EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0748

Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on jurisdiction and the recognition and enforcement of judgments in civil and commercial matters

52010PC0748




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil, 14.12.2010

COIM(2010) 748 leagan deireanach

2010/0383 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

(Athmhúnlú)

{SEC(2010) 1547 leagan deireanach}{SEC(2010) 1548 leagan deireanach}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

Comhthéacs ginearálta

Is éard atá sa togra seo athmhúnlú ar Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2001 ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála ('An Bhruiséil I' anseo feasta).

Is as An Bhruiséil I a d'eascair comhar breithiúnach sibhialta san Aontas Eorpach. Baineann sé le raon leathan ábhar, lena n-áirítear ní amháin éilimh chonarthacha ach éilimh dhílsithe agus chiontóireachta freisin. Sainaithnítear ann an dlínse is iomchuí le haighnis trasteorann a réiteach agus áirithítear tríd go n-aithneofar agus go bhforghníomhófar gan dua breithiúnais a eisítear i mBallstát eile. Ghlac an Rialachán ionad Choinbhinsiún na Bruiséile 1968, coinbhinsiún a chuir Ballstáit na linne sin i gcrích le chéile, agus leasaíodh é ó shin i leith gach uair a mhéadaigh an tAontas. Baineann sé le gach Ballstát, agus a bhuí le comhaontú idirnáisiúnta ar leith baineann sé leis an Danmhairg freisin, tír a mbaineann córas speisialta comhair bhreithiúnaigh léi faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tháinig an Rialachán i bhfeidhm i Márta 2002. Ocht mbliana ina dhiaidh sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú praticiúil an Rialacháin agus bhreithnigh sé na hathruithe a bhí ag teastáil.

Forais agus cuspóirí an togra

Cé go meastar go bhfeidhmíonn an Rialachán go maith, tríd is tríd, léirigh na comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí agus roinnt staidéar dlí agus eimpíreach a choimisiúnaigh an Coimisiún, go bhfuil roinnt laigí sa Rialachán faoi mar atá sé ag feidhmiú faoi láthair agus ba cheart na laigí sin a chur ina gceart. Tá ceithre phríomhlaige ann:

- An nós imeachta um breithiúnas a aithint agus a fhorghníomhú i mBallstát eile ( exequatur ), is bac i gcónaí é roimh shaorchúrsaíocht breithiúnas, rud a chuireann costas agus moill gan chall ar na páirtithe lena mbaineann agus a dhíspreagann cuideachtaí agus saoránaigh lán-úsáid a bhaint as an margadh inmheánach.

- Tríd is tríd, ní riartar ceartas san AE mar ba cheart in aighnis lena mbaineann cosantóirí ó thíortha lasmuigh den AE. I bhformhór na gcásanna, níl feidhm ag an Rialachán seo ach nuair atá sainchónaí ar an gcosantóir lasmuigh den AE. I ngach cás eile tá an dlínse faoi réir an dlí náisiúnta. Fágann an éagsúlacht sna dlíthe náisiúnta nach riartar ceartas go cothrom agus cuideachtaí ón AE ag plé le páirtithe ó thríú tíortha. Roinnt acu, is furasta dóibh dul chun dlí san AE, roinnt eile ní furasta dóibh é, fiú amháin i gcásanna nach bhfuil aon chúirt inniúil eile ann a rathaíonn triail chóir. Ina theannta sin, nuair nach gceadaíonn an dlí náisiúnta dul os comhair na cúirte i gcás diospóidí lena mbaineann páirtithe atá lasmuigh den AE, ní ráthaítear go bhforghníomhófar dlíthe éigeantacha an AE a chosnaíonn, mar shampla, tomhaltóirí, fostaithe nó gníomhairí tráchtála.

- Ní mór éifeachtúlacht níos fearr a bhaint amach agus comhaontuithe maidir le rogha cúirte á ndéanamh. Faoi láthair, cuireann an Rialachán oibleagáid ar an gcúirt a ainmníonn na páirtithe i gcomhaontú maidir le rogha cúirte bac a chur ar na himeachtaí más rud é go ndeachthas os comhair cúirt eile cheana. Fágann sé sin gur féidir le dlíthithe atá ag gníomhú de mheon mímhacánta moill a chur ar réiteach na díospóide sa chúirt a comhaontaíodh trí chúirt neamhinniúil a roghnú. Eascraíonn costais agus moill bhreise as sin agus laghdaíonn sé deimhneacht dhlíthiúil agus a intuartha atá réiteach díospóide, nithe ba cheart a bheith mar thoradh ar chomhaontuithe maidir le rogha cúirte.

- Ní mór an chaoi a dtagann eadráin agus dlíthíocht le chéile a fheabhsú. Eisiatar eadráin ó raon feidhme an Rialacháin seo. Mar sin féin, má dhéanann páirtí agóid i gcoinne socrú eadrána os comhair cúirte, d'fhéadfadh an páirtí sin an bonn a bhaint den socrú eadrána agus is é toradh air sin imeachtaí a bheith ar siúl go neamhéifeachtúil in dhá chúirt ag an am céanna, rud a d'fhágfadh nach bhféadfaí an díospóid a réiteach. Is é toradh a bhíonn air sin breis costas agus moille, an réiteach díospóide a bheith níos deacra a thuar agus spreagadh le dul i muinín míchleachtais dlíthíochta.

Tá sa Mheabhrán Míniúcháin a ghabhann leis seo anailís mhionsonraithe ar laigí an chórais reatha mar aon leis an tionchar a bheadh ag na roghanna éagsúla atá á mbreithniú le dul ina ngleic.

Is é aidhm ghinearálta an athbhreithnithe an limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt a thuilleadh trí bhíthin na baic atá fós ann roimh shaorghluaiseacht cinntí breithiúnacha a bhaint, i gcomhréir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Chuir an Chomhairle Eorpach béim ar an aidhm sin i gClár Stócólm a d'eisigh sí in 2009[1]. Le bheith níos sonraí, is é is aidhm don togra eadráin trasteorann agus saorchúrsaíocht breithiúnas san Aontas Eorpach a éascú. Ba cheart go mbeadh an t-athbhreithniú ina chuidiú ó thaobh téarnamh teacht ar gheilleagar na hEorpa sa mhéid is go n-éascóidh sé cúrsaí dlí mar is gá.

COMHAIRLIÚCHÁN AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR

Sular ullmhaíodh an togra seo, rinneadh comhairliúchán domhain leis na geallsealbhóirí, leis na Ballstáit, leis na hinstitiúidí eile agus le saineolaithe maidir leis na fadhbanna atá ann faoi láthair sa chóras reatha agus na bealaí éagsúla a d'fhéadfaí iad a leigheas. An 21 Aibreán 2009 ghlac an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin agus Páipéar Uaine ina ndearnadh moltaí maidir lena athbhreithniú; fuarthas 130 freagra ina leith. Chuir an Coimisiún torthaí roinnt staidéar ar ghnéithe áirithe den athbhreithniú san áireamh, go háirithe staidéar a rinneadh in 2007 ar chur i bhfeidhm praiticiúil an Rialacháin[2] agus staidéar a rinneadh in 2006 ar dhlínse iarmharach[3]. Ina theannta sin, tiomsaíodh sonraí eimpiriciúla ar thionchar na roghanna athchóirithe éagsúla in dhá staidéar sheachtracha[4]. Chomhreachtáil an Coimisiún dhá chomhdháil ar an athbhreithniú, in 2009[5] agus in 2010[6]. Reáchtáladh cruinniú le saineolaithe náisiúnta in Iúil 2010. Bunaíodh grúpa saineolaithe ar leith maidir le headráin agus reáchtáladh trí chruinniú: in Iúil, i Meán Fómhair agus i nDeireadh Fómhair 2010.

I bhfianaise an phróisis chomhairliúcháin, seo a leanas tuairimí na ngeallsealbhóirí i leith phríomhghnéithe an leasaithe: A fhad a bhaineann le deireadh a chur le exequatar , thacaigh roinnt mhaith geallsealbhóirí agus na Ballstáit go léir le cuspóir na saorghluaiseachta breithiúnas san Aontas Eorpach. Ina theannta sin, bhíothas ar aon fhocal, tríd is tríd, gur cheart deireadh a chur leis an nós imeachta exequatur a úsáid chun an cuspóir sin a bhaint amach. Mheas go leor leor geallsealbhóirí gur cheart cosaintí a chur i bhfeidhm dá gcuirfí deireadh le exequatar , go háirithe chun cearta cosanta an pháirtí a bhfuil an forghníomhú á iarraidh ina aghaidh a chosaint. Ní rabhthas ar aon fhocal, áfach, maidir le fairsinge na mbeart cosanta ná maidir leis an áit ba cheart na bearta cosanta a bheith le fáil (sa Bhallstát forghníomhúcháin nó sa Bhallstát tionscnaimh). Nochtadh ábhair imní ar leith maidir le deireadh a chur le exequatar i gcásanna clúmhillte agus in imeachtaí um chomhshásamh. A fhad a bhaineann le feidhmiú an Rialacháin sa dlí idirnáisiúnta, bhíothas ar aon fhocal, tríd is tríd, gur chaibidlíochtaí iltaobhacha idirnáisiúnta an creat ab oiriúnaí chun é a rialú. In éagmais creata dá leithéid, ní rabhthas ar aon fhocal faoin mbealach is fearr le dul chun cinn. Cé gur thacaigh roinnt geallsealbhóirí le leathnú na rialacha dlínse d'fhonn cosantóirí tríú stát a chumhdach, go háirithe ar mhaithe le rochtain ar cheartas i gcúirteanna na hEorpa a áirithiú, mheas formhór na ngeallsealbhóirí gur cheart aithint agus forghníomhú breithiúnas tríú stát a fhágáil faoi chreat iltaobhach d'fhonn cómhalartacht ar an leibhéal idirnáisiúnta a áirithiú. Maidir le comhaontuithe maidir le rogha cúirte, bhí na geallsealbhóirí agus na Ballstáit go mór i bhfabhar éifeachtacht comhaontuithe den sórt sin a fheabhsú. Tá roinnt bealaí ann chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus cuireadh in iúl gurb é bealach is fearr tosaíocht a thabhairt don chúirt arna roghnú le breith a dhéanamh i leith na dlínse. Tríd is tríd, luífeadh meicníocht den sórt sin leis an gcóras a bunaíodh faoi Choinbhinsiún na Háige 2005 maidir le comhaontuithe maidir le rogha cúirte. D'áiritheodh sé sin go mbeadh cur chuige comhleanúnach san Aontas ar leibhéal idirnáisiúnta dá gcinnfeadh an tAontas amach anseo ar an gcoinbhinsiún 2005 sin a thabhairt i gcrích. Maidir leis an nasc idir an Rialachán agus eadráin, cé gur thuig roinnt geallsealbhóirí an fhadhb atá ann agus cé go raibh siad ar son gníomhú a dhéanamh amach anseo ina leith, chuir roinnt cumann eadránaithe in iúl gur chúis imní dóibh an tionchar a d'imreodh rialú ar an ról suntasach atá ag ionaid eadrána Eorpacha ar fud an domhain. Ní rabhthas ar aon fhocal maidir le cé acu ab fhearr réiteach air sin comhaontuithe eadrána a chur chun cinn go gníomhach trí imeachtaí comhthreomhara agus míchleachtais dlíthíochta a sheachaint nó eadráin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin. Ar aon chuma, chuir formhór na ngeallsealbhóirí in iúl go raibh siad sásta le feidhmiú Choinbhinsiún Nua Eabhrac 1958 agus nár cheart don Aontas aon ghníomhaíocht a dhéanamh a bhainfeadh bonn de sin.

Rinne an Coimisiún anailís ar chostais agus ar shochair phríomhghnéithe an leasaithe atá molta sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo.

EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

3.1. Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Seo a leanas príomheilimintí an leasaithe atá beartaithe:

- Deireadh a chur leis an nós imeachta idirmheánach um aithint agus forghníomhú breithiúnas ( exequatur ) cé is moite de bhreithiúnais i gcásanna clúmhillte agus breithiúnais arna ndéanamh in imeachtaí comhchúiteacha;

- Rialacha dlínse an Rialacháin a leathnú d'fhonn díospóidí a bhaineann le cosantóirí tríú tír a chumhdach, lena n-áirítear cásanna a rialú ina bhfuil an tsaincheist chéanna ar feitheamh os comhair cúirte laistigh den AE agus os comhair cúirte lasmuigh den AE;

- Cur lena éifeachtaí atá comhaontuithe maidir le rogha cúirte;

- An nasc idir an Rialachán agus eadráin a fheabhsú;

- Feabhas a chur ar an gcaoi a gcomhordaítear imeachtaí atá os comhair chúirteanna na mBallstát;

- Feabhas a chur ar an rochtain ar cheartas i gcás díospóidí áirithe; agus

- Na coinníollacha a shoiléiriú faoinar féidir le bearta sealadacha agus cosantacha a bheith i gcúrsaíocht san AE.

Exequatur a dhíothú

Tháinig forbairt ar chomhar breithiúnach sibhialta i gcomhthéacs margadh inmheánach Eorpach a chruthú atá bunaithe ar aithint fhrithpháirteach breithiúnas. Tháinig feabhas de réir a chéile ar an aithint fhrithpháirteach sin trí na rialuithe a dhéantar ar bhreithiúnais eachtrannacha san Aontas a laghdú. Sa lá atá inniu ann, tá a oiread sin comhair agus muiníne idir na Ballstáit gur féidir féachaint le córas cúrsaíochta breithiúnas a chruthú a bheadh ní ba shimplí, ní ba shaoire agus ní b'uathoibríche agus a chuirfeadh deireadh leis na foirmiúlachtaí atá fós ann idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, díothaíonn an togra an nós imeachta exequatur i gcás gach breithiúnais a chumhdaíonn raon feidhme an Rialacháin, cé is moite de bhreithiúnais i gcásanna clúmhillte agus i gcásanna a bhaineann le comhshásamh cúiteach. Beidh ag gabháil le díothú exequatur cosaintí nós imeachta lena n-áiritheofar go gcosnófar go leordhóthanach cearta cosanta an chosantóra agus a cheart triail chóir a bheith aige mar a ráthaítear in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an AE. Trí leigheas a bheadh ar fáil don chosantóir trína bhféadfadh sé, in imthosca eisceachtúla, cosc a chur ar éifeacht a bheith i mBallstát amháin ag breithiúnas a tugadh i mBallstát eile. Ar an gcéad dul síos, d'fhéadfadh sé an breithiúnas sa Bhallstát tionscnaimh a chonspóid más rud é nár cuireadh ar an eolas é mar ba cheart maidir leis na himeachtaí sa stát sin. Ar an dara dul síos, leigheas eisceachtúil sa Bhallstát forghníomhúcháin a bheadh sa togra a chuirfeadh ar chumas an chosantóra conspóid in aghaidh aon locht nós imeachta eile a tháinig aníos le linn na n-imeachtaí os comhair na cúirte tionscnaimh a d'fhéadfadh a bheith ina shárú ar a cheart triail chóir a bheith aige. Ar an tríú dul síos, d'fhéadfadh an cosantóir stop a chur le forghníomhú an bhreithiúnais más rud é go bhfuil sé doréitithe le breithiúnas eile a eisíodh sa Bhallstát forghníomhúcháin nó – ar chuntar go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe – i dtír eile. Tugann na cosaintí sin aghaidh ar na cásanna a chumhdaíonn roinnt de na cúiseanna le diúltú atá ann cheana, go háirithe d'fhonn cearta maidir le cosaint a áirithiú. Mar sin féin tá difear mór ann, is é sin go ndíothaítear an rialú ar bheartas poiblí substainteach. Dá bhrí sin, spárálfar an t-am agus an costas a bhaineann leis an nós imeachta exequatar, ach cinnteofar go leanfar de bheith ag cosaint an chosantóra mar is gá.

Ina theannta sin, tá sraith foirmeacha caighdeánacha sa togra arb é is aidhm leo aithint nó forghníomhú an bhreithiúnais eachtrannaigh in éagmais an nós imeachta exequatur mar aon le cur isteach ar athbhreithniú faoin nós imeachta lena gcosnaítear cearta an chosantóra agus a bhfuil tuairisc air thuas a éascú. A bhuí leis na foirmeacha sin, beidh sé níos fusa ag na húdaráis inniúla an breithiúnas a fhorghníomhú, go háirithe i gcás ina gcaithfear ús agus costais a ríomh. Lena chois sin, fágann siad nach bhfuil sé chomh riachtanach céanna an breithiúnas a aistriú agus fágann siad gur fusa don chosantóir a chaithfidh gníomhú i mBallstát eile an t-iarratas ar athbhreithniú ar an mbreithiúnas a dhéanamh.

Coinnítear togra an nós imeachta, áfach, i gcásanna clúmhillte ina maíonn duine gur sháraigh na meáin chumarsáide cearta a bhaineann lena phearsantacht nó lena phríobháideachas. Tá na cásanna sin fíorchigilteach agus tá cineálacha éagsúla cur chuige ag na Ballstáit féachaint leis go gcomhlíonfar na cearta bunúsacha éagsúla a ndéantar difear dóibh, cearta amhail dínit an duine, urraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Toisc na ndifríochtaí sin agus toisc nach bhfuil riail chomhchuibhithe ann ar leibhéal an Aontais maidir le coimhlintí (féach Airteagal 1(2)(g) de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ('An Róimh II')[7]), ní féidir glacadh leis go fóill go bhfuil an leibhéal muiníne is gá ag na córais dlí as a chéile chun an status quo a athrú sa réimse seo. Is cosúil, dá bhrí sin, gur fearr an nós imeachta exequatur a choinneáil go sealadach i gcásanna clúmhillte, go dtí go soiléireofar a thuilleadh na rialacha substainteacha agus/coimhlinte sa réimse seo.

Ar an gcuma chéanna, coinnítear exequatur i gcás breithiúnas in imeachtaí arna dtionscnamh ag grúpa éilitheoirí, ag eintiteas ionadaíoch nó ag comhlacht atá ag gníomhú ar son leas an phobail, ar imeachtaí iad a bhaineann le cúiteamh a thabhairt do ghrúpa éilitheoirí i ndochar arbh é cleachtais mhídhleathacha ghnó ba chúis leis ('comhshásamh'). Na meicníochtaí atá ann san AE chun cúiteamh a thabhairt do ghrúpa íospartach a ndearnadh dochar dóibh de dheasca cleachtas mídhleathach gnó, tá siad an-éagsúil le chéile. Go bunúsach, is córas uathúil gach córas náisiúnta sásaimh chúitigh – ní hionann aon dhá ceann acu. Is in earnálacha ar leith amháin atá feidhm ag roinnt de na nósanna imeachta (e.g. caillteanais infheistíochta caipitil sa Ghearmáin nó dochar arbh iad cleachtais fhrithiomaíocha ba chúis leo sa Ríocht Aontaithe); tá raon feidhme níos leithne ag roinnt eile acu (e.g. na nósanna imeachta um chomhshásamh cúiteach). Tá difear eile ann a bhaineann leis an seasamh dlíthiúil i nósanna imeachta um chomhshásamh cúiteach. I roinnt Ballstát tugtar cumhacht d'údaráis phoiblí imeachtaí a thionscnamh i réimsí áirithe (e.g. an tOmbudsman san Fhionlainn), i mBallstát eile tugtar seasamh d'eagraíochtaí príobháideacha amhail comhlachais tomhaltóirí (e.g. an Bhulgáir) nó do dhaoine aonair atá ag gníomhú thar ceann grúpa (e.g an Phortaingéil). Comhcheangal rialacha maidir le seasamh atá ag go leor Ballstát. Tá difear eile ann fós a bhaineann leis an gcatagóir íospartach ar féidir leo úsáid a bhaint as an nós imeachta um chomhshásamh cúiteach). I bhformhór na gcóras náisiúnta ceadaítear sásamh cúiteach do thomhaltóirí, ach níl ach cúpla Ballstát ann a cheadaíonn é d'íospartach eile amhail gnólachtaí beaga. Tá difríocht eile ann a bhaineann le héifeacht an bhreithiúnais ar bhaill an ghrúpa lena mbaineann: i bhformhór na mBallstát níl an bhreith ina ceangal ach orthu siúd a thoiligh go sainráite leis na himeachtaí (e.g. an tSualainn, an Iodáil). I ndornán beag Ballstát, bíonn an bhreith ina ceangal ar bhaill uile an ghrúpa mura dtarraingeoidh siad as (an Phortaingéil, an Danmhairg, an Ísiltír). Ina theannta sin, tá difríochtaí idir na Ballstáit a fhad a bhaineann leis an nóiméad a shainaithnítear iad siúd atá i dteideal éilimh ina nduine is ina nduine; i mBallstáit áirithe, ní mór é sin a dhéanamh nuair a thionscnaítear an caingean (e.g. sa Ríocht Aontaithe); i dtríortha eile, áfach, is féidir é a dhéanamh níos faide anonn (e.g sa Pholainn agus sa Spáinn). Tá difríochtaí móra ann freisin ó thaobh caingean maidir le comhshásamh cúiteach a rialú, ó thaobh fáltais a leithdháileadh agus ó thaobh úsáid a bhaint as meicníochtaí malartacha um réiteach díospóide. I bhfianaise na ndifríochtaí móra sin, ní féidir glacadh leis go bhfuil an leibhéal muiníne is gá ann. Is i ngeall air sin atá an Coimisiún chun comhairliúchán poiblí a dhéanamh ar chur chuige Eorpach maidir le comhshásamh féachaint na foirmeacha comhshásaimh a d'oirfeadh do dhlíchóras an AE agus do dhlíchóras 27 Ballstát an AE a shainaithint. Trí bhíthin an chomhairliúcháin phoiblí féadfar a fháil amach cé chomh héifeachtúil atá na rialacha a bhaineann le dlí sibhialta agus nós imeachta na hEorpa ó thaobh comhchaingean agus breithiúnas a fhorghníomhú ar fud an AE. Go dtí go bhfaighfear torthaí an chomhairliúcháin sin, ní féidir status quo cúrsaí a bhaineann le comhshásamh cúiteach a athrú tríd an nós imeachta exequatur a dhíothú i gcás breithiúnas arna thabhairt i gcomh-imeachtaí. Más bearta um chomhfhogasú sa réimse seo an toradh a bheidh ar an gcomhairliúchán, ba cheart forálacha an dréacht-togra seo maidir le deireadh a chur le exequatur a leathnú ar bhealach comhsheasamhach d'fhonn nósanna imeachta den sórt sin a chumhdach. Ba cheart leathnú dá leithéid a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gCoimisiún díothú beart idirmheánach maidir le comh-imeachtaí dámáistí a mholadh, fiú amháin in éagmais comhchuibhiú dá leithéid nó in éagmais beart um chomfhogasú – tá sé sin bunaithe ar an bhfianaise a bhaineann lena éifeachtúlaí agus a inghlactha a bheadh forbairt dá leithéid i ndlíchóras na hEorpa.

Feabhas a chur ar fheidhmiú an Rialacháin sa dlí idirnáisiúnta

Tá roinnt modhnú beartaithe a bhfuil mar aidhm acu feabhas a chur ar fheidhmiú an Rialacháin sa dlíchóras idirnáisiúnta.

- Leathnaíonn an togra dlínse an Rialacháin d'fhonn cosantóirí tríú tír a chumhdach. Tríd is tríd, fágfaidh an leasú sin go mbeidh sé níos fusa ag comhlachtaí agus ag saoránaigh an dlí a chur ar chosantóirí tríú tíortha san AE ó tharla go n-éiríonn na rialacha speisialta dlínse lena mbunaítear, mar shampla, dlínse san áit ina gcomhlíontar an conradh, go n-éiríonn siad bailí sna cásanna sin. Le bheith níos sonraí, áiritheofar trí bhíthin an leasaithe seo go mbeidh feidhm ag rialacha dlínse cosantacha atá ar fáil do thomhaltóirí, d'fhostaithe agus don árachaithe má tá sainchónaí ar an gcosantóir lasmuigh den AE.

- Trí bhíthin an togra comhchuibhítear a thuilleadh na rialacha maidir le fodhlínse agus cruthaítear dhá fhóram eile le haghaid díospóidí a bhaineann le cosantóirí a bhfuil sainchónaí orthu lasmuigh den AE. Ar an gcéad dul síos, déantar foráil sa togra gur féidir agairt ar chosantóir neamh-AE san áit ina bhfuil sócmhainní sochorraithe dá chuid suite ar chuntar nach bhfuil luach na sócmhainní sin ar neamhréir le luach an éilimh agus go bhfuil baint leordhóthanach ag an díospóid leis an mBallstat ina bhfuiltear os comhair na cúirte. Ina theannta sin, féadfaidh cúirteanna Ballstáit dlínse a fheidhmiú mura bhfuil aon fhóram eile ina ráthófar triail chóir ann agus má tá baint leordhóthanach leis an mBallstát lena mbaineann ( forum necessitatis ). Trí bhíthin comhchuibhiú fodhlínse áirithítear go mbeidh an rochtain chéanna ag saoránaigh agus ag comhlachtaí ar chúirt san Aontas agus go mbeidh cothromaíocht ag comhlachtaí an mhargaidh inmhéanaigh. Is cúiteamh ar na rialacha náisiúnta atá ann cheana na rialacha comhchuibhithe. I dtús báire, cúiteamh ar gan an cosantóir a bheith san Aontas is ea an dlínse a bheith ag an bhfóram ina bhfuil na sócmhainní suite. Tá a leithéid sin de riail i roinnt mhaith Ballstát agus tá de bhua aici go n-áirithíonn sí go bhféadfar breithiúnas a fhorghníomhú sa stát inar éisíodh é. Ansin, trí bhíthin forum necessitatis ráthaítear go mbeidh an ceart ag éilitheoirí ón AE triail chóir a bheith acu, rud atá ábhartha go speisialta do chomhlachtaí de chuid an AE a bhíonn ag infheistiú i dtíortha ina bhfuil dlíchórais tearcfhorbartha.

- Tugtar isteach leis an togra riail maidir le lis pendens lánroghnach i gcás díospóidí a bhaineann leis an ábhar céanna idir na páirtithe céanna agus atá ar feitheamh os comhair na gcúirteanna san AE agus i dtríú tír. Is féidir le cúirt de chuid Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, bac a chur ar imeachtaí más rud é go ndeachthas os comhair cúirte neamh-AE i dtús báire, agus má mheastar go dtabharfaidh sí breith uaithi go luath agus go bhféadfar an bhreith a aithint agus a fhorghníomhú sa Bhallstát sin. Is é is aidhm don leasú seo imeachtaí comhthreomhar laistigh agus lasmuigh den AE a sheachaint.

Éifeachtacht na gcomhaontuithe um roghnú cúirte a fheabhsú

Tá dhá leasú sa togra arb é is aidhm dóibh éifeachtacht na gcomhaontuithe maidir le rogha cúirte a fheabhsú:

I gcás inar ainmnigh na páirtithe cúirt ar leith lena ndíospóid a réiteach, tugann an togra tosaíocht don chúirt sin cinneadh a dhéanamh i leith dhlínse na díospóide, is cuma an í an chéad nó an dara cúirt a ndeachthas os a comhair í. Caithfidh aon chúirt eile bac a chur ar imeachtaí go dtí go mbunóidh an chúirt arna roghnú an dlínse, nó má tá an comhaontú neamhbhailí, go dtí go ndiúltóidh sí í. Beidh mar thoradh ar an athrú sin go mbeidh comhaontuithe maidir le rogha cúirte níos éifeachtaí agus go gcuirfear deireadh le dreasachtaí le dul i muinín míchleachtas dlíthíochta i gcúirteanna neamhinniúla.

Ina theannta sin, tugtar isteach leis an togra rialacha maidir le coinbhleacht dlí a bhaineann le bailíocht shubstainteach comhaontuithe maidir le rogha cúirte. Trína bhíthin sin áirithítear go mbeidh toradh comhchosúil ann is cuma cén chúirt a bhfuiltear os a comhair.

Léiriú ar na réitigh a bunaíodh i gCoinbhinsiún na Háige 2005 maidir le comhaontuithe maidir le rogha cúirte is ea an dá mhodhnú sin agus fágann siad go bhféadfadh sé go dtabharfadh an tAontas Eorpach an coinbhinsiún sin i gcrích.

An nasc idir an Rialachán agus eadráin a fheabhsú

Tá riail shonrach sa togra maidir leis an mbaint idir eadráin agus imeachtaí cúirte. Cuireann an riail sin oibleagáid ar chúirt a bhfuil díospóid os a comhair bac a chur ar imeachtaí má chonspóidtear a dlínse ar bhonn comhaontú eadrána agus má tugadh an cás os comhair binse eadrána nó má rinne an Ballstát ina bhfuil suíomh na headrána tús a chur le himeachtaí cúirte a bhaineann leis an gcomhaontú eadrána. Trí bhíthin an modhnaithe sin cuirfear feabhas ar a éifeachtaí atá comhaontuithe eadrána san Eoraip, cuirfear bac ar imeachtaí comhthreomhara cúirte agus eadrána a bheith ann, agus cuirfear deireadh le dreasachtaí le dul i muinín míchleachtas dlíthíochta.

Feabhas a chur ar an gcaoi a gcomhordaítear imeachtaí dlí atá os comhair chúirteanna na mBallstát

Tá sraith eile modhnuithe ann arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an gcaoi a gcomhordaítear imeachtaí dlí sna Ballstáit. Seo thíos iad:

- Féachtar sa togra le feabhas a chur ar an riail ghinearálta maidir le lis pendens trí theorainn ama a leagan síos nach mór don chéad chúirt a ndeachthas os a comhair cinneadh a dhéanamh i leith na dlínse faoina cheann. Ina theannta sin, déantar foráil sa leasú maidir le malartú faisnéise idir cúirteanna a bhfuil an t-ábhar céanna os a gcomhair.

- Éascaíonn an togra comhdhlúthú caingean gaolmhar trí dheireadh a chur leis an gceanglas go gcaithfidh an comhdhlúthú a bheith indéanta faoin dlí náisiúnta.

- Maidir le bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, déantar foráil sa togra maidir le saorchúrsaíocht na mbeart sin a dheonaigh cúirt a bhfuil dlínse aici ar shubstaint an cháis, lena n-áirítear – faoi réir choinníollacha áirithe – bearta ar deonaíodh ex parte dóibh. Os a choinne sin, cuireann an togra bac ar chúrsaíocht beart sealadach a d'ordaigh cúirt seachas an chúirt a bhfuil dlínse aici ar shubstaint an cháis. Toisc na héagsúlachta móire sna dlíthe náisiúnta, ba cheart nach mbeadh tionchar ag na bearta sin ach ar chríoch an Bhallstáit inar deonaíodh iad, rud a laghdóidh an baol go rachfar ó chúirt go chéile sa tóir ar na coinníollacha is fearr. Ar deireadh, i gcás ina bhfuil imeachtaí a bhaineann le substaint ar feitheamh i gcúirt amháin agus go n-iarrtar ar chúirt eile beart sealadach a eisiúint, cuireann an togra ceangal ar an dá chúirt dul i gcomhar le chéile d'fhonn a áirithiú go gcuirfear gnéithe uile an cháis san áireamh sula ndeonfar beart sealadach.

Feabhas a chur ar rochtain ar cheartas

Tá sraith amháin leasuithe eile ann arb é is aidhm di feabhas a chur ar fheidhmiú praiticiúil na rialacha maidir le dlínse: Áirítear orthu sin:

- fóram a chruthú le haghaidh éileamh ar chearta in rem san áit ina bhfuil sócmhainní sochorraithe suite;

- caoi a bheith ag fostaithe caingne a thionscnamh i gcoinne roinnt cosantóirí i réimse na fostaíochta faoi Airteagal 6(1). Bhí sé sin ann cheana faoi Choinbhinsiún na Bruiséile 1968. Is le leas fostaithe ar mian leo caingean a thionscnamh i gcoinne fostaithe atá bunaithe i mBallstáit eile (féach an cás dá dtagraítear i gCás C-462/06) an chaoi sin a bheith ann arís. Is le leas fostaithe, go príomha, é a bheith in ann dul i muinín comhdhlúthú imeachtaí i gcoinne roinnt cosantóirí sa chomhthéacs seo. Is cosúil nach mbíonn a mhalairt de chás ann (i.e. fostóir imeachtaí a chomhdhlúthú i gcoinne roinnt fostaithe) a fhad a bhaineann le conarthaí aonair fostaíochta.

- an chaoi comhaontú maidir le rogha cúirte a thabhairt i gcrích i gcás díospóidí a bhaineann le tionóntacht áitreabh i gcomhair úsáide gairmiúla.

- an oibleagáid faisnéis faoi na hiarmhairtí dlí a bheadh i gceist mura gconspóidfí dlínse na cúirte a thabhairt do chosantóir a thagann i láthair.

3.2. Bunús dlí

Leasaítear leis an togra Rialachán 44/2001, ar Rialachán é a bhí bunaithe ar Airteagal 61(c) agus 67(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Ó theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is é Airteagal 81 (2) (a), (c) agus (e) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús comhfhreagrach dlí.

Níl Teideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme maidir leis an Danmhairg mar gheall ar an bPrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis na Conarthaí. Mar sin féin, leathnaíodh rialacha Rialachán 44/2001 d'fhonn an Danmhairg a chumhdach de bhua an chomhaontaithe dar dáta 19 Deireadh Fómhair 2005 idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála. Ina theannta sin, tá meicníocht sa chomhaontú sin a chuirfidh ar chumas na Danmhairge aon ionstraim lena leasaítear Rialachán 44/2001 a chur i bhfeidhm.

Níl Teideal V infheidhme sa Ríocht Aontaithe ná in Éirinn ach oiread, mura gcinnfidh an dá thír sin ar a mhalairt, i gcomhréir leis na rialacha ábhartha den Phrótacal maidir lena seasamh i leith limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais.

3.3. Coimhdeacht agus Comhréireacht

Na heilimintí éagsúla thuasluaite, comhlíonann siad ceanglais na coimhdeachta agus na comhréireachta. Maidir le coimhdeacht, ní féidir leis na Ballstáit exequatar a bhaint amach toisc gur comhchuibhíodh an nós imeachta le Rialachán 'An Bhruiséil I', agus dá bhrí sin, is le Rialachán amháin is féidir é a leasú. Baineann an réasúnaíocht chéanna le feabhas a chur ar na rialacha atá ann faoi láthair maidir le dlínse agus comhordú imeachtaí idir Ballstáit. A fhad a bhaineann leis an gcomhchuibhiú atá beartaithe ar dhlínse iarmharach na mBallstát, i ngeall ar na rialacha reatha náisiúnta a bheith éagsúil le chéile tá dálaí neamhchothroma margaidh ann do chomhlachtaí a dhéanann idirbhearta le páirtithe lasmuigh den AE. Is trí reachtaíocht ar an leibhéal Eorpach amháin is féidir cothromaíocht a bhaint amach. Ar deireadh, maidir leis an mbaint le headráin, ní féidir leis na Ballstáit leo féin a áirithiú go gcomhordófar mar is ceart imeachtaí eadrána i mBallstát amháin le himeachtaí cúirte i mBallstát eile ós rud é go gcuireann prionsabal an chríochachais srian ar éifeacht reachtaíochta náisiúnta. Tá gá, dá bhrí sin, le bearta ar leibhéal an AE.

Léirítear sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo gur troime gach ceann de na leasuithe atá beartaithe ná a gcostais agus go bhfuil na bearta atá beartaithe comhréireach dá bhrí sin.

3.4. An tionchar ar chearta bunúsacha

Faoi mar atá leagtha amach go mionsonraithe sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo agus i gcomhréir le straitéis an Aontais maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach Chairt um Chearta Bunúsacha an AE[8], urramaíonn gach eilimint den leasú na cearta atá leagtha amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha, an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47). Cuireann gach eilimint feabhas ar an leibhéal cosanta atá ag tomhaltóir dá dtagraítear in Airteagal 38. Beidh ag gabháil le díothú exequatur cruthú nósanna imeachta nua um athbhreithniú lena n-áiritheofar go mbeidh leigheas éifeachtach ag an gcosantóir agus nach mbeidh éifeacht ina leith ag breithiúnas nach n-urramaíonn a cheart triail chóir a fháil ná a chearta cosanta. Na hathruithe atá beartaithe ar an dlíchóras idirnáisiúnta, cuirfidh siad feabhas ar an rochtain atá ag saoránaigh san AE ar cheartas, i gcás páirtithe laga agus comhlachtaí go háirithe. Ó tharla go gcuirtear deireadh leis na bealaí atá ann dul timpeall ar chomhaontú maidir le rogha cúirte nó ar chomhaontú eadrána is lú baoil go mbeidh imeachtaí comhthreomhara ann, rud a fhágfaidh go mbeidh saoirse is ceartas níos mó ann gnó a dhéanamh faoi mar a thagraítear in Airteagal 16 den Chairt. Ar deireadh, ní dhéanann aon ní sa Rialachán seo difear do chearta bunúsacha oibreoirí agus fostaithe, ná dá n-eagraíochtaí faoi seach, dul i mbun caibidlíochta agus comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích agus, má tá coinbhleacht leasa ann, gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh, lena n-áirítear dul ar stailc, chun a leasanna féin a chosaint, faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 28 den Chairt.

2010/0383 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

(Athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 67(4) agus Airteagal (81)(2)(a), (c) agus (e) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[9],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 an 22 Nollaig 2000 ón gComhairle ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála[10] a leasú roinnt uaireanta[11]. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2) Tá curtha de chuspóir roimhe ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fhorbairt agus a chothabháil, ag éascú dó ar an dóigh sin rochtain ar cheartas, go háirithe trí bhreitheanna breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta a aithint go frithpháirteach. D'fhonn a leithéid de limistéar a bhunú de réir a chéile, ba cheart don Aontas bearta a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta, inter alia , a ghlacadh, go háirithe nuair is gá sin ó thaobh dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(3) Tá difríochtaí áirithe ann idir na rialacha náisiúnta lena rialaítear dlínse agus aithint breithiúnas, ar difríochtaí iad atá ina mbac ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Is forálacha sár-riachtanach na forálacha arb é is aidhm leo na rialacha maidir le coinbhleacht dlínse in ábhair shibhialta agus tráchtála a aontú agus aithint agus forghníomhú simplí breithiúnas de chuid na mBallstát atá faoi cheangal ag an Rialachán seo a áirithiú.

(4) Tig an réimse seo faoi chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta de réir bhrí Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(5) D'fhonn saorghluaiseacht breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a bhaint amach, is gá agus is iomchuí na rialacha lena rialaítear dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas a bheith á rialú ag ionstraim dlí de chuid an Aontais a bheidh go huile is go hiomlán ina ceangal agus infheidhme go díreach.

(6) Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr a fhéadfar é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(7) An 27 Meán Fómhair 1968, rinne na Ballstáit, ag gníomhú dóibh faoin gceathrú fleasc d'Airteagal 293 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, Coinbhinsiún na Bruiséile ar dhlínse agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, arna leasú le coinbhinsiúin aontachais na mBallstát nua don Choinbhinsiún sin (dá ngairtear 'Coinbhinsiún na Bruiséile' anseo feasta)[12] a thabhairt i gcrích. An 16 Meán Fómhair 1988, rinne na Ballstáit agus Comhlachas Saorthrádála na hEorpa Coinbhinsiún Lugano 1988 ar dhlínse agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a thabhairt i gcrích, ar coinbhinsiún comhthreomhar de chuid Choinbhinsiún na Bruiséile 1968 é.

(8) An 22 Nollaig 2000, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, rud a ghlac ionad Choinbhinsiún na Bruiséile a mhéid a bhaineann le críoch an Aontais a chumhdaíonn na Ballstáit go léir seachas an Danmhairg. Le cinneadh 2006/325/CE ón gComhairle an 27 Aibreán 2006, thug an tAontas comhaontú i gcrích leis an Danmhairg trínar áirithíodh go gcuirfí forálacha Rialachán Uimh. 44/2001 i gcrích sa Danmhairg. Rinneadh Coinbhinsiún Lugano 1988 a leasú le Coinbhinsiún Lugano ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, arna thabhairt i gcrích an 30 Deireadh Fómhair 2007 ag an Aontas, ag an Danmhairg agus ag stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa[13]. Ba cheart leanúnachas ó thaobh léirmhíniú na gCoinbhinsiún sin agus an Rialacháin seo a áirithiú.

(9) An 21 Aibreán 2009 ghlac an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 44/2001[14]. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil go bhfuil feidhmiú an Rialacháin sásúil tríd is tríd, ach gur inmhianaithe cur i bhfeidhm forálacha áirithe a fheabhsú, saorchúrsaíocht breithiúnas a éascú a thuilleadh, agus an rochtain atá ar cheartas a fheabhsú a thuilleadh.

(10) Ba cheart na príomhábhair shibhialta agus tráchtála, amach ó roinnt ábhar arna sainiú go soiléir, a chumhdach faoi raon feidhme an Rialacháin seo. I bhfianaise ghlacadh Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 an 18 Nollaig 2008 ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forghníomhú breitheanna agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála, ba cheart na saincheisteanna sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin.

(11) Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le headráin, amach ón gcás eisceachtúil dá dtagraítear ann. Go háirithe, níl feidhm aige maidir le foirm, bailíocht, ná éifeachtaí comhaontuithe eadrána ná maidir le iad a bheith ann nó as, maidir le cumhachtaí na n-eadránaithe, an nós imeachta roimh bhinsí eadrána, ná maidir le bailíocht, neamhniú agus aithint agus forghníomhú dámhachtainí eadrána.

(12) Ba cheart na rialacha maidir le dlínse a bheith rí-intuartha agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar an bprionsabal gur gnách gur ar shainchónaí an chosantóra a shuitear an dlínse agus ba cheart an prionsabal sin a bheith le fáil i gcónaí cé is moite de dhornán cásanna arna sainiú go soiléir ina dtugann ábhar na dlíthíochta nó neamhspleáchas na bpáirtithe údar le critéar eile nasctha. Ní mór sainchónaí duine dlítheanaigh a shainiú go neamhspleách sa chaoi is go mbeidh na comhrialacha níos trédhearcaí agus go seachnófar coinbhleachtaí dlínse.

(13) Mar aon le sainchónaí an chosantóra, ba cheart forais mhalartacha dlínse a bheith ann ar bhonn dlúthnaisc idir an chúirt agus an caingean nó ar mhaithe le dea-riar ceartais. Ba cheart go n-áiritheodh an dlúthnasc sin deimhneacht dhlíthiúil ós rud é go seachnófar go n-agrófar ar an gcosantóir i gcúirt de chuid Ballstáit nach raibh súil réasúnach aige leis. Tá sé sin tábhachtach, go háirithe, i ndíospóidí a bhaineann le hoibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as sáruithe príobháideachta agus ceart a bhaineann le pearsantacht, lena n-áirítear clúmhilleadh.

(14) A fhad a bhaineann le hárachas, conarthaí tomhaltóirí agus fostaíocht, ba cheart an páirtí is laige a chosaint le rialacha dlínse a bheadh ní b'fhabharaí i leith a leasanna ná atá forálacha na rialacha ginearálta.

(15) An neamhspleáchas atá ag na páirtithe i gconradh, seachas conradh árachais, tomhaltóirí nó fostaíochta, ar conradh é nach bhfuil ach neamhspleáchas teoranta ceadaithe ina leith ó thaobh an chúirt ag a bhfuil dlínse a chinneadh, ní mór é a urramú faoi réir na bhforas eisiach dlínse atá leagtha síos sa Rialachán seo.

(16) D'fhonn leasanna éilitheoirí agus cosantóirí agus dea-riar ceartais san Aontas a chur chun cinn, níor cheart gurbh é toradh a bheadh feasta ar shainchónaí a bheith ar an gcosantóir i dtríú stát nach gcuirfí rialacha áirithe de chuid an Aontais maidir le dlínse i bhfeidhm, agus níor cheart tarchur chuig an dlí náisiúnta a dhéanamh a thuilleadh.

(17) Ba cheart, dá bhrí sin, tacar iomlán rialacha maidir le dlínse idirnáisiúnta na gcúirteanna sna Ballstáit a bhunú leis an Rialachán seo. Áirithíonn na rialacha atá ann cheana maidir le dlínse go bhfuil dlúthnasc ann idir imeachtaí a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo agus críoch na mBallstát, rud a thugann údar le cosantóirí, is cuma cén áit a bhfuil sainchónaí orthu, a chuimsiú faoi. Ina theannta sin, ba cheart a chinneadh leis an Rialachán seo cé na cásanna ina bhféadfaidh cúirt i mBallstát fodhlínse a fheidhmiú.

(18) Ar mhaithe le dea-riar ceartais is gá an dóchúlacht go bhféadfadh imeachtaí comhthreomhara a bheith ann a laghdú agus a áirithiú nach dtabharfar breithiúnais atá ar neamhréir in dhá Bhallstát. Ní mór meicníocht shoiléir éifeachtach a bheith ann chun cásanna lis pendens agus caingne gaolmhara a réiteach agus chun deacrachtaí a shárú a eascraíonn as difríochtaí náisiúnta ó thaobh an chaoi a chinntear an dáta a mheastar cás a bheith ar feitheamh. Chun críche an Rialacháin seo, ba cheart an dáta sin a shainiú go huathoibríoch.

(19) Ba cheart feabhas a chur ar a éifeachtaí atá comhaontuithe maidir le rogha cúirte chun lánéifeacht a thabhairt do thoil na bpáirtithe agus chun míchleachtas dlíthíochta a sheachaint. Leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt don chúirt a ainmnítear sa chomhaontú cinneadh a dhéanamh i leith dlínse, is cuma cé acu an chéad chúirt nó an dara cúirt a ndeachthas os a comhair.

(20) Ina theannta sin, ba cheart feabhas a chur ar a éifeachtaí atá comhaontuithe eadrána d'fhonn lánéifeacht a thabhairt do thoil na bpáirtithe. Ba cheart é sin a dhéanamh go háirithe nuair is i mBallstát atá an suíomh eadrána arna chomhaontú nó arna ainmniú. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha speisialta a bheith sa Rialachán a bheadh d'aidhm acu imeachtaí comhthreomhara agus míchleachtas dlíthíochta sna cásanna sin a sheachaint. Is é rud ba cheart a bheith i gceist le suíomh na headrána an suíomh a roghnaigh na páirtithe nó an suíomh a d'ainmnigh binse eadrána, institiúid eadrána nó aon údarás eile a roghnaigh na páirtithe go díreach nó go hindíreach.

(21) Ba cheart meicníocht sholúbtha a bheith ann a ligfeadh do na cúirteanna sna Ballstáit imeachtaí atá ar feitheamh os comhair tríú stáit a chur san áireamh, agus aird á tabhairt go háirithe ar chuí-riar ceartais agus ar cé acu atá breithiúnas tríú stát ann is féidir a aithint agus a fhorghníomhú sa Bhallstát sin nó nach bhfuil.

(22) Ba cheart coincheap na mbeart sealadach, lena n-áirítear bearta cosantacha, a shoiléiriú. Ba cheart a áireamh orthu sin, go háirithe, orduithe cosantacha arb é is aidhm leo faisnéis a fháil nó fianaise a chaomhnú ionas go gcumhdófar orduithe cuardaigh agus úrghabhála dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 de Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le forghníomhú ceart maoine intleachtúla[15]. Níor cheart a áireamh orthu sin bearta nach de chineál cosantach iad, amhail beart lena n-ordaítear éisteacht a thabhairt d'fhinné chun é a chur ar chumas an iarratasóra cinneadh a dhéanamh faoi chaingean a thionscnamh.

(23) I ngeall ar an muinín fhrithpháirteach atá ann i leith riar an cheartais san Aontas agus i ngeall ar an aidhm an dlíthíocht trasteorann a dhéanamh níos sciobtha agus níos saoire, tá údar le deireadh a chur leis na bearta idirmheánacha atá le déanamh roimh an bhforghníomhú sa Bhallstát ina bhfuil an forghníomhú á iarraidh. I ngeall air sin, ba cheart, chun críocha forghníomhaithe, caitheamh le breithiúnas arna thabhairt ag Ballstát amhail is dá mba sa Bhallstát ina bhfuil an forghníomhú á iarraidh a tugadh é. Mar sin féin, i bhfianaise na ndifríochtaí idir chórais na mBallstát agus ó tharla ceisteanna a bhaineann le clúmhilleadh agus cúiteamh a fhaightear i gcomh-imeachtaí a bheith thar a bheith cigilteach, ba cheart an nós imeachta reatha maidir le haithint agus forghníomhú a choinneáil de thuras na huaire i gcás breithiúnas a thugtar i leith na n-ábhar sin, go dtí go dtiocfaidh forbairt ar an réimse sin den dlí. Ba cheart an fhoráil shonrach maidir le clúmhilleadh a bheith ag freagairt do raon feidhme eisiamh an ábhair sin i Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) agus ba cheart í a léirmhíniú ar an mbealach céanna. Ba cheart breithiúnais lena n-ordaítear cúiteamh i gcomh-imeachtaí i gcás glacadh beart ar mhaithe le comhchuibhiú nó comhfhogasú na rialacha nós imeachta is infheidhme maidir le himeachtaí dá leithéidí a chuimsiú faoi na forálacha lena ndíothaítear bearta idirmheánacha. Ba cheart cuimsiú dá leithéid a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gCoimisiún díothú beart idirmheánach maidir le comh-imeachtaí damáistí a mholadh, fiú amháin in éagmais comhchuibhiú dá leithéid nó in éagmais beart um chomfhogasú, ar bhonn fianaise i leith a éifeachtúlaí agus a inghlactha a bheadh forbairt dá leithéid i ndlíchóras na hEorpa.

(24) Ba cheart bearta cosanta riachtanacha a mbeadh sé d'aidhm acu, go háirithe, lánurraim na gceart maidir le cosaint agus lánurraim an chirt triail chóir a fháil, arna bhunú in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a bheith ag gabháil le díothú beart idirmheánach. Chuige sin, is gá leigheasanna úrghnácha a chur ar bun ag céim an fhorghníomhaithe ar mhaithe le cosantóirí nár tháinig i láthair i ngeall ar easpa fógra nó, ar shlí eile, a bhí thíos le lochtanna nós imeachta sna himeachtaí os comhair na cúirte tionscnaimh ar shlí a d'fhéadfadh a bheith ina shárú ar Airteagal 47 den Chairt.

(25) Chun bearta idirmheánacha a bhaint is gá saorchúrsaíocht beart sealadach, lena n-áirítear bearta cosantacha, a oiriúnú. I gcás ina ndéanann cúirt a bhfuil dlínse aici maidir le substaint díospóide bearta dá leithéidí a ordú, ba cheart saorchúrsaíocht na mbeart sin a áirithiú. I gcás ina ndéanann cúirt nach bhfuil dlínse aici maidir le substaint beart dá leithéid a ghlacadh, níor cheart éifeacht a bheith ag na bearta sin ach ar chríoch an Bhallstáit sin. Ina theannta sin, ba cheart saorchúrsaíocht beart arna n-ordú ex parte a cheadú má ghabhann bearta cosanta iomchuí leo.

(26) Ba cheart leanúnachas idir Coinbhinsiún na Bruiséile agus an Rialachán seo a áirithiú, agus ba cheart forálacha idirthréimhseacha a leagan síos chun na críche sin. Tá an gá céanna le leanúnachas i bhfeidhm a fhad a bhaineann le léirmhíniú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar Choinbhinsiún na Bruiséile agus ar na Rialacháin a ghlacfaidh a ionad.

(27) Ba cheart a áirithiú leis an Rialachán lánurraim na gceart bunúsach atá leagtha amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, arna ráthú in Airteagal 47 den Chairt. Níor cheart aon ní sa Rialachán seo difear a dhéanamh don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil (Airteagal 11), urraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), ná don cheart atá ag oibrithe agus fostóirí, nó ag a n-eagraíochtaí faoi seach, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis na dlíthe agus cleachtais náisiúnta, dul i mbun caibidlíochta agus comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích agus, má tá coinbhleacht leasa ann, gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh, lena n-áirítear dul ar stailc, chun a leasanna féin a chosaint (Airteagal 28).

(28) I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ghlac an Ríocht Aontaithe agus Éire páirt i gcur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 44/2001. I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, [tá sé curtha in iúl ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn gur mhian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo]/[gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal orthu ná ní bheidh siad faoi réir a chur i bhfeidhm].

(29) I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg ag glacadh páirte i nglacadh an Rialacháin seo agus dá bhrí sin ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm, gan dochar don fhéidearthacht atá ag an Danmhairg leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 de bhun Airteagal 3 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge ar dhlínse agus ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, arna dhéanamh an 19 Deireadh Fómhair 2005[16].

(30) Leanfaidh d'fheidhm a bheith ag Coinbhinsiún na Bruiséile maidir le críocha na mBallstát a thagann faoi raon feidhme críochach an Choinbhinsiúin sin agus atá eisiata ón Rialachán seo de bhun Airteagal 355 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(31) Ar an gcuma chéanna agus ar mhaithe le comhsheasmhacht, níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do na rialacha lena rialaítear dlínse agus aithint breithiúnas atá in ionstraimí sonracha de chuid an Aontais.

(32) Fágann an urraim a thugtar do thiomantais idirnáisiúnta arna ndéanamh ag na Ballstáit nár cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do choinbhinsiúin a bhaineann le hábhair shonracha a bhfuil na Ballstáit ina bpáirtithe iontu.

(33) Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar mhaithe le hIarscríbhinní I, II, V, VI agus VII a mhodhnú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

1. Beidh feidhm leis an gCoinbhinsiún seo in ábhair shibhialta agus tráchtála, cibé cineál cúirte nó binse a bheidh i gceist. Eisiatar óna réim, go háirithe, cúrsaí ioncaim, custam agus riaracháin.

2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha, maoin-chearta de bhua cóngais phósta, uachtanna agus comharbais;

(b) féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin;

(c) slándáil shóisialta;

(d) eadráin, ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 29(4) agus in Airteagal 33(3).

(e) oibleagáidí chothabhála a eascraíonn ó ghaol teaghlaigh, tuismíochta, pósta nó cleamhnais.

3. Sa Rialachán seo, ciallóidh an téarma 'Ballstát' na Ballstáit seachas an Danmhairg.

Airteagal 2

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) ciallóidh 'breithiúnas' aon bhreithiúnas a thug cúirt nó binse coiriúil Ballstáit, cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas, lena n-áirítear cinneadh ar chostais nó ar chaiteachas arna gcinneadh ag oifigeach den chúirt.

Chun críocha Chaibidil III, áirítear leis an téarma 'breithiúnas' bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha arna n-ordú ag cúirt a bhfuil dlínse aici maidir le substaint an ábhair de bhua an Rialacháin seo. Áirítear leis freisin bearta a ordaítear gan toghairm a chur ar an gcosantóir teacht i láthair agus atá ceaptha a bheith forghníomhaithe gan an cosantóir a sheirbheáil roimh ré, má tá sé de cheart ag an gcosantóir sin agóid a dhéanamh i gcoinne an bhirt dá éis sin faoi dhlí an Bhallstáit tionscnaimh.

(b) áireofar le 'bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha' orduithe cosanta atá dírithe ar faisnéis agus fianaise a fháil;

(c) áireofar le 'cúirt' aon údaráis arna n-ainmniú ag Ballstát mar údaráis a bhfuil dlínse acu in ábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(d) ciallaíonn 'socraíocht chúirte' socraíocht atá formheasta ag cúirt nó tugtha chun críche os comhair cúirte i gcúrsa imeachtaí;

(e) ciallaíonn 'ionstraim bharántúil' doiciméad a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraim bharántúil sa Bhallstát tionscnaimh agus a bhfuil an méid seo fíor ina leith:

(i) go mbaineann sí le síniú na hionstraime barántúla agus lena bhfuil inti, agus

(ii) gur údarás poiblí nó údarás poiblí eile arna chumhachtú chun na críche sin a bhunaigh é.

(f) ciallaíonn 'Ballstát tionscnaimh' an Ballstát, inar tugadh an breithiúnas, inar formheasadh nó inar tugadh chun críche an tsocraíocht chúirte nó inar bunaíodh an ionstraim bharántúil, de réir mar a bheidh;

(g) ciallaíonn 'Ballstát an fhorghníomhaithe' an Ballstát ina n-iarrtar forghníomhú an bhreithiúnais, na socraíochta cúirte nó na hionstraime barántúla;

(h) ciallaíonn 'cúirt tionscnaimh' an chúirt a thugann an breithiúnas atá le haithint agus le forghníomhú.

CAIBIDIL II

DLÍNSE

ROINN 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 3

1. Faoi réir an Rialacháin seo, déanfar daoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát, is cuma cén náisiúntacht atá acu, a agairt i gcúirteanna an Bhallstáit sin.

2. Daoine nach náisiúnaigh den Bhallstát ina bhfuil sainchónaí orthu, beidh siad faoi rialú ag na rialacha dlínse is infheidhme maidir le náisiúnaigh an Stáit sin.

Airteagal 4

1. Daoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát, ní féidir iad a agairt i gcúirteanna Ballstáit eile ach amháin de bhua na rialacha atá leagtha síos i Ranna 2 go 7 den Chaibidil seo.

2. Daoine nach bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát ar bith, ní féidir iad a agairt i gcúirteanna Ballstáit ach amháin de bhua na rialacha atá leagtha síos i Ranna 2 go 8 den Chaibidil seo.

Roinn 2

DLÍNSE SPEISIALTA

Airteagal 5

Beidh dlínse ag na cúirteanna seo a leanas:

1. (a) in ábhair a bhaineann le conradh, na cúirteanna na háite ina gcomhlíontar na hoibleagáide i dtrácht;

(b) chun críocha na forála seo agus mura gcomhaontófar a mhalairt, is é an áit ina gcomhlíontar na hoibleagáide:

- i gcás earraí a dhíol, an áit i mBallstát ina ndearnadh, faoin gconradh, na hearraí a sheachadadh nó inar cheart iad a bheith seachadta,

- i gcás seirbhísí a sholáthar, an áit i mBallstát ina ndearnadh, faoin gconradh, na seirbhísí a sholáthar nó inar cheart iad a bheith soláthraithe,

(c) mura mbeidh feidhm ag pointe (b), beidh feidhm ag pointe (a);

2. in ábhair a bhaineann le tort, míghníomh nó samhail mhíghnímh, cúirteanna na háite inar tharla an teagmhas díobhálach, nó ina bhféadfaidh sé tarlú;

3. maidir le cearta in rem , nó seilbh maoine sochorraithe, cúirteanna na háite ina bhfuil an mhaoin;

4. i gcás éileamh sibhialta chun damáistí nó aisíocaíocht a ghnóthú mar gheall ar shárú ba shiocair le himeachtaí coiriúla, sa chúirt ar tugadh na himeachtaí sin os a comhair, a mhéid a bhfuil dlínse ag an gcúirt sin faoina dlí féin glacadh le himeachtaí sibhialta;

5. i gcás díospóide a éiríonn as oibríochtaí brainse, gníomhaireachta nó bunaíochta eile, i gcúirteanna na háite ina bhfuil an brainse, an ghníomhaireacht nó an bhunaíocht eile;

6. ina cháil mar shocraitheoir, iontaobhaí nó tairbhí i leith iontaobhais a bunaíodh de bhun reachta nó le hionstraim i scríbhinn nó a bunaíodh de bhriathra béil agus a fianaíodh i scríbhinn, cúirteanna an Bhallstáit a bhfuil sainchónaí an iontaobhais ann;

7. i gcás díospóide maidir le híoc luach saothair a éilíodh as lasta nó lucht a tharrtháil, an chúirt ar faoina húdarás:

(a) a gabhadh an lasta nó an lucht i gceist chun an íocaíocht sin a urrú;

(b) a bhféadfaí é a ghabháil amhlaidh, ach ar tugadh bannaí nó urrús eile ina leith;

ar an gcoinníoll nach mbeidh feidhm leis an bhforáil seo ach amháin nuair a mhaítear go bhfuil leas ag an gcosantóir sa lasta nó sa lucht nó go raibh leas den sórt sin aige tráth na tarrthála.

Airteagal 6

Is féidir duine a agairt freisin:

1. i gcás ina bhfuil sainchónaí air i mBallstát agus gur duine de líon cosantóirí é, i gcúirteanna na háite a bhfuil sainchónaí ar dhuine ar bith díobh, ar an gcoinníoll go bhfuil baint chomh dlúth sin ag na héilimh le chéile go bhfuil sé fóirsteanach na cosantóirí a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí breithiúnais a bheadh ar neamhréir le chéile de thoradh imeachtaí ar leithligh;

2. mar thríú páirtí i gcaingean ar bharántas nó ráthaíocht nó in aon imeachtaí eile tríú páirtí, sa chúirt ar tugadh os a comhair na himeachtaí bunaidh, mura rud é gur tionscnaíodh iad sin d'aon toisc chun é a thabhairt amach as dlínse na cúirte ab iomchuí ina chás;

3. i gcás frithéilimh a thig den chonradh céanna nó de na fíorais chéanna ab fhoras don éileamh bunaidh, sa chúirt ina bhfuil an t-éileamh bunaidh ar feitheamh;

4. i gcás ábhar a bhaineann le conradh, más féidir an chaingean a dhéanamh i dteannta caingin i gcoinne an chosantóra chéanna in ábhair a bhaineann le cearta in rem ar mhaoin dhochorraithe, i gcúirt an Bhallstáit ina bhfuil an mhaoin.

Airteagal 7

I gcás ina mbeidh, de bhua an Rialacháin seo, dlínse ag cúirt Ballstáit i gcaingne maidir le dliteanas a thig as úsáid nó oibriú loinge, beidh dlínse freisin ag an gcúirt sin, nó ag aon chúirt eile a bheidh curtha ina hionad chun na críche sin ag dlí intíre an Bhallstáit sin, i gcás éilimh chun an dliteanas sin a theorannú.

Roinn 3

DLÍNSE IN ÁBHAIR A BHAINEANN LE h ÁRACHAS

Airteagal 8

In ábhair a bhaineann le hárachas, cinnfear dlínse de réir na Roinne seo, gan dochar do phointe 5 d'Airteagail 5.

Airteagal 9

1. Féadfar árachóir a agairt:

(a) i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí air, nó

(b) i mBallstát eile, i gcás caingne a thionscain sealbhóir an pholasaí, an t-árachaí nó an tairbhí, i gcúirteanna na háite ina bhfuil sainchónaí ar an ngearánaí,

(c) más comhárachóir é, i gcúirteanna Ballstáit ina dtionscnaítear imeachtaí i gcoinne an phríomhárachóra.

2. Árachóir nach bhfuil sainchónaí air i mBallstát ach a bhfuil brainse nó gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na Ballstáit, measfar, i gcás díospóidí a thiocfaidh ar barr de dhroim oibríochtaí an bhrainse nó na gníomhaireachta nó na bunaíochta, sainchónaí a bheith air sa Bhallstát sin.

Airteagal 10

Féadfar fairis sin an t-árachóir a agairt i gcúirteanna na háite inar tharla an teagmhas díobhálach más é a bhíonn i gceist árachas i leith dliteanais nó árachas ar mhaoin dhochorraithe. Is é an dála céanna é má chumhdaítear maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe leis an bpolasaí céanna árachais agus go dtéann an teagmhas céanna chun dochair dóibh araon.

Airteagal 11

1. I gcás árachais i leith dliteanais, féadfar mar an gcéanna, má cheadaíonn dlí na cúirte é, an t-árachóir a uamadh in imeachtaí a thionscain an duine díobhálaithe i gcoinne an árachaí.

2. Beidh feidhm ag forálacha Airteagail 8, 9 agus 10 i gcás caingne a thionscain an duine díobhálaithe go díreach i gcoinne an árachóra, má cheadaítear na caingne díreacha sin.

3. Má fhorálann an dlí maidir leis na caingne díreacha sin go bhféadfar sealbhóir an pholasaí nó an t-árachaí a uamadh mar pháirtí sa chaingean, beidh dlínse ag an gcúirt chéanna ina leith.

Airteagal 12

1. Gan dochar d'Airteagal 11(3), ní féidir leis an árachóir imeachtaí a thionscnamh ach amháin i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir, cibé acu sealbhóir an pholasaí nó an t-árachaí nó tairbhí é.

2. Ní dhéanfaidh forálacha na Roinne seo difear don cheart chun frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil, i gcomhréir leis an Roinn seo, an t-éileamh bunaidh ar feitheamh.

Airteagal 13

Ní féidir imeacht ó fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí chomhaontú:

1. a dhéanfar tar éis don díospóid a theacht ar barr, nó

2. a cheadóidh do shealbhóir an pholasaí, don árachaí nó do thairbhí imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cúirteanna a luaitear sa Roinn seo, nó

3. a chuirfear i gcrích idir sealbhóir polasaí agus árachóir, a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí orthu araon sa Bhallstát céanna tráth an chonartha a thabhairt chun críche agus arb é is éifeacht dó dlínse a thabhairt do chúirteanna an Stáit sin fiú i gcás teagmhais dhíobhálaigh a tharlú ar an gcoigríoch, ar an gcoinníoll nach bhfuil an comhaontú sin contrártha do dhlí an Stáit sin, nó

4. a dhéanfar le sealbhóir polasaí nach bhfuil sainchónaí air i mBallstát, ach amháin a mhéid atá an t-árachas éigeantach nó a bhaineann sé le maoin dhochorraithe i mBallstát, nó

5. a bhainfidh le conradh árachais a mhéid a chumhdaíonn sé fiontar amháin nó níos mó atá leagtha amach in Airteagal 14.

Airteagal 14

Is iad seo a leanas na fiontair dá dtagraítear in Airteagal 13(5):

1. aon chailleadh nó damáiste a bhainfidh:

(a) do longa farraige, do chóracha amach ón gcladach nó ar muir, nó d'aerárthaí, de dhroim guaiseanna a bhaineann lena n-úsáid chun críocha tráchtála;

(b) d'earraí seachas bagáiste paisinéirí, nuair a iompraítear iad an bealach ar fad nó cuid den bhealach i longa nó in aerárthaí den chineál sin;

2. aon dliteanas, seachas dliteanas i leith díobhála coirp do phaisinéirí nó i leith cailleadh nó damáiste a bhaint dá mbagáiste:

(a) a thig as úsáid nó oibriú long, suiteálacha nó aerárthaí dá dtagraítear i bpointe 1(a) sa mhéid, i leith an mhéid sin, nach gcuireann dlí an Bhallstáit a bhfuil na haerárthaí sin cláraithe ann toirmeasc le comhaontuithe ar dhlínse maidir le hárachú na bhfiontar sin;

(b) i leith cailleadh nó damáiste a tharlóidh trí bhíthin earraí faoi bhealach mar a luaitear i bpointe 1(b);

3. aon chailleadh airgid i ndáil le húsáid nó oibriú long, córacha nó aerárthaí dá dtagraítear i bpointe 1(a), go háirithe cailleadh last-táillí nó íocaíochta as cairtfhostú;

4. aon fhiontar nó leas a ghabhann leo sin dá dtagraítear i bpointí 1 go 3;

5. d'ainneoin phointí 1 go 4, gach 'mórfhiontar' mar a shainítear i dTreoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[17].

Roinn 4

DLÍNSE AR CHONARTHAÍ TOMHALTAIS

Airteagal 15

1. In ábhair maidir le conradh a chuir duine, an tomhaltóir, i gcrích chun críche a fhéadfar a mheas a bheith lasmuigh dá thrádáil nó dá ghairm, cinnfear dlínse leis an Roinn seo, gan dochar do phointe 5 d'Airteagail 5, más rud é:

(a) gur conradh é chun earraí a dhíol ar théarmaí creidmheasa tráthchoda; nó

(b) gur conradh é le haghaidh iasachta is iníoctha i dtráthchodanna, nó le haghaidh aon chineáil eile creidmheasa, arna dhéanamh chun díolachán earraí a mhaoiniú; nó

(c) i ngach cás eile, gur cuireadh an conradh i gcrích le duine a ghabhann do ghníomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla i mBallstát shainchónaí an tomhaltóra nó a dhéanann, ar aon slí, na gníomhaíochtaí sin a dhíriú chuig an mBallstát sin nó chuig iliomad Stát lena n-áirítear an Ballstát sin, agus go dtagann an conradh faoi réim na ngníomhaíochtaí sin.

2. I gcás tomhaltóir a dhul i gconradh le páirtí nach bhfuil sainchónaí air i mBallstát ach a bhfuil brainse nó gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na Ballstáit, measfar sainchónaí a bheith ar an bpáirtí sin sa Stát sin i gcás díospóidí a thiocfaidh ar barr de dhroim oibríochtaí an bhrainse nó na gníomhaireachta nó na bunaíochta.

3. Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le conarthaí iompair, seachas conarthaí lena ndéantar, ar phraghas iniatach, socrú maidir le teaglaim taistil agus cóiríochta.

Airteagal 16

1. Féadfaidh tomhaltóir imeachtaí a thabhairt in aghaidh an pháirtí eile i gconradh i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí sin nó sna cúirteanna san áit ina bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir.

2. Ní féidir le páirtí eile sa chonradh imeachtaí a thabhairt i gcoinne tomhaltóra ach amháin i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir.

3. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don cheart frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil an t-éileamh bunaidh ar feitheamh, i gcomhréir leis an Roinn seo.

Airteagal 17

Ní féidir imeacht ó fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí chomhaontú:

1. a dhéanfar tar éis don díospóid teacht chun cinn; nó

2. a cheadóidh don tomhaltóir imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cúirteanna a luaitear sa Roinn seo; nó

3. a dhéanfaidh an tomhaltóir agus an páirtí eile sa chonradh, agus sainchónaí nó gnáthchónaí orthu araon sa Bhallstát céanna tráth an chonartha a chur i gcrích, agus a thabharfaidh dlínse do chúirteanna an Bhallstáit sin, ar an gcoinníoll nach bhfuil an comhaontú sin contrártha le dlí an Bhallstáit sin.

Roinn 5

DLÍNSE AR CHONARTHAÍ FOSTAÍOCHTA AONAIR

Airteagal 18

1. In ábhair a bhaineann le conarthaí fostaíochta aonair, cinnfear dlínse leis an Roinn seo, gan dochar do phointe 5 d'Airteagail 5 agus Airteagal 6(1).

2. I gcás fostaí a dhul i gconradh fostaíochta aonair le fostóir nach bhfuil sainchónaí air i mBallstát ach a bhfuil brainse, gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na Ballstáit, measfar, i ndíospóidí de dhroim oibríochtaí an bhrainse, na gníomhaireachta nó na bunaíochta sainchónaí a bheith ag an bhfostóir sa Bhallstát sin.

Airteagal 19

Féadfar árachóir a agairt:

1. i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí air; nó

2. i mBallstát eile:

(a) i gcúirteanna na háite ina ndéanann sé a chuid oibre de ghnáth nó i gcúirteanna na háite deiridh ina ndearna sé amhlaidh, nó

(b) más rud é nach ndéanann, nó nach ndearna, an fostaí a chuid oibre in aon tír amháin de ghnáth, i gcúirteanna na háite ina bhfuil nó ina raibh an gnó a d'earcaigh an fostaí.

Airteagal 20

1. Ní fhéadfaidh fostóir imeachtaí a thionscnamh ach amháin i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an bhfostaí.

2. Ní dhéanfaidh forálacha na Roinne seo difear don cheart frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil, i gcomhréir leis an Roinn seo, an t-éileamh bunaidh ar feitheamh.

Airteagal 21

Ní féidir imeacht ó fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí chomhaontú:

1. a dhéanfar tar éis don díospóid teacht chun cinn; nó

2. a cheadóidh don fhostaí imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cúirteanna a luaitear sa Roinn seo.

Roinn 6

DLÍNSE EISIATACH

Airteagal 22

Beidh dlínse ag na cúirteanna seo a leanas:

1. in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh cearta in rem ar mhaoin dhochorraithe nó tionóntachtaí maoine dochorraithe, cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil an mhaoin. Mar sin féin:

(a) in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh tionóntachtaí maoine dochorraithe arna gcur i gcrích le haghaidh úsáide príobháidí sealadaí go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí as a chéile, beidh dlínse freisin ag cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir, ar an gcoinníoll gur duine nádúrtha é an tionónta agus go bhfuil sainchónaí ar an tiarna talún agus ar an tionónta sa Bhallstát céanna tráth inar cuireadh an comhaontú i gcrích nó tráth inar tionscnaíodh imeachtaí;

(b) i gcomhaontuithe maidir le tionóntachtaí áitreabh faoi choinne úsáide gairmiúla, féadfaidh páirtithe a chomhaontú go mbeidh dlínse ag cúirt nó ag cúirteanna i gcomhréir le hAirteagal 23;

2. in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh bailíocht comhdhéanaimh, neamhnithe nó díscaoilte cuideachtaí nó daoine dlítheanacha eile nó comhlachas de dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó bailíocht cinntí a thug orgáin dá gcuid, cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil an suíomh ag an gcuideachta, ag an duine dlítheanach nó ag an gcomhlachas. D'fhonn an suíomh sin a chinneadh, déanfaidh an chúirt a cuid rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a chur chun feidhme;

3. in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh bailíocht taifead i gcláir phoiblí, cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil an clár á choimeád;

4. in imeachtaí a bhaineann le clárú nó le bailíocht paitinní, trádmharcanna, dearaí, nó le cearta eile dá leithéid sin is gá a thaisceadh nó a chlárú, is cuma cé acu a tharraingítear an cheist mar chaingean nó mar chosaint[18], cúirteanna an Bhallstáit inar iarradh an taisceadh nó an clárú, nó arb ann a rinneadh é nó a mheastar faoi théarmaí ionstraim an Aontais nó coinbhinsiúin idirnáisiúnta gurb ann a rinneadh é.

Gan dochar do dhlínse Oifig na bPaitinní Eorpacha faoin gCoinbhinsiún chun paitinní Eorpacha a dheonú a síníodh in München an 5 Deireadh fómhair 1973, beidh dlínse eisiach ag cúirteanna gach Ballstáit, gan aird a thabhairt ar shainchónaí, in imeachtaí a bhaineann le clárú nó bailíocht aon phaitinne Eorpaí a deonaíodh le haghaidh an Stáit sin;

5. in imeachtaí a bhaineann le breithiúnais a fhorghníomhú, cúirteanna an Bhallstáit ina ndearnadh, nó ina ndéanfar, an breithiúnas a fhorghníomhú.

Roinn 7

DLÍNSE A IARCHUR

Airteagal 23

1. Más rud é go ndearna na páirtithe comhaontú chun dlínse a bheith ag cúirt nó ag cúirteanna Bhallstáit aon díospóidí a réiteach a tharla nó a d'fhéadfadh a tharlú i ndáil le comhbhaint dhlíthiúil áirithe, beidh dlínse ag an gcúirt sin nó ag na cúirteanna sin, mura bhfuil an comhaontú ar neamhní ó thaobh a substainte faoi dhlí an Bhallstáit sin. Beidh an dlínse sin eisiach mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe. Ní foláir comhaontú den sórt sin a thugann dlínse:

(a) a bheith i scríbhinn nó arna fhianú i scríbhinn; nó

(b) a bheith i bhfoirm atá de réir cleachtas a bhunaigh na páirtithe eatarthu féin; nó

(c) i dtrádáil nó tráchtáil idirnáisiúnta, a bheith i bhfoirm atá de réir gnáthaimh ar a bhfuil eolas nó ar cheart a bheith ar eolas ag na páirtithe agus a bhfuil aithne fhorleathan air sa trádáil nó sa tráchtáil sin agus a leantar go rialta é i measc páirtithe i gconarthaí den saghas a bhaineann leis an trádáil nó an tráchtáil áirithe atá i gceist.

2. Aon chumarsáid ar mhodh leictreonach lena dtugtar taifead buan ar an gcomhaontú, beidh sé comhionann le ‘scríbhinn’.

3. An chúirt nó na cúirteanna de chuid Ballstáit dá dtugann ionstraim iontaobhais dlínse, beidh dlínse eisiach aici nó acu in aon imeachtaí a thabharfar i gcoinne socraitheora, iontaobhaí nó tairbhí, má bhíonn comhbhaint i gceist idir na daoine sin nó a gcearta nó a n-oibleagáidí faoin iontaobhas.

4. Ní bheidh aon fheidhm dhlíthiúil ag comhaontuithe nó forálacha ionstraime iontaobhais a thugann dlínse má bhíonn siad contrártha le forálacha Airteagal 13, 17 nó 21, nó má bhíonn dlínse eisiach de bhua Airteagal 22 ag na cúirteanna a bhfuil airbheartaithe acu a ndlínse a eisiamh.

Airteagal 24

1. Amach ó na cásanna ina bhfuil dlínse aici de bhua fhorálacha eile den Rialachán seo, beidh dlínse ag cúirt Ballstáit a dtaifeadfaidh cosantóir láithreas os a comhair. Ní bheidh feidhm ag an riail seo más conspóid na dlínse ba chuspóir don láithreas a thaifeadadh, nó má bhíonn dlínse eisiatach ag cúirt eile ann de bhua Airteagal 22.

2. In ábhair dá dtagraítear i Ranna 3, 4, agus 5 den Chaibidil seo, ní mór faisnéis a bheith i ndoiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó i ndoiciméad comhionann don chosantóir maidir lena cheart dlínse na cúirte a chonspóid agus na hiarmhairtí a bhaineann le teacht i láthair. Roimh di dlínse a ghabháil chuici ar bhonn an Airteagail seo, áiritheoidh an chúirt gur tugadh an fhaisnéis sin don chosantóir.

Roinn 8

FODHLÍNSE AGUS FORUM NECESSITAS

Airteagal 25

I gcás nach bhfuil dlínse ag aon chúirt de chuid Ballstát i gcomhréir le hAirteagail 2 go 24, beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil maoin a bhaineann leis an gcosantóir, ar an gcoinníoll:

(a) nach bhfuil luach na maoine ar neamhréir le luach an éilimh; agus

(b) go bhfuil baint leordhóthanach ag an díospóid le Ballstát na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair.

Airteagal 26

I gcás nach bhfuil dlínse ag aon chúirt de chuid Ballstáit faoin Rialachán seo, féadfaidh cúirteanna Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, an cás a éisteacht má éilíonn an ceart chun trialach córa nó an ceart chun rochtana ar an gceartas é, go háirithe:

(a) más rud é nach féidir imeachtaí a thionscnamh nó a sheoladh le réasún nó nach bhféadfaí é a dhéanamh i dtríú Stát a bhfuil dlúthbhaint ag an díospóid leis; nó

(b) más rud é nach mbeadh breithiúnas arna thabhairt i dtríú Stát i dteideal aitheantais agus forghníomhú i mBallstát na cúirte ar tugadh imeachtaí os a comhair faoi dhlí an Stáit sin agus gur gá an aitheantas agus an forghníomhú sin chun a áirithiú go n-urramófar cearta an éilitheora;

agus go bhfuil baint leordhóthanach ag an díospóid le Ballstát na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair.

Roinn 9

FÍORÚ AR DHLÍNSE AGUS AR INGHLACTHACHT

Airteagal 27

I gcás ina dtabharfar éileamh os comhair cúirte Ballstáit a bhaineann go príomha le hábhar nach mbeidh aon dlínse aici ina leith faoin Rialachán seo, dearbhóidh sí uaithi féin nach bhfuil aon dlínse aici.

Airteagal 28

1. I gcás ina ndéantar cosantóir a agairt i gcúirt de chuid Ballstáit agus nach dtiocfaidh sé i láthair:

cuirfidh an chúirt bac ar na himeachtaí fad a bheifear gan a shuíomh go raibh caoi ag an gcosantóir doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a fháil in am trátha chun socrú a dhéanamh é féin a chosaint, nó go ndearnadh gach dícheall chuige sin.

2. Beidh feidhm ag Airteagal 19(1), (2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[19] in ionad fhorálacha mhír 2 más rud é gur ghá doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a tharchur ó Bhallstát amháin go Ballstát eile de bhun an Rialacháin seo.

3. I gcás nach mbeidh feidhm ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007, beidh feidhm ag Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó tráchtála a sheirbheáil thar lear, más rud é go raibh gá le doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó a chomhionann de dhoiciméad a tharchur de bhun an Choinbhinsiúin sin.

Roinn 10

LIS PENDENS – CAINGNE GAOLMHARA

Airteagal 29

1. Gan dochar d'Airteagal 32(2), i gcás ina ndéanfar imeachtaí ag a bhfuil an chúis chéanna leis an gcaingean agus idir na páirtithe céanna a thionscnamh i gcúirteanna de chuid Ballstát éagsúil, déanfaidh aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí, uaithi féin, go dtí go suífear dlínse na chéad chúirte ar tugadh os a comhair iad.

2. I gcásanna dá dtagraítear i mír 1, suífidh an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad a dlínse laistigh de shé mhí ach amháin i gcás nach féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar chúinsí eisceachtúla. Arna iarraidh sin ag aon chúirt eile ar tugadh an díospóid os a comhair, cuirfidh an chéad chúirt ar tugadh imeachtaí os a comhair i bhfios don chúirt sin an dáta ar ar tugadh imeachtaí os a comhair agus cibé an bhfuil dlínse suite aici ar an díospóid nó, ina éagmais sin, an tréimhse a mheastar is gá chun dlínse a shuíomh.

3. Má shuitear dlínse na chéad chúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair, dlífidh aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.

4. I gcás ina bhfuil suíomh na headrána atá comhaontaithe nó ainmnithe i mBallstát, déanfaidh cúirteanna Ballstáit eile a gconspóidtear a dhlínse ar bhonn comhaontú eadrána bac a chur ar imeachtaí chomh luath agus a thugtar imeachtaí os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil suíomh na headrána nó má tugadh an cás os comhair binse eadránaigh chun go gcinnfidís, mar phríomhchuspóir nó mar cheist theagmhasach, cé acu ann nó as don chomhaontú, bailíocht an comhaontuithe nó éifeachtaí an chomhaontuithe.

Ní chuirfidh an mhír seo toirmeasc ar an gcúirt a bhfuil a dlínse á conspóid dlínse a dhiúltú sa chás thuasluaite má fhorordaíonn a dlí náisiúnta amhlaidh.

I gcás ina suítear go bhfuil comhaontú eadrána ann chomh maith lena bhailíocht nó a éifeachtaí, diúltóidh an chúirt ar tugadh os a comhair imeachtaí dlínse.

Níl feidhm ag an mír seo i ndíospóidí maidir le hábhair dá dtagraítear i Ranna 3, 4, agus 5 de Chaibidil II.

Airteagal 30

1. I gcás ina mbeidh caingne gaolmhara ar feitheamh i gcúirteanna Ballstát éagsúil, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí.

2. Má bhíonn na caingne sin ar feitheamh ag an gcéad chéim, féadfaidh aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair, ar iarraidh ó cheann de na páirtithe, dlínse a dhiúltú, má bhíonn dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair ar na caingne atá i gceist.

3. Chun críocha an Airteagail seo, meastar caingne a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu le chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí breithiúnais bunoscionn le chéile de thoradh imeachtaí ar leithligh.

Airteagal 31

Má tá imeachtaí ó thaobh substainte ar feitheamh os comhair cúirte Ballstáit agus go dtugtar iarraidh ar bhearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, os comhair cúirteanna Ballstáit eile, comhoibreoidh na cúirteanna lena mbaineann d'fhonn comhordú ceart a áirithiú idir na himeachtaí ó thaobh na substainte agus an fhaoisimh shealadaigh.

Go háirithe, déanfaidh an chúirt ar tugadh iarraidh ar bhearta sealadacha lena n-áirítear bearta sealadacha os a comhair faisnéis a lorg ón gcúirt eile faoi dhálaí ábhartha uile an cháis, amhail práinne an bhirt a táthar a lorg nó aon diúltú do bheart dá leithéid ón gcuirt ar tugadh an tsubstaint os a comhair.

Airteagal 32

1. Má thagann caingne faoi dhlínse eisiach cúirteanna éagsúla, dlífidh aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.

2. Cé is moite de chomhaontuithe arna rialú ag Ranna 3, 4 agus 5 den Chaibidil seo, i gcás ina mbronnann comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 23 dlínse eisiach ar chúirt nó ar chúirteanna de chuid Ballstáit, ní bheidh dlínse ag cúirteanna Ballstát eile ar an díospóid go dtí an tráth a dhlífidh an chúirt nó na cúirteanna atá ainmnithe sa chomhaontú a ndlínse a dhiúltú.

Airteagal 33

1. Chun críocha na Roinne seo, measfar caingean a bheith tugtha os comhair cúirte:

(a) tráth a dhéantar an doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí nó doiciméad comhionann a thaisceadh leis an gcúirt, ar choinníoll nár mhainnigh an gearánaí dá éis sin na bearta a ghlacadh ba ghá dó a ghlacadh chun an tseirbheáil a chur ar an gcosantóir, nó

(b) más gá an doiciméad a sheirbheáil sula dtaiscfear leis an gcúirt é, tráth a bheidh sé faighte ag an údarás atá freagrach as an tseirbheáil, ar choinníoll nár mhainnigh an gearánaí dá éis sin na céimeanna ba ghá dó a ghlacadh chun an doiciméad a thaisceadh leis an gcúirt.

Is é an t-údarás atá freagrach as an tseirbheáil dá dtagraítear i bpointe (b) an chéad údarás a gheobhaidh na doiciméid atá le seirbheáil.

2. Déanfaidh na cúirteanna agus na húdaráis atá freagrach as an tseirbheáil dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt dá n-aird, de réir mar is infheidhme, an dáta agus an tráth a taisceadh doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó a fuarthas na doiciméid a bhí le seirbheáil.

3. Chun críocha na Roinne seo, meastar gur tugadh imeachtaí os comhair binse eadránaigh nuair a d'ainmnigh páirtí eadránaí nó nuair a d'iarr páirtí tacaíocht institiúide, údaráis nó cúirte i gcomhair chomhdhéanamh an bhinse.

Airteagal 34

1. In ainneoin na rialacha in Airteagail 3 go 7, má tá imeachtaí a ag a bhfuil an chúis chéanna leis an gcaingean agus idir na páirtithe céanna ar feitheamh os comhair cúirteanna tríú Stát tráth a thugtar imeachtaí os comhair cúirte i mBallstát, féadfaidh an chúirt sin bac a chur ar a himeachtaí más rud é:

(a) gur tugadh imeachtaí os comhair na cúirte sa tríú Stát i dtús báire;

(b) go bhféadfaí a bheith ag súil leis go dtabharfaidh an chúirt sa tríú Stát breithiúnas, laistigh de thréimhse réasúnta, agus go bhféadfaí an breithiúnas sin a aithint agus, i gcás inar infheidhme, a fhorghníomhú sa Bhallstát sin; agus

(c) go bhfuil an chúirt sásta gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le riaradh ceartais iomchuí.

2. I rith na tréimhse ina bhfuil bac curtha ar imeachtaí, ní chaillfidh an páirtí a thug imeachtaí os comhair na cúirte sa Bhallstát na sochair a bhaineann le briseadh an rúraidh nó na dtréimhsí teorann dá bhforáiltear faoi dhlí an Bhallstáit sin.

3. Féadfaidh an chúirt an bac atá curtha ar imeachtaí a urscaoileadh tráth ar bith má fhaigheann sé iarraidh ó cheachtar den dá pháirtí nó uaithi féin má chomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) go gcuirtear bac ar na himeachtaí féin i gcúirt an tríú Stát nó go bhfuil siad scortha;

(b) gur léir don chúirt nach dócha go gcuirfear na himeachtaí i gcúirt an tríú Stát i gcrích laistigh de thréimhse réasúnach;

(c) gur gá an bac atá curtha ar imeachtaí a urscaoileadh ar mhaithe le cuí-riar ceartais.

4. Déanfaidh an chúirt na himeachtaí a urscaoileadh ar iarraidh ó cheachtar den dá pháirtí nó uaithi féin, má tá imeachtaí i gcúirt an tríú Stát curtha i gcrích agus go bhfuil breithiúnas a bheadh infhorghníomhaithe sa Stát sin, nó a d'fhéadfaí a aithint agus, i gcás inar infheidhme, a fhorghníomhú sa Bhallstát, de thoradh orthu.

Roinn 11

BEARTA SEALADACHA LENA N -ÁIRÍTEAR BEARTA COSANTACHA

Airteagal 35

I gcás ina bhfuil dlínse maidir le substaint an ábhair ag cúirteanna Ballstáit, beidh dlínse ag na cúirteanna sin bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, a eisiúint a bheidh ar fáil faoi dhlí an Stáit sin.

Airteagal 36

Féadfar cibé bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, a bheidh ar fáil faoi dhlí an Stáit sin a iarraidh ar chúirteanna Ballstáit, fiú más rud é go bhfuil dlínse ag cúirteanna Ballstáit eile nó ag binse eadránach maidir le substaint an ábhair.

CAIBIDIL III

AITHINT, INFHORGHNÍOMHAITHEACHT AGUS FORGHNÍOMHÚ

Airteagal 37

1. Is é a rialaítear de bhun na Caibidle seo aithint, infhorghníomhaitheacht agus forghníomhú breithiúnas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2. Beidh feidhm ag Roinn 1 maidir le gach breithiúnas ach amháin na breithiúnais sin dá dtagraítear i mír 3.

3. Beidh feidhm ag Roinn 2 maidir le breithiúnais a thugtar i mBallstát eile

(a) maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as sáruithe príobháideachta agus ceart a bhaineann le pearsantacht, lena n-áirítear clúmhilleadh, agus

(b) in imeachtaí a bhaineann le cúiteamh i leith díobhála de dheasca cleachtas gnó neamhdhleathach a thabhairt d'iliomad páirtithe díobhálaithe agus más ceann acu seo a leanas a thionscain na himeachtaí sin:

i. comhlacht stáit,

ii. eagraíocht neamhbhrabúis arb iad an príomhchuspóir agus an phríomhghníomhaíocht aici leasanna grúpaí daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ionadú agus a chosaint, seachas ar bhonn tráchtála, trí chomhairle dlí a thabhairt dóibh nó ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann sa chúirt, nó

iii. grúpa nach mó ná dáréag éilitheoirí.

4. Gan dochar d'inniúlacht an Choimisiúin moladh a dhéanamh tráth ar bith breithiúnais a thagann faoi raon feidhme mhír 3(b) a chuimsiú faoi rialacha Roinn 1 d'fhonn cóineasú na ndlíthe náisiúnta agus forbairt dhlí an Aontais a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún, trí bliana ón tráth a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, nó níos luaithe i gcás ina bhfuil comhchuibhiú breise beartaithe aige, tuarascáil ina ndéantar athbhreithniú ar an ngá leanúnach an nós imeachta chun breithiúnais a thugtar in ábhair dá dtagraítear i mír 3(b) a aithint agus a fhorghníomhú a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Roinn 1

BREITHIÚNAIS NACH BHFUIL GÁ LE DEARBHÚ INFHORGHNÍOMHAITHEACHTA MAIDIR LEO

FOROINN 1

EXEQUATUR A DHÍOTHÚ

Airteagal 38

1. Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, déanfar breithiúnais a thugtar i mBallstát amháin a aithint sna Ballstáit eile gan gá a bheith le haon nós imeachta speisialta agus gan deis a bheith ann cur i gcoinne an aitheanta sin.

2. Beidh breithiúnas a thugtar i mBallstát amháin agus atá infhorghníomhaithe sa Stát sin infhorghníomhaithe i mBallstát eile gan gá dearbhú infhorghníomhaitheachta a fháil.

Airteagal 39

1. Maidir le páirtí atá ag iarraidh breithiúnais atá aitheanta de bhun Airteagal 38(1) a agairt i mBallstát eile, tabharfaidh sé cóip den bhreithiúnas ar aird a chomhlíonfaidh na coinníollacha is gá lena barántúlacht a shuíomh.

2. I gcás inar gá sin, féadfaidh an chúirt a ndéanfar an breithiúnas aitheanta a agairt os a comhair iarraidh ar an bpáirtí atá ag agairt an bhreithiúnais deimhniú arna eisiúint ag an gcúirt tionscnaimh a thabhairt ar aird ag úsáid na foirme atá leagtha amach in Iarscríbhinn I agus traslitriú nó aistriúchán ar inneachar na foirme a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 69.

Eiseoidh an chúirt tionscnaimh deimhniú den sórt sin freisin arna iarraidh sin ag aon pháirtí leasmhar.

3. Féadfaidh an chúirt a ndéantar an breithiúnas aitheanta a agairt os a comhair na himeachtaí iomlána nó cuid díobh a chur ar fionraí, más rud é go ndéanfar agóid i gcoinne an bhreithiúnais sa Bhallstát tionscnaimh nó i gcás iarratais ar athbhreithniú de bhun Airteagal 45 nó Airteagal 46.

Foroinn 2

FORGHNÍOMHÚ

Airteagal 40

Beidh ag gabháil le breithiúnas infhorghníomhaithe, trí oibriú an dlí, an chumhacht chun dul ar aghaidh chuig aon bhearta cosantacha atá ann faoi dhlí Bhallstát an fhorghníomhaithe.

Airteagal 41

1. Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, beidh an nós imeachta maidir le forghníomhú breithiúnas a thugtar i mBallstát eile faoi rialú dhlí Bhallstát an fhorghníomhaithe. Déanfar breithiúnas a thugtar i mBallstát agus atá infhorghníomhaithe i mBallstát an fhorghníomhaithe a chur i bhfeidhm sa Bhallstát sin faoi na coinníollacha céanna le breithiúnas a thugtar sa Bhallstát sin.

2. Ainneoin mhír 1, ní bheidh feidhm ag na forais chun forghníomhú a dhiúltú nó a chur ar fionraí faoi dhlí Bhallstát an fhorghníomhaithe a mhéid a bhaineann siad le cásanna dá dtagraítear in Airteagail 43 go 46.

Airteagal 42

1. Chun breithiúnais seachas na breithiúnais sin dá dtagraítear i mír 2 a fhorghníomhú i mBallstát eile, cuirfidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas ar fáil do na húdaráis inniúla forghníomhaithe:

(a) cóip den bhreithiúnas a chomhlíonann na coinníollacha is gá chun a bharántúlacht a shuíomh; agus

(b) an deimhniú san fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn I arna eisiúint ag an gcúirt tionscnaimh, lena ndeimhnítear go bhfuil an breithiúnas infhorghníomhaithe agus, ina mbeidh, i gcás inarb iomchuí, sliocht as an mbreithiúnas mar aon le faisnéis ábhartha faoi chostais inghnóthaithe na n-imeachtaí agus faoi ríomh an úis.

2. Chun críocha forghníomhaithe breithiúnais i mBallstát eile, breithiúnas lena n-údaraítear beart sealadach, lena n-áirítear beart cosantach, cuirfidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas ar fáil do na húdaráis inniúla forghníomhaithe:

(a) cóip den bhreithiúnas a chomhlíonann na coinníollacha is gá chun a bharántúlacht a shuíomh; agus

(b) an deimhniú san fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn I arna eisiúint ag an gcúirt tionscnaimh, ina mbeidh tuairisc ar an mbeart agus lena ndeimhneofar:

(i) go bhfuil dlínse ag an gcúirt maidir le substaint an ábhair; agus

(ii) más rud é gur ordaíodh an beart gan toghairm a chur ar an gcosantóir teacht i láthair agus gur beartaíodh an beart a fhorghníomhú gan é a sheirbheáil roimh ré ar an gcosantóir, go bhfuil sé de cheart ag an gcosantóir sin agóid a dhéanamh i gcoinne an bhirt faoi dhlí an Bhallstáit tionscnaimh.

3. Féadfaidh an t-údarás inniúil, nuair is gá sin, traslitriú nó aistriúchán ar inneachar na foirme dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus mír 2 thuas a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 69.

4. Ní gá do na húdaráis inniúla iarraidh ar an iarratasóir aistriúchán ar an mbreithiúnas a sholáthar. Féadfar aistriúchán a iarraidh, áfach, má dhéantar agóid i gcoinne fhorghníomhú an bhreithiúnais agus más léir gur gá aistriúchán a sholáthar.

Airteagal 43

Ar iarratas ón gcosantóir, diúltóidh an t-údarás inniúil i mBallstát an fhorghníomhaithe d'fhorghníomhú an bhreithiúnais, ina iomláine nó i bpáirt más rud é

(a) go bhfuil sé ar neamhréir le breithiúnas a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna i mBallstát an fhorghníomhaithe;

(b) go bhfuil sé ar neamhréir le breithiúnas a tugadh roimhe sin i mBallstát eile nó i dtríú Stát agus baint aige leis an gcúis chéanna caingne agus idir na páirtithe céanna, ar choinníoll go gcomhlíonann an breithiúnas a tugadh roimhe sin na coinníollacha is gá chun é a aithint i mBallstát an fhorghníomhaithe.

Airteagal 44

1. I gcás iarratas ar athbhreithniú de bhun Airteagal 45 nó Airteagal 46, agus ar iarratas ón gcosantóir, féadfaidh an t-údarás inniúil i mBallstát an fhorghníomhaithe

(a) na himeachtaí forghníomhaithe a theorannú do bhearta cosantacha;

(b) a chur de choinníoll ar an bhforghníomhú go dtabharfar cibé urrús a chinnfidh sé; nó

(c) forghníomhú an bhreithiúnais a chur ar fionraí ina iomláine nó i bpáirt.

2. Ar iarratas ón gcosantóir, déanfaidh an t-údarás inniúil forghníomhú an bhreithiúnais a chur ar fionraí i gcás inar cuireadh infhorghníomhaitheacht an bhreithiúnais sin ar fionraí sa Bhallstát tionscnaimh.

3. I gcás inar ordaíodh beart cosantach gan toghairm a chur ar an gcosantóir teacht i láthair agus inar forghníomhaíodh é gan é a sheirbheáil roimh ré ar an gcosantóir, féadfaidh an t-údarás inniúil, ar iarratas ón gcosantóir, an forghníomhú a chur ar fionraí más rud é go ndearna an cosantóir agóid i gcoinne an bhirt sa Bhallstát tionscnaimh.

Foroinn 3

FORÁLACHA COMHCHOITEANNA

Airteagal 45

1. I gcás cosantóra nár tháinig i láthair sa Bhallstát tionscnaimh, beidh sé de cheart aige iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú an bhreithiúnais os comhair na cúirte inniúla sa Bhallstát sin más rud é

(a) nach ndearnadh doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a sheirbheáil in am trátha agus ar dhóigh a chumasófaí an cosantóir socrú a dhéanamh é féin a chosaint; nó

(b) gur coisceadh an cosantóir an t-éileamh a chonspóid ar chúis force majeure nó de dhroim imthosca urghnácha, gan aon locht a bheith air féin;

ach amháin má theip air agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais tráth arbh fhéidir leis déanamh amhlaidh.

2. Cuirfear an t-iarratas isteach ag úsáid na foirme atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

3. Féadfar an t-iarratas a chur díreach chuig an gcúirt sin sa Bhallstát tionscnaimh atá inniúil san athbhreithniú de bhun an Airteagail seo. Féadfar an t-iarratas a chur freisin chuig an gcúirt inniúil i mBallstát an fhorghníomhaithe a dhéanfaidh an t-iarratas a aistriú gan mhoill chuig an gcúirt inniúil sa Bhallstát tionscnaimh ag úsáid an mhodha chumarsáide a fógraíodh de bhun Airteagal 87 pointe b.

4. Is go pras a dhéanfar an t-iarratas ar athbhreithniú, agus in aon chás faoi cheann 45 lá ón lá sin a cuireadh an cosantóir ar an eolas go héifeachtach faoi ábhar an bhreithiúnais agus a raibh deis aige freagairt. I gcás ina ndéanfaidh cosantóir iarratas ar athbhreithniú i dtaobh imeachtaí forghníomhaithe, mairfidh an tréimhse ama ó dháta an chéad bhirt forghníomhaithe ar a dhéanaí arb é an éifeacht leis go bhfuil maoin an chosantóra neamh-indiúscartha ina hiomláine nó i bpáirt. Measfar go bhfuil an t-iarratas déanta tráth a fhaigheann ceann de na cúirteanna dá dtagraítear i mír 3 é.

5. Más follasach go bhfuil an t-iarratas ar athbhreithniú gan bhunús, díbhfidh an chúirt an t-iarratas láithreach agus in aon chás faoi cheann 30 lá ón iarratas a fháil. I gcás den sórt sin, leanfaidh an breithiúnas de bheith i bhfeidhm.

Má chinneann an chúirt go ndlitear athbhreithniú de bharr ceann de na forais atá leagtha síos i mír 1, beidh an breithiúnas ar neamhní. Ní chaillfidh an páirtí a mbeidh an breithiúnas faighte aige os comhair na cúirte tionscnaimh, áfach, na sochair a bhaineann le briseadh an rúraidh nó na dtréimhsí teorann a fuair sé sna himeachtaí tosaigh.

6. Beidh feidhm ag an bhforáil seo in ionad Airteagal 19, mír 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007, más rud é gur ghá doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a tharchur ó Bhallstát amháin go Ballstát eile de bhun an Rialacháin sin.

Airteagal 46

1. I gcásanna seachas na cásanna sin a chumdaítear faoi Airteagal 45, beidh sé de cheart ag páirtí iarratas a dhéanamh ar aithint nó forghníomhú breithiúnais a dhiúltú i gcás nach gceadófaí aithint nó forghníomhú den sórt sin faoi na prionsabail bhunúsacha is bunús leis an gceart triail chóir a fháil.

2. Tabharfar an t-iarratas os comhair chúirt Bhallstát an fhorghníomhaithe, atá liostaithe in Iarscríbhinn III. Cinnfear dlínse áitiúil de réir na háite a bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí a n-iarrtar aithint nó forghníomhú ina choinne nó de réir áit an fhorghníomhaithe.

3. Is de réir dhlí Bhallstát an fhorghníomhaithe a rialófar an nós imeachta maidir leis an iarratas a dhéanamh.

4. Más follasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús, díbhfidh an chúirt an t-iarratas láithreach agus in aon chás faoi cheann 30 lá ón iarratas a fháil.

5. Má chinneann an chúirt gur iarratas cóir atá ann, déanfar aithint nó forghníomhú an bhreithiúnais a dhiúltú.

6. Ní fhéadfar an breithiúnas a thugtar i gcomhréir leis an Airteagal seo a chonspóid ach amháin tríd an achomharc dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV.

7. Féadfaidh an chúirt ar tugadh an t-iarratas os a comhair i gcomhréir leis an Airteagal seo bac a chur ar na himeachtaí i gcás inar taisceadh gnáthachomharc i gcoinne an bhreithiúnais sa Bhallstát tionscnaimh nó mura bhfuil an tréimhse le haghaidh achomhairc den sórt sin dulta in éag fós. I gcás nach bhfuil an tréimhse le haghaidh achomhairc den sórt sin dulta in éag, féadfaidh an chúirt an tréimhse faoinar gá achomharc den sórt sin a thaisceadh a shonrú.

8. Íocfaidh an páirtí caillteach na costais a bhaineann leis na himeachtaí faoin Airteagal seo, lena n-áirítear costais dlí an pháirtí eile.

ROINN 2

BREITHIÚNAIS A BHFUIL GÁ LE DEARBHÚ INFHORGHNÍOMHAITHEACHTA AR BHONN IDIRTHRÉIMHSEACH MAIDIR LEO

Airteagal 47

1. Déanfar breithiúnas a thugtar i mBallstát amháin maidir le hábhair dá dtagraítear in Airteagal 37(3) a aithint sna Ballstáit eile gan gá le nós imeachta speisialta chuige sin.

2. Aon pháirtí leasmhar a thabharfaidh aithint bhreithiúnais faoi thrácht mar phríomh-shaincheist i ndíospóid, féadfaidh sé, de réir an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 50 go 63, iarratas a dhéanamh ar bhreith go ndlitear an breithiúnas a aithint.

3. Má bhíonn toradh imeachtaí i gcúirt Ballstáit ag brath ar cheist theagmhasach aitheantais a chinneadh, beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.

Airteagal 48

Ní aithneofar breithiúnas:

1. má tá an aithint sin contrártha go follasach le beartas poiblí (ordre public) sa Bhallstát ina n-iarrtar an aithint;

2. más d'éagmais láithris a tugadh an breithiúnas, mura ndearnadh doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a sheirbheáil ar an gcosantóir in am trátha agus ar dhóigh a chumasófaí é socrú a dhéanamh é féin a chosaint, ach amháin má mhainnigh an cosantóir imeachtaí a thionscnamh chun agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais tráth arbh fhéidir leis déanamh amhlaidh;

3. má tá sé ar neamhréir le breithiúnas a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna sa Bhallstát ina n-iarrtar an aithint;

4. má tá sé ar neamhréir le breithiúnas a tugadh roimhe sin i mBallstát eile nó i dtríú Stát agus má tá an chúis chéanna leis an gcaingean agus idir na páirtithe céanna, ar choinníoll go gcomhlíonann an breithiúnas a tugadh roimhe sin na coinníollacha is gá chun é a aithint sa Bhallstát ina n-iarrtar an aithint.

Airteagal 49

Déanfaidh cúirt de chuid Ballstáit ina n-iarrtar aithint ar bhreithiúnas a thugtar i mBallstát eile bac a chur ar na himeachtaí má tá infhorghníomhaitheacht na breithe curtha ar fionraí sa Bhallstát tionscnaimh mar gheall ar achomharc.

Airteagal 50

Beidh breithiúnas a thugtar i mBallstát agus atá infhorghníomhaithe sa Stát sin infhorghníomhaithe i mBallstáit eile nuair a dhearbhófar, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, go bhfuil sé infhorghníomhaithe sa Bhallstát eile sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 51 go 63.

Airteagal 51

1. Déanfar iarratas ar dhearbhú infhorghníomhaitheachta a chur faoi bhráid na cúirte nó faoi bhráid údarás inniúil Bhallstát an fhorghníomhaithe ar thug an Ballstát sin fógra ina thaobh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 87 pointe d.

2. Cinnfear dlínse áitiúil de réir na háite a bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne nó de réir áit an fhorghníomhaithe.

Airteagal 52

1. Beidh an nós imeachta chun iarratas a dhéanamh ar dhearbhú infhorghníomhaitheachta faoi rialú ag dlí Bhallstát an fhorghníomhaithe.

2. Gabhfaidh na doiciméid seo a leanas leis an iarratas:

(a) cóip den bhreithiúnas a chomhlíonann na coinníollacha is gá chun a bharántúlacht a shuíomh

(b) an deimhniú a d'eisigh an chúirt nó údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh, san fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI, gan dochar d'Airteagal 53.

Airteagal 53

1. Mura dtabharfar ar aird an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 52(2)(b), féadfaidh an chúirt nó an t-údarás inniúil tréimhse a shonrú chun é a thabhairt ar aird, nó glacadh le doiciméad comhionann, nó déanamh d'éagmais an doiciméid má mheasann an chúirt nó an t-údarás inniúil go bhfuil faisnéis leordhóthanach os a comhair nó os a chomhair.

2. Sa chás dá dtagraítear i mír 1, má éilíonn an chúirt nó an t-údarás inniúil é, tabharfar aistriúchán ar na doiciméid ar aird.

Airteagal 54

Dearbhófar an breithiúnas a bheith infhorghníomhaithe gan aon athbhreithniú faoi Airteagal 48 díreach tar éis na foirmiúlachtaí in Airteagal 52 a thabhairt chun críche. Ní bheidh an páirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne i dteideal aon aighneachtaí maidir leis an iarratas a dhéanamh ag an gcéim sin de na himeachtaí.

Airteagal 55

1. Déanfar an bhreith ar an iarratas ar dhearbhú infhorghníomhaitheachta a chur in iúl láithreach don iarratasóir i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos le dlí Bhallstát an fhorghníomhaithe.

2. Déanfar an dearbhú infhorghníomhaitheachta, agus an breithiúnas ag gabháil leis, a sheirbheáil ar an bpáirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne mura mbeidh sé seirbheáilte ar an bpáirtí sin cheana féin.

Airteagal 56

1. Féadfaidh ceachtar den dá pháirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe ar an iarratas ar dhearbhú infhorghníomhaitheachta.

2. Déanfar an t-achomharc a thaisceadh le cúirt Bhallstát an fhorghníomhaithe a mbeidh fógra ina leith tugtha ag an mBallstát sin don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 87 pointe e.

3. Déileálfar leis an achomharc de réir na rialacha lena rialaítear nós imeachta in ábhair chodarsnacha.

4. Mura dtiocfaidh an páirtí i láthair a n-iarrtar an forghníomhú ina choinne os comhair na cúirte achomhairc in imeachtaí maidir le hachomharc arna dhéanamh ag an iarratasóir, beidh feidhm ag Airteagal 28 fiú mura bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí a n-iarrtar an forghníomhú ina choinne in aon cheann de na Ballstáit.

5. Déanfar achomharc i gcoinne an dearbhaithe infhorghníomhaitheachta a thaisceadh faoi cheann 30 lá ó dháta a sheirbheála. Má tá sainchónaí ar an bpáirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne i mBallstát seachas an Ballstát inar tugadh an dearbhú infhorghníomhaitheachta, beidh tréimhse 45 lá ann chun achomharc a dhéanamh agus lá na seirbheála ar an bpáirtí féin nó ag a áit chónaithe tús na tréimhse sin. Ní féidir cur leis an tréimhse mar gheall ar fhad slí.

Airteagal 57

Ní féidir an breithiúnas a thabharfar ar an achomharc a chonspóid ach amháin tríd an nós imeachta arna fhógairt ag an mBallstát lena mbaineann don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 87 pointe f.

Airteagal 58

1. An chúirt lena dtaisctear achomharc faoi Airteagal 56 nó Airteagal 57, ní dhiúltóidh sí do dhearbhú infhorghníomhaitheachta ná ní chúlghairfidh sí é ach amháin ar cheann de na forais a shonraítear in Airteagal 48.

2. Faoi réir Airteagal 56(4), an chúirt a dtugtar achomharc os a comhair faoi Airteagal 56, tabharfaidh sí a breith faoi cheann 90 lá ón dáta ar tugadh an t-achomharc os a comhair, ach amháin i gcás nach féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar chúinsí eisceachtúla.

3. An chúirt a dtugtar achomharc os a comhair faoi Airteagal 57, tabharfaidh sí a breith gan mhoill.

Airteagal 59

An chúirt lena dtaiscfear achomharc faoi Airteagal 56 nó Airteagal 57, cuirfidh sí bac ar na himeachtaí, ar iarratas ón bpáirtí a n-iarrtar an forghníomhú ina choinne, má tá infhorghníomhaitheacht na breithe curtha ar fionraí, mar gheall ar achomharc, sa Bhallstát tionscnaimh.

2. Féadfaidh an chúirt freisin é a chur de choinníoll leis an bhforghníomhú go dtabharfar don chúirt cibé urrús a chinnfidh sí.

Airteagal 60

1. I gcás nach mór breithiúnas a aithint i gcomhréir leis an Roinn seo, ní choiscfidh aon ní ar an iarratasóir leas a bhaint as bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, i gcomhréir le dlí Bhallstát an fhorghníomhaithe gan aon ghá a bheith le dearbhú infhorghníomhaitheachta faoi Airteagal 54.

2. Beidh ag gabháil leis an dearbhú infhorghníomhaitheachta, trí oibriú an dlí, an chumhacht chun dul ar aghaidh chuig aon bhearta cosantacha.

3. Le linn na tréimhse a shonraítear le haghaidh achomhairc de bhun Airteagal 56(5) i gcoinne an dearbhaithe infhorghníomhaitheachta agus go dtí go mbeidh breith tugtha ar aon achomharc den sórt sin, ní féidir aon bhearta a ghlacadh maidir leis an bhforghníomhú ach amháin bearta cosantacha i gcoinne mhaoin an pháirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne.

Airteagal 61

1. I gcás ina mbeidh breithiúnas tugtha i leith roinnt ábhar éagsúil agus nach féidir an dearbhú infhorghníomhaitheachta a thabhairt ina dtaobh go léir, tabharfaidh an chúirt nó an t-údarás inniúil é i gcás ábhair amháin nó níos mó díobh.

2. Féadfaidh iarratasóir dearbhú infhorghníomhaitheachta nach mbainfidh ach le codanna de bhreithiúnas a iarraidh.

Airteagal 62

Iarratasóir ar tugadh dó go hiomlán nó go páirteach, sa Bhallstát tionscnaimh, cúnamh dlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó chaiteachas, beidh sé i dteideal, in aon imeachtaí maidir le dearbhú infhorghníomhaitheachta, tairbhiú den chúnamh dlíthiúil is fabhraí nó den díolúine is fairsinge ó chostais nó ó chaiteachas dá bhforáiltear i ndlí Bhallstát an fhorghníomhaithe.

Airteagal 63

In imeachtaí maidir le dearbhú infhorghníomhaitheachta a eisiúint, ní fhéadfar muirear, dleacht ná táille, arna ríomh faoi threoir luach an ní atá i gceist, a thobhach i mBallstát an fhorghníomhaithe.

Roinn 3

FORÁLACHA COMHCHOITEANNA

Airteagal 64

Ní fhéadfar i gcás ar bith breithiúnas a thugtar i mBallstát a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte de sa Bhallstát sin ina n-iarratar aithint, infhorghníomhaitheacht nó forghníomhú.

Airteagal 65

An páirtí a bheidh ag lorg aithint, infhorghníomhaitheacht nó forghníomhú breithiúnais a tugadh i mBallstát eile, ní bheidh gá aige le seoladh poist ná ionadaí údaraithe i mBallstát an fhorghníomhaithe.

Airteagal 66

I gcás ina gcuimsíonn breithiúnas beart nó ordú nach eol i mBallstát an fhorghníomhaithe, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát sin, a mhéid is féidir, an beart nó an t-ordú a oiriúnú do bheart nó d'ordú is eol faoina dhlí féin a bhfuil éifeachtaí comhionanna aige agus ag a bhfuil aidhmeanna agus leasanna cosúla.

Airteagal 67

Maidir le breithiúnas a thugtar i mBallstát lena n-ordaítear íocaíocht trí bhíthin pionóis, beidh sé infhorghníomhaithe i mBallstát an fhorghníomhaithe i gcomhréir le Roinn 1 nó Roinn 2, de réir mar a bheidh. Is iad an chúirt inniúil nó an t-údarás inniúil i mBallstát an fhorghníomhaithe a chinnfidh méid na híocaíochta más rud é nár cinneadh an méid sin go críochnaitheach i gcúirteanna an Bhallstáit tionscnaimh.

Airteagal 68

Ní dhéanfar urrús, banna ná taisce, cibé tuairisc a dhéanfar orthu, a éileamh ar pháirtí a iarrann forghníomhú breithiúnais i mBallstát amháin ar an bhforas gur náisiúnach eachtrach é nó ar an bhforas nach bhfuil sainchónaí ná cónaí air i mBallstát an fhorghníomhaithe.

Airteagal 69

1. I gcás ina bhfuil gá le traslitriú nó aistriúchán faoin Rialachán seo, is go teanga oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann nó, nuair atá níos mó ná teanga amháin oifigiúil sa Bhallstát sin, go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha oifigiúla na n-imeachtaí cúirte san áit a ndéanfar breithiúnas aitheanta a agairt nó san áit ina ndéantar iarratas a dhéanfar traslitriú nó aistriúchán den sórt sin, i gcomhéir le dlí an Bhallstáit sin.

2. Ar mhaithe leis na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 39 agus Airteagal 42, féadfar traslitriú nó aistriúchán a dhéanamh freisin go dtí aon teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla eile de chuid institiúidí an Aontais a bhfuil sé tugtha le fios ag an mBallstát lena mbaineann gur féidir leis glacadh leo.

3. Is duine a bheidh cáilithe chun aistriúcháin a dhéanamh i gceann de na Ballstáit a dhéanfaidh aon aistriúchán faoin Airteagal seo.

CAIBIDIL IV

IONSTRAIMÍ BARÁNTÚLA AGUS SOCRAÍOCHTAÍ CÚIRTE

Airteagal 70

1. Déanfar ionstraim bharántúil atá infhorghníomhaithe i mBallstát amháin a fhorghníomhú sna Ballstáit eile ar an dóigh chéanna agus a fhorghníomhaítear breithiúnais i gcomhréir le Roinn 1 nó Roinn 2 de Chaibidil III faoi seach.

2. Ní foláir an ionstraim a thabharfar ar aird a bheith de réir na gcoinníollacha is gá chun a barántúlacht sa Bhallstát tionscnaimh a shuíomh. Ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh an deimhniú san fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn VII, de réir mar a bheidh, agus tabharfar achoimre ar an oibleagáid infhorghníomhaithe atá san ionstraim.

3. Beidh feidhm le forálacha Roinn 1 nó Roinn 2 de Chaibidil III, faoi seach, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 71

Déanfar socraíocht chúirte atá infhorghníomhaithe sa Bhallstát tionscnaimh a fhorghníomhú sna Ballstáit eile faoi na coinníollacha céanna agus a bhforghníomhaítear ionstraimí barántúla fúthu. Ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, eiseoidh cúirt inniúil nó údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh an deimhniú san fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn V, agus tabharfar achoimre ar an gcomhaontú idir na páirtithe.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 72

Ní bheidh gá le reachtaíocht ná le foirmiúlacht chomhchosúil eile i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

Airteagal 73

1. Chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí ar pháirtí i mBallstát ar tugadh ábhar os comhair a chúirteanna, cuirfidh an chúirt a dlí inmheánach i bhfeidhm.

2. Mura bhfuil sainchónaí ar pháirtí sa Bhallstát ar tugadh an t-ábhar os comhair a chúirteanna, déanfaidh an chúirt, chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí i mBallstát eile ar an bpáirtí, dlí an Bhallstáit sin a chur chun feidhme.

Airteagal 74

1. Chun críocha an Rialacháin seo, tá sainchónaí ar chuideachta nó ar dhuine dlítheanach eile nó ar chomhlachas de dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile:

(a) san áit a bhfuil a shuíomh nó a suíomh reachtúil aige nó aici, nó

(b) san áit a bhfuil a riarachán lárnach, nó

(c) san áit a bhfuil a phríomháit ghnó nó a príomháit ghnó aige nó aici.

2. Chun críocha na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann ciallaíonn ‘suíomh reachtúil’ an oifig chláraithe nó, i gcás nach bhfuil aon oifig den sórt sin in áit ar bith, an áit chorpraithe nó, i gcás nach bhfuil aon áit den sórt sin in áit ar bith, an áit ar faoi réir a dlí a tharla an foirmiú.

3. Chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí ar iontaobhas sa Bhallstát a bhfuil an t-ábhar os comhair a chúirteanna, cuirfidh an chúirt rialacha a dlí idirnáisiúnta phríobháidigh i bhfeidhm.

Airteagal 75

Gan dochar d'aon fhorálacha níos fabhraí i ndlíthe náisiúnta, má bhíonn daoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát á n-ionchúiseamh mar gheall ar chion neamhthoiliúil i gcúirteanna coiriúla Ballstáit eile nach náisiúnaigh dá chuid iad, féadfaidh daoine atá cáilithe chuige sin feidhmiú ar a son lena gcosaint, fiú gan iad féin teacht i láthair . Féadfaidh an chúirt ar tugadh an t-ábhar os a comhair a ordú, áfach, don duine féin teacht i láthair . I gcás nár thangthas i láthair níl sé riachtanach aithint a thabhairt ná forghníomhú a dhéanamh sna Ballstáit eile ar bhreithiúnas a tugadh sa chaingean shibhialta gan caoi a bheith ag an duine lena mbaineann an caingean socrú a dhéanamh é féin a chosaint.

Airteagal 76

1. Ní féidir feidhm iomlán a bhaint as an dlínse a shonraítear in Airteagal 6(2) agus Airteagal 11 i gcaingne ar bharántas nó ar ráthaíocht nó in aon imeachtaí eile tríú páirtí sna Ballstáit dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII ach amháin a mhéid a cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta. Féadfar duine a agairt ar fhógra tríú páirtí i gcúirteanna na mBallstát sin de bhun na rialacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, gan dochar d'Airteagal 22 agus Airteagal 23.

Tabharfaidh an chúirt a bhfuil dlínse aici de bhun an Airteagail seo a breith ar inghlacthacht fhógra an tríú páirtí.

2. Déanfar breithiúnais a thugtar i mBallstáit eile de bhua Airteagal 6(2) nó Airteagal 11 a aithint agus a fhorghníomhú sna Ballstáit dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII i gcomhréir le Caibidil III. Aithneofar freisin sna Ballstáit eile aon éifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag breithiúnais a thugtar sna Stáit sin maidir le tríú páirtithe trí chur i bhfeidhm fhorálacha mhír 1.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 77

1. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le himeachtaí dlíthiúla a thionscnófar agus le doiciméid a tharraingeofar suas go foirmiúil nó a chlárófar mar ionstraimí barántúla amhail ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

2. Imeachtaí dlíthiúla a thionscnófar agus doiciméid a tharraingeofar suas go foirmiúil nó a chlárófar mar ionstraimí barántúla roimh an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, beidh siad faoi rialú Chaibidil III, Roinn 2 agus Roinn 3.

CAIBIDIL VII

GAOL LE h IONSTRAIMÍ EILE

Airteagal 78

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo aon dochar do chur i bhfeidhm forálacha lena rialaítear dlínse ná d'aithint ná d'fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shonracha atá in ionstraimí de chuid an Aontais nó i reachtaíocht náisiúnta atá comhchuibhithe de bhun ionstraimí den sórt sin.

Airteagal 79

1. Gabhfaidh an Rialachán seo ionad Choinbhinsiún na Bruiséile idir Ballstáit, seachas maidir le críocha na mBallstát a thagann faoi raon feidhme críochach an Choinbhinsiúin sin agus nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo de bhun Airteagal 355 den Chonradh.

2. A mhéid a ghabhann an Rialachán seo ionad fhorálacha Choinbhinsiún na Bruiséile idir Ballstáit, tuigfear gur tagairt don Rialachán seo aon tagairt don Choinbhinsiún sin.

Airteagal 80

Faoi réir Airteagal 81 agus Airteagal 82, glacfaidh an Rialachán seo, idir Ballstáit, ionad na gcoinbhinsiún lena gclúdaítear na hábhair chéanna agus na hábhair a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Glacfar, go háirithe, ionad na gcoinbhinsiún a luaitear in Iarscríbhinn IX.

Airteagal 81

1. Leanfaidh na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 80 d'fheidhm a bheith leo maidir le hábhair nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.

2. Leanfaidh siad d'fheidhm a bheith leo i leith breithiúnas a tugadh agus doiciméad a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraimí barántúla roimh an 1 Márta 2002.

Airteagal 82

1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d'aon choinbhinsiún a bhfuil na Ballstáit ina bpáirtithe iontu agus a dhéanann, maidir le hábhair áirithe, rialú ar dhlínse nó ar aithint nó ar fhorghníomhú breithiúnas.

2. D'fhonn a áirithiú go dtabharfar léiriú aonfhoirmeach air, cuirfear mír 1 i bhfeidhm mar a leanas:

(a) ní chuirfidh an Rialachán seo toirmeasc ar chúirt de chuid Ballstáit, atá ina pháirtí i gcoinbhinsiún a bhaineann le hábhar áirithe, dlínse a ghabháil chuici de réir an choinbhinsiúin sin, fiú más i mBallstát eile nach bhfuil ina pháirtí sa choinbhinsiún sin atá sainchónaí ar an gcosantóir. Ar aon slí, cuirfidh an chúirt a éistfidh an chaingean Airteagal 28 den Rialachán seo i bhfeidhm.

(b) déanfar breithiúnais a thug cúirt i mBallstát i bhfeidhmiú dlínse dá bhforáiltear i gcoinbhinsiún ar ábhar áirithe a aithint agus a fhorghníomhú sna Ballstáit eile i gcomhréir leis an Rialachán seo.

I gcás ina leagann coinbhinsiún ar ábhar áirithe síos coinníollacha le breithiúnais a aithint nó a fhorghníomhú, agus inar páirtithe iad an Ballstát tionscnaimh agus an Ballstát lena ndéantar an t-iarratas araon, beidh feidhm ag na coinníollacha sin. Ar aon chuma, féadfar forálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis an nós imeachta um aithint agus a forghníomhú breithiúnas a chur i bhfeidhm.

Airteagal 83

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chomhaontuithe trínar ghabh Ballstáit orthu féin, roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo de bhun Airteagal 59 de Choinbhinsiún na Bruiséile, gan breithiúnais a aithint a tugadh, go háirithe i Stáit Chonarthacha eile sa Choinbhinsiún sin, i gcoinne cosantóirí a raibh sainchónaí nó gnáthchónaí orthu i dtríú tír más rud é, i gcásanna dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Choinbhinsiún sin, nárbh fhéidir an breithiúnas a bhunú ach amháin ar fhoras dlínse mar a shonraítear sa dara mír d'Airteagal 3 den Choinbhinsiún sin.

Airteagal 84

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh in Lugano an 30 Deireadh Fómhair 2007.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 85

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do cheart oibrithe agus fostóirí, nó a n-eagraíochtaí faoi seach, dul i mbun gníomhaíochta comhchoitinn lena gcuid leasanna a chosaint, go háirithe an ceart nó an tsaoirse dul ar stailc nó ar ghníomhaíochtaí eile, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí agus cleachtais náisiúnta.

Airteagal 86

Soláthróidh na Ballstáit faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus tráchtála a bunaíodh le Treoir 2001/470/CE[20], arna leasú le Treoir 568/2009 d'fhonn tuairisc a chur ar fáil don phobal, tuairisc ar rialacha náisiúnta agus nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le forghníomhú, lena n-áirítear údaráis atá inniúil i bhforghníomhú, faisnéis faoi aon srianta ar fhorghníomhú, go háirithe rialacha cosanta féichiúnaithe agus tréimhsí teorann nó forordaithe.

Coimeádfaidh Ballstáit an fhaisnéis sin cothrom le dáta i gcónaí.

Airteagal 87

Faoin __________ [bliain amháin sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm], cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas in iúl don Choimisiún

(a) na cúirteanna atá inniúil san athbhreithniú sa Bhallstát tionscnaimh de bhun Airteagal 45(3);

(b) an modh cumarsáide a nglactar leis sa Bhallstát tionscnaimh chun iarratais ar athbhreithniú de bhun Airteagal 45 a fháil;

(c) na cúirteanna atá inniúil i mBallstát an fhorghníomhaithe ar féidir iarratais ar athbhreithniú a chur faoina mbráid i gcomhréir le hAirteagal 45(3);

(d) na cúirteanna sin ar gá an t-iarratas ar dhearbhú infhorghníomhaitheachta a chur faoina mbráid de bhun Airteagal 51(1);

(e) na cúirteanna sin lena dtaisctear achomharc i gcoinne breithe ar an iarratas ar dhearbhú infhorghníomhaitheachta de bhun Airteagal 56(2);

(f) na cúirteanna lena dtaisctear achomharc breise de bhun Airteagal 57;

(g) na teangacha a bhfuil sé inghlactha na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 69 a aistriú isteach iontu.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar fáil don phobal trí aon mhodh is iomchuí, go háirithe tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus tráchtála a bunaíodh le Treoir 2001/470.

Airteagal 88

1. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na téacsanna lena leasaítear na liostaí atá leagtha amach in Iarscríbhinní III, IV agus IX, agus faoi aon tarraingtí siar nó leasuithe teicniúla ar na forálacha atá liostaithe in Iarscríbhinn VIII. Déanfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní lena mbaineann a oiriúnú dá réir.

2. Féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar Iarscríbhinní I, II, V, VI agus VII a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 90 go 92.

Airteagal 89

1. Tabharfar don Choimisiún go ceann tréimhse éiginnte ama na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 88(2) a ghlacadh .

2. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra i leith an méid sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

3. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 90 agus Airteagal 91 a thugtar na cumhachtaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 90

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 88(2) a chúlghairm tráth ar bith.

2. Maidir leis an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh cé acu a dhéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm nó nach ndéanfar, féachfaidh sí leis an institiúid eile agus leis an gCoimisiún a chur ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnta sula ndéanfar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir a gcúlghairme agus na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin.

3. Má chinntear an chúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí arna sonrú ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 91

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin.

2. Más rud é, ar dhul in éag don tréimhse sin, nach ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a shonrófar inti.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimhse sin, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tarmligthe, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na fáthanna atá aici agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 92

1. Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 leis an Rialachán seo. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn X.

2. Ach amháin maidir le breithiúnais dá dtagraítear in Airteagal 37(3), gabhfaidh an Rialachán seo ionad Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d'éilimh neamhchonspóidithe.

Airteagal 93

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Beidh feidhm aige amhail ón [24 mí tar éis dó teacht i bhfeidhm], amach ó Airteagal 87, a mbeidh feidhm aige amhail ón [12 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm].

Arna dhéanamh i/in/sa [...]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

DEIMHNIÚ MAIDIR LE BREITHIÚNAS IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS TRÁCHTÁLA NACH BHFUIL GÁ LE DEARBHÚ INFHORGHNÍOMHAITHEACHTA MAIDIR LEIS

Airteagail 42(1)(b) agus (2)(b) de Rialachán ___ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

1. AN CHÚIRT TIONSCNAIMH

1.1. Ainm:

1.2 Seoladh:

1.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist:

1.2.2. Áit agus cód poist:

1.2.3. Ballstát

AT □ BE □ BU □CY □ CZ □ DE □ EE □ EL □ ES □ FI □ FR □ HU □ IE □ IT □ LT □ LU □ LV □ MT □ NL □ PL □ PT □ RO □SE □ SI □ SK □ UK □

1.3. Guthán/Facs/R -phost:

2. Éilitheoir(í) [21]

2.1. SLOINNE AGUS CÉADAINM(NEACHA)/AINM NA CUIDEACHTA NÓ NA HEAGRAÍOCHTA:

2.2. Seoladh:

2.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist:

2.2.2. Áit agus cód poist:

2.2.3. Tír:

3. Cosantóir(í) [22]

3.1. SLOINNE AGUS CÉADAINM(NEACHA)/AINM NA CUIDEACHTA NÓ NA HEAGRAÍOCHTA:

3.2. Seoladh:

3.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist:

3.2.2. Áit agus cód poist:

3.2.3. Tír:

4. An Breithiúnas

4.1. Dáta agus uimhir thagartha an bhreithiúnais

4.2. Infhorghníomhaitheacht an bhreithiúnais

An bhfuil an breithiúnas infhorghníomhaithe sa Bhallstát tionscnaimh

□ Tá

□ Níl, ach amháin i gcoinne na gcosantóirí seo a leanas (tabhair sonraí):

4.3. Cineál an bhreithiúnais

□ Breithiúnas ar éileamh airgeadaíochta (téigh go 4.4.1)

□ Breithiúnas dearbhaitheach (téigh go 4.4.2)

□ Beart sealadach, lena n-áirítear beart cosantach (téigh go 4.4.3)

□ Eile (téigh go 4.4.4)

4.4. Téarmaí an bhreithiúnais agus ús

4.4.1. Breithiúnas ar éileamh airgeadaíochta

4.4.1.1. Tá sé ordaithe ag an gCúirt do ... (sloinne agus céadainm(neacha)/ainm na cuideachta nó na heagraíochta) íocaíocht a dhéanamh le ... (sloinne agus céadainm(neacha)/ainm na cuideachta nó na heagraíochta)

4.4.1.2. Airgeadra

□ euro (EUR) □ lev (BGN) □ koruna Phoblacht na Seice (CZK) □ forint (HUF) □ litas (LTL) □ lats (LVL) □ zloty (PLN) □ punt steirling (GBP) □ leu na Rómáine (RON) □ krona (SEK) □ Eile (sonraigh an cód ISO):

4.4.1.3. Príomhshuim:

- □ Suim le híoc i dtráthchuid amháin:

- □ Níl an tsuim le híoc i dtráthchuid amháin (tabhair sonraí):

4.4.1.4. Ús, nuair is infheidhme

□ Ús a dhamhtar leis an mbreithiúnas:

- Suim:_____ , nó

- ráta ... %. Ríomhfar an t-ús ón ... (dd/mm/yyyy) go dtí an ... (dd/mm/yyyy).

□ Ríomhfar an t-ús amhail ó dháta an bhreithiúnais:

- ráta ... %.

4.4.2. Breithiúnas dearbhaitheach

Tuairisc ghairid ar fhíorais an cháis agus ar rialú na cúirte[23]

4.4.3. Bearta sealadacha, lena n -áirítear bearta cosantacha

4.4.3.1. Tuairisc ghairid ar an mbeart arna ordú

4.4.3.2. Is cúirt a bhfuil dlínse aici maidir le substaint na díospóide a dhámh an beart

□ is ea, ar bhonn Airteagal __ de Rialachán ___ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000

4.4.3.3. Ar ordaíodh an beart cosantach gan toghairm a chur ar an gcosantóir teacht i láthair?

□ Níor ordaíodh

□ Ordaíodh, agus tá sé de cheart ag an gcosantóir agóid a dhéanamh i gcoinne an bhirt faoin dlí náisiúnta

4.4.4. Cineál eile breithiúnais

Tuairisc ghairid ar fhíorais an cháis agus ar rialú na cúirte[24]

4.5. Costais

4.5.1.1. Airgeadra:

□ euro (EUR) □ lev (BGN) □ koruna Phoblacht na Seice (CZK) □ forint (HUF) □ litas (LTL) □ lats (LVL) □ zloty (PLN) □ punt steirling (GBP) □ leu na Rómáine (RON) □ krona (SEK) □ Eile (sonraigh an cód ISO):

4.5.1.2. An mbeidh ar an gcosantóir costais na n-imeachtaí a íoc ina n-iomláine nó i bpáirt?

□ Beidh. Sonraigh na costais sin agus luaigh suim na gcostas atá á n-éileamh nó atá tabhaithe .

□ Táillí cúirte: …

□ Táillí dlíodóirí: ….

□ Costas ar dhoiciméad a sheirbheáil: …

□ Eile: …

□ Ní bheidh

Má cuireadh leathanaigh bhreise leis, luaigh uimhreacha na leathanach sin: …

Arna dhéanamh i/in/sa: …

Síniú agus/nó stampa na cúirte tionscnaimh:

IARSCRÍBHINN II

IARRATAS AR ATHBHREITHNIÚ

Airteagal 45(2) de Rialachán ___ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála)

1. IARRATASÓIR

1.1. Sloinne agus céadainm(neacha)/ainm na cuideachta nó na heagraíochta:

1.2. Seoladh:

1.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist:

1.2.2. Áit agus cód poist:

1.2.3. Tír:

2. An Chúirt tionscnaimh

2.1. Ainm:

2.2 Seoladh:

2.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist:

2.2.2. Áit agus cód poist:

2.2.3. Ballstát

AT □ BE □ BU □CY □ CZ □ DE □ EE □ EL □ ES □ FI □ FR □ HU □ IE □ IT □ LT □ LU □ LV □ MT □ NL □ PL □ PT □ RO □SE □ SI □ SK □ UK □

2.3. Guthán/Facs/R -phost:

3. An Breithiúnas

3.1. Dáta agus uimhir thagartha an bhreithiúnais:

4. ÉILITHEOIR(Í) IN IMEACHTAÍ NA CÚIRTE TIONSCNAIMH[25]

4.1. SLOINNE AGUS CÉADAINM(NEACHA)/AINM NA CUIDEACHTA NÓ NA HEAGRAÍOCHTA:

4.2. Seoladh:

4.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist:

4.2.2. Áit agus cód poist:

4.2.3. Tír:

5. Cosantóir(í) in imeachtaí na cúirte tionscnaimh seachas an t IARRATASÓIR[26]

5.1. SLOINNE AGUS CÉADAINM(NEACHA)/AINM NA CUIDEACHTA NÓ NA HEAGRAÍOCHTA:

5.2. Seoladh:

5.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist:

5.2.2. Áit agus cód poist:

5.2.3. Tír:

6. Iarratas ar athbhreithniú an bhreithiúnais

6.1. Taiscim anseo iarratas ar athbhreithniú ar an mbreithiúnas ós rud é gur tugadh é d'éagmais dom bheith i láthair agus (cuir tic sa bhosca cuí)

□ Ní dearnadh doiciméad tionscanta na n -imeachtaí nó doiciméad comhionann a sheirbheáil orm; nó

□ Rinneadh ceann de na doiciméid thuas a sheirbheáil orm ach níor tugadh mo dhóthain ama dom agus ní dearnadh é ar shlí a chuirfeadh ar mo chumas ullmhú don chás (tabhair sonraí); nó

□ Coisceadh mé an t-éileamh a chonspóid ar chúis force majeure nó de dhroim imthosca urghnácha, gan aon locht orm féin (tabhair sonraí);

6.2. Ní raibh an deis agam agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais

□ Fíor

Arna dhéanamh i/in/sa: …

Dáta (dd/mm/yy):

Ainm an iarratasóra nó an ionadaí údaraithe

Síniú:

IARSCRÍBHINN III

Is iad seo a leanas na cúirteanna lena bhféadfar iarratais dá dtagraítear in Airteagal 46 a thaisceadh:

sa Bheilg,

an ‘cour d’appel’ nó ‘hof van beroep’,

- sa Bhulgáir, an ‘Апелативен съд – София’,

- i bPoblacht na Seice, an chúirt achomhairc tríd an gcúirt dúiche,

- sa Ghearmáin, an ‘Oberlandesgericht’,

- san Eastóin, an ‘ringkonnakohus’,

- sa Ghréig, an ‘Εφετείο’,

- sa Spáinn, an ‘Audiencia Provincial’,

- sa Fhrainc, an ‘cour d’appel’,

- in Éirinn, an Ard-Chúirt,

- san Iodáil, an ‘corte d’appello’,

- sa Chipir, an ‘Επαρχιακό Δικαστήριο’ ,

- sa Laitvia, an ‘Apgabaltiesa’, tríd an ‘rajona (pilsētas) tiesa’,

- sa Liotuáin, an ‘Lietuvos apeliacinis teismas’,

- i Lucsamburg, an ‘Cour supérieure de Justice’, ina suí di mar chúirt achomhairc shibhialta;

- san Ungáir, an chúirt chontae (i mBúdaipeist, an Phríomh-Chúirt),

- i Málta, an ‘Qorti ta’ l-Appell’ i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos maidir le hachomhairc in Kodiċi ta’Organizzazzjoni u Proċedura Ċivili – Kap. 12 ,

- san Ísiltír, an ‘rechtbank’,

- san Ostair, an ‘Landesgericht’,

- sa Pholainn, an ‘sąd apelacyjny’ ,

- sa Phortaingéil, an ‘Tribunal da Relação’,

- sa Rómáin, an ‘Curte de Apel’,

- sa tSlóivéin, an ‘okrožno sodišče’,

- sa tSlóvaic, an chúirt achomhairc,

- san Fhionlainn, an ‘hovioikeus/hovrätt’,

- sa tSualainn, an ‘Svea hovrätt’,

- sa Ríocht Aontaithe:

(a) i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, an ‘High Court of Justice’;

(b) in Albain, an ‘Court of Session’;

(c) i dTuaisceart Éireann, an ‘High Court of Justice’;

(d) i nGiobráltar, an ‘Supreme Court of Gibraltar’.

IARSCRÍBHINN IV

Is iad seo a leanas na hachomhairc a fhéadfar a thaisceadh de bhun Airteagal 46(6):

- sa Bheilg, sa Ghréig, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil, i Lucsamburg agus san Ísiltír, achomharc chuig an gcúirt uachtarach achomhairc,

- sa Bhulgáir, ‘обжалване пред Върховния касационен съд’,

- i bPoblacht na Seice, ‘ dovolání ’ agus ‘ žaloba pro zmatečnost ’,

- sa Ghearmáin, ‘ Rechtsbeschwerde ’,

- san Eastóin, ‘ kassatsioonikaebus ’,

- in Éirinn, achomharc ar phointe dlí chuig an gCúirt Uachtarach,

- sa Chipir, achomharc chuig an gCúirt Uachtarach,

- sa Laitvia, achomharc chuig ‘Augstākās tiesas Senāts’ tríd an ‘Apgabaltiesa’,

- sa Liotuáin, achomharc chuig an ‘Lietuvos Aukščiausiasis Teismas’,

- san Ungáir, ‘felülvizsgálati kérelem’,

- san Ostair, ‘Revisionsrekurs’,

- sa Pholainn, ‘skarga kasacyjna’,

- sa Phortaingéil, achomharc ar phointe dlí,

- sa Rómáin, ‘contestație în anulare’ nó ‘revizuire’,

- sa tSlóivéin, achomharc chuig an ‘Vrhovno sodišče Republike Slovenije’,

- sa tSlóvaic, an ‘dovolanie’,

- san Fhionlainn, achomharc chuig an ‘korkein oikeus/högsta domstolen’,

- sa tSualainn, achomharc chuig an ‘Högsta domstolen’,

- sa Ríocht Aontaithe, trí aon achomharc amháin eile ar phointe dlí.

IARSCRÍBHINN V

DEIMHNIÚ MAIDIR LE hIONSTRAIM BHARÁNTÚIL NÓ SOCRAÍOCHT CHÚIRTE IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS TRÁCHTÁLA NACH BHFUIL GÁ LE DEARBHÚ INFHORGHNÍOMHAITHEACHTA MAIDIR LÉI

Airteagal 70 agus Airteagal 71 de Rialachán ___ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

1. AN CHÚIRT NÓ AN t ÚDARÁS INNIÚIL A EISEOIDH AN DEIMHNIÚ

1.1. Ainm:

1.2. Seoladh:

1.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist:

1.2.2. Áit agus cód poist:

1.2.3. Ballstát

AT □ BE □ BU □CY □ CZ □ DE □ EE □ EL □ ES □ FI □ FR □ HU □ IE □ IT □ LT □ LU □ LV □ MT □ NL □ PL □ PT □ RO □SE □ SI □ SK □ UK □

1.3. Guthán/Facs/R -phost:

2. Ionstraim bharántúil/Socraíocht chúirte

2.1. Dáta agus uimhir thagartha:

2.2. Na páirtithe san ionstraim bharántúil/sa tsocraíocht chúirte [27]:

2.2.1. Ainm(neacha) an chreidiúnaí/na gcreidiúnaithe (sloinne, céadainm/ainm na cuideachta nó na heagraíochta):

2.2.2. Ainm(neacha) an fhéichiúnaí/na bhféichiúnaithe (sloinne, céadainm/ainm na cuideachta nó na heagraíochta):

2.2.3. Ainm(neacha) páirtí/páirtithe eile, más ann dóibh (sloinne, céadainm/ainm na cuideachta nó na heagraíochta):

2.3. Téacs na hoibleagáide infhorghníomhaithe atá san ionstraim/sa tsocraíocht chúirte [28]:

Dearbhaímse, a bhfuil m'ainm leis seo thíos, go bhfuil an ionstraim bharántúil/an tsocraíocht chúirte infhorghníomhaithe sa Bhallstát tionscnaimh i gcoinne na bpáirtithe a leagtar amach i bpointe 2.2.2

Má cuireadh leathanaigh bhreise leis, luaigh uimhreacha na leathanach sin: …

Arna dhéanamh i/in/sa: …

Síniú agus/nó stampa na cúirte tionscnaimh nó an údaráis inniúil:

IARSCRÍBHINN VI

DEIMHNIÚ MAIDIR LE BREITHIÚNAS IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS TRÁCHTÁLA A BHFUIL GÁ LE DEARBHÚ INFHORGHNÍOMHAITHEACHTA MAIDIR LEIS

Airteagal 52(2)(b) de Rialachán ___ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

1. AN CHÚIRT TIONSCNAIMH

1.1. Ainm:

1.2 Seoladh:

1.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist:

1.2.2. Áit agus cód poist:

1.2.3. Ballstát

AT □ BE □ BU □CY □ CZ □ DE □ EE □ EL □ ES □ FI □ FR □ HU □ IE □ IT □ LT □ LU □ LV □ MT □ NL □ PL □ PT □ RO □SE □ SI □ SK □ UK □

1.3. Guthán/Facs/R -phost:

2. Éilitheoir(í) [29]

2.1. SLOINNE AGUS CÉADAINM(NEACHA)/AINM NA CUIDEACHTA NÓ NA HEAGRAÍOCHTA:

2.2. Seoladh:

2.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist:

2.2.2. Áit agus cód poist:

2.2.3. Tír:

3. Cosantóir (í) [30]

3.1. SLOINNE AGUS CÉADAINM(NEACHA)/AINM NA CUIDEACHTA NÓ NA HEAGRAÍOCHTA:

3.2. Seoladh:

3.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist:

3.2.2. Áit agus cód poist:

3.2.3. Tír:

4. An Breithiúnas

4.1. Dáta agus uimhir thagartha an bhreithiúnais

4.2. Infhorghníomhaitheacht an bhreithiúnais

An bhfuil an breithiúnas infhorghníomhaithe sa Bhallstát tionscnaimh

□ Tá

□ Níl, ach amháin i gcoinne na gcosantóirí seo a leanas (tabhair sonraí):

4.3. Cineál an bhreithiúnais

□ Breithiúnas ar éileamh airgeadaíochta (téigh go 4.4.1)

□ Breithiúnas dearbhaitheach (téigh go 4.4.2)

□ Beart sealadach, lena n-áirítear beart cosantach (téigh go 4.4.3)

□ Eile (téigh go 4.4.4)

4.4. Téarmaí an bhreithiúnais agus ús

4.4.1. Breithiúnas ar éileamh airgeadaíochta

4.4.1.1. Tá sé ordaithe ag an gCúirt do ... (sloinne agus céadainm(neacha)/ainm na cuideachta nó na heagraíochta) íocaíocht a dhéanamh le ... (sloinne agus céadainm(neacha)/ainm na cuideachta nó na heagraíochta

4.4.1.2. Airgeadra:

□ euro (EUR) □ lev (BGN) □ koruna Phoblacht na Seice (CZK) □ forint (HUF) □ litas (LTL) □ lats (LVL) □ zloty (PLN) □ punt steirling (GBP) □ leu na Rómáine (RON) □ krona (SEK) □ Eile (sonraigh an cód ISO):

4.4.1.3. Príomhshuim:

- □ Suim le híoc i dtráthchuid amháin:

- □ Níl an tsuim le híoc i dtráthchuid amháin (tabhair sonraí):

4.4.1.4. Ús, nuair is infheidhme

□ Ús a dhamhtar leis an mbreithiúnas:

- Suim:_____ , nó

- ráta ... %. Ríomhfar an t-ús ón ... (dd/mm/yyyy) go dtí an ... (dd/mm/yyyy).

□ Ríomhfar an t-ús amhail ó dháta an bhreithiúnais:

- ráta ... %.

4.4.2. Breithiúnas dearbhaitheach

Tuairisc ghairid ar fhíorais an cháis agus ar rialú na cúirte[31]

4.4.3. Bearta sealadacha, lena n -áirítear bearta cosantacha

4.4.3.1. Tuairisc ghairid ar an mbeart arna ordú

4.4.3.2. Is cúirt a bhfuil dlínse aici maidir le substaint na díospóide a dhámh an beart

□ is ea, ar bhonn Airteagal __ de Rialachán ___ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000

4.4.3.3. Ar ordaíodh an beart cosantach gan toghairm a chur ar an gcosantóir teacht i láthair?

□ Níor ordaíodh

□ Ordaíodh, agus tá sé de cheart ag an gcosantóir agóid a dhéanamh i gcoinne an bhirt faoin dlí náisiúnta

4.4.4. Cineál eile breithiúnais

Tuairisc ghairid ar fhíorais an cháis agus ar rialú na cúirte[32]

4.5. Costais

4.5.1.1. Airgeadra:

□ euro (EUR) □ lev (BGN) □ koruna Phoblacht na Seice (CZK) □ forint (HUF) □ litas (LTL) □ lats (LVL) □ zloty (PLN) □ punt steirling (GBP) □ leu na Rómáine (RON) □ krona (SEK) □ Eile (sonraigh an cód ISO):

4.5.1.2. An mbeidh ar an gcosantóir costais na n-imeachtaí a íoc ina n-iomláine nó i bpáirt?

□ Beidh. Sonraigh na costais sin agus tabhair suim na gcostas atá á n-éileamh nó atá tabhaithe le fios.

□ Táillí cúirte: …

□ Táillí dlíodóirí: ….

□ Costas ar dhoiciméad a sheirbheáil: …

□ Eile: …

□ Ní bheidh

Má cuireadh leathanaigh bhreise leis, luaigh uimhreacha na leathanach sin: …

Arna dhéanamh i/in/sa: …

Síniú agus/nó stampa na cúirte tionscnaimh:

IARSCRÍBHINN VII

DEIMHNIÚ MAIDIR LE hIONSTRAIM BHARÁNTÚIL NÓ SOCRAÍOCHT CHÚIRTE IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS TRÁCHTÁLA A BHFUIL GÁ LE DEARBHÚ INFHORGHNÍOMHAITHEACHTA MAIDIR LÉI

Airteagail 70 agus 71 de Rialachán ___ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

1. AN CHÚIRT NÓ AN t ÚDARÁS INNIÚIL A EISEOIDH AN DEIMHNIÚ

1.1. Ainm:

1.2 Seoladh:

1.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist:

1.2.2. Áit agus cód poist:

1.2.3. Ballstát

AT □ BE □ BU □CY □ CZ □ DE □ EE □ EL □ ES □ FI □ FR □ HU □ IE □ IT □ LT □ LU □ LV □ MT □ NL □ PL □ PT □ RO □SE □ SI □ SK □ UK □

1.3. Guthán/Facs/R -phost:

2. Ionstraim bharántúil/Socraíocht chúirte

2.1. Dáta agus uimhir thagartha:

2.2. Na páirtithe san ionstraim bharántúil/sa tsocraíocht chúirte [33]:

2.2.1. Ainm(neacha) an chreidiúnaí/na gcreidiúnaithe (sloinne, céadainm/ainm na cuideachta nó na heagraíochta):

2.2.2. Ainm(neacha) an fhéichiúnaí/na bhféichiúnaithe (sloinne, céadainm/ainm na cuideachta nó na heagraíochta):

2.2.3. Ainm(neacha) páirtí/páirtithe eile, más ann dóibh (sloinne, céadainm/ainm na cuideachta nó na heagraíochta):

2.3. Téacs na hoibleagáide infhorghníomhaithe atá san ionstraim/sa tsocraíocht chúirte [34]:

Dearbhaímse, a bhfuil m'ainm leis seo thíos, go bhfuil an ionstraim bharántúil/an tsocraíocht chúirte infhorghníomhaithe sa Bhallstát tionscnaimh i gcoinne na bpáirtithe a leagtar amach i bpointe 2.2.2

.

Má cuireadh leathanaigh bhreise leis, luaigh uimhreacha na leathanach sin: …

Arna dhéanamh i/in/sa: …

Síniú agus/nó stampa na cúirte tio nscnaimh nó an údaráis inniúil:

IARSCRÍBHINN VIII

Na Ballstáit agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 76 de Rialachán ___ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

Is iad seo a leanas na Ballstáit agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 76:

An Ghearmáin: Airteagail 68, 72, 73 agus 74 de chód an nós imeachta shibhialta (Zivilprozessordnung) maidir le fógraí tríú páirtí,—

An Eastóin: Airteagal 214(3) agus (4) agus Airteagal 216 de chód an nós imeachta shibhialta (tsiviilkohtumenetluse seadustik) maidir le fógraí tríú páirtí,—

An Laitvia: Airteagail 78, 79, 80 agus 81 de chód an nós imeachta shibhialta (Civilprocesa likums) maidir le fógraí tríú páirtí,—

An Liotuáin: Airteagal 47 de chód an nós imeachta shibhialta (Civilinio proceso kodeksas),—

An Ungáir: Airteagail 58 go 60 de chód an nós imeachta shibhialta (Polgári perrendtartás) maidir le fógraí tríú páirtí,—

An Ostair: Airteagal 21 de chód an nós imeachta shibhialta (Zivilprozessordnung) maidir le fógraí tríú páirtí,—

An Pholainn: Airteagail 84 agus 85 de chód an nós imeachta shibhialta (Kodeks postępowania cywilnego) maidir le fógraí tríú páirtí (przypozwanie),—

An tSlóivéin: Airteagal 204 de chód an nós imeachta shibhialta (Zakon o pravdnem postopku) maidir le fógraí tríú páirtí.

IARSCRÍBHINN IX

Na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán ___ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

Is iad seo a leanas na coinbhinsiúin a ngabhfaidh an Rialachán seo a n-ionad de bhun Airteagal 80 de:

- an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Fhrainc ar dhlínse agus ar bhailíocht agus forghníomhú breithiúnas, dámhachtaintí eadrána agus ionstraimí barántúla, a síníodh i bPáras an 8 Iúil 1899,

- an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Ísiltír ar dhlínse, ar fhéimheacht, agus ar bhailíocht agus forghníomhú breithiúnas, dámhachtaintí eadrána agus ionstraimí barántúla, a síníodh sa Bhruiséil an 28 Márta 1925,

- an Coinbhinsiún idir an Fhrainc agus an Iodáil ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 3 Meitheamh 1930,

- an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na Fraince ag déanamh socrú d'fhorghníomhú frithpháirteach breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, maille le Prótacal, a síníodh i bPáras an 18 Eanáir 1934,

- an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Ríocht na Beilge ag déanamh socrú d'fhorghníomhú frithpháirteach breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, maille le Prótacal, a síníodh sa Bhruiséil an 2 Bealtaine 1934,

- an Coinbhinsiún idir an Ghearmáin agus an Iodáil ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 9 Márta 1936,

- an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Ostair le haghaidh breithiúnas agus ionstraimí barántúla a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála a aithint agus a fhorghníomhú go frithpháirteach, a síníodh i Vín an 25 Deireadh Fómhair 1957,

- an Coinbhinsiún idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Ríocht na Beilge ar aithint agus forghníomhú breithiúnas, dámhachtaintí eadrána agus ionstraimí barántúla go cómhalartach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh in Bonn an 30 Meitheamh 1958,

- an Coinbhinsiún idir an Ísiltír agus an Iodáil ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 17 Aibreán 1959,

- an Coinbhinsiún idir an Ghearmáin agus an Ostair le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas, socraíochtaí agus ionstraimí barántúla go frithpháirteach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i Vín an 6 Meitheamh 1959,

- an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Ostair le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas, dámhachtainí eadrána agus ionstraimí barántúla go frithpháirteach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i Vín an 16 Meitheamh 1959,

- an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas go frithpháirteach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh in Bonn an 14 Iúil 1960,

- an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus an Ostair lena bhforáiltear le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas go frithpháirteach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i Vín an 14 Iúil 1961, maille le Prótacal leasaitheach a síníodh i Londain an 6 Márta 1970,

- an Coinbhinsiún idir Ríocht na Gréige agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas, socraíochtaí agus ionstraimí barántúla go frithpháirteach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh san Aithin an 4 Samhain 1961,

- an Coinbhinsiún idir Ríocht na Beilge agus Poblacht na hIodáile ar aithint agus forghníomhú breithiúnas agus ionstraimí infhorghníomhaithe eile in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 6 Aibreán 1962,

- an Coinbhinsiún idir Ríocht na hÍsiltíre agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine ar aithint agus forghníomhú breithiúnas agus ionstraimí infhorghníomhaithe eile go cómhalartach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Háig an 30 Lúnasa 1962,

- an Coinbhinsiún idir an Ísiltír agus an Ostair ar aithint agus forghníomhú breithiúnas agus ionstraimí barántúla go frithpháirteach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Háig an 6 Feabhra 1963,

- an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hIodáile le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas go frithpháirteach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 7 Feabhra 1964, maille le Prótacal leasaitheach a síníodh sa Róimh an 14 Iúil 1970,

- an Coinbhinsiún idir an Fhrainc agus an Ostair le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas agus ionstraimí barántúla in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i Vín an 15 Iúil 1966,

- an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Ríocht na hÍsiltíre ag déanamh socrú d'aithint agus d'fhorghníomhú breithiúnas go frithpháirteach in ábhair shibhialta, a síníodh sa Háig an 17 Samhain 1967,

- an Coinbhinsiún idir an Spáinn agus an Fhrainc le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas agus dámhachtainí eadrána in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i bPáras an 28 Bealtaine 1969,

- an Coinbhinsiún idir Lucsamburg agus an Ostair le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas agus ionstraimí barántúla in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i Lucsamburg an 29 Iúil 1971,

- an Coinbhinsiún idir an Iodáil agus an Ostair le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, socraíochtaí breithiúnacha agus ionstraimí barántúla, a síníodh sa Róimh an 16 Samhain 1971,

- an Coinbhinsiún idir an Spáinn agus an Iodáil maidir le cúnamh dlíthiúil agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i Maidrid an 22 Bealtaine 1973,

- an Coinbhinsiún idir an Danmhairg, an Fhionlainn, an Íoslainn, an Iorua agus an tSualainn ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta, a síníodh i gCóbanhávan an 11 Deireadh Fómhair 1977,

- an Coinbhinsiún idir an Ostair agus an tSualainn ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta, a síníodh i Stócólm an 16 Meán Fómhair 1982,

- an Coinbhinsiún idir an Spáinn agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine ar aithint agus forghníomhú breithiúnas, socraíochtaí agus ionstraimí barántúla infhorghníomhaithe in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh in Bonn an 14 Samhain 1983,

- an Coinbhinsiún idir an Ostair agus an Spáinn le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas, socraíochtaí agus ionstraimí barántúla infhorghníomhaithe in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i Vín an 17 Feabhra 1984,

- an Coinbhinsiún idir an Fhionlainn agus an Ostair ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta, a síníodh i Vín an 17 Samhain 1986,

- an Conradh idir an Bheilg, an Ísiltír agus Lucsamburg ar dhlínse, ar fhéimheacht, agus ar bhailíocht agus forghníomhú breithiúnas, dámhachtaintí eadrána agus ionstraimí barántúla, a síníodh sa Bhruiséil an 24 Samhain 1961, a mhéid atá sé i bhfeidhm,

- an Coinbhinsiún idir Poblacht na Seice agus an Phortaingéil ar aithint agus forghníomhú breitheanna cúirte, a síníodh i Liospóin an 23 Samhain 1927, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice agus an Phortaingéil,

- an Coinbhinsiún idir Daon-Phoblacht Chónaidhmitheach na hIúgslaive agus Poblacht na hOstaire ar chomhar breithiúnach cómhalartach, a síníodh i Vín an 16 Nollaig 1954,

- an Coinbhinsiún idir Daon-Phoblacht na Polainne agus Daon-Phoblacht na hUngáire maidir le cúnamh dlí in ábhair shibhialta, teaghlaigh agus choiriúla, a síníodh i mBúdaipeist an 6 Márta 1959,

- an Coinbhinsiún idir Daon-Phoblacht Chónaidhmitheach na hIúgslaive agus Ríocht na Gréige ar aithint agus forghníomhú breithiúnas go cómhalartach, a síníodh san Aithin an 18 Meitheamh 1959,

- an Coinbhinsiún idir Daon-Phoblacht na Polainne agus Daon-Phoblacht Chónaidhmitheach na hIúgslaive maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus choiriúla, a síníodh i Vársá an 6 Feabhra 1960, atá i bhfeidhm anois idir an Pholainn agus an tSlóivéin,

- an Comhaontú idir Daon-Phoblacht Chónaidhmitheach na hIúgslaive agus Poblacht na hOstaire ar aithint agus forghníomhú dámhachtainí eadrána agus socraíochtaí eadrána go cómhalartach in ábhair tráchtála, a síníodh i mBéalgrád an 18 Márta 1960,

- an Comhaontú idir Daon-Phoblacht Chónaidhmitheach na hIúgslaive agus Poblacht na hOstaire ar aithint agus forghníomhú breitheanna go cómhalartach in ábhair ailiúnais, a síníodh i Vín an 10 Deireadh Fómhair 1961,

- an Coinbhinsiún idir an Pholainn agus an Ostair ar chaidreamh cómhalartach in ábhair shibhialta agus ar dhoiciméid, a síníodh i Vín an 11 Nollaig 1963,

- an Conradh idir Poblacht Shóisialach na Seicslóvaice agus Poblacht Chónaidhme Shóisialach na hIúgslaive ar shocrú caidrimh dhlíthiúil in ábhair shibhialta, teaghlaigh agus choiriúla, a síníodh i mBéalgrád an 20 Eanáir 1964, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus an tSlóivéin,

- an Conradh idir an Pholainn agus an Fhrainc maidir leis an dlí is infheidhme, dlínse agus forghníomhú breithiúnas i réimse an dlí phearsanta agus teaghlaigh, a tugadh i gcrích i Vársá an 5 Aibreán 1967,

- an Coinbhinsiún idir rialtas na hIúgslaive agus rialtas na Fraince ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i bPáras an 18 Bealtaine 1971,

- an Coinbhinsiún idir Poblacht Chónaidhme Shóisialach na hIúgslaive agus Ríocht na Beilge ar aithint agus forghníomhú breitheanna cúirte in ábhair ailiúnais, a síníodh i mBéalgrád an 12 Nollaig 1973,

- an Coinbhinsiún idir an Ungáir agus an Ghréig maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus choiriúla, a síníodh i mBúdaipeist an 8 Deireadh Fómhair 1979,

- an Coinbhinsiún idir an Pholainn agus an Ghréig maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus choiriúla, a síníodh san Aithin an 24 Deireadh Fómhair 1979,

- an Coinbhinsiún idir an Ungáir agus an Fhrainc ar chúnamh dlíthiúil sa dlí sibhialta agus teaghlaigh, ar aithint agus forghníomhú breitheanna agus ar chúnamh dlí in ábhair choiriúla agus ar eiseachadadh, a síníodh i mBúdaipeist an 31 Iúil 1980,

- an Conradh idir Poblacht Shóisialach na Seicslóvaice agus an Phoblacht Heilléanach ar chúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus choiriúla, a síníodh san Aithin an 22 Deireadh Fómhair 1980, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus an Ghréig,

- an Coinbhinsiún idir Poblacht na Cipire agus Daon-Phoblacht na hUngáire maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus choiriúla, a síníodh sa Niocóis an 30 Samhain 1981,

- an Conradh idir Poblacht Shóisialach na Seicslóvaice agus Poblacht na Cipire maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus choiriúla, a síníodh sa Niocóis an 23 Aibreán 1982, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus an Chipir,

- an Comhaontú idir Poblacht na Cipire agus Poblacht na Gréige maidir le comhar dlíthiúil in ábhair an dlí shibhialta, teaghlaigh, tráchtála agus choiriúil, a síníodh sa Niocóis an 5 Márta 1984,

- an Conradh idir rialtas Phoblacht Shóisialach na Seicslóvaice agus rialtas Phoblacht na Fraince ar chúnamh dlíthiúil agus ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta, teaghlaigh agus tráchtála, a síníodh i bPáras an 10 Bealtaine 1984, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus an Fhrainc,

- an Comhaontú idir Poblacht na Cipire agus Poblacht Chónaidhme Shóisialach na hIúgslaive maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus choiriúla, a síníodh sa Niocóis an 19 Meán Fómhair 1984, atá fós i bhfeidhm idir an Chipir agus an tSlóivéin,

- an Conradh idir Poblacht Shóisialach na Seicslóvaice agus Poblacht na hIodáile maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus choiriúla, a síníodh i bPrág an 6 Nollaig 1985, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus an Iodáil,

- an Conradh idir Poblacht Shóisialach na Seiceslóvaice agus Ríocht na Spáinne ar chúnamh dlíthiúil, aithint agus forghníomhú breitheanna cúirte in ábhair shibhialta, a síníodh i Maidrid an 4 Bealtaine 1987, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus an Spáinn,

- an Conradh idir Poblacht Shóisialach na Seiceslóvaice agus Daon-Phoblacht na Polainne ar chúnamh dlíthiúil agus ar shocrú caidrimh dhlíthiúil in ábhair shibhialta, teaghlaigh, saothair agus choiriúla, a síníodh i Vársá an 21 Nollaig 1987, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus an Pholainn,

- an Conradh idir Poblacht Shóisialach na Seiceslóvaice agus Daon-Phoblacht na hUngáire ar chúnamh dlíthiúil agus ar shocrú caidrimh dhlíthiúil in ábhair shibhialta, teaghlaigh agus choiriúla, a síníodh sa Bhratasláiv an 28 Márta 1989, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus an Ungáir,

- an Coinbhinsiún idir an Pholainn agus an Iodáil ar chúnamh breithiúnach agus ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta, a síníodh i Vársá an 28 Aibreán 1989,

- an Conradh idir Poblacht na Seice agus Poblacht na Slóvaice ar chúnamh dlíthiúil arna thabhairt ag comhlachtaí breithiúnacha agus ar shocrú caidrimh dhlíthiúil áirithe in ábhair shibhialta agus choiriúla, a síníodh i bPrág an 29 Deireadh Fómhair 1992,

- an Comhaontú idir Poblacht na Laitvia, Poblacht na hEastóine agus Poblacht na Liotuáine maidir le cúnamh dlíthiúil agus comhbhaintí dlíthiúla, a síníodh i dTaillinn an 11 Samhain 1992,

- an Comhaontú idir Poblacht na Polainne agus Poblacht na Liotuáine maidir le cúnamh dlíthiúil agus comhbhaintí dlíthiúla in ábhair shibhialta, teaghlaigh, saothair agus choiriúla, a síníodh i Vársá an 26 Eanáir 1993,

- an Comhaontú idir Poblacht na Laitvia agus Poblacht na Polainne maidir le cúnamh dlíthiúil agus comhbhaintí dlíthiúla in ábhair shibhialta, teaghlaigh, saothair agus choiriúla, a síníodh i Ríge an 23 Feabhra 1994,

- an Comhaontú idir Poblacht na Cipire agus Poblacht na Polainne maidir le comhar dlíthiúil in ábhair shibhialta agus choiriúla, a síníodh sa Niocóis an 14 Samhain 1996, agus

- an Comhaontú idir an Eastóin agus an Pholainn maidir le cúnamh dlíthiúil a thabhairt agus comhbhaintí dlíthiúla in ábhair shibhialta, shaothair agus choiriúla, a síníodh i dTaillinn an 27 Samhain 1998,

- an Coinbhinsiún idir an Bhulgáir agus an Bheilg maidir le hábhair bhreithiúnacha áirithe, a síníodh i Sóifia an 2 Iúil 1930,

- an Comhaontú idir Daon-Phoblacht na Bulgáire agus Daon-Phoblacht Chónaidhmitheach na hIúgslaive ar chúnamh dlíthiúil cómhalartach, a síníodh i Sóifia an 23 Márta 1956, atá fós i bhfeidhm idir an Bhulgáir agus an tSlóivéin,

- an Conradh idir Daon-Phoblacht na Rómáine agus Daon-Phoblacht na hUngáire maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta, teaghlaigh agus choiriúla, a síníodh i mBúcairist an 7 Deireadh Fómhair 1958,

- an Conradh idir Daon-Phoblacht na Rómáine agus Poblacht na Seicslóvaice maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta, teaghlaigh agus choiriúla, a síníodh i bPrág an 25 Deireadh Fómhair 1958, atá fós i bhfeidhm idir an Rómáin agus an tSlóvaic,

- an Conradh idir Daon-Phoblacht na Bulgáire agus Daon-Phoblacht na Rómáine maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta, teaghlaigh agus choiriúla, a síníodh i Sóifia an 3 Nollaig 1958,

- an Conradh idir Daon-Phoblacht na Rómáine agus Daon-Phoblacht Chónaidhmitheach na hIúgslaive ar chúnamh dlíthiúil, a síníodh i mBéalgrád an 18 Deireadh Fómhair 1960 maille le Prótacal, atá fós i bhfeidhm idir an Rómáin agus an tSlóivéin,

- an Comhaontú idir Daon-Phoblacht na Bulgáire agus Daon-Phoblacht na Polainne maidir le cúnamh dlíthiúil agus comhbhaintí dlíthiúla in ábhair shibhialta, teaghlaigh agus choiriúla, a síníodh i Vársá an 4 Nollaig 1961,

- an Coinbhinsiún idir Poblacht Shóisialach na Rómáine agus Poblacht na hOstaire ar chúnamh dlíthiúil sa dlí sibhialta agus teaghlaigh agus ar bhailíocht agus seirbheáil doiciméad maille le Prótacal, a síníodh i Vín an 17 Samhain 1965,

- an Comhaontú idir Daon-Phoblacht na Bulgáire agus Daon-Phoblacht na hUngáire maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta, teaghlaigh agus choiriúla, a síníodh i Sóifia an 16 Bealtaine 966,

- an Coinbhinsiún idir Poblacht Shóisialach na Rómáine agus an Phoblacht Heilléanach maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus choiriúla maille le Prótacal, a síníodh i mBúcairist an 19 Deireadh Fómhair 1972,

- an Coinbhinsiún idir Poblacht Shóisialach na Rómáine agus Poblacht na hIodáile maidir le cúnamh breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla, a síníodh i mBúcairist an 11 Samhain 1972,

- an Coinbhinsiún idir Poblacht Shóisialach na Rómáine agus Poblacht na Fraince maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i bPáras an 5 Samhain 1974,

- an Coinbhinsiún idir Poblacht Shóisialach na Rómáine agus Ríocht na Beilge maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i mBúcairist an 30 Deireadh Fómhair 1975,

- an Comhaontú idir Daon-Phoblacht na Bulgáire agus an Phoblacht Heilléanach maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus choiriúla, a síníodh san Aithin an 10 Aibreán 1976,

- an Comhaontú idir Daon-Phoblacht na Bulgáire agus Poblacht Shóisialach na Seicslóvaice maidir le cúnamh dlíthiúil agus socrú caidrimh in ábhair shibhialta, teaghlaigh agus choiriúla, a síníodh i Sóifia an 25 Samhain 1976,

- an Coinbhinsiún idir Poblacht Shóisialach na Rómáine agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i Londain an 15 Meitheamh 1978,

- Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún idir Poblacht Shóisialach na Rómáine agus Ríocht na Beilge maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i mBúcairist an 30 Deireadh Fómhair 1979,

- an Coinbhinsiún idir Poblacht Shóisialach na Rómáine agus Ríocht na Beilge ar aithint agus forghníomhú breitheanna in ábhair ailiúnais, a síníodh i mBúcairist an 30 Deireadh Fómhair 1979,

- an Coinbhinsiún idir Poblacht Shóisialach na Rómáine agus Ríocht na Beilge ar aithint agus forghníomhú breitheanna colscartha, a síníodh i mBúcairist an 6 Samhain 1980,

- an Comhaontú idir Daon-Phoblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus choiriúla, a síníodh sa Niocóis an 29 Aibreán 1983,

- an Comhaontú idir rialtas Dhaon-Phoblacht na Bulgáire agus rialtas Phoblacht na Fraince maidir le cúnamh dlíthiúil cómhalartach in ábhair shibhialta, a síníodh i Sóifia an 18 Eanáir 1989,

- an Comhaontú idir Daon-Phoblacht na Bulgáire agus Poblacht na hIodáile maidir le cúnamh dlíthiúil agus forghníomhú breitheanna in ábhair shibhialta, a síníodh sa Róimh an 18 Bealtaine 1990,

- an Comhaontú idir Poblacht na Bulgáire agus Ríocht na Spáinne maidir le cúnamh dlíthiúil cómhalartach in ábhair shibhialta, a síníodh i Sóifia an 23 Bealtaine 1993,

- an Conradh idir an Rómáin agus Poblacht na Seice maidir le cúnamh breithiúnach in ábhair shibhialta, a síníodh i mBúcairist an 11 Iúil 1994,

- an Coinbhinsiún idir an Rómáin agus Ríocht na Spáinne ar dhlínse, ar aithint agus ar fhorghníomhú breitheanna in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i mBúcairist an 17 Samhain 1997,

- an Coinbhinsiún idir an Rómáin agus Ríocht na Spáinne — forlíontach ar Choinbhinsiún na Háige a bhaineann leis an dlí um nós imeachta sibhialta (an Háig, 1 Márta 1954), a síníodh i mBúcairist an 17 Samhain 1997,

- an Conradh idir an Rómáin agus Poblacht na Polainne maidir le cúnamh dlíthiúil agus comhbhaintí dlíthiúla i gcásanna sibhialta, a síníodh i mBúcairist an 15 Bealtaine 1999.

IARSCRÍBHINN X

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle (IO L012, 16.1.2001) |

Rialachán (CE) Uimh. 1496/2002 ón gCoimisiún (IO L 225, 22.8.2002, lch. 13) |

Pointe 18(A)(3) d'Iarscríbhinn II a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 (IO L 236, 23.9.2003, lch. 561) |

Rialachán (CE) Uimh. 1937/2004 ón gCoimisiún (IO L 334, 10.11.2004, lch. 3) |

Rialachán (CE) Uimh. 2245/2004 ón gCoimisiún (IO L 381, 28.12.2004, lch. 10) |

Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1) | Iarscríbhinn, pointe 11(A)(2) amháin |

Rialachán (CE) Uimh. 1103/2008 (IO L 304, 14.11.2008, lch. 80) | Iarscríbhinn, pointe 1 amháin |

Rialachán (CE) Uimh. 280/2009 ón gCoimisiún (IO L 093, 7.4.2009, lch. 13) |

Rialachán (CE) Uimh. 416/2010 ón gCoimisiún (IO L 119, 13.5.2010, lch. 7) |

_____________

IARSCRÍBHINN XI

AN TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 | An Rialachán seo |

Airteagal 1(1) | Airteagal 1(1) |

Airteagal 1(2), na focail tosaigh | Airteagal 1(2), na focail tosaigh |

Airteagal 1(2)(a) go (d) | Airteagal 1(2)(a) go (d) |

________ | Airteagal 1(2)(e) |

Airteagal 1(3) | Airteagal 1(3) |

________ | Airteagal 2 |

Airteagal 2 | Airteagal 3 |

Airteagal 3(1) | Airteagal 4(1) |

Airteagal 3(2) | ________ |

________ | Airteagal 4(2) |

Airteagal 4 | ________ |

Airteagal 5, na focail tosaigh | Airteagal 5, na focail tosaigh |

Airteagal 5(1) | Airteagal 5(1) |

Airteagal 5(2) | ________ |

Airteagal 5(3) | Airteagal 5(2) |

________ | Airteagal 5(3) |

Airteagal 5(4) agus (7) | Airteagal 5(4) agus (7) |

Airteagal 6 | Airteagal 6 |

Airteagal 7 | Airteagal 7 |

Airteagal 8 | Airteagal 8 |

Airteagal 9 | Airteagal 9 |

Airteagal 10 | Airteagal 10 |

Airteagal 11 | Airteagal 11 |

Airteagal 12 | Airteagal 12 |

Airteagal 13 | Airteagal 13 |

Airteagal 14 | Airteagal 14 |

Airteagal 15 | Airteagal 15 |

Airteagal 16 | Airteagal 16 |

Airteagal 17 | Airteagal 17 |

Airteagal 18 | Airteagal 18 |

Airteagal 19 | Airteagal 19 |

Airteagal 20 | Airteagal 20 |

Airteagal 21 | Airteagal 21 |

Airteagal 22, na focail tosaigh | Airteagal 22, na focail tosaigh |

Airteagal 22(1) | Airteagal 22(1)(a) |

________ | Airteagal 22(1)(b) |

Airteagal 22(2) agus (5) | Airteagal 22(2) agus (5) |

Airteagal 23(1) agus (2) | Airteagal 23(1) agus (2) |

Airteagal 23(3) | ________ |

Airteagal 23(4) agus (5) | Airteagal 23(3) agus (4) |

Airteagal 24 | Airteagal 24(1) |

________ | Airteagal 24(2) |

________ | Airteagal 25 |

________ | Airteagal 26 |

Airteagal 25 | Airteagal 27 |

Airteagal 26(1) agus (2) | Airteagal 28(1) |

Airteagal 26(3) agus (4) | Airteagal 28(2) agus (3) |

Airteagal 27(1) | Airteagal 29(1) |

________ | Airteagal 29(2) |

Airteagal 27(2) | Airteagal 29(3) |

________ | Airteagal 29(4) |

Airteagal 28 | Airteagal 30 |

________ | Airteagal 31 |

Airteagal 29 | Airteagal 32(1) |

________ | Airteagal 32(2) |

Airteagal 30 | Airteagal 33(1)(a) agus (b) |

________ | Airteagal 33(1), an dara fomhír |

________ | Airteagal 33(2) agus (3) |

________ | Airteagal 34 |

________ | Airteagal 35 |

Airteagal 31 | Airteagal 36 |

Airteagal 32 | Airteagal 2(a) |

________ | Airteagal 37 |

________ | Airteagal 38 |

________ | Airteagal 39 |

________ | Airteagal 40 |

________ | Airteagal 41 |

________ | Airteagal 42 |

________ | Airteagal 43 |

________ | Airteagal 44 |

________ | Airteagal 45 |

________ | Airteagal 46 |

Airteagal 33 | Airteagal 47 |

Airteagal 34 | Airteagal 48 |

Airteagal 35 | ________ |

Airteagal 36 | Airteagal 64 |

Airteagal 37(1) | Airteagal 49 |

Airteagal 37(2) | ________ |

Airteagal 38(1) | Airteagal 50 |

Airteagal 38(2) | ________ |

Airteagal 39 | Airteagal 51 |

Airteagal 40(1) | Airteagal 52(1) |

Airteagal 40(2) | Airteagal 65 |

Airteagal 40(3) | Airteagal 52(2) |

Airteagal 41 | Airteagal 54 |

Airteagal 42 | Airteagal 55 |

Airteagal 43 | Airteagal 56 |

Airteagal 44 | Airteagal 57 |

Airteagal 45(1) | Airteagal 58(1) agus (3) |

Airteagal 45(2) | Airteagal 64 |

________ | Airteagal 58(2) |

Airteagal 46(1) | Airteagal 59 |

Airteagal 46(2) agus (3) | ________ |

Airteagal 47 | Airteagal 60 |

Airteagal 48 | Airteagal 61 |

Airteagal 49 | Airteagal 67 |

Airteagal 50 | Airteagal 62 |

Airteagal 51 | Airteagal 68 |

Airteagal 52 | Airteagal 63 |

_______ | Airteagal 66 |

_______ | Airteagal 69 |

Airteagal 53 | Airteagal 52(2)(a) |

Airteagal 54 | Airteagal 52(2)(b) |

Airteagal 55 | Airteagal 53 |

Airteagal 56 | Airteagal 72 |

Airteagal 57(1) | Airteagal 70(1) |

Airteagal 57(2) | ________ |

Airteagal 57(3) | Airteagal 70(2) |

Airteagal 57(4) | Airteagal 70(3) |

Airteagal 58 | Airteagal 71 |

Airteagal 59(1) | Airteagal 73 |

Airteagal 59(2) | _______ |

Airteagal 60 | Airteagal 74 |

Airteagal 61 | Airteagal 75 |

Airteagal 62 | _______ |

Airteagal 63 | _______ |

Airteagal 64 | _______ |

Airteagal 65(1) | Airteagal 76(1) |

_______ | Airteagal 76(1), an dara fomhír |

Airteagal 65(2) | Airteagal 76(2) |

Airteagal 66 | Airteagal 77 |

Airteagal 67 | Airteagal 78 |

Airteagal 68 | Airteagal 79 |

Airteagal 69 | Airteagal 80 |

Airteagal 70 | Airteagal 81 |

Airteagal 71 | Airteagal 82 |

Airteagal 72 | Airteagal 83 |

_______ | Airteagal 84 |

Airteagal 73 | _______ |

_______ | Airteagal 85 |

_______ | Airteagal 86 |

_______ | Airteagal 87 |

Airteagal 74(1) | Airteagal 88(1) |

Airteagal 74(2) | Airteagal 88(2) |

_______ | Airteagal 89 |

_______ | Airteagal 90 |

_______ | Airteagal 91 |

_______ | Airteagal 92 |

Airteagal 75 | _______ |

Airteagal 76 | Airteagal 93 |

Iarscríbhinní I go III | _______ |

Iarscríbhinn IV | _______ |

_______ | Iarscríbhinní I go IV |

Iarscríbhinn V | Iarscríbhinn VI |

Iarscríbhinn VI | Iarscríbhinn VII |

________ | Iarscríbhinní VIII go XI |

[1] Arna ghlacadh ag cruinniú den Chomhairle Eorpach an 10 agus an 11 Nollaig 2009.

[2] Arna dhéanamh ag an Ollamh Burkhard Hess, Ollscoil Heidelberg. Féach an leathanach gréasáin seo: http://ec.europa.eu/justice_home/doc_centre/civil/studies/doc_civil_studies_en.htm

[3] Arna dhéanamh ag an Ollamh Arnaud Nuyts, Ollscoil na Bruiséile. Féach an leathanach gréasáin seo: http://ec.europa.eu/justice_home/doc_centre/civil/studies/doc_civil_studies_en.htm

[4] Staidéar ar thiomsú sonraí agus measúnú tionchair: roinnt gnéithe a bhainfeadh le hathbhreithniú ar Rialachán Uimh. 44/2001 ón gComhairle ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, arna dhéanamh ag an Centre for Strategy & Evaluation Services (CSES), 2010. Tá fáil ar an staidéar ag: http://ec.europa.eu/justice/doc_centre/civil/studies/doc_civil_studies_en.htm; Staidéar chun measúnú a dhéanamh ar thionchar a bheadh ann dá ndaingneodh an Comhphobal Eorpach Coinbhinsiún na Háige 2005 maidir le comhaontuithe maidir le rogha cúirte arna dhéanamh ag GHK, 2007. Tá fáil ar an staidéar ag : http://ec.europa.eu/dgs/justice_home/evaluation/dg_coordination_evaluation_annexe_en.htm.

[5] Arna reáchtáil i gcomhar le hOllscoil Heidelberg agus The Journal of Private International Law.

[6] Arna reáchtáil i gcomhar le hUachtaránacht na Spáinne.

[7] IO L 199, 31.7.2007, lch. 40.

[8] Teachtaireacht ón gCoimisiún, COIM(2010) 573 leagan deireanach 19.10.2010.

[9] IO C […], […], lch. […].

[10] IO L 012, 16.1.2001, lch. 1.

[11] Féach Iarscríbhinn VII.

[12] IO L 299, 31.12.1972, lch. 32. IO L 304, 30.10.1978, lch. 1. IO L 388, 31.12.1982, lch. 1. IO L 285, 3.10.1989, lch. 1. IO C 15, 15.1.1997, lch. 1. Tá téacs comhdhlúite le fáil in IO C 27, 26.1.1998, lch. 1.

[13] IO L 339, 21.12.2007, lch. 1.

[14] Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, COIM (2009) 174 leagan deireanach.

[15] IO L 157, 30.4.2004, lch. 45.

[16] IO L 299, 16.11.2005, lch. 62.

[17] IO L 335, 17.12.2009, lch. 1.

[18] Nóta do na haistritheoirí: maidir leis na haistriúcháin, go háirithe na haistriúcháin Ghearmáinise agus Fraincise, úsáidfear iontu an fhoclaíocht atá sna haistriúcháin chomhfhreagracha de chinneadh na Cúirte Breithiúnais sa chás GAT v. Luk (C-4/03) an 13 Iúil 2006 (achomair).

[19] IO L 324, 10.12.2007, lch. 79.

[20] IO L 174, 27.6.2001, lch. 25

[21] Má bhaineann an breithiúnas le níos mó ná héilitheoir nó cosantóir amháin, cuir bileog bhreise leis.

[22] Má bhaineann an breithiúnas le níos mó ná héilitheoir nó cosantóir amháin, cuir bileog bhreise leis.

[23] Cuir bileog bhreise leis más gá.

[24] Cuir bileog bhreise leis más gá.

[25] Má bhaineann an breithiúnas le níos mó ná héilitheoir nó cosantóir amháin, cuir bileog bhreise leis.

[26] Má bhaineann an breithiúnas le níos mó ná héilitheoir nó cosantóir amháin, cuir bileog bhreise leis.

[27] Scrios de réir mar is cuí

[28] Cuir leathanaigh bhreise leis más gá

[29] Má bhaineann an breithiúnas le níos mó ná héilitheoir nó cosantóir amháin, cuir bileog bhreise leis.

[30] Má bhaineann an breithiúnas le níos mó ná héilitheoir nó cosantóir amháin, cuir bileog bhreise leis.

[31] Cuir bileog bhreise leis más gá.

[32] Cuir bileog bhreise leis más gá.

[33] Scrios de réir mar is cuí

[34] Cuir leathanaigh bhreise leis más gá

Top