EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1309

Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006

OJ L 347, 20.12.2013, p. 855–864 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/01/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1309/oj

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

855


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1309/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don tríú mír d'Airteagal 175,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 26 Márta 2010 d'aontaigh an Chomhairle Eorpach le moladh an Choimisiúin straitéis nua don fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ("Straitéis Eoraip 2020" a sheoladh. Ar cheann de thrí thosaíocht straitéis Eoraip 2020 tá fás cuimsitheach a chothú trí dhaoine a chumasú le hardleibhéil fostaíochta, infheistiú i scileanna, bochtaineacht a chomhrac agus margaí saothair a nuachóiriú, córais oiliúna agus cosanta sóisialta ionas go dtabharfar cúnamh do dhaoine athruithe a thuar agus a láimhseáil, agus sochaí chomhtháite, chuimsitheach a fhorbairt. Chun an ceann is fearr a fháil ar éifeachtaí díobhálacha an domhandaithe, ní mór go gcruthófar poist ar fud an Aontais agus go mbeadh beartas diongbháilte ann maidir le tacú le fás.

(2)

Bunaíodh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) le Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ar feadh thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Nollaig 2013. Cuireann CED ar chumas an Aontais dlúthpháirtíocht a léiriú d'oibrithe a fágadh iomarcach i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda de bharr an domhandaithe agus na géarchéimeanna domhanda airgeadais agus eacnamaíochta, agus is féidir leis tacú freisin le tairbhithe i margaí saothair beaga nó atá i ndálaí eisceachtúla, go háirithe maidir le comhiarratais a bhfuil fiontair bheaga agus mhéanmhéide (FBManna) páirteach iontu, fiú amháin má tá an líon iomarcaíochtaí níos ísle ná an ghnáth-thairseach chun CED a shlógadh.

(3)

Ina Theachtaireacht an 29 Meitheamh 2011 dar teideal ‘Buiséad d'Eoraip 2020’, aithníonn an Coimisiún ról CED mar chiste solúbtha chun tacaíocht a thabhairt d'oibrithe a chailleann a bpost agus chun cuidiú leo post eile a aimsiú chomh tapa agus is féidir. Ba cheart don Aontas, ar feadh thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, leanúint de bheith ag tabhairt tacaíochta sonraí aonuaire chun go ndéanfaí athimeascadh san fhostaíocht a thabhairt d'oibrithe iomarcacha i limistéir, in earnálacha, i gcríocha nó i margaí saothair atá buailte go dona ag mórshuaitheadh eacnamaíoch. I bhfianaise an chuspóra atá ag CED, arb é sin tacaíocht a thabhairt i gcásanna práinne agus in imthosca gan choinne, ba cheart dó fanacht lasmuigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil.

(4)

Rinneadh raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 a leathnú in 2009 le Rialachán (CE) Uimh. 546/2009 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (4) mar chuid den Phlean don Téarnamh Eacnamaíoch Eorpach chun oibrithe atá iomarcach mar thoradh díreach ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta a chur san áireamh. D'fhonn a chur ar chumas CED idirghabháil a dhéanamh i gcásanna géarchéime atá anois ann nó a bheidh ann amach anseo, ba cheart go gcuimseodh a raon feidhme iomarcaíochtaí a eascraíonn ó mhórshuaitheadh eacnamaíoch, nuair a tharlaíonn sé de dhroim na géarchéime domhanda airgeadais agus eacnamaíochta a dtugtar aghaidh uirthi i Rialachán (CE) Uimh. 546/2009 a bheith fós ar siúl, nó de dhroim géarchéime domhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua.

(5)

Déanann an Lárionad Faireacháin Eorpach um an Athrú, atá bunaithe san Fhoras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) i mBaile Átha Cliath, cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit i ndáil le hanailísí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun cuidiú leis an meastóireacht ar threochtaí domhandaithe agus úsáide CED.

(6)

D'fhonn gné Eorpach CED a chothabháil, ba cheart go spreagfaí iarratas ar thacaíocht nuair a shroicheann líon na n-iomarcaíochtaí íostairseach. Mar sin féin, sna margaí saothair beaga, amhail Ballstáit bheaga nó réigiúin iargúlta, nó in imthosca eisceachtúla, féadfar iarratais a chur isteach i gcás líon níos lú iomarcaíochtaí.

(7)

Maidir le hoibrithe a rinneadh iomarcach agus le daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht, ba cheart go mbeadh rochtain chothrom acu ar CED, ar shlí nach bhfuil spleách ar an gcineál conartha fostaíochta ná ar an gcineál caidrimh fostaíochta a bhí acu. Dá bhrí sin, oibrithe a rinneadh iomarcach mar aon le daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíochtaí, ba cheart iad a mheas mar thairbhithe CED chun críocha an Rialacháin seo.

(8)

Ba cheart do CED cúnamh a sholáthar ar bhonn sealadach do dhaoine óga nach bhfuil i mbun Fostaíochta, Oideachais nó Oiliúna (NEETanna) agus a bhfuil cónaí orthu i réigiúin atá incháilithe faoin Tionscnamh Fostaíochta don Óige, de bhrí go bhfuil tionchar atá míréireach ag móriomarcaíochtaí ar na réigiúin sin.

(9)

Ba cheart go ndíreofaí rannchuidithe airgeadais ó CED go príomha ar bhearta gníomhacha mhargadh an tsaothair atá dírithe ar thairbhithe a athimeascadh go tapa i bhfostaíocht inbhuanaithe, bíodh sé sin laistigh nó lasmuigh den earnáil ina raibh siad ag obair ar dtús. Ba cheart, dá bhrí sin, cuimsiú liúntas airgid i bpacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe a shrianadh. Ba cheart cuideachtaía spreagadh chun cómhaoiniú a sholáthar do bhearta a fhaigheann tacaíocht ó CED.

(10)

Agus an pacáiste comhordaithe de bhearta i mbeartas gníomhach mhargadh an tsaothair á tharraingt suas, ba cheart go dtabharfadh Ballstáit tús áite do bhearta a rannchuideoidh go suntasach le hinfhostaitheacht na dtairbhithe. Ba cheart go bhféachfadh na Ballstáit le dul i dtreo an líon is mó is féidir de thairbhithe atá rannpháirteach sna bearta sin a athimeascadh i bhfostaíocht inbhuanaithe a luaithe agus is féidir laistigh den tréimhse sé mhí roimh an dáta a bhfuil an tuarascáil dheireanach maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta airgeadais le cur isteach.

(11)

Ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar thairbhithe faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daoine dífhostaithe, bídís ina ndaoine óga nó ina ndaoine níos sine, agus daoine atá i mbaol na bochtaineachta, nuair a bhíonn an pacáiste comhordaithe de bhearta i mbeartas gníomhach mhargadh an tsaothair á cheapadh acu, i bhfianaise go mbíonn fadhbanna ar leith ag na grúpaí sin dul isteach an athuair i margadh an tsaothair i ngeall ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta agus ar an domhandú.

(12)

Ba cheart go ndéanfaí prionsabail an chomhionnanais inscne agus an neamh-idirdhealaithe, atá i measc chroíluachanna an Aontais agus atá cumhdaithe i straitéis Eoraip 2020, a urramú agus a chur chun cinn nuair a bhíonn CED á chur chun feidhme.

(13)

D'fhonn tacaíocht éifeachtach agus thapa a thabhairt do thairbhithe, ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit a ndícheall iarratais chomhlánaithe maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a thíolacadh. Ba cheart srian ama a bheith le soláthar faisnéise breise.

(14)

Ar mhaithe leis na tairbhithe agus na comhlachtaí atá freagrach as bearta a chur chun feidhme, ba cheart go ndéanfadh an Ballstát iarrthach na gníomhairí uile atá páirteach sa phróiseas iarratais a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn ar an iarratas.

(15)

D'fhonn prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh, níor cheart do dtiocfadh rannchuidithe airgeadais CED in ionad beart tacaíochta atá ar fáil do thairbhithe i gcistí Aontais nó i mbeartais nó cláir eile de chuid an Aontais, ach ba cheart, i gcás inar féidir, go gcomhlánódh rannchuidithe airgeadais na bearta tacaíochta sin.

(16)

Ba cheart forálacha speisialta a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis na cásanna a chumhdaíonn CED agus le torthaí a ghnóthaítear.

(17)

D'fhonn dlúthpháirtíocht an Aontais i leith oibrithe a rinneadh iomarcach agus i leith daoine a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht a léiriú, ba cheart an ráta cómhaoinithe a leagan síos ag 60 % de chostas an phacáiste agus i leith a cur chun feidhme.

(18)

Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú, ba cheart don chaiteachas a bheith incháilithe ón dáta ar a dtosaíonn Ballstát ag soláthar seirbhísí pearsantaithe nó ón dáta a dtabhaíonn Ballstát caiteachas riaracháin maidir le cur chun feidhme CED.

(19)

Chun na riachtanais a thagann chun cinn a chumhdach, go háirithe i rith na chéad mhíonna den bhliain, sa chás ina bhfuil deacracht ar leith ag baint leis na féidearthachtaí le haghaidh aistrithe ó línte buiséid eile, ba cheart méid leormhaith de leithreasaí íocaíochta a chur ar fáil sa nós imeachta buiséadach bliantúil ar líne bhuiséid CED.

(20)

Is é Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 2 Nollaig 2013 maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais (5) (‘an Comhaontú Idirinstitiúideach’) a chinneann creat buiséadach CED.

(21)

Ar mhaithe leis na tairbhithe, ba cheart cúnamh a chur ar fáil chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir. Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit agus institiúidí an Aontais atá páirteach i bpróiseas cinnteoireachta CED a ndícheall amanna próiseála a laghdú agus nósanna imeachta a shimpliú ionas go ndéanfaí glacadh réidh agus mear na gcinntí maidir le slógadh CED a áirithiú.

(22)

I gcás fiontar atá ag dúnadh síos, féadfar cabhrú le hoibrithe a ndéanann an fiontar sin iomarcach iad cuid de ghníomhaíochtaí an fhiontair, nó iad go léir, a ghlacadh ar lámh agus féadfaidh an Ballstát ina bhfuil an fiontar suite cistí a airleacan atá ag teastáil go práinneach chun go mbeadh an méid sin indéanta.

(23)

Chun grinnscrúdú polaitiúil ag Parlaimint na hEorpa agus faireachán leanúnach ag an gCoimisiún ar na torthaí a bhaintear amach le cúnamh CED a chumasú, ba cheart go gcuirfeadh Ballstáit tuarascáil deiridh isteach maidir le cur chun feidhme CED.

(24)

Ba cheart go leanfadh na Ballstáit de bheith freagrach as cur chun feidhme an rannchuidithe airgeadais agus as bainistiú agus rialú na ngníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh le maoiniú ón Aontas, i gcomhréir le forálacha ábhartha de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an "Rialachán Airgeadais") (6). Ba cheart go dtabharfadh na Ballstáit údar le húsáid an rannchuidithe airgeadais a fhaightear ó CED. I bhfianaise thréimhse ghearr chur chun feidhme oibríochtaí chásanna CED, ba cheart go léireodh oibleagáidí tuairiscithe cineál ar leith na n-idirghabhálacha ó CED. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go ndéanfar maolú ón Rialachán Airgeadais i dtaca le hoibleagáidí tuairiscithe.

(25)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnothú go leordhóthanach agus gur féidir, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóirí

Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) do thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Is é is aidhm do CED rannchuidiú le fás eacnamaíoch cliste, cuimsitheach agus inbhuanaithe agus chun fostaíocht inbhuanaithe san Aontas a chur chun cinn trína chumasú don Aontas dlúthpháirtíocht a léiriú i leith oibrithe a rinneadh iomarcach agus i leith daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe nó i ngeall ar leanúint den ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch a dtugtar aghaidh uirthi i Rialachán (AE) Uimh. 546/2009 nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus tacú leis na hoibrithe sin.

Gníomhaíochtaí a bhainfidh tairbhe as rannchuidithe airgeadais ó CED, beidh sé mar aidhm leo a áirithiú go bhfaighidh an líon is mó is féidir de thairbhithe a bheidh rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin fostaíocht inbhuanaithe a luaithe agus is féidir laistigh den tréimhse sé mhí roimh an dáta a bhfuil an tuarascáil dheireanach dá dtagraítear in Airteagal 18(1) le cur isteach.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiarratais a dhéanfaidh na Ballstáit ar rannchuidithe airgeadais ó CED do ghníomhaíochtaí atá dírithe ar:

(a)

oibrithe a dhéantar iomarcach agus daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht mar thoradh ar mhórathruithe struchtúracha i bpatrúin na trádála domhanda de thoradh domhandú, arna léiriú, go háirithe, le méadú substaintiúil ar allmhairí chuig an Aontas, cor mór i dtrádáil an Aontais in earraí nó seirbhísí, meath tapa ar an sciar den mhargadh atá ag an Aontas in earnáil ar leith nó athshuí gníomhaíochtaí chuig tríú tíortha, ar choinníoll go bhfuil drochthionchar suntasach ag na hiomarcaíochtaí sin ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta;

(b)

oibrithe a rinneadh iomarcach agus daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht mar thoradh ar leanúint den ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta a dtugtar aghaidh uirthi i Rialachán (CE) Uimh. 546/2009, nó mar thoradh ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch nua.

Airteagal 3

Sainmhíniú

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn 'tairbhí':

(a)

oibrí a bhfuil deireadh tagtha roimh am lena fhostaíocht de bharr iomarcaíochta, nó go dtagann deireadh leis an bhfostaíocht i rith na tréimhse tagartha dá dtagraítear in Airteagal 4 agus nach ndéantar an fhostaíocht sin a athnuachan;

(b)

duine féinfhostaithe a raibh líon nach mó ná 10 oibrithe ar fostú aige agus a rinneadh iomarcach de réir raon feidhme an Rialacháin seo, agus a bhfuil deireadh tagtha lena ghníomhaíocht i gcomhréir le hAirteagal 4, ar choinníoll gur féidir a léiriú go raibh an ghníomhaíocht spleách ar an tionscal lena mbaineann i bpointe (a) d'Airteagal 4(1), nó, gurb amhlaidh, i gcomhréir le pointe (b) d'Aiteagal 4(1), go raibh an duine féinfhostaithe ag oibriú san earnáil eacnamaíoch lena mbaineann.

Airteagal 4

Critéir idirghabhála

1.   Déanfar rannchuidiú airgeadais ó CED a sholáthar i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 agus go mbíonn na nithe seo a leanas mar thoradh orthu:

(a)

ar a laghad 500 oibrithe arna ndéanamh iomarcach nó ar a laghad 500 daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh á chur lena ngníomhaíocht thar thréimhse tagartha ceithre mhí i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe a rinneadh iomarcach agus daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht a bhí ag obair do sholáthraithe nó do tháirgeoirí iartheachtacha an fhiontair sin;

(b)

ar a laghad 500 oibrithe arna ndéanamh iomarcach nó ar a laghad 500 daoine a bhfuil deireadh ag teacht lena ngníomhaíocht thar thréimhse tagartha naoi mí, go háirithe in FBManna, agus iad uile ag feidhmiú san earnáil eacnamaíoch chéanna arna sainiú i leibhéal rannáin NACE Athbhreithniú 2 agus iad lonnaithe i réigiún amháin nó in dhá réigiún theorantacha arna sainiú ar leibhéal NUTS 2, nó i níos mó ná dhá réigiún theorantacha arna sainiú ar leibhéal NUTS 2 ar choinníoll gurb ann do níos mó ná 500 oibrithe nó daoine, ar daoine iad atá féinfhostaithe, atá thíos leis in dhá cheann de na réigiúin le chéile.

2.   I gcás margaí saothair beaga nó in imthosca eisceachtúla, go háirithe maidir le comhiarratais a bhfuil FBManna páirteach iontu, agus i gcás ina dtugann an Ballstát iarrthach bunús cuí leis, féadfar a mheas go bhfuil iarratas ar rannchuidiú airgeadais faoin Airteagal seo inghlactha fiú mura ndéantar na critéir a leagtar síos i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 a chomhlíonadh ina n-iomláine, nuair a bhíonn mórthionchar ag na hiomarcaíochtaí ar fhostaíocht agus ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta. Sonróidh an Ballstát is iarratasóir cé na critéir idirghabhála atá leagtha amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 nár comhlíonadh ina n-iomláine. Ní rachaidh méid comhiomlánaithe na rannchuidithe in imthosca eisceachtúla thar 15 % de mhéid uasta bliantúil CED.

Airteagal 5

Iomarcaíochtaí agus deireadh le gníomhaíocht a ríomh

1.   Sonróidh an Ballstát is iarratasóir an modh a úsáidtear chun líon na n-oibrithe agus na ndaoine féinfhostaithe dá dtagraítear in Airteagal 3 a ríomh chun críche Airteagal 4.

2.   Déanfaidh an Ballstát is iarratasóir an líon dá dtagraítear i mír 1 a ríomh amhail ar cheann de na dátaí seo a leanas:

(a)

an dáta ar a dtugann an fostóir, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Threoir 98/59/CE ón gComhairle (7), fógra i scríbhinn don údarás poiblí inniúil maidir leis na hiomarcaíochtaí comhchoiteanna réamh-mheasta; sa chás sin, déanfaidh an Ballstát iarrthach faisnéis bhreise a sholáthar don Choimisiún maidir le líon iarbhír na n-iomarcaíochtaí a tharla i gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán seo, sula gcuirfidh an Coimisiún an measúnú i gcrích;

(b)

dáta fhógra indibhidiúil an fhostóra go bhfuil sé chun an t-oibrí a leagan as nó chun conradh fostaíochta an oibrí a fhoirceannadh;

(c)

dáta foirceanta de facto an chonartha fostaíochta nó dáta éaga an chonartha sin;

(d)

deireadh na tréimhse leis an ngnóthas úsáideora, nó

(e)

i gcás duine féinfhostaithe, an dáta a dtagann deireadh leis na gníomhaíochtaí mar a chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le forálacha riaracháin.

Airteagal 6

Tairbhithe incháilithe

1.   Féadfaidh an Ballstát iarrthach seirbhísí pearsantaithe, arna gcómhaoiniú ag CED, a sholáthar do thairbhithe incháilithe, a bhféadfadh na daoine seo a leanas a bheith ar áireamh leo:

(a)

oibrithe a rinneadh iomarcach agus de na daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 5, laistigh den tréimhse thagartha dá bhforáiltear in Airteagal 4;

(b)

oibrithe a rinneadh iomarcach agus daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 5 roimh an tréimhse thagartha dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1); nó

(c)

oibrithe a rinneadh iomarcach agus daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht, i gcásanna ina maolaíonn iarratas arna dhéanamh faoi Airteagal 4(2) ó na critéir a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 4(1).

Measfar na hoibrithe agus na daoine féinfhostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) a bheith incháilithe, ar choinníoll go ndearnadh iomarcach iad nó gur tháinig deireadh lena ngníomhaíocht tar éis an fhógra ghinearálta maidir leis na hiomarcaíochtaí réamh-mheasta agus ar choinníoll gur féidir nasc cúisíoch soiléir a aithint leis an eachtra a spreag na hiomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha.

2.   De mhaolú ar Airteagal 2 féadfaidh Ballstáit is iarratasóirí, go dtí an 31 Nollaig 2017, seirbhísí pearsantaithe atá cómhaoinithe ag CED a sholáthar suas go líon NEETanna atá faoi bhun 25 bliana d'aois, nó i gcás ina gcinneann na Ballstáit amhlaidh, faoi bhun 30 bliain d'aois, ar dháta tíolactha an iarratais, ar líon é atá comhionann le líon na dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, mar thosaíocht do dhaoine a rinneadh iomarcach nó do dhaoine a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht, ar choinníoll go dtarlaíonn ar a laghad cuid de na hiomarcaíochtaí de réir bhrí Airteagal 3 i réigiúin NUTS 2 atá incháilithe faoin Tionscnamh Fostaíochta don Óige. Féadfar an tacaíocht a thabhairt do NEETanna atá faoi bhun 25 bliana d'aois, nó i gcás ina gcinneann na Ballstáit amhlaidh, faoi bhun 30 bliain d'aois, sna réigiúin leibhéal NUTS 2 sin agus sna réigiúin leibhéal NUTS 2 sin atá incháilithe faoin Tionscnamh Fostaíochta don Óige.

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Féadfar rannchuidiú airgeadais ó CED a dhéanamh le haghaidh beart gníomhach mhargadh an tsaothair atá ina gcuid de phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe, atá ceaptha chun athimeascadh tapa i bhfostaíocht nó i bhféinfhostaíocht a éascú do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu agus, go háirithe, daoine dífhostaithe, bídís faoi mhíbhuntáiste, níos sine nó óg. Féadfaidh na nithe seo a leanas, go háirithe, a bheith sa phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe:

(a)

oiliúint agus athoiliúint shainoiriúnaithe, lena n-áirítear scileanna teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus deimhniú ar an taithí a fuarthas, cúnamh i gcuardach poist, treoir ghairme, seirbhísí comhairleacha, meantóireacht, cúnamh i socrúchán seachtrach, cur chun cinn na fiontraíochta, cúnamh i bhféinfhostaíocht, i mbunú gnó agus i dtáthcheangail ó fhostaí aníos, agus gníomhaíochtaí comhair;

(b)

bearta speisialta a bhfuil teorainn ama leo, amhail liúntais um chuardach poist, dreasachtaí earcaíochta d'fhostóirí, liúntais soghluaisteachta, liúntais chothabhála nó oiliúna (lena n-áirítear liúntais do chúramóirí);

(c)

bearta chun spreagadh a thabhairt, go háirithe, do dhaoine dífhostaithe, bídís faoi mhíbhuntáiste, níos sine nó óg le fanacht i margadh an tsaothair nó le filleadh air.

Ní fhéadfaidh costais na mbeart faoi phointe (b) a bheith os cionn 35 % de na costais iomlána don phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe a liostaítear sa mhír seo.

Ní fhéadfaidh costas na n-infheistíochtaí le haghaidh féinfhostaíochta, túsbhunú gnóthais nuathionscanta agus táthcheangail ó fhostaithe aníos a bheith os cionn EUR 15 000.

I ndearadh an phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe, ba cheart go ndéanfaí ionchais amach anseo an mhargaidh saothair agus na scileanna a éilítear a réamh-mheas. Ba cheart go mbeadh an pacáiste comhordaithe ag luí leis an gcor i dtreo geilleagar atá éifeachtach agus inbhuanaithe ó thaobh acmhainní de.

2.   Ní bheidh na bearta seo a leanas incháilithe le haghaidh rannchuidiú airgeadais ón CED:

(a)

bearta speisialta a bhfuil teorainn ama leo dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus nach bhfuil coinníollach ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cuardach poist nó le hoiliúint;

(b)

gníomhaíochtaí atá de chúram ar fhiontair de bhua an dlí náisiúnta nó de bhua comhaontuithe comhchoiteanna.

Ní bheidh gníomhaíochtaí a thacaítear leo le CED mar ionadú ar bhearta cosanta sóisialta éighníomhacha.

3.   Déanfar an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe a tharraingt suas i gcomhchomhairle leis na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu nó a n-ionadaithe, nó leis na comhpháirtithe sóisialta.

4.   Ar thionscnamh an Bhallstáit iarrthaigh, féadfar rannchuidiú airgeadais ó CED a dhéanamh le haghaidh na ngníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.

Airteagal 8

Iarratais

1.   Déanfaidh an Ballstát is iarratasóir iarratas a thíolacadh chuig an gCoimisiún laistigh de 12 sheachtain ón dáta a gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(1) nó (2).

2.   Laistigh de dhá sheachtain ón dáta a tíolacadh an t-iarratas, nó, i gcás inarb infheidhme, ón dáta a dtiocfaidh aistriúchán ar an iarratas i seilbh an Choimisiúin, cibé acu is déanaí, tabharfaidh an Coimisiún admháil go bhfuarthas an t-iarratas nó an t-aistriúchánagus cuirfidh sé in iúl don Bhallstát má tá aon fhaisnéis bhreise fós ag teastáil uaidh chun an t-iarratas a mheasúnú.

3.   I gcás ina mbíonn faisnéis bhreise den sórt sin ag teastáil ón gCoimisiún, déanfaidh an Ballstát freagairt laistigh de shé seachtaine ó dháta na hiarrata. Déanfaidh an Coimisiún an spriocdháta sin a fhadú dhá sheachtain, ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ón mBallstát i dtrácht.

4.   Ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh an Ballstát, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha chun rannchuidiú airgeadais a chur ar fáil á gcomhlíonadh ag an iarratas a chur i gcrích laistigh de 12 sheachtain ó fháil an iarratais chomhlánaithe nó, i gcás inarb infheidhme, ó fháil an aistriúcháin ar an iarratas sin. I gcás nach mbeidh an Coimisiún in ann, ar bhonn eisceachtúil, an spriocam sin a chomhlíonadh, soláthróidh sé míniú i scríbhinn ina leagtar amach na cúiseanna atá leis an moill.

5.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarratas comhlánaithe:

(a)

anailís réasúnaithe ar an nasc idir na hiomarcaíochtaí nó deireadh na gníomhaíochta agus na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin na trádála domhanda, nó ar an mórshuaitheadh ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a tharla de dhroim an domhandaithe nó de dhroim na géarchéime domhanda airgeadais agus eacnamaíochta a bheith fós ar siúl nó de dhroim géarchéime airgeadais agus eacnamaíochta dhomhanda nua. Beidh an anailís sin bunaithe ar fhaisnéis staitistiúil agus ar fhaisnéis eile ar an leibhéal is iomchuí lena léiriú gur comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4;

(b)

i gcás inar lean an fiontar atá ag dífhostú dá chuid gníomhaíochtaí tar éis na n-asleaganacha, an deimhniú go bhfuil a chuid oibleagáidí dlíthiúla lena rialaítear na hiomarcaíochtaí comhlíonta aige agus go bhfuil foráil déanta dá chuid oibrithe aige dá réir;

(c)

measúnú ar líon na n-iomarcaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 5, agus míniú ar na teagmhais as ar tháinig na hiomarcaíochtaí sin;

(d)

sainaithint, i gcás inarb iomchuí, na bhfiontar a rinne an dífhostú, na soláthraithe nó na dtáirgeoirí iartheachtacha, na n-earnálacha agus na gcatagóirí tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu agus miondealú déanta de réir gnéis agus aoisghrúpa;

(e)

an tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí i dtaca leis an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta agus i dtaca le fostaíocht;

(f)

tuairisc ar an bpacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe agus ar chaiteachas gaolmhar, lena n-áirítear, go háirithe, aon bhearta mar thaca le tionscnaimh fostaíochta do thairbhithe, bídís faoi mhíbhuntáiste, níos sine nó óg;

(g)

míniú maidir le conas a chomhlánaíonn an pacáiste beart gníomhaíochtaí arna maoiniú ag cistí náisiúnta eile nó ag cistí eile an Aontais mar aon le faisnéis maidir le gníomhaíochtaí atá éigeantach d'fhiontair lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna;

(h)

an buiséad measta do gach ceann de chomhpháirteanna an phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe a bheidh ina dtaca ag na tairbhithe a ndírítear orthu agus d'aon ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;

(i)

na dátaí ar ar cuireadh tús leis na seirbhísí pearsantaithe do na tairbhithe a ndírítear orthu agus leis na gníomhaíochtaí chun CED a chur chun feidhme, mar a leagtar amach in Airteagal 7(1) agus (4) faoi seach, nó na dátaí ar a cuireadh tús leo nó a bhfuiltear in ainm agus tús a chur leo;

(j)

na nósanna imeachta a leanadh chun comhairliúchán a dhéanamh leis na tairbhithe a ndírítear orthu nó lena n-ionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta chomh maith le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha nó le heagraíochtaí ábhartha eile de réir mar is infheidhme;

(k)

ráiteas comhlíontachta maidir leis an tacaíocht arna hiarraidh ó CED, i leith rialacha nós imeachta agus ábhair an Aontais maidir le Státchabhair chomh maith le ráiteas ina dtabharfar sracléiriú ar an gcúis nach dtagann na seirbhísí pearsantaithe in ionad beart atá mar chúram ar na cuideachtaí de bhua an dlí náisiúnta nó de bhua comhaontuithe comhchoiteanna;

(l)

foinsí réamh-mhaoinithe nó cómhaoinithe náisiúnta agus cómhaoiniú eile más infheidhme;

Airteagal 9

Comhlántacht, comhlíonadh agus comhordú

1.   Ní chuirfear ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna.

2.   Comhlánóidh tacaíocht do na tairbhithe a ndírítear orthu gníomhaíochtaí na mBallstát, ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla lena n-áirítear iad siúd a chómhaoiníonn cistí Aontais.

3.   Beidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED teoranta don mhéid is gá le dlúthpháirtíocht agus tacaíocht shealadach, aonuaire a chur ar fáil do na tairbhithe a ndírítear orthu. Comhlíonfaidh na gníomhaíochtaí arna dtacú ag CED dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear na rialacha maidir le Státchabhair.

4.   I gcomhréir lena bhfreagrachtaí féin, áiritheoidh an Coimisiún agus an Ballstát iarrthach comhordú an chúnaimh ó chistí an Aontais.

5.   Maidir leis na gníomhaíochtaí sonracha atá ag fáil ranníocaíocht airgeadais ó CED, áiritheoidh an Ballstát iarrthach nach bhfaighidh siad cúnamh ó ionstraimí airgeadais eile an Aontais freisin.

Airteagal 10

Comhionannas idir fir agus mná agus neamh-idirdhealú

Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú ghné na hinscne gur bunchuid iad de chur chun feidhme na ranníocaíochta airgeadais agus go gcuirfear chun cinn iad le linn na gcéimeanna éagsúla den ranníocaíocht airgeadais ó CED. Glacfaidh an Coimisiún agus an Ballstát céimeanna iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar chine nó ar bhunadh eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc maidir le rochtain ar CED agus le linn na gcéimeanna éagsúla de chur chun feidhme na ranníocaíochta.

Airteagal 11

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar uasmhéid 0,5 % d'uasmhéid bliantúil CED a úsáid i dtaca le maoiniú a dhéanamh ar ullmhú, ar fhaireachán, ar bhailiú sonraí agus ar bhunú bhonn eolais a bhaineann le cur chun feidhme CED. Féadfar é a úsáid freisin chun maoiniú a dhéanamh ar chúnamh teicniúil agus riaracháin, ar ghníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, mar aon le gníomhaíochtaí iniúchta, rialaithe agus measúnaithe is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

2.   Faoi réir na huasteorann a leagtar amach in mír 1, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle méid ar fáil le haghaidh cúnaimh theicniúil ag tús gach bliana ar bhonn togra ón gCoimisiún.

3.   Comhlíonfar na cúraimí a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, mar aon leis na rialacha cur chun feidhme is infheidhme chun an buiséad a chur i gcrích sa chaoi sin.

4.   Áireofar ar chúnamh teicniúil an Choimisiúin faisnéis agus treoir a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le húsáid CED, agus maidir le faireachán agus le meastóireacht a dhéanamh air. Ba cheart don Choimisiún faisnéis mar aon le treoir fhollasach a chur ar fáil freisin do na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus Eorpacha maidir le CED a úsáid.

Airteagal 12

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Cuirfidh an Ballstát iarrthach faisnéis ar fáil maidir le gníomhaíochtaí cistithe agus foilseoidh sé iad. Cuirfear faisnéis den sórt sin in iúl do na tairbhithe ar a ndíreofar, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, do chomhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal i gcoitinne. Cuirfear béim ar ról an Aontais inti agus áiritheofar gur féidir an ranníocaíocht ó CED a fheiceáil.

2.   Déanfaidh an Coimisiún láithreán idirlín a chothabháil agus a nuashonrú go rialta, a bheidh inrochtana sna teangacha oifigiúla uile de chuid an Aontais, chun faisnéis nuashonraithe a chur ar fáil maidir le CED, mar aon le treoir maidir le hiarratais a chur isteach, chomh maith le faisnéis maidir le hiarratais ar glacadh leo agus a diúltaíodh, agus ar ról Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa nós imeachta buiséadach.

3.   Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feidhme maidir le cásanna agus torthaí CED bunaithe ar a thaithí agus é mar aidhm aige feabhas a chur ar éifeachtacht CED agus a áirithiú go bhfuil a fhios ag saoránaigh agus ag oibrithe an Aontais mar gheall ar CED. Tuairisceoidh an Coimisiún ar úsáid CED gach dhá bhliain ar bhonn tíre agus earnála.

4.   Na hacmhainní a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo, rannchuideoidh siad le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, ar chuntar go mbaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

Airteagal 13

Ranníocaíocht a chinneadh

1.   Ar bhonn an mheasúnaithe arna chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 8, ag cur san áireamh go háirithe an líon tairbhithe a ndírítear orthu, na gníomhaíochtaí beartaithe agus na costais mheasta, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus moladh a luaithe is féidir ar mhéid na ranníocaíochta airgeadais ó CED, más ann di, a fhéadfar a íoc laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil. Ní fhéadfaidh an méid dul thar 60 % de na costais iomlána mheasta dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 8(5).

2.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn measúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht faoin Rialachán seo, cuirfidh sé tús láithreach an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 15.

3.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn measúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8, nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais faoin Rialachán seo, cuirfidh sé sin in iúl don Bhallstát is iarratasóir láithreach.

Airteagal 14

Incháilitheacht caiteachais

1.   Beidh caiteachas incháilithe do ranníocaíocht ó na dátaí atá leagtha amach san iarratas de bhun phointe (f)Airteagal 8(5) ar a dtosaíonn an Ballstát lena mbaineann, nó ar a bhfuil an Ballstát lena mbaineann beartaithe le tosú ag soláthar na seirbhísí pearsantaithe do na tairbhithe a ndírítear orthu nó an caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 7(1) agus (4) faoi seach.

2.   I gcás deontas, beidh feidhm ag Airteagal 67 agus ag Airteagal 68 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus le hAirteagal 14 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus aon ghníomhartha tarmligthe comhlántacha arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun na Rialachán sin, dá réir sin.

Airteagal 15

An nós imeachta buiséadach

1.   Cloífear sna socruithe do CED le pointe 13 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

2.   Iontrálfar mar fhoráil na leithreasaí a bhaineann le CED i mbuiséad ginearálta an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún ar thaobh amháin agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an taobh eile, iarracht an t-am a thógann sé CED a shlógadh a íoslaghdú.

4.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur ar fáil, cuirfidh sé togra isteach chun é a shlógadh. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go compháirteach an cinneadh chun CED a shlógadh laistigh de mhí amháin tar éis é a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe agus gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í agus trí thrí chúigiú de na vótaí arna gcaitheamh.

A chomhuain is a chuireann sé a thogra i láthair le haghaidh cinnidh chun CED a shlógadh, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le haistriú chuig na línte iomchuí buiséadacha. I gcás easaontais, cuirfear tús le nós imeachta tríbhealach.

Déanfar aistrithe a bhaineann le CED i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán Airgeadais.

5.   An tráth céanna a ghlacann sé le togra le haghaidh cinnidh chun CED a chur in úsáid, glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an dáta a nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leis an gcinneadh chun CED a shlógadh.

6.   Áireofar na nithe seo a leanas in aon togra le haghaidh cinnidh chun CED a shlógadh de bhun mhír 4:

(a)

an measúnú a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 8(4), mar aon le hachoimre ar an bhfaisnéis ar a bhfuil an measúnú sin bunaithe;

(b)

fianaise gur comhlíonadh na critéir atá leagtha síos in Airteagal 4 agus in Airteagal 9; agus

(c)

na cúiseanna lena dtugtar údar maith leis na méideanna beartaithe.

Airteagal 16

Íocaíocht agus úsáid na ranníocaíochta

1.   Tar éis teacht i bhfeidhm Cinnidh maidir le ranníocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 15(5) íocfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht leis an mBallstát lena mbaineann in íocaíocht réamh-mhaoinithe de 100 % amháin, agus déanfar sin i bprionsabal laistigh de 15 lá. Déanfar an réamh-mhaoiniú a imréiteach nuair a dhéanfar an ranníocaíocht a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 18(2).

2.   Déanfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme faoi chomhbhainistíocht i gcomhréir le hAirteagal 59 den Rialachán Airgeadais.

3.   Cinnfidh an Coimisiún téarmaí mionsonraithe teicniúla an mhaoinithe sa chinneadh maidir le ranníocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 15(5).

4.   Déanfaidh an Ballstát na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 a luaithe agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná 24 mí tar éis dháta tíolactha an iarratais de bhun Airteagal 8(1).

Féadfaidh an Ballstát a chinneadh go gcuirfear siar an dáta tosaigh le haghaidh na ngníomhaíochtaí incháilithe suas le trí mhí tar éis dháta taiscthe an iarratais. I gcás chur siar den sórt sin, déanfar na gníomhaíochtaí incháilithe laistigh den tréimhse 24 mhí tar éis an dáta tosaithe a chuir an Ballstát in iúl san iarratas.

I gcás ina bhfaighidh tairbhí rochtain ar chúrsa oideachais nó oiliúna ag a bhfuil ré dhá bhliain nó níos faide, féadfar na táillí do chúrsa den sórt sin a chur san áireamh le haghaidh cómhaoiniú CED suas go dtí an dáta ar a mbeidh an tuarascáil deiridh dá dtagraítear in Airteagal 18(1) dlite, ar choinníoll go mbeidh na táillí ábhartha íoctha roimh an dáta sin.

5.   Agus na gníomhaíochtaí atá sa phacáiste seirbhísí pearsantaithe á ndéanamh aige, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann togra a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun na gníomhaíochtaí a áirítear trí ghníomhaíochtaí incháilithe eile a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d'Airteagal 7(1) a leasú, ar choinníoll go bhfuil údar cuí tugtha le leasuithe den sórt sin agus nach dtéann an t-iomlán thar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 15(5). Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na leasuithe arna mbeartú agus, má aontaíonn sé, tabharfaidh sé fógra don Bhallstát ina leith sin dá réir sin.

6.   Beidh caiteachas de bhun Airteagal 7(4) incháilithe go dtí spriocdháta chur isteach na tuarascála deiridh.

Airteagal 17

Úsáid an euro

Is in euro a léireofar gach méid in iarratais, i gcinntí maidir le ranníocaíochtaí, i dtuarascálacha agus i ngach doiciméad eile, arna ndéanamh faoin Rialachán seo.

Airteagal 18

Tuarascáil deiridh agus dúnadh

1.   Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dhul in éag na tréimhse atá sonraithe in Airteagal 16(4) déanfaidh an Ballstát lena mbaineann tuarascáil deiridh a thílacadh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an cineál gníomhaíochtaí agus na príomhthorthaí;

(b)

ainmneacha na gcomhlachtaí a sheachadann an pacáiste beart sa Bhallstát;

(c)

saintréithe na dtairbhithe a ndírítear orthu agus a stádas fostaíochta,

(d)

cibé acu an tairbhí Státchabhrach an gnóthas, cé is moite de mhicrifhiontair agus FBManna, nó maoiniú roimhe seo ó chistí comhtháthaithe nó struchtúracha an Aontais sna cúig bliana roimhe sin;

(e)

ráiteas lena dtugtar údar maith le caiteachas agus lena léirítear, aon uair is féidir, comhlántacht na ngníomhaíochtaí leo sin atá cistithe ag Coiste Sóisialta na hEorpa (CSE).

Aon uair is féidir, déanfar sonraí a bhaineann le tairbhithe a mhiondealú de réir inscne.

2.   Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Choimisiún an fhaisnéis ar fad is gá faoi mhír 1 a fháil, cuirfidh sé deireadh leis an ranníocaíocht trí mhéid deiridh na ranníocaíochta airgeadais ó CED a chinneadh agus, más ann dó, an iarmhéid atá dlite ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 22.

Airteagal 19

Tuarascáil dhébhliantúil

1.   Faoin 1 Lúnasa 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil chuimsitheach, chainníochtúil agus cháilíochtúil a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1927/2006 an dá bhliain roimhe sin. Díreofar go príomha sa tuarascáil ar na torthaí a bhain an CED amach agus go háirithe beidh faisnéis inti maidir le hiarratais a cuireadh isteach, cinntí a glacadh, gníomhaíochtaí a maoiníodh, lena n-áirítear staidreamh ar an ráta athimeasctha do thairbhithe ar tugadh tacaíocht dóibh in aghaidh an Bhallstáit agus faisnéis maidir le comhlántacht gníomhaíochtaí den sórt sin le gníomhaíochtaí arna maoiniú ó chistí eile an Aontais, go háirithe CSE, agus faisnéis maidir le foirceannadh ranníocaíochtaí airgeadais a rinneadh. Ba cheart go bhfeicfí ann chomh maith na hiarratais sin a diúltaíodh nó a laghdaíodh de bharr easpa leithreasaí leordhóthanacha nó de bharr neamh-incháilitheachta.

2.   Seolfar an tuarascáil ar mhaithe le faisnéis chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig na comhpháirtithe sóisialta.

Airteagal 20

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún, as a stuaim féin agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit:

(a)

faoin 30 Meitheamh 2017, meastóireacht meántéarma ar éifeachtacht agus ar inbhuanaitheacht na dtorthaí arna mbaint amach;

(b)

faoin 31 Nollaig 2021, meastóireacht ex-post, le cabhair ó shaineolaithe seachtracha, chun tionchar CED agus a bhreisluach a thomhas.

2.   Seolfar torthaí na meastóireachtaí dá dtagraítear i mir 1, mar fhaisnéis, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig na comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart go gcuirfí moltaí na meastóireachtaí i gcuntas maidir le dearadh na gclár nua i réimse na ngnóthaí fostaíochta agus sóisialta.

3.   Beidh ar áireamh sna meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 na figiúirí ina dtaispeánfar líon na n-iarratas agus ina gcumhdófar feidhmíocht CED de réir tíre agus earnála, ionas go measúnófar ansroicheann CED a fhaighteoirí spriocdhírithe.

Airteagal 21

Bainistíocht agus rialú airgeadais

1.   Gan dochar d'fhreagracht an Choimisiúin as buiséad ginearálta an Aontais a chur chun feidhme, glacfaidh Ballstáit freagracht ar an gcéad dul síos as bainistiú gníomhaíochtaí arna dtacú ag CED agus as rialú airgeadais na ngníomhaíochtaí. Chuige sin, áireofar leis na bearta arna nglacadh acu:

(a)

fíorú gur socraíodh bearta bainistíochta agus rialaithe agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme ar bhealach ina n-áirithítear go bhfuil cistí an Aontais á n-úsáid go héifeachtúil agus i gceart, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais;

(b)

fíorú go ndearnadh na gníomhaíochtaí arna maoiniú i gceart;

(c)

áirithiú go bhfuil caiteachas arna mhaoiniú bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe, agus go bhfuil siad dleathach agus rialta;

(d)

neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú mar a shainítear in Airteagal 122 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1303/2013 agus méideanna a fháil ar ais a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha nuair is iomchuí. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon neamhrialtachtaí den sórt sin agus coimeádfaidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le haon imeachtaí riaracháin agus dlíthiúla a leanann astu.

2.   Ainmneoidh na Ballstáit comhlachtaí chun go mbeidh siad freagrach as bainistiú agus rialú na ngníomhaíochtaí arna dtacú ag CED i gcomhréir le hAirteagal 59(3) den Rialachán Airgeadais agus leis na critéir agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh 1303/2013. Cuirfidh na comhlachtaí ainmnithe sin ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta nuair a bheidhan tuarascáil deiridh dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo á cur isteach acu.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na ceartuithe airgeadais is gá i gcás ina bhfaighfear neamhrialtacht. Beidh páirtchealú nó lánchealú na ranníocaíochta sna ceartuithe a dhéanfaidh na Ballstáit. Gnóthóidh na Ballstáit aon suim a íocadh go míchuí mar thoradh ar neamhrialtacht a bhraitear, íocfaidh siad ar ais é chuig an gCoimisiún agus, mura n-íoctar an tsuim san am a cheadaíonn an Ballstát iomchuí san am a cheadaítear, beidh ús mainneachtana dlite.

4.   Glacfaidh an Coimisiún, sa mhéid atá freagracht air as cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais, gach céim eile is gá lena fhíorú go ndéantar na gníomhaíochtaí arna maoiniú go cuí agus de réir phrionsabail na bainistíochta fónta agus éifeachtúla airgeadais. Tá sé d'fhreagracht ar an mBallstát iarrthach a áirithiú go bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe a fheidhmítear i gceart acu. Deimhneoidh an Coimisiún dó féin go bhfuil na córais sin ar bun.

Chuige sin, gan dochar do chumhachtaí na Cúirte Iniúchóirí ná do na seiceálacha a rinne an Ballstát i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, le rialacháin agus le forálacha riaracháin, féadfaidh oifigigh nó státseirbhísigh de chuid an Choimisiún seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha samplacha, ar ghníomhaíochtaí arna maoiniú ag CED le fógra lá oibre amháin ar a laghad. Tabharfaidh an Coimisiún fógra maidir leis an mBallstát iarrthach d'fhonn an cúnamh go léir is gá a bhaint amach. Féadfaidh oifigigh nó státseirbhísigh an Bhallstáit lena mbaineann páirt a ghlacadh i seiceálacha den sórt sin.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar na doiciméid tacaíochta ar fad maidir le caiteachas arna thabhú agus go mbeidh siad ar fáil don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí ar feadh tréimhse trí bliana tar éis fhoirceannadh ranníocaíochta arna fáil ó CED.

Airteagal 22

Ranníocaíocht airgeadais a aisíoc

1.   I gcásanna ina mbeidh costas iarbhír na gníomhaíochta níos lú ná an méid measta a luaitear de bhun Airteagal 15, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, ag ceangal ar an mBallstát lena mbaineann an tsuim chéanna den ranníocaíocht airgeadais a fuarthas a aisíoc.

2.   I gcás ina mainneoidh an Ballstát lena mbaineann cloí leis na hoibleagáidí a luaitear sa chinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais, glacfaidh an Coimisiún na céimeanna is gá trí chinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, chun iallach a chur ar an mBallstát sin an ranníocaíocht airgeadais a fuarthas a aisíoc ina hiomláine nó i bpáirt.

3.   Roimh ghlacadh le cinneadh faoi mhíreanna 1 nó 2, déanfaidh an Coimisiún scrúdú oiriúnach ar an gcás agus ceadóidh sé, go háirithe, tréimhse shonraithe ama don Bhallstát lena mbaineann chun a bharúlacha a chur isteach.

4.   Má mheasann an Coimisiún, tar éis dó na fíoruithe is gá a chríochnú, nach bhfuil Ballstát ag cloí lena oibleagáidí faoi Airteagal 21 (1), déanfaidh sé cinneadh, mura bhfuil aon chomhaontú ann agus nach ndearna an Ballstát ceartuithe sa tréimhse a leag an Coimisiún amach, agus aon bharúlacha de chuid an Bhallstáit á gcur san áireamh, laistigh de thrí mhí ó dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 3, chun na ceartuithe airgeadais riachtanacha a dhéanamh trí ranníocaíocht CED don ghníomhaíocht i dtrácht a chealú go hiomlán nó i bpáirt. Gheofar ar ais aon suim a íocadh go míchuí mar thoradh ar neamhrialtacht a bhraitear agus, mura n-íocann an Ballstát iarrthach an tsuim san am a cheadaítear, beidh ús mainneachtana dlite.

Airteagal 23

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

D'ainneoin na chéad míre, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige i gcás iarratas a chuirfear isteach suas go dtí 31 Nollaig 2013.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige maidir le gach iarratas a chuirfear isteach idir 1 Eanáir 2014 agus 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. LINKEVIČIUS


(1)  IO C 143, 22.5.2012, lch. 42.

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 159.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le bunú an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú (IO L 406, 30.12.2006, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 546/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 maidir le bunú an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú (IO L 167, 29.6.2009, lch. 26).

(5)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(7)  Treoir 98/59/CEE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le iomarcaíochtaí comhchoiteanna (IO L 225, 12.8.1998, lch. 16).

(8)  Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agusus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

(9)  Rialachán (AE) Uimh 1304/ 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle (CE) (Féach leathanach 470 den Iris Oifigiúil seo).


Top