32009R0396


Teideal agus tagairt

Rialachán (CE) Uimh. 396/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa chun na cineálacha costais atá incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ón CSE a leathnú

 IO L 126, 21.5.2009, lgh 1-2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

 BG  CS  DA  DE  EL  EN  ES  ET  FI  FR  GA  HU  IT  LT  LV  MT  NL  PL  PT  RO  SK  SL  SV

Téacs

BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV
html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html html
pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf pdf
tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff tiff

Dátaí

Ranguithe

Faisnéis ilghnéitheach

Nós imeachta

Gaol idir na doiciméid

Téacs

Taispeáint dhátheangach: BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HU IT LT LV MT NL PL PT RO SK SL SV

Rialachán (CE) Uimh. 396/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

an 6 Bealtaine 2009

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa chun na cineálacha costais atá incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ón CSE a leathnú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 148 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [1],

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh [2],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Foráiltear le hAirteagal 56 de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe [3] go mbunófar rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais ar an leibhéal náisiúnta, maille le heisceachtaí áirithe arna leagan síos do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus do Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE).

(2) Socraítear le hAirteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [4] cén caiteachas atá incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ón CSE faoi mar atá sé sainithe in Airteagal 11(1) den Rialachán sin.

(3) Tugann an ghéarchéim airgeadais údar don ghá atá le tuilleadh simplithe chun rochtain a éascú ar dheontais arna gcómhaoiniú ag CSE.

(4) Mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ina tuarascáil bhliantúil 2007 gur cheart go mbeadh na húdaráis reachtaíochta agus an Coimisiún sásta athbhreithniú a dhéanamh ar dhearadh na gclár caiteachais a bheidh ann amach anseo trí bhreithniú cuí a dhéanamh ar an mbonn ar a ríomhtar na costais incháilithe a shimpliú agus trí úsáid níos mó a bhaint as íocaíochtaí cnapshuime nó cothromráta in ionad aisíocaíocht a dhéanamh ar "fíorchostais".

(5) D’fhonn a áirithiú go ndéanfar an simpliú is gá ar bhainistiú, ar riaradh agus ar rialú na n-oibríochtaí a fhaightear deontas CSE ina leith, go háirithe nuair atá siad nasctha le córas aisíocaíochta bunaithe ar thorthaí, is cuí dhá chineál costais incháilithe sa bhreis a chur leo, eadhon, cnapshuimeanna agus scálaí caighdeánacha cothromráta costais aonaid.

(6) D’fhonn an deimhneacht dhlíthiúil i ndáil le hincháilitheacht caiteachais a áirithiú, ba cheart go mbeadh an simpliú sin infheidhme ar gach deontas a fhaightear ón CSE. Ba cheart, mar sin, go mbeadh gá le cur i bhfeidhm cúlghabhálach le héifeacht ón 1 Lúnasa 2006, arb é an dáta ar tháinig Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 i bhfeidhm.

(7) Ba cheart, mar sin, Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear mír 3 d’Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 leis seo mar a leanas:

1. cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b) i gcás deontas:

(i) costais indíreacha, arna ndearbhú ar bhonn cothromráta, de suas le 20 % de chostais dhíreacha oibríochta;

(ii) costais chothromráta arna ríomh trí scálaí caighdeánacha costais aonaid, arna sainiú ag an mBallstát, a chur i bhfeidhm;

(iii) cnapshuimeanna chun costais iomlána oibríochta, nó cuid díobh, a chumhdach".

2. cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:

"Ní fhéadfar na roghanna dá dtagraítear i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) de phointe (b) a chomhcheangal ach amháin i gcás ina gcumhdaíonn gach ceann acu catagóir éagsúil chostais incháilithe nó i gcás ina mbaintear úsáid astu le haghaidh tionscadal éagsúil san oibríocht chéanna.

Socrófar na costais dá dtagraítear i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) de phointe (b) roimh ré ar bhonn ríomha a bheidh cóir, cothromasach agus infhíoraithe.

Ní rachaidh an chnapshuim dá dtagraítear i bpointe (iii) de phointe (b) thar EUR 50000".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige, áfach, ón 1 Lúnasa 2006.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Bealtaine 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,

An tUachtarán

H.-G. Pöttering

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán

J. Kohout

[1] Tuairim an 25 Feabhra 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

[2] Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009.

[3] IO L 210, 31.7.2006, lch. 25.

[4] IO L 210, 31.7.2006, lch. 12.

--------------------------------------------------

Barr

Á bhainistiú ag an Oifig Foilseachán