32011R0182


Teideal agus tagairt

Regulation (EU) No 182/2011 of the European Parliament and of the Council of 16 February 2011 laying down the rules and general principles concerning mechanisms for control by Member States of the Commission’s exercise of implementing powers

 IO L 55, 28.2.2011, lch 13-18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Téacs

BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV
html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html
pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf

Dátaí

Ranguithe

Faisnéis ilghnéitheach

Nós imeachta

Gaol idir na doiciméid

Téacs

Taispeáint dhátheangach: BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HU IT LT LV MT NL PL PT RO SK SL SV

Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

an 16 Feabhra 2011

lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 291(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach [1],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) I gcás inar gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme, tabharfaidh na gníomhartha sin ("gníomhartha bunúsacha" anseo feasta) cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún nó, i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tabharfar iad don Chomhairle.

(2) Is faoin reachtóir atá sé, agus na critéir a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE") á n-urramú go hiomlán aige, cinneadh a dhéanamh i ndáil le gach gníomh bunúsach i dtaobh an dtabharfar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh sin.

(3) Go dtí seo, bhí feidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún á rialú le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 [2].

(4) Le CFAE, ceanglaítear ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle anois na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a leagan síos a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

(5) Is gá a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta maidir le rialú den sórt sin soiléir agus éifeachtach agus go bhfuil siad comhréireach le cineál na ngníomhartha cur chun feidhme agus go léiríonn siad ceanglais institiúideacha an CFAE, chomh maith leis an taithí a fuarthas agus leis an gcleachtas coiteann a leanadh le linn Cinneadh 1999/468/CE a chur chun feidhme.

(6) Maidir leis na gníomhartha bunúsacha sin lena gceanglaítear rialú ag na Ballstáit i ndáil le glacadh gníomhartha cur chun feidhme ag an gCoimisiún, is iomchuí, chun críocha rialaithe den sórt sin, go ndéanfaí coistí a bheadh comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, faoi chathaoirleacht an Choimisiúin, a chur ar bun.

(7) I gcás inarb iomchuí, ba cheart go mbeadh tarchur chuig coiste achomhairc san áireamh sa sásra rialaithe agus go dtiocfadh an coiste sin le chéile ar an leibhéal iomchuí.

(8) Ar mhaithe le simpliú, níor cheart don Choimisiún cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú ach amháin i gcomhréir le ceann amháin de dhá nós imeachta, eadhon an nós imeachta comhairliúcháin nó an nós imeachta scrúdúcháin.

(9) Chun tuilleadh simpliúcháin a dhéanamh, ba cheart go mbeadh feidhm ag rialacha coiteanna nós imeachta maidir leis na coistí, lena n-áirítear na príomhfhorálacha a bhaineann le feidhmiú na gcoistí agus an fhéidearthacht go bhféadfaidís tuairim a thabhairt uatha trí nós imeachta i scríbhinn.

(10) Ba cheart critéir a leagan síos chun maidir le cinneadh an nós imeachta a úsáidfear maidir le glacadh gníomhartha cur chun feidhme ag an gCoimisiún. Chun comhsheasmhacht níos mó a bhaint amach, ba cheart go mbeadh na riachtanais maidir le nósanna imeachta comhréireach le cineál agus tionchar na ngníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh.

(11) Go háirithe, ba cheart go mbeadh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le gníomhartha a ghlacadh a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus atá ceaptha chun gníomhartha bunúsacha a chur chun feidhme agus maidir le gníomhartha cur chun feidhme sonracha a ghlacadh a bhféadfadh tionchar tábhachtach a bheith ag baint leo. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an nós imeachta sin nach féidir leis an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh más rud é nach bhfuil siad i gcomhréir le tuairim an choiste, ach amháin in imthosca fíoreisceachtúla ina bhféadfadh feidhm a bheith acu ar feadh tréimhse teoranta ama. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an nós imeachta freisin go bhfuil an Coimisiún in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtghníomhartha cur chun feidhme, agus na tuairimí a cuireadh in iúl laistigh den choiste á gcur san áireamh.

(12) Ar choinníoll go ndéantar cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún leis an ngníomh bunúsach, ar cumhachtaí iad a bhaineann le cláir lena ngabhann impleachtaí substaintiúla buiséadacha nó atá dírithe ar thríú tíortha, ba cheart go mbeadh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin.

(13) Ba cheart do chathaoirleach coiste féachaint le teacht ar réitigh a bhfuil an tacaíocht is leithne agus is féidir acu laistigh den choiste nó den choiste achomhairc agus ba cheart go míneodh an cathaoirleach an modh ina ndearnadh na pléití agus na moltaí i gcomhair leasuithe a chur san áireamh. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar na dearcaí a léiríodh sa choiste nó sa choiste achomhairc maidir le dréachtbhearta cinntitheacha frithdhumpála nó cúiteacha.

(14) Nuair a bheidh breithniú á dhéanamh maidir le glacadh dréachtghníomhartha cur chun feidhme eile a bhaineann le hearnálacha atá thar a bheith íogair, go háirithe cánachas, sláinte an tomhaltóra, sábháilteacht bia agus cosaint an chomhshaoil, gníomhóidh an Coimisiún, chun réiteach cothrom a fháil agus a mhéid is féidir, ar shlí ina seachnófar dul i gcoinne aon seasaimh cheannasaigh a d’fhéadfadh teacht chun cinn laistigh den choiste achomhairc, ar seasamh é a bheadh in aghaidh oiriúnacht gnímh chur chun feidhme.

(15) Mar riail ghinearálta, ba cheart go mbeadh feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin i ngach cás eile nó i gcás ina meastar gur nós imeachta níos iomchuí é.

(16) Ba cheart go mbeadh sé indéanta, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i ngníomh bunúsach, gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil feidhm le bheith acu láithreach a ghlacadh ar mhórchúiseanna práinne.

(17) Ba cheart Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go pras, ar bhonn rialta, faoi imeachtaí coistí.

(18) Ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in ann, aon tráth, a léiriú don Choimisiún gurb é a thuairim ná go dtéann dréachtghníomh cur chun feidhme thar na cumhachtaí cur chun feidhme dá bhforáiltear sa ghníomh bunúsach, agus a gcearta maidir leis an athbhreithniú ar dhlíthiúlacht ghníomhartha an Aontais á gcur san áireamh dóibh.

(19) Ba cheart rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoi imeachtaí coistí a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, de chuid na Comhairle agus de chuid an Choimisiúin. [3]

(20) Ba cheart don Choimisiún clár ina mbeidh faisnéis faoi imeachtaí coistí a choinneáil. Dá dhroim sin, maidir leis na rialacha a bhaineann le cosaint doiciméad atá aicmithe mar dhoiciméid rúnda agus is infheidhme maidir leis an gCoimisiún, ba cheart go mbeadh feidhm acu freisin maidir le húsáid an chláir.

(21) Ba cheart Cinneadh 1999/468/CE a aisghairm. Chun an trasdul ón réimeas dá bhforáiltear i gCinneadh 1999/468/CE chuig an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart a thuiscint gurb ionann aon tagairt i reachtaíocht atá ann cheana do na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Chinneadh sin, cés is moite den nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a den Chinneadh sin, agus tagairt do na nósanna imeachta comhfhreagracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart éifeachtaí Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE a choimeád i bhfeidhm go sealadach chun críocha na ngníomhartha bunúsacha atá ann cheana agus a dhéanann tagairt don Airteagal sin.

(22) Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chumhachtaí an Choimisiúin, faoi mar atá leagtha síos sa CFAE, maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta lena rialaítear na sásraí a mbeidh feidhm acu i gcás ina sainaithnítear, le gníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí ("gníomh bunúsach" anseo feasta), go bhfuil gá le coinníollacha aonfhoirmeacha cur chun feidhme agus ceanglaítear leis go bhfuil glacadh gníomhartha cur chun feidhme ag an gCoimisiún le bheith faoi rialú na mBallstát.

Airteagal 2

Na nósanna imeachta a roghnú

1. Féadfaidh foráil a bheith i ngníomh bunúsach maidir le cur i bhfeidhm an nós imeachta comhairliúcháin nó an nós imeachta scrúdúcháin, agus aird á tabhairt ar chineál nó ar thionchar an ghnímh cur chun feidhme atá riachtanach.

2. Tá feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin, go háirithe, maidir leis na gníomhartha seo a leanas a ghlacadh:

(a) gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil raon feidhme ginearálta acu;

(b) gníomhartha cur chun feidhme eile a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(i) cláir a bhfuil impleachtaí substaintiúla ag gabháil leo;

(ii) an comhbheartas talmhaíochta agus an comhbheartas iascaigh;

(iii) an comhshaol, slándáil agus sábháilteacht, nó sláinte nó sábháilteacht daoine, ainmhithe nó plandaí a chosaint;

(iv) an comhbheartas tráchtála;

(v) cánachas.

3. Mar riail ghinearálta, tá feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin maidir le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ar gníomhartha iad nach dtagann faoi réim raon feidhme mhír 2. Féadfaidh feidhm a bheith ag an nós imeachta comhairliúcháin freisin, áfach, i gcásanna cuí-réasúnaithe, maidir le glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 3

Forálacha coiteanna

1. Beidh feidhm ag na forálacha coiteanna a leagtar amach san Airteagal seo maidir leis na nósanna imeachta go léir dá dtagraítear in Airteagal 4 go hAirteagal 8.

2. Déanfaidh coiste a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach ar an gcoiste. Ní ghlacfaidh an cathaoirleach páirt i vótáil an choiste.

3. Déanfaidh an cathaoirleach an dréachtghníomh cur chun feidhme atá le glacadh ag an gCoimisiún a chur faoi bhráid an choiste.

Seachas i gcásanna cuí-réasúnaithe, comórfaidh an cathaoirleach cruinniú laistigh de 14 lá ón lá a dhéantar an dréachtghníomh cur chun feidhme agus dréachtchlár oibre a chur faoi bhráid an choiste. Tabharfaidh an coiste a thuairim faoin dréachtghníomh cur chun feidhme laistigh de theorainn ama a fhéadfaidh an cathaoirleach a leagan síos de réir phráinn an ábhair. Beidh na teorannacha ama comhréireach agus tabharfaidh siad deis luath agus éifeachtach do chomhaltaí an choiste chun an dréachtghníomh cur chun feidhme a scrúdú agus a ndearcadh a léiriú.

4. Go dtí go dtugann an coiste tuairim, féadfaidh aon chomhalta den choiste leasuithe a mholadh agus féadfaidh an cathaoirleach leaganacha leasuithe den dréachtghníomh cur chun feidhme a thíolacadh.

Féachfaidh an cathaoirleach le teacht ar réitigh a mbeidh an tacaíocht is forleithne agus is féidir acu laistigh den choiste. Cuirfidh an cathaoirleach an coiste ar an eolas faoin modh ina ndearnadh na pléití agus na moltaí i gcomhair leasuithe a chur san áireamh, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na moltaí sin ar tugadh tacaíocht mhór dóibh laistigh den choiste.

5. I gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh an cathaoirleach tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn. Seolfaidh an cathaoirleach an dréachtghníomh cur chun feidhme chuig comhaltaí an choiste agus, de réir phráinn an ábhair, leagfaidh an cathaoirleach síos teorainn ama le tuairim a thabhairt. Maidir le haon chomhalta den choiste nach gcuireann i gcoinne an dréachtghnímh cur chun feidhme nó nach staonann go sainráite ó vótáil air sula dtéann an teorainn ama sin in éag, measfar gur aontaigh an comhalta sin go hintuigthe leis an dréachtghníomh cur chun feidhme.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa ghníomh bunúsach, déanfar an nós imeachta i scríbhinn a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go gcinneann an Cathaoirleach amhlaidh nó go n-iarrann comhalta den choiste amhlaidh. I gcás den sórt sin, comórfaidh an cathaoirleach cruinniú coiste laistigh de thréimhse réasúnach ama.

6. Déanfar tuairim an choiste a thaifeadadh sna miontuairiscí. Beidh sé de cheart ag comhaltaí an choiste a iarraidh go ndéanfar a seasamh a thaifeadadh sna miontuairiscí. Seolfaidh an cathaoirleach na miontuairiscí chuig comhaltaí an choiste gan mhoill.

7. I gcás inarb infheidhme, beidh tarchur chuig coiste achomhairc san áireamh sa sásra rialaithe.

Glacfaidh an coiste achomhairc a chuid rialacha nós imeachta féin trí thromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann é, ar thogra ón gCoimisiún.

I gcás ina dtéitear i muinín an choiste achomhairc, tiocfaidh an coiste sin le chéile 14 lá ar a thúisce, seachas i gcásanna cuí-réasúnaithe, agus sé seachtaine, ar a dhéanaí, tar éis dáta an tarchuir. Gan dochar do mhír 3, tabharfaidh an coiste achomhairc a thuairim laistigh de dhá mhí ó dháta an tarchuir.

Beidh ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach ar an gcoiste achomhairc.

Déanfaidh an cathaoirleach dáta an chruinnithe den choiste achomhairc a shocrú i ndlúthchomhar le comhaltaí an choiste, chun a chumasú do na Ballstáit agus don Choimisiún leibhéal iomchuí ionadaíochta a áirithiú. Faoin 1 Aibreán 2011, comórfaidh an Coimisiún an chéad chruinniú den choiste achomhairc chun a chuid rialacha nós imeachta a ghlacadh.

Airteagal 4

An nós imeachta comhairliúcháin

1. I gcás ina mbeidh feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin, tabharfaidh an coiste a thuairim trí vótáil más gá sin. Má vótálann an coiste, tabharfar an tuairim trí thromlach simplí na gcomhaltaí a chomhdhéanann an coiste.

2. Cinnfidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme atá le glacadh, agus na conclúidí ó aon phlé laistigh den choiste agus an tuairim a tugadh á gcur san áireamh go hiomlán.

Airteagal 5

An nós imeachta scrúdúcháin

1. I gcás ina mbeidh feidhm leis an nós imeachta scrúdúcháin, tabharfaidh an coiste a thuairim tríd an tromlach a leagtar síos in Airteagal 16(4) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 238(3) CFAE, i gcás gníomhartha atá le glacadh ar thogra ón gCoimisiún. Déanfar vótaí ionadaithe na mBallstát laistigh den choiste a ualú ar an tslí a leagtar amach sna hAirteagail sin.

2. I gcás ina dtugann an coiste tuairim dhearfach, glacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3. Gan dochar d’Airteagal 7, má thugann an coiste tuairim dhiúltach, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme. I gcás ina meastar gá a bheith le gníomh cur chun feidhme, féadfaidh an cathaoirleach leagan leasaithe den dréachtghníomh cur chun feidhme a chur faoi bhráid an choiste chéanna laistigh de dhá mhí ón tráth a thugtar an tuairim dhiúltach nó féadfaidh an cathaoirleach, laistigh de mhí amháin ón tráth a thugtar an tuairim sin, an dréachtghníomh cur chun feidhme a chur faoi bhráid an choiste achomhairc le haghaidh tuilleadh plé ina leith.

4. I gcás nach dtugtar aon tuairim, féadfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sa dara fomhír. I gcás nach nglacann an Coimisiún an dréachtghníomh cur feidhme, féadfaidh an cathaoirleach leagan leasaithe de a chur faoi bhráid an choiste.

Gan dochar d’Airteagal 7, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme más rud é:

(a) go mbaineann an gníomh sin le cánachas, le seirbhísí airgeadais, le cosaint sláinte nó sábháilteachta daoine, ainmhithe nó plandaí, nó le bearta coimirce iltaobhacha cinntitheacha,

(b) go bhforáiltear leis an ngníomh bunúsach nach bhféadfar an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcás nach dtugtar aon tuairim, nó

(c) go bhfuil tromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann an coiste ina choinne.

In aon cheann de na cásanna dá dtagraítear sa dara fomhír, i gcás ina meastar gá a bheith le gníomh cur chun feidhme, féadfaidh an cathaoirleach leagan leasaithe den ghníomh sin a chur faoi bhráid an choiste chéanna laistigh de dhá mhí ó dháta na vótála nó féadfaidh an cathaoirleach an dréachtghníomh cur chun feidhme a chur faoi bhráid an choiste achomhairc laistigh de mhí amháin ó dháta na vótála le haghaidh tuilleadh plé ina leith.

5. De mhaolú ar mhír 4, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas maidir le dréachtbhearta cinntitheacha frithdhumpála nó frithchúitimh a ghlacadh, i gcás nach dtugann an coiste aon tuairim agus ina bhfuil tromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann an coiste sin i gcoinne an dréachtghnímh cur chun feidhme.

Rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin leis na Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún, ceithre lá dhéag ar a thúisce agus mí amháin ar a dhéanaí tar éis an chruinnithe coiste, comhaltaí an choiste a chur ar an eolas faoi thorthaí na gcomhairliúchán sin agus déanfaidh sé dréachtghníomh cur chun feidhme a thíolacadh don choiste achomhairc. De mhaolú ar Airteagal 3(7), tiocfaidh an coiste achomhairc le chéile ceithre lá dhéag ar a thúisce agus mí amháin ar a dhéanaí tar éis thíolacadh an dréachtghnímh cur chun feidhme. Tabharfaidh an coiste achomhairc a thuairim i gcomhréir le hAirteagal 6. Beidh na teorainneacha ama a leagtar síos sa mhír seo gan dochar don ghá go ndéanfar na spriocdhátaí a leagtar síos sna gníomhartha bunúsacha ábhartha a urramú.

Airteagal 6

Tarchur chuig an gcoiste achomhairc

1. Tabharfaidh an coiste achomhairc a thuairim leis an tromlach dá bhforáiltear in Airteagal 5(1).

2. Go dtí go dtugtar tuairim, féadfaidh aon chomhalta den choiste achomhairc leasuithe ar an dréachtghníomh cur chun feidhme a mholadh agus féadfaidh an cathaoirleach a chinneadh cibé acu a mhodhnófar nó nach modhnófar é.

Féachfaidh an cathaoirleach le teacht ar réitigh a mbeidh an tacaíocht is forleithne agus is féidir acu laistigh den choiste achomhairc.

Cuirfidh an cathaoirleach an coiste achomhairc ar an eolas faoin modh ina ndearnadh na pléití agus na moltaí i gcomhair leasuithe a chur san áireamh, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na moltaí i gcomhair leasuithe ar tugadh tacaíocht mhór dóibh laistigh den choiste achomhairc.

3. I gcás ina dtugann an coiste achomhairc tuairim dhearfach, glacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

I gcás nach dtugtar aon tuairim, féadfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh.

I gcás ina dtugann an coiste achomhairc tuairim dhiúltach, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

4. De mhaolú ar mhír 3, maidir le bearta coimirce iltaobhacha cinntitheacha a ghlacadh, i gcás nach dtugtar tuairim dhearfach arna vótáil leis an tromlach dá bhforáiltear in Airteagal 5(1), ní ghlacfaidh an Coimisiún na dréachtbhearta.

5. De mhaolú ar mhír 1, go dtí an 1 Meán Fómhair 2012, déanfaidh an coiste a thuairim maidir le dréachtbhearta cinntitheacha frithdhumpála nó frithchúitimh a ghlacadh trí thromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann é.

Airteagal 7

Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcásanna eisceachtúla

De mhaolú ar Airteagal 5(3) agus ar an dara fomhír d’Airteagal 5(4), féadfaidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcás inar gá é a ghlacadh gan mhoill le nach gcruthófar cur isteach suntasach ar na margaí i réimse na talmhaíochta nó riosca do leasanna airgeadais an Aontais de réir bhrí Airteagal 325 CFAE.

I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme atá glactha a chur faoi bhráid an choiste achomhairc láithreach. I gcás ina dtabharfaidh an coiste achomhairc tuairim dhiúltach i dtaobh an ghnímh cur chun feidhme atá glactha, aisghairfidh an Coimisiún an gníomh sin láithreach. I gcás ina dtabharfaidh an coiste achomhairc tuairim dhearfach nó i gcás nach dtugann sé aon tuairim, fanfaidh an gníomh cur chun feidhme i bhfeidhm.

Airteagal 8

Gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach

1. De mhaolú ar Airteagal 4 agus ar Airteagal 5, féadfar a fhoráil le gníomh bunúsach, ar mhórchúiseanna práinne atá cuí-réasúnaithe, go mbeidh feidhm ag an Airteagal seo.

2. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm aige láithreach, gan é a chur faoi bhráid coiste roimh ré, agus leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí mura rud é go bhforáiltear a mhalairt leis an ngníomh bunúsach.

3. Ceithre lá dhéag ar a dhéanaí tar éis an gníomh dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh, cuirfidh an cathaoirleach faoi bhráid an choiste ábhartha é chun a thuairim a fháil ina leith.

4. I gcás ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin, i gcás ina dtugann an coiste tuairim dhiúltach, déanfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le mír 2 a aisghairm láithreach.

5. I gcás ina nglacann an Coimisiún bearta sealadacha frithdhumpála nó frithchúitimh, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal seo. Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit nó tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas ina leith i gcásanna fíorphráinne. Sa chás deireanach sin, beidh na comhairliúcháin ann deich lá, ar a dhéanaí, tar éis na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún a chur in iúl do na Ballstáit.

Airteagal 9

Rialacha nós imeachta

1. Déanfaidh gach coiste, trí thromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann é, a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh ar thogra óna chathaoirleach, ar bhonn rialacha caighdeánacha atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit. Foilseoidh an Coimisiún na rialacha caighdeánacha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

A mhéid is gá, déanfaidh coistí atá ann cheana a rialacha nós imeachta a oiriúnú do na rialacha caighdeánacha.

2. Maidir leis na prionsabail agus na coinníollacha a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus leis na rialacha i ndáil le cosaint sonraí atá infheidhme maidir leis an gCoimisiún, beidh feidhm acu freisin maidir leis na coistí.

Airteagal 10

Faisnéis maidir le himeachtaí na gcoistí

1. Coimeádfaidh an Coimisiún clár d’imeachtaí na gcoistí agus beidh an méid seo a leanas sa chlár sin:

(a) liosta de na coistí,

(b) cláir oibre chruinnithe na gcoistí,

(c) na taifid achoimre, mar aon leis na liostaí de na húdaráis agus de na heagraíochtaí lena mbaineann na daoine arna n-ainmniú ag na Ballstáit chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh,

(d) na dréachtghníomhartha cur chun feidhme ar ina leith a iarrtar ar na coistí tuairim a thabhairt,

(e) torthaí na vótála,

(f) na dréachtghníomhartha cur chun feidhme críochnaitheacha tar éis tuairim na gcoistí a thabhairt,

(g) an fhaisnéis a bhaineann le glacadh na ndréachtghníomhartha críochnaitheacha cur chun feidhme ag an gCoimisiún, agus

(h) sonraí staidrimh ar obair na gcoistí.

2. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil freisin ar obair na gcoistí.

3. Beidh rochtain ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

4. Ag an am céanna agus a sheolfaidh an Coimisiún na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (d) agus i bpointe (f) de mhír 1 chuig comhaltaí an choiste, cuirfidh sé na doiciméid sin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus, chomh maith leis sin, cuirfidh sé in iúl dóibh go bhfuil na doiciméid sin ar fáil.

5. Déanfar an fhaisnéis tagartha a bhaineann leis na doiciméid uile dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g) de mhír 1, chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1, a phoibliú sa chlár.

Airteagal 11

Ceart grinnscrúdaithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle

I gcás ina ndéantar gníomh bunúsach a ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, aon tráth, a léiriú don Choimisiún gurb é a thuairim go dtéann dréachtghníomh cur chun feidhme thar na cumhachtaí cur chun feidhme dá bhforáiltear sa ghníomh bunúsach. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an dréachtghníomh cur chun feidhme, agus na seasaimh a léiríodh á gcur san áireamh, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas i dtaobh an mbeartaíonn sé an dréachtghníomh cur chun feidhme a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar.

Airteagal 12

Cinneadh 1999/468/CE a aisghairm

Déantar Cinneadh 1999/468/CE a aisghairm leis seo.

Déanfar éifeachtaí Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE a choimeád ar bun chun críocha na ngníomhartha bunúsacha atá ann cheana agus a dhéanann tagairt don Airteagal sin.

Airteagal 13

Forálacha idirthréimhseacha: gníomhartha bunúsacha atá ann cheana a oiriúnú

1. I gcás ina ndéantar foráil le gníomhartha bunúsacha a glacadh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le feidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) i gcás ina ndéantar tagairt sa ghníomh bunúsach d’Airteagal 3 de Chinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo;

(b) i gcás ina ndéantar tagairt sa ghníomh bunúsach d’Airteagal 4 de Chinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo ach ní bheidh feidhm ag an dara fomhír ná an tríú fomhír d’Airteagal (5)4 den Rialachán seo;

(c) i gcás ina ndéantar tagairt sa ghníomh bunúsach d’Airteagal 5 de Chinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo agus measfar go bhforáiltear leis an ngníomh bunúsach nach bhféadfaidh an Coimisiún, i gcás nach dtugtar tuairim, an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh, mar a shamhlaítear i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 5(4);

(d) i gcás ina ndéantar tagairt sa ghníomh bunúsach d’Airteagal 6 de Chinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag Airteagal 8 den Rialachán seo;

(e) i gcás ina ndéantar tagairt sa ghníomh bunúsach d’Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Chinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag Airteagal 10 agus ag Airteagal 11 den Rialachán seo.

2. Chun críocha mhír 1, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 9 den Rialachán seo maidir le gach coiste atá ann cheana.

3. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 7 den Rialachán seo ach amháin maidir le nósanna imeachta atá ann cheana agus ina ndéantar tagairt d’Airteagal 4 de Chinneadh 1999/468/CE.

4. Ní dhéanfaidh na forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos san Airteagal seo réamhbhreith ar chineál na ngníomhartha lena mbaineann.

Airteagal 14

Socrú idirthréimhseach

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh agus inar thug coiste a thuairim cheana i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 15

Athbhreithniú

Faoin 1 Márta 2016, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme an Rialacháin seo maille le tograí reachtacha iomchuí, más gá sin.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Márta 2011.

Tá an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 16 Feabhra 2011

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. Buzek

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Martonyi J.

[1] Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Feabhra 2011.

[2] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

[3] IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

--------------------------------------------------

Barr

Á bhainistiú ag an Oifig Foilseachán