52010PC0498


Teideal agus tagairt

Togra le haghaidh RIALACHÁN (AE) Uimh. …/.. Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas

/* COM/2010/0498 final - COD 2010/0256 */

Téacs

BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV
html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html
pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf
doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc doc

Dátaí

Ranguithe

Faisnéis ilghnéitheach

Nós imeachta

Gaol idir na doiciméid

Téacs

Taispeáint dhátheangach: BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HU IT LT LV MT NL PL PT RO SK SL SV

[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 24.9.2010

COIM(2010) 498 leagan deireanach

2010/0256 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (AE) Uimh. …/.. Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHFHOGASÚ LEIS AN g CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (CFAE)

Leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh leagtar síos idirdhealú soiléir idir na cumhachtaí a tharmligtear chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha (gníomhartha tarmligthe) a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus a fhorlíonann nó a leasaíonn eilimintí áirithe neamhriachtanacha den ghníomh reachtach, ar cumhachtaí iad atá leagtha síos in Airteagal 290, agus na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, ar cumhachtaí iad atá leagtha síos in Airteagal 291.

Maidir le gníomhartha tarmligthe, déanann an reachtóir cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun bearta gar-reachtacha a ghlacadh. Tá an comhthéacs iontach difriúil i gcás gníomhartha cur chun feidhme. Tá na Ballstáit freagrach go príomha dar ndóigh as gníomhartha an Aontais Eorpaigh atá ceangailteach ó thaobh dlí de a chur chun feidhme. Más gá, áfach, coinníollacha cur chun feidhme aonfhoirmeacha chun an gníomh reachtach a chur i bhfeidhm, beidh ar an gCoimisiún iad a ghlacadh.

Tá comhfhogasú Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 le rialacha nua an Chonartha bunaithe ar aicmiú, i gcumhachtaí tarmligthe agus i gcumhacht cur chun feidhme, na bhforálacha a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán sin (Rialachán (CE) Uimh. 793/2006 lena leagtar síos modhanna cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle).

Ina dhiaidh sin, dréachtadh dréacht-togra le haghaidh athmhúnlú Rialachán (CE) Uimh. 247/2006. Leis an togra sin tugtar don Reachtóir an chumhacht eilimintí riachtanacha scéime sonraí do tháirgí áirithe talmhaíochta de chuid na réigiún forimeallach a ghlacadh chun na deacrachtaí arb í an iargúltacht is cúis leo a leigheas (scéim a dtugtar "scéim POSEI" uirthi). Cinnfidh an Reachtóir treoirlínte ginearálta na scéime sin agus na prionsabail ghinearálta ar bunús léi iad. Sa chaoi sin, sainfidh an Reachtóir cuspóirí na mbeart a thabharfar isteach leis an scéim shonrach sin agus na prionsabail chláraithe agus na prionsabail chomhoiriúnachta agus chomhsheasmhachta le beartais eile an Aontais. Sa chaoi chéanna, leagfaidh an Reachtóir síos na prionsabail chun scéim deimhnithe a bhunú agus smachtbhannaí, laghdaithe agus eisiaimh a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an Reachtóir foráil freisin do shiombail ghrafach POSEI.

I gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh an Reachtóir an cúram don Choimisiún eilimintí áirithe neamhriachtanacha a fhorlíonadh nó a leasú. Sa chaoi sin féadfar na heilimintí breise is gá do dhea-fheidhmiú na scéime arna sainiú ag an Reachtóir a leagan síos le gníomh tarmligthe. Sa chaoi sin, déanfaidh an Coimisiún na coinníollacha do chlárú na n-oibreoirí ar chlár na ndeimhnithe a ghlacadh trí ghníomh tarmligthe agus, más gá i bhfianaise na staide eacnamaíche, forchuirfidh sé ráthaíocht le haghaidh eisiúint na ndeimhnithe (Airteagal 11(2)). Sa chaoi chéanna, tarmligfidh an Reachtóir an chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh maidir leis an nós imeachta a bhunú chun leasuithe ar na cláir a ghlacadh (Airteagal 6(3)), maidir leis na coinníollacha próiseála (Airteagal 13(6)), maidir leis na coinníollacha chun méideanna na cabhrach a leagan síos (Airteagail 18(4), 23(3) agus 29(4)), maidir leis na coinníollacha don díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí (Airteagal 26(2)), maidir leis na coinníollacha don cheart an tsiombail ghrafach a úsáid (Airteagal 20(3)), agus maidir leis na smachtbhannaí (Airteagal 17(2)).

I gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh an Reachtóir do na Ballstáit an fhreagracht an scéim arna sainiú aige a chur chun feidhme. Dealraíonn sé mar sin féin go bhfuil gá le cur chun feidhme aonfhoirmeach na scéime POSEI a áirithiú sna Ballstáit d'fhonn saobhadh iomaíochta nó idirdhealuithe idir na hoibreoirí a sheachaint. Dá bhrí sin, tabharfaidh an Reachtóir inniúlachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh, go háirithe maidir leis na coinníollacha aonfhoirmeacha faoina dtiocfaidh na táirgí a chumhdaítear leis na socruithe sonracha soláthair isteach sna réigiúin fhorimeallacha, faoina bhfágfaidh siad na réigiúin sin agus faoina ngluaisfidh siad sna réigiúin sin (Airteagail 11(3), 13(2)(a), 13(2)(b) agus 13(3), 26(1) agus 28(2)), na coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme na gclár (Airteagail 6(2), 18(3), 20(4) agus 29(3)), chomh maith le réim ghinearálta do na rialuithe nach mór do na Ballstáit a chur i bhfeidhm (Airteagail 7, 12(2) agus 17(1)).

LEASUITHE SUBSTAINTEACHA

Ós rud é, ó glacadh é an 30 Eanáir 2006, go ndearnadh roinnt leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, beartaítear é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

Ina theannta sin, fágann forbairt na reachtaíochta Comhphobail agus cur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin seo ó glacadh é gur gá freisin forálacha áirithe a leasú agus struchtúr nua a chur ar an téacs reachtach d'fhonn é a oiriúnú don scéim talmhaíochta POSEI mar atá sí.

Leis an Rialachán nua seo léirítear i mbealach níos soiléire príomhchuspóirí na scéime a gcaithfidh na bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin fhorimeallacha rannchuidiú lena gcur i gcrích (Airteagal 2).

Le struchtúr nua an Rialacháin cuirtear béim ar ról lárnach na gClár Roghanna Sonracha a bhaineann leis an Iargúltacht agus leis an Oileánachas (cláir POSEI) a shaineofar amach anseo do gach réigiún forimeallach ag an leibhéal is iomchuí agus a chomhordóidh na Ballstáit. Dírítear leis na cláir sin ar an dá ghné bunúsacha de na Cláir Roghanna Sonracha a bhaineann leis an Iargúltacht agus leis an Oileánachas, go háirithe na socruithe sonracha soláthair agus na bearta sonracha don táirgeacht áitiúil (Airteagal 3).

Rinneadh mionleasuithe eile ar théacs an Rialacháin, go háirithe:

1. Rinneadh an nós imeachta chun cláir agus leasuithe ar na cláir a thíolacadh don Choimisiún lena bhformheas a shonrú chun go mbeidh sé ag teacht níos fearr leis an gcleachtas reatha agus leis an ngá oiriúnú na gclár d'fhíor-riachtanais na talmhaíochta agus soláthair táirgí riachtanacha do na réigiúin fhorimeallacha a dhéanamh níos solúbtha agus níos éifeachtaí (Airteagal 6).

2. In Airteagal 10, sonraítear nach mór na socruithe sonracha soláthair a chur in oiriúint do gach réigiún ag brath ar an táirgeacht áitiúil talmhaíochta, nach ceart go mbeadh a forbair teoranta ag cabhair do sholáthar atá ró-ard do tháirgí a tháirgtear go háitiúil freisin. Meastar go bhfuil gá leis an bhforáil seo chun comhoiriúnacht idir an dá ionstraim de na Cláir Roghanna Sonracha a bhaineann leis an Iargúltacht agus leis an Oileánachas a dhéanamh éigeantach.

3. Maidir leis an bhféidearthacht táirgí a phróiseáiltear go háitiúil a athsheoladh, ar táirgí iad a phróiseáiltear ó tháirgí bunúsacha a cumhdaíodh leis na socruithe sonracha soláthair, gan an sochar a aisíoc, atá teoranta do na táirgí seolta ó na hAsóir chuig Maidéara nó a mhalairt agus ó Mhaidéara chuig na hOileáin Chanáracha nó a mhalairt, leathnaítear an fhéidearthacht sin do na ranna Francacha thar lear freisin (Airteagal 13(2e)).

4. D'fhonn dea-bhainistiú buiséid a áirithiú, ní mór do na Ballstáit an chabhair ar íocaíochtaí díreacha í a léiriú ina gclár (Airteagal 18(2d)).

5. Ba cheart a léiriú conas a shainítear méid na cabhrach do na bearta don táirgeacht áitiúil talmhaíochta, rud nár léiríodh cheana sa ghníomh bunúsach (Airteagal 18(2), pointí e agus f).

6. Sa deireadh, is í an leithdháileadh airgeadais do gach clár náisiúnta a roghnaítear an leithdháileadh a fhreagraíonn don bhliain airgeadais 2011 agus na blianta ina dhiaidh sin. Méadaíodh an uasteorainn, áfach, do mhaoiniú na socruithe sonracha soláthair don Fhrainc agus don Phortaingéil faoi 20% (Airteagal 29(3)), mar thoradh ar chonclúidí na chéad tuarascála ar thionchar athchóiriú na gClár Roghanna Sonracha a bhaineann leis an Iargúltacht agus leis an Oileánachas in 2006, tuarascáil a cuireadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle in 2010.

Ní athraíonn an Rialachán na foinsí maoinithe ná fairsinge na tacaíochta ón gComhphobal.

2010/0256 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (AE) Uimh. …/.. Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an …

lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d'Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[1],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach[4],

De bharr an méid seo a leanas:

7. Le Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas[5], bunaíodh bearta sonracha don talmhaíocht chun dul i ngleic leis na deacrachtaí a eascraíonn as staid eisceachtúil na réigiún forimeallach den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 den chonradh. Cuirtear na bearta sin i ngníomh trí chláir thacaíochta do gach réigiún, cláir atá ina n-uirlis fíor-thábhachtach chun táirgí talmhaíochta a sholáthar do na réigiúin sin. De bharr na modhnuithe nua is gá a dhéanamh agus tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 a aisghairm agus téacs nua a chur ina áit.

8. Is iomchuí na cuspóirí bunúsacha a shainmhíniú, ar cuspóirí iad a rannchuidíonn an scéim do na réigiúin fhorimeallacha den Aontas a chur i gcrích.

9. Is iomchuí inneachar na gClár Roghanna Sonracha a bhaineann leis an Iargúltacht agus leis an Oileánachas (dá ngairtear feasta "cláir POSEI (Programme of Specific Options for Isolation and Insularity) ") a shainmhíniú, ar cláir iad, de réir phrionsabal na coimhdeachta, nach mór do na Ballstáit lena mbaineann iad a bhunú ag an leibhéal geografach is iomchuí agus nach mór do na Ballstáit iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun a fhormheas a fháil.

10. D'fhonn cuspóirí na scéime do na réigiúin fhorimeallacha den Aontas a chur i gcrích níos fearr, caithfear a áireamh sna cláir POSEI bearta lena ráthaítear soláthar táirgí talmhaíochta agus caomhnú agus forbairt na táirgeachta áitiúla talmhaíochta. Ba cheart leibhéil pleanála na réigiún lena mbaineann a chur in oiriúint dá chéile agus an cur chuige comhpháirtíochta idir an Coimisiún agus na Ballstáit a chórasú.

11. De réir phrionsabal na coimhdeachta agus de mheon solúbthachta atá mar bhunús don chur cuige pleanála a glacadh don scéim do na réigiúin fhorimeallacha, féadfaidh na h-údaráis ainmnithe ag an mBallstát modhnuithe ar an gclár a mholadh d'fhonn é a oiriúnú don staid ina bhfuil na réigiúin fhorimeallacha i ndáiríre. Den mheon céanna, ní mór an nós imeachta chun cláir a mhodhnú a oiriúnú d'ábharthacht gach cineáil modhnaithe.

12. D'fhonn soláthar táirgí talmhaíochta riachtanacha a áirithiú do na réigiúin fhorimeallacha agus d'fhonn na costais bhreise a laghdú arb í iargúltacht na réigiún sin is cúis leo, is iomchuí socruithe sonracha soláthair a bhunú. Ar ndóigh, de bharr staide geografaí eisceachtúla na réigiún forimeallach, fad is a bhaineann le foinsí soláthair táirgí atá riachtanach do thomhaltas an duine nó don phróiseáil nó mar ionchur talmhaíochta, tá costais bhreise ag baint le hiompar táirgí sna réigiúin sin. Thairis sin, tá fachtóirí oibiachtúla eile ann a bhaineann lena n-iargúltacht, go háirithe an t-oileánachas agus laghad a réimse, agus cuireann na fachtóirí sin baic bhreise ar oibreoirí agus ar tháirgeoirí na réigiún forimeallach, baic a chruthaíonn fadhbanna móra dóibh maidir lena ngníomhaíochtaí. Is féidir na fadhbanna sin a fhuascailt trí phraghsanna na dtáirgí riachtanacha thuasluaite a laghdú.

13. Chuige sin, gan dochar d'Airteagal 28 den chonradh, ba cheart allmhairí táirgí talmhaíochta áirithe ó thríú tíortha a dhíolmhú ó na dleachtanna ar allmhairí is infheidhme. D'fhonn a dtionscnamh agus an córas custaim a chuirtear i bhfeidhm orthu faoi fhorálacha dhlí an Aontais a chur san áireamh, maidir leis na táirgí a ndearnadh próiseáil isteach orthu nó a bhí i stóras custaim i gcríoch chustaim an Aontais, ba cheart iad a mheas mar allmhairí díreacha, d'fhonn sochair na socruithe sonracha soláthair a thabhairt.

14. D'fhonn na cuspóirí a bhaint amach go héifeachtach, arb iad na praghsanna a laghdú sna réigiúin fhorimeallacha agus na costais bhreise a bhaineann le hiargúltacht a laghdú, agus san am céanna iomaíochas tháirgí an Aontais a choimeád, ba cheart cabhair a thabhairt i gcomhair soláthair tháirgí an Aontais sna réigiúin fhorimeallacha. Ba cheart a chur san áireamh sa chabhair sin na costais bhreise a bhaineann le hiompar go dtí na réigiúin fhorimeallacha agus na praghsanna a ghearrtar ar onnmhairí go tríú tíortha, agus, i gcás ionchuir talmhaíochta nó táirgí atá beartaithe don phróiseáil, ba cheart costais bhreise eile a chur san áireamh, ar costais iad a bhaineann le hiargúltacht, go háirithe an t-oileánachas agus laghad na réimse.

15. Ar mhaithe le hamhantraíocht a sheachaint a dhéanfadh dochar do na húsáideoirí deiridh sna réigiúin fhorimeallacha, is ceart a shonrú nach gcumhdaítear ach táirgí fónta ar cháilíocht mhaith, ar féidir iad a chur ar an margadh, leis na socruithe sonracha soláthair.

16. Ba cheart foráil a dhéanamh do rialacha i gcomhair fheidhmiú na socruithe, go háirithe maidir le clár oibreoirí agus córas deimhnithe a chruthú, bunaithe ar na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagail 130 agus 161 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (An Rialachán maidir le CEM Aonair)[6].

17. Cuirtear de cheangal le riachtanais mhonatóireacht na n-oibríochtaí a chumhdaítear leis na socruithe sonracha soláthair, go ndéantar seiceálacha riaracháin ar na táirgí i dtrácht ag tráth a n-allmhairithe nó a dtabhairt isteach sna réigiúin fhorimeallacha chomh maith le tráth a n-onnmhairithe nó a seolta ó na réigiúin sin. Ina theannta sin, d'fhonn cuspóirí na socruithe sonracha soláthair a bhaint amach, caithfear sochair eacnamaíocha na socruithe sin a fheiceáil ag céim na gcostas táirgthe agus caithfidh na sochair sin na praghsanna a laghdú go dtí céim an úsáideora dheiridh. Níor cheart, dá bhrí sin, na sochair eacnamaíocha sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm iad agus ba cheart na seiceálacha is gá a dhéanamh.

18. Toisc go bhfuil na cainníochtaí atá faoi réir na socruithe sonracha soláthair teoranta do riachtanais soláthair na réigiún forimeallach, ní dhéanann an córas sin dochar do dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Thairis sin, níor cheart go mbeadh sraonadh i dtrádáil na dtáirgí i dtrácht mar thoradh ar shochair eacnamaíocha na socruithe sonracha soláthair. Ba cheart, dá bhrí sin, seoladh nó onnmhairiú na dtáirgí sin ó na réigiúin fhorimeallacha a thoirmeasc. Ba cheart, áfach, seoladh nó onnmhairiú na dtáirgí sin a údarú i gcás ina n-aisíoctar an sochar eacnamaíoch ó na socruithe sonracha soláthair.

19. Maidir le táirgí próiseáilte, ba cheart malartú idir na réigiúin fhorimeallacha a údarú ionas go mbeidh tráchtáil ar siúl eatarthu. Ba cheart freisin, i gcomhthéacs na tráchtála réigiúnaí leis an gcuid eile den Aontas nó le tríú tíortha agus i gcomhthéacs na n-onnmhairí agus seoltaí traidisiúnta chuig an gcuid eile den Aontas nó le tríú tíortha, na réigiúin fhorimeallacha a chur san áireamh agus, dá bhrí sin, ba cheart, i gcás na réigiún sin ar fad, onnmhairí táirgí próiseáilte a údarú arb ionann iad agus na sreabha trádála traidisiúnta. Ar mhaithe le soiléireacht, maidir le sainiú na gcainníochtaí sin arna n-onnmhairiú nó arna seoladh go traidisiúnta, ba cheart an tréimhse tagartha don sainiú a shonrú.

20. Caithfear bearta cuí a dhéanamh, áfach, chun go mbeifí in ann an t-athchóiriú is gá a dhéanamh ar earnáil na próiseála siúcra sna hAsóir. Caithfear a chur san áireamh sna bearta sin gur cheart leibhéal áirithe táirgthe agus próiseála a áirithiú chun go mbeidh earnáil siúcra na n-Asór inmharthana. Sa chomhthéacs seo, ba cheart, mar eisceacht, leanúint de na hAsóir a údarú chun cainníochtaí siúcra atá os cionn chainníochtaí na sreabha traidisiúnta a sheoladh chuig an gcuid eile den Aontas, agus é sin ar feadh tréimhse teoranta cúig bliana agus ar bhonn cainníochtaí uasta a laghdófar gach bliain. Ós rud é go mbeidh na cainníochtaí is féidir a athsheoladh comhréireach agus teoranta don mhéid is gá chun go mbeidh táirgeadh agus próiseáil áitiúil siúcra inmharthana, ní bheidh tionchar diúltach ag na seoltaí sealadacha siúcra sin ó na hAsóir ar mhargadh inmheánach an Aontais.

21. Maidir leis an siúcra sa bhreis ar an gcuóta do sholáthar na n-Asór, Maidéara agus na n-Oileán Canárach, ba cheart leanúint den díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí a chur i bhfeidhm. Ba cheart a údarú freisin do na hAsóir tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí i gcás siúcra cána amh laistigh de theorainn an réamh-mheastacháin ar an gcomhardú soláthair atá acu.

22. Go dtí seo, rinneadh púdar bainne bhearrtha a bhfuil saill phlandúil ann faoi réim chód NC 1901 90 99, atá beartaithe don phróiseáil thionsclaíoch, a sholáthar do na hOileáin Chanáracha faoi na socruithe sonracha soláthair. Ba cheart leanúint den táirge sin a sholáthar, ar táirge é atá ina chuid thraidisiúnta den aiste bia áitiúil faoin am seo.

23. Ós rud é gur bunchuid d'aiste bia La Réunion í an rís, agus nach dtáirgeann La Réunion a dhóthain ríse chun freastal ar na riachtanais áitiúla, ba cheart leanúint den díolúine ó gach dleacht a chur i bhfeidhm ar allmhairiú an táirge sin in La Réunion.

24. Bhí go leor táirgí, agus go leor beart chun a dtáirgeadh, a margú nó a bpróiseáil a chur chun cinn, i gceist le beartas an Aontais i bhfabhar táirgthe áitiúil na réigiún forimeallach. Léiríodh éifeachtúlacht na mbeart sin agus leis na bearta céanna áirithíodh gur lean na gníomhaíochtaí talmhaíochta agus gur fhorbair siad. Ba cheart don Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí táirgthe sin, ar cuid bhunúsach iad de chóimheá chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch na réigiún forimeallach. Mar an gcéanna leis an mbeartas forbartha tuaithe, is léir ón taithí gur féidir, tríd an gcomhpháirtíocht neartaithe leis na húdaráis áitiúla, tuiscint níos fearr a fháil ar fhadhbanna sonracha na réigiún i dtrácht. Ba cheart dá bhrí sin leanúint de thacaíocht a thabhairt don táirgeadh áitiúil trí na cláir POSEI.

25. D'fhonn tacú le margú tháirgí na réigiún forimeallach, ba cheart cabhair a thabhairt do mhargú na dtáirgí sin lasmuigh den réigiúin táirgthe.

26. Ba cheart na heilimintí íosta a chinneadh, ar eilimintí iad nach mór a sholáthar sna cláir POSEI chun na bearta don táirgeacht talmhaíochta áitiúil a shainmhíniú, go háirithe cur síos ar an gcás, ar an straitéis atá molta, ar na cuspóirí, ar na bearta. Ba cheart freisin prionsabail chomhsheasmhachta na mbeart sin le bearta eile an Aontais a shonrú d'fhonn gach míréireacht agus forluí cabhrach a sheachaint.

27. Chun críoch a chur chun feidhme, féadfaidh bearta chun staidéar, tionscadail taispeána, oiliúint agus cúnamh teicniúil a mhaoiniú a bheith ar áireamh freisin sa chlár POSEI.

28. Ba cheart táirgeoirí talmhaíochta na réigiún forimeallach a spreagadh chun táirgí ar cháilíocht mhaith a sholáthar agus margú na dtáirgí sin a chur chun cinn. Chuige sin, d'fhéadfadh an tsiombail ghrafach a thug an tAontas isteach a bheith úsáideach.

29. Tá struchtúir gabháltas áirithe talmhaíochta nó gnóthas próiseála agus margaíochta atá lonnaithe sna réigiúin fhorimeallacha fíor-easnamhach agus tá deacrachtaí sonracha acu. Dá bhrí sin, déantar foráil le hAirteagail 26(2) agus 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht do fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) [7], do rátaí cabhrach níos fabhraí do chineálacha áirithe infheistíochtaí sna réigiúin fhorimeallacha.

30. Le hAirteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 eisiatar na réigiúin fhorimeallacha ón teorainn le cabhair don fhoraoiseacht a ndéantar foráil di in Airteagal 20(b)(ii) den Rialachán sin.

31. Le hAirteagal 39(4) agus le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 cinntear na huasmhéideanna bliantúla atá incháilithe d'íocaíochtaí agra-comhshaoil. D'fhonn staid shonrach chomhshaoil tailte áirithe féaraigh sna hAsóir atá an-íogair a chur san áireamh agus d'fhonn caomhnú an tírdhreacha agus saintréithe traidisiúnta na talún talmhaíochta a chur san áireamh, go háirithe saothrú léibheannach i Maidéara, ba cheart foráil a dhéanamh, i gcás beart sonrach áirithe, go bhféadfaí na méideanna sin a dhúbailt.

32. Is féidir maolú a thabhairt ó bheartas seasmhach an Choimisiúin gan státchabhair oibriúcháin a údarú do tháirgeadh, do phróiseáil agus do mhargaíocht na dtáirgí talmhaíochta atá cumhdaithe faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh d'fhonn srianta sonracha tháirgeacht talmhaíochta na réigiún forimeallach a laghdú, ar srianta iad a bhaineann leis an iargúltacht, go háirithe leis an gciandacht, leis an t-oileánachas, le laghad a réimse, leis an dtopagrafaíocht, leis an aeráid agus leis an spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí.

33. Tá deacrachtaí ar leith ag baint le staid fíteashláintíochta tháirgeacht talmhaíochta na réigiún forimeallach, ar deacrachtaí iad a bhaineann le dálaí aeráide agus leis na hacmhainní easnamhacha a úsáideadh go dtí seo chun dul i ngleic leis na deacrachtaí sin sna réigiúin fhorimeallacha. Ba cheart, dá bhrí sin, cláir a chur chun feidhme chun dul i ngleic, lena n-áirítear trí mhodhanna bitheolaíocha, le horgánaigh dhíobhálacha agus ba cheart rannpháirtíocht airgeadais an Aontais i gcur i gcrích na gclár sin a shainiú.

34. Ní mór, ó thaobh na heacnamaíochta agus an chomhshaoil de, na fíonghoirt a chaomhnú, arb iad an cineál saothraithe is forleithne i réigiúin Mhaidéara agus na n-Oileán Canárach agus ar cineál saothraithe iad atá an-tábhachtach do réigiún na n-Asór. D'fhonn rannchuidiú leis an tacaíocht don táirgeacht, níor cheart préimheanna i gcomhair tréigin, ná na meicníochtaí margaidh a bheith infheidhme, a ndéantar foráil dóibh le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, sna réigiúin sin, ach i gcás na gCanárach, ba cheart go bhféadfaí bearta do stiléireacht ghéarchéime a chur i bhfeidhm i gcás ina gcuirfí isteach go mór ar an margadh de dheasca fadhbanna cáilíochta. Sa chaoi chéanna, chuir na deacrachtaí teicniúla agus soch-eacnamaíocha bac ar thiontú iomlán, laistigh de na teorainneacha ama a leagadh síos, na limistéar, i réigiúin Mhaidéara agus na n-Asór, a raibh na cineálacha hibrideacha fíniúna atá toirmiscthe le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 plandaithe iontu. Níl an fíon a tháirgtear ó na fíniúna sin beartaithe ach do thomhaltas áitiúil traidisiúnta.

35. Níl athstruchtúrú earnáil na déiríochta curtha i gcrích go hiomlán go fóill sna hAsóir. D'fhonn spleáchas mór na n-Asór ar an táirgeadh bainne a chur san áireamh, agus ina theannta sin fadhbanna eile a bhaineann lena n-iargúltacht agus le heaspa roghanna brabúsacha táirgthe eile, is gá na maoluithe ó fhorálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 maidir leis na tobhaigh ar bharrachas bainne agus ar bharrachas tairgí bainne a choimeád.

36. Níor leor an tacaíocht do tháirgeadh bainne bó i Maidéara ná in La Réunion chun an chóimheá idir soláthar inmheánach agus seachtrach a choimeád, go háirithe de dheasca deacrachtaí móra struchtúracha a bhaineann leis an earnáil sin agus toisc gur deacair an earnáil a chur in oiriúint do thimpeallachtaí eacnamaíocha nua. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint de tháirgeadh bainne UTC a údarú, ar bainne é arna athdhéanamh ó phúdar bainne de thionscnamh an Aontais, d'fhonn tomhaltas áitiúil a chuimsiú níos fearr. D'fhonn an t-eolas ceart a thabhairt don tomhaltóir, ba cheart oibleagáid a fhorchur an modh trína bhfuarthas an bainne athdhéanta UTC ó phúdar bainne a léiriú ar an lipéad díolacháin.

37. Toisc go bhfuil gá leis an táirgeadh áitiúil bainne a choimeád trí dhreasachtaí a thabhairt, tá réasún le gan Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a chur i bhfeidhm sna ranna Francacha thar lear agus i Maidéara. Ba cheart an díolúine sin a bheith faoi réir teorann 4 000 tona i Maidéara.

38. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí traidisiúnta feirmeoireachta ainmhithe. D'fhonn riachtanais thomhaltas áitiúil na ranna thar lear agus Maidéara a shásamh, ba cheart allmhairí saor ó dhleacht fireannach bó-ainmhíocha ó thríú tíortha a údarú, ar fireannaigh bhó-ainmhíocha iad atá beartaithe do ramhrú, agus é sin faoi choinníollacha áirithe agus faoi réir uasteorann bliantúla.

39. Maidir leis an bhféidearthacht atá ag an bPortaingéil, faoi Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena leagtar síos comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí faoin gComhbheartas Talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d'fheirmeoirí[8], na cearta chun na préimhe do bha diúil a aistriú ón mórthír chun na n-Asór, ba cheart an fhéidearthacht sin a athnuachan agus ba cheart an ionstraim sin a oiriúnú don scéim tacaíochta do na réigiúin fhorimeallacha.

40. Tá tábhacht stairiúil ag baint le saothrú tobac ar na hOileáin Chanáracha. Ó thaobh na heacnamaíochta, tá ullmhú tobac fós ar cheann de na príomhghníomhaíochtaí tionscail sa réigiún. Fad is a bhaineann le cúrsaí sóisialta, is gníomhaíocht dhlúthshaothair é saothrú tobac a dhéantar ar fheirmeacha beaga. Níl saothrú tobac sách brabúsach, áfach, agus tá baol ann dá bharr sin go n-éireofaí as. Faoi láthair, tá táirgeadh tobac teoranta do limistéar beag ar oileán La Palma le haghaidh monarú todóg ar scála beag. Ba cheart, dá bhrí sin, leanúint den Spáinn a údarú chun cabhair sa bhreis ar chabhair an Aontais a thabhairt chun an barr traidisiúnta sin agus an ceardtionscal a bhaineann leis a choimeád. Thairis sin, d'fhonn monarú táirgí tobac a choimeád, ba cheart leanúint den díolúine ó dhleacht a chur i bhfeidhm ar allmhairí tobac amh agus leathmhonaraithe arna n-allmhairiú sna hOileáin Chanáracha, faoi réir teorann bliantúla 20 000 tona coibhéise tobac amh scúite.

41. Ní foláir nach ndéanfaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo dochar do leibhéal na tacaíochta sonraí ar bhain na réigiúin fhorimeallacha tairbhe aisti go dtí seo. Sin an fáth, do chur i gcrích na mbeart cuí, gur cheart na suimeanna a bheith ag na Ballstáit, arb ionann iad agus an tacaíocht a thug an tAontas cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 247/2006.

42. Ó 2006 i leith, tá méadú tagtha ar na riachtanais i dtáirgí riachtanacha i réigiúin fhorimeallacha áirithe, go háirithe sna hAsóir agus sna ranna thar lear, de bharr forbartha beostoic agus brú dhéimeagrafaigh. Ba cheart, dá bhrí sin, an chuid den bhuiséad is féidir leis na Ballstáit a úsáid do shocruithe sonracha soláthair na réigiún i dtrácht a mhéadú.

43. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh, d'fhonn eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú. Ba cheart na réimsí ina bhféadfar an chumhacht sin a úsáid, agus na coinníollacha ar cheart an tarmligean a bheith faoina réir, a shainiú.

44. D'fhonn cur chun feidhme aonfhoirmeach na scéime POSEI sna Ballstáit a áirithiú agus saobhadh iomaíochta nó idirdhealaithe idir na hoibreoirí a sheachaint, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh. Ba cheart, dá bhrí sin, inniúlachtaí chur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún faoin bhforáil sin, go háirithe maidir leis na coinníollacha aonfhoirmeacha faoina dtagann na táirgí atá faoi réir na socruithe sonracha soláthair isteach sna réigiúin fhorimeallacha, na coinníollacha aonfhoirmeacha faoina bhfágann na táirgí sin na réigiúin fhorimeallacha agus na coinníollacha aonfhoirmeacha faoina ngluaiseann na táirgí sin sna réigiúin fhorimeallacha, coinníollacha aonfhoirmeacha chur chun feidhme na gclár, chomh maith le saintréithe íosta na rialuithe nach mór do na Ballstáit a chur i bhfeidhm.

45. [Aithris a bhaineann le rialuithe ar na bearta cur chun feidhme. Beidh sí le críochnú tar éis ghlacadh an Rialacháin maidir leis na modhanna rialaithe dá dtagraítear in Airteaglal 291(2) den CFAE, atá á phlé faoi láthair i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME

AIRTEAGAL 1 Ábhar

Leis an Rialachán seo glactar bearta sonracha don talmhaíocht chun dul i ngleic leis na deacrachtaí a eascraíonn as staid na réigiún forimeallach dá dtagraítear in Airteagal 349 den chonradh, réigiúin dá ngairtear anseo feasta "réigiúin fhorimeallacha", go háirithe an iargúltacht, an t-oileánachas, laghad a réimse, an topagrafaíocht, an aeráid achrannach agus an spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí.

Airteagal 2 Cuspóirí

46. Cuidíonn na bearta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 1 le cur i gcrích na gcuspóirí seo a leanas:

a) soláthar táirgí riachtanacha do na réigiúin fhorimeallacha a ráthú, ar táirgí iad atá riachtanach do thomhaltas an duine nó don phróiseáil agus mar ionchur talmhaíochta, trí na costais a bhaineann leis an iargúltacht a laghdú;

b) gníomhaíocht talmhaíochta na réigiún forimeallach a chaomhnú agus a fhorbairt, lena n-áirítear táirgeadh, próiseáil agus margú táirgí áitiúla.

47. Cuirfear chun feidhme na cuspóirí atá leagtha amach i mír 1 trí bhíthin na mbeart atá sonraithe i gCaibidlí III, IV agus V.

CAIBIDIL II

CLÁIR POSEI

AIRTEAGAL 3 Cláir POSEI a bhunú

48. Sainmhínítear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1 do gach réigiún forimeallach le Clár Roghanna Sonracha a bhaineann leis an Iargúltacht agus leis an t-Oileánachas (POSEI), dá ngairtear anseo feasta "clár POSEI", a bhfuil na nithe seo a leanas ar áireamh ann:

a) socruithe sonracha soláthair, mar a fhoráiltear i gCaibidil III, agus

b) bearta sonracha don táirgeacht áitiúil talmhaíochta, mar a fhoráiltear i gCaibidil IV.

49. Bunóidh an Ballstát lena mbaineann an clár POSEI ag an leibhéal geografach a mheasfaidh sé a bheith is iomchuí. Ullmhóidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú ag an mBallstát sin an clár agus tar éis don Bhallstát dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na heagraíochtaí inniúla ag an leibhéal críochach iomchuí, cuirfidh sé an clár faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh formheasa i gcomhréir le hAirteagal 6.

50. Ní féidir le Ballstát ach clár POSEI amháin a thíolacadh dá réigiúin fhorimeallacha.

Airteagal 4 Comhoiriúnacht agus comhsheasmhacht

51. Ní foláir na bearta a dhéanfar faoi na cláir POSEI a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais agus comhsheasmhach le beartais eile an Aontais agus leis na bearta arna ndéanamh de réir na mbeartas sin.

52. Ní mór a áirithiú go bhfuil na bearta a dhéanfar faoi na cláir POSEI comhsheasmhach leis na bearta arna gcur chun feidhme faoi ionstraimí eile an chomhbheartais talmhaíochta, agus go háirithe le comheagraíochtaí margadh, forbairt tuaithe, cáilíocht na dtáirgí, leas ainmhithe agus cosaint an chomhshaoil.

Go háirithe, ní féidir aon bheart a mhaoiniú faoin Rialachán seo, ar ceann de na bearta seo a leanas é:

a) tacaíocht bhreise do scéimeanna préimhe nó cabhrach arna mbunú faoi chomheagraíocht an mhargaidh, seachas i gcásanna eisceachtúla a bhfuil cúiseanna oibiachtúla leo;

b) tacaíocht do thionscadail taighde, is é sin le rá bearta atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do thionscadail taighde nó bearta atá incháilithe do mhaoiniú an Aontais faoi Chinneadh 2009/470/CE ón gComhairle[9];

c) tacaíocht do bhearta a thagann faoi réim Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005

Airteagal 5 Inneachar na gclár

Tá na nithe seo a leanas ar áireamh i gclár POSEI:

a) plean do chur chun feidhme na mbeart agus tábla bliantúil ginearálta táscach airgeadais ina ndéantar achoimre ar na hacmhainní ar gá leas a bhaint astu;

b) fírinniú maidir le hoiriúnacht agus comhsheasmhacht bheart éagsúil na gclár chomh maith le sainmhíniú na gcritéar agus na dtáscairí cainníochtúla a úsáidfear chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh;

c) na socruithe a dhéanfar chun a áirithiú go gcuirfear na cláir chun feidhme go héifeachtach agus go hiomchuí, lena n-áirítear na socruithe le haghaidh poiblíochta, monatóireachta agus meastóireachta, chomh maith le sainmhíniú na dtáscairí cainníochtaithe a úsáidfear agus na cláir á measúnú;

d) ainmniú na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí a bheidh freagrach as cur chun feidhme an chláir, agus ainmniú, ag na leibhéil iomchuí, údarás nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leis an gclár agus ainmniú comhpháirtithe soch-eacnamaíocha, chomh maith le torthaí na gcomhairliúchán arna ndéanamh.

Airteagal 6 Formheas agus leasú na gclár

53. Cuirfidh na Ballstáit dréachtchlár POSEI faoi bhráid an Choimisiúin faoin dearlaic airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 29(2) agus (3).

Beidh na nithe seo a leanas ar áireamh sa dréachtchlár: dréacht-réamhmheastachán soláthair ina léirítear na táirgí, cainníochtaí na dtáirgí agus méideanna na cabhrach do sholáthar ón Aontas, chomh maith le dréachtchlár tacaíochta don táirgeacht áitiúil.

Déanfaidh an Coimisiún an clár POSEI arna mholadh a mheas agus déanfaidh sé cinneadh maidir lena fhormheas trí ghníomh cur chun feidhme.

54. Ag brath ar an meastóireacht bhliantúil ar chur chun feidhme na mbeart sna cláir POSEI, féadfaidh na Ballstáit tograí a thíolacadh chun iad a leasú faoin dearlaic airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 29(2) agus (3), d'fhonn iad a oiriúnú níos fearr do riachtanais na réigiún forimeallach agus don straitéis mholta. Trí ghníomh cur chun feidhme glacfaidh an Coimisiún na modhanna aonfhoirmeacha chun tograí le haghaidh leasú an chláir a thíolacadh.

55. D'fhonn na cineálacha éagsúla leasuithe arna moladh agus an sprioc dá gcur i bhfeidhm a chur san áireamh, cinnfidh an Coimisiún trí ghníomh tarmligthe nós imeachta formheasa na leasuithe.

Airteagal 7 Rialuithe agus monatóireacht

Déanfaidh na Ballstáit na rialuithe trí rialuithe riaracháin agus rialuithe ar an láthair a dhéanamh. D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún saintréithe íosta na rialuithe a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme, arb iad na rialuithe nach mór do na Ballstáit a chur i bhfeidhm.

Tríd an gcineál céanna gnímh, glacfaidh an Coimisiún freisin na nósanna imeachta agus na táscairí fisiceacha agus airgeadais chun monatóireacht éifeachtach ar chur chun feidhme na gclár a áirithiú.

CAIBIDIL III

SOCRUITHE SONRACHA SOLÁTHAIR

AIRTEAGAL 8 Réamh-mheastachán soláthair

56. Bunaítear socruithe sonracha soláthair do na táirgí talmhaíochta atá luaite in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, ar táirgí iad atá riachtanach sna réigiúin fhorimeallacha do thomhaltas an duine nó do mhonarú táirgí eile, nó mar ionchur talmhaíochta.

57. Déanfaidh gach Ballstát, ag an leibhéal geografach a mheasfaidh sé a bheith is iomchuí, réamh-mheastachán soláthair chun riachtanais bhliantúla soláthair gach réigiúin fhorimeallaigh a chainníochtú fad is a bhaineann leis na táirgí atá luaite in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.

Maidir leis an meastóireacht ar riachtanais gnóthas pacáistithe nó próiseála táirgí atá beartaithe don mhargadh áitiúil, arna seoladh chuig an gcuid eile den Aontas, arna n-onnmhairiú chuig tríú tíortha mar chuid de thrádáil réigiúnach de réir bhrí Airteagal 13(3), nó mar chuid de thrádáil thraidisiúnta, is féidir í a chur i réamh-mheastachán soláthair eile.

Airteagal 9 Feidhmiú na socruithe

58. Laistigh de theorainn na gcainníochtaí arna gcinneadh sa réamh-mheastachán soláthair, ní chuirfear i bhfeidhm aon dleacht ar allmhairí díreacha táirgí ó thríú tíortha sna réigiúin fhorimeallacha faoi na socruithe sonracha soláthair.

Chun críoch na caibidle seo, maidir le táirgí a ndearnadh próiseáil isteach orthu nó a bhí i stóras custaim i gcríoch chustaim an Aontais, measfar gur allmhairí díreacha ó thríú tíortha iad.

59. D'fhonn sásamh na riachtanas arna n-aithint i gcomhréir le hAirteagal 8(2) a áirithiú, ó thaobh an phraghais agus na cáilíochta, agus cuid an Aontais de na soláthairtí á caomhnú ag an am céanna, deonófar cabhair chun táirgí a sholáthar do na réigiúin fhorimeallacha, ar táirgí de chuid an Aontais iad arna gcoinneáil i stóras idirghabhála poiblí nó atá le fáil ar mhargadh an Aontais.

Déanfar méid na cabhrach sin a chinneadh do gach cineál táirge i gceist trí na nithe seo a leanas a chur san áireamh: na costais bhreise a bhaineann le hiompar go dtí na réigiúin fhorimeallacha agus na praghsanna a ghearrtar ar onnmhairí go tríú tíortha, agus, i gcás ionchuir talmhaíochta nó táirgí atá beartaithe don phróiseáil, ba cheart costais bhreise eile a chur san áireamh, ar costais iad a bhaineann le hiargúltacht, go háirithe an t-oileánachas agus laghad na réimse.

60. Ní dheonófar aon chabhair do sholáthar táirgí a cumhdaíodh cheana faoi na socruithe sonracha soláthair i réigiún forimeallach eile.

61. Ní chuimseofar faoi na socruithe sonracha soláthair ach táirgí fónta ar cháilíocht mhaith, ar féidir iad a chur ar an margadh.

Airteagal 10 Cur chun feidhme

Cuirfear na socruithe sonracha soláthair chun feidhme sa chaoi is go gcuirfear na nithe seo a leanas go háirithe san áireamh:

a) riachtanais shonracha na réigiún forimeallach agus, i gcás táirgí atá beartaithe don phróiseáil nó ionchuir talmhaíochta, na ceanglais cháilíochta;

b) na sreabha trádála leis an gcuid eile den Aontas;

c) gné eacnamaíoch na cabhrach atá beartaithe;

d) más gá, an gá gan cur isteach ar fhorbairt na táirgeachta áitiúla.

Airteagal 11 Deimhnithe

62. Tabharfar an díolúine ó dhleacht ar allmhairí nó teidlíocht cabhrach faoi na socruithe sonracha soláthair ar dheimhniú a thíolacadh.

Eiseofar na deimhnithe do na hoibreoirí, agus dóibh sin amháin, atá ar chlár na n-údarás inniúil.

Ní fhéadfar na deimhnithe a tharchur.

63. D'fhonn a áirithiú go bhfuil láncheart ag na hoibreoirí páirt a ghlacadh sna socruithe sonracha soláthair, cinnfidh an Coimisiún trí ghníomh tarmligthe na coinníollacha chun na hoibreoirí a chur ar an gclár agus, más gá, forchuirfidh sé ráthaíocht le haghaidh eisiúint na ndeimhnithe.

64. Trí ghníomh cur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún na bearta ar fad is gá chun a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit an t-Airteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, go háirithe maidir le cur chun feidhme chóras na ndeimhnithe, seachas an ráthaíocht, agus maidir le dualgais na n-oibreoirí le linn an chlárúcháin.

Airteagal 12 Na sochair a chur ar aghaidh

1. Maidir le teidlíocht faoi na socruithe sonracha soláthair a eascraíonn ón díolúine ó dhleacht ar allmhairí nó ó dheonú cabhrach, beidh sí faoi réir an choinníll go gcuirfear an sochar eacnamaíoch ar aghaidh i ndáiríre go dtí an t-úsáideoir deiridh, ar féidir leis, ag brath ar an gcás, a bheith ina thomhaltóir i gcás táirgí atá beartaithe don tomhaltas díreach, ina phróiseálaí nó ina phacálaí deiridh i gcás táirgí atá beartaithe do thionscail na próiseála nó an phacáistithe, nó ina fheirmeoir i gcás táirgí a úsáidtear le haghaidh cothú ainmhithe.

2. D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach mhír 1 a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, na modhanna dá cur i bhfeidhm, agus go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit a sheiceáil go gcuirfear ar aghaidh i ndáiríre an sochar go dtí an t-úsáideoir deiridh, a ghlacadh.

Airteagal 13 Onnmhairiú chuig tríú tíortha agus seoladh chuig an gcuid eile den Aontas

65. Ní onnmhaireofar chuig tríú tíortha na táirgí a chumhdaítear leis na socruithe sonracha soláthair, nó ní sheolfar chuig an gcuid eile den Aontas iad, ach amháin faoi choinníollacha aonfhoirmeacha arna leagan síos ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme, agus ar áireamh sna coinníollacha sin beidh íocaíocht dleachtanna ar allmhairí, nó aisíocaíocht na cabhrach a fuarthas, dá dtagraítear in Airteagal 9.

Maidir leis na táirgí chumhdaítear leis na socruithe sonracha soláthair, ní bheidh onnmhairiú na dtáirgí sin chuig tríú tíortha faoi réir deimhniú a thíolacadh.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na sreabha trádála idir ranna Francacha thar lear.

66. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír de mhír 1 maidir leis na táirgí arna bpróiseáil sna réigiúin fhorimeallacha ó thairgí a cumhdaíodh leis na socruithe sonracha soláthair, ar táirgí iad:

a) a onnmhairítear chuig tríú tíortha nó a sheoltar chuig an gcuid eile den Aontas laistigh de theorainneacha seoltaí traidisiúnta agus onnmhairí traidisiúnta. Tá na cainníochtaí sin leagtha síos ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme ar bhonn mheán na seoltaí nó na n-onnmhairí i rith na mblianta 1989, 1990 agus 1991;

b) a onnmhairítear chuig tríú tíortha mar chuid de thrádáil réigiúnach i gcomhréir leis na cinn scríbe agus coinníollacha arna sonrú ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme;

c) a sheoltar ó na hAsóir chuig Maidéara nó a mhalairt;

d) a sheoltar ó Mhaidéara chuig na hOileáin Chanáracha nó a mhalairt;

e) a sheoltar idir ranna thar lear.

Ní dheonófar aon aisíoc ar onnmhairí i gcás na dtáirgí arna n-onnmhairiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, (a) agus (b).

Maidir leis na táirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, (a) agus (b), ní bheidh onnmhairiú na dtáirgí sin chuig tríú tíortha faoi réir deimhniú a thíolacadh.

67. Chun críoch na caibidle seo, ciallaíonn "trádáil réigiúnach" an trádáil a dhéantar, i gcás gach roinne thar lear, i gcás na n-Asór agus Maidéara agus i gcás na n-Oileán Canárach, le tríú tíortha arna sonrú ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme.

68. Measfar gur táirgí a thomhaltar go háitiúil iad na táirgí a sheachadtar ar na ranna thar lear, ar na hAsóir, ar Mhaidéara nó ar na hOileáin Chanáracha, ar táirgí iad a bhain tairbhe as na socruithe sonracha soláthair agus a úsáidtear chun báid agus aerárthaí a bhreoslú.

69. De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 2, pointe (a), féadfar, ar feadh thréimhse cúig bliana, na cainníochtaí uasta seo a leanas de shiúcra (cód CN 1701) a sheoladh gach bliain ó na hAsóir chuig an gcuid eile den Aontas:

70. in 2011: 3 000 tona,

71. in 2012: 2 500 tona,

72. in 2013: 2 000 tona,

73. in 2014: 1 500 tona,

74. in 2015: 1 000 tona.

75. D'fhonn an sochar ó chur i bhfeidhm na socruithe sonracha soláthair a dhíriú ar an trádáil réigiúnach agus thraidisiúnta, maidir leis na hoibríochtaí próiseála, ar féidir onnmhairiú traidisiúnta a dhéanamh dá mbarr, nó na hoibríochtaí trádála réigiúnaí, leagfaidh an Coimisiún síos, trí ghníomh tarmligthe, na coinníollacha nach mór dóibh a chomhlíonadh.

Airteagal 14 Siúcra

76. Le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 204(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, beidh táirgeacht sa bhreis ar an gcuóta dá dtagraítear in Airteagal 61 den Rialachán sin saor ó dhleachtanna ar allmhairí, laistigh de theorainn na réamh-mheastachán soláthair dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo, i gcás:

a) siúcra a thugtar chun a thomhaltais chuig Maidéara nó chuig na hOileáin Chanáracha i bhfoirm siúcra bháin a thagann faoi réim chód CN 1701;

b) siúcra arna scagadh agus arna thomhailt sna hAsóir i bhfoirm siúcra amh a thagann faoi réim chód CN 1701 12 10 (siúcra biatais amh).

77. Sna hAsóir, chun críche an mhínghlanta, féadfar na cainníochtaí dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh, faoi réir theorainn an réamh-mheastacháin soláthair, le siúcra amh a thagann faoi réim chód CN 1701 11 10 (siúcra cána amh).

I gcás soláthair shiúcra amh na n-Asór, cinnfear riachtanais siúcra amh na n-Asór trí fhorbairt tháirgeadh áitiúil an bhiatais siúcra a chur san áireamh. Déanfar na cainníochtaí a chumhdaítear leis na socruithe soláthair a chinneadh ionas go n-áiritheofar nach mbeidh méid iomlán an tsiúcra a scagfar sna hAsóir gach bliain níos mó ná 10 000 tona.

Airteagal 15 Púdar bainne bhearrtha

De mhaolú ar Airteagal 8, féadfaidh na hOileáin Chanáracha leanúint de sholáthar púdair bhainne bhearrtha a fháil a thagann faoi réim chód CN 1901 90 99 (púdar bainne bhearrtha a bhfuil saill phlandúil ann) agus atá beartaithe le haghaidh na próiseála tionsclaíche suas go dtí 800 tona in aghaidh na bliana. Ní fhéadfaidh an tAontas cabhair ar mó ná EUR 210 in aghaidh an tona í a thabhairt i gcás soláthairtí den táirge seo agus áireofar an chabhair sin sa teorainn a leagtar síos in Airteagal 29. Is chun a thomhaltais go háitiúil amháin a úsáidfear an táirge seo.

Airteagal 16 Allmhairiú ríse in La Réunion

Maidir leis na táirgí a allmhaireofar sa roinn Fhrancach thar lear, La Réunion, chun a dtomhaltais ansin agus a thagann faoi réim chóid CN 1006 10, 1006 20 agus 1006 40 00, ní ghearrfar aon dleacht ar a n-allmhairiú.

Airteagal 17 Rialuithe agus smachtbhannaí

78. Déanfar rialuithe riaracháin ar tháirgí a chumhdaítear leis na socruithe sonracha soláthair ag tráth a n-allmhairithe nó a dtabhairt isteach sna réigiúin fhorimeallacha agus ag tráth a n-onnmhairithe nó a seolta ó na réigiúin sin.

D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na forála seo a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún saintréithe íosta na rialuithe a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme, arb iad na rialuithe nach mór do na Ballstáit a chur i bhfeidhm.

79. Más rud é go ndéanann an t-oibreoir mainneachtain sna gealltanais a tugadh faoi Airteagal 11, seachas i gcás nach féidir an mhainneachtain a sheachaint nó i gcás tarlaithe aeráide as an ngnách, gabhfar ar ais an sochar a deonaíodh do shealbhóir an deimhnithe agus cuirfear a chlárúchán ar fionraí nó ar ceal ag brath ar thromchúis na mainneachtana.

D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí atá páirteach sna socruithe a n-oibleagáidí, cinnfidh an Coimisiún, trí ghníomh tarmligthe, na coinníollacha is gá chun an chéad fhomhír a chur i bhfeidhm agus an nós imeachta do phróiseáil na n-iarratas nua ar dheimhnithe oibreora.

CAIBIDIL IV

BEARTA DON TÁIRGEACHT ÁITIÚIL TALMHAÍOCHTA

AIRTEAGAL 18 Bearta

80. Ar áireamh sna cláir POSEI beidh bearta sonracha don táirgeacht áitiúil talmhaíochta, ar bearta iad a thagann faoi raon feidhme Theideal III de Chuid 3 den Chonradh agus a bhfuil gá leo chun leanúnachas agus forbairt na táirgeachta áitiúla talmhaíochta i ngach réigiún forimeallach a áirithiú.

81. Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad ar áireamh sa chuid den chlár ina bhfuil na bearta don táirgeacht áitiúil talmhaíochta:

a) tuairisc chainníochtaithe ar staid reatha na táirgeachta talmhaíochta, ag cur san áireamh na dtorthaí meastóireachta atá ar fáil, ag léiriú na n-éagothromaíochtaí, na n-easnamh agus na hacmhainneachta forbartha, na n-acmhainní airgeadais a úsáideadh agus phríomhthorthaí na ngníomh arna ndéanamh roimh ré;

b) tuairisc ar an straitéis bheartaithe, na tosaíochtaí arna roghnú agus na cuspóirí ginearálta agus oibriúcháin cainníochtaithe, chomh maith le measúnú ar an tionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta, lena n-áirítear an tionchar ar fhostaíocht, a mbeifear ag súil leis;

c) tuairisc ar na bearta atá beartaithe, go háirithe na scéimeanna cabhrach chun iad a chur chun feidhme, agus más gá, faisnéis faoi na riachtanais fad is a bhaineann le staidéir, tionscadail taispeána, oiliúint agus cúnamh teicniúil a bhaineann le hullmhúchán, le cur chun feidhme nó le hoiriúnú na mbeart i dtrácht;

d) liosta na gcineál cabhrach ar íocaíochtaí díreacha iad, de réir bhrí Airteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009;

e) na coinníollacha faoina ndeonófar an chabhair, na táirgí agus na méideanna i gceist;

f) méid na cabhrach atá leagtha síos do gach beart nó gníomh d'fhonn cuspóir amháin nó roinnt cuspóirí ar an gclár a bhaint amach.

82. Déanfaidh an Coimisiún na coinníollacha aonfhoirmeacha faoina n-íocfar an chabhair dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme.

83. Féadfar a bheith ar áireamh sa chlár bearta tacaíochta do tháirgeadh, do phróiseáil nó do mhargú tháirgí talmhaíochta na réigiún forimeallach.

Féadfar gach beart a bhriseadh síos i ngníomhaíochtaí. Do gach beart sainítear sa chlár ar a laghad na heilimintí seo a leanas:

a) na tairbhithe;

b) na coinníollacha incháilitheachta;

c) cabhair aonair;

d) an uasteorainn.

D'fhonn tacaíocht a thabhairt do mhargú táirgí lasmuigh de réigiún a dtáirgthe, déanfaidh an Coimisiún na coinníollacha a ghlacadh trí ghníomh tarmligthe chun méid na cabhrach a dheonófar le haghaidh margú a leagan síos agus, más gá, na huasmhéideanna a ghlacadh ar féidir cabhair a dheonú ina leith.

Airteagal 19 Rialuithe agus íocaíocht mhícheart

84. Déanfar rialuithe na mbeart a ndéantar foráil dóibh sa chaibidil seo trí rialuithe riaracháin agus rialuithe ar an láthair.

85. I gcás íocaíochta míchirte, tá oibleagáid ar an tairbhí lena mbaineann na méideanna i gceist a aisíoc. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 ón gCoimisiún[10].

CAIBIDIL V

BEARTA TIONLACAIN

AIRTEAGAL 20 Siombail ghrafach

86. Tabharfar isteach siombail ghrafach d'fhonn eolas ar tháirgí sonracha talmhaíochta ar cháilíocht mhaith ó na réigiúin fhorimeallacha a fheabhsú agus d'fhonn tomhaltas na dtáirgí sin, i riocht nádúrtha nó i riocht phróiseáilte, a fheabhsú.

87. Molfaidh na heagraíochtaí gairmiúla lena mbaineann coinníollacha úsáid na siombaile grafaí dá ndéantar foráil i mír 1. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta na moltaí sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus a dtuairim ag gabháil leo.

Rialóidh údarás poiblí nó comhlacht arna fhormheas ag na húdaráis náisiúnta inniúla úsáid na siombaile.

88. D'fhonn eolas ar tháirgí talmhaíochta ar cháilíocht mhaith na réigiún forimeallach a fheabhsú agus tomhaltas na dtáirgí sin a chur chun cinn, i riocht nádúrtha nó phróiseáilte, déanfaidh an Coimisiún na coinníollacha chun an ceart an tsiombail ghrafach a úsáid a fheidhmiú, mar aon leis na coinníollacha dá hatáirgeadh agus dá húsáid, a leagan síos trí ghníomh tarmligthe.

89. D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún na modhanna do chur chun feidhme na siombaile grafaí, mar aon le saintréithe íosta na rialuithe agus na monatóireachta nach mór do na Ballstáit a chur i bhfeidhm, a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme.

Airteagal 21 Forbairt tuaithe

90. Gan dochar d'Airteagal 39(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, maidir leis na huasmhéideanna bliantúla incháilithe faoi chabhair an Aontais a ndéantar foráil dóibh in Iarscríbhinn I den Rialachán sin, féadfar iad a mhéadú faoi dhó i gcás an bhirt chun lochanna sna hAsóir a chosaint agus an bhirt chun an tírdhreach agus saintréithe traidisiúnta na talún talmhaíochta agus ballaí cloiche a choinníonn léibhinn suas a chaomhnú i Maidéara.

91. Tá tuairisc ar na bearta atá pleanáilte faoi mhír 1 den Airteagal seo, más gá, sna cláir do na réigiúin sin dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.

Airteagal 22 Státchabhair

92. I gcás na dtáirgí talmhaíochta a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, a bhfuil feidhm ag Airteagail 107, 108 agus 109 maidir leo, féadfaidh an Coimisiún cabhair oibriúcháin a údarú, i gcomhréir le hAirteagal 108 den chonradh, in earnálacha tháirgeadh, phróiseáil agus mhargú na dtáirgí sin, ar cabhair í lena bhféachtar le baic na táirgeachta talmhaíochta a bhaineann go sonrach leis na réigiúin fhorimeallacha a mhaolú, ar baic iad a bhaineann leis an iargúltacht, leis an t-oileánachas agus le baic eile a bhfuil baint acu le staid na réigiún forimeallach.

93. Féadfaidh na Ballstáit maoiniú breise a thabhairt do chur chun feidhme na gclár POSEI. Sa chás sin, ní mór do na Ballstáit an státchabhair a fhógairt don Choimisiún agus caithfidh an Coimisiún an státchabhair a fhormheas, i gcomhréir leis an Rialachán seo, mar chuid de na cláir sin. Measfar gur fograíodh an státchabhair a fógraíodh amhlaidh de réir bhrí na chéad abairte d'Airteagal 108(3) den chonradh.

94. Féadfaidh an Fhrainc cabhair suas le EUR 90 milliún in aghaidh an fheachtais a thabhairt d'earnáil shiúcra na réigiún forimeallach francach.

Cuirfidh an Fhrainc an Coimisiún ar an eolas, laistigh de thríocha lá ó dheireadh gach feachtais mhargaíochta, maidir le méid na cabhrach a tugadh.

95. Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 180 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus ar Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle[11], ní bheidh feidhm ag Airteagail 107, 108 agus 109 den chonradh maidir leis na híocaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit, i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus mír 3 de Chaibidil IV den Airteagal seo agus Airteagail 23 agus 27 den Rialachán seo á gcur i bhfeidhm.

Airteagal 23 Cláir fhíteashláintíochta

96. Cuirfidh an Fhrainc agus an Phortaingéil faoi bhráid an Choimisiúin cláir chun orgánaigh a chomhrac a dhéanann díobháil do phlandaí nó do tháirgí plandaí sna ranna thar lear, sna hAsóir agus i Maidéara faoi seach. Sonrófar sna cláir sin go háirithe na cuspóirí atá le baint amach, na bearta atá le déanamh agus fad agus costas na mbeart sin. Ní bhaineann na cláir a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin faoin Airteagal seo le cosaint bananaí.

97. Rannchuideoidh an tAontas le maoiniú na gclár dá ndéantar foráil i mír 1, ar bhonn anailís theicniúil staideanna na réigiún.

98. D'fhonn na cláir sin a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún rannchuidiú airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2, na bearta incháilithe do mhaoiniú an Aontais agus méid na cabhrach sin, a chinneadh trí ghníomh tarmligthe.

Féadfaidh an rannchuidiú sin suas le 60% den chaiteachas incháilithe a chlúdach sna ranna thar lear agus suas le 75% den chaiteachas incháilithe a chlúdach sna hAsóir agus i Maidéara. Déanfar an íocaíocht ar bhonn na doiciméadachta a sholáthróidh an Fhrainc agus an Phortaingéil. Más gá, féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí a eagrú agus féadfaidh na saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 21 de Threoir 2000/29/CE ón gComhairle[12] na hiniúchtaí a stiúradh ar a shon.

Airteagal 24 Fíon

99. Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagail 103v, 103w, 103x agus 182a de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 maidir leis na hAsóir ná maidir le Maidéara.

100. De mhaolú ar an dara fomhír d'Airteagal 120a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, féadfar fíonchaora ó na cineálacha fíniúna dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin, arna mbaint sna hAsóir agus i Maidéara, a úsáid do tháirgeadh fíona a chaithfidh fanacht laistigh de na réigiúin sin.

Maidir le fíonghoirt atá plandaithe le cineálacha fíniúna dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 120a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, déanfaidh an Phortaingéil iad a dhíothú de réir a chéile agus, más gá, beidh an tacaíocht aici dá bhforáiltear in Airteagal 103q de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.

101. Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 103v, in Airteagal 103w agus in Airteagal 103y de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 maidir leis na hOileáin Chanáracha.

Airteagal 25 Bainne

102. Chun críoch dháileadh an tobhaigh ar bharrachas i gcomhréir le hAirteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, maidir le táirgeoirí de réir bhrí Airteagal 65(c) den Rialachán sin, ar táirgeoirí iad atá lonnaithe sna hAsóir agus a tháirgeann sna hAsóir, a mhargaíonn cainníochtaí a sháraíonn a gcuóta, méadaithe faoin gcéatadán dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo, measfar go bhfuil baint acu sin, agus acu sin amháin, leis an sárú.

Tá an tobhach ar bharrachas dlite i gcás na gcainníochtaí a sháraíonn an cuóta arna mhéadú faoin gcéatadán dá dtagraítear sa tríú fomhír, tar éis athleithdháileadh na gcainníochtaí nár úsáideadh laistigh den lamháil a fágadh tar éis an mhéadaithe sin i measc na dtáirgeoirí ar fad, ar táirgeoirí iad de réir bhrí Airteagal 65(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, atá lonnaithe agus a tháirgeann sna hAsóir, agus déanfar an t-athleithdháileadh sin i gcomhréir leis an gcuóta atá ag gach táirgeoir.

Is ionann an céatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an cóimheas idir na cainníochtaí de 23 000 tona ón mbliain mhargaíochta 2005/2006 i leith agus iomlán na gcainníochtaí tagartha le fáil ar gach gabháltas an 31 Márta 2010. Ní bheidh sé infheidhme ach amháin maidir leis an gcuóta ar an ngabháltas an 31 Márta 2010.

103. Maidir leis na cainníochtaí bainne nó coibhéise bainne arna gcur ar an margadh agus a sháraíonn an cuóta, ach a chomhlíonann an céatadán dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1, tar éis an athleithdháilte dá dtagraítear sa mhír sin, ní chuirfear san áireamh iad chun aon sárú ag an bPortaingéil ar an gcuóta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a chinneadh.

104. Maidir le scéim an tobhaigh ar bharrachas as a n-íocann táirgeoirí bainne dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, ní bheidh sí infheidhme i gcás na ranna thar lear ná, laistigh de theorainn táirgeachta áitiúla 4 000 tona, i gcás Maidéara.

105. De mhaolú ar Airteagal 114(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, maidir le táirgeadh bainne UTC i Maidéara agus sa roinn Fhrancach thar lear, La Réunion, ar bainne é arna athdhéanamh ó phúdar bainne de thionscnamh an Aontais, údarófar é faoi réir theorainneacha riachtanais an tomhaltais áitiúil, a mhéid nach gcuirfidh an beart seo bac ar an mbainne arna tháirgeadh go háitiúil a bhailiú ná margadh a fháil dó. Is chun a thomhaltais go háitiúil amháin a úsáidfear an táirge seo.

Ní mór an modh trína bhfuarthas an bainne UTC, arna athdhéanamh amhlaidh, a léiriú go soiléir ar an lipéad díolacháin.

Airteagal 26 Feirmeoireacht ainmhithe

106. Go dtí go mbeidh a dhóthain bó-ainmhithe óga fireann ann chun cothabháil agus forbairt an táirgthe áitiúil feola sna ranna thar lear agus i Maidéara a áirithiú, féadfar bó-ainmhithe a allmhairiú ó thríú tíortha, d'fhonn iad a ramhrú agus chun a dtomhaltais sna ranna thar lear agus i Maidéara, gan dleachta ar allmhairí, is é sin le rá an taraif chustaim, a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun an fhomhír seo a chur i bhfeidhm, agus go háirithe na modhanna don díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí bó-ainmhithe óga fireann sna ranna thar lear agus i Maidéara, a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme.

Beidh feidhm ag Airteagail 12 agus 13(1) maidir leis na hainmhithe a chumhdaítear faoin díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

107. Cinnfear líon na n-ainmhithe a chumhdófar faoin díolúine dá dtagraítear sa chéad mhír sna cláir POSEI, nuair a bheidh call cuí leis an ngá le hainmhithe a allmhairiú, agus forbairt an táirgthe áitiúil curtha san áireamh. I gcás na n-ainmhithe sin, tabharfar tosaíocht do tháirgeoirí a choinníonn ainmhithe chun iad a ramhrú agus a bhfuil ar a laghad 50% de na hainmhithe sin de thionscnamh áitiúil.

D'fhonn tréithe sonracha áitiúla na hearnála mairteola agus laofheola agus a fo-earnála a chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún na coinníollacha a mbeidh an díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí faoina réir a ghlacadh trí ghníomh tarmligthe.

108. I gcás ina gcuirfear i bhfeidhm Airteagail 52 agus 53(1) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, féadfaidh an Phortaingéil an uasteorainn náisiúnta a laghdú i gcás na gceart chun íocaíochtaí do chaoireoil agus d'fheoil ghabhair agus chun na préimhe do bha diúil. Sa chás sin, trí ghníomh cur chun feidhme de chuid an Choimisiúin, déanfar an méid comhionann a aistriú ó na huasteorainneacha a leagadh síos faoi Airteagail 52 agus 53(1) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 go dtí an dearlaic airgeadais dá dtagraítear sa dara fleasc d'Airteagal 29(2) den Rialachán seo.

Airteagal 27 Státchabhair do tháirgeadh tobac

Údarófar leis an Spáinn cabhair do tháirgeadh tobac a dheonú do na hOileáin Chanáracha. Ní fhéadfar idirdhealú idir táirgeoirí sna hoileáin a bheith mar thoradh ar dheonú na cabhrach sin.

Ní fhéadfaidh méid na cabhrach dul thar EUR 2 980,62 in aghaidh an tona. Deonófar cabhair bhreise laistigh de theorainn 10 dtona in aghaidh na bliana.

Airteagal 28 Díolúine ó dhleachtanna custaim ar an tobac

1. Ní chuirfear i bhfeidhm aon dleacht chustaim ar allmhairí díreacha tobac amh agus leathmhonaraithe sna hOileáin Chanáracha, ar tobac é a thagann faoi réir na gcód seo a leanas faoi seach:

(a) NC 2401, agus

(b) na fotheidil seo a leanas:

- 2401 10 tobac amh neamhscúite,

- 2401 20 tobac amh scúite, go páirteach nó go hiomlán,

- ex 2401 20 clúdaigh sheachtracha do thodóga, arna gcur i láthair ar thacaí, i roithleáin do mhonarú tobac,

- 2401 30 dramhaíl tobac,

- ex 2402 10 todóga neamhchríochnaithe, gan fhillteán,

- ex 2403 10 tobac gearrtha (meascáin chríochnaithe de thobac do mhonarú toitíní, todóigíní agus todóg),

- ex 2403 91 tobac homaiginithe nó athdhéanta, fiú i bhfoirm duilleog nó stiallacha,

- ex 2403 99 tobac leata.

Tabharfar an díolúine dá ndéantar foráil sa chéad fhomhír trína deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 11.

Beidh feidhm ag an díolúine sin maidir leis na táirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar táirgí iad atá beartaithe le bheith próiseáilte sna hOileáin Chanáracha i dtáirgí monaraithe atá réidh le caitheamh, laistigh de theorainn allmhairí bliantúla 20 000 tona coibhéise tobac amh scúite.

2. Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun an chéad mhír a chur i bhfeidhm, agus go háirithe na modhanna don díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí tobac sna hOileáin Chanáracha, a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

AIRTEAGAL 29 Dearlaic airgeadais

1. Is idirghabhálacha iad na bearta dá ndéantar foráil leis an Rialachán seo, seachas in Airteagal 21, chun na margaí talmhaíochta a thabhairt chun rialtachta de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle [13].

2. Do gach bliain airgeadais maoineoidh an tAontas na bearta dá ndéantar foráil i gCaibidlí III agus IV suas le méid bliantúil is ionann agus na méideanna seo a leanas:

do na ranna Francacha thar lear: | EUR 278.41 milliún, |

do na hAsóir agus do Mhaidéara: | EUR 106.21 milliún, |

do na hOileáin Chanáracha: | EUR 268.42 milliún. |

- 3. Ní fhéadfaidh na méideanna arna leithdháileadh do gach bliain airgeadais chun na bearta dá ndéantar foráil i gCaibidil III a mhaoiniú na méideanna seo a leanas a shárú:

do na ranna Francacha thar lear: | EUR 24.8 milliún, |

do na hAsóir agus do Mhaidéara: | EUR 21.2 milliún, |

do na hOileáin Chanáracha: | EUR 72.7 milliún. |

- Maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit na hacmhainní a athrú arna leithdháileadh gach bliain do na táirgí a chumhdaítear leis na socruithe sonracha soláthair, déanfaidh an Coimisiún iad a leagan síos trí ghníomh cur chun feidhme.

4. D'fhonn leithdháileadh réasúnta agus chomhréireach a áirithiú do bhearta maoinithe staidéar, tionscadal taispeána, oiliúna agus cúnaimh theicniúil, leagfaidh an Coimisiún síos uasmhéid bliantúil a fhéadfar a leithdháileadh do na bearta sin.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL 30 Bearta náisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, go háirithe maidir leis na rialuithe agus na smachtbhannaí riaracháin, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas ina leith sin.

Airteagal 31 Cumarsáid agus tuarascálacha

109. Tráth nach déanaí ná an 15 Feabhra gach bliain, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na leithreasaí a cuireadh ar fáil dóibh agus a bhfuil sé ar intinn acu a chaitheamh, an bhliain dár gcionn, chun an réamh-mheastachán soláthair agus gach beart don táirgeacht áitiúil talmhaíochta a áirítear sna cláir POSEI a chur chun feidhme.

110. Tráth nach déanaí ná an 31 Iúil gach bliain cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin tuarascáil ar chur chun feidhme, i rith na bliana roimhe sin, na mbeart dá ndéantar foráil leis an Rialachán seo.

111. Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2015, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil ghinearálta ina léireofar tionchar na ngníomhaíochtaí a rinneadh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear i réimse na mbananaí, lena mbeidh moltaí cuí ag gabháil más gá.

Airteagal 32 Cumhachtaí an Choimisiúin

Nuair a thabharfar cumhachtaí don Choimisiún, gníomhóidh sé i gcomhréir leis an nós imeachta dá tagraítear in Airteagal 33, i gcás gníomhartha tarmligthe, agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34, i gcás gníomhartha cur chun feidhme.

Airteagal 33 Gníomhartha tarmligthe

112. Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún, ar gníomhartha iad dá dtagraítear sa Rialachán seo, ar feadh tréimhse éiginnte ama.

A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, ní mór don Choimisiún fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

113. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 a chúlghairm tráth ar bith.

Déanfaidh an institiúid a chuir tús le nós imeachta inmheánach chun a chinneadh an gcúlghairfear tarmligean na gcumhachtaí an reachtóir eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas, ar a dhéanaí aon mhí amháin sula nglacfar an cinneadh deireanach, agus sonróidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus cúiseanna na cúlghairme.

Leis an gcinneadh an chúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní chuirfidh sé isteach ar bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

114. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle fadófar an tréimhse sin mí amháin.

Más rud é, ar dhul in éag don tréimhse sin, nach ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe nó, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in iúl don Choimisiún roimh an dáta sin go bhfuil sé beartaithe acu gan agóid a dhéanamh, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ar an dáta atá luaite sna forálacha.

Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna atá lena hagóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 34 Gníomhartha cur chun feidhme – coiste

Le críochnú tar éis ghlacadh an Rialacháin maidir leis na modhanna rialaithe dá dtagraítear in Airteaglal 291(2) den CFAE, atá á phlé faoi láthair i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle.

Airteagal 35 Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 247/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán a aisghaireadh a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 36Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

[Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2012.]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh [...], an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 | An Rialachán seo |

Airteagal 1 | Airteagal 1 |

Airteagal 2 | Airteagal 8 |

Airteagal 3(1) agus (2) | Airteagal 9(1) agus (2) |

Airteagal 9(3) |

Airteagal 9(4) |

Airteagal 3(3) | Airteagal 10 |

Airteagal 3(4) | Airteagal 12 |

Airteagal 4(1) agus (2) | Airteagal 13(1) agus (2) |

Airteagal 13(3) |

Airteagal 13(4) |

Airteagal 4(3) | Airteagal 13(5) |

Airteagal 5 | Airteagal 14 |

Airteagal 6 | Airteagal 15 |

Airteagal 7 | Airteagal 16 |

Airteagal 8, an abairt dheireanach | Airteagal 11 |

Airteagal 9(1), Airteagal 10 | Airteagal 18(1) |

Airteagal 9(2) agus (3) | Airteagal 3 |

Airteagal 11 | Airteagal 4 |

Airteagal 12, litreacha a, b agus c | Airteagal 18(2), litreacha a, b agus c |

Airteagal 12, litreacha d, e, f agus g | Airteagal 5 |

Airteagal 13 | Airteagal 7 |

Airteagal 14 | Airteagal 20 |

Airteagal 15 | Airteagal 21 |

Airteagal 16 | Airteagal 22 |

Airteagal 17 | Airteagal 23 |

Airteagal 18 | Airteagal 24 |

Airteagal 19 | Airteagal 25 |

Airteagal 20 | Airteagal 26 |

Airteagal 21 | Airteagal 27 |

Airteagal 22 | Airteagal 28 |

Airteagal 23 | Airteagal 29 |

Airteagal 24 | Airteagal 6 |

Airteagal 27 | Airteagal 30 |

Airteagal 28 | Airteagal 31 |

Airteagal 29 | Airteagal 35 |

Airteagal 33 | Airteagal 36 |

[1] IO C an, lch. .

[2] IO C an, lch. .

[3] IO C an, lch. .

[4] IO C an, lch. .

[5] IO L 42, an 14. 2.2006, lch. 1.

[6] IO L 299, an 16.11.2007, lch. 1.

[7] IO L 277, an 21.10.2005, lch. 1.

[8] IO L 30, an 31.1.2009, lch. 16.

[9] IO L 155, an 18.6.2009, lch. 30.

[10] IO L 316, an 2.12.2009, lch. 65.

[11] IO L 214, an 4.8.2006, lch. 7.

[12] IO L 4, an 7. 1.2000, lch. 11.

[13] IO L 209, an 11. 8.2005, lch. 1.

Barr

Á bhainistiú ag an Oifig Foilseachán