Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Galileo

Is é Galileo Córas Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) na hEorpa. Is córas sibhialta atá faoi cheannas sibhialta é agus soláthraítear leis faisnéis suímh, loingseoireachta agus uainithe do raon éagsúil úsáideoirí poiblí agus príobháideacha. I láthair na huaire, tá níos mó ná dhá bhilliún úsáideoir aige ar fud an domhain.

Cé gur dearadh Galileo le feidhmiú go neamhspleách ar chórais eile atá ann, tá sé go huile comhoiriúnach le US GPS. De dheasca sin is féidir le monaróirí faighteoirí agus forbróirí feidhmchlár gléasanna a oibríonn le níos mó ná córas amháin gan stró a fhorbairt.

Is éard atá i mbonneagar Galileo cnuasach satailítí agus líonra domhanda de stáisiúin talaimh. Leis na comharthaí a chraoltar leis an gcóras soláthraítear seirbhísí den chéad scoth is féidir a úsáid i raon éagsúil earnálacha amhail iompar (de bhóthar, eitlíocht, muirí, iarnród), talmhaíocht, mapáil agus suirbhéireacht, etc. Úsáidtear Galileo níos minice i ndróin freisin chun loingseoireacht réidh a áirithiú agus in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála chun beatha daoine a shábháil.

Thairis sin, le seirbhísí suíomh–bhunaithe agus seirbhísí uainithe an–chruinn cuirtear deiseanna ar fáil le haghaidh sioncronú líonra in earnáil an fhuinnimh agus in earnáil na teileachumarsáide.

Is gníomhaireacht í Gníomhaireacht AE don Chlár Spáis (EUSPA) atá freagrach as oibríochtaí agus soláthar seirbhísí Galileo agus EGNOS, Breis–seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí, seirbhís a fheabhsaíonn feidhmiúlacht loingseoireachta satailíte ar fud na hEorpa le haghaidh feidhmeanna a bhaineann le sábháilteacht beatha den chuid is mó.

Úsáidtear Galileo i bhfeidhmchláir agus i ngléasanna idir gutháin chliste agus gléasanna inchaite agus idir aerthrácht agus feithiclí pearsanta. Baintear leas as na buntáistí a bhaineann le Galileo sa reachtaíocht seo a leanas:

  • Ó Aibreán 2018 ar aghaidh, ní mór do gach cineál cairr nua a dhíoltar in AE a bheith feistithe le hinniúlachtaí Galileo, faoi mar a éilítear sa rialachán eCall (Rialachán (AE) 2015/758).
  • Ó Mheitheamh 2019 ar aghaidh, ní mór go mbeidh tacagraif chliste comhoiriúnach le Galileo (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799).
  • Ó Dheireadh Fómhair 2021 ar aghaidh, ní mór go mbeidh trealamh ar bord a úsáideann loingseoireacht satailíte agus a bhaineann le córais leictreonacha dola bóthair comhoiriúnach le Galileo (Treoir (AE) 2019/520).
  • Ó Mhárta 2022 ar aghaidh, ní mór inniúlachtaí GNSS a chuimsiú i ngach guthán cliste a dhíoltar in AE, agus inniúlacht Galileo ar a laghad, ionas go mbeidh an fhaisnéis loingseoireachta satailíte in ann faisnéis maidir le suíomh a chur ar fáil do na seirbhísí éigeandála i gcásanna éigeandála (Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/320).

FÉACH FREISIN

Top