21.12.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

3


COINBHINSIÚN

ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

BROLLACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA SA CHOINBHINSIÚN SEO,

AGUS É DE RÚN DAINGEAN ACU go neartófar ina gcríocha an chosaint dhlíthiúil ar dhaoine atá bunaithe ann,

DE BHRÍ gur gá chun na críche sin dlínse idirnáisiúnta na gcúirteanna a chinneadh, aithint a éascú, agus nós imeachta gasta a thabhairt isteach chun a áirithiú go bhforghníomhófar breithiúnais, ionstraimí barántúla agus socraíochtaí cúirte,

ÓS FEASACH DÓIBH na ceangail eatarthu, atá arna seanbhunú i réimse na heacnamaíochta ag na comhaontuithe saorthrádála a tugadh i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Ballstáit áirithe de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa,

Coinbhinsiún na Bruiséile an 27 Meán Fómhair 1968 ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, arna leasú leis na Coinbhinsiúin Aontachais tráth méaduithe an Aontais Eorpaigh ó ócáid go chéile,

Coinbhinsiún Lugano an 16 Meán Fómhair 1988 ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, lena leathnaítear cur i bhfeidhm rialacha Choinbhinsiún na Bruiséile 1968 go dtí Ballstáit áirithe de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa,

Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 an 22 Nollaig 2000 ón gComhairle ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a cuireadh in ionad Choinbhinsiún na Bruiséile thuasluaite,

an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, arna shíniú sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2005,

ÓS DEIMHIN LEO go ndéanfaidh leathnú na bprionsabal atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh 44/2001 go dtí Páirtithe Conarthacha na hionstraime seo comhar dlíthiúil agus eacnamaíoch a neartú,

ÓS MIAN LEO a áirithiú go ndéanfar léiriú comhionann oiread agus is féidir ar an ionstraim seo,

Den mheon sin, TAR ÉIS A CHINNEADH an Coinbhinsiún seo a thabhairt i gcrích, agus

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

TEIDEAL I

RAON FEIDHME

Airteagal 1

1.   Beidh feidhm leis an gCoinbhinsiún seo in ábhair shibhialta agus tráchtála, cibé cineál cúirte nó binse a bheidh i gceist. Eisiatar óna réim, go háirithe, cúrsaí ioncaim, custam agus riaracháin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha, maoin-chearta de bhua cóngais phósta, uachtanna agus comharbais;

(b)

féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin;

(c)

slándáil shóisialta;

(d)

eadráin.

3.   Sa Choinbhinsiún seo, ciallóidh an téarma ‘Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo’ aon Stát ar Páirtí Conarthach den Choinbhinsiún seo é nó ar Ballstát den Chomhphobal Eorpach é. D'fhéadfaí go gciallódh sé an Comhphobal Eorpach freisin.

TEIDEAL II

DLÍNSE

ROINN 1

Forálacha Ginearálta

Airteagal 2

1.   Faoi réir fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, beidh daoine a bhfuil sainchónaí orthu i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo inagartha, cibé náisiúntacht atá acu, i gcúirteanna an Stáit sin.

2.   Daoine nach náisiúnaigh den Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, beidh siad faoi rialú ag na rialacha dlínse a bhaineann le náisiúnaigh an Stáit sin.

Airteagal 3

1.   Daoine a bhfuil sainchónaí orthu i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, ní féidir iad a agairt i gcúirteanna Stáit eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ach amháin de bhua na rialacha atá leagtha síos i Ranna 2 go 7 den Teideal seo.

2.   Go háirithe ní bheidh na rialacha dlínse náisiúnta atá leagtha amach in Iarscríbhinn I infheidhme ina gcoinne.

Airteagal 4

1.   Mura bhfuil sainchónaí i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ar an gcosantóir, rialófar dlínse na gcúirteanna i ngach Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo de réir dhlí an Stáit sin, faoi réir fhorálacha Airteagal 22 agus Airteagal 23.

2.   Aon duine a bhfuil sainchónaí air i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, cibé náisiúntacht atá aige, féadfaidh sé, ar nós náisiúnaigh an Stáit sin, leas a bhaint sa Stát sin, i gcoinne an chosantóra sin, as na rialacha dlínse atá i bhfeidhm ann agus go háirithe as na cinn a shonraítear in Iarscríbhinn I.

ROINN 2

Dlínse Speisialta

Airteagal 5

Duine a bhfuil sainchónaí air i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, féadfar é a agairt i Stát eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo:

1.

(a)

in ábhair a bhaineann le conradh, sna cúirteanna don áit i gcomhair chomhlíonadh na hoibleagáide áirithe;

(b)

chun críocha na forála seo agus mura gcomhaontófar ar shlí eile é, is é an áit i gcomhair chomhlíonadh na hoibleagáide áirithe:

i gcás earraí a dhíol, an áit i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina ndearnadh, faoin gconradh, na hearraí a sheachadadh nó inar chóir iad a bheith seachadta,

i gcás seirbhísí a sholáthar, an áit i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina ndearnadh, faoin gconradh, na seirbhísí a sholáthar nó inar chóir iad a bheith soláthraithe;

(c)

mura mbeidh feidhm ag fomhír (b), beidh feidhm ag fomhír (a);

2.

in ábhair a bhaineann le cothabháil,

(a)

sna cúirteanna don áit ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an gcreidiúnaí cothabhála, nó,

(b)

sa chúirt ag a bhfuil, de réir a dlí féin, dlínse chun imeachtaí a bhaineann le stádas duine a thriail má tá an t-ábhar a bhaineann le cothabháil coimhdeach leis na himeachtaí sin, mura rud é nach bhfuil de bhonn faoin dlínse sin ach náisiúntacht cheann de na páirtithe, nó

(c)

sa chúirt ag a bhfuil, de réir a dlí féin, dlínse chun imeachtaí a bhaineann le freagracht tuismitheoirí a thriail, má tá an t-ábhar a bhaineann le cothabháil coimhdeach leis na himeachtaí sin, mura rud é nach bhfuil de bhonn faoin dlínse sin ach náisiúntacht cheann de na páirtithe;

3.

in ábhair a bhaineann le tort, míghníomh nó samhail mhíghnímh, sna cúirteanna don áit inar tharla an teagmhas díobhálach, nó ina bhféadfaidh sé tarlú;

4.

i gcás éileamh sibhialta chun damáistí nó aisíocaíocht a ghnóthú mar gheall ar shárú ba shiocair le himeachtaí coiriúla, sa chúirt ar tugadh na himeachtaí sin faoina bráid, sa mhéid go bhfuil dlínse ag an gcúirt sin faoina dlí féin glacadh le himeachtaí sibhialta;

5.

i gcás díospóide a éiríonn as oibríochtaí brainse, gníomhaireachta nó bunaíochta eile, sna cúirteanna don áit ina bhfuil an brainse, an ghníomhaireacht nó an bhunaíocht eile;

6.

mar shocraitheoir, mar iontaobhaí nó mar thairbhí i leith iontaobhais a bunaíodh de bhun reachta nó le hionstraim i scríbhinn nó a bunaíodh de bhriathra béil agus a fianaíodh i scríbhinn, i gcúirteanna an Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo a bhfuil sainchónaí an iontaobhais ann;

7.

i gcás díospóide maidir le híoc luach saothair a éilíodh as lasta nó lucht a tharrtháil, sa chúirt ar faoina húdarás:

(a)

a gabhadh an lasta nó an lucht áirithe chun an íocaíocht sin a urrú; nó

(b)

a bhféadfaí é a ghabháil amhlaidh, ach gur tugadh bannaí nó urrús eile;

ar an gcoinníoll nach mbeidh feidhm leis an bhforáil seo ach amháin nuair a éilítear go bhfuil leas ag an gcosantóir sa lasta nó sa lucht nó go raibh leas den sórt sin aige tráth na tarrthála.

Airteagal 6

Duine a bhfuil sainchónaí air i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, féadfar é a agairt freisin:

1.

más duine de líon cosantóirí é, sna cúirteanna don áit a bhfuil sainchónaí ar dhuine ar bith díobh, ar an gcoinníoll go bhfuil baint chomh dlúth sin ag na héilimh le chéile go bhfuil sé fóirsteanach na cosantóirí a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí breithiúnais a bheadh ar neamhréir le chéile de thoradh imeachtaí ar leithligh a sheachaint;

2.

mar thríú páirtí i gcaingean ar bharántas nó ráthaíocht nó in aon imeachtaí eile tríú páirtí, sa chúirt inar tionscnaíodh na himeachtaí bunaidh, mura rud é gur tionscnaíodh iad sin d'aon toisc chun é a thabhairt amach as dlínse na cúirte ab iomchuí ina chás;

3.

i gcás frithéilimh a thig den chonradh céanna nó de na fíorais chéanna ab fhoras don éileamh bunaidh, sa chúirt ina bhfuil an t-éileamh bunaidh ar feitheamh;

4.

i gcás ábhar a bhaineann le conradh, más féidir an chaingean a dhlúthú le caingean i gcoinne an chosantóra chéanna in ábhair a bhaineann le cearta in rem ar mhaoin dhochorraithe, i gcúirt an Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina bhfuil an mhaoin.

Airteagal 7

Más rud é de bhua an Choinbhinsiúin seo go bhfuil dlínse ag cúirt Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo i gcaingne maidir le dliteanas a thig as úsáid nó oibriú loinge, beidh dlínse freisin ag an gcúirt sin, nó ag aon chúirt eile a bheidh curtha ina hionad chun na críche sin le dlí intíre an Stáit sin, i gcás éilimh chun an dliteanas sin a theorannú.

ROINN 3

Dlínse in Ábhair a bhaineann le hÁrachas

Airteagal 8

In ábhair a bhaineann le hárachas, cinnfear dlínse de réir na Roinne seo, gan dochar d'fhorálacha Airteagail 4 agus 5(5).

Airteagal 9

1.   Féadfar árachóir ar a bhfuil sainchónaí i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo a agairt:

(a)

i gcúirteanna an Stáit ina bhfuil sainchónaí air, nó

(b)

i Stát eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, i gcás caingne a thionscain sealbhóir an pholasaí, an t-árachaí nó an tairbhí, sna cúirteanna don áit ina bhfuil sainchónaí ar an ngearánaí, nó

(c)

más comhárachóir é, i gcúirteanna Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina dtionscnaítear imeachtaí i gcoinne an phríomhárachóra.

2.   Árachóir nach bhfuil sainchónaí air i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ach a bhfuil brainse nó gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, measfar, i gcás díospóidí a thiocfaidh ar barr de dhroim oibríochtaí an bhrainse nó na gníomhaireachta nó na bunaíochta, sainchónaí a bheith air sa Stát sin.

Airteagal 10

Féadfar fairis sin an t-árachóir a agairt sna cúirteanna don áit inar tharla an teagmhas díobhálach más é a bhíonn i gceist árachas i leith dliteanais nó árachas ar mhaoin dhochorraithe. Is é an dála céanna é má chumhdaítear maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe leis an bpolasaí céanna árachais agus go dtéann an teagmhas céanna chun dochair dóibh araon.

Airteagal 11

1.   I gcás árachais i leith dliteanais, féadfar mar an gcéanna, má cheadaíonn dlí na cúirte é, an t-árachóir a uamadh in imeachtaí a thionscain an duine díobhálaithe i gcoinne an árachaí.

2.   Beidh feidhm ag forálacha Airteagail 8, 9 agus 10 i gcás caingne a thionscain an duine díobhálaithe go díreach i gcoinne an árachóra, má cheadaítear na caingne díreacha sin.

3.   Má fhorálann an dlí maidir leis na caingne díreacha sin go bhféadfar sealbhóir an pholasaí nó an t-árachaí a uamadh mar pháirtí sa chaingean, beidh dlínse ag an gcúirt chéanna ina leith.

Airteagal 12

1.   Gan dochar d'Airteagal 11(3), ní féidir leis an árachóir imeachtaí a thionscnamh ach amháin i gcúirteanna an Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir, cibé acu sealbhóir an pholasaí nó an t-árachaí nó tairbhí é.

2.   Ní dhéanfaidh forálacha na Roinne seo difear don cheart chun frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil an t-éileamh bunaidh ar feitheamh, de réir na Roinne seo.

Airteagal 13

Ní féidir imeacht ó fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí chomhaontú:

1.

a dhéanfar tar éis an díospóid a theacht ar barr, nó

2.

a cheadóidh do shealbhóir an pholasaí, don árachaí nó do thairbhí imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cinn a luaitear sa Roinn seo, nó

3.

a chuirfear i gcrích idir sealbhóir polasaí agus árachóir, a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí orthu araon sa Stát céanna atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo tráth an chonartha a chur i gcrích agus arb é is éifeacht dó dlínse a thabhairt do chúirteanna an Stáit sin fiú i gcás an teagmhas díobhálach a tharlú ar an gcoigríoch, ar an gcoinníoll nach bhfuil an comhaontú sin contrártha le dlí an Stáit sin, nó

4.

a dhéanfar le sealbhóir polasaí nach bhfuil sainchónaí air i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, ach amháin sa mhéid gurb árachas éigeantach atá ann nó árachas a bhaineann le maoin dhochorraithe i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, nó

5.

a bhainfidh le conradh árachais sa mhéid go gcumhdaíonn sé fiontar nó fiontair a luaitear in Airteagal 14.

Airteagal 14

Is iad seo a leanas na fiontair dá dtagraítear in Airteagal 13(5):

1.

aon chailleadh nó damáiste a bhainfidh:

(a)

do longa farraige, do chóracha amach ón gcladach nó ar muir, nó d'aerárthaí, de dhroim guaiseanna a bhaineann lena n-úsáid chun críoch tráchtála;

(b)

d'earraí faoi bhealach, seachas bagáiste paisinéirí, agus iad á n-iompar go bun a mbealaigh nó ar chuid dá mbealach ag na longa nó na haerárthaí sin;

2.

aon dliteanas, seachas dliteanas i leith díobhála coirp do phaisinéirí nó i leith cailleadh nó damáiste a bhaint dá mbagáiste:

(a)

a thig as úsáid nó oibriú long, córacha nó aerárthaí mar a luaitear i bpointe 1(a) sa mhéid, i leith an mhéid sin, nach gcuireann dlí an Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo a bhfuil na haerárthaí sin cláraithe ann toirmeasc le comhaontuithe ar dhlínse maidir le hárachú na bhfiontar sin;

(b)

i leith cailleadh nó damáiste a tharlóidh trí bhíthin earraí faoi bhealach mar a luaitear i bpointe 1(b);

3.

aon chailleadh airgid i ndáil le húsáid nó oibriú long, córacha nó aerárthaí mar a luaitear i bpointe 1(a), go háirithe cailleadh last-táillí nó íocaíochta as cairtfhostú;

4.

aon fhiontar nó leas a ghabhann leo sin a luaitear i bpointí 1 go 3;

5.

d'ainneoin phointí 1 go 4, gach aon mhórfhiontar.

ROINN 4

Dlínse ar Chonarthaí Tomhaltais

Airteagal 15

1.   In ábhair maidir le conradh a chuir duine, an tomhaltóir, i gcrích chun críche a fhéadfar a mheas a bheith lasmuigh dá thrádáil nó dá ghairm, cinnfear dlínse leis an Roinn seo, gan dochar d'Airteagail 4 agus 5(5) más rud é:

(a)

gur conradh é chun earraí a dhíol ar théarmaí creidmheasa tráthchoda, nó

(b)

gur conradh é le haghaidh iasachta is iníoctha i dtráthchodanna, nó le haghaidh aon chineál eile creidmheasa, arna dhéanamh chun díolachán earraí a mhaoiniú, nó

(c)

i ngach cás eile, gur cuireadh an conradh i gcrích le duine a ghabhann do ghníomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla i Stát shainchónaí an tomhaltóra atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún nó a dhéanann, ar aon slí, na gníomhaíochtaí sin a dhíriú chuig an Stát sin nó chuig iliomad Stát lena n-áirítear an Stát sin, agus go dtagann an conradh faoi réim na ngníomhaíochtaí sin.

2.   I gcás tomhaltóir do dhul i gconradh le páirtí nach bhfuil sainchónaí air sa Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ach go bhfuil brainse nó gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, measfar sainchónaí a bheith ar an bpáirtí sin sa Stát sin i gcás díospóidí a thiocfaidh ar barr de dhroim oibríochtaí an bhrainse nó na gníomhaireachta nó na bunaíochta.

3.   Ní bhainfidh an Roinn seo le conarthaí iompair, seachas conarthaí lena ndéantar, ar phraghas iniatach, socrú maidir le teaglaim taistil agus cóiríochta.

Airteagal 16

1.   Féadfaidh tomhaltóir imeachtaí a thabhairt in aghaidh an pháirtí eile i gconradh i gcúirteanna an Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí sin nó sna cúirteanna san áit ina bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir.

2.   Ní féidir le páirtí eile sa chonradh imeachtaí a thabhairt i gcoinne tomhaltóra ach amháin i gcúirteanna an Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir.

3.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don cheart chun frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil an t-éileamh bunaidh ar feitheamh, de réir na Roinne seo.

Airteagal 17

Ní féidir imeacht ó fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí chomhaontú:

1.

a dhéanfar tar éis díospóid a theacht ar barr, nó

2.

a cheadóidh don tomhaltóir imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cinn a luaitear sa Roinn seo, nó

3.

a dhéanfaidh an tomhaltóir agus an páirtí eile sa chonradh, agus sainchónaí nó gnáthchónaí orthu araon sa Stát céanna atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo tráth an chonartha a chur i gcrích, agus a thabharfaidh dlínse do chúirteanna an Stáit sin, ar an gcoinníoll nach bhfuil an comhaontú sin contrártha le dlí an Stáit sin.

ROINN 5

Dlínse ar Chonarthaí Fostaíochta Aonair

Airteagal 18

1.   In ábhair a bhaineann le conarthaí fostaíochta aonair, cinnfear dlínse leis an Roinn seo, gan dochar d'Airteagail 4 agus 5(5).

2.   I gcás fostaí do dhul i gconradh fostaíochta aonair le fostóir nach bhfuil sainchónaí air i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ach a bhfuil brainse, gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, measfar, i ndíospóidí de dhroim oibríochtaí an bhrainse, na gníomhaireachta nó na bunaíochta sainchónaí a bheith ag an bhfostóir sa Stát sin.

Airteagal 19

Fostóir a bhfuil sainchónaí air i Stát atá faoi cheangal ag an an gCoinbhinsiún seo féadfar é a agairt:

1.

i gcúirteanna an Stáit ina bhfuil sainchónaí air, nó

2.

i Stát eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo:

(a)

sna cúirteanna don áit ina ndéanann sé a chuid oibre de ghnáth nó sna cúirteanna don áit deiridh ina ndearna sé amhlaidh, nó

(b)

más rud é nach ndéanann, nó nach ndearna, an fostaí a chuid oibre in aon tír amháin de ghnáth, sna cúirteanna don áit ina bhfuil nó ina raibh an gnó a d'earcaigh an fostaí.

Airteagal 20

1.   Ní fhéadfaidh fostóir imeachtaí a thionscnamh ach amháin i gcúirteanna an Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina bhfuil sainchónaí ar an bhfostaí.

2.   Ní dhéanfaidh forálacha na Roinne seo difear don cheart chun frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil, de réir na Roinne seo, an t-éileamh bunaidh ar feitheamh.

Airteagal 21

Ní féidir imeacht ó fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí chomhaontú i dtaobh dlínse:

1.

a dhéanfar tar éis don díospóid teacht chun cinn, nó

2.

a cheadóidh don fhostaí imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cinn a luaitear sa Roinn seo.

ROINN 6

Dlínse Eisiatach

Airteagal 22

Beidh dlínse eisiatach ag na cúirteanna seo a leanas, ar neamhchead do shainchónaí:

1.

in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh cearta in rem ar mhaoin dhochorraithe nó tionóntachtaí maoine dochorraithe, cúirteanna an Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina bhfuil an mhaoin.

Ach, in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh tionóntachtaí maoine dochorraithe arna gcur i gcrích le haghaidh úsáide príobháidí sealadaí go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí as a chéile, beidh dlínse freisin ag cúirteanna an Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir, ar an gcoinníoll gur duine nádúrtha é an tionónta agus go bhfuil sainchónaí ar an tiarna talún agus ar an tionónta sa Stát céanna atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo;

2.

in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh bailíocht chomhdhéanamh, neamhniú nó díscaoileadh cuideachtaí nó daoine dlítheanacha eile nó comhlachas de dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó bailíocht cinntí a thug orgáin dá gcuid, cúirteanna an Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina bhfuil an suíomh ag an gcuideachta, ag an duine dlítheanach nó ag an gcomhlachas. D'fhonn an suíomh sin a chinneadh, déanfaidh an chúirt a cuid rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a chur chun feidhme;

3.

in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh bailíocht taifead i gcláir phoiblí, cúirteanna an Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina bhfuil an clár á choimeád;

4.

in imeachtaí a bhaineann le clárú nó le bailíocht paitinní, trádmharcanna, dearaí, nó le cearta eile dá leithéid sin is gá a thaisceadh nó a chlárú, cuma an ndúisítear an cheist ar mhodh caingne nó mar chosaint, cúirteanna an Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo inar iarradh an taisceadh nó an clárú, nó arb ann a rinneadh é nó a meastar faoi théarmaí ionstraime Comhphobail nó coinbhinsiúin idirnáisiúnta gurb ann a rinneadh é.

Gan dochar do dhlínse Oifig na bPaitinní Eorpacha faoin gCoinbhinsiún chun paitinní Eorpacha a dheonú a síníodh in München an 5 Deireadh Fómhair 1973, beidh dlínse eisiatach ag cúirteanna gach Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, gan aird a thabhairt ar shainchónaí, in imeachtaí a bhaineann le clárú nó bailíocht aon phaitinne Eorpaí a deonaíodh le haghaidh an Stáit sin cuma an ndúisítear an cheist trí chaingean nó mar chosaint;

5.

in imeachtaí a bhaineann le breithiúnais a fhorghníomhú, cúirteanna an Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina ndearnadh, nó ina ndéanfar, an breithiúnas a fhorghníomhú.

ROINN 7

Dlínse a Iarchur

Airteagal 23

1.   Más rud é go ndearna na páirtithe, a bhfuil sainchónaí ar pháirtí nó páirtithe díobh i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, comhaontú chun dlínse a bheith ag cúirt nó cúirteanna de chuid Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo aon díospóidí a réiteach a tharla nó a tharlóidh i ndáil le comhbhaint dhlíthiúil áirithe, beidh dlínse ag an gcúirt nó ag na cúirteanna sin. Beidh an dlínse sin eisiatach mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe. Ní foláir comhaontú den sórt sin a thugann dlínse:

(a)

a bheith i scríbhinn nó arna fhianú i scríbhinn, nó

(b)

a bheith i bhfoirm atá de réir cleachtas a bhunaigh na páirtithe eatarthu féin, nó

(c)

i dtrádáil nó tráchtáil idirnáisiúnta, a bheith i bhfoirm atá de réir gnáthaimh ar a bhfuil eolas nó ar ar cheart go mbeadh eolas ag na páirtithe agus a bhfuil aithne fhorleathan air sa trádáil nó sa tráchtáil sin agus a leantar go rialta é i measc páirtithe i gconarthaí den saghas a bhaineann leis an trádáil nó an tráchtáil áirithe atá i gceist.

2.   Aon chumarsáid ar mhodh leictreonach lena dtugtar taifead buan ar an gcomhaontú beidh sé comhionann le ‘scríbhinn’.

3.   I gcás comhaontú den sórt sin a bheith déanta ag páirtithe nach bhfuil sainchónaí ar aon pháirtí díobh i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, ní bheidh aon dlínse ag cúirteanna Stát eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ar a ndíospóidí mura rud é go mbeidh diúltaithe do dhlínse ag an gcúirt nó ag na cúirteanna a roghnaíodh.

4.   An chúirt nó na cúirteanna de chuid Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo dá dtugann ionstraim iontaobhais dlínse, beidh dlínse eisiatach aici nó acu in aon imeachtaí a thabharfar i gcoinne socraitheora, iontaobhaí nó tairbhí, má bhíonn comhbhaint i gceist idir na daoine sin nó a gcearta nó a n-oibleagáidí faoin iontaobhas.

5.   Ní bheidh aon fheidhm dhlíthiúil ag comhaontuithe nó forálacha ionstraime iontaobhais a thugann dlínse má bhíonn siad contrártha le forálacha Airteagal 13, 17 nó 21, nó má bhíonn dlínse eisiatach de bhua Airteagal 22 ag na cúirteanna a bhfuil airbheartaithe acu a ndlínse a eisiamh.

Airteagal 24

Amach ó na cásanna ina bhfuil dlínse aici de bhua forálacha eile den Choinbhinsiún seo, beidh dlínse ag cúirt Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo a dtaifeadfaidh cosantóir láithreas os a comhair. Ní bheidh feidhm leis an riail seo más conspóid na dlínse ba chuspóir don láithreas a thaifeadadh, nó má bhíonn dlínse eisiatach ag cúirt eile ann de bhua Airteagal 22.

ROINN 8

Fíorú ar Dhlínse agus ar Inghlacthacht

Airteagal 25

Cúirt de chuid Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo a dtabharfar os a comhair éileamh a bhaineann go príomha le hábhar a bhfuil dlínse eisiatach ina leith ag cúirteanna Stáit eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo de bhua Airteagal 22, dearbhóidh sí uaithi féin nach bhfuil aon dlínse aici.

Airteagal 26

1.   Má dhéantar cosantóir a bhfuil sainchónaí air i Stát amháin atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún a agairt i gcúirt de chuid Stáit eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo agus nach dtaifeadfaidh sé láithreas, dearbhóidh an chúirt uaithi féin nach bhfuil aon dlínse aici mura bhfuil dlínse aici atá bunaithe ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo.

2.   Cuirfidh an chúirt bac ar na himeachtaí fad a bheifear gan a shuíomh go raibh caoi ag an gcosantóir doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a fháil in am trátha chun socrú a dhéanamh é féin a chosaint, nó go ndearnadh gach dícheall chuige sin.

3.   In ionad fhorálacha mhír 2, beidh feidhm ag Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 ar Sheirbheáil Doiciméad Breithiúnach agus Seachbhreithiúnach in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála ar an gCoigríoch, má ba ghá doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a sheoladh amach de bhun an Choinbhinsiúin sin.

4.   Ballstáit an Chomhphobail Eorpaigh atá faoi cheangal ag Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 an 29 Bealtaine 2000 ón gComhairle nó ag an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta agus in ábhair tráchtála a sheirbheáil, a síníodh sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2005, déanfaidh siad, ina gcaidreamh frithpháirteach, an fhoráil in Airteagal 19 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm má ba ghá doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a sheoladh amach de bhun an Rialacháin sin nó an Chomhaontaithe sin.

ROINN 9

Lis pendens – Caingne Gaolmhara

Airteagal 27

1.   Má dhéantar imeachtaí leis an gcúis chéanna chaingne agus idir na páirtithe céanna a thionscnamh i gcúirteanna Stát éagsúil atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, dlífidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí, uaithi féin, go dtí go suífear dlínse na chéad chúirte ar tugadh os a comhair iad.

2.   Má shuitear dlínse na chéad chúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair, dlífidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.

Airteagal 28

1.   Má bhíonn caingne gaolmhara ar feitheamh i gcúirteanna Stát éagsúil atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí.

2.   Má bhíonn na caingne sin ar feitheamh ag an gcéad chéim, féadfaidh aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, dlínse a dhiúltú, má bhíonn dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair ar na caingne atá i gceist agus má cheadaíonn a dlí a gcomhdhlúthú.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, meastar caingne a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu le chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí breithiúnais bunoscionn le chéile mar ab fhéidir a theacht d'imeachtaí ar leithligh.

Airteagal 29

Má thagann caingne faoi dhlínse eisiatach cúirteanna éagsúla, dlífidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.

Airteagal 30

Chun críocha na Roinne seo, measfar caingean a bheith tugtha os comhair cúirte:

1.

tráth a ndéantar an doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí nó doiciméad comhionann a thaisceadh leis an gcúirt, ar choinníoll nár mhainnigh an gearánaí dá éis sin na bearta a ghlacadh ba ghá dó a ghlacadh chun an tseirbheáil a chur ar an gcosantóir, nó

2.

más gá an doiciméad a sheirbheáil sula dtaiscfear leis an gcúirt é, tráth a bhfaighidh an t-údarás atá freagrach as an tseirbheáil é, ar choinníoll nár mhainnigh an gearánaí dá éis sin na bearta a ghlacadh ba ghá dó a ghlacadh chun an doiciméad a thaisceadh leis an gcúirt.

ROINN 10

Bearta Sealadacha lena n-Áirítear Bearta Cosantacha

Airteagal 31

Féadfar cibé bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, a bheidh ar fáil faoi dhlí Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo a iarraidh ar chúirteanna an Stáit sin, fiú más rud é, faoin gCoinbhinsiún seo, go bhfuil dlínse ag cúirteanna Stáit eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo maidir le substaint an ábhair.

TEIDEAL III

AITHINT AGUS FORGHNÍOMHÚ

Airteagal 32

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, ciallaíonn ‘breithiúnas’ aon bhreithiúnas arna thabhairt ag cúirt nó binse de chuid Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas, lena n-áirítear foraithne, ordú, breith, nó eascaire fhorghníomhaithe, mar aon le cinneadh ar chostais nó ar chaiteachais ag oifigeach den chúirt.

ROINN 1

Aithint

Airteagal 33

1.   Gheobhaidh breithiúnas a tugadh i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo aithint sna Stáit Chonarthacha eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo gan aon nós imeachta speisialta a bheith riachtanach chuige sin.

2.   Aon pháirtí leasmhar a thabharfaidh aithint bhreithiúnais faoi thrácht mar phríomh-shaincheist i gconspóid, féadfaidh sé, de réir an nós imeachta dá bhforáiltear i Ranna 2 agus 3 den Teideal seo, iarratas a dhéanamh ar bhreith go ndlitear an breithiúnas a aithint.

3.   Má bhíonn toradh imeachtaí i gcúirt de chuid Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ag brath ar cheist theagmhasach aithinte a chinneadh, beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.

Airteagal 34

Ní aithneofar breithiúnas:

1.

más léir go bhfuil an aithint sin contrártha leis an ord poiblí sa Stát ina n-iarrtar an aithint;

2.

más d'éagmais láithris a tugadh an breithiúnas, mura ndearnadh doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a sheirbheáil ar an gcosantóir in am trátha agus ar an dóigh sin d'fhonn a chumasú dó chun socrú a dhéanamh é féin a chosaint, murar mhainnigh an cosantóir imeachtaí a thionscnamh chun agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais tráth arbh fhéidir dó déanamh amhlaidh;

3.

má bhíonn sé bunoscionn le breithiúnas a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna sa Stát ina n-iarrtar an aithint;

4.

má bhíonn sé bunoscionn le breithiúnas a tugadh roimhe sin i Stát eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo nó i dtríú Stát agus é ag baint leis an gcúis chéanna caingne agus idir na páirtithe céanna, ar choinníoll go gcomhlíonann an breithiúnas a tugadh roimhe sin na coinníollacha is gá chun é a aithint sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas.

Airteagal 35

1.   Ina theannta sin, ní aithneofar breithiúnas má bhíonn sé contrártha le Roinn 3, 4 nó 6 de Theideal II, ná i gcás dá bhforáiltear in Airteagal 68. Féadfar diúltú aitheantas a thabhairt do bhreithiúnas thairis sin in aon chás dá bhforáiltear in Airteagal 64(3) nó 67(4).

2.   Nuair a bheidh na forais dlínse dá dtagraítear sa mhír roimhe seo faoi bhreithniú aige nó aici, beidh an t-údarás nó an chúirt chun a ndearnadh an t-iarratas faoi cheangal ag na cinntí fíorais a ndearna cúirt an Stáit tionscnaimh a dlínse a bhunú orthu.

3.   Faoi réir fhorálacha mhír 1, ní féidir dlínse chúirt an Stáit tionscnaimh a athbhreithniú. Ní bheidh a fhoráil i dtaobh oird phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) inchurtha chun feidhme ar na rialacha maidir le dlínse.

Airteagal 36

Ní féidir i gcás ar bith breithiúnas coigríche a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte.

Airteagal 37

1.   Féadfaidh cúirt i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ar a n-iarrfar aithint bhreithiúnais a tugadh i Stát eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo bac a chur ar na himeachtaí má taisceadh gnáthachomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin.

2.   Féadfaidh cúirt i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ina n-iarrfar aithint do bhreithiúnas a tugadh in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe bac a chur ar na himeachtaí má bhíonn forghníomhú curtha ar fionraí, mar gheall ar achomharc, sa Stát tionscnaimh.

ROINN 2

Forghníomhú

Airteagal 38

1.   Déanfar breithiúnas a tugadh i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo agus is infhorghníomhaithe sa Stát sin a fhorghníomhú i Stát eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo nuair a bheidh sé dearbhaithe, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, go bhfuil sé infhorghníomhaithe sa Stát eile sin.

2.   Sa Ríocht Aontaithe, áfach, déanfar breithiúnas den sórt sin a fhorghníomhú i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, in Albain, nó i dTuaisceart Éireann nuair a bheidh sé cláraithe, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, lena fhorghníomhú sa chuid sin den Ríocht Aontaithe.

Airteagal 39

1.   Cuirfear an t-iarratas faoi bhráid na cúirte nó an údaráis inniúil atá luaite sa liosta in Iarscríbhinn II.

2.   Cinnfear dlínse áitiúil de réir na háite a bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne nó de réir na háite forghníomhaithe.

Airteagal 40

1.   Is de réir dhlí an Stáit a n-iarrtar forghníomhú ann a rialófar an nós imeachta maidir leis an iarratas a thaisceadh.

2.   Ní foláir don iarratasóir seoladh a thabhairt le haghaidh seirbheála próise i limistéar dlínse na cúirte chun a ndéantar an t–arratas. Ach más rud é nach bhforálann dlí an Stáit a n-iarrtar forghníomhú ann seoladh mar sin a bheith le tabhairt, ceapfaidh an t-iarratasóir ionadaí ad litem.

3.   Ní foláir na doiciméid a luaitear in Airteagal 53 a bheith i gceangal leis an iarratas.

Airteagal 41

Dearbhófar an breithiúnas a bheith infhorghníomhaithe díreach ar na foirmiúlachtaí in Airteagal 53 a bheith curtha i gcrích gan aon athbhreithniú faoi Airteagail 34 agus 35. Ní bheidh an páirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne i dteideal aon aighneachtaí a dhéanamh ag an gcéim seo de na himeachtaí maidir leis an iarratas.

Airteagal 42

1.   Déanfar an bhreith a tugadh ar an iarratas ar dhearbhú infhorghníomhaitheachta a chur in iúl don iarratasóir láithreach de réir an nós imeachta atá leagtha síos de réir dhlí an Stáit ina n-iarrtar an forghníomhú.

2.   Déanfar an dearbhú infhorghníomhaitheachta, agus an breithiúnas ag gabháil leis, a sheirbheáil ar an bpáirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne mura mbeidh sé seirbheáilte ar an bpáirtí sin cheana féin.

Airteagal 43

1.   Féadfaidh ceachtar den dá pháirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh maidir leis an iarratas ar dhearbhú infhorghníomhaitheachta.

2.   Déanfar an t-achomharc a thaisceadh sa chúirt a luaitear sa liosta in Iarscríbhinn III.

3.   Déileálfar leis an achomharc de réir rialacha lena rialaítear nós imeachta in ábhair chodarsnacha.

4.   Má mhainníonn an páirtí ar a n-iarrtar forghníomhú láithriú os comhair na cúirte achomhairc in imeachtaí a bhaineann le hachomharc arna thionscnamh ag an iarratasóir, beidh feidhm ag Airteagal 26(2) go (4) fiú i gcás nach bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí ar a n-iarrtar an forghníomhú in aon cheann de na Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo.

5.   Déanfar achomharc i gcoinne an dearbhaithe infhorghníomhaitheachta a thaisceadh laistigh de mhí dá sheirbheáil. Má tá sainchónaí ar an bpáirtí ar a n-iarrtar forghníomhú i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo seachas an Stát inar tugadh an dearbhú infhorghníomhaitheachta, dhá mhí a bheidh sa tréimhse le haghaidh achomhairc agus leanfaidh sí ó dháta na seirbheála, air féin go pearsanta nó ag an ionad cónaithe. Ní féidir cur leis an tréimhse mar gheall ar fhad slí ó bhaile.

Airteagal 44

Ní féidir an breithiúnas a tugadh ar an achomharc a chonspóid ach amháin leis an achomharc dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 45

1.   An chúirt lena dtaisctear achomharc faoi Airteagal 43 nó faoi Airteagal 44, ní dhiúltóidh sí do dhearbhú infhorghníomhaitheachta ná ní chúlghairfidh sí é ach amháin ar cheann de na forais a shonraítear in Airteagail 34 agus 35. Tabharfaidh sí a breith gan mhoill.

2.   Ní féidir i gcás ar bith an breithiúnas coigríche a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte.

Airteagal 46

1.   Féadfaidh an chúirt lena dtaisctear achomharc faoi Airteagal 43 nó faoi Airteagal 44, ar iarratas ón bpáirtí ar a n-iarrtar an forghníomhú, bac a chur leis na himeachtaí i gcás gnáthachomharc i gcoinne an bhreithiúnais a bheith taiscthe sa Stát tionscnaimh nó mura bhfuil an tréimhse le haghaidh achomhairc den sórt sin dulta in éag fós; sa chás deiridh sin, féadfaidh an chúirt a shonrú cad é an tréimhse le haghaidh achomharc den sórt sin a thaisceadh.

2.   Más in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe a tugadh an breithiúnas, measfar aon chineál achomhairc is indéanta sa Stát tionscnaimh a bheith ina ghnáthachomharc chun críocha mhír 1.

3.   Féadfaidh an chúirt freisin é a chur de choinníoll leis an bhforghníomhú go dtabharfar don chúirt cibé urrús a chinnfidh sí.

Airteagal 47

1.   Nuair nach mór breithiúnas a aithint de réir an Choinbhinsiúin seo, ní choiscfidh aon ní ar an iarratasóir é do bhaint leasa as bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosanta, de réir dhlí an Stáit iarrtha gan gá a bheith le dearbhú infhorghníomhaitheachta faoi Airteagal 41.

2.   Gabhfaidh cumhacht chun aon bhearta cosanta a ghlacadh leis an dearbhú infhorghníomhaitheachta.

3.   Le linn na tréimhse a shonraítear le haghaidh achomhairc de bhun Airteagal 43(5) in aghaidh an dearbhaithe infhorghníomhaitheachta agus go dtí go mbeidh breith tugtha ar aon achomharc den sórt sin, ní féidir aon bhearta a ghlacadh maidir leis an bhforghníomhú ach amháin bearta cosanta in aghaidh mhaoin an pháirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne.

Airteagal 48

1.   Má bhíonn breithiúnas coigríche tugtha i leith ábhar éagsúil agus nach féidir an dearbhú infhorghníomhaitheachta a thabhairt ina dtaobh go léir, déanfaidh an chúirt nó an t-údarás inniúil é a thabhairt i gcás ábhair amháin nó níos mó díobh.

2.   Féadfaidh iarratasóir dearbhú infhorghníomhaitheachta atá teoranta do chodanna de bhreithiúnas a iarraidh.

Airteagal 49

Ní fhéadfar breithiúnas coigríche a d'ordaigh íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorghníomhú sa Stát a n-iarrtar forghníomhú ann mura mbeidh méid na híocaíochta arna chinneadh go críochnaitheach ag cúirteanna an Stáit tionscnaimh.

Airteagal 50

1.   Iarratasóir ar tugadh dó go hiomlán nó go páirteach, sa Stát tionscnaimh, cúnamh dlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó chaiteachais, beidh teideal aige, sa nós imeachta dá bhforáiltear sa Roinn seo, chun tairbhiú den chúnamh dlíthiúil is fabhraí nó den díolúine is fairsinge ó chostais nó ó chaiteachais dá bhforáiltear le dlí an Stáit chun a ndéantar an t-iarratas.

2.   Ach féadfaidh iarratasóir a iarrfaidh forghníomhú ar bhreith a thug údarás riaracháin sa Danmhairg, san Íoslainn nó san Iorua i leith cothabhála éileamh a dhéanamh sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas ar na tairbhí dá dtagraítear sa chéad mhír má thugann sé ar aird ráiteas ó Aireacht Dlí agus Cirt na Danmhairge, na hÍoslainne nó na hIorua á rá go gcomhlíonann sé na ceanglais eacnamaíocha is gá chun bheith cáilithe le haghaidh cúnaimh dhlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó chaiteachais go hiomlán nó go páirteach.

Airteagal 51

Ní féidir urrús, banna ná taisce, de chineál ar bith, a éileamh ar pháirtí a iarrfaidh forghníomhú i Stát amháin atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ar bhreithiúnas a tugadh i Stát eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ar an bhforas gur náisiúnach eachtrach é ná ar an bhforas nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí air sa Stát a n-iarrtar an forghníomhú ann.

Airteagal 52

In imeachtaí chun dearbhú infhorghníomhaitheachta a eisiúint, ní fhéadfar muirear, dleacht ná cáin ar bith, arna ríomh de réir luach an ábhair i saincheist, a thobhach sa Stát a n-iarrtar an forghníomhú ann.

ROINN 3

Forálacha Comhchoiteanna

Airteagal 53

1.   Déanfaidh páirtí a iarrfaidh aithint nó dearbhú infhorghníomhaitheachta cóip den bhreithiúnas a thabhairt ar aird a shásóidh na coinníollacha is gá chun a barántúlacht a shuíomh.

2.   Déanfaidh páirtí a iarrfaidh dearbhú infhorghníomhaitheachta thairis sin an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 54 a thabhairt ar aird, gan dochar d'Airteagal 55.

Airteagal 54

Déanfaidh cúirt nó údarás inniúil Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, i gcás inar tugadh breithiúnas, ar iarraidh ó aon pháirtí leasmhar, deimhniú a eisiúint agus úsáid á baint as an bhfoirm chaighdeánach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 55

1.   Mura dtugtar ar aird an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 54, féadfaidh an chúirt nó an t-údarás inniúil tréimhse a shonrú chun é a thabhairt ar aird, nó glacadh le doiciméad comhionann, nó déanamh dá éagmais má mheasann sí nó sé go bhfuil a sáith nó a sháith faisnéise os a comhair nó os a chomhair.

2.   Déanfar aistriúchán ar na doiciméid a thabhairt ar aird má éilíonn an chúirt nó an t-údarás inniúil é. Ní foláir an t-aistriúchán a bheith deimhnithe ag duine atá cáilithe chuige sin i gceann de na Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 56

Ní gá aon dlíthiúilíocht ná aon fhoirmiúlacht dá samhail i leith na ndoiciméad a luaitear in Airteagal 53 nó in Airteagal 55(2), ná i leith doiciméid ag ceapadh ionadaí ad litem.

TEIDEAL IV

IONSTRAIMÍ BARÁNTÚLA AGUS SOCRAÍOCHTAÍ CÚIRTE

Airteagal 57

1.   Doiciméad a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraim bharántúil agus is infhorghníomhaithe i Stát amháin atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, déanfar, arna iarraidh sin de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 38 et seq, a dhearbhú, i Stát eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, go bhfuil sé infhorgníomhaithe ann. An chúirt lena dtaisctear achomharc faoi Airteagal 43 nó 44 ní dhiúltóidh sí do dhearbhú infhorghníomhaitheachta ná ní chúlghairfidh sí é ach amháin i gcás forghníomhú na hionstraime a bheith contrártha go follasach leis an ord poiblí sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas.

2.   Measfar freisin gur ionstraimí barántúla de réir bhrí mhír 1 socruithe maidir le hoibleagáidí cothabhála arna dtabhairt i gcrích le húdaráis riaracháin nó arna bhfíordheimhniú acu.

3.   Ní foláir an ionstraim a thabharfar ar aird a bheith de réir na gcoinníollacha is gá chun a barántúlacht sa Stáit tionscnaimh a shuíomh.

4.   Beidh feidhm ag Roinn 3 de Theideal III de réir mar is cuí. Déanfaidh údarás inniúil Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, i gcás ina ndearnadh ionstraim bharántúil a tharraingt suas nó a chlárú, ar iarraidh ó aon pháirtí leasmhar, deimhniú a eisiúint agus úsáid á baint as an bhfoirm chaighdeánach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 58

Socraíocht ar tugadh formheas uirthi i gcúirt i gcúrsa imeachtaí agus is infhorghníomhaithe sa Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo inar tugadh i gcrích í beidh sí infhorghníomhaithe sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas faoi na coinníollacha céanna le hionstraimí barántúla. Déanfaidh cúirt nó údarás inniúil Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, i gcás ina ndearnadh socraíocht chúirte a fhormheas, ar iarraidh ó aon pháirtí leasmhar, deimhniú a eisiúint agus úsáid á baint as an bhfoirm chaighdeánach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo.

TEIDEAL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 59

1.   Chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí ar pháirtí i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ar tugadh ábhar os comhair a chúirteanna, cuirfidh an chúirt a dlí inmheánach chun feidhme.

2.   Mura bhfuil sainchónaí ar pháirtí sa Stát ar tugadh an t-ábhar os comhair a chúirteanna, déanfaidh an chúirt, chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ar an bpáirtí, dlí an Stáit sin a chur chun feidhme.

Airteagal 60

1.   Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, tá sainchónaí ar chuideachta nó ar dhuine dlítheanach eile nó ar chomhlachas de dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile:

(a)

san áit a bhfuil a suíomh nó a shuíomh reachtúil aici nó aige, nó

(b)

san áit a bhfuil a riarachán lárnach, nó

(c)

san áit a bhfuil a príomháit ghnó nó a phríomháit ghnó aici nó aige.

2.   Chun críocha na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann ciallaíonn ‘suíomh reachtúil’ an oifig chláraithe nó, i gcás nach bhfuil aon oifig den sórt sin in áit ar bith, an áit chorpraithe nó, i gcás nach bhfuil aon áit den sórt sin in áit ar bith, an áit ar faoi réir a dlí a tharla an foirmiú.

3.   Chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí ar iontaobhas sa Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo a bhfuil an t-ábhar os comhair a chúirteanna, cuirfidh an chúirt rialacha a dlí idirnáisiúnta phríobháidigh chun feidhme.

Airteagal 61

Gan dochar d'aon fhorálacha níos fabhraí i ndlíthe náisiúnta, má bhíonn daoine a bhfuil sainchónaí orthu i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo á n-ionchúiseamh mar gheall ar chion neamhthoiliúil i gcúirteanna coiriúla Stáit Chonarthaigh eile nach náisiúnaigh dá chuid iad, féadfaidh daoine atá cáilithe chuige sin feidhmiú ar a son lena gcosaint, fiú gan iad a bheith i láthair go pearsanta. Ach féadfaidh an chúirt ar tugadh an t-ábhar os a comhair a ordú do dhuine láithriú go pearsanta; mura ndearnadh láithriú, níl sé riachtanach aithint a thabhairt ná forghníomhú a dhéanamh sna Stáit eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ar bhreithiúnas a tugadh sa chaingean shibhialta gan caoi a bheith ag an duine a cúisíodh socrú a dhéanamh chun é féin a chosaint.

Airteagal 62

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, folóidh an abairt ‘cúirt’ aon údaráis arna n-ainmniú ag Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo mar údarás a bhfuil dlínse aige in ábhair a thagann faoi réim feidhme an Choinbhinsiúin seo.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 63

1.   Ní bhainfidh an Coinbhinsiún seo ach le himeachtaí dlíthiúla a thionscnófar agus le doiciméid a tharraingeofar suas go foirmiúil nó a chlárófar mar ionstraimí barántúla tar éis teacht i bhfeidhm dó sa Stát tionscnaimh agus, má iarrtar aithint nó forghníomhú breithiúnais nó ionstraimí barántúla, sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas.

2.   Más rud é, áfach, gur tionscnaíodh na himeachtaí sa Stát tionscnaimh roimh theacht i bhfeidhm don Choinbhinsiún seo, déanfar breithiúnais arna dtabhairt tar éis an dáta sin a aithint agus a fhorghníomhú de réir Theideal III:

(a)

má tionscnaíodh na himeachtaí sa Stát tionscnaimh tar éis teacht i bhfeidhm do Choinbhinsiún Lugano an 16 Meán Fómhair 1988 sa Stát tionscnaimh agus sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas araon;

(b)

i ngach cás eile, má bhí dlínse bunaithe ar rialacha i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear i dTeideal II nó i gcoinbhinsiún a cuireadh i gcrích idir an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas agus a raibh feidhm aige nuair a tionscnaíodh na himeachtaí.

TEIDEAL VII

GAOL LE RIALACHÁN (CE) UIMH. 44/2001 ÓN gCOMHAIRLE AGUS LE hIONSTRAIMÍ EILE

Airteagal 64

1.   Ní rachaidh an Coinbhinsiún seo chun dochair do Bhallstáit an Chomhphobail Eorpaigh Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, chomh maith le haon leasuithe air sin, an Coinbhinsiún ar Dhlínse agus ar Fhorghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála, a síníodh sa Bhruiséil an 27 Meán Fómhair 1968, ná an Prótacal ar léiriú an Choinbhinsiúin ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, a síníodh i Lucsamburg an 3 Meitheamh 1971, arna leasú ag na Coinbhinsiúin Aontachais leis an gCoinbhinsiún sin agus leis an bPrótacal ag na Stáit a aontaíonn do na Comhphobail Eorpacha, agus thairis sin, an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2005, a chur chun feidhme.

2.   Cuirfear an coinbhinsiún seo chun feidhme in aon chás, áfach:

(a)

maidir le dlínse, nuair atá sainchónaí ar an gcosantóir i gcríoch Stáit ina bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún seo ach nach bhfuil feidhm ann ag ionstraim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó i gcás ina dtugtar dlínse le hAirteagal 22 nó 23 den Choinbhinsiún seo do chúirteanna Stáit den sórt sin;

(b)

i gcás lis pendens nó caingne gaolmhara dá bhforáiltear in Airteagail 27 agus 28, nuair a thionscnaítear imeachtaí i Stát ina bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún seo ach nach bhfuil feidhm ann ag ionstraim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus i Stát ina bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún seo chomh maith le hionstraim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(c)

maidir le haithint agus le forghníomhú, i gcás nach bhfuil an Stát tionscnaimh ná an Stát chun a ndéantar an t-iarratas ag cur ionstraime dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun feidhme.

3.   I dteannta na bhforas dá bhforáiltear i dTeideal III, féadfar aithint nó forghníomhú a dhiúltú murab ionann an foras dlínse ar a bhfuil an breithiúnas bunaithe agus an foras a thig ón gCoinbhinsiún seo agus más amhlaidh atáthar ag iarraidh aitheanta nó forghníomhaithe i gcoinne páirtí a bhfuil sainchónaí air i Stát ina bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún seo ach nach bhfuil feidhm ann ag ionstraim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ach amháin nuair is féidir an breithiúnas a aithint nó a fhorghníomhú faoi riail ar bith eile dlí sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas.

Airteagal 65

Faoi réir fhorálacha Airteagail 63(2), 66 agus 67, glacfaidh an Coinbhinsiún seo, i gcás na Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, ionad na gcoinbhinsiún a tugadh i gcrích idir dhá cheann nó níos mó díobh lena gclúdaítear na hábhair chéanna leo siúd a bhaineann leis an gCoinbhinsiún seo. Glactar, go háirithe, ionad na gcoinbhinsiún a luaitear in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 66

1.   Leanfaidh na coinbhinsiúin a luaitear in Airteagal 65 d'éifeacht a bheith acu maidir le hábhair nach mbaineann an Coinbhinsiún seo leo.

2.   Leanfaidh siad d'éifeacht a bheith acu i leith breithiúnas a tugadh agus doiciméad a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraimí barántúla roimh theacht i bhfeidhm don Choinbhinsiún seo.

Airteagal 67

1.   Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear d'aon choinbhinsiúin faoina bhfuil ceangal ar na Páirtithe Conarthacha agus/nó ar na Stáit faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo agus a rialaíonn, i ndáil le hábhair áirithe, dlínse nó aithint nó forghníomhú breithiúnas. Gan dochar d'oibleagáidí a thig de dhroim comhaontuithe eile idir Páirtithe Conarthacha áirithe, ní choiscfidh an Coinbhinsiún seo ar Pháirtithe Conarthacha dul i mbun coinbhinsiún den sórt sin.

2.   Ní choiscfidh an Coinbhinsiún seo ar chúirt de chuid Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo agus ag coinbhinsiún maidir le hábhar áirithe dlínse a ghlacadh de réir an choinbhinsiúin sin, fiú má bhíonn sainchónaí ar an gcosantóir i Stát eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo nach páirtí sa choinbhinsiún sin. Ar aon slí, cuirfidh an chúirt a éistfidh an chaingean Airteagal 26 den Choinbhinsiún seo chun feidhme.

3.   Déanfar breithiúnais a thabharfaidh cúirt i Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo i bhfeidhmiú dlínse dá bhforáiltear i gcoinbhinsiún maidir le hábhar áirithe a aithint agus a fhorghníomhú i Stáit eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo de réir Theideal III den Choinbhinsiún seo.

4.   I dteannta na bhforas dá bhforáiltear i dTeideal III, féadfar diúltú d'aithint nó d'fhorghníomhú mura bhfuil an Stát chun a ndéantar an t-iarratas faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún maidir le hábhar áirithe agus má tá sainchónaí sa Stát sin ar an duine arb ina choinne a iarrtar aithint nó forghníomhú nó, más Ballstát den Chomhphobal Eorpach an Stát chun a ndéantar an t-iarratas agus i leith coinbhinsiún nár mhór a bheith tugtha chun críche ag an gComhphobal Eorpach, in aon cheann dá chuid Ballstát, mura bhféadfar an breithiúnas a aithint nó a fhorghníomhú faoi aon riail dlí i Stát chun a ndéantar an t-iarratas.

5.   Nuair a dhéanann coinbhinsiún ar ábhar áirithe inar páirtithe an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas araon coinníollacha a leagan síos beidh feidhm ag na coinníollacha sin. Ar aon slí, féadfar forálacha an Choinbhinsiúin seo a bhaineann leis na nósanna imeachta le haghaidh breithiúnais a aithint agus a fhorghníomhú a chur chun feidhme.

Airteagal 68

1.   Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear do chomhaontuithe trínar ghabh Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo orthu féin, roimh theacht i bhfeidhm don Choinbhinsiún seo, gan breithiúnais a aithint a tugadh i Stáit eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo i gcoinne cosantóirí a raibh sainchónaí nó gnáthchónaí orthu i dtríú Stát más rud é, i gcásanna dá bhforáiltear in Airteagal 4, nárbh fhéidir an breithiúnas a bhunú ach amháin ar fhoras dlínse mar a shonraítear in Airteagal 3(2). Gan dochar d'oibleagáidí a thig de dhroim comhaontuithe eile idir Páirtithe Conarthacha áirithe, ní choiscfidh an Coinbhinsiún seo ar Pháirtithe Conarthacha dul i mbun coinbhinsiún den sórt sin.

2.   Ní fhéadfaidh Páirtí Conarthach, áfach, é a ghabháil d'oibleagáid air féin i leith tríú Stát gan breithiúnas a aithint a bheidh tugtha i Stát eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo ag cúirt ar bunaíodh a dlínse ar mhaoin leis an gcosantóir a bheith sa Stát sin, nó ar urghabháil ag an ngearánaí ar mhaoin atá sa Stát sin, más rud é:

(a)

go dtionscnaítear an chaingean chun cearta dílseánaigh nó cearta seilbhe ar an maoin sin a fhógairt nó a dhearbhú nó má iarrann sí údarás chun í a dhiúscairt, nó gur as saincheist eile a bhaineann leis an maoin sin a thig an chaingean, nó

(b)

gurb í an mhaoin sin an t-urrús i leith féich is ábhar don chaingean.

TEIDEAL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 69

1.   Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt lena shíniú ag an gComhphobal Eorpach, ag an Danmhairg, agus ag Stáit ar Comhaltaí iad, tráth na hoscailte lena shíniú, de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa.

2.   Beidh an Coinbhinsiún faoi réir a dhaingnithe ag na Sínitheoirí. Déanfar na hionstraimí daingniúcháin a thaisceadh le Comhairle Chónaidhme na hEilvéise, a ghníomhóidh mar Thaiscí an Choinbhinsiúin seo.

3.   Tráth an daingniúcháin, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha dearbhuithe a chur ar aghaidh de réir Airteagail I, II agus III de Phrótacal 1.

4.   Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i ngníomh ar an gcéad lá den séú mí tar éis an dáta a dtaisceann an Comhphobal Eorpach agus Comhalta de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa a n-ionstraimí daingniúcháin.

5.   Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i ngníomh i ndáil le haon Pháirtí eile ar an gcéad lá den tríú mí i ndiaidh taisceadh a ionstraime daingniúcháin.

6.   Gan dochar d'Airteagal 3(3) de Phrótacal 2, glacfaidh an Coinbhinsiún seo ionad an Choinbhinsiúin ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a rinneadh in Lugano an 16 Meán Fómhair 1988 amhail ar dháta a theacht i ngníomh de réir mhíreanna 4 agus 5 thuas. Aon tagairt do Choinbhinsiún Lugano 1988 in ionstraimí eile tuigfear í mar thagairt don Choinbhinsiún seo.

7.   A mhéid a bhaineann leis na caidrimh idir Ballstáit an Chomhphobail Eorpaigh agus na críocha neamh-Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 70(1)(b), glacfaidh an Coinbhinsiún ionad an Choinbhinsiúin ar Dhlínse agus ar Fhorghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála, a síníodh sa Bhruiséil an 27 Meán Fómhair 1968, agus an Phrótacail ar léiriú an Choinbhinsiúin sin ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, a síníodh i Lucsamburg an 3 Meitheamh 1971, arna leasú ag na Coinbhinsiúin Aontachais leis an gCoinbhinsiún sin agus ag an bPrótacal sin ag na Stáit a aontaíonn do na Comhphobail Eorpacha, amhail ar dháta theacht i ngníomh an Choinbhinsiúin seo i leith na gcríoch sin de réir Airteagal 73(2).

Airteagal 70

1.   Tar éis don Choinbhinsiún seo teacht i ngníomh, beidh sé ar oscailt chun aontaithe dó:

(a)

ag na Stáit a thagann, tar éis an Coinbhinsiún seo a oscailt lena shíniú, chun bheith ina gComhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 71;

(b)

ag Ballstáit den Chomhphobal Eorpach ag gníomhú dóibh thar ceann críoch neamh-Eorpach áirithe is cuid de chríoch an Bhallstáit sin nó a bhfuil an Ballstát sin freagrach ina gcaidreamh eachtrach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 71;

(c)

ag aon Stát eile, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 72.

2.   Stáit dá dtagraítear i mír 1 ar mian leo teacht chun bheith ina bPáirtí Conarthach leis an gCoinbhinsiún seo, díreoidh siad a n-iarratas chuig an Taiscí. Beidh aistriúchán go Béarla agus go Fraincis ag gabháil leis an iarratas, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 71 agus 72.

Airteagal 71

1.   Aon Stát dá dtagraítear in Airteagal 70(1)(a) agus (b) ar mian leis teacht chun bheith ina Pháirtí Conarthach leis an gCoinbhinsiún seo:

(a)

cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis is gá le haghaidh chur chun feidhme an Choinbhinsiúin seo;

(b)

féadfaidh sé dearbhuithe a chur chun cinn de réir Airteagail I agus III de Phrótacal 1.

2.   Déanfaidh an Taiscí aon fhaisnéis a gheofar de bhun mhír 1 a sheoladh chuig na Páirtithe Conarthacha eile roimh thaisceadh na hionstraime aontachais ag an Stát lena mbaineann.

Airteagal 72

1.   Aon Stát dá dtagraítear in Airteagal 70(1)(c) ar mian leis teacht chun bheith ina Pháirtí Conarthach leis an gCoinbhinsiún seo:

(a)

cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis is gá le haghaidh chur chun feidhme an Choinbhinsiúin seo;

(b)

féadfaidh sé dearbhuithe a chur chun cinn de réir Airteagail I agus III de Phrótacal 1; agus

(c)

cuirfidh sé faisnéis ar fáil don Taiscí maidir leis na nithe seo a leanas, go háirithe:

(1)

a chóras breithiúnach, lena n-áirítear faisnéis maidir le ceapadh breithiúna agus neamhspleáchas breithiúna;

(2)

a dhlí inmheánach maidir le nós imeachta sibhialta agus forghníomhú breithiúnas; agus

(3)

a dhlí idirnáisiúnta príobháideach i ndáil le nós imeachta sibhialta.

2.   Déanfaidh an Taiscí aon fhaisnéis a gheofar de bhun mhír 1 a sheoladh chuig na Páirtithe Conarthacha eile sula dtabharfaidh sé cuireadh don Stát lena mbaineann aontú de réir mhír 3 den Airteagal seo.

3.   Gan dochar do mhír 4, ní thabharfaidh an Taiscí cuireadh don Stát lena mbaineann aontú ach amháin sa chás go bhfuair sé comhaontú d'aon ghuth ó na Páirtithe Conarthacha. Féachfaidh na Páirtithe Conarthacha lena dtoiliú a thabhairt laistigh de bhliain amháin ar a dhéanaí tar éis an chuiridh ón Taiscí.

4.   Ní thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i ngníomh ach amháin i gcaidreamh idir an Stát aontach agus na Páirtithe Conarthacha nach ndearna aon agóidí i gcoinne an aontachais roimh an gcéad lá den tríú mí tar éis thaisceadh na hionstraime aontachais.

Airteagal 73

1.   Déanfar na hionstraimí aontachais a thaisceadh leis an Taiscí.

2.   Tiocfaidh an Coinbhinsiún i ngníomh, i leith Stáit aontaigh dá dtagraítear in Airteagal 70, ar an gcéad lá den tríú mí tar éis thaisceadh a ionstraime aontachais. Amhail ag an nóiméad sin, measfar an Stát aontach a bheith ina Pháirtí Conarthach leis an gCoinbhinsiún.

3.   Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach téacs den Choinbhinsiún seo a chur faoi bhráid an Taiscí i dteanga nó i dteangacha an Pháirtí Chonarthaigh lena mbaineann, agus beidh sé barántúil má chomhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha amhlaidh de réir Airteagal 4 de Phrótacal 2.

Airteagal 74

1.   Tá an Coinbhinsiún seo tugtha i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.

2.   Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach, tráth ar bith, an Coinbhinsiún a shéanadh trí fhógra a chur chuig an Taiscí.

3.   Beidh éifeacht leis an séanadh ag deireadh na bliana féilire tar éis éag do thréimhse sé mhí ó dháta fála an fhógra séanta ag an Taiscí.

Airteagal 75

Cuirtear na nithe seo a leanas i gceangal leis an gCoinbhinsiún seo:

Prótacal is Prótacal 1, maidir le ceisteanna áirithe i dtaca le dlínse, nós imeachta agus forghníomhú,

Prótacal is Prótacal 2, maidir le léiriú comhionann ar an gCoinbhinsiún seo agus ar an mBuanchoiste,

Prótacal is Prótacal 3, maidir le cur chun feidhme Airteagal 67 den Choinbhinsiún seo,

Iarscríbhinní I go IV go huile agus Iarscríbhinn VII, fara faisnéis a bhaineann le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin seo,

Iarscríbhinní V agus VI, ina bhfuil na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagail 54, 58 agus 57 den Choinbhinsiún seo,

Iarscríbhinn VIII, ina bhfuil na teangacha barántúla dá dtagraítear in Airteagal 79 den Choinbhinsiún seo, agus

Iarscríbhinn IX, a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal II de Phrótacal I.

Is cuid dhílis den Choinbhinsiún seo na Prótacail seo agus na hIarscríbhinní seo.

Airteagal 76

Gan dochar d'Airteagal 77, féadfaidh aon Pháirtí Conarthach athbhreithniú ar an gCoinbhinsiún seo a iarraidh. Chuige sin, comórfaidh an Taiscí an Buanchoiste mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Phrótacal 2.

Airteagal 77

1.   Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha téacs aon fhorálacha de na dlíthe lena leasaítear na liostaí atá leagtha amach in Iarscríbhinní I go IV, go huile, a chur in iúl don Taiscí, chomh maith le haon nithe atá scriosta sa liosta atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII, nó breisithe leis an liosta sin, agus an dáta a dtiocfaidh siad i ngníomh. Cuirfear na nithe sin in iúl laistigh de thréimhse réasúnach roimh an teacht i ngníomh agus beidh aistriúchán go Béarla agus go Fraincis ag gabháil leo. Déanfaidh an Taiscí na hIarscríbhinní lena mbaineann a choigeartú dá réir, tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste de réir Airteagal 4 de Phrótacal 2. Chuige sin, cuirfidh na Páirtithe Conarthacha aistriúchán de na coigeartuithe ar fáil ina dteangacha féin.

2.   Déanfaidh an Buanchoiste aon leasú ar Iarscríbhinní V go VI, go huile, agus VIII go IX, go huile, leis an gCoinbhinsiún seo a ghlacadh de réir Airteagal 4 de Phrótacal 2.

Airteagal 78

1.   Cuirfidh an Taiscí na nithe seo a leanas in iúl do na Páirtithe Conarthacha:

(a)

taisceadh gach ionstraime daingniúcháin nó aontachais;

(b)

dátaí theacht i ngníomh an Choinbhinsiúin seo i leith na bPáirtithe Conarthacha;

(c)

aon dearbhú a fuarthas de bhun Airteagail I go IV de Phrótacal 1;

(d)

aon chumarsáid a rinneadh de bhun Airteagal 74(2), Airteagal 77(1) agus mhír 4 de Phrótacal 3.

2.   Beidh aistriúcháin go Béarla agus Fraincis ag gabháil leis na fógraí.

Airteagal 79

Déanfar an Coinbhinsiún seo, arna tharraingt suas i scríbhinn bhunaidh amháin sna teangacha atá liostaithe in Iarscríbhinn VIII, agus comhúdarás ag gach uile théacs acu, a thaisceadh i gCartlanna Chónaidhm na hEilvéise. Déanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise cóip dheimhnithe a tharchur chuig gach aon Pháirtí Conarthach.

DÁ FHIANÚ SIN, shínigh na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe an Coinbhinsiún seo.

Съставено в Лугано на тридесети октомври две хиляди и седма година.

Hecho en Lugano el treinta de octubre de dos mil siete.

V Luganu dne třicátého října dva tisíce sedm.

Udfærdiget i Lugano, den tredivte oktober to tusind og syv.

Geschehen zu Lugano am dreißigsten Oktober zweitausendsieben.

Lugano, kolmekümnes oktoober kaks tuhat seitse

Έγινε στο Λουγκάνο στις τριάντα Οκτωβρίου του έτους δύο χιλιάδες επτά.

Done at Lugano, on the thirtieth day of October in the year two thousand and seven.

Fait à Lugano, le trente octobre deux mille sept.

Arna dhéanamh in Lugano, an tríochadú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain dhá mhíle a seacht.

Fatto a Lugano, addì trenta ottobre duemilasette

Gerður í Lúganó þrítugasta dag október mánaðar árið tvö þúsund og sjö.

Lugâno, divi tûkstoði septîtâ gada trîsdesmitajâ oktobrî.

Priimta Lugane, du tûkstanèiai septintais metais spalio trisdeðimtà dienà.

Kelt Luganóban, a kétezer-hetedik év október havának harmincadik napján.

Magħmul f'Lugano, fit-tlettax-il jum ta' Ottubru fis-sena elfejn u seba'.

Gedaan te Lugano, op dertig oktober tweeduizend zeven.

Utferdiget i Lugano den trettiende oktober totusenogsyv.

Sporządzono w Lugano dnia trzydziestego października dwa tysiące siódmego roku

Feito em Lugano, aos trinta dias de Outubro do ano de dois mil e sete

Încheiatã la Lugano, la treizeci octombrie anul douã mii șapte.

V Lugane tridsiateho októbra dvetisícsedem.

Sestavljeno v Luganu, tridesetega oktobra leta dva tisoč sedem.

Tehty Luganossa kolmantenakymmenentenä päivänä lokakuuta vuonna kaksituhattaseitsemän.

Utfärdad i Lugano den trettionde oktober år tjugohundrasju.

За Европейската общност

Por la Comunidad Europea

Za Evropské společenstvi

For Det Europæiske Fællesskab

Für die Europäische Gemeinschaft

Euroopa Ühenduse nimel

Thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh

Για την Ευρωπαϊκή Κοινότητα

For the European Community

Pour la Communauté européenne

Thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh

Per la Comunità europea

Europos bendrijos vārdā

az Európai Közösség részéröl

Għall-Komunità Ewropea

Voor de Europese Gemeenschap

W imieniu Wspólnoty Europejskiej

Pela Comunidade Europeia

Pentru Comunitatea Europeană

Za Európske spoločenstvo

Za Evropsko skupnost

Euroopan yhteisön puolesta

På Europeiska gemenskapens vägnar

Image

Image

For Kongeriget Danmark

Image

Fyrir hönd lýðveldisins Íslands

Image

For Kongeriket Norge

Image

Für die Schweizerische Eidgenossenschaft

Pour la Confédération suisse

Per la Confederazione svizzera

Image


PRÓTACAL 1

Ar cheisteanna áirithe dlínse, nós imeachta agus forghníomhaithe


TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal I

1.   Doiciméid bhreithiúnacha nó sheachbhreithiúnacha a tarraingíodh suas i Stát amháin atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo agus a dhlífear a sheirbheáil ar dhaoine i Stát eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, tarchuirfear iad de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos sna coinbhinsiúin agus sna comhaontuithe is infheidhme idir na Stáit sin.

2.   Mura ndéanfaidh an Páirtí Conarthach arb ina chríoch atá siad le seirbheáil agóid ina choinne sin trí dhearbhú don Taiscí, is féidir freisin d'oifigigh phoiblí iomchuí an Stáit inar tarraingíodh suas an doiciméad é a chur go díreach chuig oifigigh phoiblí iomchuí an Stáit ina bhfuil seolaí an doiciméid le fáil. Sa chás sin, déanfaidh oifigeach Stát a thionscanta cóip den doiciméad a chur chuig an oifigeach de chuid an Stáit chun a ndéantar an t-iarratas a bhfuil an t-údarás aige í a chur ar aghaidh chuig an seolaí. Cuirfear an doiciméad ar aghaidh ar an modh a shonraítear le dlí an Stáit chun a ndéantar an t-iarratas. Dearbhófar go ndearnadh amhlaidh i ndeimhniú a chuirfear go díreach go dtí oifigeach an Stáit tionscnaimh.

3.   Déanfaidh Ballstáit an Chomhphobail Eorpaigh atá faoi cheangal ag Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 an 29 Bealtaine 2000 ón gComhairle nó ag an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil, a síníodh sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2005, an Rialachán sin agus an Comhaontú sin a chur i bhfeidhm ina gcaidreamh frithpháirteach.

Airteagal II

1.   Ní féidir feidhm iomlán a bhaint as an dlínse a shonraítear in Airteagail 6(2) agus 11 i gcaingne ar bharántas nó ar ráthaíocht nó in aon imeachtaí eile tríú páirtí sna Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo dá dtagraítear in Iarscríbhinn IX. Féadfar aon duine a bhfuil sainchónaí air i Stát eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo a agairt i gcúirteanna na Stát sin de bhun na rialacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn IX.

2.   Féadfaidh an Comhphobal Eorpach, tráth an daingniúcháin, a dhearbhú nach féidir feidhm a bhaint as imeachtaí dá dtagraítear in Airteagail 6(2) agus 11 i mBallstáit áirithe eile agus féadfaidh siad faisnéis a sholáthar i dtaobh na rialacha a bheidh infheidhme.

3.   Déanfar breithiúnais a tugadh sna Stáit eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo de bhua Airteagal 6(2) nó Airteagal 11 a aithint agus a fhorghníomhú sna Stáit a luaitear i míreanna 1 agus 2 de réir Theideal III. Aithneofar mar an gcéanna sna Stáit eile atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo aon éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag breithiúnais a tugadh sna Stáit sin ar thríú páirtithe trí na forálacha atá i míreanna 1 agus 2 a chur chun feidhme.

Airteagal III

1.   Forchoimeádann an Eilvéis an ceart chun a dhearbhú, tráth an daingniúcháin, nach ndéanfaidh sí an chuid seo a leanas den fhoráil in Airteagal 34(2) a chur i bhfeidhm:

‘murar mhainnigh an cosantóir imeachtaí a thionscnamh chun agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais tráth arbh fhéidir dó déanamh amhlaidh’.

Má dhéanann an Eilvéis an dearbhú sin, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha eile an forchoimeádas céanna a chur i bhfeidhm i leith breithiúnas arna dtabhairt i gcúirteanna na hEilvéise.

2.   Féadfaidh Páirtithe Conarthacha, i leith breithiúnas arna dtabhairt i Stát aontach dá dtagraítear in Airteagal 70(1)(c), trí dhearbhú, na cearta seo a leanas a fhorchoimeád:

(a)

an ceart a luaitear i mír 1; agus

(b)

ceart údaráis a luaitear in Airteagal 39, d'ainneoin fhorálacha Airteagal 41, a cheistiú uaidh féin cé acu atá nó nach bhfuil aon fhorais de na forais ann chun diúltú do bhreithiúnas a aithint agus a fhorghníomhú.

3.   Má rinne Páirtí Conarthach forchoimeádas den sórt sin i leith Stáit aontaigh dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Stát aontach sin, trí dhearbhú, an ceart céanna a fhorchoimeád i leith breithiúnas arna dtabhairt ag cúirteanna an Pháirtí Chonarthaigh sin.

4.   Ach amháin i gcás an fhorchoimeádais a luaitear i mír 1, beidh na dearbhuithe bailí go ceann tréimhsí cúig bliana agus beidh siad inathnuaite ag deireadh na dtréimhsí sin. Tabharfaidh an Páirtí Conarthach fógra i dtaobh dearbhú a athnuachan dá dtagraítear faoi mhír 2 tráth nach déanaí ná sé mhí roimh dheireadh na tréimhse sin. Ní fhéadfaidh Stát aontach an dearbhú uaidh arna dhéanamh faoi mhír 3 a athnuachan ach amháin tar éis an dearbhú faoi seach faoi mhír 2 a athnuachan.

Airteagal IV

Féadfar na dearbhuithe dá dtagraítear sa Phrótacal seo a tharraingt siar tráth ar bith trí fhógra a thabhairt don Taiscí. Beidh aistriúchán go Béarla agus go Fraincis ag gabháil leis an bhfógra. Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha socrú i dtaobh aistriúchán go dtí a dteangacha féin. Beidh éifeacht le haon tarraingt siar den sórt sin amhail ar an gcéad lá den tríú mí tar éis an fhógra sin.


PRÓTACAL 2

maidir le léiriú comhionann ar an gcoinbhinsiún agus maidir leis an mbuanchoiste

BROLLACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG FÉACHAINT d'Airteagal 75 den Choinbhinsiún seo,

DE BHRÍ go bhfuil ceangal substaintiúil idir an Coinbhinsiún seo, Coinbhinsiún Lugano 1988 agus na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 64(1) den Choinbhinsiún seo,

DE BHRÍ go bhfuil dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun rialuithe a thabhairt ar léiriú ar fhorálacha na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 64(1) den Choinbhinsiún seo,

DE BHRÍ go dtagann an Coinbhinsiún seo chun bheith ina chuid de rialacha Comhphobail agus, dá réir sin, go bhfuil dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun rialuithe a thabhairt ar léiriú fhorálacha an Choinbhinsiúin seo i ndáil lena chur i bhfeidhm ag cúirteanna Bhallstáit an Chomhphobail Eorpaigh,

ÓS FEASACH DÓIBH na rialuithe a thug Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ar léiriú na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 64(1) den Choinbhinsiún seo anall go dtí tráth shíniú an Choinbhinsiúin seo, agus na rialuithe a thug cúirteanna na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Lugano 1988 ar an gCoinbhinsiún sin anall go dtí tráth shíniú an Choinbhinsiúin seo,

DE BHRÍ go raibh athbhreithniú comhthreomhar Choinbhinsiún Lugano 1988 agus Choinbhinsiún na Bruiséile araon, ónar eascair críochnú téacs athbhreithnithe do na Choinbhinsiúin seo, bunaithe go substaintiúil ar na rialuithe thuasluaite ar Choinbhinsiún na Bruiséile 1968 agus ar Choinbhinsiún Lugano 1988,

DE BHRÍ go ndearnadh téacs athbhreithnithe Choinbhinsiún na Bruiséile a chorprú, tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Amstardam, i Rialachán (CE) Uimh. 44/2001,

DE BHRÍ gurb é an téacs athbhreithnithe sin ba bhonn freisin le téacs an Choinbhinsiúin seo,

ÓS MIAN LEO, agus lánurraim acu do neamhspleáchas na gcúirteanna, léirithe eisréimneacha a chosc agus teacht ar léiriú chomh comhionann agus is féidir ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, agus ar fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 atá ionchorpraithe go substaintiúil sa Choinbhinsiún seo agus ar ionstraimí eile dá dtagraítear in Airteagal 64(1) den Choinbhinsiún seo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

1.   Aon chúirt a chuireann an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm agus a léiríonn é tabharfaidh sí aird iomchuí ar na prionsabail atá leagtha síos le haon bhreithiúnas ábhartha a bhaineann leis an bhforáil nó leis na forálacha lena mbaineann nó le haon fhoráil nó le haon fhorálacha den sórt sin de chuid Choinbhinsiún Lugano 1988 agus leis na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 64(1) den Choinbhinsiún seo a bheidh tugtha ag cúirteanna na Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo agus ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach.

2.   I gcás chúirteanna Bhallstáit an Chomhphobail Eorpaigh, beidh feidhm ag an oibleagáid atá leagtha síos i mír 1 gan dochar do na hoibleagáidí atá orthu i ndáil le Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach de dhroim an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh nó de dhroim an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge ar dhlínse agus ar aithint agus fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, arna shíniú sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2005.

Airteagal 2

Aon Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo agus nach Ballstát den Chomhphobal Eorpach é, beidh sé i dteideal sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a chur ar aghaidh, i gcomhréir le hAirteagal 23 den Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, i gcás ina ndéanfaidh cúirt nó binse de chuid Ballstáit den Chomhphobal Eorpach ceist i dtaobh léiriú ar an gCoinbhinsiún seo nó ar na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 64(1) den Choinbhinsiún seo a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú.

Airteagal 3

1.   Cuirfidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach córas malairte faisnéise ar bun maidir le breithiúnais iomchuí a tugadh de bhun an Choinbhinsiúin seo agus maidir le breithiúnais ábhartha a tugadh faoi Choinbhinsiún Lugano 1988 agus na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 64(1) den Choinbhinsiún seo. Beidh an córas inrochtana ag an bpobal agus beidh ann breithiúnais a thug na cúirteanna céime deiridh agus breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chomh maith le breithiúnais a bhfuil tábhacht ar leith leo atá tagtha chun bheith ina mbreithiúnais deiridh agus a bheidh tugtha de bhun an Choinbhinsiúin seo, Choinbhinsiún Lugano 1988, agus na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 64(1) den Choinbhinsiún seo. Aicmeofar na breithiúnais agus soláthrófar achomaireacht leo.

Is é a bheidh sa chóras go dtarchuirfidh údaráis inniúla na Stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún breithiúnais dá dtagraítear thuas agus a thug cúirteanna na Stát sin chuig an gCoimisiún.

2.   Déanfaidh Cláraitheoir Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach teaglaim cásanna a roghnú is díol spéise ar leith i dtaca le ceartfheidhmiú an Choinbhinsiúin agus déanfaidh an cláraitheoir an cásdlí a roghnófar a chur i láthair ag an gcruinniú saineolaithe de réir Airteagal 5 den Phrótacal seo.

3.   Go dtí go mbeidh an córas bunaithe ag na Comhphobail Eorpacha de bhun mhír 1, déanfaidh Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach an córas a chothabháil le haghaidh malartú faisnéise a bunaíodh le Prótacal 2 de Choinbhinsiún Lugano 1988 le haghaidh breithiúnas a tugadh faoin gCoinbhinsiún seo agus faoi Choinbhinsiún Lugano 1988.

Airteagal 4

1.   Bunófar Buanchoiste, ar a mbeidh ionadaithe na bPáirtithe Conarthacha.

2.   Ar iarraidh ó Pháirtí Conarthach, comórfaidh Taiscí an Choinbhinsiúin cruinnithe den Choiste chun críche na nithe seo a leanas:

comhchomhairliúchán maidir leis an ngaol atá idir an Coinbhinsiún seo agus ionstraimí idirnáisiúnta eile,

comhchomhairliúchán maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 67, lena n-áirítear aontachais bheartaithe le hionstraimí ar nithe áirithe de réir Airteagal 67(1) agus reachtaíocht bheartaithe de réir Phrótacal 3,

breithniú a dhéanamh ar aontachas Stát nua. Féadfaidh an Coiste, go háirithe, ceisteanna a chur ar Stáit aontacha dá dtagraítear in Airteagal 70(1)(c) maidir lena gcóras bhreithiúnacha agus maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin. Féadfaidh an Coiste freisin coigeartuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an gCoinbhinsiún a bhreithniú ar coigeartuithe iad atá riachtanach lena chur i bhfeidhm sna Stáit aontacha,

glacadh le leaganacha teanga barántúla nua de bhun Airteagal 73(3) den Choinbhinsiún seo agus na leasuithe is gá ar Iarscríbhinn VIII,

comhairliúchán ar athbhreithniú ar an gCoinbhinsiún de bhun Airteagal 76,

comhairliúchán ar leasuithe ar Iarscríbhinní I go IV, go huile, agus Iarscríbhinn VII de bhun Airteagal 77(1),

leasuithe a ghlacadh ar Iarscríbhinní V agus VI de bhun Airteagal 77(2),

aistarraingt na bhforchoimeádas agus na ndearbhuithe a rinne na Páirtithe Conarthacha de bhun Phrótacal 1 agus leasuithe is gá a dhéanamh ar Iarscríbhinn IX.

3.   Bunóidh an Coiste na rialacha nós imeachta a bhaineann lena fheidhmiú agus lena chinnteoireacht. Forálfar leis na rialacha sin go bhféadfaí dul i mbun comhchomhairliúcháin agus cinneadh a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn.

Airteagal 5

1.   Comórfaidh an Taiscí cruinniú saineolaithe, nuair is gá sin, chun tuairimí a mhalartú maidir le feidhmiú an Choinbhinsiúin, agus go háirithe maidir le forbairt an chásdlí agus na reachtaíochta nua a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhm an Choinbhinsiúin.

2.   Saineolaithe ó na Páirtithe Conarthacha, ó na Stáit atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún seo, ó Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus ó Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa a bheidh ag an gcruinniú. Beidh cead isteach ag aon saineolaithe eile a meastar gur cuí iad a bheith i láthair.

3.   Aon fhadhbanna a thiocfaidh chun cinn i dtaobh fheidhmiú an Choinbhinsiúin féadfar iad a tharchur chuig an mBuanchoiste dá dtagraítear in Airteagal 4 den Phrótacal seo chun gníomh breise a dhéanamh.


PRÓTACAL 3

maidir le cur chun feidhme Airteagal 67 den Choinbhinsiún


TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONTARTHACHA TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

1.

Chun críocha an Choinbhinsiúin, forálacha a rialaíonn, i ndáil le hábhair áirithe, dlínse nó aithint nó forghníomhú breithiúnas agus atá, nó a bheidh, in ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal Eorpach, tabharfar an chóir chéanna dóibh a thugtar do na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 67(1).

2.

Más é tuairim na bPáirtithe Conarthacha go bhfuil foráil atá in ionstraim bheartaithe de chuid institiúidí na gComhphobal Eorpach ar neamhréir leis an gCoinbhinsiún, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha breithniú go pras i dtaobh an Coinbhinsiún a leasú de bhun Airteagal 76, ach sin gan dochar don nós imeachta a bhunaítear le Prótacal 2.

3.

I gcás ina ndéanann Páirtí Conarthach nó iliomad Páirtithe le chéile cuid de na forálacha, nó na forálacha go léir, atá in ionstraimí institiúidí na gComhphobal Eorpach dá dtagraítear i mír 1 a chorprú ina ndlí náisiúnta, ansin tabharfar an chóir chéanna do na forálacha sin den dlí náisiúnta a thugtar do na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 67(1).

4.

Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha téacs na bhforálacha a luaitear i mír 3 in iúl don Taiscí. Beidh aistriúchán go Béarla agus go Fraincis ag gabháil leis an gcumarsáid sin.


IARSCRÍBHINN I

Is iad seo a leanas na rialacha dlínse dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus 4(2) den Choinbhinsiún:

sa Bheilg: Airteagal 5 go 14, go huile, de Dhlí an 16 Iúil 2004 ar an dlí idirnáisiúnta príobháideach,

sa Bhulgáir: Airteagal 4(1) den Chód Dlí Phríobháidigh Idirnáisiúnta,

i bPoblacht na Seice: Airteagal 86 d"Acht Uimh. 99/1963 Coll., Cód an Nós Imeachta Shibhialta (občanský soudní řád) arna leasú,

sa Danmhairg: Airteagal 246(2) agus (3) den Acht Riaracháin Dlí (Lov om rettens pleje),

sa Ghearmáin: Airteagal 23 de chód an nós imeachta shibhialta (Zivilprozeßordnung),

san Eastóin: Mír 86 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (tsiviilkohtumenetluse seadustik),

sa Ghréig: Airteagal 40 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (Κώδικας Πολιτικής Δικονομίας),

sa Fhrainc: Airteagail 14 agus 15 den chód sibhialta (Code civil),

san Íoslainn: Airteagal 32 mír 4 den Acht um Imeachtaí Sibhialta (Lög um meðferð einkamála nr. 91/1991),

in Éirinn: na rialacha lena gcumasaítear dlínse a bhunú ar an doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí a bheith seirbheáilte ar an gcosantóir le linn é a bheith i láthair go sealadach in Éirinn,

san Iodáil: Airteagail 3 agus 4 d’Acht 218 an 31 Bealtaine 1995,

sa Chipir: alt 21(2) de Dhlí Cúirteanna Breithiúnais Uimh. 14 de 1960, arna leasú,

sa Laitvia: alt 27 agus míreanna 3, 5, 6 agus 9 de Roinn 28 den Dlí um Nós Imeachta Sibhialta (Civilprocesa likums),

sa Liotuáin: Airteagal 31 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (Civilinio proceso kodeksas),

i Lucsamburg: Airteagail 14 agus 15 den chód sibhialta (Code civil),

san Ungáir: Airteagal 57 d’Fhoraithne Dlí Uimh. 13 de 1979 ar an Dlí Príobháideach Idirnáisiúnta (a nemzetközi magánjogról szóló 1979. évi 13. törvényerejű rendelet),

i Málta: Airteagail 742, 743 agus 744 den Chód Eagrúcháin agus Nós Imeachta Shibhialta – Cap. 12 (Kodiċi ta' Organizzazzjoni u Proċedura Ċivili – Kap. 12) agus Airteagal 549 den Chód Tráchtála – Cap. 13 (Kodiċi tal-kummerċ – Kap. 13),

san Iorua: Roinn 4-3(2), an dara habairt den Acht Díospóide (tvisteloven),

san Ostair: Airteagal 99 den Dlí ar Dhlínse cúirte (Jurisdiktionsnorm),

sa Pholainn: Airteagail 1103 agus 1110 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (Kodeks postępowania cywilnego), a mhéid a bhunaíonn siad dlínse ar bhonn chónaí an chosantóra sa Pholainn, ar an gcosantóir do shealbhú maoine sa Pholainn nó ar a theideal chun ceart maoine sa Pholainn, ar chuspóir na díospóide a bheith lonnaithe sa Pholainn agus ar dhuine de na páirtithe a bheith ina shaoránach den Pholainn,

sa Phortaingéil: Airteagal 65 agus Airteagal 65A de chód an nós imeachta shibhialta (Código de Processo Civil) agus Airteagal 11 de chód an nós imeachta saothair (Código de Processo de Trabalho),

sa Rómáin: Airteagail 148-157 de Dhlí Uimh. 105/1992 ar Chaidreamh Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach,

sa tSlóivéin: Airteagal 48(2) den Acht um an Dlí agus Nós Imeachta Idirnáisiúnta Príobháideach (Zakon o mednarodnem zasebnem pravu in postopku) i ndáil le hAirteagal 47(2) den Acht um an Nós Imeachta Sibhialta (Zakon o pravdnem postopku) agus Airteagal 58 den Acht um an Dlí agus Nós Imeachta Idirnáisiúnta Príobháideach (Zakon o mednarodnem zasebnem pravu in postopku) i ndáil le hAirteagal 59 den Acht um an Nós Imeachta Sibhialta (Zakon o pravdnem postopku),

sa tSlóvaic: Airteagail 37 go 37e d’Acht Uimh. 97/1963 ar an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach agus na Rialacha Nós Imeachta a bhaineann leo sin,

san Eilvéis: le for du lieu du séquestre/Gerichtsstand des Arrestortes/foro le luogo del sequestro de réir bhrí Airteagal 4 den loi fédérale sur le droit international privé/Bundesgesetz uber das internationale Privatrecht/legge federale sul diritto internazionale privato,

san Fhionlainn: an dara, an tríú agus an ceathrú habairt den chéad mhír de Roinn 1 de Chaibidil 10 de Chód an Nós Imeachta Bhreithiúnaigh (oikeudenkäymiskaari/rättegångsbalken),

sa tSualainn: an chéad abairt den chéad mhír de Mhír 3 de Chaibidil 10 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (rättegångsbalken),

sa Ríocht Aontaithe: na rialacha á chumasú dlínse a bhunú:

(a)

ar an doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí a bheith seirbheáilte ar an gcosantóir le linn é a bheith i láthair go sealadach sa Ríocht Aontaithe, nó

(b)

ar mhaoin de chuid an chosantóra a bheith laistigh den Ríocht Aontaithe, nó

(c)

ar an ngearánaí d’urghabháil maoine atá sa Ríocht Aontaithe.


IARSCRÍBHINN II

Is iad seo a leanas na cúirteanna nó na húdaráis inniúla a bhféadfar an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 39 den Choinbhinsiún a chur faoina mbráid:

sa Bheilg: an ‘tribunal de première instance’ nó ‘rechtbank van eerste aanleg’ nó ‘erstinstanzliches Gericht’,

sa Bhulgáir: an ‘Софийски градски съд’,

i bPoblacht na Seice: an ‘okresní soud’ nó ‘soudni exekutor’,

sa Danmhairg: an ‘byret’,

sa Ghearmáin:

(a)

uachtarán dlísheomra den ‘Landgericht’,

(b)

nótaire i nós imeachta i ndáil le dearbhú um infhorghníomhaitheacht ionstraime barántúla,

san Eastóin: an ‘maakohus’ (cúirt chontae),

sa Ghréig: an ‘Μονομελές Πρωτοδικείο’,

sa Spáinn: an ‘Juzgado de Primera Instancia’,

sa Fhrainc:

(a)

an ‘greffier en chef du tribunal de grande instance’,

(b)

an ‘président de la chambre départmentale des notaires’ i ndáil le hiarratas ar dhearbhú um infhorghníomhaitheacht ionstraime barántúla nótaireachta,

in Éirinn: an Ard-Chúirt,

san Íoslainn: an ‘héraðsdómur’,

san Iodáil: an ‘corte d’appello’,

sa Chipir: an ‘Επαρχιακό Δικαστήριο’ nó i gcás breithiúnais chothabhála an ‘Οικογενειακό Δικαστήριο’,

sa Laitvia: an ‘rajona (pilsētas) tiesa’,

sa Liotuáin, an ‘Lietuvos apeliacinis teismas’,

i Lucsamburg: uachtarán an ‘tribunal d’arrondissement’,

san Ungáir: an ‘megyei bíróság székhelyén működő helyi bíróság’, agus i mBúdaipeist, an ‘Budai Központi Kerületi Bíróság’,

i Málta: an ‘Prim’ Awla tal-Qorti Ċivili’ nó ‘Qorti tal-Maġistrati ta’ Għawdex fil-ġurisdizzjoni superjuri tagħha’, nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an ‘Reġistratur tal-Qorti’ tríd an ‘Ministru responsabbli għall-Ġustizzja’,

san Ísiltír: an ‘voorzieningenrechter van de rechtbank’,

san Iorua: an ‘tingrett’,

san Ostair: an ‘Bezirksgericht’,

sa Pholainn: an ‘sąd okręgowy’,

sa Phortaingéil, an ‘Tribunal de Comarca’,

sa Rómáin: an ‘Tribunal’,

sa tSlóivéin: an ‘okrožno sodišče’,

sa tSlóvaic: ‘okresný súd’.

san Eilvéis:

(a)

i leith breithiúnas lena n-ordaítear suim airgid a íoc, an ‘juge de la mainlevée’/‘Rechtsöffnungsrichter’/‘giudice competente a pronunciare sul rigetto dell’opposizione’, faoi chuimse an nós imeachta atá faoi rialú ag Airteagail 80 agus 81 den loi fédérale sur la poursuite pour dettes et la faillite/Bundesgesetz über Schuldbetreibung und Konkurs/legge federale sula esecuzione e sul fallimento.

(b)

i gcás breithiúnas lena n-ordaítear comhlíonadh seachas suim airgid a íoc, an ‘juge cantonal d’exequaturcompétent/zuständigerkantonaler Vollstrectungsrichter’‘giudice cantonalecompetente a pronunciare l’exequatur,

san Fhionlainn: an ‘käräjäoikeus/tingsrätt’,

sa tSualainn: an ‘Svea hovrätt’,

sa Ríocht Aontaithe:

(a)

i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, an High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an Magistrates’Court tríd an Secretary of State;

(b)

in Albain, an Court of Session nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an Sheriff Court tríd an Secretary of State;

(c)

i dTuaisceart Éireann, an High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an Magistrates’ Court tríd an Secretary of State;

(d)

i nGiobráltar, Cúirt Uachtarach Ghiobráltar, nó i gcás breithiúnais chothabhála, an Magistrates’ Court trí Ard-Aighne Ghiobráltar.


IARSCRÍBHINN III

Is iad seo a leanas na cúirteanna lena bhféadfar achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 43(2) a thaisceadh:

sa Bheilg:

(a)

maidir le hachomharc ag an gcosantóir, an ‘tribunal de première instance’ nó ‘rechtbank von eerste annleg’ nó ‘erstinstanziche Gericht’,

(b)

maidir le hachomharc ag an iarratasóir: an ‘cour d'appel’ nó ‘hof van beroep’,

sa Bhulgáir: an ‘Апелативен съд – София’,

i bPoblacht na Seice: an chúirt achomhairc tríd an gcúirt dúiche,

sa Danmhairg: an ‘landsret’,

i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine: an ‘Oberlandesgericht’,

san Eastóin: an ‘ringkonnakohus’,

sa Ghréig: an ‘Εφετείο’,

sa Spáinn: an ‘Juzgado de Primera Instancia’, que dictó la resolución recurrida para ser resuelto el recurso por la Audiencia Provincial,

sa Fhrainc:

(a)

an ‘cour d'appel’ maidir le cinntí lena gceadaítear an t-iarratas,

(b)

uachtarán an ‘tribunal de grande instance’ maidir le cinntí lena ndiúltaítear don iarratas,

in Éirinn: an Ard-Chúirt,

san Íoslainn: an ‘heradsdomur’,

san Iodáil: an ‘corte d'appello’,

sa Chipir: an ‘Επαρχιακό Δικαστήριο’ nó i gcás breithiúnais chothabhála an ‘Οικογενειακό Δικαστήριο’,

sa Laitvia: an ‘Apgabaltiesa’, tríd an ‘rajona (pilsētas) tiesa’,

sa Liotuáin, an ‘Lietuvos apeliacinis teismas’,

i Lucsamburg: an ‘Cour supérieure de justice’ ina suí di mar chúirt achomhairc shibhialta,

san Ungáir: an chúirt áitiúil agus í suite ag suíomh na cúirte contae (i mBúdaipeist, Cúirt Dúiche Láir Buda); is í an chúirt chontae a bhreithníonn an t-achomharc (i mBúdaipeist, an Phríomh-Chúirt),

i Málta: an ‘Qorti ta' l-appell’ de réir an nós imeachta atá leagtha síos le haghaidh achomharc sa Kodiċi ta' Organizzazzjoni u Proċedura Ċivili – Kap.12 nó i gcás breithiúnais chothabhála ag ‘ċitazzjoni’ os comhair an ‘Prim' Awla tal-Qorti ivili jew il-Qorti tal-Maġistrati ta' Għawdex fil-ġurisdizzjoni superjuri tagħha’,

san Ísiltír: an ‘rechtbank’,

san Iorua: an ‘langmannsrett’,

san Ostair: an ‘Landesgericht’ tríd an ‘Bezirksgericht’,

sa Pholainn: an ‘sąd apelacyjny’ tríd an ‘sąd okręgowy’,

sa Phortaingéil, is í an ‘Tribunal da Relação’ an chúirt inniúil. Seoltar na hachomhairc, de réir an dlí náisiúnta atá i bhfeidhm, trí iarraidh arna seoladh chuig an gcúirt a d'eisigh an bhreith a chonspóidtear,

sa Rómáin: an ‘Curte de Apel’,

sa tSlóivéin: an ‘okrožno sodišče’,

sa tSlóvaic: an chúirt achomhairc tríd an gcúirt dúiche a bhfuil a breith á hachomharc,

san Eilvéis: an ‘tribunal cantonal/Kantonsgericht/tribunale cantonale’,

san Fhionlainn: an ‘hovioikeus/hovrätt’,

sa tSualainn: an ‘Svea hovrätt’,

sa Ríocht Aontaithe:

(a)

i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, an High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an Magistrates' Court;

(b)

in Albain, an Court of Session nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an Sheriff Court;

(c)

i dTuaisceart Éireann, an High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an Magistrates' Court;

(d)

i nGiobráltar, Cúirt Uachtarach Ghiobráltar, nó i gcás breithiúnais chothabhála, an Magistrates' Court.


IARSCRÍBHINN IV

Is iad seo a leanas na hachomhairc a fhéadfar a thaisceadh de bhun Airteagal 44 den Choinbhinsiún:

sa Bheilg, sa Ghréig, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil, i Lucsamburg agus san Ísiltír: achomharc en cassation,

sa Bhulgáir: ‘обжалване пред Върховния касационен съд’,

i bPoblacht na Seice: ‘dovolání’, agus ‘žaloba pro zmatečnost’,

sa Danmhairg: achomharc chuig an ‘højesteret’, le cead ón ‘Procesbevillingsnævnet’,

i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine: ‘Rechtsbeschwerde’,

san Eastóin: ‘kassatsioonikaebus’,

in Éirinn: achomharc ar phonc dlí chuig an gCúirt Uachtarach,

san Íoslainn: achomharc chuig an ‘Hæstiréttur’,

sa Chipir: achomharc chuig an gCúirt Uachtarach,

sa Laitvia: achomharc chuig an ‘Augstākās tiesas Senāts’ tríd an ‘Apgabaltiesa’,

sa Liotuáin: achomharc chuig an ‘Lietuvos Aukščiausiasis Teismas’,

san Ungáir: ‘felülvizsgálati kérelem’,

i Málta: níl achomharc breise ann chuig aon chúirt eile; i gcás breithiúnais chothabhála an ‘Qorti ta' l-Appell’ de réir an nós imeachta atá leagtha síos le haghaidh achomhairc sa ‘kodiċi ta' Organizzazzjoni u Procedura Ċivili – Kap. 12’,

san Iorua: achomharc chuig an ‘Høyesteretts Ankeutvalg’ or ‘Høyesterett’,

san Ostair: ‘Revisionsrekurs’,

sa Pholainn: ‘skarga kasacyjna’,

sa Phortaingéil: achomharc ar phonc dlí,

sa Rómáin: ‘contestaţie în anulare’ nó ‘revizuire’,

sa tSlóivéin: achomharc chuig an ‘Vrhovno sodišče Republike Slovenije’,

sa tSlóvaic: an ‘dololaniee’,

san Eilvéis: ‘recours devant le Tribunal fédéral’, ‘Beschwerde beim Bundesgericht’, ‘ricorso davanti al Tribunale federale’,

san Fhionlainn: achomharc chuig an ‘korkein oikeus/högsta domstolen’,

sa tSualainn: achomharc chuig an ‘Högsta domstolen’,

sa Ríocht Aontaithe: aon achomharc breise amháin ar phonc dlí.


IARSCRÍBHINN V

An deimhniú maidir le breithiúnais agus maidir le socraíochtaí cúirte dá dtagraítear in Airteagal 54 agus in Airteagal 58 den Choinbhinsiún ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

1.

Stát tionscnaimh

2.

An chúirt nó an t-údarás inniúil a eisíonn an deimhniú

2.1.

Ainm

2.2.

Seoladh

2.3.

Teil/Facs/R-phost

3.

An chúirt a thug an breithiúnas/a cheadaigh an tsocraíocht chúirte (*)

3.1.

An cineál cúirte

3.2.

Ionad na cúirte

4.

An breithiúnas/an tsocraíocht chúirte (*)

4.1.

Dáta

4.2.

Uimhir thagartha

4.3.

Na páirtithe sa bhreithiúnas/sa tsocraíocht chúirte (*)

4.3.1.

Ainm an ghearánaí nó na ngearánaithe

4.3.2.

Ainm an chosantóra nó na gcosantóirí

4.3.3.

Ainm aon pháirtí eile nó aon pháirtithe eile, más ann

4.4.

Dáta seirbheála an doiciméid lenar tionscnaíodh na himeachtaí i gcás inar tugadh breithiúnas de mhainneachtain láithriú

4.5.

Téacs an bhreithiúnais/na socraíochta cúirte (*) mar a chuirtear i gceangal leis an deimhniú seo é nó í

5.

Ainmneacha na bpáirtithe dár tugadh cúnamh dlíthiúil

Tá an breithiúnas/an tsocraíocht chúirte (*) infhorghníomhaithe sa Stát tionscnaimh (Airteagal 35/58 den Choinbhinsiún) in aghaidh:

Ainm:

Déanta i/sa …, dáta …

Síniú agus/nó stampa …


(*)  Scrios de réir mar is cuí


IARSCRÍBHINN VI

An deimhniú maidir le hionstraimí barántúla dá dtagraítear in Airteagal 57(4) den Choinbhinsiún ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

1.

Stát tionscnaimh

2.

An chúirt nó an t-údarás inniúil a eisíonn an deimhniú

2.1.

Ainm

2.2.

Seoladh

2.3.

Teil/Facs/R-phost

3.

An t-údarás a thug barántúlacht don ionstraim

3.1.

An t-údarás a bhí i gceist i dtaca leis an ionstraim bharántúil a tharraingt suas (más infheidhme)

3.1.1.

Ainm agus ainmníocht an údaráis

3.1.2.

Ionad an údaráis

3.2.

An t-údarás a chláraigh an ionstraim bharántúil (más infheidhme)

3.2.1.

An cineál údaráis

3.2.2.

Ionad an údaráis

4.

Ionstraim bharántúil

4.1.

Tuairisc ar an ionstraim

4.2.

An dáta

4.2.1.

a tarraingíodh suas an ionstraim

4.2.2.

más dáta éagsúil é: an dáta ar cláraíodh an ionstraim

4.3.

An uimhir thagartha

4.4.

Páirtithe san ionstraim

4.4.1.

Ainm an chreidiúnaí

4.4.2.

Ainm an fhéichiúnaí

5.

Téacs na hoibleagáide infhorghníomhaithe mar a chuirtear i gceangal leis an deimhniú seo é.

Tá an ionstraim bharántúil infhorghníomhaithe in aghaidh an fhéichiúnaí sa Stát tionscnaimh (Airteagal 57(1) den Choinbhinsiún).

Déanta i/sa dáta

Síniú agus/nó stampa


IARSCRÍBHINN VII

Is iad seo a leanas, go háirithe, na coinbhinsiúin a ngabhfaidh an Coinbhinsiún seo a n-ionad de bhun Airteagal 65 de:

an Conradh idir Cónaidhm na hEilvéise agus an Spáinn ar fhorghníomhú frithpháirteach breithiúnas in ábhair shibhialta nó tráchtála, a síníodh i Maidrid an 19 Samhain 1896,

an Coinbhinsiún idir Poblacht na Seicslóvaice agus Cónaidhm na hEilvéise ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas agus dámhachtainí eadrána, mar aon le prótacal breise, a síníodh i mBeirn an 21 Nollaig 1926,

an Coinbhinsiún idir Cónaidhm na hEilvéise agus Reich na Gearmáine ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas agus dámhachtainí eadrána, a síníodh i mBeirn an 2 Samhain 1929,

an Coinbhinsiún idir an Danmhairg, an Fhionlainn, an Íoslainn, an Iorua agus an tSualainn ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas, a síníodh i gCóbanhávan an 16 Márta 1932,

an Coinbhinsiún idir Cónaidhm na hEilvéise agus an Iodáil ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas, a síníodh sa Róimh an 3 Eanáir 1933,

an Coinbhinsiún idir an tSualainn agus Cónaidhm na hEilvéise ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas agus dámhachtainí eadrána, a síníodh i Stócólm an 15 Eanáir 1936,

an Coinbhinsiún idir Cónaidhm na hEilvéise agus an Bheilg ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas agus dámhachtainí eadrána, a síníodh i mBeirn an 29 Aibreán 1959,

an Coinbhinsiún idir an Ostair agus Cónaidhm na hEilvéise ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas, a síníodh i mBeirn an 16 Nollaig 1960,

an Coinbhinsiún idir an Iorua agus an Ríocht Aontaithe lena bhforáiltear maidir le haithint fhrithpháirteach agus maidir le forghníomhú frithpháirteach breithiúnas in ábhair shibhialta, a síníodh i Londain an 12 Meitheamh 1961,

an Coinbhinsiún idir an Iorua agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine maidir le haithint agus le forghníomhú breithiúnas agus doiciméad infhorghníomhaithe in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh in Osló an 17 Meitheamh 1977,

an Coinbhinsiún idir an Danmhairg, an Fhionlainn, an Íoslainn, an Iorua agus an tSualainn ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta, a síníodh i gCóbanhávan an 11 Deireadh Fómhair 1977, agus

an Coinbhinsiún idir an Iorua agus an Ostair ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta, a síníodh i Vín an 21 Bealtaine 1984.


IARSCRÍBHINN VIII

Is iad na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 79 den Choinbhinsiún an Béarla, an Bhulgáiris, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Ioruais, an Íoslainnis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.


IARSCRÍBHINN IX

Is iad seo a leanas na Stáit agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal II de Phrótacal 1:

An Ghearmáin: Airteagail 68, 72, 73 agus 74 de chód an nós imeachta shibhialta (Zivilprozeßordnung) maidir le fógraí tríú páirtí,

An Ostair: Airteagal 21 de chód an nós imeachta shibhialta (Zivilprozeßordnung) maidir le fógraí tríú páirtí,

An Ungáir: Airteagail 58 go 60 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (Polgári perrendtartás) maidir le fógraí tríú páirtí,

An Eilvéis, maidir leis na cantúin sin nach bhfuil aon fhoráil i gcód an nós imeachta shibhialta atá infheidhme dóibh don dlínse dá dtagraítear in Airteagail 6(2) agus 11 den Choinbhinsiún: na forálacha cuí a bhaineann le fógraí tríú páirtí (litis denuntiatio) de chód an nós imeachta shibhialta atá infheidhme.