Togra le haghaidh RIALACHÁN (AE) Uimh. .../ … Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le formheas feithiclí talmhaíochta nó foraoiseachta
/* COIM/2010/0395 leagan deireanach - COD 2010/0212 */
| BG | ES | CS | DA | DE | ET | EL | EN | FR | GA | IT | LV | LT | HU | MT | NL | PL | PT | RO | SK | SL | FI | SV |
| html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html | html |
| doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc | doc |
| Taispeáint dhátheangach: BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HU IT LT LV MT NL PL PT RO SK SL SV |
[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |
An Bhruiséil 23.7.2010
COIM(2010) 395 leagan deireanach
2010/0212 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN (AE) Uimh. .../ … Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le formheas feithiclí talmhaíochta nó foraoiseachta
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)SEC(2010) 934 SEC(2010) 933
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1. COMHTHÉACS AN TOGRA
- FORAIS AGUS CUSPÓIRÍ AN TOGRA
Is éard is cuspóir leis an togra seo rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le monarú feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (tarracóirí, leantóirí agus trealamh eile ar tarraingt) d’fhonn a áirithiú go n-oibríonn an margadh inmheánach agus, san am céanna, d’fhonn foráil d’ardleibhéal sábháilteachta ag an obair, d’ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre agus d’ardleibhéal cosanta comhshaoil. Cuirfear reachtaíocht nua in ionad na reachtaíochta atá ann faoi láthair d’fhonn í a chur ar chomhréim leis na prionsabail um Rialáil Níos Fearr agus um Shimpliú. Leis an togra seo, féachtar le feabhas a chur ar a shábháilte a bhíonn feithiclí trí cheanglais a thabhairt isteach le haghaidh gach earnála feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta. Mar chríoch, déanann an togra tionscal na bhfeithiclí níos iomaíche trí shimpliú a dhéanamh ar an reachtaíocht um chineálcheadú feithiclí atá ann faoi láthair, rud a fheabhsaíonn trédhearcacht agus a laghdaíonn an t-ualach riaracháin. |
Comhthéacs ginearálta Na ceanglais theicniúla le haghaidh cineálcheadú tarracóirí maidir le roinnt mhaith eilimintí sábháilteachta agus comhshaoil, rinneadh iad a chomhchuibhiú ag leibhéal an Chomhphobail chun nach mbeadh ceanglais dhifriúla i mBallstáit áirithe seachas a chéile, chun ardleibhéal sábháilteachta ag an obair, ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre agus ardleibhéal cosanta comhshaoil ar fud an Chomhphobail a áirithiú, agus chun córas comhchuibhithe cineálcheadaithe a thabhairt isteach san AE. Tá fáil anois ar theicneolaíochtaí nua amhail ABS (córais choscánaithe frithghlasála) ar féidir iad a chur i bhfeidhm sar i bhfad, rud a chuirfidh go mór lena shábháilte a bhíonn feithiclí. De réir taighde, bheadh sochair mhóra ag gabháil lena leithéidí de theicneolaíochtaí a thabhairt isteach mar chaighdeán ar fheithiclí nua. Dá socrófaí ceanglais éigeantacha, chuirfí cosc ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaí, ilroinnt a d’eascródh as caighdeáin éagsúla táirgí a bheith ag teacht chun cinn sna Ballstáit éagsúla. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Creat Rialúcháin Iomaíoch Feithicleach don 21ú hAois” [1] cuireadh fáilte roimh an moladh a rinneadh i dtuarascáil CARS 21[2] chun simpliú a dhéanamh ar an gcreat rialúcháin atá ann faoi láthair do chineálcheadú feithicle iomláine. I bhfianaise an mholta seo, déanfar leis an togra seo simpliú nach beag ar an reachtaíocht um chineálcheadú trí bhíthin Rialachán amháin ón bParlaimint agus ón gComhairle a chur in ionad 24 bun-Treoir (agus thart ar 35 Treoir leasaitheach a bhaineann leo) i réimse na gceanglas teicniúil le haghaidh feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta. |
Forálacha atá i bhfeidhm cheana féin i réimse an togra Is leis na gníomhartha seo a leanas de chuid an AE a rialáiltear an reachtaíocht atá ann faoi láthair um chineálcheadú tarracóirí: Treoracha ón gComhairle 74/347/CEE, 76/432/CEE, 76/763/CEE, 77/537/CEE, 78/764/CEE, 80/720/CEE, 86/297/CEE, 86/298/CEE, 86/415/CEE, 87/402/CEE; Treoracha ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2000/25/CE, 2003/37/CE, 2009/57/CE, 2009/58/CE, 2009/59/CE, 2009/60/CE, 2009/61/CE, 2009/63/CE, 2009/64/CE, 2009/66/CE, 2009/68/CE, 2009/75/CE, 2009/76/CE agus 2009/144/CE. Leis an dréacht-togra agus leis na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe a ghabhann leis, tabharfar ar aghaidh na ceanglais atá ann cheana féin agus atá leagtha síos sna gníomhartha thuas. I gcomparáid leis na gníomhartha atá ann faoi láthair, leagfar síos leis an rialachán ceanglais nua ar bheart ardsábháilteachta amháin, mar atá, córais choscánaithe frithghlasála, chomh maith le nuashonruithe eile ar na ceanglais choscánaithe amhail fad coscánaithe níos giorra agus córais hidreastatacha a thabhairt isteach. Ina theannta sin, tabharfar isteach leis an togra ceanglais ar shraith gnéithe teicniúla i gcomhair na n-earnálacha feithiclí sin nach bhfuil siad sainmhínithe go fóill lena n-aghaidh faoi Threoir 2003/37/CE, ag leibhéal cosúil leis an gceann atá ann faoi láthair sna Treoracha dá dtagraítear thuas. Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Tá an togra comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ag an AE na bóithre a dhéanamh níos sábháilte, cuspóir a bhfuil cur síos uirthi go háirithe sa Pháipéar Bán ar Bheartas Iompair na hEorpa[3]. Ghlac an Coimisiún leis sin sa bhliain 2001 agus soláthraíonn sé brat le haghaidh an Chláir Ghníomhaíochta Eorpaigh um Shábháilteacht ar Bhóithre. Ina theannta sin, maidir leis na gnéithe den togra a bhaineann leis an gcomhshaol, níltear ag moladh aon athruithe ar na leibhéil chosanta atá ann faoi láthair. Is é an t-aon athrú amháin ná gur cheart don Rialachán tagairt a dhéanamh do Threoir 97/68/CE um astaíochtaí Innealra Shoghluaiste Neamhbhóthair seachas ceann faoi leith a bheith ann le haghaidh tarracóirí, rud a shimpleodh an próiseas reatha cur chun feidhme ach a choinneodh na príomhghnéithe le haghaidh forbairtí sa todhchaí ag an am céanna. Mar chríoch, tá an togra comhsheasmhach le straitéis an AE chun an córas rialúcháin a shimpliú faoi mar a fógraíodh i dTeachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Updating and simplifying the Community acquis”,[4] teachtaireacht lena sonraítear go bhfuil an córas cineálcheadaithe le haghaidh mótarfheithiclí ina thosaíocht ó thaobh reachtaíocht an Chomhphobail a shimpliú. |
2. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta |
Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara |
Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha a bhfuiltear ag díriú orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí Le linn don Choimisiún an togra a chur chun cinn chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ar roinnt bealaí: Bhí comhairliúchán ginearálta ar siúl ar an idirlíon, comhairliúchán inar pléadh gach gné den togra. Fuarthas tuairimí ó na Ballstáit (aireachtaí), ó mhonaróirí tarracóirí (ionadaithe Eorpacha agus náisiúnta agus cuideachtaí aonair) agus ó mhonaróirí comhpháirteanna, ó eagraíochtaí iompair agus ó ionadaithe úsáideoirí. I gcomhthéacs an staidéir ar an Measúnú Iarmharta, thug comhairleoir seachtrach cuireadh do 200 páirtí leasmhar páirt a ghlacadh sa phlé agus tuairimí a sheoladh isteach. Ina theannta sin, reáchtáladh cruinniú leis na páirtithe leasmhara. Pléadh an togra ag roinnt cruinnithe de chuid Mheitheal an Choimisiúin um Tharracóirí Talmhaíochta. |
Achoimre ar na freagairtí agus an tslí ar cuireadh san áireamh iad Le linn an chomhairliúcháin ar an idirlíon, tharraing páirtithe leasmhara roinnt saincheisteanna anuas. Sa mheasúnú iarmharta a ghabhann leis an togra seo cuirtear cuntas iomlán ar fáil maidir leis na saincheisteanna substainteacha a tarraingíodh anuas agus pléitear an chaoi ar cuireadh san áireamh iad. |
Rinneadh comhairliúchán oscailte ar an idirlíon idir 3/7/2008 agus 12/9/2008. Fuair an Coimisiún 19 bhfreagairt. Tá na torthaí ar fáil ar http://ec.europa.eu/enterprise/automotive/consultation/agricultural_vehicles/call.htm. |
Bailiú agus úsáid saineolais |
Réimsí eolaíochta/saineolais ábhartha Mar chuid den togra, níor mhór measúnú a dhéanamh ar roghanna éagsúla beartais, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a ghabhann leo. |
An mhodheolaíocht a úsáideadh Sheol an comhairleoir, TRL ltd., fiosrúchán chuig na páirtithe leasmhara uile (údaráis phoiblí, an tionscal monaraíochta agus eagraíochtaí úsáideoirí); pléadh dréacht-thuarascáil ag cruinniú leo siúd a raibh suim acu ann agus d’eascair tuairimí eile as sin. |
Modhanna a úsáideadh chun comhairle na saineolaithe a chur ar fáil don phobal Tá tuarascáil TRL ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Fiontraíochta agus na Tionsclaíochta. |
An measúnú iarmharta Breithníodh roghanna difriúla i gcomhair gach príomhghné den togra: 1. Gnéithe den simpliú – I: Treoracha nó Rialacháin a) Gan athrú ar an mbeartas. D’fhágfadh sin go gcoinneofaí na 24 Treoir atá ann faoi láthair agus go gcuirfí leasuithe breise leo nuair ba ghá. b) Rialachán amháin a chur in ionad na dTreoracha éagsúla atá ann faoi láthair. c) Rialachán Comhchinnteoireachta amháin, chomh maith le líon teoranta gníomhartha téamacha cur chun feidhme téamaí agus tarmligthe a chur in ionad na dTreoracha atá ann faoi láthair. Is é sin an rogha a coinníodh. 2. Gnéithe den simpliú – II: iad uile i reachtaíocht mhionsonraithe an AE nó tagairt do chaighdeáin idirnáisiúnta a) Gan athrú ar an mbeartas. D’fhágfadh sin go gcoinneofaí na 24 Treoir atá ann faoi láthair agus go gcuirfí leasuithe breise leo nuair ba ghá. Leanfadh na Treoracha de bheith ag oibriú go comhthreomhar le Rialacháin UNECE agus le Cóid an ECFE atá ann cheana, agus bheadh na ceanglais theicniúla mar an gcéanna de ghnáth (ach ní i gcónaí). Is cúis mhór mearbhaill é sin faoi láthair do na páirtithe leasmhara nach bhfuil ag glacadh dlúthpháirte sa chóras cineálcheadaithe, agus is é an toradh air córas rialúcháin nach bhfuil go hiomlán trédhearcach. b) Rialacháin UNECE atá coibhéiseach leis na Treoracha éagsúla atá ann faoi láthair a chur in ionad na dTreoracha sin nuair is féidir. c) Rialacháin UNECE, Cóid ECFE (córais chosanta iompaithe), nó b’fhéidir caighdeáin CEN/CENELEC nó caighdeáin ISO atá coibhéiseach leis na Treoracha éagsúla atá ann faoi láthair a chur in ionad na dTreoracha sin. Is é sin an rogha a coinníodh ós rud é go mbainfeadh sé lánúsáid as na sochair a ghabhann leis an simpliú, rud a rachadh chun sochair d’údaráis náisiúnta agus don tionscal go háirithe. 3. An margadh inmheánach a chomhlánú a) Gan athrú ar an mbeartas. D’fhágfadh sin go gcomhlánófaí, diaidh ar ndiaidh, an pacáiste dá bhforáiltear i dTreoir 2003/37/CE. b) Ceanglais chineálcheadaithe an AE a chomhlánú agus cineálcheadú feithicle iomláine AE a dhéanamh éigeantach le haghaidh gach earnála. c) Ceanglais chineálcheadaithe an AE a chomhlánú agus cineálcheadú feithicle iomláine AE a fhágáil roghnach le haghaidh earnálacha áirithe (T4, T5, C, R agus S). Rinne an Coimisiún measúnú iarmharta atá liostaithe sa Chlár Oibre; tá an tuarascáil ar fáil ar [LEATHANACH GRÉASÁIN CIRCA] 3. Eilimintí dlí an togra ACHOIMRE AR AN NGNÍOMHAÍOCHT atá beartaithe Leis an togra seo, déanfar simpliú nach beag ar chóras cineálcheadaithe na bhfeithiclí talmhaíochta maidir leis na ceanglais theicniúla ar shábháilteacht agus ar astaíochtaí trí 24 Treoir a aisghairm. Leis an togra, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear ann, leagfar síos go mionchruinn na ceanglais éigeantacha nua le haghaidh coscánaithe. Go sonrach, de réir na ngníomhartha arna nglacadh faoin togra seo, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil: feistiú éigeantach córais choscánaithe frithghlasála ar chatagóirí áirithe feithiclí (tarracóirí sciobtha T5 agus na leantóirí atá oiriúnach do luasanna is mó ná 40 km/h); cumas luasmhoillithe níos fearr; tarracóirí agus leantóirí/trealamh ar tarraingt a bheith comhoiriúnach dá chéile. Bunús dlí Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo. Prionsabal na coimhdeachta Is infheidhme prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach bhfuil an togra faoi réir inniúlacht eisiach an Aontais. Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach i gceart ar na cúiseanna seo a leanas. D’fhonn córas cineálcheadaithe feithiclí a thabhairt isteach san AE, ní mór comhchuibhiú a dhéanamh ag leibhéal an Aontais ar cheanglais theicniúla le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí maidir le heilimintí sábháilteachta agus comhshaoil. Níor leor gníomhaíocht na mBallstát amháin chun córas cineálcheadaithe feithicle iomláine AE a thabhairt isteach. Tá gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh riachtanach de bhrí gur gá teacht chun cinn do bhacainní ar an margadh aonair a sheachaint. Is fearr a bhainfear cuspóirí an togra amach trí ghníomhaíocht an Aontais toisc go seachnófar léi ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh, rud a thiocfadh chun cinn murach an ghníomhaíocht, agus toisc go bhfeabhsófar léi sábháilteacht agus feidhmíocht chomhshaoil feithiclí. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas. Faoi mar atá léirithe sa mheasúnú iarmharta, comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta de bhrí nach dtéann sé thar a bhfuil gá leis chun cuspóirí maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus foráil a dhéanamh ag an am céanna d'ardleibhéal sábháilteachta poiblí agus d’ardleibhéal cosanta comhshaoil. Cabhróidh simpliú seo an chórais rialúcháin go mór le laghdú a chur ar chostais riaracháin na n-údarás náisiúnta agus ar chostais riaracháin an tionscail. Rogha ionstraimí Ionstraimí atá beartaithe: rialachán. Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar na cúiseanna seo a leanas. Meastar gurb iomchuí Rialachán a úsáid toisc go gcinntíonn sé go gcomhlíonfar na ceanglais gan gá lena thrasuí i reachtaíocht na mBallstát. Úsáideann an togra “cur chuige ilchodach” a tugadh isteach ar dtús arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, cur chuige a úsáidtear i bpíosaí eile reachtaíochta i réimse an chineálcheadaithe AE ar mhótarfheithiclí. Leis an gcur chuige sin, déantar foráil do reachtaíocht in dhá chéim: ar an gcéad dul síos, leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos na forálacha bunúsacha i Rialachán arna bhunú ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tríd an ngnáthnós imeachta reachtach; ar an dara dul síos, leagfar síos na sonraíochtaí teicniúla a chuireann na forálacha bunúsacha chun feidhme i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 4. Impleacht bhuiséadach Níl aon impleacht ag an togra ar bhuiséad an Chomhphobail. 5. Faisnéis bhreise INSAMHLADH, TREOIRTHRÉIMHSE AGUS IDIRTHRÉIMHSE Tá idirthréimhse ghinearálta mar chuid den togra d’fhonn aga dóthanach tionscanta a thabhairt do mhonaróirí agus do lucht riaracháin feithiclí agus comhpháirteanna. Simpliú Foráiltear leis an togra do shimpliú reachtaíochta. Déanfar aisghairm ar 24 Treoir um chineálcheadú feithiclí. Foráiltear leis an togra go simpleofar nósanna imeachta riaracháin d’údaráis phoiblí. Tá an togra mar chuid de chlár rollach an Choimisiúin le haghaidh uasdátú agus simpliú an ‘acquis communautaire’ agus mar chuid de Chlár Oibre Reachtach an Choimisiúin faoin tagairt 2009/ENTR/001. Aisghairm na reachtaíochta atá ann cheana Má ghlactar leis an togra déanfar reachtaíocht atá ann faoi láthair a aisghairm. An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar an LEE agus, dá bhrí sin, ba cheart an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú ann. |
2010/0212 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
Rialachán (AE) Uimh. .../2010 … ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le formheas feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta
(Téacs is ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[5],
Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
1. D’fhonn an margadh inmheánach a chur chun cinn, rinneadh córas cuimsitheach cineálcheadaithe Comhphobail le haghaidh tarracóirí, a leantóirí agus trealaimh idirmhalartaithe ar tarraingt a bhunú le Treoir 2003/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le cineálcheadú tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta, a leantóirí agus innealra idirmhalartaithe ar tarraingt, mar aon lena gcórais, lena gcomhpháirteanna agus lena n-aonaid theicniúla leithleacha agus lena n-aisghairtear Treoir 74/150/CEE[6].
2. Ar mhaithe le bunú agus oibriú mhargadh inmheánach an Aontais, is iomchuí nós imeachta formheasa de chuid an Aontais, arna bhunú ar phrionsabal an chomhchuibhithe iomláin, a chur in ionad na gcóras formheasa atá ag na Ballstáit agus, ag an am céanna, is iomchuí cúrsaí costais is tairbhe a chur san áireamh agus aird faoi leith a thabhairt do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide.
3. Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa agus d’fhonn an nós imeachta a shimpliú agus a luathú, tugadh isteach cur chuige nua rialúcháin i reachtaíocht an Aontais um chineálcheadú feithiclí ar dá réir a leagann an reachtóir amach i ngnáthnós imeachta reachtach na rialacha bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha amháin, agus ar dá réir a tharmligeann sé reachtú sonraí teicniúla eile chun an Choimisiúin. Dá bhrí sin, maidir le ceanglais shubstainteacha, níor cheart ach forálacha bunúsacha maidir le sábháilteacht ar bhóithre, le sábháilteacht ag an obair agus le feidhmíocht chomhshaoil a leagan síos leis an Rialachán seo, agus ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na sonraíochtaí teicniúla a leagan síos i ngníomhartha tarmligthe.
4. Tá an Rialachán seo gan dochar do bhearta maidir le feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta a úsáid ar an mbóthar, amhail ceanglais shonracha maidir le ceadúnais tiománaithe, teorainn leis an uasluas nó bearta lena rialáiltear rochtain ar bhóithre áirithe.
5. D’fhonn ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre, ardleibhéal sábháilteachta ag an obair agus ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú, ba cheart comhchuibhiú a dhéanamh ar na ceanglais theicniúla agus ar na caighdeáin chomhshaoil is infheidhme maidir le feithiclí, le córais, le comhpháirteanna agus le haonaid theicniúla ar leith, faoi mar a bhaineann na nithe sin le cineálcheadú.
6. Ós rud é nach bhforáiltear do cheanglais chomhchuibhithe maidir le sábháilteacht ar bhóithre leis na Treoracha um innealra soghluaiste neamhbhóthair,[7] is iomchuí rogha a thabhairt do mhonaróirí innealra shoghluaiste a gcuid táirgí a fhormheas i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha i gcás na gceanglas sábháilteachta ar bhóithre faoin Rialachán seo; dá bhrí sin, ba cheart innealra soghluaiste a chur san áireamh sa Rialachán seo ar bhonn roghnach maidir le cineálcheaduithe córais i gcás ceanglas sábháilteachta ar bhóithre, go háirithe ós rud é nach gcuimsítear aon ghnéithe de shábháilteacht ar bhóithre sna ceanglais atá infheidhme ar innealra soghluaiste lasmuigh den rialachán seo.
7. D’fhonn an reachtaíocht um chineálcheadú a shimpliú i gcomhréir leis na moltaí i dTuarascáil CARS 21: Córas Rialúcháin Iomaíoch Feithicleach don 21ú hAois [8] (“CARS 21”), is iomchuí gach Treoir ar leith a aisghairm gan an leibhéal cosanta a laghdú. Ba cheart na ceanglais atá leagtha amach sna Rialacháin sin a thabhairt ar aghaidh chuig an Rialachán seo nó chuig na gníomhartha tarmligthe a ghabhann leis agus ba cheart, nuair is iomchuí, tagairtí do na rialacháin chomhfhreagracha ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) a chur ina n-ionad, mar a n-ionchorpraítear iad i ndlí an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontódh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantais fhrithpháirtigh i gcás formheasanna a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Leasaithe 1958”)[9]. Chun an t-ualach riaracháin a bhaineann le próiseas an chineálcheadaithe a laghdú, is iomchuí cead a thabhairt do mhonaróirí feithiclí cineálcheadú a dhéanamh go díreach i gcomhréir leis an Rialachán seo, nuair is iomchuí, trí fhormheas a fháil i gcomhréir leis an Rialachán ábhartha UNECE mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
8. Dá réir sin, ba cheart Rialacháin UNECE dá n-aontaíonn an tAontas, i gcur i bhfeidhm Chinneadh 97/836/CE, agus leasuithe ar Rialacháin UNECE ar aontaigh an tAontas dóibh cheana, a ionchorprú i nós imeachta cineálcheadaithe an AE mar cheanglais le haghaidh cineálcheadú AE ar fheithiclí nó mar mhalairtí ar dhlí an Aontais atá ann cheana. Go sonrach, i gcás ina gcinneann an tAontas go gcuimseofar Rialachán UNECE mar chuid de na ceanglais le haghaidh cineálcheadú AE ar fheithiclí agus go gcuirfear é in ionad reachtaíocht an AE atá ann cheana, ba cheart an chumhacht a tharmligean chun an Choimisiúin na hoiriúnuithe is gá ar an Rialachán seo a ghlacadh nó na gníomhartha cur chun feidhme is gá a ghlacadh.
9. Mar mhalairt air sin, is féidir tagairt a dhéanamh i ngníomhartha tarmligthe do Chóid arna mbunú ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) nó do chaighdeáin CEN/CENELEC nó do chaighdeáin ISO atá ar fáil go díreach don phobal.
10. Tá ceanglais an Rialacháin seo i gcomhréir leis na prionsabail atá cumhdaithe sa Phlean Gníomhaíochta dar teideal ‘ Simplifying and improving the regulatory environment ’[10].
11. Bearta todhchaí a bheartófar ar bhonn an Rialacháin seo nó nósanna imeachta a bheidh le cur chun feidhme agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, is den ríthábhacht go gcloífidh siad leis na prionsabail sin atá athdhearbhaithe ag an gCoimisiún i dTuarascáil CARS 21. Chun críocha rialála níos fearr agus chun críocha an tsimplithe, agus chun síor-uasdátú a sheachaint ar reachtaíocht an AE atá ann cheana maidir le saincheisteanna faoi shonraíochtaí teicniúla, ba cheart, go háirithe, tagairt a dhéanamh sa Rialachán seo do na caighdeáin idirnáisiúnta agus do na rialacháin idirnáisiúnta atá ar fáil don phobal cheana gan iad a atáirgeadh i gcreat dlí an AE.
12. Mar chéim thosaigh, chuir Treoir 2003/37/CE teorainn le cur i bhfeidhm éigeantach nós imeachta cineálcheadaithe feithicle iomláine an AE do na hearnálacha feithicle T1, T2 agus T3 agus níor fhoráil sí do na ceanglais uile ba ghá d’fhonn cur isteach ar chineálcheadú feithicle iomláine CE ar bhonn deonach le haghaidh earnálacha eile. D’fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú agus d’fhonn a áirithiú go n-oibríonn sé i gceart, ba cheart don Rialachán seo cead a thabhairt do mhonaróirí cur isteach ar bhonn deonach ar chineálcheadú feithicle iomláine AE le haghaidh na n-earnálacha uile atá cumhdaithe leis an Rialachán seo, rud a d’fhágfadh go mbeidís in ann leas a bhaint as na sochair a ghabhann leis an margadh inmheánach trí bhíthin cineálcheadú AE.
13. Is iomchuí prionsabal a bhunú nach foláir feithiclí a dhearadh, a thógáil agus a chóimeáil ar bhealach a íoslaghdaíonn an baol gortaithe do dhaoine atá i bhfeithicil agus d’úsáideoirí eile bóthair. Chun na críche sin, is gá go n-áirithíonn monaróirí go gcomhlíonann na feithiclí na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart a chur san áireamh sna forálacha sin ceanglais a bhaineann leis na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: sláine struchtúr na feithicle, córais a chuidíonn leis an tiománaí an fheithicil a stiúradh, córais a sholáthraíonn infheictheacht agus faisnéis don tiománaí faoi staid na feithicle agus faoin spás a thimpeallaíonn í, córais soilsithe feithicle, córais chosanta do dhaoine atá i bhfeithicil, an taobh amuigh den fheithicil agus gabhálais na feithicle, maiseanna agus toisí na feithicle, agus boinn na feithicle.
14. D’fhonn a áirithiú go bhfuil an nós imeachta chun monatóireacht a dhéanamh ar an gcomhréireacht táirgeachta, atá ar ceann de chlocha coirnéil chóras cineálcheadaithe an Chomhphobail, curtha chun feidhme i gceart agus go bhfeidhmíonn sé mar is ceart, ba cheart don údarás inniúil nó do sheirbhís theicniúil a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí aici agus a ceapadh chun na críche sin na monaróirí a sheiceáil go rialta.
15. D’fhonn cosc a chur ar mhí-úsáid, níor cheart an nós imeachta simplithe le haghaidh feithiclí sraitheanna beaga a chur i bhfeidhm ach amháin ar líon teoranta feithiclí; dá bhrí sin, is gá sainmhíniú beacht a chur ar choincheap na sraithe bige i dtéarmaí líon na bhfeithiclí a tháirgtear.
16. Is tábhachtach forálacha a leagan síos d’fhormheas aonair feithiclí, d’fhonn an córas formheasa ilchéimnigh a dhéanamh chomh solúbtha agus is gá.
17. Is éard is príomhchuspóir do reachtaíocht an Aontais maidir le formheas feithiclí ná a áirithiú go soláthraíonn feithiclí nua, comhpháirteanna nua agus aonaid theicniúla ar leith nua a chuirtear ar an margadh ardleibhéal sábháilteachta agus ardleibhéal cosanta comhshaoil. Níor cheart dochar a dhéanamh don chuspóir sin trí pháirteanna áirithe nó trí threalamh áirithe a fheistiú tar éis do na feithiclí a bheith curtha ar an margadh nó a bheith curtha i seirbhís. Dá bhrí sin, ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh d’fhonn a áirithiú go mbíonn na páirteanna agus an trealamh ar féidir iad a fheistiú i bhfeithiclí agus atá in ann dochar suntasach a dhéanamh d’fheidhmiú na gcóras atá riachtanach le haghaidh sábháilteachta nó le haghaidh chosaint an chomhshaoil, faoi réir rialú roimh ré ag údarás formheasa sula gcuirtear ar díol iad. Ba cheart forálacha teicniúla maidir leis na ceanglais ar gá do na páirteanna nó don trealamh sin iad a chomhlíonadh a bheith mar chuid de na bearta sin.
18. Níor cheart feidhm a bheith ag na bearta sin ach amháin maidir le líon teoranta páirteanna agus trealaimh, ar cheart liosta díobh a chur i ngníomh tarmligthe tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara. Ba cheart a áirithiú le bearta den sórt sin nach ndéanann na páirteanna nó an trealamh atá i gceist dochar do shábháilteacht nó d’fheidhmíocht comhshaoil na feithicle agus, ag an am céanna, an iomaíocht a choinneáil ar bun sa mhargadh iardhíola chomh fada is féidir.
19. Is tábhachtach go soláthraíonn monaróirí faisnéis ábhartha d’úinéirí feithiclí d’fhonn mí-úsáid feistí sábháilteachta a chosc.
20. D’fhonn ligean do mhonaróirí comhpháirteanna nó do mhonaróirí aonad teicniúil ar leith iarratas a dhéanamh ar chineálcheadú AE le haghaidh comhpháirteanna nó le haghaidh aonad teicniúil ar leith nó le haghaidh údaraithe, is tábhachtach freisin go mbeidh rochtain ag na monaróirí sin ar fhaisnéis áirithe nach féidir a fháil ach amháin ó mhonaróir na feithicle, amhail an fhaisnéis theicniúil, lena n-áirítear léaráidí, faisnéis is gá chun páirteanna a fhorbairt le haghaidh an mhargaidh iardhíola.
21. Tá gá le rochtain neamhshrianta ar fhaisnéis faoi dheisiú feithiclí, trí fhormáid chaighdeánaithe ar féidir í a úsáid chun an fhaisnéis theicniúil a aisghabháil, agus le hiomaíocht éifeachtach ar an margadh do sheirbhísí a bhaineann le deisiú feithiclí agus le faisnéis chothabhála faoi fheithiclí chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, go háirithe maidir le saorghluaiseacht earraí, saoirse bhunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar. Baineann sciar mór den fhaisnéis sin le córais dhiagnóiseacha ar bord (OBD) agus leis an gcaoi a n-oibríonn siad le córais eile san fheithicil. Is iomchuí sonraíochtaí teicniúla a leagan síos ar cheart do shuíomhanna gréasáin na monaróirí cloí leo, mar aon le spriocbhearta a leagan síos chun a áirithiú go mbíonn rochtain réasúnach ag gnóthais bheaga agus mheánmhéide.
22. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos ar phionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart do na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
23. Ba cheart cumhacht a bheith ag an gCoimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh maidir le sábháilteacht ar bhóithre (lena n-áirítear coscánú), sábháilteacht ag an obair agus feidhmíocht chomhshaoil, tástálacha, rochtain ar dheisiú agus ar fhaisnéis faoi chothábháil agus ceapadh seirbhísí teicniúla agus údarú cúraimí sonracha a bhaineann leo, d’fhonn cur le heilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo nó chun na heilimintí sin a leasú.
24. Tá coinníollacha comhionanna de dhíth ar roinnt de na hábhair atá cumhdaithe leis an Rialachán seo ar mhaithe le cur chun feidhme sna Ballstáit, d’fhonn a áirithiú go n-oibríonn an margadh inmheánach i gceart trí aitheantas comhpháirteach ar chinntí riaracháin arna ndéanamh sna Ballstáit éagsúla a éascú mar aon le glacadh le doiciméid arna n-eisiúint ag monaróirí feithiclí, rud a cheadódh do na páirtithe leasmhara sochar a bhaint ar bhealach níos éasca as an margadh inmheánach. Dá bhrí sin, ba cheart cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh d’fhonn coinníollacha comhionanna a leagan síos chun an rialachán seo a chur chun feidhme maidir leis na nithe seo a leanas: liosta den fhaisnéis atá le soláthar chun iarratas a dhéanamh ar chineálcheadú, nósanna imeachta cineálcheadaithe, teimpléid le haghaidh phlátaí breise na monaróirí, deimhnithe AE ar chineálcheadú, liosta de na cineálcheaduithe a eisíodh, córas uimhrithe le haghaidh cineálcheaduithe AE agus nósanna imeachta chun comhréireacht táirgeachta a áirithiú.
25. De réir Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leagfar síos roimh ré le Rialachán arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach na rialacha ginearálta agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na meicníochtaí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin. Go dtí go nglacfar leis an Rialachán nua sin, beidh feidhm i gcónaí ag Treoir 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún, cé is moite den nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú nach bhfuil feidhm aige.
26. Mar thoradh ar fheidhmiú an chórais rialúcháin nua atá leagtha síos leis an rialachán seo, ba cheart Treoir 2003/37/CE agus na Treoracha seo a leanas a aisghairm: Treoir 74/347/CEE ón gComhairle[11] an 25 Meitheamh 1974 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis an raon radhairc agus leis na cuimilteoirí gaothscátha do tharracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta, Treoir 76/432/CEE ón gComhairle[12] an 6 Aibreán 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le feistí coscánaithe tarracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta, Treoir 76/763/CEE ón gComhairle[13] an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le suíocháin phaisinéirí le haghaidh tarracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta, Treoir 77/537/CEE ón gComhairle[14] an 28 Iúil 1977 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis na bearta atá le glacadh i gcoinne astaíochtaí truailleán ó innill díosail atá le húsáid i dtarracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta, Treoir 78/764/CEE ón gComhairle[15] an 25 Iúil 1978 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le suíochán an tiománaí ar tharracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí, Treoir 80/720/CEE ón gComhairle[16] an 24 Meitheamh 1980 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis an spás oibriúcháin, le rochtain ar an suíomh tiomána agus le dorais agus le fuinneoga i dtarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí, Treoir 86/297/CEE ón gComhairle[17]an 26 Bealtaine 1986 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cumhachtdúiseacht agus le cosaint tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí, Treoir 86/298/CEE ón gComhairle[18] an 26 Bealtaine 1986 maidir le struchtúir chosanta iompaithe cúlsuite do tharracóirí caolraoin talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí, Treoir 86/415/CEE ón gComhairle[19] an 24 Iúil 1986 maidir le suiteáil, suíomh, oibriú agus aithint rialtán tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí, Treoir 87/402/CEE ón gComhairle[20] an 25 Meitheamh 1987 maidir le struchtúir chosanta iompaithe do tharracóirí caolriain talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí atá suite chun tosaigh ar shuíochán an tiománaí, Treoir 2000/25/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[21] an 22 Bealtaine 2000 maidir leis an ngníomhaíocht atá le glacadh i gcoinne astaíochtaí truailleán gásach agus cáithníneach ó innill atá ceaptha chun tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí a chumhachtú agus ag leasú Threoir 74/150/CEE, Treoir 2009/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[22] an 13 Iúil 2009 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le struchtúir chosanta iompaithe do tharracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí, Treoir 2009/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[23] an 13 Iúil 2009 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le feiste chúplála agus cúlú tarracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta, Treoir 2009/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[24] an 13 Iúil 2009 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le scátháin chúlfhéachana do tharracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta, Treoir 2009/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[25] an 13 Iúil 2009 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huasluas dearaidh tarracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta agus maidir le agus le hardáin iompair dóibh, Treoir 2009/61/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[26] an 17 Deireadh Fómhair 1978 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le feistí soilsiúcháin agus solaschomharthaíochta a shuiteáil ar tharracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta, Treoir 2009/63/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[27] an 13 Iúil 2009 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le páirteanna agus sainghnéithe áirithe de chuid tarracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta, Treoir 2009/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[28] an 13 Iúil 2009 maidir le cosc a chur le trasnaíocht raidió arna táirgeadh ag tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta (comhoiriúnacht leictreamaighnéadach), Treoir 2009/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [29] an 13 Iúil 2009 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh stiúrtha tarracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta, Treoir 2009/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [30] an 13 Iúil 2009 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cineálcheadú comhpháirte a dhéanamh ar fheistí soilsiúcháin agus solaschomharthaíochta ar tharracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí, Treoir 2009/75/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[31] an 13 Iúil 2009 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le struchtúir chosanta iompaithe tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí (tástáil statach), Treoir 2009/76/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[32] an 13 Iúil 2009 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis an leibhéal torainn a bhraitheann tiománaithe ó tharracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta, Treoir 2009/144/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[33] an 30 Samhain 2009 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhpháirteanna agus airíonna áirithe tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí (toisí agus maiseanna intarraingthe etc).
27. Is tábhachtach do na páirtithe leasmhara uile gaol soiléir a bhunú idir an Rialachán seo agus Treoir 2006/42/CE um shábháilteacht innealra[34], d’fhonn na ceanglais is gá do tháirge sonrach a chomhlíonadh a leagan síos go soiléir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1 Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear na ceanglais riaracháin agus na ceanglais theicniúla le haghaidh cineálcheadú AE a dhéanamh ar gach feithicil nua dá dtagraítear in Airteagal 2.
Bunaítear leis an Rialachán seo freisin na ceanglais maidir le díol agus cur i seirbhís páirteanna agus trealaimh atá beartaithe le haghaidh feithiclí arna gceadú i gcomhréir leis an Rialachán seo, chomh maith leis na ceanglais maidir le toirmeasc ar dhíol agus ar chur i seirbhís den sórt sin.
Beidh an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm reachtaíocht ábhartha an Aontais um shábháilteacht ar bhóithre.
Airteagal 2 Raon feidhme
28. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cineálcheadú agus le formheas aonair feithiclí arna ndearadh agus arna dtógáil i gcéim amháin nó níos mó, agus maidir le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith arna ndearadh agus arna dtógáil d’fheithiclí den sórt sin.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na feithiclí seo a leanas:
(a) tarracóirí (earnáil T agus earnáil C),
(b) leantóirí (earnáil R),
(c) trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt (earnáil S) agus
(d) innealra soghluaiste (earnáil U).
29. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hinnealra idirmhalartaithe a ardaítear go hiomlán ón talamh nuair a bhíonn an fheithicil lena bhfuil sé ceangailte in úsáid ar bhóthar.
30. Maidir leis na feithiclí seo a leanas, tá rogha ag an monaróir iarratas a dhéanamh ar chineálcheadú faoin rialachán seo nó ar chineálcheadú náisiúnta:
(a) innealra soghluaiste;
(b) leantóirí agus uirlisí ar tarraingt, earnáil R agus earnáil S;
(c) maidir le formheas aonair, fréamhshamhlacha feithiclí arna n-úsáid faoi fhreagracht mhonaróra chun clár trialach áirithe a fheidhmiú agus ar dearadh agus ar tógadh iad chun na críche sin amháin.
Airteagal 3 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha na ngníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I ach amháin má fhoráiltear a mhalairt iontu:
31. ciallaíonn “cineálcheadú” an nós imeachta trína ndeimhníonn údarás formheasa go sásaíonn cineál feithicle, cineál córais, cineál comhpháirte nó cineál aonaid theicniúil ar leith na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha;
32. ciallaíonn “cineálcheadú feithicle iomláine” cineálcheadú trína ndeimhníonn údarás formheasa go sásaíonn feithicil iomlán na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha;
33. ciallaíonn “cineálcheadú córais” cineálcheadú trína ndeimhníonn údarás formheasa go sásaíonn córas atá ionsuite i gcineál áirithe feithicle na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha;
34. ciallaíonn “cineálcheadú comhpháirte” cineálcheadú trína ndeimhníonn údarás formheasa go sásaíonn comhpháirt gan spleáchas d’fheithicil na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha;
35. ciallaíonn “cineálcheadú aonaid theicniúil ar leith” cineálcheadú trína ndeimhníonn údarás formheasa go sásaíonn aonad teicniúil ar leith maidir le cineál sonraithe amháin feithicle nó níos mó na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha;
36. ciallaíonn “cineálcheadú náisiúnta” nós imeachta cineálcheadaithe arna leagan síos faoi dhlí náisiúnta Ballstáit, nach mbíonn an formheas bailí ach amháin i gcríoch an Bhallstáit sin;
37. ciallaíonn “cineálcheadú AE” an nós imeachta trína ndeimhníonn údarás formheasa go sásaíonn cineál feithicle, cineál córais, cineál comhpháirte nó cineál aonaid theicniúil ar leith forálacha riaracháin ábhartha agus ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo;
38. ciallaíonn “tarracóir” feithicil talmhaíochta nó foraoiseachta ar bith atá innealta, ar rothaí nó ar rian, a bhfuil ar a laghad dhá acastóir uirthi agus nach lú a huasluas dearaidh ná 6 km san uair, arb é a cumhacht tarraingthe an phríomhfheidhm léi agus ar dearadh í chun trealamh idirmhalartaithe áirithe a dearadh chun obair thalmhaíochta nó fhoraoiseachta a dhéanamh a tharraingt, a bhrú, a iompar agus a ghníomhrú, nó chun leantóirí nó trealamh talmhaíochta nó foraoiseachta a tharraingt; is féidir an fheithicil a chur in oiriúint chun ualach a iompar i gcomhthéacs obair thalmhaíochta nó foraoiseachta agus/nó is féidir suíochán paisinéara amháin nó níos mó a bheith inti;
39. ciallaíonn “leantóir” feithicil talmhaíochta nó foraoiseachta ar bith atá ar tarraingt arb é is príomhaidhm léi ualaí a iompar agus ar dearadh í chun a bheith ar tarraingt ag tarracóir chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta agus nár dearadh í chun ábhair a phróiseáil [agus a bhfuil an cóimheas idir an ollmhais atá ceadaithe go teicniúil agus mais na feithicle sin gan ualach cothrom le nó níos mó ná 3,0;
40. ciallaíonn “trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt” aon fheithicil a úsáidtear i gcúrsaí talmhaíochta nó foraoiseachta agus a dearadh le bheith ar tarraingt ag tarracóir, a athraíonn feidhmeanna an tarracóra nó a chuireann leo, a ionchorpraíonn uirlis go buan nó a dearadh chun ábhair a phróiseáil, lena n-áirítear ardán iompair arna dhearadh agus arna thógáil chun glacadh le haon uirlisí agus le haon fhearais is gá chun na gcríoch sin agus chun aon ábhair a tháirgtear nó a theastaíonn le linn na hoibre a stóráil go sealadach agus a bhfuil an cóimheas idir an ollmhais atá ceadaithe go teicniúil agus mais na feithicle sin gan ualach níos lú ná 3,0;
41. ciallaíonn “innealra soghluaiste” feithicil fhéinghluaiste ar bith seachas innealra arna shuiteáil ar fhonnadh mótarfheithicle, a dearadh agus a tógadh go sonrach chun obair a dhéanamh agus, toisc saintréithe a tógála, nach bhfuil oiriúnach chun paisinéirí nó táirgí a iompar;
42. ciallaíonn “feithicil” tarracóir, leantóir, trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt nó trealamh soghluaiste ar bith mar atá siad sainmhínithe i bpointí 8, 9, 10 agus 11;
43. ciallaíonn “cineál feithicle” feithiclí a bhaineann le hearnáil áirithe agus nach bhfuil éagsúil le chéile ar a laghad sna gnéithe bunúsacha atá sonraithe i bpointe 41, is cuma má bhaineann siad le malairtí difriúla nó le leaganacha difriúla mar atá sainmhínithe i bpointe 42 agus i bpointe 43 nó mura mbaineann;
44. ciallaíonn “bonnfheithicil” feithicil ar bith a úsáidtear ag an gcéim thosaigh i bpróiseas cineálcheadaithe ilchéimneach;
45. ciallaíonn “feithicil neamhiomlán” feithicil ar bith ar gá ar a laghad dul faoi chéim amháin eile chríochnaithe d’fhonn ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo a chomhlíonadh;
46. ciallaíonn “feithicil lánchríochnaithe” feithicil ar toradh í ar phróiseas cineálcheadaithe ilchéimneach agus a chomhlíonann ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo;
47. ciallaíonn “feithicil iomlán” feithicil ar bith nach gá a chríochnú d’fhonn ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo a chomhlíonadh;
48. ciallaíonn “feithicil ceann sraithe” feithicil ar bith ar cuid de stoc í nach féidir a chlárú nó a dhíol nó a chur i seirbhís toisc go bhfuil ceanglais theicniúla nua nár formheasadh í dá réir ag teacht i bhfeidhm;
49. ciallaíonn “córas” cóimeáil d'fheistí arna gcur le chéile chun feidhm shonrach amháin nó níos mó a chruthú i bhfeithicil agus atá faoi réir na gceanglas i ngach ceann de na gníomhartha rialúcháin;
50. ciallaíonn “comhpháirt” feiste atá faoi réir ceanglais gnímh rialúcháin agus a dearadh le bheith mar chuid d’fheithicil, agus ar féidir a chineálcheadú gan spleáchas d’fheithicil i gcás ina bhforáiltear go sonrach dó sin sa ghníomh rialúcháin;
51. ciallaíonn “aonad teicniúil ar leith” feiste atá faoi réir ceanglais gnímh rialúcháin agus a dearadh le bheith mar chuid d’fheithicil, agus nach féidir a chineálcheadú ar leithligh ach amháin maidir le cineál sonraithe amháin feithicle nó níos mó i gcás ina bhforáiltear go sonrach dó sin sa ghníomh rialúcháin;
52. ciallaíonn “páirteanna bunaidh nó trealamh bunaidh” páirteanna nó trealamh a mhonaraítear de réir na sonraíochtaí agus na gcaighdeán táirgthe a sholáthraíonn monaróir na feithicle le haghaidh tháirgeadh na bpáirteanna nó an trealaimh chun an fheithicil atá i gceist a chóimeáil, lena n-áirítear na páirteanna sin nó an trealamh sin a mhonaraítear ar an líne tháirgthe chéanna leis na páirteanna seo, nó leis an trealamh seo agus, bunaithe ar thoimhde infhrisnéise, páirteanna nó trealamh a ndeimhníonn an monaróir go bhfuil siad den cháilíocht chéanna is atá na comhpháirteanna a úsáideadh chun an fheithicil atá i gceist a chóimeáil agus a monaraíodh de réir shonraíochtaí agus chaighdeáin tháirgthe mhonaróir na feithicle;
53. ciallaíonn “monaróir” an duine nó an comhlacht atá freagrach don údarás formheasa as gach gné den phróiseas cineálcheadaithe nó údaraithe agus as comhréireacht táirgeachta a áirithiú, is cuma má tá páirt dhíreach ag an duine nó ag an gcomhlacht i ngach céim de thógáil na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil ar leith is ábhar don phróiseas formheasa, nó nach bhfuil;
54. ciallaíonn “ionadaí monaróra” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith atá bunaithe san Aontas agus a cheap an monaróir go hiomchuí chun a bheith ina ionadaí thar a cheann os comhair an údaráis formheasa agus chun gníomhú thar a cheann in ábhair atá cumhdaithe leis an Rialachán seo;
55. ciallaíonn “údarás formheasa” údarás Ballstáit arna bhunú nó arna cheapadh ag an mBallstát sin, ar chuir an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi i gcomhréir le hAirteagal 5 agus atá inniúil i ngach gné a bhaineann le cineálcheadú feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith nó le formheas aonair feithicle, chomh maith le bheith inniúil sa phróiseas údaraithe, ar dheimhnithe formheasa a eisiúint agus, más cuí, ar iad a tharraingt siar, ar ghníomhú mar phointe teagmhála d’údaráis formheasa na mBallstát eile, ar na seirbhísí teicniúla a ainmniú agus ar a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir a chuid oibleagáidí maidir le comhréireacht táirgeachta;
56. ciallaíonn “seirbhís theicniúil” eagraíocht nó comhlacht arna ainmniú ag údarás formheasa Ballstáit mar shaotharlann chun tástálacha a dhéanamh, nó mar chomhlacht measúnaithe comhréireachta chun an measúnú bunaidh agus tástálacha nó cigireachtaí eile a dhéanamh, thar ceann an údaráis formheasa;
57. ciallaíonn “féintástáil” tástálacha a dhéanamh i saoráidí an mhonaróra féin, torthaí na dtástálacha sin a chlárú agus tuarascáil ina bhfuil conclúidí a chur isteach chuig an údarás formheasa ag an monaróir atá ainmnithe mar sheirbhís theicniúil d’fhonn a fháil amach an bhfuiltear ag cloí le ceanglais áirithe;
58. ciallaíonn “modh fíorúil tástála” ionsamhlúcháin ar ríomhaire, lena n-áirítear ríomhanna a léiríonn cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith ceanglais theicniúla gnímh rialúcháin gan gá le feithicil fhisiciúil, córas fisiciúil, comhpháirt fhisiciúil nó aonad teicniúil ar leith fisiciúil a úsáid;
59. ciallaíonn “deimhniú ar chineálcheadú” an doiciméad trína ndeimhníonn an t-údarás formheasa go hoifigiúil go bhfuil cineál feithicle, cineál córais, cineál comhpháirte nó cineál aonaid theicniúil ar leith formheasta;
60. ciallaíonn “deimhniú ar chineálcheadú AE” an deimhniú arna bhunú ar an tsamhail atá leagtha amach sa Rialachán seo nó an fhoirm chumarsáide atá leagtha amach sna Rialacháin choibhéiseacha ábhartha de chuid UNECE nó sna Cóid ECFE atá liostaithe in Iarscríbhinn I;
61. ciallaíonn “deimhniú um fhormheas aonair” an doiciméad trína ndeimhníonn an t-údarás formheasa go hoifigiúil go bhfuil feithicil áirithe formheasta;
62. ciallaíonn “deimhniú comhréireachta” an doiciméad, arna bhunú ar an tsamhail atá leagtha síos sa Rialachán seo agus arna eisiúint ag an monaróir, a dheimhníonn go bhfreagraíonn feithicil a bhaineann le sraith an chineáil a formheasadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, tráth ar táirgeadh an fheithicil sin, don chineál a formheasadh sa chineálcheadú agus go gcomhlíonann an fheithicil sin gach ceanglas rialúcháin atá liostaithe sa doiciméad;
63. ciallaíonn “córas diagnóiseach ar bord” nó “córas OBD” córas rialaithe astaíochtaí atá in acmhainn an réimse mífheidhme is dóchúla a aithint trí bhíthin lochtchód a stóráiltear i gcuimhne ríomhaire;
64. ciallaíonn “faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithicle” gach faisnéis is gá chun diagnóis, seirbhísiú, iniúchadh, monatóireacht thréimhsiúil, deisiú, athchlárú nó atúsú a dhéanamh ar an bhfeithicil, faisnéis a sholáthraíonn na monaróirí dá ndeisitheoirí údaraithe nó dá ndéileálaithe údaraithe lena n-áirítear gach leasú nó forlíonadh ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin;
65. ciallaíonn “oibreoir neamhspleách” gnóthais seachas déileálaithe údaraithe agus deisitheoirí údaraithe a bhíonn páirteach go díreach nó go hindíreach i ndeisiú agus i gcothabháil mótarfheithiclí, go háirithe deisitheoirí, monaróirí nó dáileoirí trealaimh dheisiúcháin, uirlisí nó páirteanna spártha, foilsitheoirí faisnéise teicniúla, clubanna gluaisteán, oibreoirí cabhrach ar thaobh an bhóthair, oibreoirí a chuireann seirbhísí iniúchta agus tástála ar fáil, oibreoirí a chuireann oiliúint ar fáil do shuiteálaithe, do mhonaróirí agus do dheisitheoirí trealaimh d'fheithiclí breosla ionadúil;
66. ciallaíonn “feithicil nua” feithicil a chomhlíonann na critéir seo a leanas:
(a) feithicil nach raibh cláraithe riamh, nó
(b) feithicil atá cláraithe le sé mhí anuas ar a mhéid tráth a dhéantar iarratas ar fhormheas aonair.
67. ciallaíonn “clárú” go bhfuair an fheithicil, a luaithe is ar aithníodh í, an t-údarú riaracháin chun dul i seirbhís i dtrácht ar bhóithre, bíodh sin ar bhonn buan, ar bhonn sealadach nó ar feadh tréimhse gairide, agus go bhfuil cláruimhir eisithe;
68. ciallaíonn “cur ar an margadh” feithicil a chur ar fáil den chéad uair san Aontas chun críche dáilte nó úsáide, bíodh sin ar airgead nó saor in aisce;
69. ciallaíonn “cur i seirbhís” an chéad úsáid san Aontas, le haghaidh na críche a ceapadh di, as feithicil atá cumhdaithe leis an Rialachán seo;
70. ciallaíonn “díol” aon díol idir an monaróir agus an díoltóir nó aon díol leis an úsáideoir deiridh;
71. ciallaíonn “cineál feithicle’ feithiclí sa chatagóir chéanna nach bhfuil éagsúil le chéile maidir leis na gnéithe bunúsacha seo a leanas ar a laghad:
72. monaróir;
73. tuairisc cineáil an mhonaróra;
74. tréithe bunúsacha tógála agus deartha;
75. fonnadh crann taca/fonnadh le fráma taoibh/fonnadh altach (difríochtaí bunúsacha agus follasacha);
76. le haghaidh chatagóir T: acastóirí (líon) nó, le haghaidh chatagóir C: acastóirí/rianta (líon);
agus, le haghaidh tarracóirí amháin:
- inneall (dóchán inmheánach/leictreach/hibrideach).
- ciallaíonn “malairt” feithiclí den chineál céanna nach bhfuil éagsúil le chéile maidir leis na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
(a) Le haghaidh tarracóirí:
- inneall,
- prionsabal oibriúcháin,
- líon agus socrú sorcóirí,
- difríocht chumhachta nach mó ná 30 % (ní bheidh an chumhacht is airde níos mó ná 1,3 oiread na cumhachta is ísle),
- difríocht toillte na sorcóirí nach mó ná 20 % (ní bheidh an figiúr is airde níos mó ná 1,2 oiread an fhigiúir is ísle);
- acastóirí arna gcumhachtú (líon, ionad, idirnasc);
- acastóirí arna stiúradh (líon agus ionad);
- difríocht nach mó ná 10 % idir na huasmhaiseanna ualaithe;
- traiseoladh (cineál);
- struchtúr cosanta iompaithe;
- acastóirí a bhfuil coscáin orthu (líon);
(b) Le haghaidh leantóirí nó trealaimh ar tarraingt:
- acastóirí arna stiúradh (líon, ionad, idirnasc);
- difríocht nach mó ná 10 % idir na huasmhaiseanna ualaithe;
- acastóirí a bhfuil coscáin orthu (líon);
- ciallaíonn “leagan malairte” feithiclí ina bhfuil cónascadh d'eilimintí arna dtaispeáint sa phacáiste faisnéise.
Airteagal 4 Earnálacha feithiclí
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na hearnálacha feithiclí seo a leanas:
77. cuimsíonn “earnáil T” gach tarracóir ar rothaí;
78. cuimsíonn “earnáil T1” tarracóirí ar rothaí nach mó ná 40 km/h an t-uasluas dearaidh, nach lú ná 1 150 mm leithead rian an acastóra is gaire don tiománaí, ar mó ná 600 kg an mhais gan ualach agus iad réidh chun imeachta, agus nach mór ná 1 000 mm an scóip ón talamh;
79. cuimsíonn “earnáil T2” tarracóirí ar rothaí ar lú ná 1 150 mm leithead íosta na rianta, ar mó ná 600 kg an mhais gan ualach agus iad réidh chun imeachta, nach mó ná 600 mm an scóip ón talamh agus nach mó ná 40 km/h an t-uasluas dearaidh, ach amháin má tá airde mheáchanlár an tarracóra (arna tomhas i gcoibhneas leis an talamh) arna roinnt ar mheánleithead íosta rian gach acastóra ar leith níos mó ná 0,90 agus sa chás sin, tá teorainn 30 km/h leis an uasluas dearaidh;
80. cuimsíonn “earnáil T3” tarracóirí ar rothaí nach mó ná 40 km/h an t-uasluas dearaidh agus nach mó ná 600 kg an mhais gan ualach agus iad réidh chun imeachta;
81. cuimsíonn “earnáil T4” tarracóirí sainchuspóireacha ar rothaí nach mó ná 40 km/h an t-uasluas dearaidh;
82. cuimsíonn “earnáil T4.1” (tarracóirí ardscóipe) tarracóirí arna ndearadh chun oibriú le barra a fhásann go hard, ar nós fíniúnacha. Bíonn fonnadh ardaithe nó cuid den fhonnadh ardaithe iontu, rud a fhágann gur féidir leo dul ar aghaidh i gcomhthreo leis an mbarr agus na rothaí ar gach aon taobh den líne bairr nó de na línte bairr. Tá sé beartaithe iad a úsáid le huirlisí a iompar nó a oibriú, uirlisí is féidir a shocrú ar aghaidh an tarracóra, idir na hacastóirí, ar a chúl, nó ar ardán. Nuair a bhíonn an tarracóir sa staid oibre, is mó ná 1 000 mm an scóip ón talamh go hingearach leis na línte bairr. Má tá airde mheáchanlár an tarracóra, arna tomhas i gcoibhneas leis an talamh, agus ag úsáid bonn atá socraithe mar is iondúil, arna roinnt ar mheánleithead íosta rian gach acastóra ar leith níos mó ná 0,90, bíonn teorainn 30 km/h leis an uasluas dearaidh;
83. cuimsíonn “earnáil T4.2” (tarracóirí ríleathana) tarracóirí arb iad a saintréith an mhéid mhór atá iontu, agus atá beartaithe go príomha chun obair a dhéanamh ar limistéir mhóra de thalamh feirme;
84. cuimsíonn “earnáil T4.3” (tarracóirí ísealscóipe) tarracóirí faoi thiomáint ceithre roth a bhfuil a dtrealamh idirmhalartaithe beartaithe le haghaidh úsáide talmhaíochta nó foraoiseachta agus arb iad a bpríomhthréithe fráma tacaíochta, atá feistithe le cumhachtdúiseacht amháin nó níos mó, agus mais nach mó ná 10 dtonna atá ceadaithe go teicniúil, agus ar lú ná 2,5 an cóimheas idir an mhais sin agus an uasmhais gan ualach agus iad réidh chun imeachta, agus ar lú ná 850 mm airde mheáchanlár an tarracóra [féach iar-fhonóta 38] arna tomhas i gcoibhneas leis an talamh ag úsáid bonn atá socraithe mar is iondúil;
85. cuimsíonn “earnáil T5” tarracóirí ar rothaí nach mó ná 40 km/h an t-uasluas dearaidh;
86. cuimsíonn “earnáil C” tarracóirí leagtha bóthair a ghluaiseann ar rianta éigríochta nó ar mheascán de rothaí agus de rianta éigríochta, agus sainítear fochatagóirí de réir analaí le hearnáil T;
87. cuimsíonn “earnáil R” leantóirí; de réir a luais dearaidh, gabhann innéacs ‘a’ nó ‘b’ le gach earnáil leantóirí a bhfuil cur síos orthu i bpointí 12 go 15:
88. (a) ‘a’ le haghaidh leantóirí ar cothrom le nó ar lú ná 40 km/h an t-uasluas dearaidh,
89. (b) ‘b’ le haghaidh leantóirí ar mó ná 40 km/h an t-uasluas dearaidh;
90. cuimsíonn “earnáil R1” leantóirí nach sáraíonn suim na maiseanna atá ceadaithe go teicniúil in aghaidh an acastóra 1 500 kg;
91. cuimsíonn “earnáil R2” leantóirí ar mó ná 1 500 kg ach nach sáraíonn 3 500 kg suim na maiseanna atá ceadaithe go teicniúil in aghaidh an acastóra;
92. cuimsíonn “earnáil R3” leantóirí ar mó ná 3 500 kg ach nach sáraíonn 21 000 kg suim na maiseanna atá ceadaithe go teicniúil in aghaidh an acastóra;
93. cuimsíonn “earnáil R4” leantóirí ar mó ná 21 000 kg suim na maiseanna atá ceadaithe go teicniúil in aghaidh an acastóra;
94. cuimsíonn “earnáil S” trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt.
De réir a luais dearaidh, gabhann innéacs ‘a’ nó ‘b’ le gach earnáil de threalamh idirmhalartaithe ar tarraingt;
- ‘a’ le haghaidh trealaimh idirmhalartaithe ar tarraingt ar cothrom le nó ar lú ná 40 km/h an t-uasluas dearaidh,
- ‘b’ le haghaidh trealaimh idirmhalartaithe ar tarraingt ar mó ná 40 km/h an t-uasluas dearaidh;
- cuimsíonn “earnáil S1” trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt nach sáraíonn suim na maiseanna atá ceadaithe go teicniúil in aghaidh an acastóra 3 500 kg;
- cuimsíonn “earnáil S2” trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt ar mó ná 3 500 kg suim na maiseanna atá ceadaithe go teicniúil in aghaidh an acastóra;
- cuimsíonn “earnáil U” innealra faoi mar atá sé sainithe i dTreoir 2006/42/CE, atá féinghluaiste agus atá beartaithe le húsáid chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta.
- CAIBIDIL II OIBLEAGÁIDÍ GINEARÁLTA
Airteagal 5 Údaráis Náisiúnta
95. Bunóidh agus ceapfaidh na Ballstáit na húdaráis náisiúnta atá inniúil i gcúrsaí formheasa, agus tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin mbunú agus faoin gceapadh sin i gcomhréir le hAirteagal 53.
Áireofar i ngníomh fógartha na n-údarás formheasa ainm an údaráis, seoladh an údaráis, lena n-áirítear seoladh leictreonach, agus an réimse freagrachta.
96. Áiritheoidh na húdaráis formheasa go ndéanfaidh na monaróirí a dhéanann iarratas ar fhormheas a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhall.
97. Ní fhormheasfaidh na húdaráis formheasa ach na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna agus na haonaid theicniúla ar leith sin a shásaíonn ceanglais an Rialacháin seo.
98. Ní dhéanfaidh na húdaráis formheasa ach na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna agus na haonaid theicniúla ar leith sin a shásaíonn ceanglais an Rialacháin seo a cheadú, a dhíol nó a chur i seirbhís. Más rud é go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo, ní thoirmiscfidh, ní shrianfaidh agus ní chuirfidh na húdaráis formheasa bac ar fheithiclí, ar chomhpháirteanna nó ar aonaid theicniúla ar leith a chlárú, a dhíol, a chur i seirbhís nó a chur i gcúrsaíocht ar an mbóthar, ar fhorais a bhaineann le gnéithe dá dtógáil agus dá bhfeidhmiú atá cumhdaithe leis an Rialachán seo.
Airteagal 6 Oibleagáidí ginearálta monaróirí
99. Tá monaróir freagrach don údarás formheasa as gach gné den phróiseas formheasa agus as comhréireacht táirgeachta a áirithiú, is cuma má tá páirt dhíreach ag an monaróir i ngach céim de thógáil na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil ar leith nó nach bhfuil.
100. Maidir le cineálcheadú ilchéimneach, tá gach monaróir freagrach as formheas agus as comhréireacht táirgeachta na gcóras, na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith a chuirtear leis an bhfeithicil ag an gcéim sin den tógáil atá á láimhseáil ag an monaróir. Má athraíonn monaróir comhpháirteanna nó córais a formheasadh roimhe sin, beidh sé freagrach as formheas agus as comhréireacht táirgeachta na gcomhpháirteanna agus na gcóras sin.
101. An monaróir a athraíonn an fheithicil neamhiomlán ar bhealach arb é an toradh air go n-aicmítear í faoi chatagóir eile feithicle, rud a fhágann gur athraigh ceanglais dhlíthiúla a ndearnadh measúnú orthu le linn céim formheasa roimhe sin, beidh an monaróir sin freagrach as na ceanglais sin a chomhlíonadh freisin.
102. Chun críocha an Rialacháin seo, ceapfaidh monaróir atá bunaithe taobh amuigh den Chomhphobal ionadaí aonair atá bunaithe sa Chomhphobal chun ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann os comhair an údaráis formheasa.
Tuigfear gurb é an monaróir nó an t-ionadaí sin atá i gceist le tagairtí don mhonaróir.
CAIBIDIL III CEANGLAIS SHUBSTAINTEACHA
Airteagal 7 Ceanglais um shábháilteacht ar bhóithre
103. Áiritheoidh monaróirí go ndéantar na feithiclí a dhearadh, a thógáil agus a chóimeáil ar bhealach a íoslaghdaíonn an baol gortaithe do dhaoine atá i bhfeithicil agus d’úsáideoirí eile bóthair.
104. Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonann na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna agus na haonaid theicniúla ar leith na ceanglais ábhartha atá leagtha amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear na ceanglais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a) sláine struchtúr na feithicle;
(b) córais a chabhraíonn leis an tiománaí an fheithicil a stiúradh, lena n-áirítear córais stiúrtha, córais choscánaithe (córais choscánaithe frithghlasála san áireamh) agus córais leictreonacha rialaithe cobhsaíochta;
(c) córais trína soláthraítear infheictheacht agus faisnéis don tiománaí faoi staid na feithicle agus faoin spás a thimpeallaíonn í, lena n-áirítear gloiniú, scátháin agus córais faisnéise don tiománaí;
(d) córais soilsiúcháin feithicle;
(e) cosaint do dhaoine atá i bhfeithicil, lena n-áirítear feistis inmheánacha, ceannbhaic, criosanna sábhála, doirse na feithicle;
(f) an taobh amuigh den fheithicil agus na gabhálais;
(g) comhoiriúnacht leictreamaighnéadach;
(h) feistí rabhaidh inchloiste;
(i) córais téimh;
(j) feistí chun úsáid neamhúdaraithe a chosc;
(k) córais sainaitheanta feithicle;
(l) maiseanna agus toisí;
(m) sábháilteacht leictreach;
(n) struchtúir chosanta ag cúl na feithicle;
(o) cosaint chliathánach;
(p) ardáin iompair;
(q) cúpláin agus feistí cúlaithe;
(r) rialtáin;
(s) boinn;
(t) córais choiscthe sprae.
105. Beidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith atá beartaithe le haghaidh na bhfeithiclí sin, sa mhéid a fhógraítear go bhfuil siad infheidhme maidir leis an earnáil ábhartha feithicle atá leagtha síos in Airteagal 4.
106. Tarmligfear cumhachtaí chun an Choimisiúin chun gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 57, gníomh ina leagtar síos na ceanglais theicniúla mhionsonraithe lena n-áirítear nósanna imeachta tástála agus teorainnluachanna, más infheidhme, le haghaidh na n-ábhar atá liostaithe i mír 2 d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre.
Airteagal 8 Ceanglais um shábháilteacht ag an obair
107. Áiritheoidh monaróirí go ndéantar na feithiclí a dhearadh, a thógáil agus a chóimeáil ar bhealach a íoslaghdaíonn an baol gortaithe do dhaoine a oibríonn ar an bhfeithicil nó leis an bhfeithicil.
108. Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonann na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna agus na haonaid theicniúla ar leith na ceanglais ábhartha atá leagtha amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear na ceanglais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a) córais chosanta iompaithe (dá ngairtear ROPS anseo feasta);
(b) córais chosanta ar rudaí atá ag titim (dá ngairtear FOPS anseo feasta);
(c) suíocháin phaisinéara;
(d) leibhéil fuaime inmheánaí;
(e) suíochán an tiománaí;
(f) spás oibriúcháin agus rochtain ar an suíomh tiomána;
(g) cumhachtdúiseachtaí;
(h) cosaint ar chomhpháirteanna tiomána;
(i) pointí ancaireachta criosanna sábhála;
(j) criosanna sábhála;
(k) cosaint an tiománaí ar rudaí treáiteacha (dá ngairtear OPS anseo feasta);
(l) cosaint an tiománaí ar shubstaintí guaiseacha;
(m) an lámhleabhar don oibreoir.
109. Beidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith atá beartaithe le haghaidh na bhfeithiclí sin, sa mhéid a fhógraítear leis an Rialachán seo go bhfuil siad infheidhme maidir leis an earnáil ábhartha feithicle.
110. Tarmligfear cumhachtaí chun an Choimisiúin chun gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 57, gníomh lena leagtar síos na ceanglais theicniúla mhionsonraithe lena n-áirítear nósanna imeachta tástála agus teorainnluachanna, más infheidhme, le haghaidh na n-ábhar atá liostaithe i mír 2 d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach ardleibhéal sábháilteachta ag an obair.
Airteagal 9 Ceanglais um fheidhmíocht chomhshaoil
111. Áiritheoidh monaróirí go ndéantar na feithiclí a dhearadh, a thógáil agus a chóimeáil ar bhealach a íoslaghdaíonn an tionchar ar an gcomhshaol.
112. Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonann na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna agus na haonaid theicniúla ar leith na ceanglais ábhartha atá leagtha amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear na ceanglais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a) astaíochtaí truailleán;
(b) leibhéal fuaime seachtraí.
113. Beidh feidhm ag na teorainnluachanna, ag na nósanna imeachta agus ag na ceanglais tástála le haghaidh astaíochtaí truailleán atá leagtha síos le haghaidh innealra shoghluaiste i dTreoir 97/68/CE[35] .
114. Beidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith atá beartaithe le haghaidh na bhfeithiclí sin, sa mhéid a fhógraítear leis an Rialachán seo go bhfuil siad infheidhme maidir leis an earnáil ábhartha feithiclí.
115. Tarmligfear cumhachtaí chun an Choimisiúin chun gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 57, gníomh lena leagtar síos na ceanglais theicniúla mhionsonraithe lena n-áirítear nósanna imeachta tástála agus teorainnluachanna, más infheidhme, le haghaidh an leibhéil fuaime seachtraí mar a thuairiscítear i mír 2(b) agus le haghaidh suiteáil inneall formheasta i bhfeithicil agus na forálacha gaolmhara a bhaineann le solúbthacht mar a thuairiscítear i mír 2(a) agus i mír 3 d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach ardleibhéal feidhmíochta comhshaoil.
CAIBIDIL IV NÓSANNA IMEACHTA CINEÁLCHEADAITHE AN AE
Airteagal 10 Nósanna imeachta maidir le cineálcheadú feithicle iomláine AE
116. Féadfaidh an monaróir ceann de na nósanna imeachta seo a roghnú:
(a) cineálcheadú céim ar chéim;
(b) cineálcheadú aonchéime;
(c) cineálcheadú measctha;
(d) cineálcheadú ilchéimneach.
117. Is éard atá i nós imeachta an chineálcheadaithe céim ar chéim nós imeachta formheasa feithicle trína mbailítear le chéile, céim ar chéim, sraith iomlán de dheimhnithe ar chineálcheadú AE le haghaidh na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leith a bhaineann leis an bhfeithicil, agus arb é an toradh air, ag an gcéim dheireanach, formheas na feithicle iomláine.
Is éard atá i nós imeachta an chineálcheadaithe aonchéime nós imeachta trína bhformheastar an fheithicil iomlán trí oibríocht aonair.
Is éard atá sa chineálcheadú measctha nós imeachta cineálcheadaithe céim ar chéim trína mbaintear amach formheas córais amháin nó níos mó le linn chéim dheireanach fhormheas na feithicle iomláine, gan gá le deimhnithe ar chineálcheadú AE a eisiúint le haghaidh na gcóras sin.
Is éard atá i nós imeachta an chineálcheadaithe ilchéimnigh nós imeachta formheasa ina ndeimhníonn údarás formheasa amháin nó níos mó, ag brath ar staid chríochnaithe na feithicle, go gcomhlíonann cineál feithicle lánchríochnaithe nó cineál feithicle neamhiomláine forálacha riaracháin ábhartha agus ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo.
118. Déanfar cineálcheadú ilchéimneach a thabhairt i leith cineál feithicle lánchríochnaithe nó cineál feithicle neamhiomláine a chloíonn leis na sonraí san fhillteán faisnéise agus a chomhlíonann na ceanglais theicniúla atá sonraithe sna gníomhartha ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I, ag féachaint do staid chríochnaithe na feithicle.
119. Ní thabharfar an cineálcheadú le haghaidh na céime deireanaí críochnaithe ach amháin tar éis don údarás formheasa a fhíorú go ndeimhníonn an cineálcheadú/na cineálcheaduithe a eisíodh le haghaidh na feithicle neamhiomláine go gcomhlíonann an cineál feithicle arna fhormheas ag an gcéim dheireanach na ceanglais theicniúla uile atá infheidhme an tráth a dheonaítear cineálcheadú le haghaidh an chineáil feithicle lánchríochnaithe agus le haghaidh na hearnála feithiclí lena mbaineann.
120. Ní dhéanfaidh an nós imeachta formheasa a roghnófar difear do na ceanglais rialúcháin is infheidhme ar gá don chineál feithicle iad a chomhlíonadh tráth a eisítear cineálcheadú na feithicle iomláine.
121. Tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún d’fhonn teimpléid a leagan síos le haghaidh mhionsonraí na socruithe maidir le nósanna imeachta cineálcheadaithe in Airteagal 54.
Airteagal 11 Iarratas ar chineálcheadú
122. Cuirfidh an monaróir an t-iarratas ar chineálcheadú isteach chuig an údarás formheasa.
123. Ní féidir ach iarratas amháin a chur isteach i leith cineáil áirithe feithicle agus ní féidir iarratas a chur isteach ach san aon Bhallstát amháin.
124. Cuirfear isteach iarratas ar leith le haghaidh gach cineál atá le formheas.
Airteagal 12 Faisnéis atá le cur ar fáil san iarratas ar chineálcheadú
125. Tá leagtha síos sa doiciméad faisnéise, faoi mar atá sonraithe i reachtaíocht cur chun feidhme, an fhaisnéis is gá don iarratasóir a sholáthar.
Cuirfidh an t-iarratasóir fillteán faisnéise ar fáil don údarás formheasa. San fhillteán faisnéise sin, beidh an doiciméad faisnéise móide na sonraí uile, na léaráidí uile, na grianghraif uile agus gach mír faisnéise eile a iarrtar san fhillteán. Is féidir an fhaisnéis sin a sholáthar ar pháipéar nó i leagan leictreonach.
Tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún d’fhonn teimpléid a leagan síos le haghaidh doiciméid faisnéise agus le haghaidh fillteáin faisnéise in Airteagal 54.
126. Agus é ag déanamh iarratais ar chineálcheadú, sonróidh an monaróir an nós imeachta atá roghnaithe aige i gcomhréir le hAirteagal 10 (1) a) go d), agus soláthróidh sé an fillteán faisnéise.
Airteagal 13 Ceanglais shonracha maidir le faisnéis atá le soláthar san iarratas ar chineálcheadú faoi nósanna imeachta éagsúla
127. In éineacht leis an iarratas ar chineálcheadú céim ar chéim, beidh fillteán faisnéise agus sraith iomlán na ndeimhnithe ar chineálcheadú is gá de bhun gach gnímh ar leith is infheidhme agus gach Rialachán UNECE nó Cód ECFE atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
Maidir le cineálcheadú córais nó cineálcheadú aonaid theicniúil ar leith, de bhun na ngníomhartha is infheidhme atá liostaithe in Iarscríbhinn I, beidh rochtain ag an údarás formheasa ar an bhfillteán faisnéise golmhar go dtí go n-eisítear cineálcheadú nó go dtí go ndiúltaítear do chineálcheadú.
128. In éineacht leis an iarratas ar chineálcheadú aonchéime, beidh fillteán faisnéise ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha maidir leis na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
129. I gcás nós imeachta cineálcheadaithe mheasctha, in éineacht leis an bhfillteán faisnéise beidh ceann amháin nó níos mó de dheimhnithe ar chineálcheadú ar gá iad de bhun gach gnímh ar leith is infheidhme agus gach Rialachán UNECE nó Cód ECFE atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus beidh ar áireamh san fhillteán, sa mhéid is nach gcuirtear aon deimhniú ar chineálcheadú i láthair, an fhaisnéis ábhartha is gá sna bearta cur chun feidhme a ghabhann leis an Rialachán seo, maidir leis na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
130. Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas chun críocha cineálcheadaithe ilchéimnigh:
(a) Ag an gcéad chéim, na codanna sin den fhillteán faisnéise agus de dheimhnithe ar chineálcheadú AE atá riachtanach le haghaidh feithicle iomláine agus a bhaineann le staid chríochnaithe na bonnfheithicle;
(b) Ag an dara céim agus ina dhiaidh sin, na codanna sin den fhillteán faisnéise agus de dheimhnithe ar chineálcheadú AE a bhaineann leis an gcéim reatha tógála, móide cóip de dheimhniú ar chineálcheadú AE le haghaidh na feithicle a eisíodh ag an gcéim tógála roimhe sin; chomh maith leis sin, soláthróidh an monaróir sonraí iomlána faoi aon athrú a rinne sé ar an bhfeithicil nó faoi aon rud a chuir sé leis an bhfeithicil.
Is féidir an fhaisnéis atá sonraithe i bpointí (a) agus (b) a sholáthar i gcomhréir le mír 2.
131. Féadfaidh an t-údarás formheasa, trí iarratas réasúnaithe, iarraidh ar an monaróir aon fhaisnéis eile is gá chun cinneadh a dhéanamh ar na tástálacha nach mór a dhéanamh, nó chun déanamh na dtástálacha sin a éascú, a sholáthar.
Airteagal 14 An nós imeachta atá le leanúint le haghaidh cineálcheadú AE ar chórais, ar chomhpháirteanna nó ar aonaid theicniúla ar leith
Cuirfidh an monaróir an t-iarratas isteach chuig an údarás formheasa.
Ní féidir ach iarratas amháin a chur isteach in aghaidh cineáil amháin córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith, agus ní féidir iarratas a chur isteach ach san aon Bhallstát amháin.
Cuirfear isteach iarratas ar leith le haghaidh gach cineáil atá le formheas.
CAIBIDIL V SEOLADH NÓSANNA IMEACHTA CINEÁLCHEADAITHE AE
Airteagal 15 Forálacha ginearálta
132. Ní thabharfaidh na húdaráis formheasa cineálcheadú AE ach amháin tar éis dóibh a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta a bhaineann le comhréireacht táirgeachta dá dtagraítear in Airteagal 19 curtha chun feidhme agus má chomhlíonann an cineál feithicle, an cineál córais, an cineál comhpháirte nó an cineál aonaid theicniúil ar leith na ceanglais is infheidhme.
133. Tabharfar cineálcheaduithe AE i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le hAirteagal 17.
134. Má mheasann údarás formheasa go bhfuil cineál feithicle, cineál córais, cineál comhpháirte, nó cineál aonaid theicniúil ar leith, in ainneoin é bheith i gcomhréir leis na forálacha riachtanacha, ina mhórábhar riosca do shábháilteacht ar bhóithre nó má mheasann sé go ndéanann sé díobháil mhór don chomhshaol nó don tsláinte phoiblí nó, maidir le tarracóirí, má mheasann sé go bhfuil sé ina mhórábhar baoil do shábháilteacht ag an obair, is féidir leis diúltú cineálcheadú AE a thabhairt. Ina leithéid de chás, seolfaidh sé comhad mionsonraithe láithreach bonn chuig údaráis formheasa na mBallstát eile agus chuig an gCoimisiún, comhad ina mínítear na fáthanna leis an gcinneadh agus ina leagtar amach an fhianaise ar an gcinneadh.
135. Uimhreofar deimhnithe ar chineálcheadú AE i gcomhréir le córas comhchuibhithe.
136. Laistigh de 20 lá oibre, seolfaidh an t-údarás formheasa chuig údaráis formheasa na mBallstát eile cóip den deimhniú ar chineálcheadú AE, chomh maith leis na ceangaltáin, le haghaidh gach cineál feithicle atá formheasta aige. Is féidir comhad leictreonach a úsáid in ionad an leagain chrua.
137. Cuirfidh an t-údarás formheasa údaráis formheasa na mBallstát eile ar an eolas gan mhoill maidir le haon fhormheas feithicle a diúltaíodh nó a tarraingíodh siar, chomh maith leis na fáthanna leis an gcinneadh.
138. Gach trí mhí, seolfaidh an t-údarás formheasa chuig údaráis formheasa na mBallstát eile liosta de na cineálcheaduithe córas, comhpháirteanna agus aonad theicniúil ar leith a thug sé, a leasaigh sé, a dhiúltaigh sé nó a tharraing sé siar le linn na tréimhse roimhe sin.
139. Má iarrann údarás formheasa Ballstáit eile amhlaidh, seolfaidh an t-údarás formheasa a thug cineálcheadú AE, laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an t-iarratas a fháil, cóip den deimhniú ar chineálcheadú AE atá i gceist, chomh maith leis na ceangaltáin, chuig an údarás formheasa sin. Is féidir comhad leictreonach a úsáid in ionad an leagain pháipéir.
140. Má iarrann an Coimisiún amhlaidh, cuirfidh an t-údarás formheasa an fhaisnéis a thuairiscítear i míreanna 5 go 8 chuig an gCoimisiún freisin.
141. Cuirfidh an t-údarás formheasa pacáiste faisnéise le chéile ina mbeidh an fillteán faisnéise móide na tuarascálacha ar na tástálacha agus gach doiciméad eile a chuir an tseirbhís theicniúil nó an t-údarás formheasa leis an bhfillteán faisnéise le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh. San fhillteán faisnéise beidh innéacs ina liostófar ábhar an phacáiste faisnéise agus uimhreacha cuí nó marcanna eile air chun na leathanaigh uile a dhéanamh so-aitheanta, agus leagfar amach an doiciméad sin ar bhealach a thaispeánann na céimeanna a tugadh i mbainistíocht an chineálcheadaithe AE, go háirithe na dátaí ar a ndearnadh leasuithe agus nuashonrú.
Airteagal 16 Forálacha sonracha maidir leis an deimhniú ar chineálcheadú
142. Beidh na nithe seo a leanas i bhfoirm cheangaltán sa deimhniú ar chineálcheadú:
(a) an pacáiste faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 15;
(b) torthaí na dtástálacha;
(c) ainm(neacha) agus cóip(eanna) samplach(a) de shíniú/de shínithe an duine/na ndaoine atá údaraithe chun deimhnithe comhréireachta a shíniú agus ráiteas faoina bpost sa chuideachta.
143. Eiseofar an deimhniú ar chineálcheadú ar bhonn an teimpléid atá leagtha síos sa gníomh cur chun feidhme a ghabhann leis an rialachán seo.
144. Maidir le gach cineál feithicle, déanfaidh an t-údarás formheasa na nithe seo a leanas:
(a) na ranna ábhartha de dheimhniú ar chineálcheadú AE a chomhlánú, lena n-áirítear an bhileog le haghaidh thorthaí na dtástálacha a cheanglaítear leis an deimhniú, i gcomhréir leis an teimpléad de dheimhniú ar chineálcheadú AE atá leagtha síos sa ghníomh cur chun feidhme a ghabhann leis an Rialachán seo;
(b) an t-innéacs a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise a thiomsú;
(c) an deimhniú comhlánaithe, chomh maith leis na ceangaltáin a ghabhann leis, a eisiúint don iarratasóir gan mhoill.
145. I gcás cineálcheadú AE ar cuireadh srianta ar a bhailíocht, i gcomhréir le hAirteagal 26, nó ar tarscaoileadh forálacha áirithe de na gníomhartha i ndáil leis, sonrófar na srianta nó na tarscaoiltí sin sa deimhniú ar chineálcheadú AE.
146. I gcás ina roghnaíonn an monaróir nós imeachta an chineálcheadaithe mheasctha, comhlánóidh an t-údarás formheasa sa doiciméad faisnéise na tagairtí do na tuarascálacha ar na tástálacha, arna mbunú le gníomhartha rialúcháin, nach bhfuil aon deimhniú ar chineálcheadú AE le fáil lena n-aghaidh. Tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún d’fhonn teimpléad dá leithéid de dhoiciméad a leagan síos in Airteagal 54.
147. I gcás ina roghnaíonn an monaróir nós imeachta an chineálcheadaithe aonchéime, bunóidh an t-údarás formheasa an liosta de na ceanglais nó de na gníomhartha is infheidhme agus iarcheanglóidh sé an liosta leis an deimhniú ar chineálcheadú AE. Tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún d’fhonn teimpléad dá leithéid de liosta a leagan síos in Airteagal 54.
Airteagal 17 Forálacha sonracha maidir le córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith
148. Tabharfar cineálcheadú AE do chórais a chloíonn leis na sonraí san fhillteán faisnéise agus a chomhlíonann na ceanglais theicniúla atá leagtha síos sa ghníomh ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
149. Tabharfar cineálcheadú AE do chomhpháirteanna nó d’aonaid theicniúla ar leith a chloíonn leis na sonraí san fhillteán faisnéise agus a chomhlíonann na ceanglais theicniúla atá leagtha síos sa ghníomh ábhartha ar leith atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
150. I gcás ina bhfuil comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith, bíodh siad le deisiú, le seirbhísiú, le cothabháil nó ná bíodh, cumhdaithe freisin ag cineálcheadú córais a bhaineann le feithicil, ní bheidh gá le haon fhormheas comhpháirte nó le haon fhormheas aonaid theicniúil ar leith eile ach amháin má fhoráiltear dó sin sa ghníomh ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
151. I gcás ina gcomhlíonann aonad teicniúil ar leith nó comhpháirt an fheidhm atá leis nó léi nó mura bhfuil sé nó sí ina s(h)ainghné ach amháin nuair a oibríonn sé nó sí i gcomhcheangal le páirteanna eile de chuid na feithicle, rud a fhágann nach féidir a fhíorú go gcomhlíonann an t-aonad teicniúil ar leith nó an chomhpháirt na ceanglais ach amháin nuair a bhíonn sé nó sí ag obair i gcomhcheangal leis na páirteanna eile sin de chuid na feithicle, cuirfear teorainn dá réir le raon fheidhme an chineálcheadaithe AE i leith an aonaid theicniúil ar leith sin nó i leith na comhpháirte sin.
Ina leithéid de chás, sonrófar sa deimhniú ar chineálcheadú AE aon srianta ar a (h)úsáid agus tabharfar na coinníollacha speisialta dá s(h)uiteáil le fios.
Nuair a fheistíonn monaróir na feithicle a leithéid de chomhpháirt nó d’aonad teicniúil ar leith, fíorófar le linn an fheithicil a fhormheas go bhfuil an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith sin ag cloí le haon srianta is infheidhme maidir lena (h)úsáid nó le haon choinníollacha is infheidhme maidir lena s(h)uiteáil.
Airteagal 18 Tástálacha atá riachtanach le haghaidh cineálcheadú AE
152. Léireofar comhlíontacht na saintreoracha atá leagtha síos sa Rialachán seo agus sna gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I trí bhíthin tástálacha iomchuí arna ndéanamh ag seirbhísí teicniúla ainmnithe.
Na nósanna imeachta tástála agus an trealamh sonrach agus na huirlisí sonracha atá leagtha síos chun na tástálacha sin a dhéanamh, tá cur síos orthu sna gníomhartha sin.
153. Cuirfidh an monaróir ar fáil don údarás formheasa a oiread sin feithiclí, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith is gá faoi na gníomhartha ábhartha chun na tástálacha riachtanacha sin a dhéanamh.
154. Déanfar na tástálacha riachtanacha ar fheithiclí, ar chomhpháirteanna agus ar aonaid theicniúla ar leith atá ionadaíoch don chineál atá le formheas.
Mar sin féin, is féidir leis an monaróir, le comhaontú an údaráis formheasa, feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith a roghnú nach bhfuil ionadaíoch don chineál atá le formheas ach ina bhfuil roinnt de na gnéithe is neamhfhabhraí ó thaobh an leibhéil feidhmíochta atá ag teastáil de. Is féidir úsáid a bhaint as modhanna fíorúla tástála chun cabhrú le cinnteoireacht le linn an phróisis roghnaithe.
155. Is féidir úsáid a bhaint as modhanna fíorúla tástála mar mhalairtí ar na nósanna imeachta tástála dá dtagraítear i mír 1 agus iad a úsáid faoi réir chomhaontú an údaráis formheasa, arna iarraidh sin don mhonaróir maidir leis na ceanglais sin atá liostaithe sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin rialachán seo.
156. Comhlíonfaidh na modhanna fíorúla tástála na coinníollacha atá leagtha amach sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin rialachán seo.
157. Tarmligfear cumhachtaí chun an Choimisiúin chun gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 57, gníomh lena sonraítear na ceanglais a fhéadfaidh a bheith faoi réir tástála fíorúla agus lena leagtar síos na coinníollacha faoinar gá an tástáil fhíorúil sin a dhéanamh d’fhonn a áirithiú go bhfuil na torthaí a fhaightear trí thástáil fhíorúil chomh hiontaofa leo siúd a fhaightear trí thástáil fhisiciúil.
Airteagal 19 Socruithe maidir leis an gcomhréireacht táirgeachta
158. Déanfaidh an t-údarás formheasa a thugann cineálcheadú AE na bearta is gá, i gcomhar le húdaráis formheasa na mBallstát eile más gá, chun a fhíorú go bhfuil socruithe leordhóthanacha déanta lena áirithiú go bhfuil feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a tháirgtear, ag brath ar an gcás, i gcomhréir leis an gcineál formheasta.
159. Déanfaidh an t-údarás formheasa a thugann cineálcheadú AE na bearta is gá, i gcomhar le húdaráis formheasa na mBallstát eile más gá, chun a fhíorú go bhfuil na socruithe dá dtagraítear i mír 1 leordhóthanach i gcónaí agus go bhfuil feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a tháirgtear, ag brath ar an gcás, i gcomhréir leis an gcineál formheasta i gcónaí.
Beidh an fíorú lena áirithiú go bhfuil feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith i gcomhréir leis an gcineál formheasta teoranta do na nósanna imeachta atá leagtha amach sna gníomhartha cur chun feidhme a ghabhann leis an rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh údarás formheasa an Bhallstáit a thug cineálcheadú AE aon cheann de na tástálacha nó de na seiceálacha atá leagtha síos maidir leis an gceanglas rialúcháin is ábhar don chineálcheadú AE a dhéanamh ar shamplaí arna dtógáil in áitreabh an mhonaróra, lena n-áirítear saoráidí táirgthe.
160. Nuair a shuíonn údarás formheasa a thug cineálcheadú AE nach bhfuil na socruithe dá dtagraítear i mír 1 á gcur i bhfeidhm, nó gurb éagsúil iad leis na socruithe agus leis na pleananna rialaithe a comhaontaíodh, nó gur stopadh de bheith á gcur i bhfeidhm nó nach meastar iad bheith leordhóthanach a thuilleadh, cé go bhfuiltear ag leanúint den táirgeadh, déanfaidh an t-údarás formheasa sin na bearta is gá chun a áirithiú go leantar i gceart an nós imeachta le haghaidh comhréireachta táirgeachta nó déanfaidh sé an cineálcheadú a tharraingt siar.
CAIBIDIL VI LEASUITHE AR CHINEÁLCHEADUITHE AE
Airteagal 20 Forálacha ginearálta
161. Cuirfidh an monaróir an t-údarás formheasa a thug cineálcheadú AE ar an eolas gan mhoill maidir le haon athrú ar na sonraí a taifeadadh sa phacáiste faisnéise.
Cinnfidh an t-údarás formheasa sin, i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo, cén nós imeachta atá le leanúint.
Más gá, cinnfidh sé, i gcomhairle leis an monaróir, go ndéanfar cineálcheadú AE nua nó formheas aonair nua a thabhairt.
162. Ní chuirfear iarratas ar chineálcheadú AE a leasú ach chuig an údarás formheasa sin a thug an cineálcheadú AE amháin.
163. Má mheasann an t-údarás formheasa, agus leasú á dhéanamh, gur gá cigireachtaí nó tástálacha a athdhéanamh, cuirfidh sé an monaróir ar an eolas faoi dá réir.
Ní bheidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 19 ach amháin má bhaineann an t-údarás de thátal as na cigireachtaí nó as na tástálacha a rinneadh go bhfuil na ceanglais a bhaineann le cineálcheadú AE á gcomhlíonadh i gcónaí.
Airteagal 21 Forálacha sonracha maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith
164. Má athraítear na sonraí a taifeadadh sa phacáiste faisnéise, agus mura bhfuil gá le cigireachtaí nó le tástálacha a athdhéanamh, tabharfar “athbhreithniú” ar an leasú sin.
Ina leithéid de chás, eiseoidh an t-údarás formheasa an leathanach athbhreithnithe den phacáiste faisnéise de réir mar is gá, agus marcálfaidh sé gach ceann de na leathanaigh athbhreithnithe chun an cineál athraithe agus dáta na hatheisiúna a léiriú. Meastar go ndéanann leagan comhdhlúite nuashonraithe den phacáiste, móide cur síos mionsonraithe ar na hathruithe, an ceanglas sin a chomhlíonadh.
165. Tabharfar “síneadh” ar an leasú sin má tharlaíonn aon cheann de na nithe seo a leanas, sa bhreis ar fhorálacha mhír 1:
(a) is gá cigireachtaí nó tástálacha breise a dhéanamh;
(b) athraíodh faisnéis sa deimhniú ar chineálcheadú AE, cé is moite d'fhaisnéis sna ceangaltáin;
(c) tagann ceanglais nua i bhfeidhm faoi cheann ar bith de na gníomhartha is infheidhme maidir leis an gcineál feithicle formheasta nó maidir leis an gcóras formheasta, leis an gcomhpháirt fhormheasta nó leis an aonad teicniúil ar leith formheasta.
Ina leithéid de chás, eiseoidh an t-údarás formheasa deimhniú ar chineálcheadú AE a bheidh athbhreithnithe agus beidh uimhir an tsínithe, arna incriminitiú i gcomhréir le líon na sínithe leantacha a tugadh cheana féin, luaite ar an deimhniú. Taispeánfar go soiléir ar an deimhniú formheasa an fáth a bhí leis an síneadh agus an dáta a atheisíodh é.
Nuair a eisítear leathanaigh leasaithe nó leagan comhdhlúite nuashonraithe, leasófar dá réir sin an t-innéacs a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise a ghabhann leis an deimhniú formheasa chun dáta an tsínithe is déanaí nó dáta an athbhreithnithe is déanaí, nó dáta an chomhdhlúite is déanaí den leagan nuashonraithe, a thaispeáint.
Airteagal 22 Leasuithe a eisiúint agus a fhógairt
166. I gcás sínithe, nuashonrófar gach roinn den deimhniú ar chineálcheadú AE, na ceangaltáin a ghabhann leis, agus an t-innéacs a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise. Eiseofar an deimhniú nuashonraithe agus na ceangaltáin a ghabhann leis don iarratasóir gan mhoill.
167. I gcás athbhreithnithe, déanfaidh an t-údarás formheasa na doiciméid athbhreithnithe nó an leagan comhdhlúite nuashonraithe, de réir mar is cuí, lena n-áirítear an t-innéacs athbhreithnithe a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise a eisiúint don iarratasóir gan mhoill.
168. I gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha amach in Airteagal 15, déanfaidh an t-údarás formheasa fógra faoi aon leasú arna dhéanamh ar chineálcheaduithe AE a thabhairt d’údaráis formheasa na mBallstát eile.
CAIBIDIL VII BAILÍOCHT CHINEÁLCHEADÚ AE
Airteagal 23 An bhailíocht a fhoirceannadh
169. Eiseofar cineálcheaduithe AE ar feadh tréimhse gan teorainn.
170. Ní bheidh cineálcheadú AE bailí níos mó in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a) má dhéantar éigeantach ceanglais nua i ngníomh ar bith is infheidhme maidir leis an gcineál feithicle formheasta chun feithiclí nua a chlárú, a dhíol nó a chur i seirbhís agus murar féidir an cineálcheadú a nuashonrú dá réir;
(b) má scoirtear go críochnúil agus go deonach de bheith ag táirgeadh na feithicle formheasta;
(c) má imíonn bailíocht an chineálcheadaithe in éag de bhrí sriain speisialta i gcomhréir le hAirteagal 26.
171. Mura n-éiríonn ach malairt amháin laistigh de chineál nó leagan amháin laistigh de mhalairt neamhbhailí, ní chaillfidh cineálcheadú AE na feithicle atá i gceist bailíocht ach amháin a mhéid a bhaineann leis an malairt áirithe nó leis an leagan áirithe atá i gceist.
172. Nuair a scoirtear go críochnúil de bheith ag táirgeadh cineál áirithe feithicle, tabharfaidh an monaróir fógra faoi sin don údarás formheasa a thug cineálcheadú AE le haghaidh na feithicle sin.
Tar éis dó a leithéid d’fhógra a fháil, cuirfidh an t-údarás sin údaráis formheasa na mBallstát eile ar an eolas faoi dá réir laistigh de 20 lá oibre.
173. Gan dochar do mhír 4, i gcásanna ina n-éireoidh cineálcheadú AE i leith feithicle neamhbhailí, tabharfaidh an monaróir fógra faoi sin don údarás formheasa a thug an cineálcheadú AE.
Cuirfidh an t-údarás formheasa gach faisnéis ábhartha chuig údaráis formheasa na mBallstát eile gan mhoill d’fhonn Airteagal 34 a chur i bhfeidhm, nuair is iomchuí.
Sonrófar san fhaisnéis sin, go háirithe, an dáta táirgthe agus uimhir aitheantais na feithicle deireanaí a táirgeadh.
CAIBIDIL VIII AN DEIMHNIÚ COMHRÉIREACHTA AGUS MARCANNA
Airteagal 24 An deimhniú comhréireachta
174. Seachadfaidh an monaróir, ina cháil mar shealbhóir an chineálcheadaithe feithicle iomláine, deimhniú comhréireachta mar dhoiciméad páipéir le gabháil le gach feithicil, bíodh sí iomlán, neamhiomlán nó lánchríochnaithe, a monaraíodh i gcomhréir leis an gcineál feithicle formheasta.
Seachadfar an deimhniú sin saor in aisce chuig an gceannaitheoir in éineacht leis an bhfeithicil, agus ní féidir seachadadh an deimhnithe a bheith ag brath ar iarraidh shainráite nó ar fhaisnéis bhreise a chur isteach chuig an monaróir.
175. Úsáidfidh an monaróir an teimpléad den deimhniú comhréireachta a thugtar i mbearta cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 54.
176. Mura bhfuil comhaontú difriúil tugtha i gcrích le ceannaitheoir na feithicle, tarraingeofar suas an deimhniú comhréireachta i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil á ceannach.
177. Ceapfar an deimhniú comhréireachta sa chaoi is go gcoscfar brionnú. Chuige sin, beidh an páipéar a úsáidtear cosanta ag grafaicí daite nó ag comhartha uisce i bhfoirm mharc aitheantais an mhonaróra.
178. Críochnófar an deimhniú comhréireachta go hiomlán agus ní bheidh srianta ann maidir le húsáid na feithicle seachas na srianta sin dá bhforáiltear i ngníomh rialúcháin.
179. I gcás feithicle neamhiomláine nó i gcás feithicle lánchríochnaithe, ní chomhlánóidh an monaróir ach amháin na míreanna sin ar thaobh 2 den deimhniú comhréireachta ar cuireadh leis an bhfeithicil iad nó ar athraíodh iad ag an gcéim reatha formheasa agus, más infheidhme, cuirfidh sé leis an deimhniú gach deimhniú comhréireachta a seachadadh ag an gcéim roimhe sin.
180. An deimhniú comhréireachta mar atá leagtha amach sa ghníomh cur chun feidhme a ghabhann leis an Rialachán seo le haghaidh feithiclí arna bhformheas i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 26, beidh an frása seo a leanas sa theideal “Le haghaidh feithiclí iomlána/feithiclí lánchríochnaithe arna gcineálcheadú agus Airteagal 26 de Rialachán [...][an Rialachán seo] á chur i bhfeidhm (formheas sealadach).”
181. I gcás feithiclí arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 28, beidh an frása seo a leanas i dteideal an deimhnithe chomhréireachta mar atá leagtha amach sa ghníomh cur chun feidhme “Le haghaidh feithiclí iomlána/feithiclí lánchríochnaithe arna gcineálcheadú i sraitheanna beaga”, agus in aice leis sin an bhliain táirgthe agus uimhir sheicheamhach ina diaidh, uimhir idir 1 agus an teorainn atá sonraithe sa tábla atá leagtha amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II, agus cuirfear in iúl, maidir le gach bliain táirgthe, staid na feithicle sin laistigh den táirgeadh arna chionroinnt le haghaidh na bliana sin.
182. Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an monaróir sonraí nó faisnéis atá sa deimhniú comhréireachta a sheoladh go leictreonach chuig údarás cláraithe an Bhallstáit.
183. Is é an monaróir amháin a fhéadfaidh dúblach den deimhniú comhréireachta a eisiúint. Ní mór an focal “dúblach” a bheith le feiceáil go soiléir ar éadan an deimhnithe dhúblaigh.
Airteagal 25 Marc an chineálcheadaithe
184. Monaróir comhpháirte nó monaróir aonaid theicniúil ar leith, bíodh an chomhpháirt nó an t-aonad sin ina chuid de chóras nó ná bíodh, déanfaidh sé marc an chineálcheadaithe, a éileofar de réir an ghnímh tharmligthe ábhartha faoin Rialachán seo nó de réir an Rialacháin ábhartha UNECE nó an Chóid ECFE, a ghreamú de gach comhpháirt nó de gach aonad arna monarú i gcomhréir leis an gcineál formheasta.
185. Mura bhfuil gá lena leithéid de mharc cineálcheadaithe, greamóidh an monaróir den chomhpháirt nó den aonad ar a laghad ainm trádála nó marc trádála an mhonaróra, agus uimhir an chineáil agus uimhir aitheantais.
186. Tarraingeofar marc an chineálcheadaithe AE i gcomhréir leis an tsamhail atá leagtha amach i reachtaíocht cur chun feidhme a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL IX DÍOLÚINTÍ AGUS TEICNEOLAÍOCHTAÍ NUA NÓ COINCHEAPA NUA NACH BHFUIL AG LUÍ LE GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE NÁ LE RIALACHÁIN UNECE
Airteagal 26 Díolúintí le haghaidh teicneolaíochtaí nua nó le haghaidh coincheap nua
187. Féadfaidh an monaróir iarratas a dhéanamh ar chineálcheadú AE maidir le cineál córais, cineál comhpháirte nó cineál aonaid theicniúil ar leith a ionchorpraíonn teicneolaíochtaí nua nó coincheapa nua nach bhfuil ag luí le ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha nó de na ceanglais atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
188. Tabharfaidh an t-údarás formheasa an cineálcheadú AE dá dtagraítear i mír 1 má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) luaitear ar an iarratas na cúiseanna nach bhfuil an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith ag luí leis na ceanglais de dheasca na dteicneolaíochtaí nó na gcoincheap atá i gceist;
(b) tuairiscítear ar an iarratas na himpleachtaí sábháilteachta agus comhshaoil a ghabhann leis an teicneolaíocht nua agus na bearta a rinneadh lena áirithiú, i gcomparáid leis na ceanglais óna bhfuiltear ag iarraidh díolúine, go n-áirithítear ar a laghad leibhéal coibhéiseach sábháilteachta agus leibhéal coibhéiseach cosanta comhshaoil;
(c) cuirtear i láthair tuairiscí ar na tástálacha agus na torthaí a chruthaíonn go gcomhlíontar an coinníoll i bpointe (b).
189. Go dtí go ndéanann an Coimisiún cinneadh faoi údarú, féadfaidh an t-údarás formheasa formheas sealadach a thabhairt, nach mbeidh bailí ach i gcríoch an Bhallstáit sin amháin, maidir le cineál feithicle a chuimsítear faoin díolúine atá ag teastáil. Cuirfidh an t-údarás formheasa an Coimisiún agus na Ballstát eile ar an eolas faoi sin gan mhoill trí bhíthin comhaid ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2.
190. Féadfaidh na húdaráis formheasa eile glacadh leis an bhformheas sealadach dá dtagraítear i mír 3 ina gcríocha féin.
191. Beidh díolúintí le haghaidh teicneolaíochtaí nua nó le haghaidh coincheap nua faoi réir údarú ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 55(2).
192. Nuair is iomchuí, sonróidh an cinneadh faoi údarú cé acu a bheidh an bhailíocht faoi réir aon srianta nó nach mbeidh. I ngach cás, ní bheidh bailíocht an fhormheasa níos lú ná 36 mí.
Má chinneann an Coimisiún údarú a dhiúltú, tabharfaidh an t-údarás formheasa fógra láithreach do shealbhóir an fhormheasa shealadaigh dá dtagraítear i mír 3 faoi go ndéanfar an formheas sealadach a aisghairm sé mhí tar éis dháta chinneadh an Choimisiúin.
Mar sin féin, is féidir feithiclí a monaraíodh i gcomhréir leis an bhformheas sealadach sular n-aisghaireadh é a chlárú, a dhíol nó a chur i seirbhís in aon Bhallstáit a ghlac leis an bhformheas sealadach.
Airteagal 27 Gníomhaíocht de dhíth
193. I gcás ina n-údaraíonn an Coimisiún díolúine de bhun Airteagal 26 a thabhairt, déanfaidh sé na bearta is gá láithreach chun na gníomhartha tarmligthe nó na ceanglais lena mbaineann a chur in oiriúint d’fhorbairtí teicneolaíocha.
I gcás ina mbaineann an díolúine de bhun Airteagal 26 le Rialachán UNECE, molfaidh an Coimisiún leasú ar an Rialachán ábhartha UNECE i gcomhréir leis an nós imeachta is infheidhme faoi Chomhaontú Leasaithe 1958.
194. A luaithe a bheidh na gníomhartha nó na ceanglais ábhartha leasaithe, bainfear den díolúine aon srian a bhain léi.
Mura ndéantar na bearta is gá chun na gníomhartha tarmligthe nó na ceanglais a chur in oiriúint, is féidir bailíocht díolúine a shíneadh, arna iarraidh sin don Bhallstát a thug an formheas, trí chinneadh ón gCoimisiún arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 55(2).
CAIBIDIL X FEITHICLÍ A THÁIRGTEAR I SRAITHEANNA BEAGA
Airteagal 28 Cineálcheadú náisiúnta sraitheanna beaga
195. Féadfaidh an monaróir cineálcheadú náisiúnta a iarraidh i leith sraith bheag de chineál feithicle laistigh de na teorainneacha cainníochtúla atá leagtha amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II.
Le haghaidh formheasa den sórt, féadfaidh an t-údarás náisiúnta, má tá forais réasúnta aige leis, ceann amháin nó níos mó de na forálacha i gceann amháin nó níos mó de na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a tharscaoileadh, ar choinníoll go bhfuil ceanglais mhalartacha leagtha síos aige.
196. Déanfar a áirithiú leis na ceanglais mhalartacha dá dtagraítear i mír 1 leibhéal sábháilteachta ar bhóithre, leibhéal cosanta comhshaoil agus leibhéal sábháilteachta ag an obair atá coibhéiseach, a mhéid is féidir, leis an leibhéal dá bhforáiltear leis an ngníomh ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
197. Chun críoch cineálcheadaithe feithiclí faoin Airteagal seo, glacfar le córais, le comhpháirteanna nó le haonaid theicniúla ar leith a bheidh cineálcheadaithe i gcomhréir leis na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
198. Sonrófar ar an deimhniú ar chineálcheadú ábhar na dtarscaoiltí arna dtabhairt de bhun mhír 1. Chun críocha an Airteagail seo, dréachtófar an deimhniú ar chineálcheadú i gcomhréir leis an tsamhail atá leagtha amach i reachtaíocht cur chun feidhme ach ní bheidh “Deimhniú ar chineálcheadú feithicle AE” mar cheannteideal air. Uimhreofar deimhnithe ar chineálcheadú i gcomhréir leis an rialachán seo.
199. Ní bheidh an cineálcheadú bailí ach amháin i gcríoch an Bhallstáit sin ar thug a údarás formheasa an formheas.
200. Mar sin féin, má iarrann an monaróir amhlaidh, déanfar cóip den deimhniú ar chineálcheadú agus cóip de na ceangaltáin a ghabhann leis a sheoladh trí phost cláraithe nó trí phost leictreonach chuig údaráis formheasa na mBallstát arna n-ainmniú ag an monaróir.
201. Laistigh de 60 lá tar éis dóibh na cóipeanna sin a fháil, cinnfidh údaráis formheasa na mBallstát arna n-ainmniú ag an monaróir cibé acu a ghlacfaidh siad leis an gcineálcheadú nó nach nglacfaidh. Cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl go foirmiúil don údarás formheasa dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
202. Ní dhiúltófar do chineálcheadú ach amháin má bhíonn forais réasúnta ag an údarás formheasa le creidiúint nach bhfuil na forálacha teicniúla ar dá réir a formheasadh an fheithicil coibhéiseach lena chuid forálacha teicniúla féin.
203. Arna iarraidh amhlaidh d’iarratasóir atá ag iarraidh feithicil a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís i mBallstát eile, soláthróidh an t-údarás formheasa a thug an formheas don iarratasóir cóip den deimhniú ar chineálcheadú lena n-áirítear an pacáiste faisnéise. Ceadóidh an t-údarás náisiúnta an fheithicil a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís, ach amháin má bhíonn forais réasúnta aige le creidiúint nach bhfuil na forálacha teicniúla ar dá réir a formheasadh an fheithicil coibhéiseach lena chuid forálacha teicniúla féin.
CAIBIDIL XI FORMHEASANNA AONAIR
Airteagal 29 Formheasanna aonair
204. Is é an monaróir nó úinéir na feithicle a chuirfidh an t-iarratas ar fhormheas aonair isteach. Féadfaidh duine atá bunaithe sa Chomhphobal agus atá ag gníomhú thar ceann an mhonaróra nó thar ceann úinéir na feithicle an t-iarratas a chur isteach freisin.
205. Le linn nós imeachta an fhormheasa aonair, deimhneoidh na húdaráis formheasa go sásaíonn an fheithicil na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha.
206. Beidh feidhm ag formheas aonair maidir le feithicil áirithe, bíodh an fheithicil sin uathúil nó ná bíodh.
207. 15 fheithicil den chineál céanna ar a mhéid a chumhdófar in iarratas ar fhormheas aonair.
208. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le feithiclí nach raibh, tráth a rinneadh iarratas ar fhormheas aonair, údarú riaracháin faighte acu don chur i seirbhís, lena ngabhann sainaithint na bhfeithiclí agus cláruimhir a eisiúint, lena n-áirítear clárúcháin shealadacha nó ghearrthéarmacha nó clárúchán gairmiúil, nó nár cuireadh i seirbhís nó a cláraíodh agus a cuireadh i seirbhís do thréimhse is lú ná 6 mhí.
Airteagal 30 Díolúintí le haghaidh formheasanna aonair
209. Féadfaidh údarás formheasa díolúine a thabhairt d’fheithicil ó cheann amháin nó níos mó de na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhforchuireann an t-údarás formheasa ceanglais mhalartacha agus go bhfuil forais réasúnta aige an díolúine sin a thabhairt.
Ní mór do na ceanglais mhalartacha leibhéal sábháilteachta ar bhóithre, leibhéal cosanta comhshaoil, agus leibhéal sábháilteachta ag an obair a áirithiú atá coibhéiseach, a mhéid is féidir, leis an leibhéal dá bhforáiltear sa ghníomh ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
210. Ní dhéanfaidh na húdaráis formheasa tástálacha scriosacha. Úsáidfidh siad aon fhaisnéis ábhartha arna soláthar ag an iarratasóir a léiríonn go bhfuil na ceanglais mhalartacha á gcomhlíonadh.
211. Glacfaidh na húdaráis formheasa le haon chineálcheadú AE ar chóras, ar chomhpháirt nó ar aonad teicniúil ar leith in ionad na gceanglas malartach.
212. Má bhíonn an fheithicil i gcomhréir leis an tuairisc arna hiarcheangal leis an iarratas agus má shásaíonn an fheithicil na ceanglais theicniúla is infheidhme, tabharfaidh an t-údarás formheasa an formheas aonair agus eiseoidh sé an deimhniú um fhormheas aonair gan mhoill.
Bunófar formáid an deimhnithe um fhormheas aonair ar an teimpléad de dheimhniú ar chineálcheadú AE atá leagtha amach in Iarscríbhinn V agus beidh ann, ar a laghad, an fhaisnéis is gá chun an t-iarratas ar chlárú dá bhforáiltear i dTreoir 1999/37/CE ón gComhairle[36] a chomhlánú.
Ní bheidh an ceannteideal “Formheas feithicle AE” in úsáid ar dheimhnithe um fhormheas aonair. Beidh uimhir aitheantais na feithicle lena mbaineann ar an deimhniú um fhormheas aonair.
Airteagal 31 Bailíocht agus glacacht an fhormheasa aonair
213. Ní bheidh formheas aonair bailí ach amháin i gcríoch an Bhallstáit inar tugadh é.
214. Má bhíonn iarratasóir ag iarraidh feithicil dar tugadh formheas aonair ina leith a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís i mBallstát eile, agus má iarrann an t-iarratasóir amhlaidh, soláthróidh an t-údarás formheasa a thug an formheas don iarratasóir ráiteas de na forálacha teicniúla ar formheasadh an fheithicil dá réir chomh maith le haon fhaisnéis bhreise ina luaitear go mionchruinn cineál na gceanglas teicniúil a shásaigh an fheithicil áirithe sin.
215. Maidir le feithicil ar thug údarás formheasa Ballstáit amháin formheas aonair ina leith i gcomhréir le forálacha Airteagal 29, ceadóidh na Ballstáit eile an fheithicil sin a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís, ach amháin má bhíonn forais réasúnta acu le creidiúint nach bhfuil na forálacha teicniúla ar formheasadh an fheithicil dá réir coibhéiseach lena gcuid forálacha teicniúla féin.
216. Arna iarraidh amhlaidh don mhonaróir nó d’úinéir na feithicle, tabharfaidh na húdaráis formheasa formheas aonair d’fheithicil a chomhlíonann forálacha an Rialacháin seo. Ina leithéid de chás, glacfaidh na húdaráis formheasa leis an bhformheas aonair agus ceadóidh siad an fheithicil a dhíol, a chlárú agus a chur i seirbhís.
Airteagal 32 Forálacha sonracha
217. Féadfaidh feidhm a bheith ag forálacha na Caibidle seo maidir le feithiclí a cineálcheadaíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus a athraíodh roimh a gcéad chlárú nó sular cuireadh iad i seirbhís den chéad uair.
218. Féadfaidh feidhm a bheith ag an nós imeachta atá leagtha amach sa Chaibidil seo maidir le feithicil áirithe le linn chéimeanna leantacha a críochnaithe i gcomhréir le nós imeachta cineálcheadaithe ilchéimnigh.
219. Ní fhéadfaidh an nós imeachta atá leagtha amach sa Chaibidil seo ionad céime idirmheánaí a ghlacadh le linn gnáthsheoladh nós imeachta cineálcheadaithe ilchéimnigh agus ní fhéadfaidh feidhm a bheith aige chun formheas céime tosaigh a fháil i leith feithicle.
CAIBIDIL XII CLARÚ, DÍOL AGUS CUR I SEIRBHÍS
Airteagal 33 Feithiclí a chlárú, a dhíol agus a chur i seirbhís
220. Gan dochar d’fhorálacha Airteagal 36 agus d’fhorálacha Airteagal 37, feithiclí a bhfuil cineálcheadú feithicle iomláine AE éigeantach lena n-aghaidh nó a bhfuil a leithéid sin de chineálcheadú faighte ag an monaróir lena n-aghaidh faoin rialachán seo, ní chlárófar iad, ní dhíolfar iad ná ní chuirfear i seirbhís iad ach amháin má tá deimhniú comhréireachta bailí ag gabháil leo, deimhniú arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 24.
I gcás feithiclí neamhiomlána, ceadaítear a leithéid d’fheithiclí a dhíol, ach féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát clárú agus cur i seirbhís feithiclí den sórt sin a dhiúltú fad is a bhíonn na feithiclí neamhiomlán.
221. Maidir le feithiclí sraitheanna beaga, ní bheidh líon na bhfeithiclí a chláraítear, a dhíoltar nó a chuirtear i seirbhís feadh bliana aonair níos airde ná líon na n-aonad atá leagtha amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II.
222. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le feithiclí atá beartaithe le húsáid ag na fórsaí armtha, le haghaidh na cosanta sibhialta, le haghaidh seirbhísí comhraic dóiteáin nó seirbhísí oird phoiblí agus ní bheidh feidhm aici maidir le feithiclí arna gcineálcheadú i gcomhréir le hAirteagal 28 nó le hAirteagal 32.
Airteagal 34 Feithiclí ceann sraithe a chlárú, a dhíol agus a chur i seirbhís
223. Faoi réir na dteorainneacha atá leagtha amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II agus faoi réir na teorann ama atá leagtha amach i mír 2, is féidir feithiclí atá i gcomhréir le cineál feithicle nach bhfuil a chineálcheadú AE bailí a thuilleadh a chlárú, a dhíol agus a chur i seirbhís.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir le feithiclí laistigh de chríoch an Aontais a bhí cumhdaithe ag deimhniú bailí ar chineálcheadú AE tráth a táirgeadh iad, ach nár cláraíodh nó nár cuireadh i seirbhís sular chaill an deimhniú sin ar chineálcheadú AE a bhailíocht.
224. I gcás feithiclí iomlána, beidh feidhm ag mír 1 ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta a d’imigh an deimhniú ar chineálcheadú AE in éag agus, i gcás feithiclí lánchríochnaithe, ar feadh tréimhse ocht mí dhéag ón dáta sin.
225. Aon mhonaróir atá ag iarraidh leas a bhaint as forálacha mhír 1, cuirfidh sé iarraidh chuig údarás inniúil gach Ballstáit lena mbaineann cur i seirbhís na bhfeithiclí atá i gceist. Ní mór a shonrú ar an iarraidh sin aon chúiseanna teicniúla nó eacnamaíocha a chuireann bac ar na feithiclí sin na ceanglais theicniúla nua a chomhlíonadh.
Laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an t-iarraidh a fháil, cinnfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann cibé acu a cheadóidh siad clárú na bhfeithiclí sin ina gcríocha nó nach gceadóidh agus, má cheadóidh, cinnfidh siad an líon feithiclí a chlárófar.
226. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar monatóireacht éifeachtach ar líon na bhfeithiclí atá le clárú nó le cur i seirbhís faoi chuimsiú an nós imeachta atá leagtha amach san Airteagal seo.
227. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le scor táirgthe ach amháin más toradh é an scor táirgthe ar fhoirceannadh bhailíocht an chineálcheadaithe sa chás dá dtagraítear in Airteagal 23(2)(a).
Airteagal 35 Comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith a dhíol agus a chur i seirbhís
228. Ní féidir comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a dhíol nó a chur i seirbhís ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais na ngníomhartha ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 agus má tá siad marcáilte go cuí i gcomhréir le hAirteagal 25.
229. Ní bhfeidhm feidhm ag mír 1 maidir le comhpháirteanna nó le haonaid theicniúla ar leith a tógadh nó a dearadh go sonrach le haghaidh feithiclí nua nach bhfuil cumhdaithe leis an Rialachán seo.
230. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a dhíol agus a chur i seirbhís má bhí na comhpháirteanna nó na haonaid díolmhaithe ó cheann amháin nó níos mó d’fhorálacha an rialacháin seo i gcur i bhfeidhm Airteagal 26 nó atá beartaithe le suiteáil ar fheithiclí atá cumhdaithe ag formheasanna arna dtabhairt faoi Airteagal 28 agus faoi Airteagal 29 a bhaineann leis an gcomhpháirt nó leis an aonad teicniúil ar leith atá i gceist.
231. De mhaolú ar mhír 1, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a dhíol agus a chur i seirbhís má tá siad beartaithe le suiteáil ar fheithiclí nach gceanglaítear leis an Rialachán seo ná le Treoir 2003/37/CE, tráth a cuireadh i seirbhís iad, cineálcheadú AE a dhéanamh orthu.
CAIBIDIL XIII CLÁSAIL CHOSANTA
Airteagal 36 Feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a chomhlíonann an Rialachán seo
232. Má mheasann údarás formheasa go bhfuil feithiclí nua, córais nua, comhpháirteanna nua, nó aonaid theicniúla ar leith nua, in ainneoin iad bheith ag comhlíonadh na gceanglas riachtanach, ina mórábhar riosca do shábháilteacht ar bhóithre nó má mheasann sé go ndéanann siad díobháil mhór don chomhshaol nó don tsláinte phoiblí nó, maidir le tarracóirí, má mheasann sé go bhfuil siad ina mórábhar riosca do shábháilteacht ag an obair, is féidir leis an údarás náisiúnta sin, ar feadh sé mhí ar a mhéid, diúltú na feithiclí sin a chlárú nó diúltú cead a thabhairt na feithiclí, na comhpháirteanna nó haonaid theicniúla ar leith sin a dhíol nó a chur i seirbhís ina chríoch.
Ina leithéid de chás, tabharfaidh an t-údarás náisiúnta lena mbaineann fógra láithreach don mhonaróir, d’údaráis náisiúnta na mBallstát eile agus don Choimisiún dá réir, ag sonrú na cúiseanna leis an gcinneadh, agus go háirithe, más toradh é ar cheann de na nithe seo a leanas:
(a) easnaimh ar na gníomhartha ábhartha;
(b) na ceanglais ábhartha a chur i bhfeidhm go mícheart.
233. A luaithe is féidir, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis na páirtithe lena mbaineann agus, go háirithe, leis an údarás formheasa a thug an cineálcheadú d’fhonn an cinneadh a ullmhú.
234. I gcás inar toradh iad na bearta dá dtagraítear i mír 1 ar easnaimh ar na gníomhartha ábhartha, déanfaidh an Coimisiún na bearta seo a leanas:
(a) i gcás ina bhfuil baint acu le gníomhartha tarmligthe, leasóidh an Coimisiún na gníomhartha sin dá réir;
(b) i gcás ina bhfuil baint acu le Rialacháin UNECE, beartóidh an Coimisiún na dréacht-leasuithe is gá ar na Rialacháin ábhartha UNECE i gcomhréir leis an nós imeachta is infheidhme faoi Chomhaontú Leasaithe 1958.
235. I gcás inar toradh iad na bearta dá dtagraítear i mír 1 ar na ceanglais ábhartha a chur i bhfeidhm go mícheart, déanfaidh an Coimisiún na bearta is iomchuí d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann an t-údarás formheasa lena mbaineann na ceanglais sin. Cuirfear údaráis formheasa na mBallstát uile ar an eolas faoi na bearta sin.
Airteagal 37 Feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith nach bhfuil i gcomhréir leis an gcineál formheasta
236. Mura bhfuil feithiclí nua, córais nua, comhpháirteanna nua nó aonaid theicniúla ar leith nua lena ngabhann deimhniú comhréireachta nó ar a bhfuil marc formheasa i gcomhréir leis an gcineál a formheasadh, déanfaidh an t-údarás náisiúnta a thug cineálcheadú AE na bearta is gá, lena n-áirítear an cineálcheadú a tharraingt siar, d’fhonn a áirithiú go gcuirtear feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a táirgeadh, ag brath ar an gcás, i gcomhréir leis an gcineál formheasta. Cuirfidh sé údaráis formheasa na mBallstát eile ar an eolas faoi na bearta a rinneadh laistigh de 20 lá oibre.
237. Chun críocha mhír 1, mura gcloítear leis na sonraí i ndeimhniú ar chineálcheadú AE nó sa phacáiste faisnéise, measfar gurb ionann sin agus gan a bheith i gcomhréir leis an gcineál formheasta. Ní mheasfar nach bhfuil feithicil i gcomhréir leis an gcineál formheasta i gcás ina gceadaítear lamháltais leis na gníomhartha rialúcháin ábhartha agus ina n-urramaítear na lamháltais sin.
238. Má léiríonn údarás formheasa náisiúnta i mBallstát eile nach bhfuil feithiclí nua, comhpháirteanna nua nó aonaid theicniúla ar leith nua lena ngabhann deimhniú comhréireachta nó ar a bhfuil marc formheasa i gcomhréir leis an gcineál formheasta, féadfaidh sé iarraidh ar an údarás náisiúnta a thug an cineálcheadú AE fíorú a dhéanamh go bhfuil feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a tháirgtear i gcomhréir i gcónaí leis an gcineál formheasta. Tar éis iarraidh den sórt sin a fháil, déanfaidh an t-údarás náisiúnta a thug an cineálcheadú AE gach beart is gá a luaithe is féidir agus, ar chuma ar bith, laistigh de 60 lá oibre tar éis dháta na hiarrata.
239. Iarrfaidh an t-údarás formheasa ar an údarás náisiúnta a thug an cineálcheadú AE don chóras, don chomhpháirt, don aonad teicniúil ar leith nó don fheithicil neamhiomlán na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirtear feithiclí a tháirgtear i gcomhréir leis an gcineál formheasta sna cásanna seo a leanas:
(a) maidir le cineálcheadú feithicle AE, i gcás inar toradh eisiach í neamhchomhréireacht feithicle ar neamhchomhréireacht córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith;
(b) maidir le cineálcheadú ilchéimneach, i gcás inar toradh eisiach í neamhchomhréireacht feithicle lánchríochnaithe ar neamhchomhréireacht córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith ar cuid den fheithicil neamhiomlán é nó í nó ar neamhchomhréireacht na feithicle neamhiomláine féin.
Tar éis iarraidh den sórt sin a fháil, déanfaidh an t-údarás náisiúnta lena mbaineann na bearta is gá, i gcomhcheangal leis an mBallstát a dhéanann iarraidh más gá, a luaithe is féidir agus, ar chuma ar bith, laistigh de 60 lá oibre tar éis dháta na hiarrata.
I gcás ina suítear neamhchomhréireacht, déanfaidh údarás formheasa an Bhallstáit a thug an cineálcheadú don chóras, don chomhpháirt nó don aonad teicniúil ar leith nó a d’fhormheas an fheithicil neamhiomlán na bearta atá leagtha amach i mír 1.
240. Cuirfidh na húdaráis formheasa na húdaráis eile ar an eolas laistigh de 20 lá oibre faoi aon chineálcheadú AE a tarraingíodh siar agus faoi na cúiseanna a bhí leis an tarraingt siar sin.
241. Mura n-aontaíonn an t-údarás náisiúnta a thug cineálcheadú AE leis an neamhchomhréireacht ar tugadh fógra dó faoi, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann iarracht teacht ar réiteach. Coimeádfar an Coimisiún ar an eolas agus, nuair is gá, reáchtálfaidh sé comhairliúcháin chuí d’fhonn teacht ar réiteach.
Airteagal 38 Páirteanna agus trealamh atá ina mórábhar riosca d’fheidhmiú ceart córas fíor-riachtanach
242. Mura bhfuil siad údaraithe ag údarás formheasa i gcomhréir le mír 4 agus le hAirteagal 39, mír 1 agus mír 2, beidh toirmeasc ar pháirteanna nó ar threalamh a dhíol, a thairiscint lena ndíol nó a chur i seirbhís nuair a d’fhéadfadh na páirteanna nó an trealamh sin a bheith ina mórábhar baoil d’fheidhmiú ceart córas atá fíor-riachtanach le haghaidh shábháilteacht na feithicle nó le haghaidh fheidhmíocht chomhshaoil na feithicle.
Bunóidh an Coimisiún liosta de na páirteanna agus den trealamh sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57, agus cuirfear san áireamh aon fhaisnéis atá ar fáil faoi na hábhair seo a leanas:
(a) a mhó atá an riosca do shábháilteacht nó d’fheidhmíocht chomhshaoil na bhfeithiclí arna bhfeistiú leis na páirteanna nó leis an trealamh atá á mbreithniú;
(b) an tionchar ar thomhaltóirí agus ar mhonaróirí sa mhargadh iardhíola dá bhforchuirfí ceanglas údaraithe ar pháirteanna agus ar threalamh faoin Airteagal seo.
243. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le páirteanna bunaidh nó le trealamh bunaidh nó maidir le páirteanna nó le trealamh a cineálcheadaíodh i gcomhréir leis na forálacha i gceann de na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I, ach amháin má bhaineann an formheas le gnéithe seachas na gnéithe atá cumhdaithe faoi mhír 1.
244. Tarmligfear cumhachtaí chun an Choimisiúin chun gníomh tarmligthe a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 57, agus sonrófar sa ghníomh tarmligthe sin na páirteanna agus an trealamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír nuair a chuirtear ar an margadh iad.
245. Féadfar an liosta dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 a nuashonrú agus, a mhéid is gá, féadfar na nithe seo a leanas a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57: samhail agus córas uimhrithe an deimhnithe dá dtagraítear i mír 4, mar aon le gnéithe a bhaineann leis an nós imeachta, na ceanglais ar gá a leithéid de pháirteanna a chomhlíonadh, an mharcáil, an pacáistiú agus na tástálacha iomchuí.
246. Féadfaidh na ceanglais sin a bheith bunaithe ar na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I nó féadfaidh siad bheith ina gcomparáid idir an pháirt nó an trealamh agus feidhmíocht na feithicle bunaidh, nó idir an pháirt nó an trealamh agus páirt ar bith eile den fheithicil, de réir mar is cuí. I gcásanna den sórt sin, ní mór do na ceanglais a áirithiú nach ndéanann na páirteanna nó an trealamh dochar d’fheidhmiú na gcóras sin atá fíor-riachtanach le haghaidh shábháilteacht na feithicle nó le haghaidh fheidhmíocht chomhshaoil na feithicle.
Airteagal 39 Páirteanna agus trealamh atá ina mórábhar riosca d’fheidhmiú ceart córas fíor-riachtanach – ceanglais ghaolmhara
247. Chun críocha na chéad fhomhíre de mhír 1 d'Airteagal 38, cuirfidh monaróir na bpáirteanna nó an trealaimh tuarascáil ar thástálacha, arna dréachtú ag seirbhís theicniúil a ceapadh chuige sin, chuig an údarás formheasa, lena ndeimhnítear go gcomhlíonann na páirteanna nó an trealamh a bhfuiltear ag iarraidh údarú lena n-aghaidh na ceanglais dá dtagraítear i mír 3. Ní féidir leis an monaróir ach iarratas amháin in aghaidh an chineáil agus in aghaidh na páirte a chur isteach chuig údarás formheasa amháin.
Cuirfear san áireamh san iarratas sonraí a bhaineann le monaróir na bpáirteanna nó an trealaimh, an cineál páirte nó trealaimh, uimhreacha aitheantais agus uimhreacha pháirteanna na bpáirteanna nó an trealaimh a bhfuiltear ag iarraidh údarú lena n-aghaidh, mar aon le hainm mhonaróir na feithicle, an cineál feithicle agus, más iomchuí, an bhliain inar tógadh í nó aon fhaisnéis eile a shainaithníonn an fheithicil ina mbeartaítear na páirteanna nó an trealamh sin a fheistiú.
Nuair a bheidh an t-údarás formheasa sásta, tar éis dó an tuarascáil ar thástálacha agus fianaise eile a chur san áireamh, go gcomhlíonann na páirteanna nó an trealamh atá i gceist na ceanglais dá dtagraítear i mír 3, eiseoidh sé deimhniú don mhonaróir gan mhoill. Údaróidh an deimhniú gur féidir na páirteanna nó an trealamh a dhíol, a thairiscint lena ndíol nó a fheistiú i bhfeithiclí sa Chomhphobal faoi réir an dara fomhír de mhír 2.
248. Cuirfidh an monaróir an t-údarás formheasa a d’eisigh an deimhniú ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar na coinníollacha faoinar seachadadh é. Cinnfidh an t-údarás formheasa sin cibé acu is gá an deimhniú a athbhreithniú nó a atheisiúint nó nach gá, agus cibé acu is gá tuilleadh tástálacha a dhéanamh nó nach gá.
Beidh an monaróir freagrach as a áirithiú go dtáirgtear agus go dtáirgfear na páirteanna agus an trealamh faoi na coinníollacha faoinar eisíodh an deimhniú.
249. Roimh dó aon údarú a thabhairt, fíoróidh an t-údarás formheasa go bhfuil socruithe agus nósanna imeachta sásúla i bhfeidhm a chinntíonn rialú éifeachtach ar an gcomhréireacht táirgeachta.
Má mheasann an t-údarás formheasa nach bhfuil na coinníollacha faoinar eisíodh an deimhniú á gcomhlíonadh a thuilleadh, iarrfaidh sé ar an monaróir na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirtear na páirteanna nó an trealamh i gcomhréir leo. Más gá, déanfaidh sé an t-údarú a tharraingt siar.
250. Cuirfidh údaráis formheasa ó Bhallstáit éagsúla an Coimisiún ar an eolas faoi aon easaontú maidir leis na deimhnithe dá dtagraítear i mír 4. Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá d’fhonn an t-easaontú a réiteach, lena n-áirítear, nuair is gá, an t-údarú a tharraingt siar, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis formheasa.
251. Go dtí go mbunófar an liosta dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, is féidir leis na Ballstáit cloí lena gcuid forálacha náisiúnta a dhéileálann le páirteanna agus le trealamh a d’fhéadfadh cur isteach ar fheidhmiú ceart córas atá fíor-riachtanach le haghaidh shábháilteacht na feithicle nó le haghaidh fheidhmíocht chomhshaoil na feithicle.
Airteagal 40 Athghairm ar fheithiclí
252. I gcás ina bhfuil ar mhonaróir ar tugadh cineálcheadú feithicle iomláine AE dó cheana, i gcomhréir le Rialachán (CE) 765/2008[37], athghairm a dhéanamh ar fheithiclí a díoladh, a cláraíodh nó a cuireadh i seirbhís cheana toisc
253. gur mórábhar riosca do shábháilteacht ar bhóithre, do shábháilteacht ag an obair, don tsláinte phoiblí nó do chosaint an chomhshaoil é córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith arna fheistiú san fheithicil, bíodh sé formheasta go cuí i gcomhréir leis an Rialachán seo nó ná bíodh,
254. nó páirt nach bhfuil faoi réir aon cheanglas faoi leith faoi reachtaíocht chineálcheadaithe, cuirfidh an monaróir sin an t-údarás formheasa a thug an cineálcheadú feithicle ar an eolas faoi.
255. Molfaidh an monaróir leigheasanna iomchuí don údarás formheasa chun an riosca dá dtagraítear i mír 1 a réiteach. Cuirfidh an t-údarás formheasa na bearta a beartaíodh in iúl gan mhoill d’údaráis formheasa na mBallstát eile.
Áiritheoidh na húdaráis formheasa go ndéantar na bearta a chur chun feidhme go héifeachtach ina gcríocha féin.
256. Má mheasann an t-údarás formheasa lena mbaineann nach leor na bearta nó nár cuireadh chun feidhme iad tapa go leor, cuirfidh sé an t-údarás formheasa a thug an cineálcheadú feithicle AE ar an eolas faoi gan mhoill.
Ina dhiaidh sin, cuirfidh an t-údarás formheasa a thug an cineálcheadú feithicle AE an monaróir ar an eolas faoi. Mura molann an monaróir bearta ceartaitheacha éifeachtacha agus mura gcuireann sé chun feidhme iad, déanfaidh an t-údarás formheasa a thug an cineálcheadú AE gach beart cosanta is gá, lena n-áirítear an cineálcheadú feithicle AE a tharraingt siar. I gcás ina dtarraingítear siar an cineálcheadú feithicle AE, tabharfaidh an t-údarás formheasa fógra don mhonaróir, d’údaráis formheasa na mBallstát eile agus don Choimisiún i litir chláraithe nó trí mhodhanna leictreonacha eile atá coibhéiseach léi laistigh de 20 lá oibre.
Airteagal 41 Fógra faoi chinntí agus faoi bhearta ceartaitheacha
Gach cinneadh a dhéantar de bhun fhorálacha an Rialacháin seo agus gach cinneadh chun cineálcheadú AE a dhiúltú nó a tharraingt siar nó chun clárú a dhiúltú nó díol a chosc, cuirfear síos go mionchruinn iontu na cúiseanna atá leo. Tabharfar fógra faoi chinneadh den sórt sin don pháirtí lena mbaineann agus cuirfear an páirtí sin ar an eolas, ag an am céanna, faoi na leigheasanna atá ar fáil dó faoi na dlíthe atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann agus faoi na teorainneacha ama leis na leigheasanna sin a fheidhmiú.
CAIBIDIL XIV RIALACHÁIN IDIRNÁISIÚNTA
Airteagal 42 Rialacháin UNECE atá riachtanach le haghaidh cineálcheadú AE
257. Rialacháin UNECE ar aontaigh an tAontas dóibh cheana agus atá liostaithe in Iarscríbhinn I, beidh siad mar chuid de chineálcheadú feithicle AE sa bhealach céanna is atá na gníomhartha tarmligthe faoin Rialachán seo. Beidh feidhm acu maidir leis na hearnálacha feithiclí atá liostaithe sna colúin ábhartha sa tábla in Iarscríbhinn I.
258. Nuair a chinnfidh an tAontas Rialachán UNECE a chur i bhfeidhm ar bhonn éigeantach ar mhaithe le cineálcheadú feithicle AE i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Chinneadh 97/836/CE ón gComhairle[38], déanfar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú mar is iomchuí i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 56(2). Sa ghníomh lena leasófar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, sonrófar na dátaí ar a gcuirfear i bhfeidhm an Rialachán UNECE nó a leasuithe ar bhonn éigeantach.
Airteagal 43 Rialacháin UNECE agus cineálcheadú AE ar fheithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga
259. Measfar na Rialacháin UNECE atá liostaithe in Iarscríbhinn I a bheith coibhéiseach leis na gníomhartha tarmligthe a fhreagraíonn dóibh sa mhéid is go bhfuil an raon feidhme céanna acu agus go bhfuil an t-ábhar céanna iontu araon.
260. Glacfaidh údaráis formheasa na mBallstát leis na formheasanna a thugtar i gcomhréir leis na Rialacháin UNECE sin agus, nuair is infheidhme, leis na marcanna formheasa a ghabhann leo, in ionad na bhformheasanna comhfhreagracha agus na marcanna formheasa comhfhreagracha a thugtar i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe a fhreagraíonn dó.
261. I gcás ina gcinneann an Comhphobal go gcuirfidh sé i bhfeidhm, chun críocha mhír 1, Rialachán UNECE nua nó Rialachán UNECE arna leasú, leasófar Iarscríbhinn I mar is cuí, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 56(2).
Airteagal 44 Coibhéis le rialacháin eile
262. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, aitheantas a thabhairt do choibhéis idir na coinníollacha nó na forálacha le haghaidh cineálcheadú AE ar chórais, ar chomhpháirteanna agus ar aonaid theicniúla ar leith a mbunaítear leis an Rialachán seo agus na nósanna imeachta arna mbunú le Rialacháin idirnáisiúnta tríú tíortha, faoi chuimsiú comhaontuithe iltaobhacha nó déthaobhacha idir an Comhphobal agus tríú tíortha.
263. Na tuarascálacha iomlána ar thástálacha a eisítear ar bhonn Chóid chaighdeánaithe ECFE atá liostaithe in Iarscríbhinn I, arna bhformheas i gcomhréir le rialacha ginearálta ECFE, is féidir iad a úsáid mar mhalairt ar na tuarascálacha ar thástálacha arna dtarraingt suas faoin Rialachán seo nó faoi na Rialacháin ar leith.
CAIBIDIL XV FAISNÉIS THEICNIÚIL A SHOLÁTHAR
Airteagal 45 Faisnéis le haghaidh úsáideoirí
264. Ní féidir leis an monaróir aon fhaisnéis theicniúil a sholáthar a bhaineann leis na sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, sna gníomhartha cur chun feidhme a ghabhann leis nó sna gníomhartha tarmligthe atá liostaithe in Iarscríbhinn nach bhfuil i gcomhréir leis na sonraí arna bhformheas ag an údarás formheasa.
265. I gcás ina bhforáiltear amhlaidh i ngníomh cur chun feidhme nó i ngníomh tarmligthe atá liostaithe in Iarscríbhinn I, déanfaidh an monaróir gach faisnéis ábhartha agus gach treoir riachtanach a chuireann síos ar choinníollacha nó ar shrianta speisialta a bhaineann le húsáid feithicle, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith a chur ar fáil d’úsáideoirí.
Soláthrófar an fhaisnéis sin i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina ndíolfar an fheithicil. Soláthrófar í, tar éis don údarás formheasa glacadh léi, i lámhleabhar an úinéara.
Airteagal 46 Faisnéis le haghaidh monaróirí na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith
266. Cuirfidh monaróir na feithicle ar fáil do mhonaróirí na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith na sonraí uile atá riachtanach le haghaidh cineálcheadaithe AE ar chomhpháirteanna nó ar aonaid theicniúla ar leith, nó atá riachtanach chun údarú a fháil faoi Airteagal 38 lena n-áirítear, nuair is infheidhme, léaráidí atá liostaithe sa ghníomh tarmligthe atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
Is féidir le monaróir na feithicle comhaontú ceangailteach a fhorchur ar mhonaróirí na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith rúndacht aon fhaisnéise nach bhfuil san fhearann poiblí, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cearta maoine intleachtúla, a chosaint.
267. Déanfaidh monaróir na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith, ina cháil mar shealbhóir deimhnithe ar chineálcheadú AE lena n-áirítear, i gcomhréir le hAirteagal 17(4), srianta ar úsáid nó coinníollacha speisialta a bhaineann le suiteáil nó an dá rud, an fhaisnéis mhionsonraithe uile ina leith a sholáthar do mhonaróir na feithicle.
Má fhoráiltear amhlaidh i ngníomh tarmligthe atá liostaithe in Iarscríbhinn I, soláthróidh monaróir na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith, in éineacht leis na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leith a tháirgtear, treoracha a bhaineann le srianta ar úsáid nó coinníollacha speisialta maidir le suiteáil nó an dá rud.
CAIBIDIL XVI Rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí
Airteagal 47 Oibleagáidí na monaróirí
268. Soláthróidh monaróirí rochtain neamhshrianta agus chaighdeánaithe ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar bhealach sorochtana agus pras d’oibreoirí neamhspleácha trí shuíomhanna gréasáin. Go sonrach, ba cheart an rochtain sin a thabhairt ar dhóigh neamh-idirdhealaitheach i gcomparáid leis an soláthar nó leis an rochtain a thugtar do dheisitheoirí údaraithe agus do dhéileálaithe údaraithe.
Áirítear leis an bhfaisnéis sin faisnéis atá riachtanach chun páirteanna nó trealamh a fheistiú ar fheithiclí.
269. Cuirfidh na monaróirí ábhar oiliúna ar fáil d'oibreoirí neamhspleácha agus do dhéileálaithe údaraithe agus do dheisitheoirí údaraithe.
270. Áireofar an méid seo a leanas, ar a laghad, leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1:
(a) uimhir aitheantais aonchiallach na feithicle;
(b) lámhleabhair seirbhíse lena n-áirítear taifid deisithe agus chothabhála;
(c) lámhleabhair theicniúla;
(d) faisnéis faoi chomhpháirteanna agus faoi dhiagnóis (amhail íosluachanna agus uasluachanna teoiriciúla na dtomhas);
(e) léaráidí den sreangú;
(f) cóid dhiagnóiseacha ainghléis, lena n-áirítear cóid shonracha an mhonaróra;
(g) uimhir aitheantais chalabrúcháin na mbogearraí is infheidhme maidir le cineál feithicle;
(h) faisnéis arna soláthar a bhaineann le huirlisí dílsithe agus le trealamh dílsithe agus a chuirtear ar fáil tríothu;
(i) faisnéis faoi thaifead sonraí agus sonraí na monatóireachta déthreo agus na tástála;
(j) aonaid oibre.
271. Déileálaithe údaraithe nó deisitheoirí údaraithe a bhaineann le córas dáileacháin monaróra áirithe feithiclí, measfar gur oibreoirí neamhspleácha iad chun críocha an Rialacháin seo a mhéid a sholáthraíonn siad seirbhísí deisithe nó cothabhála le haghaidh feithiclí nuair nach bhfuil ballraíocht acu i gcóras dáileacháin an mhonaróra feithiclí sin.
272. Beidh faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil i gcónaí, ach amháin nuair atá gá léi chun cothabháil a dhéanamh ar an gcóras faisnéise.
273. Ar mhaithe le páirteanna athsholáthair nó páirteanna seirbhíse atá comhoiriúnach le OBD agus uirlisí diagnóiseacha agus trealamh tástála a mhonarú agus a sheirbhísiú, cuirfidh na monaróirí an fhaisnéis ábhartha OBD agus an fhaisnéis ábhartha faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do gach monaróir nó deisitheoir leasmhar de chomhpháirteanna, d'uirlisí diagnóiseacha nó de threalamh tástála.
274. Ar mhaithe le trealamh feithicleach le haghaidh tarracóirí breosla ionadúil a dhearadh agus a mhonarú, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis ábhartha OBD agus an fhaisnéis ábhartha faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do gach monaróir leasmhar, suiteálaí leasmhar nó deisitheoir leasmhar trealaimh le haghaidh feithiclí breosla ionadúil.
275. Agus iarratas ar chineálcheadú AE nó ar chineálcheadú náisiúnta á dhéanamh aige, cuirfidh an monaróir cruthúnas ar fáil don údarás formheasa go gcomhlíonann sé an Rialachán seo maidir leis an bhfaisnéis is gá san Airteagal seo.
Mura mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil nó mura mbeidh an Rialachán seo agus na bearta cur chun feidhme a ghabhann leis á gcomhlíonadh fós aici an tráth sin, cuirfidh an monaróir ar fáil í laistigh de shé mhí ó dháta an chineálcheadaithe.
276. Mura ndéanfar an cruthúnas sin ar chomhlíonadh a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an t-údarás formheasa bearta iomchuí chun an comhlíonadh a áirithiú.
277. Cuirfidh an monaróir leasuithe agus forlíontaí ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil ar a shuíomh gréasáin an tráth céanna a chuirfear ar fáil do dheisitheoirí údaraithe iad.
278. I gcás ina gcoinnítear taifid dheisithe agus chothabhála feithicle i mbunachar sonraí lárnach mhonaróir na feithicle nó thar a cheann, beidh rochtain saor in aisce ag deisitheoirí neamhspleácha ar na taifid sin agus beidh siad in ann faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil a rinne siad a iontráil ann.
279. Tarmligfear chun an Choimisiúin cumhachtaí chun gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 57, gníomh lena leagtar síos na ceanglais mhionsonraithe maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, go háirithe sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leis an gcaoi a soláthrófar faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí.
Airteagal 48 Oibleagáidí a roinnt maidir le mórán sealbhóirí cineálcheadaithe
Maidir le cineálcheadú céim ar chéim, lena n-áirítear cineálcheadú ilchéimneach, beidh an monaróir atá freagrach as an gcineálcheadú ar leithligh freagrach as an monaróir deiridh agus na hoibreoirí neamhspleácha a chur ar an eolas faoi fhaisnéis faoi dheisiú a bhaineann leis an gcóras áirithe sin, leis an gcomhpháirt áirithe sin, leis an aonad teicniúil ar leith áirithe sin nó leis an gcéim áirithe sin.
Beidh an monaróir deiridh freagrach as faisnéis faoin bhfeithicil iomlán a chur in iúl do na hoibreoirí neamhspleácha.
Airteagal 49 Táillí ar rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí
280. Féadfaidh monaróirí táillí réasúnta comhréireacha a ghearradh ar rochtain ar an bhfaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
281. Ní mheasfar táille a bheith réasúnta ná comhréireach má dhéanann sí rochtain a dhíspreagadh toisc nach gcuirtear san áireamh léi an méid a úsáideann an t-oibreoir neamhspleách an fhaisnéis. Cuirfidh monaróirí faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil ar bhonn laethúil, míosúil agus bliantúil, agus athrófar na táillí ar rochtain ar an bhfaisnéis sin de réir na dtréimhsí faoi seach a ndeonófar rochtain ina leith.
Airteagal 50 Pionóis
282. Leagfaidh na Ballstáit síos na forálacha maidir le pionóis atá infheidhme i gcás shárú fhorálacha an Rialacháin seo ag monaróirí agus déanfaidh siad na bearta uile is gá d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoi [ 6 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo ] agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear do na forálacha sin.
283. Ar na cineálacha sáruithe a bheidh faoi réir pionóis, beidh:
(a) dearbhuithe bréagacha a dhéanamh le linn na nósanna imeachta formheasa nó le linn nósanna imeachta as a dtagann athghairm;
(b) falsú a dhéanamh ar thorthaí tástála le haghaidh cineálcheadaithe nó le haghaidh comhréireachta inseirbhíse;
(c) sonraí nó sonraíochtaí teicniúla a d'fhéadfadh bheith ina gcúis le hthghairm nó le tarraingt siar cineálcheadaithe a choinneáil siar;
(d) feistí sáraithe a úsáid;
(e) diúltú rochtain ar fhaisnéis a chur ar fáil.
CAIBIDIL XVII SEIRBHÍSÍ TEICNIÚLA A AINMNIÚ AGUS A FHÓGAIRT
Airteagal 51 Seirbhísí teicniúla a ainmniú
284. Chun críocha an Airteagail seo, comhlíonfaidh seirbhísí teicniúla arna n-ainmniú ag údaráis náisiúnta forálacha an Rialacháin seo.
285. Is iad na seirbhísí teicniúla iad féin a dhéanfaidh na tástálacha nó a dhéanfaidh maoirseacht ar na tástálacha is gá le haghaidh formheasa nó le haghaidh cigireachtaí mar atá leagtha amach sa Rialachán seo nó i gceann de na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I, ach amháin má cheadaítear a mhalairt de nósanna imeachta. Ní féidir leis na seirbhísí teicniúla tástálacha nó cigireachtaí a dhéanamh nár ainmníodh iad lena n-aghaidh.
286. Rangófar na seirbhísí teicniúla faoi cheann amháin nó níos mó de na cúig chatagóir gníomhaíochtaí seo a leanas, ag brath ar a réimse inniúlachta:
(a) earnáil A, seirbhísí teicniúla a dhéanann na tástálacha dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sna gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I ina saoráidí féin;
(b) earnáil B, seirbhísí teicniúla a dhéanann maoirseacht i saoráidí an mhonaróra nó i saoráidí de chuid tríú páirtí ar na tástálacha dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sna gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I;
(c) earnáil C, seirbhísí teicniúla a dhéanann measúnú agus monatóireacht ar bhonn rialta ar nósanna imeachta an mhonaróra maidir le comhréireacht táirgeachta a rialú;
(d) earnáil D, seirbhísí teicniúla a dhéanann tástálacha nó cigireachtaí nó a dhéanann maoirseacht ar thástálacha nó ar chigireachtaí fhaoi chuimsiú fhaireachais ar an gcomhréireacht táirgeachta;
(e) earnáil E, seirbhísí teicniúla atá i bhfeighil formheasanna aonair.
287. Léireoidh na seirbhísí teicniúla scileanna cuí, eolas teicniúil sonrach agus taithí chruthaithe i réimsí sonracha atá cumhdaithe leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I. Cloífidh na seirbhísí teicniúla leis na caighdeáin a bhunaítear leis an ngníomh tarmligthe, caighdeáin atá ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanann siad. Mar sin féin, níl comhlíontacht den sórt sin de dhíth chun críocha na céime deireanaí i nós imeachta cineálcheadaithe ilchéimnigh mar a thagraítear di in Airteagal 32(1).
288. Is féidir údarás formheasa a ainmniú mar sheirbhís theicniúil le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3.
289. Ní féidir monaróir nó páirtí ar fochonradh atá ag gníomhú thar ceann monaróra a ainmniú mar sheirbhís theicniúil ach amháin le haghaidh gníomhaíochtaí de chuid earnáil A maidir leis na ceanglais theicniúla a bhfuil féintástáil ceadaithe lena n-aghaidh i ngníomh tarmligthe a ghlactar faoin rialachán seo.
290. Cé is moite de na seirbhísí teicniúla sin arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 6, ní féidir fógra a thabhairt do sheirbhísí teicniúla de chuid tríú tír chun críocha Airteagal 53 ach amháin faoi chuimsiú comhaontaithe dhéthaobhaigh idir an tAontas agus an tríú tír atá i gceist.
291. Tarmligfear cumhachtaí chun an Choimisiúin chun gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 57, gníomh lena leagtar síos na caighdeáin nach mór do na seirbhísí teicniúla a chomhlíonadh agus lena leagtar síos an nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí teicniúla d’fhonn a áirithiú go mbaineann na seirbhísí sin na hardchaighdeáin feidhmíochta chéanna amach i ngach Ballstát.
Airteagal 52 Measúnú a dhéanamh ar scileanna na seirbhísí teicniúla
292. Léireofar na scileanna dá dtagraítear in Airteagal 51 trí thuarascáil ar mheasúnú arna bunú ag údarás inniúil. D’fhéadfadh deimhniú creidiúnaithe arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe a bheith san áireamh leis sin.
293. An measúnú ar a bhfuil an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, déanfar é i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos i ngníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 51(8) faoin rialachán seo. Déanfar athbhreithniú ar an tuarascáil ar an measúnú tar éis trí bliana ar a dhéanaí.
294. Má iarrtar amhlaidh, cuirfear an tuarascáil ar an measúnú in iúl don Choimisiún.
295. Léireoidh an t-údarás formheasa atá ag iarraidh bheith ainmnithe mar sheirbhís theicniúil go bhfuil sé ag comhlíonadh na gceanglas trí fhianaise dhoiciméadach a sholáthar. Is féidir measúnú arna dhéanamh ag iniúchóirí atá neamhspleách ar an ngníomhaíocht atá faoi mheasúnú a úsáid mar an fhianaise dhoiciméadach sin. Féadfaidh na hiniúchóirí sin a bheith ag obair san eagraíocht chéanna ar choinníoll nach bhfuil an lucht bainistíochta céanna acu is atá ag na daoine atá i mbun na gníomhaíochta atá faoi mheasúnú.
296. Cloífidh monaróir nó páirtí ar fochonradh atá ag gníomhú thar ceann monaróra, arna ainmniú mar sheirbhís theicniúil, le forálacha ábhartha an Airteagail seo.
Airteagal 53 Nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt
297. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na sonraí seo a leanas maidir le gach seirbhís theicniúil arna hainmniú: ainm, seoladh (lena n-áirítear seoladh leictreonach), na daoine atá freagrach agus an chatagóir gníomhaíochtaí. Tabharfaidh siad fógra dó faoi aon athruithe a dhéantar ar na sonraí sin ina dhiaidh sin. Luafar sa ghníomh fógartha cé na hábhair atá liostaithe in Iarscríbhinn I ar ainmníodh na seirbhísí teicniúla lena n-aghaidh.
298. Ní féidir le seirbhís theicniúil na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 50 a dhéanamh chun críocha cineálcheadaithe le haghaidh an Bhallstáit a d’ainmnigh í ach amháin tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún faoi roimh ré.
299. Is féidir le Ballstáit éagsúla an tseirbhís theicniúil chéanna a ainmniú agus a fhógairt gan spleáchas don chatagóir gníomhaíochtaí a dhéanann sí.
300. I gcás inar gá eagraíocht shonrach nó comhlacht inniúil sonrach nach n-áirítear a gníomhaíocht nó a ghníomhaíocht leis na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 51 a ainmniú agus gníomh atá liostaithe in Iarscríbhinn I á chur i bhfeidhm, tabharfar an fógra sin i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.
301. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta de na húdaráis formheasa agus de na seirbhísí teicniúla agus foilseoidh sé sonraí fúthu.
CAIBIDIL XVIII BEARTA CUR CHUN FEIDHME AGUS TARMLIGEAN
Airteagal 54 Bearta cur chun feidhme
D’fhonn coinníollacha comhionanna a leagan síos chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 55, gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na bearta cur chun feidhme seo a leanas:
302. mionsonraí na socruithe maidir le nósanna imeachta cineálcheadaithe i gcomhréir le hAirteagal 10(6) den Rialachán seo;
303. teimpléid le haghaidh an fhillteáin faisnéise agus le haghaidh an doiciméid faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 12(1) den Rialachán seo;
304. córas uimhrithe le haghaidh deimhnithe ar chineálcheadú AE i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo;
305. teimpléad le haghaidh deimhnithe ar chineálcheadú i gcomhréir le hAirteagal 15(5) den Rialachán seo;
306. teimpléad le haghaidh an liosta de na cineálcheaduithe AE ar chórais, ar chomhpháirteanna nó ar aonaid theicniúil ar leith i gcomhréir le hAirteagal 16(5) den Rialachán seo;
307. teimpléad den liosta de cheanglais infheidhme nó de ghníomhartha rialúcháin i gcomhréir le hAirteagal 16(6) den Rialachán seo;
308. mionsonraí na socruithe maidir le comhréireacht táirgeachta i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo;
309. teimpléad de dheimhniú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo;
310. samhail de mharc cineálcheadaithe AE i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán seo.
Airteagal 55 An Coiste
311. Ba an coiste dá ngairtear “An Coiste Teicniúil – Feithiclí Talmhaíochta” (TC-AV) ina chúnamh ag an gCoimisiún.
312. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.
313. Glacfaidh an Coiste a rialacha nós imeachta.
Airteagal 56 Na hIarscríbhinní a leasú
314. Trí ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 57, 58 agus 59, féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a ghlacadh.
315. Nuair a ghlacfar Rialacháin nua UNECE nó leasuithe ar Rialacháin UNECE atá ann cheana agus ar aontaigh an tAontas dóibh cheana, agus Cinneadh 97/836/CE á chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 57, 58 agus 59, Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú dá réir sin.
Airteagal 57 An tarmligean a fheidhmiú
316. Déanfar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 7 (4), 8 (4), 9 (5), 18 (7), 38 (1), (2) agus (3), 47 (10), 51 (8) agus 56 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ama neamhchinntithe.
317. A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin méid sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.
318. Tugtar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 58 agus Airteagal 59.
Airteagal 58 An tarmligean a chúlghairm
319. An tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 7 (4), 8 (4), 9 (5), 18 (7), 38 (1), (2) agus (3), 47 (10), 51 (8) agus 56 , is féidir le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle é a chúlghairm tráth ar bith.
320. Maidir leis an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar nó nach ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, féachfaidh sí chuige fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéanfar an cinneadh deireanach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin.
321. Má chinntear an chúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh láithreach nó ag dáta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní bheidh éifeacht aige ar bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.
Airteagal 59 Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe
322. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de dhá mhí tar éis an dáta a fuair siad an fógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle déanfar an tréimhse sin a shíneadh ar feadh mí amháin.
323. Más rud é, ar dhul in éag don tréimhse sin, nach bhfuil agóid déanta i gcoinne an ghnímh tharmligthe ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle, nó más rud é, roimh an dáta sin, gur chuir an dá institiúid sin fógra chuig an gCoimisiún á rá go bhfuil cinneadh déanta acu gan agóidí a dhéanamh, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ar an dáta atá luaite ina fhorálacha.
324. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe a glacadh, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna atá aici agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.
CAIBIDIL XIX FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 60 Forálacha eatramhacha
325. Ní neamhbhaileoidh an Rialachán seo aon chineálcheadú CE a tugadh d’fheithiclí nó do chórais, do chomhpháirteanna nó d’aonaid theicniúla ar leith roimh an dáta atá leagtha síos in Airteagal 64(2).
326. Leanfaidh údaráis formheasa de bheith ag síneadh fhormheasanna na bhfeithiclí, na gcóras, na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith sin atá faoi théarmaí Threoir 2003/37/CE agus faoi théarmaí na dtreoracha atá liostaithe in Airteagal 56 (2).
Airteagal 61 Tuarascáil
327. Tráth nach déanaí ná 1 Eanáir 2018, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi chur chun feidhme na nósanna imeachta cineálcheadaithe atá leagtha síos sa Rialachán seo agus, go háirithe, faoi chur chun feidhme an phróisis ilchéimnigh.
328. Ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear faoi mhír 1, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth nach déanaí ná 1 Eanáir 2019.
Airteagal 62 Aisghairm
329. Le héifeacht ó 1 Eanáir 2014, aisghairtear Treoir 2003/37/CE, chomh maith leis na Treoracha seo a leanas: 74/347/CEE, 76/432/CEE, 76/763/CEE, 77/537/CEE, 78/764/CEE, 80/720/CEE, 86/297/CEE, 86/298/CEE, 86/415/CEE, 87/402/CEE, 2000/25/CE, 2009/57/CE, 2009/58/CE, 2009/59/CE, 2009/60/CE, 2009/61/CE, 2009/63/CE, 2009/64/CE, 2009/66/CE, 2009/68/CE; 2009/75/CE, 2009/76/CE, 2009/144/CE.
330. Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad, maidir le Treoir 2003/37/CE, i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.
Airteagal 63 Leasú ar Threoir 2006/42/CE
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce de phointe (e) de mhír 2 d'Airteagal 1 de Threoir 2006/42/CE:
“- tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, cé is moite d'innealra a shuiteáiltear ar na feithiclí sin,”.
Airteagal 64 Teacht i bhfeidhm
331. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
332. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
[...] [.
Iarscríbhinn I - Liosta de cheanglais chun críocha cineálcheadaithe AE ar fheithicilí
Uimh. | Airteagal | Ábhar | Tagairt do dhoiciméad | MV | Earnálacha feithiclí |
Earnáil | Aonaid (le haghaidh gach cineáil) |
T | 150 |
C | 50 |
R | 75 |
S | 50 |
Cuid 2 - Teorainneacha d'fheithiclí ceann sraithe
An t-uaslíon feithiclí de cheann amháin nó níos mó de na cineálacha atá á gcur i seirbhís i ngach Ballstát, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 14, ní sháróidh sé 10 % de líon na bhfeithiclí de gach cineál a cuireadh i seirbhís le linn an dá bhliain roimhe sin sa Bhallstát atá i gceist; ní féidir leis a bheith faoi bhun 20, áfach.
Déanfar feithiclí atá á gcur i seirbhís i gcomhréir leis an nós imeachta sin a shainaithint trí thagairt shonrach ar an deimhniú comhréireachta.
IARSCRÍBHINN III - Tábla comhghaoil
(dá dtagraítear in Airteagal 56)
Treoir 2003/37/CE | An Rialachán seo |
- | Airteagal 1 |
Airteagal 1 | Airteagal 2 |
Airteagal 2 | Airteagal 3 |
Airteagal 3 | Airteagal 10, Airteagal 11 |
Airteagal 4 | Airteagal 12 |
Airteagal 5 | Airteagail 18-21 |
Airteagal 6 | Airteagal 23, Airteagal 24 |
Airteagal 7 | Airteagail 31-33 |
Airteagal 8 (1) Airteagal 8 (2) | Airteagal 25 (1) Airteagail 27, 28, 32 |
Airteagal 9 | Airteagal 27, Airteagal 28 |
Airteagal 10 | Airteagal 32 |
Airteagal 11 | Airteagal 25, Airteagal 26 |
Airteagal 12 | Airteagal 40, Airteagal 41 |
Airteagal 13 | Airteagail 5, 12, 16 |
Airteagal 14 | Airteagal 35 (5) |
Airteagal 15 | Caibidil XII |
Airteagal 16 | Airteagal 35 (2) |
Airteagal 17 | Airteagal 35 (3) |
Airteagal 18 | Airteagal 38 |
Airteagal 19 | Airteagal 48 |
Airteagal 20 | Airteagal 49 |
Airteagal 21 | Airteagal 4 + Caibidil VII |
Airteagal 22 | - |
Airteagal 23 | Airteagal 2 (3) |
Airteagal 24 | Airteagal 56 |
- | Airteagal 57 |
Airteagal 25 | Airteagal 58 |
Airteagal 26 | - |
[1] COIM(2007) 22.
[2] CARS 21, Córas Rialúcháin Iomaíoch Feithicleach don 21ú hAois : ISBN 92-79-00762-9 .
[3] COIM(2001) 370.
[4] COIM(2003) 71.
[5] IO C[…], […], lch. […]
[6] IO L 171, 9.7.2003, lch. 1.
[7] Cf. Treoir 97/68/CE agus Treoir 2006/42/CE.
[8] COIM(2007)22 leagan deireanach.
[9] IO L 346, 17.12.1997, lch. 78.
[10] COIM(2002)278 leagan deireanach, 5.6.2002.
[11] IO L 191, 15.7.1974, lch. 5.
[12] IO L 122, 8.5.1976, lch. 1.
[13] IO L 262, 27.9.1976, lch. 135.
[14] IO L 220, 29.8.1977, lch. 38.
[15] IO L 255, 18.9.1978, lch. 1.
[16] IO L 194, 28.7.1980, lch. 1.
[17] IO L 186, 8.7.1986, lch. 19.
[18] IO L 186, 8.7.1986, lch. 26.
[19] IO L 240, 26.8.1986, lch. 1.
[20] IO L 220, 8.8.1987, lch. 1.
[21] IO L 173, 12.7.2000, lch. 1.
[22] IO L 261, 3.10.2009, lch. 1.
[23] IO L 198, 30.7.2009, lch. 4.
[24] IO L 198, 30.7.2009, lch. 9.
[25] IO L 198, 30.7.2009, lch. 15.
[26] IO L 203, 5.8.2009, lch. 19.
[27] IO L 214, 19.8.2009, lch. 23.
[28] IO L 216, 20.8.2009, lch. 1.
[29] IO L 201, 1.8.2009, lch. 11.
[30] IO L 203, 5.8.2009, lch. 52.
[31] IO L 261, 3.10.2009, lch. 40.
[32] IO L 201, 1.8.2009, lch. 18.
[33] IO L 27, 30.1.2010, lch. 33.
[34] IO L 157, 9.6.2006, lch. 24.
[35] IO L 59, 27.2.1998, lch. 1.
[36] IO L 138, 1.6.1999, lch. 57.
[37] IO L 218 an 13.8.2008, lch. 30.
[38] IO L 346, 17.12.1997, lch. 78.
| Barr |