Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Clár um Chearta agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 /* COIM/2011/0758 leagan deireanach - 2011/0344 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Mar a dearbhaíodh
i gClár Stócólm, is tosaíocht i gcónaí don Aontas Eorpach é limistéar saoirse,
slándála agus ceartais a fhorbairt. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta
cheana sa réimse seo a bhuí le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus cineál
ceangailteach Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a thig as sin, tá
a lán dúshlán roimh an Aontas fós amhail cur chun feidhme neamhleor nó neamh‑chomhsheasmhach
ceart áirithe ar fud an Aontais nó easpa feasachta a bheith ag saoránaigh agus
údaráis phoiblí araon i dtaobh reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais. Is
fíor-thábhachtach iad reachtaíocht agus bearta beartais chomh maith lena gcur
chun feidhme comhsheasmhach. Is féidir le cistiú rannchuidiú le forbairt an
réimse seo trí thacú le reachtaíocht agus ceapadh beartais agus a gcur chun
feidhme a chur chun cinn. I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón
gCoimisiún maidir le hAthbhreithniú Buiséid an AE[1],
breithníodh athuair na hionstraimí cistiúcháin agus meicníochtaí seachadta atá
ann cheana chun fócas soiléir ar bhreisluach Eorpach a áirithiú agus chun
cuíchóiriú agus simpliú na meicníochtaí cistiúcháin a chur san áireamh. Sa
Teachtaireacht A budget for Europe 2020 (Buiséad do ‘Eoraip 2020')[2], d'aithin
an Coimisiún go raibh gá le buiséad níos simplí, níos trédhearcaí chun na
fadhbanna a thig as castacht struchtúr na gclár agus as an iliomad clár a
bheith ann a shárú. Luadh réimse na gceart mar shampla den ilroinnt atá ann
agus de chás inar cheart beart a dhéanamh. Sa chomhthéacs sin agus ar mhaithe le simpliú
agus cuíchóiriú, tagann an Clár um Chearta agus um Shaoránacht i gcomharba ar
thrí chlár reatha: - Cearta Bunúsacha agus Saoránacht, - Daphne III, - Na codanna 'Frith‑idirdhealú agus Éagsúlacht' agus
'Comhionannas Inscne' den Chlár um Fhostaíocht agus um Dhlúthpháirtíocht
Shóisialta (PROGRESS). Trí na cláir sin a thabhairt le chéile, ar
cláir iad uile atá bunaithe ar fhorálacha lasmuigh de Theideal V de Chuid III
den CFAE, beifear in ann cur chuige cistiúcháin uilechuimsitheach a úsáid sa
réimse seo. Is é cuspóir ginearálta an togra seo
rannchuidiú le limistéar a chruthú ina ndéantar cearta daoine, mar atá siad
cumhdaithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gCairt um
Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a chur chun cinn agus a chosaint. Go
háirithe, ba cheart don Chlár sin na cearta a eascraíonn as saoránacht Eorpach,
prionsabail an neamh‑idirdhealaithe agus an chomhionannais idir mná agus
fir a chur chun cinn, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, cearta an
linbh, na cearta a eascraíonn as reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais agus as an
tsaoirse chun gnó a dhéanamh sa mhargadh inmheánach a chur chun cinn. Chun go mbeidh
éifeacht acu i ndáiríre agus chun go dtiocfaidh torthaí soiléire do shaoránaigh
agus do ghnólachtaí astu, ní mór na cearta a bheith ar eolas acu siúd a
chuireann i bhfeidhm iad, acu siúd a thugann comhairle do dhaoine maidir lena
gcearta agus acu siúd a thairbhíonn de na cearta sin, agus ní mór iad a chur i bhfeidhm
go comhsheasmhach agus go héifeachtach ar fud an Aontais. Is féidir an méid sin
a bhaint amach trí thacú le hoiliúint agus le hardú feasachta, trí ghréasáin a
neartú agus trí chomhar trasnáisiúnta a éascú. Thairis sin, caithfidh an
tAontas bonn fónta anailíse a thabhairt dó féin chun tacú le ceapadh beartais
agus reachtaíocht i réimse na gceart agus na saoránachta. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR 2.1. Comhairliúchán leis na
páirtithe leasmhara An 20 Aibreán 2011 seoladh
comhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí maidir le gníomhaíochtaí cistiúcháin
sa todhchaí i réimse an cheartais, na gcearta bunúsacha agus an chomhionannais
don tréimhse tar éis 2013[3].
Bhí sé ar fáil ar líne ar feadh dhá mhí agus oscailte do na geallsealbhóirí
agus na daoine uile ar spéis leo an t‑ábhar. Fuarthas freagraí ó 187 freagróir
ó fhormhór na mBallstát agus ba ENRanna iad cuid mhaith de na freagróirí sin. Rinne na freagróirí meastóireacht dhearfach ar
chuspóirí beartais na gclár agus dhearbhaigh siad go raibh gá le cistiú sna
réimsí atá cumhdaithe. Aithníodh an breisluach Eorpach agus níor sainaithníodh
aon réimse inar cheart scoir de chistiú. Aithníodh go raibh gá le simpliú agus
feabhsú agus glacadh go dearfach leis an gcuid is mó de na bearta atá
beartaithe, lena n‑áirítear líon na gclár a laghdú agus nósanna imeachta
a shimpliú. Bhí na geallsealbhóirí i bhfách le
gníomhaíochtaí amhail malartú dea-chleachtas, oiliúint gairmithe,
gníomhaíochtaí faisnéise agus ardaithe feasachta, tacaíocht do ghréasáin,
staidéir, etc. a chistiú. Déantar foráil shainráite in Airteagal 5 den
togra maidir le gach cineál gníomhaíochta a d'fhormheas na freagróirí.
D'aontaigh na freagróirí le tograí an Choimisiúin i dtaobh na ngníomhaithe arb
iomchuí cistiú a thabhairt dóibh agus i dtaobh na gcineálacha meicníochtaí
cistiúcháin a d'fhéadfaí a úsáid. 2.2. Measúnú Tionchair Rinneadh measúnú tionchair amháin maidir le
gníomhaíochtaí cistiúcháin amach anseo le haghaidh réimse iomlán an cheartais,
na gceart agus an chomhionannais, réimse ina bhfuil sé chlár faoi láthair[4]. Baineann
an measúnú tionchair sin le hábhar an togra maidir leis an gClár um Cheartas
agus an togra maidir leis an gClár um Chearta agus um Shaoránacht araon. Is
forbairt é an measúnú tionchair ar mheastóireachtaí eatramhacha na gclár reatha[5],
meastóireachtaí inar dearbhaíodh éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhoriomlán na
gclár, ach sainaithníodh roinnt easpaí agus gnéithe is féidir a fheabhsú iontu
freisin. Breithníodh trí rogha sa mheasúnú tionchair: Rogha A: na
sé chlár a choimeád agus aghaidh a thabhairt ar chuid de na fadhbanna a
sainaithníodh trí athruithe ar bhainistíocht inmheánach na gclár. Thabharfaí
aghaidh ar chuid de na saincheisteanna sin tríd an mbainistíocht a fheabhsú
agus trí shineirgíochtaí láidre idir na cláir a chothú. Ní thabharfaí aghaidh
go díreach, áfach, ar phríomhchúis na bhfadhbanna, i.e. an t‑iliomad clár
a bheith ann, agus dá bhrí sin is beag na feabhsuithe a bhainfí amach leis an
rogha seo. Rogha B: bearta
uile Rogha A a choimeád agus anuas air sin na sé chlár reatha a chumasc in dhá
chlár. Thabharfadh an rogha seo solúbthacht in úsáid cistí agus in aghaidh a
thabhairt ar thosaíochtaí bliantúla beartais. Dhéanfadh sí na cláir a shimpliú
tuilleadh do na tairbhithe agus do lucht riaracháin araon, agus dhéanfadh sí
níos éifeachtúla iad, toisc go mbeadh gá le i bhfad níos lú nósanna imeachta.
Dhéanfaí éifeachtacht na gclár a fheabhsú freisin toisc gur fearr a thabharfaí
aghaidh ar ilroinnt agus ar chaolú cistí laistigh de dhá chlár. D'fhéadfaí
acmhainní daonna a scaoileadh, ós rud é go laghdófaí an t‑ualach
riaracháin dá mba rud é go raibh níos lú nósanna imeachta ann, agus dhéanfaí na
hacmhainní daonna sin a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí chun éifeachtacht na
gclár a fheabhsú (torthaí a scaipeadh, monatóireacht, faisnéis a sholáthar,
etc.). Rogha C: gan
ach clár amháin a chur chun feidhme. Leis an rogha seo tugtar aghaidh ar na
fadhbanna go léir arb iad an t‑iliomad ionstraimí dlíthiúla a bheith ann
agus an t‑ualach riaracháin méadaithe a bhaineann leis an iliomad clár a
bhainistiú is cúis leo. De bharr srianta dlíthiúla, áfach, ní fhéadfadh raon
feidhme an chláir sin riachtanais chistiúcháin na réimsí beartais ar fad a
chumhdach. Chaithfí rogha a dhéanamh idir réimse an cheartais agus réimse na
gceart agus na saoránachta. Cé gur féidir leis an réiteach seo an tionchar is
mó a imirt ó thaobh na bainistíochta de, ní fhéadfaí aghaidh a thabhairt go
leormhaith leis ar thosaíochtaí beartais ná ar riachtanais an réimse bheartais
ar fad. I bhfianaise anailís agus chomparáid na
roghanna, is í rogha na tosaíochta dhá chlár a chur chun feidhme,
ar cláir iad lena gcumhdófaí riachtanais chistiúcháin na réimsí beartais ar
fad (Rogha B). I gcomparáid leis an status quo tá buntáistí soiléire ag
baint le Rogha B agus níl aon mhíbhuntáiste ag baint léi. Níl a oiread sochar
ag baint le Rogha A is atá ag baint le Rogha B agus ní chumhdaíonn Rogha C na
réimsí beartais ach go páirteach, rud a fhágann nach oiriúnach an rogha sin. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Tá an togra bunaithe ar Airteagail 19(2),
21(2), 114, 168, 169 agus 197 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is
gá na hAirteagail sin a chomhcheangal chun leanúint de thacú le beartais a
fhorbraítear agus a chuirtear chun feidhme sna trí chlár reatha, agus níl i
gceist leis gníomhaíochtaí a leathnú go réimsí nua beartais. Is gá níos mó ná Airteagal amháin
a chomhcheangal chun cuspóirí ginearálta an Chláir a bhaint amach ar bhealach
cuimsitheach agus cur chuige simplithe níos éifeachtúla a ghlacadh i leith
cistiú. Trí na hAirteagail sin a úsáid soláthraítear an bunús dlí is gá do na
gníomhaíochtaí atá beartaithe agus dá bhrí sin ní gá úsáid a bhaint as Airteagal 352
den CFAE. Le hAirteagal 19(2) déantar foráil maidir
le glacadh beart dreasachta chun tacú le gníomhaíocht de chuid na mBallstát
d'fhonn idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach,
reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach a chomhrac, lena
n‑áirítear gníomhaíochtaí a chuireann comhionannas idir mná agus fir chun
cinn agus a thacaíonn le cearta an linbh. Le hAirteagal 21(2) déantar foráil maidir
le bearta de chuid an Aontais chun feidhmiú ceart saoránach chun gluaiseacht
agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát a éascú. Is féidir
gníomhaíochtaí a fhéachann le saoránaigh agus údaráis a chur ar an eolas maidir
lena gcearta chun cosanta taidhleoireachta agus consalaí agus a gcearta vótála
a chumhdach freisin leis an Airteagal sin ar an ábhar go ndéanann na
gníomhaíochtaí sin feidhmiú cirt saoránaigh chun gluaiseacht a éascú sa
chleachtas. Le hAirteagal 114 déantar foráil maidir
le comhfhogasú dlíthe arb é bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a n‑aidhm.
Le hAirteagal 169 déantar foráil, anuas ar chomhfhogasú dlíthe faoi Airteagal 114,
maidir le glacadh beart chun tacú le beartas na mBallstát chun sláinte,
sábháilteacht agus leas eacnamaíoch tomhaltóirí a chosaint chomh maith leis an
gceart chun faisnéise agus oideachais agus chun gníomhú ar mhaithe lena
leasanna a chosaint a chur chun cinn, na bearta sin a fhorlíonadh agus
faireachán a dhéanamh orthu. Is féidir leis an dá fhoráil a bheith ina mbonn
chun gníomhaíochtaí a bhaineann le saincheisteanna tomhaltóirí agus dlí na
gconarthaí a chistiú. Le leibhéal ard cosanta tomhaltóirí agus forbairt dhlí na
gconarthaí chun idirbhearta trasteorann a éascú cruthaítear na dálaí is gá chun
cumhacht a thabhairt do shaoránaigh an Aontais a gcearta a fheidhmiú thar an
teorainn. Le hAirteagal 168 déantar foráil maidir
le leibhéal ard cosanta shláinte an duine agus gníomhaíocht de chuid an Aontais
a chomhlánann beartais náisiúnta i dtinnis agus galair an duine a chosc agus
foinsí contúirte do shláinte an duine a sheachaint. Is contúirt do shláinte
fhisiciúil agus mheabhrach na leanaí é foréigean i gcoinne leanaí, lena n‑áirítear
go minic bagairtí trasteorann. Is saoránaigh leochaileacha iad leanaí agus tá
leibhéal méadaithe cosanta in aghaidh na gcontúirtí sin dá sláinte fhisiciúil
agus mheabhrach ag teastáil uathu. Is bagairt thromchúiseach do shláinte
fhisiciúil agus mheabhrach na n‑íospartach é freisin foréigean in aghaidh
na mban, ar íospartaigh iad a bhfuil leibhéal ard cosanta ag teastáil uathu. Le hAirteagal 197 is féidir tacú le
Ballstáit i gcur chun feidhme dhlí an Aontais trí mhalartú faisnéise a éascú nó
trí thacú le scéimeanna oiliúna. Beidh tábhacht ar leith ag baint leis an
bhforáil sin i réimsí amhail cearta bunúsacha, saoránacht agus cosaint sonraí,
réimsí ina bhfuil ról tábhachtach le himirt ag údaráis náisiúnta. Urramaíonn na gníomhaíochtaí cistiúcháin atá
beartaithe prionsabail an bhreisluacha Eorpaigh agus na coimhdeachta. Dírítear
le cistiú ó bhuiséad an Aontais ar ghníomhaíochtaí nach féidir leis na
Ballstáit amháin a gcuspóirí a bhaint amach go leordhóthanach, i gcás inar
féidir le hidirghabháil ón Aontas luach breise a thabhairt i gcomparáid le
gníomhaíocht de chuid na mBallstát amháin. Cuideoidh na gníomhaíochtaí atá
cumhdaithe faoin Rialachán seo le cur i bhfeidhm éifeachtach an acquis trí
mhuinín fhrithpháirteach a fhorbairt idir Ballstáit, comhar agus líonrú
trasteorann a mhéadú agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go
comhleanúnach agus go comhsheasmhach ar fud an Aontais. Is fearr atá an tAontas
Eorpach ná na Ballstáit in ann aghaidh a thabhairt ar chásanna a bhfuil gné
trasteorann ag baint leo agus clár oibre Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach
a chur ar fáil. Tacófar le bonn fónta anailíse a chur ar fáil chun tacú le
beartais agus chun iad a fhorbairt. Trí idirghabháil ón Aontas Eorpach is
féidir na gníomhaíochtaí seo a shaothrú go leanúnach ar fud an Aontais agus
cruthaítear barainneachtaí scála. Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé
níos faide ná an t‑íosmhéid a bhfuil gá leis chun an cuspóir sonraithe a
bhaint amach ar leibhéal Eorpach ná níos faide ná a bhfuil gá leis chun na
críche sin. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH EUR 439 milliún (i bpraghsanna reatha) a
bheidh sa chlúdach airgeadais chun an Clár um Chearta agus um Shaoránacht a
chur chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. 5. PRÍOMHEILIMINTÍ AN TOGRA Tá sé d'aidhm ag
an gcur chuige atá beartaithe simpliú nósanna imeachta, rud a d'iarr na páirtithe
uile lena mbaineann, a chomhcheangal le cur chuige atá dírithe níos mó ar
thorthaí. Is iad seo a leanas príomheilimintí an chur chuige sin: - Déanann an togra
na cuspóirí ginearálta agus sonracha atá á saothrú ag an gClár (Airteagal 3
agus Airteagal 4) agus na réimsí gníomhaíochta a ndíreoidh an Clár orthu (Airteagal 5)
a shainiú. Déanann na cuspóirí ginearálta agus sonracha raon feidhme an chláir
(réimsí beartais) a shainiú, ach tá na cineálacha gníomhaíochtaí dírithe ar
chistiúchán, tá siad infheidhme maidir leis na réimsí beartais uile lena
mbaineann agus sainíonn siad ar bhealach cothrománach na haschuir is féidir a
fháil trí chistiú. Ag an am céanna, sainíonn siad na cásanna inar féidir le
cistiú fíor-bhreisluach a thabhairt chun na cuspóirí beartais a bhaint amach.
Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme aige, bunóidh an Coimisiún na
tosaíochtaí cistiúcháin sna réimsí beartais éagsúla ar bhonn bliantúil. Is
féidir leis an gClár úsáid a bhaint as na hionstraimí airgeadais go léir dá
bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais. Tá an rannpháirtíocht oscailte do na
heintitis dhlíthiúla uile atá bunaithe go dleathach sna Ballstáit nó i dtríú
tír a ghlacann páirt sa Chlár, gan srianta eile ar an rochtain ar an gClár a
bheith ann. Leis an struchtúr sin is féidir simpliú a dhéanamh, agus is féidir
freisin an clár a dhíriú níos fearr ar riachtanais agus ar fhorbairtí na
mbeartas. Thairis sin, soláthraíonn sé comhthéacs cobhsaí don mheastóireacht,
toisc na cuspóirí sonracha a bheith nasctha go díreach le táscairí
meastóireachta, táscairí a fhanfaidh comhsheasmhach ar feadh ré iomlán an chláir
agus a ndéanfar faireachán agus meastóireacht orthu go rialta. Tá sé beartaithe
gan méideanna sonracha in aghaidh an réimse bheartais a chur in áirithe
laistigh den chlár chun solúbthacht a bhaint amach agus cur chun feidhme an
chláir a fheabhsú. - Tá rannpháirtíocht
tríú tíortha teoranta do thíortha an LEE, do thíortha aontachais, do thíortha
is iarrthóirí agus d'iarrthóirí féideartha. Féadfaidh tríú tíortha eile, go
háirithe tíortha ina bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa, a
bheith i gcomhlachas le gníomhaíochtaí an Chláir, má fhónann sin do chuspóir na
ngníomhaíochtaí sin. - Déanfar
tosaíochtaí bliantúla an chláir a shainiú i gclár oibre bliantúil. Toisc go
gciallaíonn sin go ndéanfar roghanna beartas‑bhunaithe, tá glacadh an
chláir oibre bhliantúil faoi réir thuairim Choiste na mBallstát faoin nós
imeachta comhairleach. - Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn anailíse
chostais/sochair, úsáid a bhaint as gníomhaireacht feidhmiúcháin atá ann cheana
chun an clár a chur chun feidhme, mar a fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 58/2003
an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí
áirithe a bhaineann le bainistíocht ar chláir Chomhphobail a chur de chúram ar
ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin. 2011/0344 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Clár um Chearta agus um
Shaoránacht don tréimhse 2014-2020
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 19(2), 21(2), 114,
168, 169 agus 197 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa, Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Tá an tAontas Eorpach fothaithe ar phrionsabail na
saoirse, an daonlathais, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus
an smachta reachta, prionsabail ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit. Tá na cearta dá bhforáiltear sa Chonradh ag gach
saoránach den Aontas. Le teacht i
bhfeidhm Chonradh Liospóin, tugadh éifeacht cheangailteach ar fud an Aontais do
Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a fhreagraíonn do na cearta
agus na saoirsí bunúsacha a bhfuil teideal ag na daoine san Aontas chucu. Ba cheart na cearta sin a chur chun cinn agus a
urramú le gur féidir iad a réalú. Ba
cheart a urramú gur féidir na cearta sin a theachtadh go hiomlán agus ba cheart
aon bhacainní orthu a dhíchur. (2)
Athdhaingnítear le Clár Stócólm[6] an
tosaíocht limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fhorbairt agus sonraítear
ar cheann dá thosaíochtaí polaitiúla Eoraip de chearta a bhaint amach. Aithnítear go bhfuil maoiniú ar cheann de na
huirlisí tábhachtacha lena áirithiú go n‑éireoidh le cur chun feidhme
thosaíochtaí polaitiúla Chlár Stócólm. (3)
Ba cheart go mbeadh saoránaigh in acmhainn a
gcearta a eascraíonn as a gcuid saoránachta den Aontas a lánfheidhmiú. Ba cheart go mbeadh siad in acmhainn a gceart
chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse san Aontas, a gceart chun vótáil agus
chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin
bhardasacha, a gceart chun cosanta consalaí agus a gceart chun achainí a
dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa a fheidhmiú. Ba cheart go mbeadh siad ar a suaimhneas agus iad ag maireachtáil, ag
taisteal agus ag obair i mBallstát eile, iad muiníneach go mbeidh a gcearta
cosanta i gcónaí, is cuma cén áit san Aontas a bheidh siad. (4)
Ba cheart do shaoránaigh agus do ghnólachtaí
lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach. Ba cheart go mbeadh tomhaltóirí in acmhainn na cearta a eascraíonn as
reachtaíocht tomhaltóirí a theachtadh agus ba cheart go bhfaigheadh gnólachtaí
tacaíocht chun an tsaoirse chun gnó a dhéanamh sa mhargadh inmheánach a
fheidhmiú. Trí ionstraimí reachtacha
i dtaobh dhlí na gconarthaí agus dhlí na dtomhaltóirí a fhorbairt, tugtar
réitigh phraiticiúla do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí chun aghaidh a
thabhairt ar fhadhbanna trasteorann, sa chaoi is gur féidir níos mó roghanna a
thabhairt dóibh agus go mbeidh níos lú costais i gceist maidir le conarthaí a
thabhairt i gcrích le páirtithe i mBallstát eile, agus ardleibhéal cosanta don
tomhaltóir a chur ar fáil freisin. (5)
Comhluachanna ag na Ballstáit is ea neamh‑idirdhealú
bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh,
míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach agus comhionannas idir mná agus fir. Is sprioc leanúnach é gach cineál idirdhealaithe
a chomhrac agus tá gníomhaíocht chomhordaithe, lena n‑áirítear
leithdháileadh maoinithe, ag teastáil chun an sprioc sin a bhaint amach. (6)
De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart don Chlár tacú le
príomhshruthú chuspóir an chomhionannais idir mná agus fir agus chuspóir an
fhrith‑idirdhealaithe ina chuid gníomhaíochtaí go léir. Ba cheart faireachán agus meastóireacht rialta a
dhéanamh chun an bealach ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna an
chomhionannais inscne agus an fhrith‑idirdhealaithe i ngníomhaíochtaí an
Chláir a mheasúnú. (7)
Tá foréigean in aghaidh na mban de gach aon chineál
ina shárú ar chearta bunúsacha agus ina aicíd thromchúiseach. Tá foréigean den sórt sin ann ar fud an Aontais
agus tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe le gur féidir aghaidh a thabhairt air. Trí bheart a dhéanamh chun foréigean in aghaidh
na mban a chomhrac rannchuidítear le cur chun cinn an chomhionannais idir mná
agus fir. (8)
Ceanglaíonn an Conradh ar an Aontas cosaint chearta
an linbh a chur chun cinn de bhun Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas
Eorpach, agus an t‑idirdhealú a chomhrac ag an am céanna. Bíonn leanaí leochaileach, go háirithe má tá siad
ag fulaingt ón mbochtaineacht, ó eisiamh sóisialta, ó mhíchumas nó má tá siad i
gcor sonrach trína gcuirtear i mbaol iad. Ba cheart beart a dhéanamh chun cearta an linbh a chur chun cinn agus
rannchuidiú le cosaint an linbh ar dhíobháil agus ar fhoréigean a d’fhéadfadh
dochar a dhéanamh dá shláinte coirp nó meabhrach. (9)
Ba cheart leanúint de shonraí pearsanta a chosaint
go héifeachtach i gcomhthéacs ina bhfuil forbairt leanúnach á déanamh ar
theicneolaíochtaí agus i gcomhthéacs an domhandaithe. Ba cheart creat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí a chur i
bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach san Aontas Eorpach. Chun an sprioc sin a bhaint amach, ba cheart go
mbeadh an tAontas in acmhainn tacú le hiarrachtaí na mBallstát maidir leis an
gcreat dlíthiúil a chur chun feidhme. (10)
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Eoraip 2020[7] leagtar
amach straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach. Trí thacú le cearta daoine san Aontas agus na
cearta sin a chur chun cinn, trí aghaidh a thabhairt ar idirdhealú agus
neamhionannais agus trí shaoránacht a chur chun cinn, rannchuidítear le
cuspóirí sonracha agus le tionscnaimh suaitheanta na Straitéise Eoraip 2020
a chur chun cinn. (11)
Tá sé léirithe trí ghníomhaíocht ar leibhéal an
Aontais go bhfuil gá le meascán d'ionstraimí, lena n‑áirítear
reachtaíocht, tionscnaimh bheartais agus cistiú, chun na cuspóirí sin a bhaint
amach sa chleachtas. Is uirlis
thábhachtach é an cistiú, a chomhlánaíonn na bearta reachtacha. Ba cheart clár cistiúcháin a bhunú dá bhrí sin. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal
‘Buiséad don Straitéis Eoraip 2020’[8] cuirtear béim ar an ngá atá ann le cistiú an
Aontais a chuíchóiriú agus a shimpliú. Is féidir simpliú fóinteach agus bainistiú éifeachtúil an chistithe a
bhaint amach trí líon na gclár a laghdú agus na rialacha agus na nósanna
imeachta cistiúcháin a chuíchóiriú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú. (12)
Mar fhreagairt ar an ngá le cistiú a shimpliú agus
a bhainistiú go héifeachtúil, bunaítear leis an Rialachán seo an Clár um
Chearta agus um Shaoránacht chun foráil a dhéanamh maidir le hathnuachan agus
forbairt gníomhaíochtaí a rinneadh roimhe sin ar bhonn trí chlár, arna mbunú le
Cinneadh 2007/252/CE ón gComhairle an 19 Aibreán 2007 lena
mbunaítear an clár sonrach ‘Cearta bunúsacha agus saoránacht’ don tréimhse 2007-2013
mar chuid den Chlár Ginearálta ‘Cearta Bunúsacha agus Ceartas’[9]; Cinneadh Uimh. 779/2007/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena mbunaítear clár
sonrach don tréimhse 2007-2013 chun an foréigean i gcoinne leanaí, daoine óga
agus ban a chosc agus a chomhrac agus chun íospartaigh agus grúpaí atá i mbaol
a chosaint (Clár Daphne III) mar chuid den Chlár Ginearálta ‘Cearta
Bunúsacha agus Ceartas’[10]; agus na codanna ‘comhionannas inscne’ agus
‘frith‑idirdhealú agus éagsúlacht’ de Chinnadh Uimh. 1672/2006/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006
lena mbunaítear an Clár Comhphobail um Fhostaíocht agus um Dhlúthpháirtíocht
Shóisialta – Progress[11]. (13)
Sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún dar teideal
‘Athbhreithniú Buiséid an AE’[12]
agus ‘Buiséad don Straitéis Eoraip 2020’, cuirtear béim ar an tábhacht a
bhaineann le cistiú a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag
baint leo, i.e. i gcás ina dtabharfadh idirghabháil an Aontais fiúntas breise i
gcomparáid le beart a dhéanfadh na Ballstáit as a stuaim féin. Ba cheart go gcuideodh na gníomhaíochtaí atá
cumhdaithe faoin Rialachán seo chun muinín fhrithpháirteach a fhorbairt idir Ballstáit,
comhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm
go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Ba cheart go gcuideodh gníomhaíochtaí cistithe freisin le dlí agus
beartais an Aontais a bhaint amach go héifeachtach agus eolas níos fearr a
bheith ag na páirtithe uile lena mbaineann orthu agus bonn fónta anailíse a
chur ar fáil chun tacú le reachtaíocht agus le beartais an Aontais agus iad a
fhorbairt. Trí idirghabháil ón Aontas is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú
go leanúnach ar fud an Aontais agus cruthaítear barainneachtaí scála. Thairis sin, is fearr atá an tAontas Eorpach ná
na Ballstáit in ann aghaidh a thabhairt ar chásanna a bhfuil gné trasteorann ag
baint leo agus clár oibre Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil. (14)
D’fhonn prionsabal na bainistíochta fónta
airgeadais a chur chun feidhme, ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán seo
maidir le huirlisí oiriúnacha chun feidhmíocht an phrionsabail sin a mheasúnú. Chuige sin, ba cheart cuspóirí ginearálta agus
sonracha a shocrú. Ba cheart foireann
táscairí a bhunú le go bhféadfaí gnóthú na gcuspóirí sonracha sin a thomhas
agus ba cheart do na táscairí sin bheith bailí ar feadh thréimhse iomlán an
chláir. (15)
Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le clúdach
airgeadais don chlár ilbhliantúil agus beidh an clúdach sin, de réir bhrí
phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an XX idir Parlaimint na hEorpa, an
Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le
bainistíocht fhónta airgeadais, ina phríomhthagairt don údarás buiséadach le
linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. (16)
Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme i
gcomhréir iomlán le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. XX/XX an XX maidir leis
na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais
Eorpaigh. Ba cheart leas a bhaint, go háirithe, as uirlisí simpliúcháin arna
dtabhairt isteach leis an mbuiséad. Thairis sin, ba cheart go mbeadh na critéir
a úsáidtear chun gníomhaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht a aithint dírithe ar na
hacmhainní airgeadais atá ar fáil a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin a
bhfuil an tionchar is mó acu maidir leis an gcuspóir beartais atá á shaothrú. (17)
Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a tharmligean
chuig an gCoimisiún maidir le cláir oibre bhliantúla a ghlacadh. Ba cheart na
cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena
leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na
sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme
ag an gCoimisiún[13].
I bhfianaise na méideanna bliantúla atá i gceist, is féidir a mheas nach bhfuil
tábhacht ag baint leis na himpleachtaí buiséadacha. Ba cheart feidhm a bheith
leis an nós imeachta comhairleach, dá bhrí sin. (18)
D’fhonn leithdháileadh éifeachtúil na gcistí ó
bhuiséad an Aontais a áirithiú, ba cheart comhsheasmhacht, comhlántacht agus
sineirgíochtaí a lorg idir na cláir chistiúcháin a thacaíonn le réimsí beartais
a bhfuil dlúthnaisc eatarthu, go háirithe idir an Clár agus an Clár um Cheartas
arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. XX/XX an XX[14], an Clár
'Eoraip do Shaoránaigh' arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. XX/XX an XX[15] agus na
cláir i réimsí na ngnóthaí baile; na fostaíochta agus gnóthaí sóisialta; na
sláinte agus na cosanta tomhaltóirí; an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus
an spóirt; na sochaí faisnéise; an mhéadaithe, go háirithe an Ionstraim um
Chúnamh Réamhaontachais[16]
agus na cistí a fheidhmíonn faoin gComhchreat Straitéiseach (Cistí CSF). (19)
Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n‑áirítear
neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh
go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí,
pionóis. Beidh údarás ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF)
seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí
eacnamaíocha i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán
(Euratom, CE) Uimh. 2185/96[17]
d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach
ar bith eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le
cistiú an Aontais faoin gClár. (20)
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an
Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon rannchuidiú le limistéar a
chruthú ina ndéantar cearta daoine, mar atá sé cumhdaithe sa Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais
Eorpaigh, a chur chun cinn agus a chosaint, agus gur fearr is féidir iad a
ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i
gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta dá dtagraítear in Airteagal 5 den
Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá
leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil
riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1
Bunú agus ré an Chláir 1. Bunaítear leis an Rialachán
seo Clár um Chearta agus um Shaoránacht an Aontais Eorpaigh, dá ngairtear ‘an
Clár’ anseo feasta. 2. Déanfar an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014
agus an 31 Nollaig 2020 a chuimsiú faoin gClár. Airteagal 2
Breisluach Eorpach Tabharfar maoiniú ón gClár do ghníomhaíochtaí a
bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo. Chuige sin, áiritheoidh an Comisiún go
mbeidh sé beartaithe leis na gníomhaíochtaí a roghnófar don chistiú go mbeidh
toradh orthu a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leis agus déanfaidh an
Coimisiún faireachán féachaint ar gnóthaíodh an breisluach Eorpach iarbhír trí
na torthaí deireanacha ar na gníomhaíochtaí a maoiníodh faoin gClár. Airteagal 3
Cuspóirí ginearálta Is é cuspóir ginearálta an Chláir rannchuidiú
le limistéar a chruthú ina ndéantar cearta daoine, mar atá sé cumhdaithe sa
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an
Aontais Eorpaigh, a chur chun cinn agus a chosaint. Airteagal 4
Cuspóirí sonracha 1. Chun an cuspóir ginearálta
atá leagtha amach in Airteagal 3 a ghnóthú, beidh na cuspóirí sonracha seo
a leanas leis an gClár: (a) cur le feidhmiú na gceart a eascraíonn as
saoránacht den Aontas a fheabhsú; (b) cur chun feidhme éifeachtach phrionsabal
an neamh‑idirdhealaithe a chur chun cinn bunaithe ar ghnéas, tionscnamh
ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh
gnéasach, lena n‑áirítear comhionannas idir mná agus fir agus cearta
daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta; (c) cur le hardleibhéal cosanta do shonraí
pearsanta a áirithiú; (d) cur le hurramú chearta an linbh; (e) cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí agus
do ghnólachtaí trádáil agus ceannach a dhéanamh go muiníneach sa mhargadh
inmheánach trí na cearta a thig as reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais a
fhorfheidhmiú agus tacú leis an tsaoirse chun gnó a dhéanamh i margadh
inmheánach trí idirbhearta trasteorann. 2. Is iad na táscairí a
úsáidfear chun gnóthú na gcuspóirí atá leagtha amach i mír 1 a thomhas, inter
alia, an tuiscint Eorpach ar urramú, ar chleachtadh agus ar chur chun
feidhme na gceart sin agus líon na ngearán. Airteagal 5
Gníomhaíochtaí 1. D’fhonn cuspóirí Airteagal 3
agus Airteagal 4 a shaothrú, díreoidh gníomhaíochtaí an Chláir ar na
réimsí gníomhaíochta seo a leanas: (a) feasacht an phobail agus eolas ar dhlí
agus ar bheartais an Aontais a fheabhsú; (b) tacú le cur chun feidhme dhlí agus
bheartais an Aontais sna Ballstáit; (c) comhar trasnáisiúnta a chur chun cinn
agus eolas frithpháirteach agus muinín fhrithpháirteach a fhorbairt i measc na
ngeallsealbhóirí rannpháirteacha uile; (d) eolas agus tuiscint ar shaincheisteanna a
d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú ceart agus prionsabal atá ráthaithe
leis an gConradh, leis an gCairt um Chearta Bunúsacha agus le dlí díorthaithe
an Aontais a fheabhsú d’fhonn ceapadh beartais agus reachtaíocht atá bunaithe
ar fhianaise a áirithiú. 2. Tabharfar maoiniú ón gClár, inter
alia, do na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas: (a) Gníomhaíochtaí anailíseacha, amhail
bailiú sonraí agus staidrimh; forbairt
modheolaíochtaí coiteanna agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí agus
tagarmharcanna coiteanna; staidéir,
taighdí, anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí
agus measúnuithe tionchair; dréachtú
agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhar oideachais; faireachán agus measúnú ar thrasuí agus ar chur i
bhfeidhm dhlí an Aontais agus ar chur chun feidhme bheartais an Aontais; ceardlanna, seimineáir, cruinnithe saineolaithe,
comhdhálacha; (b) Gníomhaíochtaí oiliúna, amhail
malartuithe foirne, ceardlanna, seimineáir, cúrsaí oiliúna oiliúnóirí, forbairt
oiliúna ar líne/oiliúna eile; (c) Gníomhaíochtaí
foghlama frithpháirtí, comhair, ardaithe feasachta agus scaipthe, amhail
aithint agus malartuithe dea-chleachtais, cineálacha cur chuige agus taithí
nuálacha, eagrú athbhreithnithe piaraí agus foghlama frithpháirtí; eagrú comhdhálacha agus seimineár; eagrú feachtas ardaithe feasachta agus faisnéise,
feachtas agus imeachtaí sna meáin, lena n‑áirítear tosaíochtaí polaitiúla
an Aontais Eorpaigh a phoibliú trí chumarsáid chorparáideach; tiomsú agus foilsiú ábhar chun faisnéis agus
torthaí an Chláir a scaipeadh; forbairt,
oibriú agus cothabháil córas agus uirlisí ag úsáid faisnéise agus
teicneolaíochtaí na faisnéise; (d) Tacaíocht le haghaidh na bpríomhghníomhaithe,
amhail tacaíocht le haghaidh Ballstát agus iad ag cur dlí agus beartais an
Aontais chun feidhme; tacaíocht le
haghaidh príomhghréasán Eorpach a bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí nasctha le
cuspóirí an Chláir a chur chun feidhme; líonrú i measc sainchomhlachtaí agus saineagraíochtaí, údarás
náisiúnta, údarás réigiúnach agus údarás áitiúil ar leibhéal Eorpach; cistiú le haghaidh líonraí saineolaithe; cistiú le haghaidh faireachlanna ar leibhéal
Eorpach. Airteagal 6
Rannpháirtíocht 1. Féadfaidh na comhlachtaí
poiblí agus/nó príobháideacha agus na heintitis phoiblí agus/nó phríobháideacha
uile atá bunaithe go dleathach sna tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach
sa Chlár: (a) na Ballstáit; (b) tíortha CSTE atá páirteach i gComhaontú
LEE, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Chomhaontú LEE; (c) tíortha aontachais, tíortha is iarrthóirí
agus iarrthóirí féideartha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na
téarmaí agus na coinníollacha ginearálta atá leagtha síos sna comhaontuithe
réime arna dtabhairt i gcrích leo ar a rannpháirtíocht i gcláir an Aontais. 2. Féadfaidh na comhlachtaí
poiblí agus/nó príobháideacha agus na heintitis phoiblí agus/nó phríobháideacha
atá bunaithe go dleathach i dtríú tíortha eile, go háirithe tíortha ina bhfuil
feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa, a bheith i gcomhlachas le
gníomhaíochtaí an Chláir, má fhónann sin do chuspóir na ngníomhaíochtaí sin. 3. Faoin gClár, féadfaidh an
Coimisiún comhoibriú leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sna
réimsí sin atá cumhdaithe faoin gClár, amhail Comhairle na hEorpa, an
Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus na Náisiúin
Aontaithe. Féadfaidh na heagraíochtaí
idirnáisiúnta sin a bheith rannpháirteach sa Chlár. Airteagal 7
Buiséad 1. EUR 439 milliún a bheidh
sa chlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir. 2. Féadfaidh leithdháileadh
airgeadais an Chláir speansais eile a chlúdach a bhaineann le gníomhaíochtaí
ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a theastaíonn
chun an Clár a bhainistiú agus a chuspóirí a ghnóthú; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí
faisnéise agus cumarsáide, lena n‑áirítear tosaíochtaí polaitiúla an
Aontais Eorpaigh a phoibliú trí chumarsáid chorparáideach, a mhéid a bhaineann
siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, speansais atá nasctha le líonraí
TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, mar aon leis na
speansais chúnaimh theicniúil agus riaracháin eile ar fad a thabhaíonn an
Coimisiún le linn dó an Clár a bhainistiú. 3. Déanfaidh an t‑údarás
buiséadach na leithreasaí bliantúla a bheidh ar fáil a údarú faoi chuimsiú na
dteorainneacha atá bunaithe le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. XX/XX an XX
lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020. Airteagal 8
Bearta cur chun feidhme 1. Déanfaidh an Coimisiún
tacaíocht airgeadais an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán
(CE, Euratom) Uimh. XX/XX an XX maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme
maidir le buiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh. 2. D’fhonn an Clár a chur chun
feidhme, déanfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla a ghlacadh i bhfoirm
gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 9(2). 3. Leagfar amach sna cláir oibre
bhliantúla sin na bearta a theastaíonn chun iad a chur chun feidhme, na
tosaíochtaí i dtaobh glaonna ar thograí agus na heilimintí eile ar fad a cheanglaítear
le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. XX/XX an XX maidir leis na rialacha
airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh. Airteagal 9
Nós imeachta coiste 1. Beidh coiste de chúnamh ag an
gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa
choiste sin. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 10
Comhlántacht 1. Déanfaidh an Coimisiún, i
gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgíochtaí le
hionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú, lena n‑áirítear an
Clár um Cheartas, an Clár ‘Eoraip do Shaoránaigh’ agus cláir i réimsí na
ngnóthaí baile; na fostaíochta agus gnóthaí sóisialta; na sláinte agus na cosanta
tomhaltóirí; an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt; na sochaí
faisnéise; an mhéadaithe, go háirithe an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais
agus na cistí a fheidhmíonn faoin gComhchreat Straitéiseach (Cistí CSF). 2. Féadfaidh an clár acmhainní a
roinnt le hionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe an Clár um
Cheartas, d’fhonn gníomhaíochtaí a chur chun feidhme lena ngnóthaítear cuspóirí
an dá chlár. Féadfar cistiú ón gClár um Cheartas a bhronnadh ar ghníomhaíocht a
bhfuil cistiú bronnta uirthi faoin gClár freisin, ar an gcoinníoll nach
gclúdaítear na míreanna costais céanna leis an dá chistiú. Airteagal 11
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint 1. Déanfaidh an Coimisiún bearta
iomchuí lena n‑áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú
faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais
trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus
aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh
agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a
ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha
agus dhíspreagthacha. 2. Beidh cumhacht ag an
gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a
dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar
gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an
Aontais faoin gClár. Beidh údarás ag an Oifig
Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus
cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cistiú sin go
díreach nó go hindíreach leo i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha
síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d’fhonn a shuí ar tharla
calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do
leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh
deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú an Aontais. Gan dochar don chéad fhomhír
agus don dara fomhír, trí chomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le
heagraíochtaí idirnáisiúnta, trí chomhaontuithe deontais, trí chinntí deontais
agus trí chonarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, cumhachtófar
go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí,
seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh. Airteagal 12
Faireachán agus meastóireacht 1. Déanfaidh an Coimisiún
faireachán rialta ar an gClár d'fhonn súil a choinneáil ar chur chun feidhme na
ngníomhaíochtaí sin a rinneadh faoi sna réimsí gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1)
agus ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4. Is
bealach a bheidh san fhaireachán freisin chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach
inar tugadh aghaidh ar shaincheisteanna an chomhionannais inscne agus an fhrith‑idirdhealaithe
ar fud ghníomhaíochtaí an chláir. Nuair is ábhartha, ba cheart táscairí a
dhí-chomhbhailiú de réir inscne, aoise agus míchumais. 2. Cuirfidh an Coimisiún na
tuarascálacha seo a leanas ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle: (a) tuarascáil mheastóireachta eatramhaí faoi
lár 2018 ar a dhéanaí; (b) tuarascáil mheastóireachta ex-post. 3. Tabharfar tuairisc sa
mheastóireacht eatramhach ar ghnóthú chuspóirí an Chláir, ar cé chomh
héifeachtúil is a úsáidtear na hacmhainní agus breisluach Eorpach an Chláir
d’fhonn a chinneadh an ndéanfar an cistiú a thugtar do réimsí atá cumhdaithe
faoin gClár a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí tar éis 2020. Tabharfar
aghaidh freisin ar an scóip maidir le haon simpliú a dhéanfaí ar an gClár, ar
chomhleanúnachas inmheánach agus seachtrach an Chláir, agus ar ábharthacht
leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile. Cuirfear torthaí na
meastóireachtaí ex post ar na cláir a luaitear in Airteagal 13 san
áireamh. 4. Tabharfar tuairisc sa
mheastóireacht ex post ar an tionchar fadtéarmach a bheidh ag an gClár agus ar
inbhuanaitheacht iarmhairtí an Chláir, d’fhonn cuidiú le cinneadh a dhéanamh
faoi chlár eile a leanfaidh é. Airteagal 13
Bearta idirthréimhseacha Leanfar de ghníomhaíochtaí arna dtionscnamh
roimh an 1 Eanáir 2014 ar bhonn Chinneadh 2007/252/CE, Chinneadh 779/2007/CE
nó Roinn 4: Frith‑idirdhealú agus éagsúlacht, agus Roinn 5: Comhionannas
inscne de Chinneadh 1672/2006/CE a rialú le forálacha na gCinntí sin, go dtí go
mbeidh na gníomhaíochtaí sin críochnaithe. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin,
déanfar tagairtí do na Coistí dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Chinneadh
2007/252/CE, in Airteagal 10 de Chinneadh 779/2007/CE agus in Airteagal 13
de Chinneadh 1672/2006/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste dá dtagraítear
in Airteagal 9 den Rialachán seo. Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an
Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1. LEAGAN AMACH AN
TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A
MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí 3.2.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht
don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí
ó thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.
Teideal an togra/tionscnaimh
Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
mbunaítear an Clár um Chearta agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020
1.2.
Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[18]
Teideal 33 - Ceartas
1.3.
An cineál togra/tionscnaimh
þ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann
treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[19]
¨ Baineann an
togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua
1.4.
Cuspóirí
1.4.1.
Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin
ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Tá
an Clár dírithe ar chuidiú le forbairt limistéir saoirse, slándála agus
ceartais trí thacú le cur chun feidhme éifeachtach ceart san Eoraip agus trína
gcur chun cinn, mar atá cumhdaithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Áirítear leis sin go
háirithe, na cearta a eascraíonn as saoránacht Eorpach, prionsabail an neamh‑idirdhealaithe
bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh,
míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach agus comhionannas idir mná agus fir,
cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta, an ceart chun sonraí
pearsanta a chosaint, cearta an linbh, cearta tomhaltóirí agus an saoirse gnó a
dhéanamh sa mhargadh inmheánach, trí idirbhearta trasteorann a éascú.
1.4.2.
Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB
lena mbaineann
Cuspóirí sonracha Chun
an cuspóir ginearálta thuasluaite a bhaint amach, tá na cuspóirí sonracha seo a
leanas ag an gClár: (a)
cuidiú le feidhmiú na gceart a eascraíonn as saoránacht den Aontas a fheabhsú; (b)
cur chun feidhme éifeachtach phrionsabal an neamh‑idirdhealaithe a chur
chun cinn bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó
creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, lena n‑áirítear
comhionannas idir mná agus fir agus cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine
scothaosta; (c)
cuidiú le hardleibhéal cosanta do shonraí pearsanta a áirithiú; (d)
cur le hurramú chearta an linbh; (e)
cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí trádáil agus ceannach
a dhéanamh go muiníneach sa mhargadh inmheánach trí na cearta a eascraíonn as
reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais a fhorfheidhmiú agus tacú leis an tsaoirse
chun gnó a dhéanamh i margadh inmheánach trí idirbhearta trasteorann. Gníomhaíocht ABM/ABB lena mbaineann: ABB 33 02 agus 33 06.
1.4.3.
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis
Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Cuideoidh
an togra leis an acquis a fhorfheidhmiú, agus beidh saoránaigh agus
gnólachtaí an Aontais in ann lántairbhe a bhaint as an reachtaíocht atá ann
cheana dá bhrí sin. Beidh eolas níos fearr acu ar a gcearta, agus beidh uirlisí
níos fearr ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara chun faisnéis a mhalartú
maidir le dea-chleachtais agus chun dul i gcomhar lena chéile. Déantar cur síos
níos mionsonraithe ar thionchar an togra ar thairbhithe/spriocghrúpaí i Roinn 4.1.2
den Mheasúnú Tionchair. Ina
theannta sin, beidh tionchar soiléir tairbhiúil ag na hathruithe ar na cláir
chistiúcháin atá beartaithe ar na próisis faoina ndéanfar an tacaíocht
airgeadais a bhainistiú. Chuirfí tús leis sin le cur chuige comhtháite sna
cláir ar fad i ndáil leis na próisis chun iarratais a chur isteach, leis na
doiciméid atá de dhith agus leis na córais TF a bheidh le húsáid. Spáráil ama a
bheadh sa mhéid sin toisc nach mbeadh ar go leor páirtithe leasmhara atá
gníomhach i réimsí arna gcumhdach ag roinnt de na cláir atá i bhfeidhm faoi
láthair aghaidh a thabhairt ar cheanglais éagsúla agus d'fhéadfaidís díriú níos
mó ar thograí láidre a fhorbairt ó thaobh ábhair agus cáilíochta de. Chomh
maith leis sin, i gcás próisis roghnúcháin chomhchuibhithe agus chuíchóirithe
amháin a bheith ann do thionscadail, laghdófaí go mór ar an moill idir an uair
a chuirtear iarratais isteach agus an uair a fhaightear na torthaí. Dhéanfaí an
tréimhse éiginnteachta don eagraíocht a chur iarratas isteach a ghiorrú dá bhrí
sin. Buntáiste eile a bheadh leis sin is ea nach mbeadh tréimhse chomh fada i
gceist idir an uair a cheapfaí an tionscadal agus an uair a chuirfí tús leis,
agus bheadh sé in ann freastal níos éifeachtúla a dhéanamh ar na riachtanas
nithiúla a dteastaíonn uaidh aghaidh a thabhairt orthu de réir thosaíochtaí
beartais an AE dá bhrí sin.
1.4.4.
Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí a
léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is
iad na táscairí a úsáidfear chun gnóthú na gcuspóirí sonracha thuasluaite a
thomhas, inter alia, an tuiscint Eorpach ar urramú, ar chleachtadh agus
ar chur chun feidhme na gceart sin agus líon na ngearán. Níl
a dhóthain faisnéise ag Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais faoin gcás reatha chun
spriocanna suntasacha a leagan amach don fhadtéarma ná don mheántéarma ach,
sula dtosófar ar an gclár a chur chun feidhme, déanfaidh Ard-Stiúrthóireacht an
Cheartais iarracht níos mó faisnéise a bhailiú faoin gcás reatha ionas gur
féidir garspriocanna agus spriocanna a leagan síos.
1.5.
Na forais leis an togra/tionscnamh
1.5.1.
Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó
san fhadtéarma
Cé
gur príomhuirlis í an reachtaíocht chun cuspóirí an Aontais a chur chun feidhme
i réimse na gceart agus na saoránachta, ní mór í a chomhlánú ar bhealaí eile.
Tá ról tábhachtach ag maoiniú sa chomhthéacs seo. Go háirithe, ba cheart go
gcuirfeadh cistiú le héifeachtúlacht na reachtaíochta agus na gceart atá
cumhdaithe go díreach sa Chonradh trí chur le faisnéis, feasacht agus
inniúlacht saoránach, daoine gairmiúla agus páirtithe leasmhara trí thacú leis
an méid seo a leanas: - Faisnéis agus feasacht an phobail
a ardú, lena n‑áirítear tacaíocht d'fheachtais náisiúnta agus Eorpacha
chun daoine a chur ar an eolas faoina gcearta, arna ráthú faoi dhlí an AE, agus
cén chaoi na cearta sin a fhorfheidhmiú sa chleachtas; - Oiliúint agus forbairt acmhainní le haghaidh daoine gairmiúla i réimse
an dlí (amhail breithimh agus cúisitheoirí) agus cleachtóirí eile, chun na
huirlisí a sholáthar dóibh chun cearta agus beartais an AE a chur i bhfeidhm go
héifeachtúil. Tá ról lárnach ag an
gcistiú i gcomhar a chur chun cinn ar leibhéal trasnáisiúnta agus i muinín
fhrithpháirteach a fhorbairt freisin, mar seo a leanas: - Trí líonraí a neartú, i.e. eagraíochtaí ar fud an AE chun cúnamh a
thabhairt tionscnaimh a ullmhú sa réimse seo amach anseo, agus chun cur chun
feidhme leanúnach na dtionscnamh sin a chur chun cinn ar fud na hEorpa; - Comhar trasteorann maidir le forfheidhmiú, mar shampla trí chóras
rabhaidh do leanaí atá ar iarraidh a bhunú, agus trí chomhar frithdhrugaí
oibríochtúil agus trasteorann a chomhordú. Ina theannta sin, ba cheart
go dtacódh an cistiú leis an méid seo a leanas: - Taighde,
anailís agus gníomhaíochtaí tacaíochta eile, chun faisnéis shoiléir agus
mhionsonraithe a sholáthar don reachtóir maidir leis na fadhbanna agus leis an
gcás ar an talamh. Cuirfidh torthaí na ngníomhaíochtaí sin le forbairt agus le
cur chun feidhme bheartais an AE agus áiritheoidh siad go bhfuil siad
fianaisebhunaithe, spriocdhírithe go maith agus go bhfuil struchtúr maith
orthu.
1.5.2.
Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE
Tá
an cistiú arna chumhdach ag an gClár um Chearta agus um Shaoránacht dírithe ar
ghníomhaíochtaí i gcás go bhféadfadh breisluach a bheith ag baint le
hidirghabháil an AE i gcomparáid le gníomhaíocht Ballstáit amháin. Cuideoidh na
gníomhaíochtaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo le cur i bhfeidhm éifeachtach
an acquis trí mhuinín fhrithpháirteach a fhorbairt idir Ballstáit,
comhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm
go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach ar fud an Aontais. Ní féidir
gníomhaíochtaí comhordaithe a bheidh ar fáil do gach Ballstát a sholáthar ach
ar leibhéal an Aontais. Is fearr atá an tAontas Eorpach ná na Ballstáit in ann
aghaidh a thabhairt ar chásanna a bhfuil gné trasteorann ag baint leo agus clár
oibre Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil. Gan tacaíocht ón
Aontas, is iondúil go dtabharfadh páirtithe leasmhara aghaidh ar fhadhbanna
cosúla ar bhealach scaoilte scaipthe. Is é an toradh a bheidh ar chomhar agus
ar líonrú eatarthu dea-chleachtais a scaipeadh, go háirithe cineálacha cur
chuige atá nuálaíoch agus comhtháite sna Ballstáit éagsúla. Gníomhóidh na
rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí sin mar iolraitheoirí ina ngníomhaíochtaí
gairmiúla féin, agus scaipfidh siad tuilleadh na dea-chleachtais laistigh dá
mBallstát féin. Tacófar
le bonn fónta anailíse a chur ar fáil chun tacú le beartais agus chun iad a
fhorbairt. Trí idirghabháil ón Aontas Eorpach is féidir na gníomhaíochtaí seo a
shaothrú go leanúnach ar fud an Aontais agus cruthaítear barainneachtaí scála.
Ní bheadh na torthaí céanna ar chistiú ar an leibhéal náisiúnta, agus ní bheadh
mar thoradh air ach cur chuige scaoilte scaipthe nach gcumhdódh riachtanais an
Aontais Eorpaigh ina iomláine.
1.5.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe
seo
Dhearbhaigh
na meastóireachtaí lártéarma a rinneadh do na cláir reatha i réimse na gceart
agus na saoránachta go bhfuil na cláir éifeachtúil ar an iomlán, ach d'aithin
siad freisin roinnt fadhbanna amhail caolú cistí ('saupoudrage') i measc go
leor tionscadal ar scála beag a bhfuil tionchar teoranta acu. In ainneoin go
leithdháiltear cistiú ar réimse mór tionscadal, níl an leithdháileadh
geografach cothrom i measc na n‑eagraíochtaí a fhaigheann cistiú.
Aontaíodh sna meastóireachtaí lártéarma go bhféadfaí tuilleadh a dhéanamh chun
scaipeadh agus saothrú thorthaí agus ionchuir na ngníomhaíochtaí cistithe a
fheabhsú. Má thagann feabhas ar an meastóireacht agus ar an bhfaireachán,
tiocfaidh feabhas ar an scaipeadh. Léirigh na meastóireachtaí lártéarma agus an
comhairliúchán poiblí i dtéarmaí éifeachtúlachta na nósanna imeachta casta agus
maorlathacha a mbíonn ar na hiarratasóirí déileáil leo. Ó thaobh riaracháin de,
bíonn ualach riaracháin níos mó ar an gCoimisiún de thoradh nósanna imeachta
éagsúla a bheith ann do na cláir éagsúla. Cuireann iolrú
na nósanna imeachta agus an t‑ualach ard riaracháin a bhaineann leo fad
leis na nósanna imeachta. Dá ndéanfaí na cláir a chumasc,
thabharfaí aghaidh ar an tsaincheist sin, agus chruthófaí sineirgíochtaí idir
na clár.
1.5.4.
Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a
bheith ann le hionstraimí ábhartha eile
Déanfaidh
an Cláir sineirgíochtaí, comhleanúnachas agus comhlánú a aimsiú maidir le
hionstraimí eile de chuid an Aontais, inter alia leis an gclár um
cheartas agus le cláir i réimsí gnóthaí baile; fostaíocht; na sláinte agus na
cosanta tomhaltóirí; an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt;
cumarsáid; na sochaí faisnéise; an mhéadaithe, go háirithe an Ionstraim um
Chúnamh Réamhaontachais agus na cistí a fheidhmíonn faoin gComhchreat
Straitéiseach (Cistí CSF). Déanfar dúbailt le gníomhaíochtaí faoi na cláir eile
sin a sheachaint, agus féadfar acmhainní a roinnt idir an clár um Cheartas agus
an clár um Chearta agus um Shaoránacht chun cuspóirí coiteanna a bhaint amach.
1.6.
Fad agus tionchar airgeadais
þ Togra/tionscnamh d'fhad teoranta · þ Togra/tionscnamh
i bhfeidhm ón 1/1/2014 go 31/12/2020 · þ Tionchar
airgeadais ó 2014 go 2020 agus níos faide ar aghaidh ¨ Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta · Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB · agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.
1.7.
Modhanna bainistíochta atá beartaithe[20]
þ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún þ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: · þ gníomhaireachtaí
feidhmiúcháin · þ comhlachtaí arna
mbunú ag na Comhphobail[21]
· ¨ comhlachtaí
náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí
acu · ¨daoine a bhfuil sé
de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V
den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh
ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha þ Comhbhainistiú le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (mar atá sonraithe thíos) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí Déantar foráil
sa Mheabhrán Míniúcháin maidir leis an bhféidearthacht gníomhaireacht
feidhmiúcháin atá ann cheana a úsáid chun an clár a chur chun feidhme ina
iomláine nó i bpáirt. Ag an bpointe seo, níl aon chinneadh déanta ina thaobh
seo agus níl aon anailís chostais/sochair déanta, ach ba cheart an rogha a
choinneáil. Rogha eile is
ea an comhbhainistiú, a d'fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir leis amach anseo.
Baineann sé sin go háirithe leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta arna n‑ainmniú
in Airteagal 6(2): Comhairle na hEorpa, na Náisiúin Aontaithe agus an
ECFE.
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.
Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh cé chomh
minic agus na coinníollacha. Áirítear
sa togra oibleagáidí maidir le faireachán agus meastóireacht. Déanfar
faireachán rialta ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha ar bhonn na dtáscairí atá sa
togra. Ina
theannta sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach mheastóireachta ar
fáil faoi lár 2018 ar a dhéanaí maidir gnóthú chuspóirí an Chláir, a
éifeachtúil is a bhí úsáid na n‑acmhainní agus an bhreisluach Eorpach.
Cuirfear meastóireacht ex post ar an tionchar a bheidh ann san
fhadtéarma agus inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir ar fáil tar éis dheireadh
an Chláir.
2.2.
Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.
Na rioscaí a aithníodh
Níor
bhain rioscaí tábhachtacha earráide d'Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais ina
cláir chaiteachais. Dearbhaítear an méid sin i dtuarascálacha bliantúla Chúirt
na nIniúchóirí áit nach bhfuil aon toradh suntasach maidir le hearráidí, agus
níl ann do ráta earráide iarmharaí os cionn 2 % sna blianta deireanacha i
dtuarascálacha bliantúla gníomhaíochta Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais (agus
DG JLS roimhe seo), le heisceacht amháin i gcás clár Daphne in 2009. Is
iad na príomhrioscaí a sainíodh: -
Riosca maidir le droch‑cháilíocht i dtionscnaimh áirithe agus cur chun
feidhme lochtach an tionscadail ó thaobh na teicneolaíochta de, a laghdódh
tionchar na gclár dá bhrí sin; de dheasca nósanna imeachta roghnúcháin neamh‑leordhóthanacha,
easpa saineolais nó faireacháin neamhleor; -
Riosca maidir le húsáid neamhéifeachtúil nó neamhthíosach na gcistí a deonaíodh
i gcás deontas (an deacracht a bhaineann le costais incháilithe iarbhír a
aisíoc mar aon leis na deiseanna teoranta costais incháilithe a sheiceáil ag an
deasc) agus i gcás soláthair (líon teoranta soláthróirí eacnamaíocha uaireanta
a bhfuil an saineolas speisialaithe is gá acu agus ní bhíonn dóthain deiseanna
ann, dá brí sin, tairiscintí praghais a chur i gcomparáid). -
Riosca maidir le cumas na n‑eagraíochtaí níos lú (go háirithe) caiteachas
a rialú go héifeachtach chomh maith le trédhearcacht na n‑oibríochtaí a
dhéantar a áirithiú; -
Riosca maidir le cáil an Choimisiúin, má nochtaítear calaois nó gníomhaíochtaí
coiriúla; d'fhéadfaí é sin a dheimhniú i bpáirt trí
chórais rialaithe inmheánaigh na dtríú páirtithe toisc go bhfuil líon réasúnta
ard conraitheoirí agus tairbhithe comhchineálacha ann agus gach duine acu ag
oibriú a gcórais rialaithe féin, ar chóras réasúnta beag é go minic. Meastar
go dtiocfaidh laghdú ar fhormhór na rioscaí sin má spriocdhírítear na tograí
níos fearr agus má úsáidtear na heilimintí simplithe atá ar áireamh in
athbhreithniú tríbhliantúil an Rialacháin Airgeadais.
2.2.2.
Modhanna rialaithe atá beartaithe
Cur síos ar an gcóras rialaithe inmheánach Leanann
an córas rialaithe atá beartaithe do chlár na todhchaí leis an gclár rialaithe
atá ann faoi láthair. Tá comhpháirteanna éagsúla i gceist leis: maoirseacht an
Aonaid um Bainistíocht Clár ar oibríochtaí, rialú ex ante (fíorú
airgeadais) an Aonaid Bhuiséid agus Rialaithe lárnaigh, an coiste inmheánach um
sholáthar, rialuithe ex-post le haghaidh deontas agus na hiniúchtaí ón
gcumas iniúchóireachta inmheánaí agus/nó ón tSeirbhís Iniúchóireachta
Inmheánaí. Tá
gach idirbheart faoi réir fhíorú ex ante an Aonaid um Bainistíocht Clár
agus faoi réir fhíorú airgeadais an Aonaid Bhuiséid agus Rialaithe (seachas i
gcás réamh‑mhaoinithe ar riosca íseal). Maidir le deontais, déantar
éilimh chostas a fhíorú go cuimsitheach, agus iarrtar doiciméid tacaíochta
nuair is gá, bunaithe ar mheasúnú riosca. Cuirtear aon nós imeachta um soláthar
atá oscailte nó teoranta, agus gach nós imeachta caibidlithe ar luach os cionn EUR 60 000
faoi bhráid an choiste um sholáthar inmheánach le haghaidh seiceálacha, sula
nglactar an cinneadh maidir le deonú. Cuireann
an earnáil rialaithe ex post "straitéis bhraite" i
bhfeidhm atá dírithe ar an méid is mó aimhrialtachtaí is féidir a bhrath
d'fhonn íocaíochtaí neamhdhlite a aisghabháil. Bunaithe ar an straitéis seo,
déantar na hiniúchtaí ar mhéid samplach de thionscadail a roghnaítear ar bhonn
anailíse riosca den chuid is mó. Costais agus sochair rialuithe Measaimid
go bhfeidhmíonn idir 50 agus 70 % den fhoireann ar fad a bhfuil baint acu
le bainistiú na gclár airgeadais reatha feidhmeanna rialuithe sa chiall leathan
de (ó roghnú na dtairbhithe/na gconraitheoirí go cur chun feidhme thorthaí an
iniúchta). Freagraíonn an méid sin do réimse idir EUR 2.1 milliún (50 %
de chostais acmhainní daonna do 2014 atá leagtha amach i Roinn 3.2.3) agus EUR 3.2
milliún (70 % de chostais acmhainní daonna do 2020 atá leagtha amach i Roinn
3.2.3). Ina theannta sin, soláthraíonn seachtrú na n‑iniúchtaí ex post
costais sa réimse idir EUR 75 000 agus EUR 100 000 in
aghaidh na bliana, a maoinítear ó leithreasaí de chineál tacaíochta riaracháin.
Is ionann na costais sin agus idir 6 agus 4% de bhuiséad iomlán an Chláir, agus
tiocfaidh laghdú ar na costais sin thar an tréimhse seacht mbliana, toisc go
dtiocfaidh méadú suntasach ar na leithreasaí bliantúla idir 2014 agus 2020 ach
fanfaidh costais an rialaithe réasúnta cobhsaí. A
bhuí leis an meascán de rialuithe ex ante agus ex post, chomh
maith le seiceálacha deisce agus iniúchtaí ar an láthair, le blianta beaga
anuas bhí an meánráta earráide iarmharaí a bhí inchainníochtúil níos ísle ná 2 %,
le heisceacht amháin i gcás chlár Daphne in 2009, nuair a d'ardaigh an ráta
earráide go dtí beagán os cionn 2 %. Tugadh aghaidh air sin an bhliain ina
dhiaidh sin trí na rialuithe ex post a mhéadú ar an láthair. Rinne na
rialuithe sin na hearráidí atá fanta a bhraith agus a cheartú sa phobal seo. Dá
bhrí sin, meastar gur leor an córas rialaithe inmheánaigh mar aon leis an
gcostas a ghabhann leis in Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais chun cuspóir an
ráta íseal earráide a bhaint amach. Mar
sin féin, taobh istigh den chreat seo, leanfaidh Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais
de na deiseanna a fhiosrú chun an bhainistíocht a fheabhsú agus chun tuilleadh
simplithe a dhéanamh. Le laghdú ar líon na gclár, beidh feidhm ag rialacha agus
nósanna imeachta comhchuibhithe, agus laghdófar ar an riosca maidir le hearráid
dá bhrí sin. Ina theannta sin, úsáidfear na huirlisí simplithe a cuireadh ar
fáil in athbhreithniú tríbhliantúil an Rialacháin Airgeadais a mhéid is féidir
toisc go bhfuiltear ag súil go gcuideoidh siad leis an ualach riaracháin a
laghdú le haghaidh tairbhithe agus go ndéanfaidh siad, dá bhrí sin, laghdú ag
an am céanna ar na rioscaí maidir le hearráid agus ar an ualach riaracháin don
Choimisiún. Achoimre ar chineál agus ar dhéine na rialuithe
(reatha). Achoimre ar rialuithe || Méid i milliúin EUR || Líon na dtairbhithe/idirbheart (% den iomlán) || Doimhneacht *(measúnú 1-4) || Cumhdach (% den luach) Rialuithe ex ante ar na hidirbhearta airgeadais ar fad || Neamhbhainteach || 100% || 1-4, bunaithe ar riosca agus ar an gcineál idirbhirt || 100% Rialuithe an Choiste um Sholáthar Ceartais maidir le cinntí chun soláthar a dheonú || Neamhbhainteach || 100 % de nósanna imeachta soláthair os cionn EUR 125 000 agus de nósanna imeachta caibidlithe os cionn EUR 60 000 || 4 || 100 % de nósanna imeachta soláthair os cionn EUR 125 000 agús de nósanna imeachta caibidlithe os cionn EUR 60 000 Rialuithe ex post ar íocaíochtaí deireanacha deontas || Neamhbhainteach || 10 % ar a laghad || 4 || Idir 5 agus 10 % *Doimhneacht na
rialuithe: 1. Rialú íosta riaracháin/uimhríochta gan tagairt do
na doiciméid tacaíochta 2. Rialú ag tagairt d'fhaisnéis chomhthacaíoch lena
dtugtar isteach gné de mhaoirseacht neamhspleách (e.g. teastas iniúchta nó
fíorú eile), gan tagairt do na bundoiciméid. 3. Rialú ag tagairt d'fhaisnéis chomhthacaíoch atá
neamhspleácha ina hiomláine (e.g. bunachar sonraí a thugann bonn d'eilimintí
áirithe den éileamh, measúnú tríú páirtí nó measúnú an Choimisiúin ar
gharspriocanna a bhaintear amach, etc.) 4. Rialú ag tagairt do rochtain ar an mbundoiciméadú
atá ar fáil ag an gcéim sin den phróiseas atá i gceist, i gcás gach ionchuir
agus aischuir (e.g. bileoga ama, sonraisc, fíorú fisiciúil, etc.); i.e. rialú
den déine céanna i ndáil le tástáil idirbhirt leis an tástáil a rinne Cúirt
Iniúchóirí na hEorpa mar chuid den ráiteas urrúis.
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a
chosc
Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Tá
bearta éagsúla i bhfeidhm, nó cuirfear bearta éagsúla i bhfeidhm, do Chlár um
Chearta agus Saoránacht na todhchaí chun calaois agus míréireachtaí a chosc. In
Airteagal 11 den togra tá foráil maidir le leasanna airgeadais an Aontais
Eorpaigh a chosaint. I gcomhréir le straitéis frithchalaoise an Choimisiún, a
glacadh i Meitheamh 2011, tá Ard‑Stiúrthóireacht an Cheartais ag
ceapadh straitéis frithchalaoise a chumhdóidh an timthriall caiteachais ar fad,
ag féachaint do chomhréireacht agus do chostas agus sochar na mbeart atá le cur
chun feidhme. Tá an straitéis seo bunaithe ar dhá cholún: cosc, bunaithe ar
sheiceálacha éifeachtacha, agus freagairt iomchuí, má bhraitear calaois nó
míréireachtaí, i.e. na méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i
gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus
dhíspreagthacha a chur i bhfeidhm. Déantar cur síos sa straitéis frithchalaoise
ar chóras na seiceálacha ex ante agus ex post, bunaithe ar chóras
bratacha dearga, agus sonraítear inti na nósanna imeachta atá le déanamh ag an
bhfoireann nuair a bhraitear calaois nó míréireachtaí. Soláthraítear inti
freisin faisnéis maidir leis na socruithe oibre le OLAF.
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN
TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil
agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar
· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais [3…] || [33 01 04.YY] [An Clár um Chearta agus Saoránacht] || [LN...] || TÁ || TÁ || NÍL || NÍL [3…] || [33 YY YY YY] [An Clár um Chearta agus Saoránacht] || [LD...] || TÁ || TÁ || NÍL || NÍL || || || || || ||
3.2.
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir || [Ceannteideal 3 – Slándáil agus saoránacht] DG: Ceartas || || || Bliain 2014[22] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || 2020 amach || IOMLÁN Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid – 33 xx xx || Oibleagáidí || (1) || 42,400 || 47,900 || 53,900 || 60,900 || 67,900 || 74,900 || 83,400 || || 431,300 Íocaíochtaí || (2) || 17,100 || 27,700 || 39,800 || 49,000 || 59,100 || 65,900 || 73,300 || 99,400 || 431,300 Uimhir na líne buiséid || Oibleagáidí || (1a) || || || || || || || || || Íocaíochtaí || (2a) || || || || || || || || || Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ón gclúdach le haghaidh clár sonrach[23]* || || || || || || || || || Uimhir líne buiséid 33 01 04 yy || || (3) || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || || 7,700 IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG JUSTICE || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 43,500 || 49,000 || 55,000 || 62,000 || 69,000 || 76,000 || 84,500 || || 439,000 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 18,200 || 28,800 || 40,900 || 50,100 || 60,200 || 67,000 || 74,400 || 99,400 || 439,000 * Féadfaidh an Coimisiún a bheartú (i bpáirt)
cur chun feidhme an Chláir a sheachtrú chuig na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
atá ann cheana. Déanfar méideanna agus iontrálacha barúlacha a choigeartú más
gá, ag brath ar thorthaí an phróisis sheachtraithe. IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 42,400 || 47,900 || 53,900 || 60,900 || 67,900 || 74,900 || 83,400 || || 431,300 Íocaíochtaí || (5) || 17,100 || 27,700 || 39,800 || 49,000 || 59,100 || 65,900 || 73,300 || 99,400 || 431,300 IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ón gclúdach le haghaidh clár sonrach || (6) || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || || 7,700 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 43,500 || 49,000 || 55,000 || 62,000 || 69,000 || 76,000 || 84,500 || || 439,000 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 18,200 || 28,800 || 40,900 || 50,100 || 60,200 || 67,000 || 74,400 || 99,400 || 439,000 Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin" EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || 2020 amach || IOMLÁN DG JUSTICE || || Acmhainní daonna || 4,185 || 4,247 || 4,165 || 4,254 || 4,344 || 4,433 || 4,522 || || 30,150 Caiteachas riaracháin eile || 0,054 || 0,055 || 0,056 || 0,057 || 0,059 || 0,060 || 0,061 || || 0,402 IOMLÁN DG JUSTICE || Leithreasaí || 4,239 || 4,302 || 4,221 || 4,311 || 4,403 || 4,493 || 4,583 || || 30,552 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 4,239 || 4,302 || 4,221 || 4,311 || 4,403 || 4,493 || 4,583 || || 30,552 EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 47,739 || 53,302 || 59,221 || 66,311 || 73,403 || 80,493 || 89,083 || || 469,552 Íocaíochtaí || 22,439 || 33,102 || 45,121 || 54,411 || 64,603 || 71,493 || 78,983 || 99,400 || 469,552
3.2.2.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí
· ¨ Ní éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí · þ Éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar
a mhínítear thíos. Ní féidir le hArd-Stiúrthóireacht an Cheartais liosta
cuimsitheach a sholáthar de na haschuir ar fad atá le seachadadh trí bhíthin na
hidirghabhála airgeadais faoin gclár, den mheánchostas atá orthu agus a líon,
mar a éilítear sa roinn seo. Níl aon uirlisí staitistiúla ann faoi láthair a
bheadh in ann meánchostais a sholáthar ar bhonn na gclár reatha, agus bheadh
sainmhíniú chomh beacht sin ag teacht salach ar an bprionsabal go soláthródh
clár na todhchaí a dhóthain solúbthachta chun freastal ar thosaíochtaí
polaitiúla idir 2014-2020. Mar sin féin, is é seo a leanas líon
(neamhchuimsitheach) na n‑aschur a bhfuiltear ag súil leo: -
Líon na ndaoine sa spriocghrúpa a ndeachaigh gníomhaíochtaí ardaithe feasachta
i bhfeidhm orthu. - Líon na
ndaoine sa spriocghrúpa a ndeachaigh gníomhaíochtaí oiliúna i bhfeidhm orthu. - Líon na
bpáirtithe leasmhara atá ag glacadh páirte, inter alia, i líonrú,
malartuithe, cuairteanna staidéir. - Líon na
gcásanna a mbaineann gné de chomhar trasteorann leo, lena n‑áirítear
comhar trí uirlisí TF agus nósanna imeachta Eorpacha a úsáid. - Tionscnaimh beartais a cheaptar bunaithe ar
mheastóireachtaí, ar mheasúnuithe tionchair agus ag tarraingt ar
chomhairliúcháin chuimsitheacha le páirtithe leasmhara agus le saineolaithe; - Líon na meastóireachtaí agus na measúnuithe
tionchair a rinneadh mar thoradh ar an gclár a chur chun feidhme. Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin
(go dtí an 3ú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN ASCHUIR Saghas aschuir[24] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[25]... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || ||
3.2.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de
chineál riaracháin
3.2.3.1.
Achoimre
· ¨ Ní éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin · þ Éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a
mhínítear thíos: EUR milliúin (go
dtí an 3ú deachúil) || Bliain 2014[26] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 4,185 || 4,247 || 4,165 || 4,254 || 4,344 || 4,433 || 4,522 || 30,150 Caiteachas riaracháin eile || 0,054 || 0,055 || 0,056 || 0,057 || 0,059 || 0,060 || 0,061 || 0,402 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 4,239 || 4,302 || 4,221 || 4,311 || 4,403 || 4,493 || 4,583 || 30,552 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[27] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas eile de chineál riaracháin || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 7,700 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 1,100 || 7,700 IOMLÁN || 5,339 || 5,402 || 5,321 || 5,411 || 5,503 || 5,593 || 5,683 || 38,252 Féadfaidh an Coimisiún a bheartú (i bpáirt)
cur chun feidhme an Chláir a sheachtrú chuig na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
atá ann cheana. Déanfar méideanna agus iontrálacha barúlacha a choigeartú más
gá, ag brath ar thorthaí an phróisis sheachtraithe.
3.2.3.2.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh
riachtanach
· ¨ Ní éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna · þ Éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán in aonaid
choibhéiseacha lánaimseartha || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha, in aonaid choibhéiseacha lánaimseartha : FTE) || || 33 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 30,75 || 30,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[28] || || 33 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch ") || 0,5 || 0,5 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || || || XX 01 04 yy [29] || - sa Cheanncheathrú[30] || || || || || || || || || - i dtoscaireachtaí || || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || || || IOMLÁN || 31,25 || 31,25 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || 29,75 || Is é 33 an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na
gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh
istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt
don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le
leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Déanfar méideanna
agus iontrálacha barúlacha a choigeartú ag brath ar thorthaí an phróisis
sheachtraithe atá beartaithe. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Is iad na cúraimí atá le déanamh na cúraimí ar fad is gá chun clár airgeadais a bhainistiú, amhail: - ionchur a sholáthar don nós imeachta buiséadach; - cláir oibre bhliantúla/cinntí maoinithe a ullmhú, tosaíochtaí bliantúla a leagan amach; - glaonna ar thograí agus glaonna ar thairiscintí agus na nósanna imeachta roghnúcháin a eascraíonn astu sin a bhainistiú; - dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara (tairbhithe ionchasacha/iarbhír, na Ballstáit, etc.); - tionscadail a bhainistiú, ar an leibhéal oibríochtúil agus airgeadais; - rialuithe a dhéanamh, faoi mar a dhéantar cur síos orthu thuas (fíorú ex ante, coiste soláthair, iniúchtaí ex post, iniúchadh inmheánach); - cuntasaíocht; - uirlisí TF do bhainistiú deontas a fhorbairt agus a bhainistiú; - faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí agus tuairisc a thabhairt air, lena n‑áirítear i dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíocht agus i dtuarascálacha AOS Pearsanra seachtrach || Tá na cúraimí cosúil le cúraimí oifigeach agus gníomhairí sealadacha, seachas i gcás cúraimí nach féidir le pearsanra seachtrach a dhéanamh
3.2.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil
reatha
· þ Tá an
togra/tionscnamh comhoiriúnach don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. · ¨ Beidh athchlárú
an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an
togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. · ¨ Éilíonn an
togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go
ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[31] Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil
agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
· þ Ní dhéantar
foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe · ¨ Déantar foráil sa
togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos: Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú
deachúil) || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || || || || || || || ||
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
· ¨ Níl tionchar
airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam. · þ Tá an tionchar
airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: ¨ ar acmhainní dílse þ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid ioncaim || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[32] Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 Airteagal 6xxxx…………. || || || || || || || || I gcás ioncaim ilghnéithigh
shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu. [33
yyyyyy…] Líne ioncaim Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. Ní
heol na hioncaim ag an bpointe seo agus beidh siad ag brath ar rannpháirtíocht
na dtíortha is iarrthóirí ar an gclár. [1] Teachtaireacht maidir le
hAthbhreithniú Buiséid an AE, COIM(2010) 700 críochnaitheach ón 19.10.2010. [2] Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin, Buiséad do
'Eoraip 2020': an córas
cistiúcháin reatha, na dúshláin a bheidh ann amach anseo, torthaí an
chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí agus roghanna éagsúla i dtaca leis na
príomhshaincheisteanna cothrománacha agus earnálacha, SEC(2011) 868
críochnaitheach, a ghabhann leis an Teachtaireacht maidir le Buiséad do
'Eoraip 2020', COIM(2011) 500 críochnaitheach an 29.6.2011. [3] http://ec.europa.eu/justice/news/consulting_public/news_consulting_0010_en.htm [4] An Clár um Cheartas Sibhialta (JCIV), an Clár um Cheartas Coiriúil
(JPEN), an Clár um Chearta Bunúsacha agus um Shaoránacht (FRC), Clár
Daphne III (DAP), an Clár um Chosc agus Faisnéis i leith Drugaí (DPIP)
agus na codanna 'Frith-idirdhealú agus Éagsúlacht' agus 'Comhionannas Inscne' den
Chlár um Fhostaíocht agus um Dhlúthpháirtíocht Shóisialta (PROGRESS). [5] Tuarascáil eatramhach mheastóireachta ar na torthaí a gnóthaíodh ó chur
chun feidhme an chláir mhaoiniúcháin 'Ceartas Sibhialta' agus gnéithe
cáilíochtúla agus cainníochtúla chur chun feidhme an chláir, COIM(2011) 351
críochnaitheach an 15. 6.2011; Tuarascáil
eatramhach mheastóireachta ar an gClár um Cheartas Coiriúil, COIM(2011) 255
críochnaitheach an 11.5.2011; Tuarascáil
ar mheastóireacht eatramhach an Chláir um Chearta Bunúsacha agus um Shaoránacht
2007 – 2013, COIM(2011)249 críochnaitheach an 5.5.2011; Tuarascáil ar mheastóireacht eatramhach Chlár Daphne III 2007 – 2013,
COIM(2011) 254 críochnaitheach an 11.5.2011; Tuarascáil ar mheastóireacht eatramhach an Chláir Shonraigh 'Cosc agus Faisnéis
i leith Drugaí' (DPIP) 2007 – 2013, COIM(2011) 246 críochnaitheach an 5.5.2011. [6] IO C 115, 4.5.2010, lch. 115. [7] COM(2010) 2020 críochnaitheach, 3.3.2010. [8] COIM(2011) 500, 29.6.2011. [9] IO L 110, 27.4.2007, lch. 33 agus Ceartúchán, IO L 141, 2.6.2007. [10] IO L 173, 3.7.2007, lch. 19. [11] IO L 315, 15.11.2006, lch. 1. [12] COIM(2010) 700, 19.10.2010. [13] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13. [14] IO L XX, XX.XX.XXXX, lch. XX. [15] IO L XX,
XX, lch. XX. [16] IO L XX,
XX, lch. XX. [17] IO L 292,
15.11.1996, lch. 2. [18] ABM: Bainistiú de réir
gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [19] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán
Airgeadais. [20] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don
Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [21] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais. [22] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an
togra/tionscnaimh. [23] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir
agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach,
taighde díreach a chur chun feidhme. [24] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann
maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.). [25] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..." [26] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an
togra/tionscnaimh. [27] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir
agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach,
taighde díreach a chur chun feidhme. [28] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire");
JED = "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i
dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [29] Faoin
uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí
(na seanlínte "BA"). [30] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um
Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach. [31] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [32] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna
talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina
nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a
bheith bainte astu.