52011PC0336


Teideal agus tagairt

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú

/* COM/2011/0336 final - COD 2011/0147 */

Téacs

BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV
html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html
pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf
doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc

Dátaí

Ranguithe

Faisnéis ilghnéitheach

Nós imeachta

Gaol idir na doiciméid

Téacs

Taispeáint dhátheangach: BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HU IT LT LV MT NL PL PT RO SK SL SV

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

· Forais agus cuspóirí an togra

Bunaíodh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú in 2006 le Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006[1] agus é de phríomhchuspóir aige dlúthpháirtíocht a léiriú le hoibrithe atá ag fulaingt de bharr iomarcaíochta a d'eascair as athruithe i bpatrúin trádála an domhain agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Bhí sé d’aidhm ag an CECD éascú a dhéanamh ar oibrithe a chur ag obair athuair i réimsí, in earnálacha, i gcríocha nó i réigiúin de mhargadh an tsaothair atá ag fulaingt de bharr míshocrachta tromchúisí eacnamaíche, agus é sin a dhéanamh trí chómhaoiniú a dhéanamh ar bhearta beartais gníomhacha i leith mhargadh an tsaothair. Mar chuid de na ceanglais incháilitheachta a bhaineann le tacaíocht an CECD a fháil bheadh gá le 1 000 cás iomarcaíochta i dtréimhse ceithre mhí i bhfiontar áirithe agus i measc a sholáthraithe agus a tháirgeoirí iartheachtacha, nó i rith tréimhse naoi mí in earnáil eacnamaíoch arna sainiú mar Rannán NACE Athbhreithniú 2 i réigiún amháin nó in dhá réigiún thadhlacha arna sainiú ar leibhéal NUTS II. Leagadh síos gurb é 50 % de chostais iomlána na mbeart gníomhach i leith mhargadh an tsaothair an t‑uasmhéid a d’íocfadh an CECD agus nach bhféadfadh an tréimhse ina gcuirfí chun feidhme bearta a mbeadh tacaíocht an CECD ag gabháil leo a bheith níos faide ná 12 mhí ón dáta ar cuireadh i bhfeidhm iad.

I bhfianaise scála agus luas forbartha na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche in 2008 bheartaigh an Coimisiún ina Phlean don Téarnamh Eacnamaíoch Eorpach, [2]go ndéanfaí athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006. Ba é aidhm an athbhreithnithe sin arb é Rialachán (CE) Uimh. 546/2009[3] is bun leis, raon feidhme an CECD a leathnú mar chuid d’fhreagra na hEorpa ar an ngéarchéim agus luath‑ionstraim idirghabhála géarchéime níos éifeachtaí a dhéanamh de i gcomhréir le bunphrionsabail na dlúthpháirtíochta agus an cheartais shóisialta. I measc na leasuithe a rinneadh bhí athruithe buana ar Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 amhail líon na gcásanna iomarcaíochta a laghdú ó 1 000 go 500, arb é líon na gcásanna a bheadh riachtanach chun go bhféadfaí iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ón CECD agus an tréimhse cur chun feidhme beart a bhfuil tacaíocht an CECD acu a shíneadh ó 12 mhí go 24 mí. Tugadh maolú sealadach isteach chun (1) raon feidhme an CECD a leathnú chun go gcuimseodh sé tacaíocht d’oibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh díreach ar an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch (mír 1a d’Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006) agus (2) cómhaoiniú ón CECD a mhéadú ó 50 go 65 % (Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006). Beidh deireadh leis an maolú sealadach ar an 30 Nollaig 2011 agus tá foráil sa dara mír d’Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh 1927/2006 maidir le hathbhreithniú a dhéanamh air.

Fuair an Coimisiún 15 iarratas ag éileamh tacaíochta ón CECD i gcomhair 18 430 oibrí idir an 1 Eanáir 2007 agus an 30 Aibreán 2009 (i.e. sula raibh aon mhaolú géarchéime ann) agus ba é EUR 78 776 367 an méid iomlán a iarradh ar an CECD a chur ar fáil.

Ó theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 546/2009 ar an 1 Bealtaine 2009 ag leasú Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 tháinig méadú suntasach ar líon na n‑iarratas faoi mar a léirítear thíos.

Iarratais ar thacaíocht an CECD a cuireadh isteach faoin maolú sealadach géarchéime

 Bliain || Líon na n‑iarratas || Líon na n‑oibrithe a raibh siad dírithe orthu || Iomlán na Ranníocaíochtaí CECD a iarradh (EUR)

2009 || 22 || 19 381 || 99 396 898

2010 || 24 || 25 083 || 115 353 865

Iomlán || 46 || 44 464 || 214 750 763

Iarratais ar thacaíocht an CECD a cuireadh isteach faoin gcritéar a bhaineann le cúrsaí trádála

 Bliain || Líon na n‑iarratas || Líon na n‑oibrithe a raibh siad dírithe orthu || Iomlán na Ranníocaíochtaí CECD a iarradh (EUR)

2009 || 4 || 6 569 || 25 990 290

2010 || 6 || 3 074 || 17 126 749

Iomlán || 10 || 9 643 || 43 117 039

Tar éis don Choimisiún comhairliúchán a chur ar bun thug Ballstáit le fios nach bhféadfaí formhór na n‑iarratas a bhain leis an ngéarchéim a chur isteach murach an maolú sealadach a tugadh, rud a d’fhágfaí thart faoi 45 000 oibrí a d’fhulaing de bharr thionchair na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche gan tacaíocht ón CECD. Ina theannta sin ba é an toradh a bhí ar mhéadú an ráta cómhaoinithe go 65 % go ndearnadh laghdú thart faoi EUR 60 milliún san iomlán ar an ualach maoinithe ar Bhallstáit is iarrthóirí i ndáil le bearta a fhaigheann tacaíocht ón CECD i gcás gach iarratas a cuireadh isteach idir an 1 Bealtaine 2009 agus an 31 Nollaig 2010[4].

Rinneadh cinneadh in 2009 maidir le dul in éag mhaolaithe géarchéime shealadaigh. Thug Réamhaisnéisí Eacnamaíocha ba dhéanaí an Choimisiúin ag an am sin[5] (Fómhar 2008) le fios i gcás an Aontais Eorpaigh (AE) ina iomláine go dtarlódh téarnamh de réir a chéile ó lár na bliana 2009 agus go rabhthas ag súil le fás OTI 0.2 % in 2009 agus 1.1 % in 2010. Bhíothas ag tuar go dtiocfadh laghdú 0.5 % ar fhostaíocht in 2009 agus méadú 0.1 % uirthi in 2010. Bhíothas á thuar freisin go mbeadh 7.8 % agus 8.1 % den fhórsa oibre dífhostaithe in 2009 agus 2010 faoi seach. Bhí an rud a tharla in 2009 i bhfad níos measa ná mar a bhí á thuar. Tháinig laghdú 4.2 % ar OTI an AE agus laghdú 1.9 % ar fhostaíocht agus shroich an ráta dífhostaíochta 8.9 %. In ainneoin go raibh sé tuartha go mbeadh fás OTI in 2010 níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis agus ráta 1.8 % faoi, tháinig laghdú 0.6 % eile ar fhostaíocht agus shroich an ráta dífhostaíochta an pointe is airde riamh ag 9.6 %.

Lena chois sin tugann Réamhaisnéis Eacnamaíoch is déanaí an Choimisiúin (Earrach 2011) le fios go bhfuil an t‑ionchas maidir le téarnamh geilleagrach, agus go mór mór téarnamh mhargadh an tsaothair, níos measa i gcás 2011 agus 2012 ná mar a bhíothas á thuar i bhFómhar na bliana 2008. Tá sé sin fíor go háirithe maidir le cruthú post nua agus an ráta dífhostaíochta.. Is é tuar an Earraigh maidir le 2011 go mbeidh méadú beag 0.4 % ar fhostaíocht agus ráta seasta dífhostaíochta 9.5 % ann. De réir an tuair chéanna beidh fás mall 0.7 % ar fhostaíocht in 2012 agus beidh an ráta dífhostaíochta fós ag 9.1 %. Léiríonn an méid sin gur gnách go dtagann téarnamh ar fhostaíocht níos déanaí ná mar a thagann ar OTI. Tá dálaí mhargadh an tsaothair measartha lag[6] in ainneoin go bhfuil feabhas ag teacht beagán ar bheagán ar ionchas fáis maidir le hOlltáirgeacht Intíre (OTI). Léiríonn sé seo go bhfuil oiriúnú struchtúrach a eascraíonn as an ngéarchéim á dhéanamh i gcónaí ar fud earnálacha agus gnóthas, in ainneoin chur chun feidhme na mbeart beartais ar glacadh leo mar fhreagra ar an ngéarchéim chun an tionchar atá aici ar dhífhostaíocht a mhaolú, agus nach mór a bheith ag súil go gcaillfear tuilleadh post de bharr dhúnadh gnóthas agus go ceann tréimhse áirithe. Dá thoradh sin, ní fhéadfaí a bheith ag súil le feabhas níos fearr ar dhálaí fostaíochta ach ó 2013 ar aghaidh.

Tacaíonn an Coimisiún leis an ionchas seo faoi théarnamh gan mórchuid post a chruthú ina Shuirbhé Bliantúil Fáis: ag cur chun cinn freagra chuimsithigh an AE ar an ngéarchéim[7]. Meastar go bhfuil sé fíor-riachtanach dul i ngleic le dífhostaíocht agus eisiamh fadtéarmach ó mhargadh an tsaothair a chosc chun an baol atá ann go dtiocfaidh fás ar an ngeilleagar ach gan aon bhorradh mór faoi chruthú post a sheachaint. Má tá na príomhthiomántóirí fáis le hathshlánú beidh sé riachtanach saothar agus caipiteal a athlonnú ar fud na n‑earnálacha agus ar fud gnóthas agus dreasachtaí airgeadais níos fearr a sholáthar chun go mbeidh daoine sásta dul i mbun fostaíochta arís.

Faoi mar a dúirt an Coimisiún, cailleadh mórchuid gníomhaíochta eacnamaíche de thoradh na géarchéime, tháinig méadú substaintiúil ar dhífhostaíocht, thit táirgiúlacht go géar agus tá cúrsaí airgeadais phoiblí i bhfad níos laige. Tá sé an‑deacair ag na Ballstáit sa chás seo tacaíocht shaincheaptha a sholáthar do líon mór oibrithe a rinneadh iomarcach ag an tráth céanna de thoradh na géarchéime. Dá gcuirfí síneadh le ráta méadaithe cómhaoinithe 65 % an CECD d’fheadfaí laghdú éigin a dhéanamh ar an ualach a bheadh ar airgeadas poiblí na mBallstát.

Ós rud é go meastar go mbeidh tionchar i gcónaí ag an ngéarchéim maidir le dúnadh cuideachtaí agus toisc gur gá do na Ballstáit comhdhlúthú airgeadais a chur i bhfeidhm, tá údar le síneadh a chur leis an maolú a bhaineann leis an ngéarchéim i Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006.

Dá bhrí sin, moltar go ndéanfaí síneadh a chur leis an maolú sealadach géarchéime sin, a rachaidh in éag ar an 30 Nollaig 2011, go dtí an 31 Nollaig 2013, i.e. go dtí deireadh thréimhse cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006. Cuirfidh sé sin ar chumas na mBallstát leanúint ar aghaidh ag déanamh iarratas i gcomhair tacaíochta ón CECD i bhfabhar oibrithe atá fós á ndéanamh iomarcach de thoradh na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche agus tairbhe a bhaint as ráta cómhaoinithe 65 % an CECD.

· Comhthéacs ginearálta

Tá méadú mór tagtha ar líon na n‑iarratas ar thacaíocht ón CECD agus ar líon na mBallstát atá ag cur isteach ar thacaíocht ón CECD ó tugadh isteach an maolú sealadach sin le dul i ngleic leis an ngéarchéim. Tugann sé seo le fios go bhfuiltear ag glacadh i ndáiríre le ról an CECD mar ionstraim idirghabhála géarchéime sna cásanna sin ina dtarlaíonn iomarcaíochtaí móra de bharr na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche.

D’iarr Parlaimint na hEorpa go gcuirfí síneadh leis an maolú géarchéime sin ina rún den 7 Meán Fómhair 2010[8] maidir le maoiniú agus feidhmiú an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú. Ba é dearcadh Pharlaimint na hEorpa ‘gur cheart síneadh a chur le tréimhse bhailíochta an mhaolaithe a cuireadh isteach in 2009 d’fhonn cabhrú le hoibrithe a chailleann a bpoist de thoradh na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais go deireadh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil reatha agus dá bhrí sin gur cheart an ráta cómhaoinithe a choinneáil ag 65 %, ós rud é nach bhfuil deireadh, ná baol air, curtha leis na cúiseanna sin ba bhunús lena bhfaomhadh.’

· Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Bunaíodh Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE)[9] le tacú le tosaíochtaí an Chomhphobail maidir le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí fheabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta agus post, agus trí leibhéal ard fostaíochta agus níos mó post agus poist níos fearr a spreagadh. Tacaíonn sé le Straitéis Fostaíochta na hEorpa agus le beartais na mBallstát a bhfuil sé d’aidhm acu lánfhostaíocht agus cáilíocht agus táirgiúlacht ag an obair a bhaint amach, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, lena n‑áirítear rochtain daoine faoi mhíbhuntáiste ar fhostaíocht, agus éagothroimí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i gcúrsaí fostaíochta a laghdú.

Is é an difríocht is mó idir é féin agus an CECD ná gur cláir ilbhliantúla atá sa CSE a thacaíonn le spriocanna straitéiseacha, fadtéarmacha - go háirithe réamh‑mheas agus bainistiú a dhéanamh ar athruithe agus ar athstruchtúrú, mar aon le gníomhaíochtaí amhail foghlaim ar feadh an tsaoil. Cuireann an CECD, ar a uain, tacaíocht aonair aonuaire ar fáil a bhfuil teorainn ama ag dul léi, agus atá curtha in oiriúint go díreach d’oibrithe a d’fhulaing iomarcaíocht de bharr domhandú trádála nó na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche. Chun tacaíocht éifeachtach d’oibrithe aslonnaithe a chur chun cinn, beidh fad bhearta tacaíochta an CECD agus rogha na hionstraime bunaithe ar mheasúnú ar cibé ar tharla na cásanna iomarcaíochta de bharr laghdú a d’fhéadfadh a bheith sealadach ar ghníomhaíochtaí an ghnóthais agus na soláthraithe nó na hearnála eacnamaíche atá i gceist nó ar tharla siad de bharr tosca buana struchtúracha.

· Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an AE

Tacaíonn an CECD le cuspóirí Straitéis ‘Eoraip 2020’, rud ba cheart a chuirfeadh ar chumas an Aontais a bheith níos treise i ndiaidh na géarchéime, agus a gheilleagar a stiúradh i dtreo fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh, agus go mbeadh ardleibhéal fostaíochta, táirgiúlachta agus comhtháthaithe shóisialta ag dul leis an bhfás sin. Sa Teachtaireacht[10] Eoraip 2020 - Straitéis d’fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, feiceann an Coimisiún go mbeidh ról soiléir ag an CECD faoin tionscnamh suaitheanta ‘Beartas tionsclaíoch i ré an domhandaithe’, go háirithe maidir le scileanna a athlonnú go tapa chuig earnálacha agus margaí atá ag teacht chun cinn agus iad ag fás go tapa.

Toisc go bhfuil sé d’aidhm acu na hoibrithe sin a chaill a bpoist de thoradh an domhandaithe nó na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais a chur ag obair arís go tapa tacaíonn an CECD leis na treoirlínte seo a leanas[11] i gcomhair beartas fostaíochta na mBallstát:

– Treoirlíne 7: Rannpháirtíocht ban agus fear sa mhargadh saothair a mhéadú, dífhostaíocht struchtúrach a laghdú agus cáilíocht post a chur chun cinn;

– Treoirlíne 8: Fórsa oibre oilte a fhorbairt mar fhreagra ar riachtanais mhargadh an tsaothair agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn;

– Treoirlíne 10: Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac.

Ar deireadh, leagadh béim sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Scileanna Nua i gComhair Post Nua - Riachtanais mhargadh an tsaothair a réamh‑mheas agus a mheaitseáil’ [12] ar an ngá don AE, chun dul i dtreo téarnaimh, a chaipiteal daonna a fheabhsú agus a dhéanamh níos infhostaithe trína scileanna a uasghrádú agus trí fhéachaint chuige gur fearr a oirfidh na scileanna a bheidh ar fáil d’éilimh mhargadh an tsaothair. Aithníodh gníomhachtú, athoiliúint agus uasghrádú scileanna mar mhodhanna chun fostaíocht a chur chun cinn agus daoine a chuimsiú athuair i margadh an tsaothair. Ar cheann de phríomhchuspóirí an CECD tá cómhaoiniú gníomhaíochtaí maidir le huasghrádú scileanna.

· An tionchar ar chearta bunúsacha

Níl aon tionchar ag an togra seo ar chearta bunúsacha.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

· Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit faoi dhó: i dtosach báire, trí bhíthin ceistneora ar an 26 Lúnasa 2010 agus ina dhiaidh sin, ag cruinniú a tionóladh in Porto ar an 29 agus an 30 Meán Fómhair 2010. Ba é príomhchuspóir na gcomhairliúchán sin tuairimí a bhailiú faoi éifeachtacht na leasuithe a bhaineann leis an ngéarchéim a tugadh isteach in 2009 le hAirteagal 1.1a agus le hAirteagal 10(1) i Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006, leasuithe a rachaidh in éag ar an 31 Nollaig 2011 agus faoin gá le síneadh a chur leo go dtí an 30 Nollaig 2013.

Achoimre ar na freagraí agus conas a cuireadh san áireamh iad

Maidir leis an deis iarratais a chur isteach i leith iomarcaíochtaí mar thoradh díreach ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch (Airteagal 1.1a de Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006) léirigh an comhairliúchán gur chuir sé sin ar chumas na mBallstát tacaíocht a iarraidh ón CECD d’oibrithe a chaill a bpoist mar thoradh ar an ngéarchéim agus cúnamh an CECD a chur ar fáil lena n‑athimeascadh san fhórsa saothair. Chuir formhór mór na mBallstát in iúl nach bhféadfadh na hoibrithe sin leas a bhaint as tacaíocht an CECD ar bhonn na gcritéar domhandaithe a bhaineann le trádáil. Léirigh an comhairliúchán freisin go raibh daoine den tuairim tríd is tríd go raibh sé níos fusa fianaise a bhailiú agus nasc inléirithe a shuíomh idir na hiomarcaíochtaí agus an ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch ná leis na hathruithe ar phatrúin na trádála domhanda mar gheall ar dhomhandú.

Maidir leis an ngá síneadh a chur leis an maolú a bhaineann leis an ngéarchéim go dtí deireadh 2013 bhí formhór mór na mBallstát a thug freagra ag iarraidh go leanfaí den deis iarratais a chur isteach i leith iomarcaíochtaí a d’eascair ón ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch. I measc na n‑argóintí i bhfabhar sínidh den sórt sin bhí barúlacha faoin dtaithí dhearfach ar an tionchar a bhí ag tacaíocht an CECD ar chumas na n‑oibrithe dul ar ais i margadh an tsaothair i gcás ina mbeadh éifeachtaí na géarchéime eacnamaíche le sonrú tar éis 2011, i gcás ina ndeachaigh sí i bhfeidhm ar Bhallstáit éagsúla ag tráthanna éagsúla, agus i gcás ina mbeadh tionchar láidir aici fós ar fhostaíocht. Ina theannta sin, tugadh le fios nach mbeadh an todhchaí á réamh‑mheas thar dheireadh 2013 dá ndéanfaí dhá bhliain a chur leis.

Maidir leis an deis a bheith ag iarratasóirí leas a bhaint as ráta cómhaoinithe 65 % (Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006, léiríodh sa chomhairliúchán gur éascaigh an ráta cómhaoinithe an cinneadh iarratas a dhéanamh ar thacaíocht an CECD ar roinnt cúiseanna. Mar gheall ar an 15 % breise bhíothas in ann cúnamh breise is coibhéis dó a thabhairt do na hoibrithe lena mbaineann. Laghdaíodh an bhearna idir ráta an CSE agus ráta an CECD i gcomhair na mBallstát a d’fhéadfadh rátaí níos airde a fháil ón CSE agus murach an laghdú sin ní bheadh aon iarratais ar an CECD curtha isteach acu. Bhí fadhb ann fós le cómhaoiniú náisiúnta, ach ní raibh an fhadhb sin chomh géar ag 35 % seachas 50 %. Mheas tromlach mór na mBallstát gur ráta iomchuí a bhí sa ráta 65 % le linn na géarchéime agus bhí siad ar son síneadh a chur leis an ráta idirghabhála níos airde sin go dtí deireadh 2013.

Tá toradh na gcomhairliúchán sin léirithe sna leasuithe arna mbeartú ar Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006.

· Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

· Measúnú tionchair

Ní raibh aon ghá le measúnú tionchair don togra seo.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

· Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Chun síneadh a chur leis an maolú sealadach chun tacú le hoibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, cuirtear an 31 Nollaig 2013 in ionad an dáta atá leagtha síos sa dara mír de mhír 1a d’Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006. Déantar síneadh a chur leis an ráta cómhaoinithe 65 % go huathoibríoch go dtí an dáta céanna leis an leasú seo freisin, mar atá leagtha síos in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006.

· Bunús dlí

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175.

· Prionsabal na coimhdeachta

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid is nach bhfuil an togra faoi inniúlacht eisiach an AE.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach. Ní féidir iad a bhaint amach ach trí leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006.

Bainfear amach na cuspóirí dlúthpháirtíochta atá ionchorpraithe sa togra ar dhóigh níos fearr trí ghníomhaíocht ar leibhéal an AE ar na cúiseanna seo thíos.

Ní féidir an CECD, ionstraim airgeadais atá ar fáil ar leibhéal an AE, a chur in oiriúint do riachtanais na staide reatha eacnamaíche agus airgeadais ach trí thionscnamh reachtach a ghlacadh ar leibhéal an AE.

Ba é an bunús a bhí ag an gCoimisiún agus an togra seo á dhéanamh aige, na riachtanais a eascraíonn as an measúnú reatha ar staid eacnamaíoch agus airgeadais na mBallstát agus na réamh‑mheastacháin eacnamaíocha don tréimhse 2012-13. Tá difear mór idir iad agus an measúnú agus na réamh‑mheastacháin a bhí ar fáil ag deireadh na bliana 2008 agus ag tús na bliana 2009, nuair a tugadh na leasuithe sealadacha géarchéime isteach i Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006.

Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin.

· Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas.

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 thar a bhfuil riachtanach chun feidhmiú an CECD a oiriúnú do na réamh‑mheastacháin reatha a bhaineann leis an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch agus an tionchar atá aici ar fhostaíocht agus ar easnaimh na mBallstát trí (1) leanúint den deis a thabhairt iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ón CECD le haghaidh oibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar an ngéarchéim leanúnach airgeadais agus eacnamaíoch agus (2) ráta cómhaoinithe 65 % seachas 50 % a sholáthar.

Tugann an maolú a bhaineann leis an ngéarchéim deis do Bhallstáit iarratas a dhéanamh ar thacaíocht an CECD le haghaidh oibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar an ngéarchéim i gcásanna inar féidir nasc soiléir inléirithe a shuíomh idir na hiomarcaíochtaí sin agus an ghéarchéim. Is léir nach mbainfear leas as an deis sin, mura bhfuil cásanna den sórt sin ann.

Ní fhorchuirtear aon ualach breise riaracháin ar na Ballstáit faoin togra seo i gcomparáid leis na ceanglais a fhorchuirtear le forálacha reatha Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006.

· Rogha na hionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán.

Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas:

Is é rialachán an ionstraim dlí iomchuí chun rialachán atá ann cheana a leasú.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Foráiltear le hAirteagal 28 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17 Bealtaine 2006[13] ar smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais nach bhféadfaidh an CECD dul thar uasmhéid bliantúil EUR 500 milliún.

Bunaithe ar na hiarratais ar thacaíocht an CECD roimhe seo[14] níltear ag súil go rachaidh an síneadh atá beartaithe ar an maolú a bhaineann leis an ngéarchéim i Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 thar an uasmhéid bliantúil sin. Ba ionann na hiarratais sin agus EUR 51,8 milliún in 2007 agus EUR 20,6 milliún in 2008. Ba ionann méid iomlán thacaíocht an CECD a iarradh in 2009 agus EUR 131,7 milliún. Iarratais a bhain leis an ngéarchéim a bhí i gceist le 75 % den mhéid sin agus iarratais a bhain le trádáil a bhí i gceist le 25 % díobh. Ba ionann an méid iomlán thacaíocht an CECD a iarradh in 2010 agus EUR 132,5 milliún. Iarratais a bhain leis an ngéarchéim a bhí i gceist le 87 % den mhéid sin agus iarratais a bhain le trádáil a bhí i gceist le 13 % díobh.

2011/0147 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don tríú mír d’Airteagal 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[15],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[16],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Le Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006[17] bunaíodh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú ("CECD” anseo feasta) chun a chur ar chumas an Aontais tacaíocht a thabhairt agus dlúthpháirtíocht a léiriú d’oibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar mhórathruithe struchtúrtha i bpatrúin na trádála domhanda mar gheall ar dhomhandú.

(2) Mar chuid den fhreagra ar an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 le Rialachán (CE) Uimh. 546/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009[18] trí fhoráil a dhéanamh, go háirithe maidir le maolú sealadach ar mhaithe lena raon feidhme a leathnú chun iomarcaíochtaí a bhaineann leis an ngéarchéim agus méadú sealadach ar ráta cómhaoinithe an CECD a chumhdach.

(3) I bhfianaise na staide reatha eacnamaíche agus airgeadais san Aontas, is iomchuí an maolú seo a fhadú roimh é a dhul in éag ar an 30 Nollaig 2011.

(4) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 1(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara fomhíre:

“Beidh feidhm ag an maolú seo maidir le gach iarratas a chuirfear isteach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2013.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/an tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais leis an togra/an tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/an tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a bhunú

1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[19]

Gníomhaíocht ABB: An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú mar atá áirithe i bPlean Bainistíochta 2010 DG EMPL

1.3. An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadail/réamhghníomhaíochta[20]

X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Tagann an togra faoin tionscnamh suaitheanta ‘Beartas tionsclaíoch do ré an domhandaithe’ atá mar chuid de Straitéis ‘Eoraip 2020’ an Choimisiúin maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach.

1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh.1: Oibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar athruithe struchtúrtha i bpatrúin na trádála domhanda agus ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais a choinneáil rannpháirteach i margadh an tsaothair.

Cuspóir sonrach Uimh.2: Feasacht i leith an CECD a spreagadh, mar léiriú dlúthpháirtíochta, i measc an phobail trí chéile

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann: An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CECD)

1.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Cuirfidh an togra seo ar chumas an Aontais Eorpaigh leanúint de thacaíocht a thabhairt trí bhíthin an CECD de réir ráta cómhaoinithe 65 % i gcás bhearta gníomhacha mhargadh an tsaothair le haghaidh oibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch. Ina theannta sin, bainfidh oibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar dhomhandú na trádála tairbhe as an ráta cómhaoinithe.

1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí a léiríonn monatóireacht ar chur chun feidhme an togra/an tionscnaimh.

- Líon na n‑iarratas ar thacaíocht an CECD a fuarthas

- Líon na n‑oibrithe iomarcacha ar díríodh orthu chun cúnamh an CECD a fháil

- Líon na n‑oibrithe iomarcacha a imeascadh i margadh an tsaothair arís tar éis beart ar thug an CECD tacaíocht dóibh

1.5. Na forais leis an togra/an tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

I bhfianaise na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 in 2009 agus rinneadh foráil leis maidir le maolú a bhaineann leis an ngéarchéim agus a bhfuil teorainn ama leis. Rachaidh an maolú seo in éag ar an 30 Nollaig 2011. De réir na réamh‑mheastachán eacnamaíoch is déanaí, áfach, mairfidh éifeachtaí na géarchéime, agus go háirithe an tionchar diúltach a bheidh aici ar luas an athstruchtúraithe, ar chruthú post agus ar an ráta dífhostaíochta go dtí deireadh na bliana 2012 ar a laghad. Ba cheart go gcuirfeadh an togra seo ar chumas an CECD dul i mbun idirghabhála chun tacú le hoibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch go dtí an 31 Nollaig 2013 ag ráta idirghabhála 65 %.

1.5.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

De bharr rannpháirteachas an AE trí bhíthin an CECD, is féidir acmhainní náisiúnta atá ar fáil a chomhlánú chun oibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar dhomhandú na trádála nó ar an ngéarchéim dhomhanda eacnamaíoch agus airgeadais a athimeascadh. Is cosúil go léiríonn an taithí a fuarthas go dtí seo maidir leis an CECD gur féidir, de bharr rannpháirteachas an AE, níos mó tacaíochta saincheaptha a chur ar fáil ar feadh tréimhse níos faide, agus bearta i gceist go minic nach gcuirfí ar fáil murach rannpháirteachas an AE.

1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

Féach an taithí ó leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 atá leagtha amach sa Mheabhrán Míniúcháin.

1.5.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

Tá an CECD comhchuibhithe le Ciste Sóisialta na hEorpa agus d’fhéadfadh sineirgíocht a bheith ann leis dá bharr.

1.6. Fad agus tionchar airgeadais

– X Togra/tionscnamh d'fhad teoranta

– X  Togra/tionscnamh in éifeacht ón 31 Nollaig 2011 go dtí an 31 Nollaig 2013

– ¨  Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

¨ Togra/tionscnamh d’fhad neamhtheoranta

– Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB,

– agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe[21]

¨ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– ¨  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[22]

– ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

X Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

Foráiltear le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 cuirtear de cheangal ar an gCoimisiún tuarascáil chainníochtúil agus cháilíochtúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoin Rialachán seo an bhliain roimhe sin. Beidh i.a. barúlacha an Choimisiúin maidir leis na gníomhaíochtaí faireacháin sa bhliain atá á breithniú sa tuarascáil sin.

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006, déanfaidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, faoi dheireadh na bliana 2011, measúnú meántéarma ar éifeachtacht agus ar inbhuanaitheacht na dtorthaí a fuarthas faoin CECD. Faoin 31 Nollaig 2014, ní mór don Choimisiún, le cabhair ó shaineolaithe seachtracha, measúnú ex‑post a dhéanamh chun tionchar an CECD agus a bhreisluach a thomhas.

2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh

Is iad na rioscaí na rioscaí a bhaineann le bainistíocht chomhpháirteach Chistí an Chomhphobail.

2.2.2. Modhanna rialaithe atá beartaithe

Tá na ceanglais is infheidhme maidir le bainistíocht agus rialú airgeadais leagtha síos in Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006.

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Tá na bearta chun neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú leagtha síos in Airteagal 18 (1)(d) agus in Airteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006.

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([23]) || ó thíortha[24] an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí[25] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

1.1 || 04.0501 An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú 04.010414 An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú – Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin 40.0243 Cúlchiste don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

neamhbhainteach || neamhbhainteach || […] || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir ||

DG: EMPL || || || Bliain 2012[26] || Bliain 2013 || IOMLÁN

Ÿ Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí sa mhí || || ||

Uimhir na líne buiséid || Oibleagáidí || (1) || || ||

Íocaíochtaí || (2) || || ||

Uimhir na líne buiséid || Oibleagáidí || (1a) || || ||

Íocaíochtaí || (2a) || || ||

Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú  ó chiste clár sonrach[27] || || ||

Uimhir na líne buiséid || || (3) || || ||

IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG EMPL || Oibleagáidí || =1+1a +3 || || ||

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || || ||

Íocaíochtaí || (5) || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || || ||

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL EMPL den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || || ||

Íocaíochtaí || =5+ 6 || || ||

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || || ||

Íocaíochtaí || (5) || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || || ||

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Oibleagáidí || =4+ 6 || || ||

Íocaíochtaí || =5+ 6 || || ||

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || " Caiteachas riaracháin "

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2012 || Bliain 2013 || IOMLÁN

DG: EMPL ||

Ÿ Acmhainní daonna || Gan aon tionchar || Gan aon tionchar ||

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || || ||

IOMLÁN DG EMPL || Leithreasaí || || ||

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || || ||

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain N[28] || Bliain N+1 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || || ||

Íocaíochtaí || || ||

3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– X  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Éilíonn an togra/an tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2012 || Bliain 2013 || … tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN ||

||

Saghas aschuir[29] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[30]… || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || ||

COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || ||

3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre

– X  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

– ¨  Éilíonn an togra/an tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2012 [31] || Bliain 2013 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || ||

Acmhainní daonna || || || ||

Caiteachas riaracháin eile || || || ||

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || ||

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[32] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || ||

Acmhainní daonna || || ||

Caiteachas eile de chineál riaracháin || || ||

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || ||

IOMLÁN || || || || || ||

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

– X  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| Bliain 2012 || Bliain 2013 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || || ||

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || ||

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || ||

10 01 05 01 (Taighde díreach) || ||

XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón “clúdach iomlánaíoch") || ||

XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || ||

XX 01 04 bb [33] || - sa Cheanncheathrú [34] || ||

- i dtoscaireachtaí || ||

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || ||

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || ||

Línte buiséid eile (sonraigh) || ||

IOMLÁN || || || || ||

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha ||

Pearsanra seachtrach ||

3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– X  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

N/B

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[35].

Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

N/B

3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– X Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– Déantar foráil sa togra/tionscnamh don chómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2012 || Bliain 2013 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || || || || || ||

3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– X  Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

– ¨  Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨         ar acmhainní dílse

– ¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasaí atá ar fáil don chleachtadh buiséadach leanúnach || ||

Bliain 2012 || Bliain 2013 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) ||

Airteagal …………. || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

N/B

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

N/B

[1]               IO L 48, 22.2.2008, lch. 82

[2]               COIM(2008)800, 26.11.2008

[3]               IO L 167, 29.6.2009, lch. 26

[4]               Cé is moite d’iarratais a tarraingíodh siar nó a diúltaíodh

[5]               http://ec.europa.eu/economy_finance/publications/european_economy/forecasts_en.htm

[6]               Ibid.

[7]               COIM(2011)11, 12.1.2011

[8]               Rún ó Pharlaimint na hEorpa (2010/2072/INI)

[9]               Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006, IO L 210, 31.7.2006, lch. 12

[10]             COIM(2010)2020, 3.3.2010

[11]             Cinneadh an 21 Deireadh Fómhair 2010 ón gComhairle ar threoirlínte maidir le beartais fostaíochta na mBallstát. IO L 308, 24.11.2010, lch. 46

[12]             COIM(2008)868, 16.12.2008

[13]             IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.

[14]             Gan iarratais a tarraingíodh siar nó a diúltaíodh a áireamh

[15]             IO C , , lch. .

[16]             IO C , , lch. .

[17]             IO L 48, 22.2.2008, lch. 82

[18]             IO L 167, 29.6.2009, lch. 26

[19]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[20]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[21]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[22]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[23]             LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte

[24]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[25]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

[26]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[27]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[28]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[29]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[30]             Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. “Cuspóir(í) sonracha...”

[31]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[32]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[33]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[34]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[35]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

Barr

Á bhainistiú ag an Oifig Foilseachán