EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R0219

Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 lena ndéantar líon áirithe ionstraimí atá faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh a oiriúnú do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairlemaidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú – Cuid A Dó

OJ L 87, 31.3.2009, p. 109–154 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 01 Volume 004 P. 212 - 257

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/219/oj

31.3.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/109


RIALACHÁN (CE) UIMH. 219/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2009

lena ndéantar líon áirithe ionstraimí atá faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh a oiriúnú do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú – Cuid A Dó

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagail 37, 44(1), 71, 80(2), 95, 152(4)(b), 175(1), 179 agus 285 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4) a leasú le Cinneadh 2006/512/CE (5), lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta a ghlacadh a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus ar bearta iad atá ceaptha chun leasú a dhéanamh ar eilimintí neamhriachtanacha d'ionstraim bhunaidh, arna glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, inter alia trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha.

(2)

I gcomhréir leis an ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (6) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúchán lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir le hionstraimí arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana féin, ní mór na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

(3)

Ós rud é go bhfuil na leasuithe a dhéantar ar ionstraimí chun na críche seo de chineál teicniúil agus nach mbaineann siad ach amháin leis an nós imeachta coiste, ní gá mar sin, i gcás treoracha, go ndéanfaidh na Ballstáit iad a thrasuí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar na hionstraimí a liostaítear san Iarscríbhinn a oiriúnú leis seo, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin, do Chinneadh 1999/468/CE, arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE.

Airteagal 2

Tuigfear, maidir le tagairtí d'fhorálacha na n-ionstraimí atá liostaithe san Iarscríbhinn, gur tagairtí iad do na forálacha sin arna n-oiriúnú leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VONDRA


(1)  IO C 224, 30.08.08, lch. 35.

(2)  IO C 117, 14.05.08, lch. 1.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 16 Feabhra 2009.

(4)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(5)  IO L 200, 22. 7.2006, lch. 11.

(6)  IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

1.   CABHAIR DHAONNÚIL

Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil  (1)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1257/96, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh don Rialachán sin. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 a leasú, trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 leis seo mar a leanas:

1.

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú mír:

‘Déanfaidh an Coimisiún cinntí chun leanúint d’oibríochtaí arna nglacadh faoin nós imeachta éigeandála, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus laistigh de na teorainneacha atá socraithe sa dara fleasc d’Airteagal 15(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

1.   Glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme le haghaidh an Rialacháin seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 17(4).

2.   Ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(3), déanfaidh an Coimisiún:

cinneadh maidir le maoiniú ón gComhphobal le haghaidh oibríochtaí cosanta do chabhair dhaonnúil dá dtagraítear in Airteagal 2(c),

cinneadh go ndéanfaidh an Coimisiún gníomh díreach nó go maoineoidh sé gníomh arna dhéanamh ag sainghníomhaireachtaí na mBallstát.

3.   Ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 17(2), déanfaidh an Coimisiún:

ollphleananna atá beartaithe chun socruithe a dhéanamh maidir le gníomhartha in aon tír nó in aon réigiún ar leith i gcás ina bhfuil scála agus castacht na géarchéime daonnúla de chineál a fhágann gur dóigh go leanfaidh sé ar aghaidh, agus na buiséid le haghaidh na bpleananna sin, a fhormheas. Sa chomhthéacs seo, scrúdóidh an Coimisiún agus na Ballstáit na tosaíochtaí atá le bunú agus na hollphleananna sin á gcur chun feidhme,

cinneadh maidir le tionscadail de bhreis ar ECU 2 mhilliún, gan dochar d’Airteagal 13.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

‘Airteagal 17

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Mí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Mí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

2.   FIONTAR

2.1.   Treoir 75/324/CEE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1975 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le dáileoirí aerasóil  (2)

Maidir le Treoir 75/324/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hoiriúnuithe teicniúla is gá don Treoir sin, agus na leasuithe atá riachtanach chun an Iarscríbhinn a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil, a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 75/324/CEE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 75/324/CEE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(2).’;

2.

leasaítear Airteagal 7 leis seo mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 3;

3.

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Féadfaidh an Coimisiún oiriúnuithe teicniúla riachtanacha ar an Treoir seo a ghlacadh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

Sa chás sin, féadfaidh an Ballstát, tar éis dó bearta coimirce a ghlacadh, iad a choimeád i bhfeidhm go dtí go dtiocfaidh na hoiriúnuithe i bhfeidhm.’.

2.2.   Treoir 93/15/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le comhchuibhiú na bhforálacha i ndáil le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar an margadh agus a mhaoirsiú  (3)

Maidir le Treoir 93/15/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an Treoir a oiriúnú chun aon leasuithe ar mholtaí na Náisiún Aontaithe sa todhchaí a chur san áireamh agus chun na coinníollacha a leagan síos maidir leis an dara mír d’Airteagal 14 a chur i bhfeidhm. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 93/15/CEE a leasú trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 93/15/CEE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   Scrúdóidh an coiste aon ábhar a bhaineann leis an Treoir seo a chur i bhfeidhm.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3, bearta cur chun feidhme a ghlacadh go háirithe chun aon leasuithe ar mholtaí na Náisiún Aontaithe sa todhchaí a chur san áireamh.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 14:

‘Fionnfaidh na Ballstáit an bhfuil córas ag gnóthais den sórt sin chun taifead a choinneáil ar phléascáin sa chaoi is gur féidir na daoine a bhfuil pléascáin ina seilbh acu a shainaithint ag am ar bith. Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh lena leagfar síos na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míre seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(4).’.

2.3.   Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh lena úsáid lasmuigh  (4)

Maidir le Treoir 2000/14/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun Iarscríbhinn III a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2000/14/CE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2000/14/CE leis seo mar a leanas:

1.

leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 3;

2.

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 18a

Glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme chun Iarscríbhinn III a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil, ar choinníoll nach bhfuil aon iarmhairt dhíreach acu ar leibhéal tomhaiste na cumhachta fuaime i gcás an trealaimh a liostaítear in Airteagal 12, go háirithe trí thagairtí do chaighdeáin Eorpacha ábhartha a chur san áireamh.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(2).’;

3.

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún agus Iarscríbhinn III á cur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil.’.

2.4.   Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 maidir le leasacháin  (5)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún a iarscríbhinní a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil, na modhanna tomhaiste, samplála agus anailíse a oiriúnú, rialacha a ghlacadh maidir le bearta rialaithe agus cineálacha nua leasachán CE a áireamh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 leis seo mar a leanas:

1.

in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Déanfaidh an Coimisiún na modhanna tomhaiste, samplála agus anailíse a oiriúnú agus a nuachóiriú agus úsáidfidh sé, aon uair is féidir, na Caighdeáin Eorpacha. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 32(3). Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le rialacha cur chun feidhme a ghlacadh, ar rialacha iad a bhfuil gá leo chun na bearta rialaithe dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 8, Airteagal 26 agus Airteagal 27 a shonrú. Díreoidh na rialacha sin go háirithe ar a mhinice is gá na tástálacha a athdhéanamh, chomh maith le bearta atá ceaptha chun a áirithiú gurb ionann an leasachán a chuirtear ar an margadh agus an leasachán a ndearnadh tástáil air.’;

2.

leasaítear Airteagal 31 leis seo mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Oiriúnóidh an Coimisiún Iarscríbhinn I chun cineálacha nua leasachán a áireamh.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Oiriúnóidh an Coimisiún na hIarscríbhinní chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh.’;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 32(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32:

‘Airteagal 32

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

2.5.   Treoir 2004/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le dea-chleachtas saotharlainne (DCS) a iniúchadh agus a fhíorú (leagan códaithe)  (6)

Maidir le Treoir 2004/9/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn I a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus an fhoirmle in Airteagal 2(2) a athrú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/9/CE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/9/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(3):

‘3.   Má mheasann an Coimisiún gur gá leasuithe ar an Treoir seo chun na nithe dá dtagraítear i mír 1 a réiteach, glacfaidh sé na leasuithe sin.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 29(1) de Threoir 67/548/CEE ón gComhairle (7), dá ngairtear “an Coiste” anseo feasta, cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2):

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme le haghaidh an méid seo a leanas:

(a)

an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a oiriúnú;

(b)

Iarscríbhinn I a oiriúnú chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’.

2.6.   Treoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhchuibhiú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le prionsabail dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus i ndáil lena gcur i bhfeidhm a fhíorú i gcás tástálacha ar shubstaintí ceimiceacha (leagan códaithe)  (8)

Maidir le Treoir 2004/10/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn I a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/10/CE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/10/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 3a

Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil, ag féachaint do na prionsabail DCS.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 4(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 29(1) de Threoir 67/548/CEE ón gComhairle (9) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

3.

in Airteagal 5(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Féadfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun oiriúnuithe teicniúla riachtanacha ar an Treoir seo a thabhairt isteach.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

Sa chás dá dtagraítear sa tríú fomhír, féadfaidh an Ballstát a ghlac na bearta coimirce, iad a choimeád i bhfeidhm go dtí go dtiocfaidh na hoiriúnuithe sin i bhfeidhm.’.

2.7.   Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí  (10)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 leis seo mar a leanas:

1.

leasaítear Airteagal 14 leis seo mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:’;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) den chéad mhír, ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

Déanfar na bearta dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad mhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 15(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste arna chur ar bun le hAirteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle (11) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

2.8.   Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh  (12)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 648/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún a iarscríbhinní a oiriúnú agus aon leasuithe nó breisithe is gá a ghlacadh chun rialacha an Rialacháin sin a chur i bhfeidhm ar ghlantaigh atá bunaithe ar thuaslagóirí, i gcás inar gá sin. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 leis seo mar a leanas:

1.

scriostar aithris 27;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Na hIarscríbhinní a oiriúnú

1.   Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá chun na hIarscríbhinní a oiriúnú agus úsáidfidh sé, aon uair is féidir, na Caighdeáin Eorpacha.

2.   Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe nó breisithe is gá chun rialacha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm ar ghlantaigh atá bunaithe ar thuaslagóirí.

3.   Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

4.

in Iarscríbhinn VII, pointe A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú mír:

‘Má bhunaíonn SCCNFP teorainneacha tiúchana rioscabhunaithe ar leith do na hailléirginí cumhra ina dhiaidh sin, molfaidh an Coimisiún na teorainneacha sin a ghlacadh chun ionad na teorann 0,01 % a luaitear thuas a thógáil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’.

2.9.   Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach  (13)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún forálacha agus iarscríbhinní áirithe a oiriúnú, forálacha nua a ghlacadh, agus coinníollacha sonracha maidir le cur chun feidhme a leagan síos. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(4):

‘4.   Tar éis dó dul i gcomhairle le coiste inniúil na Gníomhaireachta, féadfaidh an Coimisiún an Iarscríbhinn a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch agus féadfaidh sé aon leasuithe is gá a ghlacadh gan raon feidhme an nós imeachta láraithe a leathnú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 87(2a).’;

2.

in Airteagal 14(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Glacfaidh an Coimisiún Rialachán lena leagtar síos forálacha chun údarú den sórt sin a dheonú. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 87(2a).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(4):

‘4.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, forálacha iomchuí a ghlacadh chun athruithe ar údaruithe margaíochta a scrúdú i bhfoirm rialacháin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 87(2a).’;

4.

leasaítear Airteagal 24 leis seo mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:

‘Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta le haghaidh táirge míochaine lena úsáid ag an duine a áirithiú go ndéantar gach frithghníomh amhrasta, dochrach, tromchúiseach gan choinne agus aon tarchur amhrasta oibreáin thógálaigh trí tháirge míochaine a tharlaíonn i gcríoch tríú tír a chur in iúl do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht go pras, agus tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an fhaisnéis a fháil. Glacfaidh an Coimisiún forálacha maidir le frithghníomhartha amhrasta, dochracha gan choinne nach bhfuil tromchúiseach a thuairisciú, cibé acu is sa Chomhphobal nó i dtríú tír a tharlaíonn siad. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 87(2a).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfaidh an Coimisiún forálacha a leagan síos chun mír 3 a leasú i bhfianaise na taithí a fuarthas le linn í a oibriú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 87(2a).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

‘Airteagal 29

Féadfaidh an Coimisiún aon leasú is gá a ghlacadh chun forálacha na Caibidle seo a uasdátú d’fhonn dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 87(2a).’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41(6):

‘6.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, forálacha iomchuí a ghlacadh chun athruithe ar údaruithe margaíochta a scrúdú i bhfoirm rialacháin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 87(2a).’;

7.

leasaítear Airteagal 49 leis seo mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:

‘Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta le haghaidh táirge míochaine tréidliachta a áirithiú go ndéantar gach frithghníomh amhrasta, dochrach, tromchúiseach gan choinne, agus frithghníomhartha dochracha i ndaoine, agus aon tarchur amhrasta oibreáin thógálaigh trí tháirge míochaine a tharlaíonn i gcríoch tríú tír a chur in iúl do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht go pras, agus tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an fhaisnéis a fháil. Glacfaidh an Coimisiún forálacha maidir le frithghníomhartha amhrasta, dochracha gan choinne nach bhfuil tromchúiseach a thuairisciú, cibé acu is sa Chomhphobal nó i dtríú tír a tharlaíonn siad. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 87(2a).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfaidh an Coimisiún forálacha a leagan síos chun mír 3 a leasú i bhfianaise na taithí a fuarthas le linn í á oibriú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 87(2a).’;

8.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 54:

‘Airteagal 54

Féadfaidh an Coimisiún aon leasú is gá a ghlacadh chun forálacha na Caibidle seo a uasdátú d’fhonn dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 87(2a).’;

9.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 70(2):

‘2.   Mar sin féin, glacfaidh an Coimisiún forálacha lena mbunaítear na himthosca ina bhféadfaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide táillí laghdaithe a íoc, íoc na táille a chur siar, nó cúnamh riaracháin a fháil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 87(2a).’;

10.

In Airteagal 84(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, féadfaidh an Coimisiún pionóis airgeadais a ghearradh ar shealbhóirí údaruithe margaíochta a dheonaítear faoin Rialachán seo más rud é nach n-urramaíonn siad oibleagáidí áirithe arna leagan síos maidir leis na húdaruithe. Leagfaidh an Coimisiún síos uasmhéideanna na bpionós seo chomh maith leis na coinníollacha agus na modhanna chun iad a bhailiú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 87(2a).’;

11.

leasaítear Airteagal 87 leis seo mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘2a.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 4.

3.   AN COMHSHAOL

3.1.   Treoir 82/883/CEE ón gComhairle an 3 Nollaig 1982 maidir le nósanna imeachta i dtaca le faireachas agus faireachán comhshaolta ar cás leo dramhaíl ó thionscal na dé-ocsaíde tíotáiniam  (14)

Maidir le Treoir 82/883/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún inneachar na nIarscríbhinní i dtaca le paraiméadair arna liostú sa cholún ‘cinneadh roghnach’ agus modhanna tagartha tomhais a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 82/883/CEE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 82/883/CEE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Glacfaidh an Coimisiún na leasuithe is gá chun inneachar na nIarscríbhinní i dtaca le paraiméadair arna liostú sa cholún “cinneadh roghnach” agus modhanna tagartha tomhais a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

1.   Tabharfaidh an coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

3.2.   Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, agus sloda séarachais á úsáid sa talmhaíocht  (15)

Maidir le Treoir 86/278/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún forálacha na nIarscríbhinní a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 86/278/CEE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 86/278/CEE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Déanfaidh an Coimisiún forálacha na nIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, cé is moite de na paraiméadair agus na luachanna arna liostú in Iarscríbhinní I A, I B agus I C, aon fhachtóirí ar dóigh go mbeadh tionchar acu ar mheastóireacht na luachanna, agus na paraiméadair le haghaidh anailíse dá dtagraítear in Iarscríbhinní II A agus II B.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

1.   Tabharfaidh an Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

3.3.   Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistiú  (16)

Maidir le Treoir 94/62/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún scrúdú agus, i gcás inar gá, athbhreithniú a dhéanamh ar na samplaí léiritheacha le haghaidh pacáistiú a shainmhíniú agus na coinníollacha a chinneadh ar fúthu nach mbeidh feidhm ag leibhéil tiúchana trom-mhiotal atá i bpacáistiú nó i gcomhpháirteanna pacáistithe maidir le hábhair áirithe agus lúba táirge, ar na cineálacha pacáistithe atá díolmhaithe ón gceanglas maidir le leibhéil tiúchana agus ar na bearta teicniúla is gá chun déileáil le haon deacrachtaí a bhaineann le forálacha na Treorach seo a chur i bhfeidhm. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 94/62/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 94/62/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír d’Airteagal 3(1):

‘Scrúdóidh an Coimisiún, nuair is iomchuí, agus athbhreithneoidh sé, nuair is gá, na samplaí léiritheacha le haghaidh pacáistiú a shainmhíniú arna thabhairt in Iarscríbhinn I. Mar thosaíocht, díreofar ar na rudaí seo a leanas: cásanna CD agus físeán, potaí bláthanna, feadáin agus sorcóirí a bhfuil ábhar solúbtha arna chasadh thart orthu, cúlstiallacha ó lipéid fhéinghreamaitheacha agus páipéar beartán. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 21(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(3):

‘3.   Cinnfidh an Coimisiún na coinníollacha ar fúthu nach mbeidh feidhm ag na leibhéil tiúchana dá dtagraítear i mír 1 maidir le hábhair athchúrsáilte agus lúba táirge atá i slabhra atá iata agus rialaithe, chomh maith le cineálacha pacáistithe atá díolmhaithe ón gceanglas dá dtagraítear sa tríú fleasc de mhír 1.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 21(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

‘3.   D’fhonn saintréithe agus cur i láthair na sonraí a sholáthraítear a chomhchuibhiú, agus chun go mbeidh sonraí na mBallstát comhoiriúnach lena chéile, soláthróidh na Ballstáit na sonraí atá ar fáil acu don Choimisiún, i bhformáidí a ghlacfar ar bhonn Iarscríbhinn III, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

‘Airteagal 19

Cur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil

1.   Déanfar na leasuithe is gá chun an córas aitheantais a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil (dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus in Airteagal 10, dara mír, fleasc dheiridh) agus na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí (dá dtagraítear in Airteagal 12(3) agus in Iarscríbhinn III) a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

2.   Glacfaidh an Coimisiún na leasuithe is gá chun na samplaí léiritheacha, le haghaidh pacáistiú a shainmhíniú, a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil (dá dtagraítear in Iarscríbhinn I). Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 21(3).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(1):

‘1.   Cinnfidh an Coimisiún na bearta teicniúla is gá chun déileáil le haon deacrachtaí a bhaineann le forálacha na Treorach seo a chur i bhfeidhm, go háirithe maidir le hábhair thámha pacáistithe a chuirtear ar an margadh i gcainníochtaí an-bheag (i.e. tuairim is 0,1 % de réir meáchain) sa Chomhphobal, maidir le pacáistiú príomhúil le haghaidh feistí leighis agus táirgí cógaisíochta, maidir le pacáistiú beag agus maidir le só-phacáistiú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 21(3).’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

3.4.   Treoir 1999/32/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe  (17)

Maidir le Treoir 1999/32/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún critéir a bhunú maidir le húsáid teicneolaíochtaí laghdaithe astaíochtaí ag longa faoi gach bratach i gcalafoirt, i gcuanta agus in inbhir iata sa Chomhphobal agus leasuithe a ghlacadh is gá chun oiriúnuithe teicniúla a dhéanamh ar roinnt forálacha i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch agus theicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 1999/32/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 1999/32/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4c(3):

‘3.   Bunóidh an Coimisiún critéir maidir le húsáid teicneolaíochtaí laghdaithe astaíochtaí ag longa faoi gach bratach i gcalafoirt, i gcuanta agus in inbhir iata sa Chomhphobal. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 9(2). Cuirfidh an Coimisiún na critéir sin i bhfios don IMO.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(4):

‘4.   Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá chun oiriúnuithe teicniúla a dhéanamh ar Airteagal 2, pointí 1, 2, 3, 3a, 3b agus 4 nó ar Airteagal 6(2) i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch agus theicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 9(2). Ní bheidh na hoiriúnuithe sin ina gcúis le haon athruithe díreacha ar raon feidhme na Treorach seo nó ar theorainneacha ar shulfar i mbreoslaí arna sonrú sa Treoir seo.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

3.5.   Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le huasteorainneacha astaíochtaí náisiúnta do thruailleáin atmaisféaracha áirithe  (18)

Maidir le Treoir 2001/81/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na modheolaíochtaí atá le húsáid i gcomhréir le hIarscríbhinn III a uasdátú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/81/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(4):

‘4.   Glacfaidh an Coimisiún aon uasdátú a dhéantar ar na modheolaíochtaí atá le húsáid i gcomhréir le hIarscríbhinn III. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

3.6.   Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal  (19)

Maidir le Treoir 2003/87/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na forálacha is gá a ghlacadh chun Airteagal 11b(5) a chur chun feidhme, treoirlínte a ghlacadh maidir le faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí, Rialachán a ghlacadh maidir le córas caighdeánaithe agus daingnithe clárlann atá lena n-áirítear forálacha maidir le húsáid agus sainaithint CERanna agus ERUanna i scéim an Chomhphobail agus maidir le faireachán ar leibhéal na húsáide sin, Iarscríbhinn III a leasú mar atá leagtha síos in Airteagal 22, áireamh gníomhaíochtaí agus gás ceaptha teasa nach liostaítear in Iarscríbhinn I a fhormheas, aon fhorálacha is gá i ndáil le haitheantas frithpháirteach do lamháltais faoi chomhaontuithe le tríú tíortha a dhréachtú, agus modhanna caighdeánaithe nó inghlactha le haghaidh faireacháin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa eile a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2003/87/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2003/87/CE leis seo mar a leanas:

1.

in Airteagal 11b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Déanfaidh an Coimisiún forálacha maidir le mír 3 agus le mír 4 a chur chun feidhme, go háirithe i dtaca le comhaireamh dúbailte a sheachaint, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2). Glacfaidh an Coimisiún forálacha maidir le mír 5 den Airteagal seo a chur chun feidhme i gcás ina gcomhlíonann an t-óstpháirtí na ceanglais cháilitheachta go léir maidir le gníomhaíochtaí tionscadal JI. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d’Airteagal 14(1):

‘Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí a éiríonn as na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I maidir le gáis cheaptha teasa a shonraítear i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(3):

‘3.   D’fhonn an Treoir seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún Rialachán maidir le córas caighdeánaithe agus daingnithe clárlann atá i bhfoirm bunachar sonraí leictreonacha caighdeánaithe ina bhfuil eilimintí sonraí coiteanna chun eisiúint, sealbhú, aistriú agus cur ar ceal lamháltas a rianú, chun foráil a dhéanamh maidir le rochtain phoiblí agus rúndacht mar is iomchuí agus chun a áirithiú nach ndéantar aon aistrithe atá ar neamhréir leis na hoibleagáidí a éiríonn as Prótacal Kyoto. Cuimseoidh an Rialachán sin freisin forálacha maidir le húsáid agus sainaithint CERanna agus ERUanna i scéim an Chomhphobail agus maidir le faireachán ar leibhéal na húsáide sin. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

‘Airteagal 22

Leasuithe ar Iarscríbhinn III

Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn III a leasú, cé is moite de chritéar 1, de chritéar 5 agus de chritéar 7, le haghaidh na tréimhse ó 2008 go 2012 i bhfianaise na dtuarascálacha dá bhforáiltear in Airteagal 21 agus na taithí atá ann de thoradh an Treoir seo a chur i bhfeidhm. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(3).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

6.

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1

‘1.   Agus na critéir ábhartha go léir á gcur san áireamh, go háirithe na héifeachtaí ar an margadh inmheánach, saobhadh iomaíochta ionchasach, sláine comhshaoil na scéime agus iontaofacht an chórais faireacháin agus tuairiscithe atá pleanáilte, féadfaidh na Ballstáit, ó 2008 ar aghaidh, trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

suiteálacha nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I, ar choinníoll go ndéanann an Coimisiún áireamh na suiteálacha sin a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2), agus

(b)

gníomhaíochtaí agus gáis cheaptha teasa nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I, ar choinníoll go bhformheasann an Coimisiún áireamh na ngníomhaíochtaí agus na ngás ceaptha teasa sin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(3).

Ó 2005 ar aghaidh, féadfaidh na Ballstáit, faoi na coinníollacha céanna, trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí a chur i bhfeidhm maidir le suiteálacha a sheolann gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I faoi bhun na dteorainneacha toillte dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, nó déanfaidh sé, arna iarraidh sin ag Ballstát, treoirlínte faireacháin agus tuairiscithe a ghlacadh maidir le hastaíochtaí ó ghníomhaíochtaí, ó shuiteálacha agus ó gháis cheaptha teasa nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I más féidir faireachán agus tuairisciú na n-astaíochtaí sin a dhéanamh sách cruinn.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(3).’;

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25(2):

‘2.   I gcás comhaontú dá dtagraítear i mír 1 a bheith curtha i gcrích, glacfaidh an Coimisiún aon fhorálacha is gá i ndáil le haitheantas frithpháirteach do lamháltais faoin gcomhaontú sin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(3).’;

8.

in Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre faoin gceannteideal ‘Faireachán astaíochtaí gás ceaptha teasa eile’:

‘Úsáidfear modhanna caighdeánaithe nó inghlactha, arna bhforbairt ag an gCoimisiún i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(3).’.

3.7.   Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha  (20)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún roinnt teorainneacha tiúchana a bhunú sna hiarscríbhinní, iarscríbhinní a leasú aon uair a liostaítear substaint sa Choinbhinsiún nó sa Phrótacal, iontrálacha atá ann cheana a mhodhnú agus iarscríbhinní a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 leis seo mar a leanas:

1.

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

féadfar dramhaíl ina bhfuil aon substaint, nó atá éillithe le haon substaint, atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a dhiúscairt nó a aisghabháil ar shlí eile i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Chomhphobail, ar choinníoll go bhfuil cion na substaintí liostaithe atá sa dramhaíl faoi bhun na dteorainneacha tiúchana atá le sonrú in Iarscríbhinn IV. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 17(3). Go dtí go ndéantar teorainneacha tiúchana a bhunú i gcomhréir le nós imeachta den sórt sin, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit teorainneacha tiúchana nó ceanglais theicniúla shonracha a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm i leith dramhaíl a dhiúscairt nó a aisghabháil faoin bpointe seo.’;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Chun críocha mhír 4(b) den Airteagal seo, bunóidh an Coimisiún teorainneacha tiúchana in Iarscríbhinn V, cuid 2. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 17(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

Leasú ar Iarscríbhinní

1.   Aon uair a liostaítear substaint sa Choinbhinsiún nó sa Phrótacal, leasóidh an Coimisiún, i gcás inar iomchuí, Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III dá réir sin.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

2.   Aon uair a liostaítear substaint sa Choinbhinsiún nó sa Phrótacal, leasóidh an Coimisiún, i gcás inar iomchuí, Iarscríbhinn IV dá réir sin.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

3.   Glacfaidh an Coimisiún modhnuithe ar na hiontrálacha atá ann cheana in Iarscríbhinn I, in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear iad a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

4.   Glacfaidh an Coimisiún modhnuithe ar na hiontrálacha atá ann cheana in Iarscríbhinn IV agus modhnuithe ar Iarscríbhinn V, lena n-áirítear iad a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 17(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

3.8.   Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha san aer comhthimpeallach  (21)

Maidir le Treoir 2004/107/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún forálacha agus Iarscríbhinní áirithe ar chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/107/CE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/107/CE leis seo mar a leanas:

1.

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

‘9.   Gan spleáchas do na leibhéil tiúchana, suiteálfar pointe samplála cúlra amháin in aghaidh gach 100 000 km2 le haghaidh an tomhais tháscaigh, in aer comhthimpeallach, ar arsanaic, ar chaidmiam, ar nicil, ar mhearcair gásach iomlán, ar bheansó(ai)piréin agus ar na hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha eile dá dtagraítear i mír 8, agus ar an deascadh iomlán d’arsanaic, de chaidmiam, de nicil, de bheansó(a)phíréin agus de na hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha eile dá dtagraítear i mír 8. Déanfaidh gach Ballstát stáisiún tomhaiste amháin ar a laghad a chur ar bun. Féadfaidh na Ballstáit, áfach, trí chomhaontú, agus i gcomhréir le treoirlínte atá le dréachtú faoi an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2), stáisiún comhchoiteann amháin, nó roinnt stáisiún comhchoiteann, tomhaiste a chur ar bun, lena gcumhdaítear criosanna comharsanacha i mBallstáit atá tadhlach lena chéile, chun an taifeach spásúil is gá a bhaint amach. Moltar mearcair cáithníneach agus mearcair défhiúsach gásach a thomhas freisin. Mar is iomchuí, comhordófar an faireachán le straitéis fhaireacháin agus clár tomhais na hEorpa maidir le Faireachán agus Meastóireacht ar Thruailleáin (EMEP). Roghnófar na suímh samplála le haghaidh na dtruailleán seo sa chaoi is gur féidir comhathrú geografach agus treochtaí fadtéarmacha a shainaithint. Beidh feidhm ag Roinn I, Roinn II agus Roinn III d’Iarscríbhinn III.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15:

‘15.   Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá chun forálacha an Airteagail seo agus Roinn II d’Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinní III, IV agus V a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(3). Ní fhéadfaidh aon athruithe díreacha nó indíreacha a bheith ann, dá mbarr, ar na spriocluachanna.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(4):

‘4.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2), aon socruithe mionsonraithe a ghlacadh le haghaidh an fhaisnéis atá le soláthar faoi mhír 1 den Airteagal seo a chur ar aghaidh.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe V d’Iarscríbhinn V:

‘V.   Teicníochtaí samhaltaithe tagartha do cháilíocht an aeir

Ní féidir teicníochtaí samhaltaithe tagartha do cháilíocht an aeir a shonrú faoi láthair. Féadfaidh an Coimisiún leasuithe a dhéanamh chun an pointe seo a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(3).’.

3.9.   Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola  (22)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní arna leagan síos in Airteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a leasú agus bearta áirithe breise arna leagan síos in Airteagal 59 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 leis seo mar a leanas:

1.

in Airteagal 11(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Mura bhfuil aon réiteach sásúil le fáil, féadfaidh ceachtar de na Ballstáit an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún. Déanfar an t-ábhar a chinneadh ansin i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59a(2).’;

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 58:

‘Airteagal 58

Leasú ar Iarscríbhinní

1.   Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 59a(3). Ina theannta sin:

(a)

déanfar Iarscríbhinní I, II, III, IIIA, IV agus V a leasú chun na hathruithe a comhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Basel agus faoi Chinneadh OECD a chur san áireamh;

(b)

féadfar dramhaíl neamhrangaithe a chur le hIarscríbhinn IIIB, le hIarscríbhinn IV nó le hIarscríbhinn V ar bhonn sealadach, fad a bheidh cinneadh ar feitheamh maidir lena n-áireamh sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Coinbhinsiún Basel nó le Cinneadh OECD;

(c)

tar éis do Bhallstát iarraidh a chur isteach, féadfar meascáin de dhá chineál dramhaíola nó níos mó arna liostú in Iarscríbhinn III a mheas i dtaca lena n-áireamh in Iarscríbhinn IIIA sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ar bhonn sealadach fad a bheidh cinneadh ar feitheamh maidir lena n-áireamh sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Coinbhinsiún Basel nó le Cinneadh OECD. Féadfaidh coinníoll a bheith in Iarscríbhinn IIIA á rá nach mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na hiontrálacha atá inti maidir le honnmhairithe go tíortha nach bhfuil feidhm ag Cinneadh OECD maidir leo;

(d)

cinnfear na cásanna eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus, i gcás inar gá, cuirfear an dramhaíl sin le hIarscríbhinn IVA agus le hIarscríbhinn V agus scriosfar as Iarscríbhinn III í;

(e)

leasófar Iarscríbhinn V chun athruithe comhaontaithe ar an liosta dramhaíola guaisí, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE, a léiriú;

(f)

leasófar Iarscríbhinn VIII chun coinbhinsiúin agus comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a léiriú.

2.   Agus Iarscríbhinn IX á leasú, beidh an Coiste arna bhunú le Treoir 91/692/CEE ón gComhairle an 23 Nollaig 1991 lena gcaighdeánaítear agus lena gcóimheastar tuarascálacha maidir le cur chun feidhme Treoracha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (23) bainteach go hiomlán leis an bplé.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 59:

‘Airteagal 59

Bearta breise

1.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59a(2), na bearta breise seo a leanas a ghlacadh, i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo:

(a)

treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 12(1)(g);

(b)

treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 15 i ndáil le dramhaíl, a bhfuil athruithe substaintiúla á ndéanamh uirthi san oibríocht eatramhach aisghabhála nó diúscartha, a shainaithint agus a rianú;

(c)

treoirlínte le haghaidh chomhar na n-údarás inniúil maidir le loingsithe neamhdhlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 24;

(d)

ceanglais theicniúla agus eagrúcháin maidir le cur chun feidhme praiticiúil idirmhalartú na sonraí leictreonacha i gcomhair doiciméid agus faisnéis a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 26(4);

(e)

tuilleadh treoraíochta maidir le húsáid teangacha dá dtagraítear in Airteagal 27;

(f)

tuilleadh soiléirithe ar cheanglais nós imeachta Theideal II maidir lena gcur i bhfeidhm i dtaca le honnmhairithe, allmhairithe agus idirthuras dramhaíola ón gComhphobal, go dtí an Comhphobal agus tríd an gComhphobal;

(g)

tuilleadh moltaí maidir le téarmaí dlíthiúla neamhshainithe.

2.   Féadfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

modh chun an ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach a ríomh mar atá arna leagan amach in Airteagal 6;

(b)

tuilleadh coinníollacha agus ceanglas i ndáil le saoráidí aisghabhála réamhthoilithe dá dtagraítear in Airteagal 14.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 59a(3).’;

4.

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 59a

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste arna chur ar bun le Airteagal 18(1) de Threoir 2006/12/CE cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

5.

leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 2:

‘Cé is moite de dhramhaíl ghloine, de dhramhaíl pháipéir agus de dhramhaíl aerbhonn, féadfar an tréimhse sin a fhadú go tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2012 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59a(2).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 4:

‘Féadfar an tréimhse sin a fhadú go tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2012 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59a(2).’

(c)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Féadfar an tréimhse sin a fhadú go tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2015 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59a(2).’

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:

‘Féadfar an tréimhse sin a fhadú go tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2015 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59a(2).’.

4.   EUROSTAT

4.1.   Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le suirbhé Comhphobail ar tháirgeadh tionsclaíoch a bhunú  (24)

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an liosta táirgí lena mbaineann an Rialachán sin a uasdátú. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht dó freisin rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cé chomh hionadaíoch agus cé chomh tréimhsiúil agus atá táirgí áirithe agus na socruithe a bhunú maidir le hinneachar suirbhéanna agus bearta cur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta maidir le coigeartú do dhul chun cinn teicniúil i dtaca le sonraí a bhailiú agus na torthaí a phróiseáil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(6):

‘6.   Déanfaidh an Coimisiún liosta Prodcom agus an fhaisnéis a bhailítear iarbhír le haghaidh gach ceannteidil a uasdátú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).’;

2.

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear na focail ‘i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 10(2)’ in ionad na bhfocal ‘i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10’.;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is gá, rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun mír 3 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear bearta i dtaca le coigeartú do dhul chun cinn teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Tréimhsí suirbhé

Folóidh an suirbhé tréimhse bhliantúil ina bhfuil aon bhliain féilire amháin.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, áfach, i gcás ceannteideal áirithe i liosta Prodcom, go ndéanfar suirbhéanna míosúla nó suirbhéanna ráithiúla. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):

‘1.   Baileoidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá agus úsáid á baint as ceistneoirí suirbhé a gcomhlíonfaidh a n-inneachar na socruithe arna sainiú ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Torthaí a phróiseáil

Déanfaidh na Ballstáit na ceistneoirí comhlánaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) nó an fhaisnéis ó fhoinsí eile dá dtagraítear in Airteagal 5(3) a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).’;

6.

in Airteagal 7(2) cuirtear na focail ‘i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 10(2)’ in ionad na bhfocal ‘i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10’;

7.

scriostar Airteagal 9;

8.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle (25), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

4.2.   Treoir 96/16/CE ón gComhairle an 19 Márta 1996, maidir le suirbhéanna staidrimh ar bhainne agus ar tháirgí bainne  (26)

Maidir le Treoir 96/16/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na sainmhínithe a ghlacadh a bhaineann leis na gabháltais talmhaíochta ar ina leith nach mór do na Ballstáit suirbhéanna a sheoladh maidir le táirgeadh bainne agus maidir lena úsáid, liosta na dtáirgí bainne a chumhdaítear sna suirbhéanna a ghlacadh agus na sainmhínithe caighdeánacha a tharraingt suas atá le húsáid nuair atá na torthaí á gcur in iúl don Choimisiún. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 96/16/CE a leasú, trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 96/16/CE leis seo mar a leanas:

1.

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2.   seolfaidh siad suirbhéanna bliantúla ar tháirgeadh bainne agus ar a úsáid i ngabháltais talmhaíochta mar atá arna sainmhíniú ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta lena sainmhínítear gabháltais talmhaíochta, ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2) agus (3):

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún an liosta táirgí bainne a chumhdaítear leis na suirbhéanna. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3);

3.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas na sainmhínithe caighdeánacha atá le húsáid nuair atá na torthaí le haghaidh na dtáirgí éagsúla á gcur in iúl. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’;

3.

in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 6(1), cuirtear na focail ‘i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2)’ in ionad na bhfocal ‘i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 7’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta, arna chur ar bun le Cinneadh 72/279/CEE, cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

4.3.   Treoir 2001/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2001 maidir leis na suirbhéanna staidrimh atá le cur i gcrích ag na Ballstáit chun acmhainn táirgthe plandálacha speiceas áirithe crann torthaí a aimsiú  (27)

Maidir le Treoir 2001/109/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún leasú a dhéanamh ar liosta na speiceas crann torthaí agus ar an tábla ina bhfuil na speicis a ndéantar suirbhé orthu sna Ballstáit, na rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm airteagal áirithe, agus teorainneacha na limistéar táirgthe atá le glacadh do na Ballstáit a chinneadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2001/109/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/109/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d’Airteagal 1(2):

‘Féadfaidh an Coimisiún liosta na speiceas sin agus an tábla sin a leasú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(2):

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe i ndáil le heagrú na suirbhéanna a sholáthraíonn torthaí ábhartha. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(2).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(4):

‘4.   Glacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir leis na socruithe samplála randamaí. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(2).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2):

‘2.   Déanfar na torthaí dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar le haghaidh gach limistéir táirgthe ar leith. Cinnfidh an Coimisiún teorainneacha na limistéar táirgthe atá le glacadh do na Ballstáit. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(2).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta, arna chur ar bun le Cinneadh 72/279/CEE ón gComhairle (28), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(a) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

4.4.   Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le staidreamh i dtaca le hiompar d’iarnród  (29)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 91/2003, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na sainmhínithe a oiriúnú agus forálacha breise a ghlacadh, inneachar na n-iarscríbhinní a oiriúnú agus an fhaisnéis atá le soláthar le haghaidh na dtuarascálacha ar cháilíocht agus ar chomparáideacht na dtorthaí a shonrú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

‘2.   Féadfaidh an Coimisiún na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1 a oiriúnú agus sainmhínithe breise a ghlacadh is gá chun comhchuibhiú staidrimh a áirithiú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).’;

2.

leasaítear Airteagal 4 leis seo mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   In Iarscríbhinn B agus in Iarscríbhinn D, leagtar amach ceanglais shimplithe maidir le tuairisciú, ar ceanglais iad a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid in ionad na ngnáthcheanglas mionsonraithe maidir le tuairisciú atá leagtha amach in Iarscríbhinn A agus in Iarscríbhinn C le haghaidh gnóthas a bhfuil an méid iomlán earraí nó paisinéirí ina leith níos lú na 500 milliún tona in aghaidh an chiliméadair nó níos lú ná 200 milliún paisinéir in aghaidh an chiliméadair faoi seach. Féadfaidh an Coimisún na tairseacha sin a oiriúnú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Féadfaidh an Coimisiún inneachar na nIarscríbhinní a oiriúnú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Nósanna imeachta cur chun feidhme

1.   Maidir leis na socruithe chun sonraí a tharchur chuig Eurostat, déanfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

2.   Glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

oiriúnú na dtairseach maidir le tuairisciú simplithe (Airteagal 4);

(b)

na sainmhínithe a oiriúnú agus na sainmhínithe breise a ghlacadh (Airteagal 3(2);

(c)

inneachar na n-iarscríbhinní a oiriúnú (Airteagal 4);

(d)

faisnéis a shonrú a bheidh le soláthar le haghaidh na dtuarascálacha ar cháilíocht agus ar chomparáideacht na dtorthaí (Airteagal 8(2)).

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom, cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(a) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

5.

i bpointe 5 d’Iarscríbhinn H, cuirtear na focail ‘i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).’ in ionad na bhfocal ‘de réir nós imeachta Airteagal 11(2)’.

4.5.   Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le tuairisceáin staidrimh i leith paisinéirí, lastas agus post a iompar d’aer.  (30)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 437/2003, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún caighdeáin cruinnis a bhunú, comhaid sonraí a shonrú agus bearta áirithe cur chun feidhme a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Cruinneas an staidrimh

Beidh bailiú na sonraí bunaithe ar thuairisceáin chríochnúla, mura rud é go bhfuil caighdeáin eile cruinnis bunaithe ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2):

‘2.   Tarchuirfear na torthaí de réir na gcomhad sonraí a thaispeántar in Iarscríbhinn I. Sonróidh an Coimisiún na comhaid. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

Maidir leis an modh a úsáidfear chun an tarchur a dhéanamh, sonróidh an Coimisiún é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Bearta cur chun feidhme

1.   Glacfar na bearta cur chun feidhme seo a leanas i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2):

liosta aerfoirt an Chomhphobail a chumhdaítear le hAirteagal 3(2),

tuairisc ar chóid na sonraí agus ar an modh a úsáidfear chun na torthaí a tharchur chuig an gCoimisiún (Airteagal 7),

scaipeadh na dtorthaí staidrimh (Airteagal 8).

2.   Glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

na sonraíochtaí atá sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú,

na saintréithe bailithe sonraí a oiriúnú (Airteagal 3),

cruinneas an staidrimh (Airteagal 5),

tuairisc ar na comhaid sonraí (Airteagal 7).

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom, cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(a), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

4.6.   Rialachán (CE) Uimh. 48/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le soláthar staidrimh bhliantúil Comhphobail ar an tionscal cruach le haghaidh na mblianta tagartha 2003-2009  (31)

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 48/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an liosta saintréithe lena mbaineann an Rialachán sin a uasdátú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 48/2004 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 48/2004 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Bearta cur chun feidhme

1.   Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ar bearta iad a bhaineann le formáidí tarchuir agus leis an gcéad tréimhse tarchuir, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

2.   Maidir leis na bearta chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ar bearta iad a bhaineann le huasdátú an liosta saintréithe agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(3), ar choinníoll nach gcuirfear aon ualach suntasach breise ar na Ballstáit.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

5.   AN MARGADH INMHEÁNACH

Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail  (32)

Maidir le Treoir 2004/25/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha a ghlacadh maidir le hAirteagal 6(3) a chur i bhfeidhm ar inneachar an doiciméid tairisceana. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/25/CE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Le Treoir 2004/25/CE, rinneadh foráil maidir le srian ama i dtaca leis na cumhachtaí cur chun feidhme a tugadh don Choimisiún. Luaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, ina ráiteas maidir le Treoir 2006/512/CE lena leasaítear Treoir 1999/468/CE, go soláthraíonn Treoir 2006/512/CE réiteach cothrománach agus sásúil ar mhian Pharlaimint na hEorpa grinnscrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme ionstraimí arna nglacadh faoin nós imeachta comhchinnteoireachta agus go mba cheart, dá réir sin, cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún gan teorainn ama. Tar éis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a thabhairt isteach, ba cheart an fhoráil lena mbunaítear an teorainn ama sin i dTreoir 2004/25/CE a scriosadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/25/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(4):

‘4.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha lena modhnaítear an liosta i mír 3 a ghlacadh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(2).’;

2.

leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 3;

6.   SLÁINTE AGUS COSAINT TOMHALTÓIRÍ

6.1.   Treoir 79/373/CEE ón gComhairle an 2 Aibreán 1979 maidir le cúrsaíocht ábhar beatha cumaisc  (33)

Maidir le Treoir 79/373/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na heisceachtaí a ghlacadh maidir leis na coinníollacha a bhaineann le pacáistiú ábhar beatha, agus an Iarscríbhinn a leasú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 79/373/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 79/373/CEE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2):

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún eisceachtaí maidir le prionsabal mhír 1, ar eisceachtaí iad atá le húdarú ar leibhéal an Chomhphobail. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3) ar choinníoll go n-áiritheofar sainaithint agus cáilíocht na n-ábhar beatha cumaisc lena mbaineann.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

I bhfianaise dul chun cinn maidir le heolas eolaíoch agus teicniúil, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

catagóirí a bhunú ina ngrúpáiltear roinnt ábhar beatha cumaisc;

(b)

modhanna a ghlacadh chun luach fuinnimh ábhar beatha cumaisc a ríomh;

(c)

leasuithe ar an Iarscríbhinn a ghlacadh.

Maidir leis na bearta thuasluaite go léir, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

6.2.   Treoir 82/471/CEE ón gComhairle an 30 Meitheamh 1982 maidir le táirgí áirithe a úsáidtear i gcothú ainmhithe  (34)

Maidir le Treoir 82/471/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún leasuithe a ghlacadh agus na critéir a leagan síos is gá chun na táirgí a áirítear sa Treoir a shainmhíniú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 82/471/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. Ar fhorais práinne, is gá an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun na leasuithe ar an Treoir a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 82/471/CEE leis seo mar a leanas:

1.

leasaítear Airteagal 6 leis seo mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Glacfaidh an Coimisiún na leasuithe atá le déanamh ar an Iarscríbhinn de bharr forbairtí ar eolas eolaíoch nó teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3). I gcás na dtáirgí dá dtagraítear san Iarscríbhinn, Roinn 1.1 agus Roinn 1.2, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch um Chothú Ainmhithe agus leis an gCoiste Eolaíoch Bia.

Mar sin féin, i gcás táirgí a fhaightear ó ghiostaí de chineál “Candida” agus a shaothraítear ar n-alcáin, ar táirgí iad dá dtagraítear in Airteagal 4(1), glacfaidh an Coimisiún seasamh laistigh de dhá bhliain ó fhógra a fháil maidir leis an Treoir seo agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch um Chothú Ainmhithe agus leis an gCoiste Eolaíoch Bia.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Féadfaidh an Coimisiún, i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil, na critéir a leagan síos lena bhféadtar na táirgí a áirítear sa Treoir seo a shainmhíniú, go háirithe na critéir maidir le comhdhéanamh agus íonacht agus na hairíonna fisiceimiceacha agus bitheolaíocha. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3).’;

2.

sa dara fomhír d’Airteagal 7(2) cuirtear na focail ‘an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2)’ in ionad na bhfocal ‘an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 13’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3):

‘3.   Má mheasann an Coimisiún gur gá na leasuithe ar an Treoir seo chun na deacrachtaí dá dtagraítear i mír 1 a mhaolú agus chun cosaint shláinte an duine nó sláinte ainmhithe a áirithiú, glacfaidh sé na bearta sin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 13(4). Sa chás sin, féadfaidh an Ballstát a ghlac bearta coimirce na bearta sin a choimeád i bhfeidhm go dtí go dtiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm.’;

4.

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

5.

scriostar Airteagal 14.

6.3.   Treoir 96/25/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le cúrsaíocht agus úsáid ábhar beatha  (35)

Maidir le Treoir 96/25/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an liosta ábhar a sriantar nó a dtoirmisctear a gcúrsaíocht nó a n-úsáid chun críocha cothaithe ainmhithe a tharraingt suas agus a leasú agus an iarscríbhinn a leasú i bhfianaise dul chun cinn maidir le heolas eolaíoch agus teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 96/25/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir na gnáth-theorainneacha ama le haghaidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ar mhórfhorais práinne, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun an liosta ábhar a sriantar nó a dtoirmisctear a gcúrsaíocht nó a n-úsáid chun críocha cothaithe ainmhithe a leasú.

Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ní mór na gnáth-theorainneacha ama le haghaidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun go nglacfar leasuithe ar an iarscríbhinn i bhfianaise dul chun cinn maidir le heolas eolaíoch agus teicniúil.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 96/25/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc d’Airteagal 5(1)(g):

‘—

na bearta Comhphobail atá ar an liosta a tharraingeoidh an Coimisiún suas. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3);’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

1.   Féadfar corás códaithe uimhriúil le haghaidh na n-ábhar beatha atá liostaithe, agus é bunaithe ar ghluaiseanna a bhaineann le tionscnamh an ábhair beatha, leis an gcuid den táirge nó den seachtháirge a úsáidtear, le próiseáil agus le haibíocht/cáilíocht na n-ábhar beatha, ar nithe iad lena gcumasaítear ábhar beatha a shainaithint ar leibhéal idirnáisiúnta – go háirithe de réir ainm agus tuairisce – a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

2.   Déanfaidh an Coimisiún an liosta ábhar a sriantar nó a dtoirmisctear a gcúrsaíocht nó a n-úsáid chun críocha cothaithe ainmhithe a tharraingt suas chun a áirithiú go gcomhlíonann siad Airteagal 3. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3).

3.   Leasóidh an Coimisiún an liosta dá dtagraítear i mír 2, i bhfianaise dul chun cinn maidir le heolas eolaíoch agus teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3). Ar mhórfhorais práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 13(5) d’fhonn na bearta sin a ghlacadh.

4.   Glacfaidh an Coimisiún leasuithe atá le déanamh ar an Iarscríbhinn de bharr forbairtí ar eolas eolaíoch nó teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(4).’;

3.

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna tréimhsí a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

6.4.   Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbia ainmhithe  (36)

Maidir le Treoir 2002/32/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a leasú agus iad a oiriúnú i bhfianaise forbairtí ar eolas eolaíoch agus teicniúil, agus critéir bhreise a leagan síos maidir le próisis díthocsainithe. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/32/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir na gnáth-theorainneacha ama le haghaidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh ar mhórfhorais práinne, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun Iarscríbhinní I agus II a oiriúnú i bhfianaise forbairtí ar eolas eolaíoch agus teicniúil.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/32/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d’Airteagal 7(2):

‘2.   Déanfar cinneadh láithreach i dtaobh an ceart Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a leasú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 11(4).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(1) agus (2):

‘1.   I bhfianaise forbairtí ar eolas eolaíoch agus teicniúil, oiriúnóidh an Coimisiún Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3). Ar mhórfhorais práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 11(4) d’fhonn na leasuithe sin a ghlacadh.

2.   Ina theannta sin, maidir leis an gCoimisiún:

déanfaidh sé leaganacha comhdhlúite d’Iarscríbhinn I agus d’Iarscríbhinn II, ar leaganacha iad ina n-ionchorpraítear aon oiriúnuithe arna ndéanamh de bhun mhír 1, a ghlacadh go tréimhsiúil i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2),

féadfaidh sé critéir inghlacthachta maidir leis na próisis díthocsainithe a shainmhíniú mar chomhlánú ar na critéir a sholáthraítear maidir le táirgí atá beartaithe mar bhia ainmhithe ar táirgí iad a chuaigh faoi na próisis sin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um Ábhair Bheatha d’Ainmhithe, arna chur ar bun le hAirteagal 1 de Chinneadh 70/372/CEE ón gComhairle (37), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

4.

Scriostar Airteagal 12.

6.5.   Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí ainmhithe  (38)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an liosta speiceas ainmhithe arna leagan amach i gCuid C d’Iarscríbhinn I agus liostaí na dtíortha agus na gcríoch arna leagan amach i gCuid B agus i gCuid C d’Iarscríbhinn II a leasú, ceanglais shonracha a tharraingt suas i ndáil le galair seachas confadh maidir leis na Ballstáit agus na críocha a liostaítear i roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn II, coinníollacha a ghlacadh a bheidh infheidhme maidir le gluaiseacht ainmhithe de na speicis a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn I ó thríú tíortha agus ceanglais de chinéal teicniúil a ghlacadh maidir le gluaiseacht ainmhithe de na speicis a liostaítear i gCuid A agus i gCuid B d’Iarscríbhinn I. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán sin a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama le haghaidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun an liosta tríú tíortha áirithe a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Maidir le gluaiseacht ainmhithe de na speicis atá liostaithe i gCuid C d’Iarscríbhinn I, ar gluaiseacht í idir Ballstáit nó ó chríoch atá liostaithe i roinn 2 de chuid B d’Iarscríbhinn II, ní bheidh sí faoi réir aon cheanglais maidir leis an gconfadh. Más gá, tarraingeoidh an Coimisiún suas ceanglais shonracha i ndáil le galair eile, lena n-áirítear teorainn a d’fhéadfadh a bheith ar líon na n-ainmhithe. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 24(4). Féadfar deimhniú eiseamláireach, a bheidh in éineacht le hainmhithe den sórt sin, a tharraingt suas i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Glacfaidh an Coimisiún na coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht ainmhithe de na speicis atá liostaithe i gCuid C d’Iarscríbhinn I ó thríú tíortha. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 24(4). Déanfar an deimhniú eiseamláireach nach mór a bheith in éineacht le hainmhithe agus iad á ngluaiseacht a tharraingt suas i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).’;

3.

leasaítear Airteagal 10 leis seo mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Is é an Coimisiún a tharraingeoidh suas an liosta tríú tíortha dá bhforáiltear i gCuid C d’Iarscríbhinn II. Chun go n-áireofar í ar an liosta sin, ní foláir do thríú tír, i dtosach báire, a stádas maidir le confadh a thaispeáint agus ní foláir di an méid seo a leanas a thaispeáint:’;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 24(5).’;

4.

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Maidir le gluaiseacht ainmhithe de na speicis atá liostaithe i gCuid A agus i gCuid B d’Iarscríbhinn I, féadfaidh an Coimisiún ceanglais de chineál teicniúil a ghlacadh seachas na ceanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 24(4).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

‘Airteagal 19

Féadfaidh an Coimisiún Cuid C d’Iarscríbhinn I agus Cuid B agus Cuid C d’Iarscríbhinn II a leasú chun forbairtí sa staid laistigh den Chomhphobal nó i dtríú tíortha maidir le galair a théann i gcion ar speicis ainmhithe a chumhdaítear sa Rialachán seo, go háirithe confadh, a chur san áireamh agus, más gá, chun srian a chur, chun críocha an Rialacháin seo, leis an líon ainmhithe is féidir a ghluaiseacht. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 24(4).’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

‘Airteagal 21

Féadfaidh an Coimisiún aon fhorálacha idirthréimhseacha a ghlacadh d’fhonn an t-athrú ó na socruithe atá ann faoi láthair go dtí na socruithe a bhunaítear leis an Rialachán seo a cheadú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 24(4).’;

7.

leasaítear Airteagal 24 leis seo mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna tréimhsí a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.’.

6.6.   Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus oibreáin zónóiseacha  (39)

Maidir le Treoir 2003/99/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún cláir faireacháin chomhordaithe a bhunú maidir le zónóisí agus oibreáin zónóiseacha. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2003/99/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar fhorais práinne, is gá an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm le haghaidh leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/99/CE a ghlacadh chun zónóisí agus oibreáin zónóiseacha a chur leis na liostaí dá bhforáiltear inti nó chun zónóisí agus oibreáin zónóiseacha a scriosadh as na liostaí sin.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2003/99/CE leis seo mar a leanas:

1.

in Airteagal 4, leasaítear mír 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I a leasú chun zónóisí nó oibreáin zónóiseacha a chur leis na liostaí atá inti nó chun zónóisí nó oibreáin zónóiseacha a scriosadh as na liostaí sin, agus, go háirithe, na critéir seo a leanas á gcur san áireamh:’;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 12(4).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):

‘1.   Más rud é nach leor na sonraí a bhailítear trí ghnáthfhaireachán i gcomhréir le hAirteagal 4, féadfaidh an Coimisiún cláir faireacháin chomhordaithe a bhunú maidir le zónóis amháin nó níos mó agus/nó oibreán zónóiseach amháin nó níos mó, go háirithe nuair a shainaithnítear riachtanais shonracha, chun rioscaí a mheasúnú nó chun luachanna bunlíne i ndáil le zónóisí nó oibreáin zónóiseacha a bhunú ar leibhéal na mBallstát nó ar leibhéal an Chomhphobail. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

Leasuithe ar Iarscríbhinní agus bearta idirthréimhseacha nó cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a leasú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Maidir le bearta idirthréimhseacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu, agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, go háirithe le tuilleadh sonraíochtaí maidir leis na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Féadfar aon bhearta cur chun feidhme nó idirthréimhseacha eile a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).’;

4.

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

6.7.   Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia  (40)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, forálacha a ghlacadh maidir le rialacha sonracha sláinteachais agus maidir le formheas bunaíochtaí agus maoluithe ó Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a dheonú faoi réir coinníollacha áirithe. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(4):

‘4.   Déanfaidh an Coimisiún na critéir, na ceanglais agus na spriocanna dá dtagraítear i mír 3 agus na modhanna gaolmhara samplála agus anailíse a leagan síos. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) d’Airteagal 6(3):

‘(c)

le cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

Maidir le bearta idirthréimhseacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, go háirithe le tuilleadh sonraíochtaí maidir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

Féadfar bearta cur chun feidhme nó idirthréimhseacha eile a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).’;

4.

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a oiriúnú nó a uasdátú agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:’

(ii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Féadfaidh an Coimisiún maoluithe ar Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a dheonú, go háirithe d’fhonn cur chun feidhme Airteagal 5 a éascú i gcás gnóthaí beaga, agus na rioscaí ábhartha á gcur san áireamh, ar choinníoll nach ndéanann na maoluithe sin difear do chur i gcrích chuspóirí an Rialacháin seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

6.8.   Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch  (41)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún forálacha a ghlacadh maidir le hoibleagáidí ginearálta oibreoirí gnóthaí bia agus maidir leis na ráthaíochtaí speisialta i dtaca le bia a chur ar an margadh sa tSualainn nó san Fhionlainn, agus maoluithe ar na hiarscríbhinní a cheadú faoi réir coinníollacha áirithe. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d’Airteagal 3(2):

‘Ní úsáidfidh oibreoirí gnóthaí bia aon substaint seachas uisce inólta – nó, má cheadaítear le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 nó leis an Rialachán seo é a úsáid, uisce glan – chun éilliú dromchla a bhaint de tháirgí de bhunadh ainmhíoch, mura rud é go bhfuil úsáid na substainte sin formheasta ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3):

‘3.

(a)

Féadfaidh an Coimisiún ceanglais mhír 1 agus mhír 2 a uasdátú, go háirithe chun athruithe i gcláir rialaithe na mBallstát nó critéir mhicribhitheolaíocha arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chur san áireamh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

(b)

I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2), féadfar na rialacha arna leagan síos i mír 2 den Airteagal seo maidir le haon cheann de na hábhair bheatha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leathnú go hiomlán nó go páirteach chuig aon Bhallstát, nó chuig aon réigiún de chuid Ballstáit, ag a bhfuil clár rialaithe a aithnítear mar chlár atá comhionann leis an gclár rialaithe atá formheasta don tSualainn agus don Fhionlainn maidir leis an mbia de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Maidir le bearta idirthréimhseacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, go háirithe le tuilleadh sonraíochtaí maidir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Féadfar bearta cur chun feidhme nó idirthréimhseacha eile a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).’;

4.

leasaítear Airteagal 10 leis seo mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a oiriúnú nó a uasdátú agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:’;

(ii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Féadfaidh an Coimisiún díolúintí ó Iarscríbhinn II agus ó Iarscríbhinn III a dheonú, ar choinníoll nach ndéanann siad difear do chur i gcrích chuspóirí an Rialacháin seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh d’Airteagal 11:

‘Gan dochar do chur i bhfeidhm ginearálta Airteagal 9 agus Airteagal 10(1), féadfar bearta cur chun feidhme a leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2), agus maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn II nó Iarscríbhinn III, mar bhearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, féadfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3):’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

6.9.   Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos na rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine  (42)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 854/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú nó a oiriúnú agus bearta idirthréimhseacha, go háirithe tuilleadh sonraíochtaí maidir leis na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an Rialacháin sin, a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

Maidir le bearta idirthréimhseacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, go háirithe le tuilleadh sonraíochtaí maidir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3).

Féadfar bearta cur chun feidhme nó idirthréimhseacha eile a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(1) agus (2):

‘1.   Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinní I, II, III, IV, V agus VI a leasú nó a fhorlíonadh chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3).

2.   Féadfaidh an Coimisiún díolúintí ó Iarscríbhinní I, II, III, IV, V agus VI a dheonú, ar choinníoll nach ndéanann siad difear do chur i gcrích chuspóirí an Rialacháin seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh d’Airteagal 18:

‘Gan dochar do chur i bhfeidhm ginearálta Airteagal 16 agus Airteagal 17(1), féadfar bearta cur chun feidhme a leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2), agus maidir le leasuithe ar Iarscríbhinní I, II, III, IV, V nó VI, mar bhearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, féadfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3), chun an méid seo a leanas a shonrú:’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

6.10.   Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le ceanglais a leagan síos i ndáil le sláinteachas bia ainmhithe  (43)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 183/2005, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na critéir mhicribhitheolaíocha agus na spriocanna atá le comhlíonadh ag oibreoirí gnóthaí beatha a shainmhíniú, na bearta a bhaineann le formheas bunaíochtaí a ghlacadh, Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a leasú agus maoluithe ar na hiarscríbhinní sin a dheonú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d’Airteagal 5(3):

‘Saineoidh an Coimisiún na critéir agus na spriocanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b). Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 31(3).’;

2.

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

‘(3)   go gceanglaítear, le Rialachán arna ghlacadh ag an gCoimisiún, an ceadú sin a fháil. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 31(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

‘Airteagal 27

Leasuithe ar Iarscríbhinn I, ar Iarscríbhinn II agus ar Iarscríbhinn III

Féadfar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a leasú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

forbairt cód dea-chleachtais;

(b)

an taithí a fhaightear i gcomhthéacs chur i bhfeidhm córas atá bunaithe ar HACCP (Anailís Guaise agus Pointí Rialúcháin Criticiúla) de bhun Airteagal 6;

(c)

forbairtí teicneolaíocha;

(d)

comhairle eolaíoch, go háirithe measúnachtaí ar rioscaí nua;

(e)

leagan síos spriocanna sábháilteachta ábhar beatha;

agus

(f)

forbairt ceanglas maidir le hoibríochtaí sonracha.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 31(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

‘Airteagal 28

Maoluithe ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III

Féadfaidh an Coimisiún maoluithe ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a dheonú ar chúiseanna áirithe, ar choinníoll nach ndéanann na maoluithe sin difear do chur i gcrích chuspóirí an Rialacháin seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 31(3).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

7.   FUINNEAMH AGUS IOMPAR

7.1.   Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar  (44)

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na leasuithe is gá a dhéanamh chun na hIarscríbhinní a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 leis seo mar a leanas:

1.

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Ní foláir go gcomhlíonfaidh slándáil an chórais na ceanglais theicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinn IB. Áiritheoidh an Coimisiún go bhforálfar leis an Iarscríbhinn sin nach bhféadfar cineál-cheadú comhpháirte AE a dheonú do threalamh taifeadta go dtí go dtaispeántar, maidir leis an gcóras iomlán (an trealamh taifeadta féin, an cárta tiománaí agus naisc leictreacha an ghiarbhosca), go bhfuil sé in ann cur i gcoinne iarrachtaí chun cur isteach nó athrú a dhéanamh ar na sonraí maidir le tráthanna tiomána. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(2). Maidir leis na tástálacha is gá chun an méid sin a shuíomh, déanfaidh saineolaithe atá eolach ar na teicnící is déanaí chun cur isteach ar an trealamh iad.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(1):

‘1.   Maidir leis na leasuithe is gá chun na hiarscríbhinní a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(2).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

‘Airteagal 18

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

7.2.   Treoir 97/70/CE ón gComhairle an 11 Nollaig 1997 lena ndéantar córas comhchuibhithe sábháilteachta a chur ar bun le haghaidh soithí iascaireachta 24 mhéadar nó níos mó ar fhad  (45)

Maidir le Treoir 97/70/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na forálacha a ghlacadh maidir le léiriú comhchuibhithe forálacha áirithe den Iarscríbhinn a ghabhann le Prótacal Torremolinos agus maidir le cur i bhfeidhm na Treorach. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún freisin chun forálacha áirithe den Treoir agus de na hIarscríbhinní a ghabhann léi a leasú chun leasuithe iardain ar Phrótacal Torremolinos a chur i bhfeidhm chun críocha na Treorach, ar leasuithe iad a tháinig i bhfeidhm tar éis an Treoir a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 97/70/CE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 97/70/CE leis seo mar a leanas:

1.

in Airteagal 4(4)(b), cuirtear na focail ‘i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2)’ in ionad na bhfocal ‘i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 9’;

2.

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Maidir leis na hoiriúnuithe seo a leanas, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 9(3):

(a)

féadfar forálacha a ghlacadh agus a ionchorprú maidir leis na nithe seo a leanas:

léiriú comhchuibhithe ar na forálacha sin den Iarscríbhinn a ghabhann le Prótacal Torremolinos, ar forálacha iad a fágadh de rogha ag lucht riaracháin na bpáirtithe conarthacha ar leithligh a mhéid is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad go comhsheasmhach sa Chomhphobal,

cur chun feidhme na Treorach seo gan a raon feidhme a leathnú.

(b)

féadfar Airteagail 2, 3, 4, 6 agus 7 den Treoir seo a oiriúnú agus féadfar na hIarscríbhinní a ghabhann léi a leasú chun leasuithe iardain ar Phrótacal Torremolinos a chur i bhfeidhm chun críocha na Treorach seo ar leasuithe iad a tháinig i bhfeidhm tar éis an Treoir seo a ghlacadh.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), arna chur ar bun le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (47), ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

7.3.   Treoir 1999/35/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le córas suirbhéanna sainordaitheacha i ndáil le hoibriú seirbhísí rialta farantóireachta rothlú ann-rothlú as agus seirbhísí rialta ardluais árthaí paisinéirí  (48)

Maidir le Treoir 1999/35/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hIarscríbhinní, na sainmhínithe agus na tagairtí d’ionstraimí Comhphobail agus d’ionstraimí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) a oiriúnú chun go mbeidh siad ag luí le bearta Comhphobail agus IMO a tháinig i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Ba cheartgo dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún freisin na hIarscríbhinní a leasú chun an córas arna bhunú leis an Treoir a fheabhsú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 1999/35/CE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 1999/35/CE leis seo mar a leanas:

1.

san abairt deiridh d’Airteagal 4(1)(d), in Airteagal 11(6) agus (8) agus sa dara habairt agus san abairt deiridh d’Airteagal 13(3), cuirtear na focail ‘an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2)’ in ionad na bhfocal ‘an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), arna chur ar bun le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

‘Airteagal 17

Nós imeachta leasaithe

Féadfar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo, na sainmhínithe, na tagairtí d’ionstraimí Comhphobail agus tagairtí d’ionstraimí IMO a oiriúnú a mhéid is gá chun go mbeidh siad i gcomhréir le bearta Comhphobail nó IMO atá tagtha i bhfeidhm cheana, ach gan raon feidhme na Treorach seo a leathnú.

Féadfar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú freisin nuair is gá d’fhonn na socruithe arna mbunú leis an Treoir seo a fheabhsú, ach gan a raon feidhme a leathnú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

Féadfar na leasuithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2 a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002.’.

7.4.   Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le ceanglais deartha cabhlach dúbailte nó a coibhéis a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe d’olathancaeir aonchabhlach  (50)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 417/2002, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún tagairtí áirithe do na Rialacháin ábhartha atá in MARPOL 73/78 agus do Rún MEPC 111(50) agus Rún MEPC 94(46) a leasú chun na tagairtí a chur ar comhréim le leasuithe ar na Rialacháin sin agus ar na Rúin sin arna nglacadh ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), sa mhéid nach leathnóidh na leasuithe sin raon feidhme an Rialacháin. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), arna chur ar bun le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

2.

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Féadfaidh an Coimisiún na tagairtí atá sa Rialachán seo do Rialacháin Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78, agus, freisin, na tagairtí do Rún MEPC 111(50) agus do Rún MEPC 94(46), arna leasú le Rún MEPC 99(48) agus le Rún MEPC 112(50), a leasú chun na tagairtí a chur ar comhréim le leasuithe ar na Rialacháin sin agus ar na Rúin sin arna nglacadh ag IMO, sa mhéid nach leathnóidh na leasuithe sin raon feidhme an Rialacháin seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).’.

7.5.   Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le toirmeasc ar chomhdhúile organaitín ar bord long  (52)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 782/2003, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún córas comhchuibhithe suirbhéanna agus deimhnithe le haghaidh long áirithe a bhunú, bearta áirithe a ghlacadh maidir le longa a sheolann faoi bhratach tríú tír, nósanna imeachta a bhunú i dtaca le rialú calafort ag Stáit, agus tagairtí agus iarscríbhinní áirithe a leasú chun forbairtí ar leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe san IMO, nó chun éifeachtacht an Rialacháin sin a fheabhsú i bhfianaise na taithí atá faighte. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 leis seo mar a leanas:

1.

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1(b):

‘Más gá, féadfaidh an Coimisiún córas comhchuibhithe suirbhéanna agus deimhnithe a bhunú le haghaidh na long sin. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 9(2).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Mura bhfuil Coinbhinsiún AFS tagtha i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2007, glacfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun go gceadófar do longa a bhfuil bratach tríú Stát ar foluain acu a thaispeáint go gcomhlíonann siad Airteagal 5. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 9(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 7:

‘Mura bhfuil Coinbhinsiún AFS tagtha i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2007, bunóidh an Coimisiún na nósanna imeachta iomchuí maidir leis na rialuithe sin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 9(2).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Chun forbairtí ar leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) a chur san áireamh, nó chun éifeachtacht an Rialacháin seo a fheabhsú i bhfianaise na taithí atá faighte, féadfaidh an Coimisiún na tagairtí do Choinbhinsiún AFS, do Dheimhniú AFS, do Dhearbhú AFS agus do Ráiteas Comhlíonta AFS agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear treoirlínte ábhartha an IMO i ndáil le hAirteagal 11 de Choinbhinsiún AFS, a leasú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 9(2).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), arna chur ar bun le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (53), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

7.6.   Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhghiniúint atá bunaithe ar éileamh teasa úsáidigh sa mhargadh inmheánach fuinnimh a chur chun cinn  (54)

Maidir le Treoir 2004/8/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe a scrúdú i ndáil le táirgeadh leithleach leictreachais agus teasa, na luachanna tairsí arna leagan amach in Airteagal 13 a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil, agus na treoirlínte mionsonraithe maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II den Treoir sin, lena n-áirítear an cóimheas cumhachta is teasa, a bhunú agus a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/8/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/8/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2):

‘2.   Déanfaidh an Coimisiún na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe i ndáil le táirgeadh leithleach leictreachais agus teasa dá dtagraítear i mír 1 a scrúdú an 21 Feabhra 2011 den chéad uair, agus gach ceithre bliana dá éis sin, chun forbairtí teicneolaíocha agus athruithe i ndáileadh na bhfoinsí fuinnimh a chur san áireamh. Maidir le haon bhearta a thagann as an scrúdú seo agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Cur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil

1.   Déanfaidh an Coimisiún na luachanna tairsí a úsáidtear chun ríomh a dhéanamh ar leictreachas ó chomhghiniúint, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II(a), a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

2.   Déanfaidh an Coimisiún na luachanna tairsí a úsáidtear chun ríomh a dhéanamh ar éifeachtúlacht táirgthe comhghiniúna agus coigiltis fuinnimh phríomhúil, dá dtagraítear in Iarscríbhinn III(a), a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

3.   Déanfaidh an Coimisiún na treoirlínte maidir le cinneadh an chóimheasa cumhachta is teasa, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II(d), a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) d’ Iarscríbhinn II:

‘(e)

Bunóidh an Coimisiún treoirlínte mionsonraithe maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II, lena n-áirítear cinneadh an chóimheasa cumhachta is teasa. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2).’.

7.7.   Treoir 2004/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hidirinoibritheacht córas leictreonach dola bóthair sa Chomhphobal  (55)

Maidir le Treoir 2004/52/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Chomisiún an iarscríbhinn a oiriúnú agus cinntí a ghlacadh maidir leis an sainmhíniú ar sheirbhís dola leictreonaigh na hEorpa. Ba cheart freisin, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún cinntí teicniúla a ghlacadh maidir le seirbhís dola leictreonaigh na hEorpa a thabhairt i gcrích. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/52/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/52/CE leis seo mar a leanas:

1.

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás inar iomchuí, féadfar an Iarscríbhinn a oiriúnú ar chúiseanna teicniúla. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(2).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4, mhír 5 agus mhír 6:

‘4.   Glacfaidh an Coimisiún na cinntí maidir leis an sainmhíniú ar sheirbhís dola leictreonaigh na hEorpa. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(2). Ní ghlacfar na cinntí sin ach amháin i gcás ina bhfuil na dálaí go léir ann, arna meas ar bhonn staidéar iomchuí, chun a chumasú go bhfeidhmeoidh an idirinoibritheacht ar gach slí, lena n-áirítear dálaí teicniúla, dlíthiúla agus tráchtála.

5.   Glacfaidh an Coimisiún na cinntí teicniúla maidir le seirbhís dola leictreonaigh na hEorpa. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh Coiste um Dhola Leictreonach cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

7.8.   Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú  (56)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ceart freisin go mbeadh feidhm maidir le longa a oibríonn seirbhísí intíre agus maidir leis na saoráidí calafoirt a fhónann dóibh ag leasuithe ar na hIarscríbhinní a bhaineann le bearta speisialta áirithe chun slándáil mhuirí an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir agus an Chóid Idirnáisiúnta um shlandáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú, ar leasuithe iad a bhfuil feidhm acu go huathoibríoch maidir le trácht idirnáisiúnta. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004, leagtar síos ceanglais agus bearta slándála agus tá sé bunaithe ar ionstraimí idirnáisiúnta atá faoi réir a leasaithe. I gcás nach féidir, ar mhórfhorais práinne, na gnáth-theorainneacha ama le haghaidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(2):

‘2.   Cinnfidh an Coimisiún comhtháthú leasuithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2 i ndáil le longa a oibríonn seirbhísí intíre agus i ndáil leis na saoráidí calafoirt a fhónann dóibh, ar leasuithe iad a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, sa mhéid gurb é atá iontu ná uasdátú teicniúil ar fhorálacha Choinbhinsiún SOLAS agus Chód ISPS. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(4); ar mhórfhorais práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 11(5). Sna cásanna sin, ní bheidh feidhm ag an nós imeachta seiceála comhréireachta arna bhunú i mír 5 den Airteagal seo.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(3):

‘3.   Féadfaidh an Coimisiún forálacha a ghlacadh chun nósanna imeachta comhchuibhithe a shainmhíniú i gcomhair chur i bhfeidhm fhorálacha sainordaitheacha Chód ISPS, gan raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(4).

Ar mhórfhorais práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 11(5).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Mí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 6 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Mí amháin a bheidh sna tréimhsí a leagtar síos in Airteagal 6(b) agus (c) faoi seach de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

7.9.   Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le longa lasta agus paisinéirí a aistriú idir cláir laistigh den Chomhphobal  (57)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 789/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún sainmhínithe áirithe a leasú chun forbairtí ar leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), a chur san áireamh agus chun éifeachtacht an Rialacháin a fheabhsú i bhfianaise na taithí atá faighte agus an dul chun cinn theicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), arna chur ar bun le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (58), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1):

‘1.   D’fhonn na forbairtí ar leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), a chur san áireamh agus chun éifeachtacht an Rialacháin seo a fheabhsú i bhfianaise na taithí atá faighte agus an dul chun cinn theicniúil, féadfaidh an Coimisiún na sainmhínithe atá in Airteagal 2 a leasú sa mhéid nach leathnóidh na leasuithe sin raon feidhme an Rialacháin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’.

7.10.   Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal  (59)

Maidir le Treoir 2005/44/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2005/44/CE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2005/44/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Nós imeachta leasaithe

Féadfar Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a leasú i bhfianaise na taithí atá faighte ó chur i bhfeidhm na Treorach seo, agus féadfar iad a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(4).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste arna chur ar bun le hAirteagal 7 de Threoir 91/672/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le deimhnithe náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d’uiscebhealach intíre a aithint go cómhalartach (60), cúnamh don Coimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

5.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle go tráthrialta le hionadaithe na hearnála.’.

7.11.   Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú  (61)

Maidir le Treoir 2005/65/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann léi a oiriúnú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2005/65/CE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Le Treoir 2005/65/CE, leagtar síos ceanglais agus bearta slándála agus tá sí bunaithe ar ionstraimí idirnáisiúnta atá faoi réir a leasaithe. I gcás nach féidir, ar mhórfhorais práinne, na gnáth-theorainneacha ama le haghaidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun na hIarscríbhinní a oiriúniú.

Dá réir sin, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14 agus Airteagal 15 de Threoir 2005/65/CE:

‘Airteagal 14

Oiriúnuithe

Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn IV a oiriúnú gan raon feidhme na Treorach seo a leathnú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Ar mhórfhorais práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

Airteagal 15

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste arna chur ar bun le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.


(1)  IO L 163, 2.7.1996, lch. 1.

(2)  IO L 147, 9.6.1975, lch. 40.

(3)  IO L 121, 15.5.1993, lch. 20.

(4)  IO L 162, 3.7.2000, lch. 1.

(5)  IO L 304, 21.11.2003, lch. 1.

(6)  IO L 50, 20.2.2004, lch. 28.

(7)  IO 196, 16.8.1967, lch. 1

(8)  IO L 50, 20.2.2004, lch. 44.

(9)  IO 196, 16.8.1967, lch. 1.

(10)  IO L 47, 18.2.2004, lch. 1.

(11)  IO L 22, 26.1.2005, lch. 1.

(12)  IO L 104, 8.4.2004, lch. 1.

(13)  IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.

(14)  IO L 378, 31.12.1982, lch. 1.

(15)  IO L 181, 4.7.1986, lch. 6.

(16)  IO L 365, 31.12.1994, lch. 10.

(17)  IO L 121, 11.5.1999, lch. 13.

(18)  IO L 309, 27.11.2001, lch. 22.

(19)  IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(20)  IO L 229, 29.6.2004, lch. 5.

(21)  IO L 23, 26.1.2005, lch. 3.

(22)  IO L 190, 12.7.2006, lch. 1.

(23)  IO L 377, 31.12.1991, lch. 48.

(24)  IO L 374, 31.12.1991, lch. 1.

(25)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(26)  IO L 78, 28.3.1996, lch. 27.

(27)  IO L 13, 16.1.2002, lch. 21.

(28)  IO L 179, 7.8.1972, lch. 1.

(29)  IO L 14, 21.1.2003, lch. 1.

(30)  IO L 66, 11.3.2003, lch. 1.

(31)  IO L 7, 13.1.2004, lch. 1.

(32)  IO L 142, 30.4.2004, lch. 12.

(33)  IO L 86, 6.4.1979, lch. 30.

(34)  IO L 213, 21.7.1982, lch. 8.

(35)  IO L 125, 23.5.1996, lch. 35.

(36)  IO L 140, 30.5.2002, lch. 10.

(37)  IO L 170, 3.8.1970, lch. 1.

(38)  IO L 146, 13.6.2003, lch. 1.

(39)  IO L 325, 12.12.2003, lch. 31.

(40)  IO L 139, 30.4.2004, lch. 1.

(41)  IO L 139, 30.4.2004; lch. 55.

(42)  IO L 139, 30.4.2004, lch. 206.

(43)  IO L 35, 8.2.2005, lch. 1.

(44)  IO L 370, 31.12.1985, lch. 8.

(45)  IO L 34, 9.2.1998, lch. 1.

(46)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.

(47)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(48)  IO L 138, 1.6.1999, lch. 1.

(49)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.

(50)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 1.

(51)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.

(52)  IO L 115, 9.5.2003, lch. 1.

(53)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.

(54)  IO L 52, 21.2.2004, lch. 50.

(55)  IO L 166, 30.4.2004, lch. 124.

(56)  IO L 129, 29.4.2004, lch. 6.

(57)  IO L 138, 30.4.2004, lch. 19.

(58)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.

(59)  IO L 255, 30.9.2005, lch. 152.

(60)  IO L 373, 31.12.1991, lch. 29.

(61)  IO L 310, 25.11.2005, lch. 28.


Innéacs croineolaíoch

(1)

Treoir 75/324/CEE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1975 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le dáileoirí aerasóil

(2)

Treoir 79/373/CEE ón gComhairle an 2 Aibreán 1979 maidir le cúrsaíocht ábhar beatha cumaisc

(3)

Treoir 82/471/CEE ón gComhairle an 30 Meitheamh 1982 maidir le táirgí áirithe a úsáidtear i gcothú ainmhithe

(4)

Treoir 82/883/CEE ón gComhairle an 3 Nollaig 1982 maidir le nósanna imeachta i dtaca le faireachas agus faireachán comhshaolta ar cás leo dramhaíl ó thionscal na dé-ocsaíde tíotáiniam

(5)

Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar

(6)

Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, agus sloda séarachais á úsáid sa talmhaíocht

(7)

Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le suirbhé Comhphobail ar tháirgeadh tionsclaíoch a bhunú

(8)

Treoir 93/15/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le comhchuibhiú na bhforálacha i ndáil le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar an margadh agus a mhaoirsiú

(9)

Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistiú

(10)

Treoir 96/16/CE ón gComhairle an 19 Márta 1996, maidir le suirbhéanna staidrimh ar bhainne agus ar tháirgí bainne

(11)

Treoir 96/25/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le cúrsaíocht agus úsáid ábhar beatha

(12)

Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil

(13)

Treoir 97/70/CE ón gComhairle an 11 Nollaig 1997 lena ndéantar córas comhchuibhithe sábháilteachta a chur chun cinn le haghaidh soithí iascaireachta 24 mhéadar nó níos mó ar fhad

(14)

Treoir 1999/32/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe

(15)

Treoir 1999/35/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le córas suirbhéanna sainordaitheacha i ndáil le hoibriú seirbhísí rialta farantóireachta rothlú ann-rothlú as agus seirbhísí rialta ardluais árthaí paisinéirí

(16)

Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh lena úsáid lasmuigh

(17)

Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le huasteorainneacha astaíochtaí náisiúnta do thruailleáin atmaisféaracha áirithe

(18)

Treoir 2001/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2001 maidir leis na suirbhéanna staidrimh atá le cur i gcrích ag na Ballstáit chun acmhainn táirgthe plandálacha speiceas áirithe crainn torthaí a aimsiú

(19)

Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le ceanglais deartha cabhlach dúbailte nó a coibhéis a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe d'olathancaeir aonchabhlach

(20)

Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbia ainmhithe

(21)

Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le staidreamh i dtaca le hiompar d’iarnród

(22)

Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le tuairisceáin staidrimh i leith paisinéirí, lastas agus post a iompar d'aer

(23)

Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le toirmeasc ar chomhdhúile organaitín ar bord long

(24)

Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí ainmhithe

(25)

Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 maidir le leasacháin

(26)

Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal

(27)

Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus oibreáin zónóiseacha

(28)

Rialachán (CE) Uimh. 48/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le soláthar staidrimh bhliantúil Comhphobail ar an tionscal cruach le haghaidh na mblianta tagartha 2003-2009

(29)

Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí na mblianta tagartha 2003-2009

(30)

Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhghiniúint atá bunaithe ar éileamh teasa úsáidigh sa mhargadh inmheánach fuinnimh a chur chun cinn

(31)

Treoir 2004/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le dea-chleachtas saotharlainne (DCS) a iniúchadh agus a fhíorú (leagan códaithe)

(32)

Treoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhchuibhiú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le prionsabail dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus i ndáil lena gcur i bhfeidhm a fhíorú i gcás tástálacha ar shubstaintí ceimiceacha (leagan códaithe)

(33)

Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh

(34)

Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú

(35)

Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach

(36)

Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le longa lasta agus paisinéirí a aistriú idir cláir laistigh den Chomhphobal

(37)

Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail

(38)

Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha

(39)

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia

(40)

Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch

(41)

Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos na rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine

(42)

Treoir 2004/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hidirinoibritheacht córas leictreonach dola bóthair sa Chomhphobal

(43)

Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha san aer comhthimpeallach

(44)

Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le ceanglais a leagan síos i ndáil le sláinteachas bia ainmhithe

(45)

Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal

(46)

Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú

(47)

Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola


Top