32010R1234


Teideal agus tagairt

Rialachán (AE) Uimh. 1234/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (Rialachán CEM Aonair) maidir leis an gcabhair a dheonaítear faoi chuimsiú Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine

 IO L 346, 30.12.2010, lgh 11-12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

 BG  CS  DA  DE  EL  EN  ES  ET  FI  FR  GA  HU  IT  LT  LV  MT  NL  PL  PT  RO  SK  SL  SV

Téacs

BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV
html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html
pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf
tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff

Dátaí

Ranguithe

Faisnéis ilghnéitheach

Nós imeachta

Gaol idir na doiciméid

Téacs

Taispeáint dhátheangach: BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HU IT LT LV MT NL PL PT RO SK SL SV

Rialachán (AE) Uimh. 1234/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

an 15 Nollaig 2010

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (Rialachán CEM Aonair) maidir leis an gcabhair a dheonaítear faoi chuimsiú Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [1],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach [2],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Na rialacha sonracha maidir leis an gcabhair a fhéadfaidh an Ghearmáin a dheonú faoi chuimsiú Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine (an Mhonaplacht) dá bhforáiltear in Airteagal 182(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán CEM Aonair) [3], rachaidh siad in éag an 31 Nollaig 2010.

(2) De réir na tuarascála a thíolaic an Coimisiún de bhun Airteagal 184(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, tá laghdú tagtha ar thábhacht na Monaplachta le blianta beaga anuas. Idir na blianta 2001 agus 2008, d'fhág tuairim is 70 banna-dhrioglann talmhaíochta (landwirtschaftliche Verschlussbrennereien) an Mhonaplacht. Tháinig laghdú ar na toirteanna a dhíol an Mhonaplacht ó bhí an bhliain 2003 ann agus tháinig laghdú ar an mbuiséad ó EUR 110 milliún in 2003 go EUR 80 milliún in 2008. I ngeall air sin, tá iarrachtaí déanta ag roinnt drioglann cheana féin iad féin a ullmhú chun dul isteach sa saormhargadh trí chomharchumainn a chruthú, trí infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh a úsáideann níos lú fuinnimh, chun costais táirgthe a laghdú, agus trí níos mó margaíochta dírí a dhéanamh ar a gcuid alcóil. Ar a shon sin, tá gá le níos mó ama chun an próiseas oiriúnúcháin sin a éascú agus chun a chumasú do dhriogairí maireachtáil sa saormhargadh. Meastar go bhfuil fadú a mhairfidh roinnt blianta breise ag teastáil chun an próiseas a bhaineann le deireadh a chur leis an Monaplacht, agus leis an gcabhair freisin, a thabhairt chun críche, agus chun an Mhonaplacht a chéimniú amach go cinntitheach.

(3) I roinnt codanna den Ghearmáin, tá drioglanna alcóil nasctha go traidisiúnta le feirmeacha beaga agus meánmhéide agus tá ról tábhachtach acu i dtaca leis na feirmeacha do leanúint dá ngníomhaíochtaí trí ioncam breise a sholáthar d'fheirmeoirí agus trí fhostaíocht a áirithiú i limistéir thuaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, go leanfadh banna-dhrioglanna talmhaíochta a phróiseálann gránaigh agus prátaí go príomha de bheith in ann cabhair a fháil tríd an Monaplacht go dtí an 31 Nollaig 2013. Faoin dáta sin, ba cheart gach drioglann a bheith tar éis dul isteach sa saormhargadh. Tá an spriocdháta sin i gcomhthráth le tosach na tréimhse nua cláreagraithe i gcomhair forbartha tuaithe, 2014-2020, rud a fhágann go bhféadfadh an Ghearmáin codanna de na cistí a úsáidtear le haghaidh na Monaplachta a aistriú chuig a clár forbartha tuaithe.

(4) Rannchuidíonn drioglanna beagscála cothromráta (Abfindungsbrennereien), úsáideoirí drioglainne (Stoffbesitzer) agus drioglanna comharchumainn torthaí (Obstgemeinschaftsbrennereien) go háirithe le tírdhreacha traidisiúnta agus bithéagsúlacht a chaomhnú trí chabhair a thabhairt maidir le húlloird a sholáthraíonn amhábhair do na driogairí a chaomhnú. Agus an méid sin á chur san áireamh, agus ós rud é gur táirgeadh áitiúil an-teoranta atá i dtáirgeadh na ndrioglann sin, ba cheart go leanfaidís de bheith in ann tairbhe a bhaint as an gcabhair a dheonaítear faoin Monaplacht go ceann tréimhse deiridh go dtí an 31 Nollaig 2017. Tá deireadh le cur leis an Monaplacht faoin dáta sin. Chun a áirithiú go bhfuil an chabhair sin á céimniú amach iarbhír, ba cheart don Ghearmáin pleananna céimnithe amach a thíolacadh gach bliain amhail ón mbliain 2013.

(5) Faoi chuimsiú na Monaplachta, tá táirgeadh alcóil eitiligh teoranta agus, faoi láthair, freagraíonn sé do mhéid is lú ná 10 % de tháirgeadh iomlán alcóil eitiligh de thionscnamh na talmhaíochta sa Ghearmáin. Ós rud é, go háirithe, go mbeidh gach banna-dhrioglann tar éis dul isteach sa saormhargadh faoin 31 Nollaig 2013, tiocfaidh laghdú suntasach ar an gcéatadán sin tar éis an dáta sin.

(6) Chun comhleanúnachas a áirithiú le linn an chabhair a dheonú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2011.

(7) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 182 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Maidir leis an maolú atá ann sa dara mír d'Airteagal 180 den Rialachán seo, beidh feidhm aige maidir le híocaíochtaí cabhrach a dheonaíonn an Ghearmáin faoi chuimsiú chreat náisiúnta Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine (an Mhonaplacht) atá ann cheana, i gcás táirgí a mhargaíonn an Mhonaplacht, tar éis iad a chlaochlú tuilleadh, mar alcól eitileach de thionscnamh na talmhaíochta arna liostú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Maidir leis an maolú sin, oibreoidh sé go dtí an 31 Nollaig 2017, agus go dtí an dáta sin amháin, beidh sé gan dochar d'fheidhm Airteagal 108(1) agus na chéad abairte d'Airteagal 108(3) CFAE, agus beidh de choinníoll ag gabháil leis go gcomhlíontar na forálacha seo a leanas:

(a) maidir le táirgeacht iomlán an alcóil eitiligh faoin Monaplacht, ar táirgeacht í a bhaineann tairbhe as an gcabhair, tiocfaidh laghdú uirthi de réir a chéile ó uasmhéid 600000 hl in 2011, go 420000 hl in 2012, agus go 240000 hl in 2013, agus féadfaidh uasmhéid 60000 hl a bheith inti in aghaidh na bliana ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, dáta a scoirfidh an Mhonaplacht de bheith ar marthain;

(b) maidir le táirgeacht banna-dhrioglann talmhaíochta a bhaineann tairbhe as an gcabhair, tiocfaidh laghdú de réir a chéile uirthi ó 540000 hl in 2011, go 360000 hl in 2012, agus go 180000 hl in 2013. Faoin 31 Nollaig 2013, fágfaidh gach banna-dhrioglann talmhaíochta an Mhonaplacht. Tar éis an Mhonaplacht a fhágáil, ceadófar do gach banna-dhrioglann talmhaíochta cabhair chúiteach EUR 257,50 in aghaidh an hl de chearta driogtha ainmniúla a fháil, de réir bhrí na reachtaíochta Gearmánaí is infheidhme. Féadfar an chabhair chúiteach sin a dheonú tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2013. Féadfar í a íoc, áfach, i roinnt tráthchodanna a ndéanfar an tráthchuid dheireanach díobh a íoc tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017;

(c) maidir leis an gcabhair a dheonaíonn an Mhonaplacht, féadfaidh drioglanna beagscála cothromráta, úsáideoirí drioglainne agus drioglanna comharchumainn torthaí tairbhe a bhaint aisti go dtí an 31 Nollaig 2017, ar choinníoll nach dtéann an táirgeacht a bhaineann tairbhe as an gcabhair thar 60000 hl in aghaidh na bliana;

(d) ní rachaidh iomlán na cabhrach a íocfar ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2013 thar EUR 269,9 milliún, agus ní rachaidh méid iomlán na cabhrach a íocfar ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017 thar EUR 268 milliún; agus

(e) gach bliain roimh an 30 Meitheamh, cuirfidh an Ghearmáin tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le feidhmiú na Monaplachta agus maidir leis an gcabhair a deonaíodh faoina cuimsiú an bhliain roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ina theannta sin, áireofar sna tuarascálacha bliantúla a bheidh le tíolacadh sna blianta 2013 go 2016 plean bliantúil céimnithe amach don bhliain ina dhiaidh sin, ar plean é a bhainfidh leis na drioglanna beagscála cothromráta, le húsáideoirí drioglainne agus le drioglanna comharchumainn torthaí.".

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 15 Nollaig 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. Buzek

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. Chastel

[1] Tuairim an 15 Meán Fómhair 2010 (nar foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

[2] Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Nollaig 2010.

[3] IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

--------------------------------------------------

Barr

Á bhainistiú ag an Oifig Foilseachán