agus reachtaíocht atá bunaithe ar fhianaise a áirithiú.

2.           Tabharfar maoiniú ón gClár, inter alia, do na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)     Gníomhaíochtaí anailíseacha, amhail bailiú sonraí agus staidrimh; forbairt modheolaíochtaí coiteanna agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí agus tagarmharcanna coiteanna; staidéir, taighdí, anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair; dréachtú agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhar oideachais; faireachán agus measúnú ar thrasuí agus ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus ar chur chun feidhme bheartais an Aontais; ceardlanna, seimineáir, cruinnithe saineolaithe, comhdhálacha;

(b)     Gníomhaíochtaí oiliúna, amhail malartuithe foirne, ceardlanna, seimineáir, cúrsaí oiliúna oiliúnóirí, forbairt oiliúna ar líne/oiliúna eile;

(c)     Gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí, comhair, ardaithe feasachta agus scaipthe, amhail aithint agus malartuithe dea-chleachtais, cineálacha cur chuige agus taithí nuálacha, eagrú athbhreithnithe piaraí agus foghlama frithpháirtí; eagrú comhdhálacha agus seimineár; eagrú feachtas ardaithe feasachta agus faisnéise, feachtas agus imeachtaí sna meáin, lena n‑áirítear tosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a phoibliú trí chumarsáid chorparáideach; tiomsú agus foilsiú ábhar chun faisnéis agus torthaí an Chláir a scaipeadh; forbairt, oibriú agus cothabháil córas agus uirlisí ag úsáid faisnéise agus teicneolaíochtaí na faisnéise;

(d)     Tacaíocht le haghaidh na bpríomhghníomhaithe, amhail tacaíocht le haghaidh Ballstát agus iad ag cur dlí agus beartais an Aontais chun feidhme; tacaíocht le haghaidh príomhghréasán Eorpach a bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí nasctha le cuspóirí an Chláir a chur chun feidhme; líonrú i measc sainchomhlachtaí agus saineagraíochtaí, údarás náisiúnta, údarás réigiúnach agus údarás áitiúil ar leibhéal Eorpach; cistiú le haghaidh líonraí saineolaithe; cistiú le haghaidh faireachlanna ar leibhéal Eorpach.

Airteagal 6 Rannpháirtíocht

1.           Féadfaidh na comhlachtaí poiblí agus/nó príobháideacha agus na heintitis phoiblí agus/nó phríobháideacha uile atá bunaithe go dleathach sna tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa Chlár:

(a)     na Ballstáit;

(b)     tíortha CSTE atá páirteach i gComhaontú LEE, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Chomhaontú LEE;

(c)     tíortha aontachais, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí féideartha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta atá leagtha síos sna comhaontuithe réime arna dtabhairt i gcrích leo ar a rannpháirtíocht i gcláir an Aontais.

2.           Féadfaidh na comhlachtaí poiblí agus/nó príobháideacha agus na heintitis phoiblí agus/nó phríobháideacha atá bunaithe go dleathach i dtríú tíortha eile, go háirithe tíortha ina bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa, a bheith i gcomhlachas le gníomhaíochtaí an Chláir, má fhónann sin do chuspóir na ngníomhaíochtaí sin.

3.           Faoin gClár, féadfaidh an Coimisiún comhoibriú leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sna réimsí sin atá cumhdaithe faoin gClár, amhail Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus na Náisiúin Aontaithe. Féadfaidh na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin a bheith rannpháirteach sa Chlár.

Airteagal 7 Buiséad

1.           EUR 439 milliún a bheidh sa chlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir.

2.           Féadfaidh leithdháileadh airgeadais an Chláir speansais eile a chlúdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a theastaíonn chun an Clár a bhainistiú agus a chuspóirí a ghnóthú; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n‑áirítear tosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a phoibliú trí chumarsáid chorparáideach, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, speansais atá nasctha le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, mar aon leis na speansais chúnaimh theicniúil agus riaracháin eile ar fad a thabhaíonn an Coimisiún le linn dó an Clár a bhainistiú.

3.           Déanfaidh an t‑údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla a bheidh ar fáil a údarú faoi chuimsiú na dteorainneacha atá bunaithe le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. XX/XX an XX lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020.

Airteagal 8 Bearta cur chun feidhme

1.           Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. XX/XX an XX maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh.

2.           D’fhonn an Clár a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla a ghlacadh i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 9(2).

3.           Leagfar amach sna cláir oibre bhliantúla sin na bearta a theastaíonn chun iad a chur chun feidhme, na tosaíochtaí i dtaobh glaonna ar thograí agus na heilimintí eile ar fad a cheanglaítear le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. XX/XX an XX maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 9 Nós imeachta coiste

1.           Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 10 Comhlántacht

1.           Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgíochtaí le hionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú, lena n‑áirítear an Clár um Cheartas, an Clár ‘Eoraip do Shaoránaigh’ agus cláir i réimsí na ngnóthaí baile; na fostaíochta agus gnóthaí sóisialta; na sláinte agus na cosanta tomhaltóirí; an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt; na sochaí faisnéise; an mhéadaithe, go háirithe an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus na cistí a fheidhmíonn faoin gComhchreat Straitéiseach (Cistí CSF).

2.           Féadfaidh an clár acmhainní a roinnt le hionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe an Clár um Cheartas, d’fhonn gníomhaíochtaí a chur chun feidhme lena ngnóthaítear cuspóirí an dá chlár. Féadfar cistiú ón gClár um Cheartas a bhronnadh ar ghníomhaíocht a bhfuil cistiú bronnta uirthi faoin gClár freisin, ar an gcoinníoll nach gclúdaítear na míreanna costais céanna leis an dá chistiú.

Airteagal 11 Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.           Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha.

2.           Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

              Beidh údarás ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cistiú sin go díreach nó go hindíreach leo i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú an Aontais.

              Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, trí chomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, trí chomhaontuithe deontais, trí chinntí deontais agus trí chonarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, cumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 12 Faireachán agus meastóireacht

1.           Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar an gClár d'fhonn súil a choinneáil ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin a rinneadh faoi sna réimsí gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4. Is bealach a bheidh san fhaireachán freisin chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach inar tugadh aghaidh ar shaincheisteanna an chomhionannais inscne agus an fhrith‑idirdhealaithe ar fud ghníomhaíochtaí an chláir. Nuair is ábhartha, ba cheart táscairí a dhí-chomhbhailiú de réir inscne, aoise agus míchumais.

2.           Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha seo a leanas ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:

(a)     tuarascáil mheastóireachta eatramhaí faoi lár 2018 ar a dhéanaí;

(b)     tuarascáil mheastóireachta ex-post.

3.           Tabharfar tuairisc sa mheastóireacht eatramhach ar ghnóthú chuspóirí an Chláir, ar cé chomh héifeachtúil is a úsáidtear na hacmhainní agus breisluach Eorpach an Chláir d’fhonn a chinneadh an ndéanfar an cistiú a thugtar do réimsí atá cumhdaithe faoin gClár a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí tar éis 2020. Tabharfar aghaidh freisin ar an scóip maidir le haon simpliú a dhéanfaí ar an gClár, ar chomhleanúnachas inmheánach agus seachtrach an Chláir, agus ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí ex post ar na cláir a luaitear in Airteagal 13 san áireamh.

4.           Tabharfar tuairisc sa mheastóireacht ex post ar an tionchar fadtéarmach a bheidh ag an gClár agus ar inbhuanaitheacht iarmhairtí an Chláir, d’fhonn cuidiú le cinneadh a dhéanamh faoi chlár eile a leanfaidh é.

Airteagal 13 Bearta idirthréimhseacha

Leanfar de ghníomhaíochtaí arna dtionscnamh roimh an 1 Eanáir 2014 ar bhonn Chinneadh 2007/252/CE, Chinneadh 779/2007/CE nó Roinn 4: Frith‑idirdhealú agus éagsúlacht, agus Roinn 5: Comhionannas inscne de Chinneadh 1672/2006/CE a rialú le forálacha na gCinntí sin, go dtí go mbeidh na gníomhaíochtaí sin críochnaithe. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, déanfar tagairtí do na Coistí dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Chinneadh 2007/252/CE, in Airteagal 10 de Chinneadh 779/2007/CE agus in Airteagal 13 de Chinneadh 1672/2006/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo.

Airteagal 14 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais leis an togra/tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um Chearta agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020

1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[18]

Teideal 33 - Ceartas

1.3. An cineál togra/tionscnaimh

þ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[19]

¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Tá an Clár dírithe ar chuidiú le forbairt limistéir saoirse, slándála agus ceartais trí thacú le cur chun feidhme éifeachtach ceart san Eoraip agus trína gcur chun cinn, mar atá cumhdaithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Áirítear leis sin go háirithe, na cearta a eascraíonn as saoránacht Eorpach, prionsabail an neamh‑idirdhealaithe bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach agus comhionannas idir mná agus fir, cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, cearta an linbh, cearta tomhaltóirí agus an saoirse gnó a dhéanamh sa mhargadh inmheánach, trí idirbhearta trasteorann a éascú.

1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóirí sonracha

Chun an cuspóir ginearálta thuasluaite a bhaint amach, tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a) cuidiú le feidhmiú na gceart a eascraíonn as saoránacht den Aontas a fheabhsú;

(b) cur chun feidhme éifeachtach phrionsabal an neamh‑idirdhealaithe a chur chun cinn bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, lena n‑áirítear comhionannas idir mná agus fir agus cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta;

(c) cuidiú le hardleibhéal cosanta do shonraí pearsanta a áirithiú;

(d) cur le hurramú chearta an linbh;

(e) cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí trádáil agus ceannach a dhéanamh go muiníneach sa mhargadh inmheánach trí na cearta a eascraíonn as reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais a fhorfheidhmiú agus tacú leis an tsaoirse chun gnó a dhéanamh i margadh inmheánach trí idirbhearta trasteorann.

Gníomhaíocht ABM/ABB lena mbaineann:

ABB 33 02 agus 33 06.

1.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Cuideoidh an togra leis an acquis a fhorfheidhmiú, agus beidh saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais in ann lántairbhe a bhaint as an reachtaíocht atá ann cheana dá bhrí sin. Beidh eolas níos fearr acu ar a gcearta, agus beidh uirlisí níos fearr ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara chun faisnéis a mhalartú maidir le dea-chleachtais agus chun dul i gcomhar lena chéile. Déantar cur síos níos mionsonraithe ar thionchar an togra ar thairbhithe/spriocghrúpaí i Roinn 4.1.2 den Mheasúnú Tionchair.

Ina theannta sin, beidh tionchar soiléir tairbhiúil ag na hathruithe ar na cláir chistiúcháin atá beartaithe ar na próisis faoina ndéanfar an tacaíocht airgeadais a bhainistiú. Chuirfí tús leis sin le cur chuige comhtháite sna cláir ar fad i ndáil leis na próisis chun iarratais a chur isteach, leis na doiciméid atá de dhith agus leis na córais TF a bheidh le húsáid. Spáráil ama a bheadh sa mhéid sin toisc nach mbeadh ar go leor páirtithe leasmhara atá gníomhach i réimsí arna gcumhdach ag roinnt de na cláir atá i bhfeidhm faoi láthair aghaidh a thabhairt ar cheanglais éagsúla agus d'fhéadfaidís díriú níos mó ar thograí láidre a fhorbairt ó thaobh ábhair agus cáilíochta de.

Chomh maith leis sin, i gcás próisis roghnúcháin chomhchuibhithe agus chuíchóirithe amháin a bheith ann do thionscadail, laghdófaí go mór ar an moill idir an uair a chuirtear iarratais isteach agus an uair a fhaightear na torthaí. Dhéanfaí an tréimhse éiginnteachta don eagraíocht a chur iarratas isteach a ghiorrú dá bhrí sin. Buntáiste eile a bheadh leis sin is ea nach mbeadh tréimhse chomh fada i gceist idir an uair a cheapfaí an tionscadal agus an uair a chuirfí tús leis, agus bheadh sé in ann freastal níos éifeachtúla a dhéanamh ar na riachtanas nithiúla a dteastaíonn uaidh aghaidh a thabhairt orthu de réir thosaíochtaí beartais an AE dá bhrí sin.

1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí a léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Is iad na táscairí a úsáidfear chun gnóthú na gcuspóirí sonracha thuasluaite a thomhas, inter alia, an tuiscint Eorpach ar urramú, ar chleachtadh agus ar chur chun feidhme na gceart sin agus líon na ngearán.

Níl a dhóthain faisnéise ag Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais faoin gcás reatha chun spriocanna suntasacha a leagan amach don fhadtéarma ná don mheántéarma ach, sula dtosófar ar an gclár a chur chun feidhme, déanfaidh Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais iarracht níos mó faisnéise a bhailiú faoin gcás reatha ionas gur féidir garspriocanna agus spriocanna a leagan síos.

1.5. Na forais leis an togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Cé gur príomhuirlis í an reachtaíocht chun cuspóirí an Aontais a chur chun feidhme i réimse na gceart agus na saoránachta, ní mór í a chomhlánú ar bhealaí eile. Tá ról tábhachtach ag maoiniú sa chomhthéacs seo. Go háirithe, ba cheart go gcuirfeadh cistiú le héifeachtúlacht na reachtaíochta agus na gceart atá cumhdaithe go díreach sa Chonradh trí chur le faisnéis, feasacht agus inniúlacht saoránach, daoine gairmiúla agus páirtithe leasmhara trí thacú leis an méid seo a leanas:

-            Faisnéis agus feasacht an phobail a ardú, lena n‑áirítear tacaíocht d'fheachtais náisiúnta agus Eorpacha chun daoine a chur ar an eolas faoina gcearta, arna ráthú faoi dhlí an AE, agus cén chaoi na cearta sin a fhorfheidhmiú sa chleachtas;

-         Oiliúint agus forbairt acmhainní le haghaidh daoine gairmiúla i réimse an dlí (amhail breithimh agus cúisitheoirí) agus cleachtóirí eile, chun na huirlisí a sholáthar dóibh chun cearta agus beartais an AE a chur i bhfeidhm go héifeachtúil.

Tá ról lárnach ag an gcistiú i gcomhar a chur chun cinn ar leibhéal trasnáisiúnta agus i muinín fhrithpháirteach a fhorbairt freisin, mar seo a leanas:

-         Trí líonraí a neartú, i.e. eagraíochtaí ar fud an AE chun cúnamh a thabhairt tionscnaimh a ullmhú sa réimse seo amach anseo, agus chun cur chun feidhme leanúnach na dtionscnamh sin a chur chun cinn ar fud na hEorpa;

-         Comhar trasteorann maidir le forfheidhmiú, mar shampla trí chóras rabhaidh do leanaí atá ar iarraidh a bhunú, agus trí chomhar frithdhrugaí oibríochtúil agus trasteorann a chomhordú.

Ina theannta sin, ba cheart go dtacódh an cistiú leis an méid seo a leanas:

-        Taighde, anailís agus gníomhaíochtaí tacaíochta eile, chun faisnéis shoiléir agus mhionsonraithe a sholáthar don reachtóir maidir leis na fadhbanna agus leis an gcás ar an talamh. Cuirfidh torthaí na ngníomhaíochtaí sin le forbairt agus le cur chun feidhme bheartais an AE agus áiritheoidh siad go bhfuil siad fianaisebhunaithe, spriocdhírithe go maith agus go bhfuil struchtúr maith orthu.

1.5.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tá an cistiú arna chumhdach ag an gClár um Chearta agus um Shaoránacht dírithe ar ghníomhaíochtaí i gcás go bhféadfadh breisluach a bheith ag baint le hidirghabháil an AE i gcomparáid le gníomhaíocht Ballstáit amháin. Cuideoidh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo le cur i bhfeidhm éifeachtach an acquis trí mhuinín fhrithpháirteach a fhorbairt idir Ballstáit, comhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach ar fud an Aontais. Ní féidir gníomhaíochtaí comhordaithe a bheidh ar fáil do gach Ballstát a sholáthar ach ar leibhéal an Aontais. Is fearr atá an tAontas Eorpach ná na Ballstáit in ann aghaidh a thabhairt ar chásanna a bhfuil gné trasteorann ag baint leo agus clár oibre Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil. Gan tacaíocht ón Aontas, is iondúil go dtabharfadh páirtithe leasmhara aghaidh ar fhadhbanna cosúla ar bhealach scaoilte scaipthe. Is é an toradh a bheidh ar chomhar agus ar líonrú eatarthu dea-chleachtais a scaipeadh, go háirithe cineálacha cur chuige atá nuálaíoch agus comhtháite sna Ballstáit éagsúla. Gníomhóidh na rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí sin mar iolraitheoirí ina ngníomhaíochtaí gairmiúla féin, agus scaipfidh siad tuilleadh na dea-chleachtais laistigh dá mBallstát féin.

Tacófar le bonn fónta anailíse a chur ar fáil chun tacú le beartais agus chun iad a fhorbairt. Trí idirghabháil ón Aontas Eorpach is féidir na gníomhaíochtaí seo a shaothrú go leanúnach ar fud an Aontais agus cruthaítear barainneachtaí scála. Ní bheadh na torthaí céanna ar chistiú ar an leibhéal náisiúnta, agus ní bheadh mar thoradh air ach cur chuige scaoilte scaipthe nach gcumhdódh riachtanais an Aontais Eorpaigh ina iomláine.

1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

Dhearbhaigh na meastóireachtaí lártéarma a rinneadh do na cláir reatha i réimse na gceart agus na saoránachta go bhfuil na cláir éifeachtúil ar an iomlán, ach d'aithin siad freisin roinnt fadhbanna amhail caolú cistí ('saupoudrage') i measc go leor tionscadal ar scála beag a bhfuil tionchar teoranta acu. In ainneoin go leithdháiltear cistiú ar réimse mór tionscadal, níl an leithdháileadh geografach cothrom i measc na n‑eagraíochtaí a fhaigheann cistiú. Aontaíodh sna meastóireachtaí lártéarma go bhféadfaí tuilleadh a dhéanamh chun scaipeadh agus saothrú thorthaí agus ionchuir na ngníomhaíochtaí cistithe a fheabhsú. Má thagann feabhas ar an meastóireacht agus ar an bhfaireachán, tiocfaidh feabhas ar an scaipeadh. Léirigh na meastóireachtaí lártéarma agus an comhairliúchán poiblí i dtéarmaí éifeachtúlachta na nósanna imeachta casta agus maorlathacha a mbíonn ar na hiarratasóirí déileáil leo. Ó thaobh riaracháin de, bíonn ualach riaracháin níos mó ar an gCoimisiún de thoradh nósanna imeachta éagsúla a bheith ann do na cláir éagsúla. Cuireann iolrú na nósanna imeachta agus an t‑ualach ard riaracháin a bhaineann leo fad leis na nósanna imeachta. Dá ndéanfaí na cláir a chumasc, thabharfaí aghaidh ar an tsaincheist sin, agus chruthófaí sineirgíochtaí idir na clár.

1.5.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

Déanfaidh an Cláir sineirgíochtaí, comhleanúnachas agus comhlánú a aimsiú maidir le hionstraimí eile de chuid an Aontais, inter alia leis an gclár um cheartas agus le cláir i réimsí gnóthaí baile; fostaíocht; na sláinte agus na cosanta tomhaltóirí; an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt; cumarsáid; na sochaí faisnéise; an mhéadaithe, go háirithe an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus na cistí a fheidhmíonn faoin gComhchreat Straitéiseach (Cistí CSF). Déanfar dúbailt le gníomhaíochtaí faoi na cláir eile sin a sheachaint, agus féadfar acmhainní a roinnt idir an clár um Cheartas agus an clár um Chearta agus um Shaoránacht chun cuspóirí coiteanna a bhaint amach.

1.6. Fad agus tionchar airgeadais

þ Togra/tionscnamh d'fhad teoranta

· þ  Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón 1/1/2014 go 31/12/2020

· þ  Tionchar airgeadais ó 2014 go 2020 agus níos faide ar aghaidh

¨ Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta

· Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB

· agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe[20]

þ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

þ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

· þ  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

· þ  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[21]

· ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

· ¨daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

þ Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (mar atá sonraithe thíos)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Déantar foráil sa Mheabhrán Míniúcháin maidir leis an bhféidearthacht gníomhaireacht feidhmiúcháin atá ann cheana a úsáid chun an clár a chur chun feidhme ina iomláine nó i bpáirt. Ag an bpointe seo, níl aon chinneadh déanta ina thaobh seo agus níl aon anailís chostais/sochair déanta, ach ba cheart an rogha a choinneáil.

Rogha eile is ea an comhbhainistiú, a d'fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir leis amach anseo. Baineann sé sin go háirithe leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta arna n‑ainmniú in Airteagal 6(2): Comhairle na hEorpa, na Náisiúin Aontaithe agus an ECFE.

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

Áirítear sa togra oibleagáidí maidir le faireachán agus meastóireacht. Déanfar faireachán rialta ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha ar bhonn na dtáscairí atá sa togra.

Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach mheastóireachta ar fáil faoi lár 2018 ar a dhéanaí maidir gnóthú chuspóirí an Chláir, a éifeachtúil is a bhí úsáid na n‑acmhainní agus an bhreisluach Eorpach. Cuirfear meastóireacht ex post ar an tionchar a bheidh ann san fhadtéarma agus inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir ar fáil tar éis dheireadh an Chláir.

2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh

Níor bhain rioscaí tábhachtacha earráide d'Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais ina cláir chaiteachais. Dearbhaítear an méid sin i dtuarascálacha bliantúla Chúirt na nIniúchóirí áit nach bhfuil aon toradh suntasach maidir le hearráidí, agus níl ann do ráta earráide iarmharaí os cionn 2 % sna blianta deireanacha i dtuarascálacha bliantúla gníomhaíochta Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais (agus DG JLS roimhe seo), le heisceacht amháin i gcás clár Daphne in 2009.

Is iad na príomhrioscaí a sainíodh:

- Riosca maidir le droch‑cháilíocht i dtionscnaimh áirithe agus cur chun feidhme lochtach an tionscadail ó thaobh na teicneolaíochta de, a laghdódh tionchar na gclár dá bhrí sin; de dheasca nósanna imeachta roghnúcháin neamh‑leordhóthanacha, easpa saineolais nó faireacháin neamhleor;

- Riosca maidir le húsáid neamhéifeachtúil nó neamhthíosach na gcistí a deonaíodh i gcás deontas (an deacracht a bhaineann le costais incháilithe iarbhír a aisíoc mar aon leis na deiseanna teoranta costais incháilithe a sheiceáil ag an deasc) agus i gcás soláthair (líon teoranta soláthróirí eacnamaíocha uaireanta a bhfuil an saineolas speisialaithe is gá acu agus ní bhíonn dóthain deiseanna ann, dá brí sin, tairiscintí praghais a chur i gcomparáid).

- Riosca maidir le cumas na n‑eagraíochtaí níos lú (go háirithe) caiteachas a rialú go héifeachtach chomh maith le trédhearcacht na n‑oibríochtaí a dhéantar a áirithiú;

- Riosca maidir le cáil an Choimisiúin, má nochtaítear calaois nó gníomhaíochtaí coiriúla; d'fhéadfaí é sin a dheimhniú i bpáirt trí chórais rialaithe inmheánaigh na dtríú páirtithe toisc go bhfuil líon réasúnta ard conraitheoirí agus tairbhithe comhchineálacha ann agus gach duine acu ag oibriú a gcórais rialaithe féin, ar chóras réasúnta beag é go minic.

Meastar go dtiocfaidh laghdú ar fhormhór na rioscaí sin má spriocdhírítear na tograí níos fearr agus má úsáidtear na heilimintí simplithe atá ar áireamh in athbhreithniú tríbhliantúil an Rialacháin Airgeadais.

2.2.2. Modhanna rialaithe atá beartaithe

Cur síos ar an gcóras rialaithe inmheánach

Leanann an córas rialaithe atá beartaithe do chlár na todhchaí leis an gclár rialaithe atá ann faoi láthair. Tá comhpháirteanna éagsúla i gceist leis: maoirseacht an Aonaid um Bainistíocht Clár ar oibríochtaí, rialú ex ante (fíorú airgeadais) an Aonaid Bhuiséid agus Rialaithe lárnaigh, an coiste inmheánach um sholáthar, rialuithe ex-post le haghaidh deontas agus na hiniúchtaí ón gcumas iniúchóireachta inmheánaí agus/nó ón tSeirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí.

Tá gach idirbheart faoi réir fhíorú ex ante an Aonaid um Bainistíocht Clár agus faoi réir fhíorú airgeadais an Aonaid Bhuiséid agus Rialaithe (seachas i gcás réamh‑mhaoinithe ar riosca íseal). Maidir le deontais, déantar éilimh chostas a fhíorú go cuimsitheach, agus iarrtar doiciméid tacaíochta nuair is gá, bunaithe ar mheasúnú riosca. Cuirtear aon nós imeachta um soláthar atá oscailte nó teoranta, agus gach nós imeachta caibidlithe ar luach os cionn EUR 60 000 faoi bhráid an choiste um sholáthar inmheánach le haghaidh seiceálacha, sula nglactar an cinneadh maidir le deonú.

Cuireann an earnáil rialaithe ex post "straitéis bhraite" i bhfeidhm atá dírithe ar an méid is mó aimhrialtachtaí is féidir a bhrath d'fhonn íocaíochtaí neamhdhlite a aisghabháil. Bunaithe ar an straitéis seo, déantar na hiniúchtaí ar mhéid samplach de thionscadail a roghnaítear ar bhonn anailíse riosca den chuid is mó.

Costais agus sochair rialuithe

Measaimid go bhfeidhmíonn idir 50 agus 70 % den fhoireann ar fad a bhfuil baint acu le bainistiú na gclár airgeadais reatha feidhmeanna rialuithe sa chiall leathan de (ó roghnú na dtairbhithe/na gconraitheoirí go cur chun feidhme thorthaí an iniúchta). Freagraíonn an méid sin do réimse idir EUR 2.1 milliún (50 % de chostais acmhainní daonna do 2014 atá leagtha amach i Roinn 3.2.3) agus EUR 3.2 milliún (70 % de chostais acmhainní daonna do 2020 atá leagtha amach i Roinn 3.2.3). Ina theannta sin, soláthraíonn seachtrú na n‑iniúchtaí ex post costais sa réimse idir EUR 75 000 agus EUR 100 000 in aghaidh na bliana, a maoinítear ó leithreasaí de chineál tacaíochta riaracháin. Is ionann na costais sin agus idir 6 agus 4% de bhuiséad iomlán an Chláir, agus tiocfaidh laghdú ar na costais sin thar an tréimhse seacht mbliana, toisc go dtiocfaidh méadú suntasach ar na leithreasaí bliantúla idir 2014 agus 2020 ach fanfaidh costais an rialaithe réasúnta cobhsaí.

A bhuí leis an meascán de rialuithe ex ante agus ex post, chomh maith le seiceálacha deisce agus iniúchtaí ar an láthair, le blianta beaga anuas bhí an meánráta earráide iarmharaí a bhí inchainníochtúil níos ísle ná 2 %, le heisceacht amháin i gcás chlár Daphne in 2009, nuair a d'ardaigh an ráta earráide go dtí beagán os cionn 2 %. Tugadh aghaidh air sin an bhliain ina dhiaidh sin trí na rialuithe ex post a mhéadú ar an láthair. Rinne na rialuithe sin na hearráidí atá fanta a bhraith agus a cheartú sa phobal seo. Dá bhrí sin, meastar gur leor an córas rialaithe inmheánaigh mar aon leis an gcostas a ghabhann leis in Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais chun cuspóir an ráta íseal earráide a bhaint amach.

Mar sin féin, taobh istigh den chreat seo, leanfaidh Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais de na deiseanna a fhiosrú chun an bhainistíocht a fheabhsú agus chun tuilleadh simplithe a dhéanamh. Le laghdú ar líon na gclár, beidh feidhm ag rialacha agus nósanna imeachta comhchuibhithe, agus laghdófar ar an riosca maidir le hearráid dá bhrí sin. Ina theannta sin, úsáidfear na huirlisí simplithe a cuireadh ar fáil in athbhreithniú tríbhliantúil an Rialacháin Airgeadais a mhéid is féidir toisc go bhfuiltear ag súil go gcuideoidh siad leis an ualach riaracháin a laghdú le haghaidh tairbhithe agus go ndéanfaidh siad, dá bhrí sin, laghdú ag an am céanna ar na rioscaí maidir le hearráid agus ar an ualach riaracháin don Choimisiún.

Achoimre ar chineál agus ar dhéine na rialuithe (reatha).

Achoimre ar rialuithe || Méid i milliúin EUR || Líon na dtairbhithe/idirbheart (% den iomlán) || Doimhneacht *(measúnú 1-4) || Cumhdach (% den luach)

Rialuithe ex ante ar na hidirbhearta airgeadais ar fad || Neamhbhainteach || 100% || 1-4, bunaithe ar riosca agus ar an gcineál idirbhirt || 100%

Rialuithe an Choiste um Sholáthar Ceartais maidir le cinntí chun soláthar a dheonú || Neamhbhainteach || 100 % de nósanna imeachta soláthair os cionn EUR 125 000 agus de nósanna imeachta caibidlithe os cionn EUR 60 000 || 4 || 100 % de nósanna imeachta soláthair os cionn EUR 125 000 agús de nósanna imeachta caibidlithe os cionn EUR 60 000

Rialuithe ex post ar íocaíochtaí deireanacha deontas || Neamhbhainteach || 10 % ar a laghad || 4 || Idir 5 agus 10 %

*Doimhneacht na rialuithe:

1. Rialú íosta riaracháin/uimhríochta gan tagairt do na doiciméid tacaíochta

2. Rialú ag tagairt d'fhaisnéis chomhthacaíoch lena dtugtar isteach gné de mhaoirseacht neamhspleách (e.g. teastas iniúchta nó fíorú eile), gan tagairt do na bundoiciméid.

3. Rialú ag tagairt d'fhaisnéis chomhthacaíoch atá neamhspleácha ina hiomláine (e.g. bunachar sonraí a thugann bonn d'eilimintí áirithe den éileamh, measúnú tríú páirtí nó measúnú an Choimisiúin ar gharspriocanna a bhaintear amach, etc.)

4. Rialú ag tagairt do rochtain ar an mbundoiciméadú atá ar fáil ag an gcéim sin den phróiseas atá i gceist, i gcás gach ionchuir agus aischuir (e.g. bileoga ama, sonraisc, fíorú fisiciúil, etc.); i.e. rialú den déine céanna i ndáil le tástáil idirbhirt leis an tástáil a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar chuid den ráiteas urrúis.

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Tá bearta éagsúla i bhfeidhm, nó cuirfear bearta éagsúla i bhfeidhm, do Chlár um Chearta agus Saoránacht na todhchaí chun calaois agus míréireachtaí a chosc. In Airteagal 11 den togra tá foráil maidir le leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint. I gcomhréir le straitéis frithchalaoise an Choimisiún, a glacadh i Meitheamh 2011, tá Ard‑Stiúrthóireacht an Cheartais ag ceapadh straitéis frithchalaoise a chumhdóidh an timthriall caiteachais ar fad, ag féachaint do chomhréireacht agus do chostas agus sochar na mbeart atá le cur chun feidhme. Tá an straitéis seo bunaithe ar dhá cholún: cosc, bunaithe ar sheiceálacha éifeachtacha, agus freagairt iomchuí, má bhraitear calaois nó míréireachtaí, i.e. na méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha a chur i bhfeidhm. Déantar cur síos sa straitéis frithchalaoise ar chóras na seiceálacha ex ante agus ex post, bunaithe ar chóras bratacha dearga, agus sonraítear inti na nósanna imeachta atá le déanamh ag an bhfoireann nuair a bhraitear calaois nó míréireachtaí. Soláthraítear inti freisin faisnéis maidir leis na socruithe oibre le OLAF.

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir   [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

[3…] || [33 01 04.YY] [An Clár um Chearta agus Saoránacht] || [LN...] || TÁ || TÁ || NÍL || NÍL

[3…] || [33 YY YY YY] [An Clár um Chearta agus Saoránacht] || [LD...] || TÁ || TÁ || NÍL || NÍL

|| || || || || ||

3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir || [Ceannteideal 3 – Slándáil agus saoránacht]

DG: Ceartas || || || Bliain 2014[22] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || 2020 amach || IOMLÁN

Ÿ Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid – 33 xx xx || Oibleagáidí || (1) || 42,400 || 47,900 || 53,900 || 60,900 || 67,900 || 74,900 || 83,400 || || 431,300

Íocaíochtaí || (2) || 17,100 || 27,700 || 39,800 || 49,000 || 59,100 || 65,900 || 73,300 || 99,400 || 431,300

Uimhir na líne buiséid || Oibleagáidí || (1a) || || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (2a) || || || || || || || || ||

Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ón gclúdach le haghaidh clár sonrach[23]* || || || || || || || || ||

Uimhir líne buiséid 33 01 04 yy || || (3) || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || || 7,700

IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG JUSTICE || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 43,500 || 49,000 || 55,000 || 62,000 || 69,000 || 76,000 || 84,500 || || 439,000

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 18,200 || 28,800 || 40,900 || 50,100 || 60,200 || 67,000 || 74,400 || 99,400 || 439,000

* Féadfaidh an Coimisiún a bheartú (i bpáirt) cur chun feidhme an Chláir a sheachtrú chuig na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin atá ann cheana. Déanfar méideanna agus iontrálacha barúlacha a choigeartú más gá, ag brath ar thorthaí an phróisis sheachtraithe.

Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 42,400 || 47,900 || 53,900 || 60,900 || 67,900 || 74,900 || 83,400 || || 431,300

Íocaíochtaí || (5) || 17,100 || 27,700 || 39,800 || 49,000 || 59,100 || 65,900 || 73,300 || 99,400 || 431,300

Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ón gclúdach le haghaidh clár sonrach || (6) || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || || 7,700

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 43,500 || 49,000 || 55,000 || 62,000 || 69,000 || 76,000 || 84,500 || || 439,000

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 18,200 || 28,800 || 40,900 || 50,100 || 60,200 || 67,000 || 74,400 || 99,400 || 439,000

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || 2020 amach || IOMLÁN

DG JUSTICE || ||

Ÿ Acmhainní daonna || 4,185 || 4,247 || 4,165 || 4,254 || 4,344 || 4,433 || 4,522 || || 30,150

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0,054 || 0,055 || 0,056 || 0,057 || 0,059 || 0,060 || 0,061 || || 0,402

IOMLÁN DG JUSTICE || Leithreasaí || 4,239 || 4,302 || 4,221 || 4,311 || 4,403 || 4,493 || 4,583 || || 30,552

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 4,239 || 4,302 || 4,221 || 4,311 || 4,403 || 4,493 || 4,583 || || 30,552

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 47,739 || 53,302 || 59,221 || 66,311 || 73,403 || 80,493 || 89,083 || || 469,552

Íocaíochtaí || 22,439 || 33,102 || 45,121 || 54,411 || 64,603 || 71,493 || 78,983 || 99,400 || 469,552

3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

· ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

· þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos. Ní féidir le hArd-Stiúrthóireacht an Cheartais liosta cuimsitheach a sholáthar de na haschuir ar fad atá le seachadadh trí bhíthin na hidirghabhála airgeadais faoin gclár, den mheánchostas atá orthu agus a líon, mar a éilítear sa roinn seo. Níl aon uirlisí staitistiúla ann faoi láthair a bheadh in ann meánchostais a sholáthar ar bhonn na gclár reatha, agus bheadh sainmhíniú chomh beacht sin ag teacht salach ar an bprionsabal go soláthródh clár na todhchaí a dhóthain solúbthachta chun freastal ar thosaíochtaí polaitiúla idir 2014-2020. Mar sin féin, is é seo a leanas líon (neamhchuimsitheach) na n‑aschur a bhfuiltear ag súil leo:

- Líon na ndaoine sa spriocghrúpa a ndeachaigh gníomhaíochtaí ardaithe feasachta i bhfeidhm orthu.

- Líon na ndaoine sa spriocghrúpa a ndeachaigh gníomhaíochtaí oiliúna i bhfeidhm orthu.

- Líon na bpáirtithe leasmhara atá ag glacadh páirte, inter alia, i líonrú, malartuithe, cuairteanna staidéir.

- Líon na gcásanna a mbaineann gné de chomhar trasteorann leo, lena n‑áirítear comhar trí uirlisí TF agus nósanna imeachta Eorpacha a úsáid.

- Tionscnaimh beartais a cheaptar bunaithe ar mheastóireachtaí, ar mheasúnuithe tionchair agus ag tarraingt ar chomhairliúcháin chuimsitheacha le páirtithe leasmhara agus le saineolaithe;

- Líon na meastóireachtaí agus na measúnuithe tionchair a rinneadh mar thoradh ar an gclár a chur chun feidhme.

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas aschuir[24] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[25]... || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || ||

COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || ||

3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre

· ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

· þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2014[26] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 4,185 || 4,247 || 4,165 || 4,254 || 4,344 || 4,433 || 4,522 || 30,150

Caiteachas riaracháin eile || 0,054 || 0,055 || 0,056 || 0,057 || 0,059 || 0,060 || 0,061 || 0,402

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 4,239 || 4,302 || 4,221 || 4,311 || 4,403 || 4,493 || 4,583 || 30,552

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[27] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || || || || || || || ||

Caiteachas eile de chineál riaracháin || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 7,700

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 7,700

IOMLÁN || 5,339 || 5,402 || 5,321 || 5,411 || 5,503 || 5,593 || 5,683 || 38,252

Féadfaidh an Coimisiún a bheartú (i bpáirt) cur chun feidhme an Chláir a sheachtrú chuig na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin atá ann cheana. Déanfar méideanna agus iontrálacha barúlacha a choigeartú más gá, ag brath ar thorthaí an phróisis sheachtraithe.

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

· ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

· þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid choibhéiseacha lánaimseartha

|| || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 ||

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha, in aonaid choibhéiseacha lánaimseartha : FTE) ||

|| 33 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 30,75 || 30,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 ||

|| XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || ||

|| XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || ||

|| 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || ||

|| Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[28] ||

|| 33 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch ") || 0,5 || 0,5 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 ||

|| XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || ||

|| XX 01 04 yy [29] || - sa Cheanncheathrú[30] || || || || || || || ||

|| - i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

|| XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || || ||

|| 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || ||

|| Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || ||

|| IOMLÁN || 31,25 || 31,25 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 ||

Is é 33 an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Déanfar méideanna agus iontrálacha barúlacha a choigeartú ag brath ar thorthaí an phróisis sheachtraithe atá beartaithe.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Is iad na cúraimí atá le déanamh na cúraimí ar fad is gá chun clár airgeadais a bhainistiú, amhail: - ionchur a sholáthar don nós imeachta buiséadach; - cláir oibre bhliantúla/cinntí maoinithe a ullmhú, tosaíochtaí bliantúla a leagan amach; - glaonna ar thograí agus glaonna ar thairiscintí agus na nósanna imeachta roghnúcháin a eascraíonn astu sin a bhainistiú; - dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara (tairbhithe ionchasacha/iarbhír, na Ballstáit, etc.); - tionscadail a bhainistiú, ar an leibhéal oibríochtúil agus airgeadais; - rialuithe a dhéanamh, faoi mar a dhéantar cur síos orthu thuas (fíorú ex ante, coiste soláthair, iniúchtaí ex post, iniúchadh inmheánach); - cuntasaíocht; - uirlisí TF do bhainistiú deontas a fhorbairt agus a bhainistiú; - faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí agus tuairisc a thabhairt air, lena n‑áirítear i dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíocht agus i dtuarascálacha AOS

Pearsanra seachtrach || Tá na cúraimí cosúil le cúraimí oifigeach agus gníomhairí sealadacha, seachas i gcás cúraimí nach féidir le pearsanra seachtrach a dhéanamh

3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

· þ  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

· ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

· ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[31]

Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

· þ  Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

· ¨  Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || || || || || || || ||

3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

· ¨  Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

· þ  Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

¨         ar acmhainní dílse

þ         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[32]

Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020

Airteagal 6xxxx…………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

[33 yyyyyy…] Líne ioncaim

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

Ní heol na hioncaim ag an bpointe seo agus beidh siad ag brath ar rannpháirtíocht na dtíortha is iarrthóirí ar an gclár.

[1]               Teachtaireacht maidir le hAthbhreithniú Buiséid an AE, COIM(2010) 700 críochnaitheach ón 19.10.2010.

[2]               Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin, Buiséad do 'Eoraip 2020': an córas cistiúcháin reatha, na dúshláin a bheidh ann amach anseo, torthaí an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí agus roghanna éagsúla i dtaca leis na príomhshaincheisteanna cothrománacha agus earnálacha, SEC(2011) 868 críochnaitheach, a ghabhann leis an Teachtaireacht maidir le Buiséad do 'Eoraip 2020', COIM(2011) 500 críochnaitheach an 29.6.2011.

[3]               http://ec.europa.eu/justice/news/consulting_public/news_consulting_0010_en.htm

[4]               An Clár um Cheartas Sibhialta (JCIV), an Clár um Cheartas Coiriúil (JPEN), an Clár um Chearta Bunúsacha agus um Shaoránacht (FRC), Clár Daphne III (DAP), an Clár um Chosc agus Faisnéis i leith Drugaí (DPIP) agus na codanna 'Frith-idirdhealú agus Éagsúlacht' agus 'Comhionannas Inscne' den Chlár um Fhostaíocht agus um Dhlúthpháirtíocht Shóisialta (PROGRESS).

[5]               Tuarascáil eatramhach mheastóireachta ar na torthaí a gnóthaíodh ó chur chun feidhme an chláir mhaoiniúcháin 'Ceartas Sibhialta' agus gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla chur chun feidhme an chláir, COIM(2011) 351 críochnaitheach an 15. 6.2011; Tuarascáil eatramhach mheastóireachta ar an gClár um Cheartas Coiriúil, COIM(2011) 255 críochnaitheach an 11.5.2011; Tuarascáil ar mheastóireacht eatramhach an Chláir um Chearta Bunúsacha agus um Shaoránacht 2007 – 2013, COIM(2011)249 críochnaitheach an 5.5.2011; Tuarascáil ar mheastóireacht eatramhach Chlár Daphne III 2007 – 2013, COIM(2011) 254 críochnaitheach an 11.5.2011; Tuarascáil ar mheastóireacht eatramhach an Chláir Shonraigh 'Cosc agus Faisnéis i leith Drugaí' (DPIP) 2007 – 2013, COIM(2011) 246 críochnaitheach an 5.5.2011.

[6]               IO C 115, 4.5.2010, lch. 115.

[7]               COM(2010) 2020 críochnaitheach, 3.3.2010.

[8]               COIM(2011) 500, 29.6.2011.

[9]               IO L 110, 27.4.2007, lch. 33 agus Ceartúchán, IO L 141, 2.6.2007.

[10]             IO L 173, 3.7.2007, lch. 19.

[11]             IO L 315, 15.11.2006, lch. 1.

[12]             COIM(2010) 700, 19.10.2010.

[13]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[14]             IO L XX, XX.XX.XXXX, lch. XX.

[15]             IO L XX, XX, lch. XX.

[16]             IO L XX, XX, lch. XX.

[17]             IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

[18]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[19]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[20]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[21]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[22]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[23]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[24]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[25]             Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..."

[26]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[27]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[28]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[29]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[30]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[31]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[32]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

Barr

Á bhainistiú ag an Oifig Foilseachán