Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Beartas airgeadaíochta

Baineann beartas airgeadaíochta leis na cinntí a ghlacann bainc cheannais chun tionchar a imirt ar chostas agus ar infhaighteacht airgid i ngeilleagar. I gcás an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), is é an príomhchuspóir atá le beartas airgeadaíochta cobhsaíocht praghsanna a choinneáil sa limistéar euro, rud a shainítear mar bhoilsciú bliain i ndiaidh bliana de 2% sa mheántéarma (arna thomhas leis an Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí). Tá tiomantas Chomhairle Rialaithe an BCE don sprioc boilscithe 2% siméadrach, rud a chiallaíonn go meastar go bhfuil imeachtaí diúltacha agus imeachtaí dearfacha ón sprioc chomh neamh-inmhianaithe céanna.

Is é príomhuirlis bheartais airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh an smacht atá aige ar rátaí úis beartais. Téann athruithe ar na príomhrátaí i gcion ar na rátaí úis arna dtairiscint ag bainc thráchtála i gcomhair iasachtaí nó chun airgead a chur i dtaisce, ar chaiteachas tomhaltóirí agus ar chinntí maidir le hinfheistíocht ghnó.

Má chuirtear isteach ar na gnáthbhealaí chun beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme agus/nó má théann rátaí beartais gar dá dteorainn íochtarach éifeachtach, féadfaidh bainc cheannais (lena n–áirítear an BCE) bearta beartais airgeadaíochta neamhchaighdeánacha a ghlacadh, amhail cláir ceannaigh sócmhainní agus oibríochtaí athmhaoinithe fadtéarmacha, agus iad ag féachaint lena gcuspóir(í) beartais airgeadaíochta bhaint amach.

FÉACH FREISIN

Top