EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R0465

Rialachán (AE) Uimh. 465/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme Text of relevance to the EEA and to the EU/Switzerland Agreement

OJ L 149, 8.6.2012, p. 4–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 05 Volume 006 P. 328 - 334

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/465/oj

8.6.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/4


RIALACHÁN (AE) Uimh. 465/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Bealtaine 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme

(Text of relevance to the EEA and to the EU/Switzerland Agreement)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 48 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chun athruithe ar an dlí i mBallstáit áirithe a chur san áireamh agus chun deimhneacht dhlíthiúil a ráthú do pháirtithe leasmhara, is gá Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a oiriúnú.

(2)

Fuarthas moltaí ábhartha ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú Córas Slándála Sóisialta maidir le comhordú scéimeanna slándála sóisialta d’fhonn dlí an Aontais a fheabhsú agus a nuachóiriú agus tá siad ar áireamh sa Rialachán seo.

(3)

Is féidir le hathruithe ar an réaltacht shóisialta difear a dhéanamh do chomhardú córas slándála sóisialta. D’fhonn freagairt d’athruithe den sórt sin, tá gá le leasuithe i réimse an chinntiúcháin maidir leis an reachtaíocht is infheidhme agus na sochair dífhostaíochta is infheidhme.

(4)

Déantar an coincheap “bunáit” do bhaill den fhoireann eitilte agus den fhoireann cábáin faoi dhlí an Aontais a shainmhíniú in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta (4). D’fhonn cur i bhfeidhm Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a éascú maidir leis an ngrúpa daoine sin, tá údar maith ann riail speisialta a chruthú lenarb ea an coincheap “bunáit” an critéar chun an reachtaíocht is infheidhme maidir le baill den fhoireann eitilte agus den fhoireann cábáin a chinneadh. Ba cheart, áfach, go mbeadh an reachtaíocht is infheidhme maidir le baill den fhoireann eitilte agus den fhoireann cábáin fós cobhsaí agus níor cheart de bharr an phrionsabail “bunáit” go mbeadh athruithe á ndéanamh go minic ar an reachtaíocht is infheidhme mar gheall ar phatrúin oibre an tionscail nó ar éilimh shéasúracha.

(5)

I gcásanna ina bhfuil duine ag obair in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin, ba cheart go ndéanfaí a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag an gcoinníoll maidir le “cuid shubstaintiúil” den ghníomhaíocht a shaothrú de réir bhrí Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 freisin maidir le daoine a shaothraíonn gníomhaíochtaí ar son gnóthas éagsúil nó fostóirí éagsúla.

(6)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú trí fhoráil nua a chur isteach lena n-áirítear, go bhfaighidh oibrí imeallchríche atá dífhostaithe go hiomlán, tar éis dó a bheith féinfhostaithe, má chomhlánaigh sé nó sí tréimhsí árachais mar dhuine féinfhostaithe nó tréimhsí féinfhostaíochta a aithnítear chun críocha sochair dífhostaíochta a dheonú sa Bhallstáit inniúil agus murab ann dóibh, sa Bhallstát cónaithe. Ba cheart an fhoráil sin a athbhreithniú i bhfianaise na taithí tar éis dhá bhliain cur chun feidhme agus ba cheart í a leasú más gá sin.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 leis seo mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an téarma “an Coimisiún Eorpach” in ionad an téarma “Coimisiún na gComhphobal Eorpach” ar fud an téacs;

(2)

cuirtear isteach an Aithris seo a leanas:

“(18b)

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta (5), déantar an coincheap “bunáit” do bhaill den fhoireann eitilte agus den fhoireann cábáin a shainmhíniú mar an suíomh arna ainmniú ag an oibreoir don bhall den fhoireann óna gcuirfidh an ball den fhoireann tús agus deireadh lena thréimhse dualgais de ghnáth, nó an suíomh óna gcuirfidh sé tús agus deireadh le sraith de thréimhsí dualgais agus, i gcás nach mbeidh an t-oibreoir freagrach, faoi ghnáthchoinníollacha, as cóiríocht an bhaill lena mbaineann den fhoireann. D’fhonn cur i bhfeidhm Theideal II den Rialachán seo a éascú do bhaill den fhoireann eitilte agus den fhoireann cábáin, tá údar maith ann an coincheap “bunáit” a úsáid mar an critéar chun an reachtaíocht is infheidhme maidir le baill den fhoireann eitilte agus den fhoireann cábáin a chinneadh. Ba cheart, áfach, go mbeadh an reachtaíocht is infheidhme maidir le baill den fhoireann eitilte agus den fhoireann cábáin fós cobhsaí agus níor cheart de bharr phrionsabal na bunáite go mbeadh athruithe á ndéanamh go minic ar an reachtaíocht is infheidhme mar gheall ar phatrúin oibre an tionscail nó ar éilimh shéasúracha.

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Dearbhuithe ó na Ballstáit maidir le raon feidhme an Rialacháin seo

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra i scríbhinn don Choimisiún Eorpach maidir leis na dearbhuithe a dhéantar i gcomhréir le pointe (l) d’Airteagal 1, an reachtaíocht agus na scéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 3, na coinbhinsiúin a ndeachthas isteach iontu dá dtagraítear in Airteagal 8(2), na sochair íosta dá dtagraítear in Airteagal 58, agus an easpa córais árachais dá dtagraítear in Airteagal 65a(1), chomh maith le leasuithe substaintiúla. Sonrófar sna fógraí sin an dáta óna mbeidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na scéimeanna arna sonrú ag na Ballstáit ina ndearbhuithe.

2.   Cuirfear na fógraí sin faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh gach bliain agus poibleofar mar is gá iad.”;

(4)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 11:

“5.   Maidir le gníomhaíocht mar bhall den fhoireann eitilte nó den fhoireann cábáin a dhéanann seirbhísí d’aerphaisinéirí nó seirbhísí aerlasta, measfar gur gníomhaíocht í a shaothraítear sa Bhallstát ina mbeidh an bhunáit lonnaithe, mar a shainmhínítear í in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91.”;

(5)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Maidir le duine a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe i mBallstát thar ceann fostóra a dhéanann a ghníomhaíochtaí de ghnáth san áit sin, agus a ndéanann an fostóir sin é a phostú chuig Ballstát eile chun obair a dhéanamh thar ceann an fhostóra sin, leanfaidh an duine sin de bheith faoi réir reachtaíocht an chéad Bhallstáit, ar choinníoll nach sáróidh ré réamh-mheasta na hoibre sin 24 mí agus nach mbeidh an duine sin á sheoladh chun ionad duine postaithe eile a ghabháil.”;

(6)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh duine a shaothraíonn gníomhaíocht de ghnáth mar dhuine fostaithe in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin faoi réir an méid seo a leanas:

(a)

reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe má shaothraíonn an duine sin cuid shubstaintiúil dá ghníomhaíocht sa Bhallstát sin; nó

(b)

más rud é nach saothraíonn an duine sin cuid shubstaintiúil dá ghníomhaíocht sa Bhallstát sin:

(i)

reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó an ghnóthais nó an fhostóra suite má tá sé/sí fostaithe ag gnóthas amháin nó ag fostóir amháin; nó

(ii)

reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó an ghnóthais nó an bhfostóirí suite seachas an Ballstát cónaithe má tá sé/sí fostaithe ag dhá ghnóthas nó ag beirt fhostóirí nó níos mó ná sin, a bhfuil a n-oifigí cláraithe nó a n-áiteanna gnó suite in dhá Bhallstát acu, arb é an Ballstát cónaithe ceann díobh; nó

(iii)

reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó an ghnóthais nó an fhostóra suite seachas an Ballstát cónaithe má tá sé/sí fostaithe ag dhá ghnóthas nó ag beirt fhostóirí nó níos mó ná sin, a bhfuil a n-oifigí cláraithe nó a n-áiteanna gnó suite in dhá Bhallstát acu, arb é an Ballstát cónaithe ceann díobh; nó

(iv)

reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe má tá sé/sí fostaithe ag dhá ghnóthas nó ag beirt fhostóirí nó níos mó ná sin, a bhfuil a n-oifig chláraithe nó a n-áit ghnó ag dhá cheann díobh ar a laghad i mBallstáit éagsúla seachas an Ballstát cónaithe.”;

(7)

in Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2a:

“2a.   Ní fhéadfaidh an institiúid inniúil diúltú an t-údarú dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) a dheonú ar dhuine ar bhain tionóisc ag an obair dó nó a tholg galar ceirde agus atá i dteideal sochar atá inmhuirearaithe ar an institiúid sin, i gcás nach féidir an chóireáil is iomchuí do riocht sláinte an duine sin a thabhairt sa Bhallstát a bhfuil cónaí air/uirthi ann, laistigh de theorainn ama atá inchosanta ó thaobh leighis de, agus riocht sláinte an duine sin an tráth sin agus cúrsa dóchúil na breoiteachta á gcur san áireamh.”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63:

“Airteagal 63

Forálacha speisialta maidir le rialacha cónaithe a tharscaoileadh

Chun críocha na Caibidle seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 7 ach amháin maidir le cásanna dá bhforáiltear le hAirteagal 64, le hAirteagal 65 agus le hAirteagal 65a agus de réir na dteorainneacha a fhorordaítear iontu.”;

(9)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 65a

Forálacha speisialta d’oibrithe féinfhostaithe imeallchríche atá dífhostaithe go hiomlán i gcás nach bhfuil córas sochar dífhostaíochta lena gcumhdaítear daoine féinfhostaithe i bhfeidhm sa Bhallstát cónaithe

1.   De mhaolú ar Airteagal 65, maidir le duine atá dífhostaithe go hiomlán agus a bhfuil tréimhsí árachais mar oibrí imeallchríche curtha isteach le déanaí aige mar dhuine féinfhostaithe, nó a chuir tréimhsí féinfhostaithe isteach a aithnítear chun críocha sochair dhífhostaíochta a dheonú i mBallstát seachas a Bhallstát cónaithe nó a Ballstát cónaithe, agus a bhfuil fógra curtha isteach ag Ballstát cónaithe an duine sin nach mbeidh aon fhéidearthacht ann go gcumhdófaí aon chatagóir de dhaoine féinfhostaithe le córas sochar dífhostaíochta de chuid an Bhallstáit sin, cláróidh an duine sin leis na seirbhísí fostaíochta sa Bhallstát is deireanaí ina raibh gníomhaíochtaí mar dhuine féinfhostaithe á saothrú aige/aici, agus beidh sé/sí ar fáil dó na seirbhísí sin agus, nuair a dhéanfaidh sé/sí iarratas ar shochair, ní mór dó/di, na coinníollacha a leagtar síos faoi reachtaíocht an Bhallstáit dheireanaigh sin a chomhlíonadh go comhleanúnach. Mar chéim fhorlíontach, féadfaidh an duine atá dífhostaithe go hiomlán é/í féin a chur ar fáil do sheirbhísí fostaíochta an Bhallstáit chónaithe;

2.   Cuirfidh Ballstát an ina raibh an duine atá go hiomlán dífhostaithe dá dtagraítear i mír 1 faoi réir a reachtaíochta go deireanach sochair ar fáil don duine sin i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann an Ballstát sin i bhfeidhm.

3.   Mura mian leis an duine atá go hiomlán dífhostaithe dá dtagraítear i mír 1 a bheith ar fáil do sheirbhísí fostaíochta Bhallstát na gníomhaíochta is deireanaí, nó mura mian leis leanúint de bheith ar fáil do sheirbhísí fostaíochta an Bhallstáit sin, tar éis a bheith cláraithe ann, agus más mian leis obair a lorg sa Bhallstát cónaithe, beidh feidhm ag Airteagal 64 mutatis mutandis, seachas Airteagal 64(1)(a). Féadfaidh an institiúid inniúil an tréimhse dá dtagraítear sa chéad abairt d’Airteagal 64(1)(c) a fhadú go deireadh thréimhse na teidlíochta ar shochair.”;

(10)

in Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Gníomhóidh an Coimisiún Riaracháin trí thromlach cáilithe mar atá sainithe sna Conarthaí, seachas nuair a bheidh a rialacha á nglacadh aige, ar rialacha iad a tharraingeofar suas trí chomhaontú frithpháirteach i measc a chomhaltaí.

Déanfar an phoiblíocht is gá maidir le cinntí i dtaobh ceisteanna a bhaineann le léirmhíniú agus dá dtagraítear in Airteagal 72(a).”;

(11)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 87a

Foráil idirthréimhseach chun Rialachán (AE) Uimh. 465/2012 a chur chun feidhme

1.   Más rud é, mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 465/2012, go bhfuil duine, i gcomhréir le Teideal II den Rialachán seo, faoi réir reachtaíochta Ballstáit eile seachas í sin a raibh sé/sí faoina réir roimh an teacht i bhfeidhm sin, leanfaidh reachtaíocht an Bhallstáit is infheidhme roimh an dáta sin d’fheidhm a bheith aici maidir leis/léi ar feadh idirthréimhse a leanfaidh d’fheidhm a bheith aici fad nach dtiocfaidh aon athrú ar an staid ábhartha agus, ar aon chuma, ar feadh tréimhse nach faide ná deich mbliana ó theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 465/2012. Féadfaidh duine a mbainfidh sin leis/léi a iarraidh nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag an idirthréimhse maidir leis/léi. Cuirfear iarraidh den sórt sin faoi bhráid na hinstitiúide arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit chónaithe. Maidir le hiarrataí arna dtíolacadh faoin 29 Meán Fómhair 2012, measfar go ngabhfaidh éifeacht leo ón 28 Meitheamh 2012. Maidir le hiarrataí arna dtíolacadh tar éis an 29 Meán Fómhair 2012 gabhfaidh éifeacht leo an chéad lá den mhí tar éis a dtíolactha.

2.   Tráth nach déanaí ná an 29 Meitheamh 2014, déanfaidh an Coimisiún Riaracháin meastóireacht ar chur chun feidhme na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 65a den Rialachán seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil maidir lena gcur i bhfeidhm. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach, de réir mar is iomchuí, ar bhonn na tuarascála sin, tograí a thíolacadh chun na forálacha sin a leasú.”;

(12)

leasaítear Iarscríbhinn X agus Iarscríbhinn XI i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) agus phointe (c):

“(b)

reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe má shaothraíonn an duine lena mbaineann fostaíocht nó féinfhostaíocht in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin agus má dhéanann an duine sin cuid dá ghníomhaíocht nó dá ghníomhaíochtaí sa Bhallstát cónaithe, nó mura bhfuil an duine lena mbaineann ní fostaithe ná féinfhostaithe;

(c)

i ngach cás eile, reachtaíocht an Bhallstáit ar iarradh í a chur i bhfeidhm i dtús báire má tá an duine ag saothrú gníomhaíochta nó gníomhaíochtaí in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin.”;

(2)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo in ionad mhír 5:

“5.   D’fhonn Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, tagróidh ‘duine a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe de ghnáth in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin’ do dhuine a dhéanann gníomhaíocht leithleach amháin nó níos mó ná sin go comhuaineach, nó de réir uainíochta, thar ceann an ghnóthais chéanna nó an fhostóra céanna nó ar son roinnt gnóthas nó roinnt fostóirí, in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“5a.   D’fhonn Teideal II den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, tagróidh ‘oifig chláraithe nó áit ghnó’ don oifig chláraithe nó don áit ghnó ina ndéantar cinntí bunriachtanacha an ghnóthais agus ina gcuirtear feidhmeanna a riaracháin lárnaigh i gcrích.

Chun críocha Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán, beidh ball fostaithe den fhoireann eitilte nó den fhoireann cábáin a shaothraíonn seirbhísí d’aerphaisinéirí nó do sheirbhísí aerlasta de ghnáth in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit a bhfuil an bhunáit, mar a shainmhínítear í in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta (6), suite ann.

5b.   Déanfar neamhaird ar ghníomhaíochtaí imeallacha chun críocha na reachtaíochta is infheidhme faoi Airteagal 13 den bhun-Rialachán a chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal 16 den Rialachán cur chun feidhme maidir leis na cásanna uile faoin Airteagal seo.

(3)

in Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Déanfaidh an institiúid sin an fianú dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Rialachán cur chun feidhme a eisiúint don duine lena mbaineann agus cuirfidh sí faisnéis ar fáil, gan mhoill, maidir leis an reachtaíocht is infheidhme i dtaca leis an duine sin, de bhun Airteagal 11(3)(b) nó Airteagal 12 den bhun-Rialachán, don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit ina mbeidh an ghníomhaíocht á saothrú.”;

(4)

in Airteagal 54, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Chun Airteagal 62(3) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúid inniúil an Bhallstáit a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta i dtaca leis an ngníomhaíocht is deireanaí a bhí á saothrú aige/aici mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, gach faisnéis a sholáthar gan mhoill d’institiúid na háite cónaithe, arna iarraidh sin di, ar faisnéis í a bheidh riachtanach chun sochair dífhostaíochta a fhéadfar a fháil sa Bhallstát ina bhfuil sé suite a ríomh, go háirithe an tuarastal nó an t-ioncam gairmiúil a fuarthas.”;

(5)

leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:

“1.   Chun go mbeidh sé cumhdaithe le hAirteagal 64 nó le hAirteagal 65a den bhun-Rialachán, déanfaidh an duine dífhostaithe a théann chuig Ballstát eile an institiúid inniúil a chur ar an eolas roimh imeacht dó/di agus iarrfaidh sé/sí doiciméad lena ndeimhneofar go gcoinníonn sé a theideal nó sí a teideal chun sochar faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 64(1)(b) den bhun-Rialachán.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“7.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 go mír 6 maidir leis an gcás a chumhdaítear le hAirteagal 65a(3) den bhun-Rialachán”;

(6)

in Airteagal 56, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   I gcás ina mbeartóidh an duine dífhostaithe, i gcomhréir le hAirteagal 65(2) nó le hAirteagal 65a(1) den bhun-Rialachán, é féin nó í féin a chur ar fáil freisin do na seirbhísí fostaíochta sa Bhallstát nach gcuireann na sochair ar fáil, trína chlárú ann mar dhuine atá ag lorg oibre, cuirfidh sé/sí institiúid agus seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit a chuireann na sochair ar fáil ar an eolas faoi sin.

Arna iarraidh sin do sheirbhísí fostaíochta an Bhallstáit nach gcuireann na sochair ar fáil, seolfaidh na seirbhísí fostaíochta sa Bhallstát a chuireann na sochair ar fáil chucu an fhaisnéis ábhartha maidir le clárú an duine dífhostaithe agus maidir lena chuardach/cuardach ar fhostaíocht.

2.   I gcás ina gceanglófar, leis an reachtaíocht is infheidhme sna Ballstáit lena mbaineann, go ndéanfaidh an duine dífhostaithe oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh agus/nó gníomhaíochtaí cuardaithe poist ar leith a fheidhmiú, beidh tósaíocht acu sin de chuid an Bhallstáit a chuirfidh na sochair ar fáil.

Mura ndéanfaidh an duine dífhostaithe na hoibleagáidí uile a chomhlíonadh agus/nó na gníomhaíochtaí cuardaithe poist uile a fheidhmiú sa Bhallstát nach gcuireann na sochair ar fáil, ní bheidh aon tionchar aige seo ar na sochair a dhámhfar sa Bhallstát eile.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 22 Bealtaine 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2012. (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Bealtaine 2012.

(2)  IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.

(3)  IO L 284, 30.10.2009, lch. 1.

(4)  IO L 373, 31.12.1991, lch. 4.

(5)  IO L 373, 31.12.1991, lch. 4.”;

(6)  IO L 373, 31.12.1991, lch. 4.”;


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 mar seo a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn X mar seo a leanas:

(a)

sa roinn “AN ÍSILTÍR”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

An tAcht um Thacaíocht Oibre agus Fostaíochta do Dhaoine Óga atá Faoi Mhíchumas, an 24 Aibreán 1997 (Wet Wajong)”;

(b)

sa roinn “AN RÍOCHT AONTAITHE”:

(i)

scriostar pointe (c);

(ii)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(e)

An tAcht um Liúntas Fostaíochta agus Tacaíochta Ioncam-Choibhneasta (An tAcht um Athchóiriú Leasa Shóisialta 2007 agus an tAcht um Athchóiriú Leasa Shóisialta (Tuaisceart Éireann) 2007).”;

2.

leasaítear Iarscríbhinn XI mar seo a leanas:

(a)

sa roinn “AN GHEARMÁIN”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

D’ainneoin Airteagal 5(a) den Rialachán seo agus Airteagal 7 den Sozialgesetzbuch VI (Imleabhar VI den Chód Sóisialta), maidir le duine atá árachaithe go héigeantach i mBallstát eile nó atá ag fáil pinsin seanaoise faoi reachtaíocht Bhallstáit eile, féadfaidh sé dul isteach sa scéim árachais shaorálaigh sa Ghearmáin.”;

(b)

sa roinn “AN FHRAINC”, scriostar pointe 1;

(c)

leasaítear an roinn “AN ÍSILTÍR” mar seo a leanas:

(i)

i bpointe 1, scriostar pointe (g);

(ii)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas i bpointe 1:

“(h)

Chun críocha Airteagal 18(1) den Rialachán seo, beidh na daoine dá dtagraítear i bpointe 1(a)(ii) den Iarscríbhinn seo agus atá ag fanacht go sealadach san Ísiltír i dteideal sochar comhchineáil i gcomhréir leis an bpolasaí a thairgeann institiúid na háite cónaithe do dhaoine árachaithe san Ísiltír, agus Airteagal 11(1), (2) agus (3) agus Airteagal 19(1) den Zorgverzekeringswet (an tAcht um Árachas Cúraim Shláinte) á gcur san áireamh, agus beidh siad i dteideal na sochar comhchineáil dá bhforáiltear leis an Algemene Wet Bijzondere Ziektekosten (An tAcht Ginearálta um Chostais Eisceachtúla Liachta).”;

(iii)

leasaíter pointe 2 mar a leanas:

(a)

sna focail tosaigh agus i bpointe (a), cuirtear “(An tAcht Ginearálta um Phinsin Seanaoise)” in ionad “(Reachtaíocht na hÍsiltíre maidir le hárachas ginearálta seanaoise)”;

(b)

sa chéad fhomhír de phointe (b), cuirtear na focail “an reachtaíocht thuasluaite” in ionad na bhfocal “an reachtaíocht sin”;

(c)

sa dara fomhír de phointe (g), cuirtear na focail “(An tAcht Ginearálta um Ghaolta Marthanacha)” in ionad na bhfocal “(reachtaíocht na hÍsiltíre maidir leis an dlí ginearálta i leith cleithiúnaithe marthanacha)”;

(iv)

leasaítear pointe 3 mar a leanas:

(a)

sna focail tosaigh, cuirtear “(An tAcht Ginearálta um Ghaolta Marthanacha)” in ionad “(dlí ginearálta na hÍsiltíre maidir le hárachas do chleithiúnaithe marthanacha)”;

(b)

sa chéad fhomhír de phointe (d), cuirtear na focail “an reachtaíocht thuasluaite” in ionad na bhfocal “an reachtaíocht sin”;

(v)

leasaítear pointe 4 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a)(i) an chéad fhleasc, cuirtear “(an tAcht um Árachas Míchumais)” in ionad “(An tAcht um Éagumas chun Oibre)”;

(b)

i bpointe (a)(ii), cuirtear “(an tAcht um Shochair Mhíchumais do Dhaoine Féinfhostaithe)” in ionad “(an tAcht um Dhaoine Féinfhostaithe maidir le hÉagumas chun Oibre)”.


Top